Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2631(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0158/2020

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0158/2020

Díospóireachtaí :

PV 13/05/2020 - 17
CRE 13/05/2020 - 17

Vótaí :

PV 14/05/2020 - 20
CRE 14/05/2020 - 20

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0124

Téacsanna atá glactha
PDF 140kWORD 48k
Dé hAoine, 15 Bealtaine 2020 - Brussels
CAI nua, acmhainní dílse agus Plean téarnaimh
P9_TA(2020)0124B9-0158/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, le hacmhainní dílse agus leis an bplean téarnaimh (2020/2631(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 225, 310, 311, 312, 323 agus 324 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Dhearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (COM(2018)0322),

–  ag féachaint dá tuarascáil eatramhach an 14 Samhain 2018 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú(1),

–  ag féachaint dá rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: is mithid freastal ar ionchais na saoránach(2),

–  ag féachaint dá rún an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(3),

–  ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach agus na moltaí ón nGrúpa Ardleibhéil um Acmhainní Dílse,

–  ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa ón gCoimisiún: Earrach 2020,

–  ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(4),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (COM(2020)0021),

–  ag féachaint dá rún an 18 Nollaig 2019 maidir le cánachas cothrom i ngeilleagar digitithe agus domhandaithe: BEPS 2.0(5),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis iarmhairtí tragóideacha agus tubaisteacha a bheith aici ar dhaoine agus ar a ndaoine muinteartha;

B.  de bhrí go bhfuil an ghéarchéim seo tar éis srianta tromchúiseacha a chur ar na córais leasa agus cúraim sláinte sna Ballstáit;

C.  de bhrí go bhfuil géarchéim COVID-19 ag cur as go háirithe do ghrúpaí soghonta, agus arb é atá mar thoradh air sin go bhfuil méadú ag teacht ar éagothromaíochtaí, ar bhochtaineacht, ar dhífhostaíocht agus ar dhibhéirseachtaí sóisialta, chomh maith lena bheith ag baint an bhoinn ó chaighdeáin shóisialta agus fostaíochta san Eoraip;

D.  de bhrí go bhfuil AE agus a Bhallstáit tiomanta do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Chomhaontú Pháras a chur chun feidhme;

E.  de bhrí go bhféadfadh freagairtí neamhshiméadracha eacnamaíocha ó na Ballstáit díobháil a dhéanamh d’iarrachtaí cóineasaithe AE agus go bhféadfaidís saobhadh sa mhargadh aonair a chruthú;

F.  de bhrí gurb iomaí gnó arbh éigean dóibh dúnadh nó atá i mbaol a ndúnta, agus go bhfuil codanna móra dár ngeilleagar fós ina staic;

G.  de bhrí go bhfuil an cur isteach atá ag tarlú ag déanamh difear do gheilleagar AE ina iomláine, agus de bhrí go gcaithfear cumas comhionann eisiúna fiachais agus rochtain chomhionann ar chistiú a áirithiú chun go bhféadfar déileáil leis an ngéarchéim, lena n-áirítear do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro;

H.  de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch Earrach 2020 ón gCoimisiún, go dtiocfaidh laghdú 7,4 % ar OTI AE;

I.  de bhrí nach raibh an Chomhairle Eorpach in ann treochlár coiteann don téarnamh i ndiaidh na géarchéime a chomhaontú; de bhrí, áfach, go bhfuil sé curtha de chúram ar an gCoimisiún aici pacáiste téarnaimh a chur le chéile agus CAI coigeartaithe a bheith i gcroílár an phacáiste sin;

J.  de bhrí go bhfuil sé ráite cheana ag an bParlaimint gur cúis bhuartha di méid an chéad CAI eile de réir mar a mhol an Coimisiún i mBealtaine 2018 é, sular tháinig ann do ghéarchéim COVID-19, ar an bhforas go gcuirfeadh sé cosc ar AE a chuid tiomantas polaitiúil a thabhairt i gcrích agus freagairt do na dúshláin thábhachtacha atá amach romhainn;

K.  de bhrí gurb iad na FBManna cnámh droma an gheilleagair agus gurb é atá ag teastáil chun fónamh do FBManna ná laghdú ar mhaorlathas, rialacháin atá oiriúnach don fheidhm, gréasáin d’fhiontraithe agus d’eolaithe agus infheistíocht i mbonneagar trasteorann;

L.  de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 312 CFAE go gcaithfidh an Pharlaimint a toiliú a thabhairt don CAI;

M.  de bhrí, sa chás nach mbeifear tar éis teacht ar chomhaontú ar an gcéad CAI eile luath go leor chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021, go bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún, mar bheart práinne, plean teagmhasach don CAI a ullmhú ar mhaithe le tairbhithe AE a chosaint agus ar mhaithe le haon riosca de neamhleanúnachas a dhíothú, faoi mar atá iarrtha go foirmiúil ag an bParlaimint;

N.  de bhrí go bhfuil an plean teagmhasach don CAI go hiomlán comhoiriúnach leis an bPlean Téarnaimh;

O.  de bhrí, an 9 Bealtaine 2020, go ndearna AE comóradh ar chothrom 70 bliain ó rinneadh Dearbhú Schuman;

1.  á chur i bhfáth nach foláir do shaoránaigh na hEorpa a bheith i gcroílár na straitéise téarnaimh; á mheabhrú go ndéanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar leasanna na saoránach sin; ag cur fainic ar an gCoimisiún, dá réir sin, gan aon iarracht a dhéanamh straitéis téarnaimh Eorpach a dhearadh ar shlí a bheadh lasmuigh de mhodh an Chomhphobail agus a bheadh ag titim siar ar mhodh idir-rialtasach;

2.  á mheabhrú gurb é an CAI an uirlis bhuiséadach trína ndéanann AE a uaillmhianta a chomhall; ag cur fainic ar an gCoimisiún gan aon iarracht a dhéanamh straitéis téarnaimh Eorpach a dhearadh ar shlí nach mbeadh fothaithe ar an CAI agus a chláir; á éileamh go mbeidh an Pharlaimint páirteach i múnlú, glacadh agus cur chun feidhme an chiste téarnaimh, agus go mbeidh sí i gcroílár an phróisis cinnteoireachta ar mhaithe le cuntasacht dhaonlathach a áirithiú;

3.  á áitiú gur cheart go mbeadh an CAI athdheartha mar aon le straitéis téarnaimh na hEorpa bunaithe ar phrionsabail an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus chríochaigh, an idirphlé shóisialta agus an chlaochlaithe ionsar gheilleagar athléimneach, inbhuanaithe, atá cóir go sóisialta agus iomaitheach;

4.  á mheabhrú gurb é ceann de phríomh-mhisin na Parlaiminte é an fheidhmeannacht a thabhairt chun cuntais; ag cur fainic ar an gCoimisiún in aghaidh úsáid a bhaint as figiúirí ceannlíne atá míthreorach nuair a bheidh a phlean téarnaimh á thíolacadh aige; á chur i bhfáth go bhfuil inchreidteacht an Aontais san imirt;

5.  á mheabhrú go gcaithfidh an Pharlaimint a toiliú a thabhairt don CAI; ag cur fainic ar an gCoimisiún gan CAI athbhreithnithe a thíolacadh ina mbeadh an plean téarnaimh á mhaoiniú chun dochair na gclár atá ann cheana agus na gclár atá ar na bacáin; ag cur fainic ar an gCoimisiún gan géilleadh don chathú uirlisí buiséadacha a fhorbairt d’uireasa rannpháirtíocht na Parlaiminte, agus ar an gcaoi sin éalú ón bhformhaoirseacht dhaonlathach; á mheabhrú go bhfuil féidearthacht ann do rannpháirtíocht sin na Parlaiminte faoi Airteagal 324 CFAE; á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun aon togra nach gcomhlíonann na caighdeáin sin a dhiúltú; á mheabhrú nach dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú don CAI gan comhaontú a bheith ann i dtaobh chóras acmhainní dílse AE;

Creat airgeadais ilbhliantúil láidir le haghaidh théarnamh AE agus don tréimhse ina dhiaidh sin

6.  ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte maidir leis na ngá atá ann do CAI uaillmhianach atá ag teacht le hionchais shaoránaigh AE agus atá in ann tiomantais agus uaillmhianta polaitiúla an Aontais a mheaitseáil leis na meáin airgeadais atá riachtanach; á éileamh, i dtaobh thogra athbhreithnithe an Choimisiúin le haghaidh CAE 2021-2027, go ndéanfar an Ciste nua um Théarnamh agus Claochlú a áireamh sa bhreis ar an gcéad CAI eile; á chreidiúint gur cheart go mbeadh aird ag an togra nua le haghaidh CAI ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhrochiarmhairtí na géarchéime agus, chomh maith leis sin, ar na hionstraimí agus tionscnaimh bhreise atá nasctha leis an gclár oibre polaitiúil atá ag an gCoimisiún nua;

7.  á áitiú go ndéanfar measúnú roimh dheireadh na straitéise téarnaimh agus go ndéanfar an CAI a athbhreithniú dá réir sin le linn a athbhreithnithe mheántéarma;

8.  á thabhairt dá haire, le tús-ualú acmhainní, gur féidir cabhrú le héifeachtaí láithreacha na géarchéime a mhaolú, go háirithe sa bheartas comhtháthaithe, ach nach gcuirtear airgead breise ar fáil leis agus nach féidir a fhógairt go gcuirtear; ag tabhairt rabhaidh, má dhéantar thús-ualú iomarcach, go mbeidh buiséad níos laige ann a chuirfidh cosc ar an Aontas infheistíocht a dhéanamh ina thodhchaí chomhchoiteann, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos leochailí i gcás géarchéimeanna eile;

9.  á iarraidh ar cheannairí an Aontais agus ar an gCoimisiún cinntí misniúla a dhéanamh maidir le córas acmhainní dílse an Aontais a athchóiriú, lena n-áirítear ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach; ag athdhearbhú a seasaimh, mar a leagtar amach i dtuarascáil eatramhach an CAI, maidir le liosta de na nithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist le haghaidh acmhainní dílse nua: comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide, cánachas ar sheirbhísí digiteacha, cáin ar idirbhearta airgeadais, ioncam ón scéim trádála astaíochtaí, ranníocaíocht maidir le plaistigh agus sásra coigeartaithe teorann carbóin; ag cur a seasaimh in iúl an athuair, ar seasamh é atá i bhfabhar na lacáistí agus na ceartúchán uile a dhíothú, an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBL a shimpliú, agus fíneálacha agus táillí a úsáid mar ioncam breise do bhuiséad AE;

10.  ag tabhairt rabhaidh do na Ballstáit, mura mian leo glacadh le hacmhainní dílse nua a bheith á gcruthú, gur cinnte go mbeidh glacadh le méadú breise ar a ranníocaíochtaí díreacha OIN i gceist le CAI inmharthana a bhaint amach;

11.  á iarraidh go ndéanfar uasteorainn Acmhainní Dílse a mhéadú go láithreach agus go buan chun freastal ar riachtanais an CAI agus an Chiste um Théarnamh agus um Chlaochlú agus go gcuirfear san áireamh an titim réamh-mheasta in OIN tar éis an chúlaithe eacnamaíochta a d’eascair as an ngéarchéim;

12.  á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici cur i gcoinne aon iarracht maoiniú leordhóthanach an chéad CAI eile a chur i mbaol chun maoiniú láithreach a chur ar fáil don straitéis téarnaimh; á éileamh go ndéanfar an plean téarnaimh a leabú in CAI méadaithe ina mbeidh acmhainní dílse nua;

13.  á áitiú nach mór an Ciste um Théarnamh agus um Chlaochlú a mhaoiniú sa bhreis ar na beartais de chuid an Aontais atá ann cheana agus sa bhreis ar na cinn siúd atá ar na bacáin agus nach mór nach ndéanfaidh sé difear dár dtosaíochtaí fadtéarmacha ná dár gcuspóirí straitéiseacha ná nach mbeidh CAI níos lú ann mar thoradh air;

Ciste Eorpach inchreidte um Théarnamh agus um Chlaochlú

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún pacáiste ollmhór téarnaimh a thíolacadh i gcomhréir leis an rún ón bParlaimint an 17 Aibreán 2020; á iarraidh go ndéanfar an Ciste um Théarnamh agus um Chlaochlú a mhaoiniú trí bhannaí aisghabhála le dáta atá ráthaithe ag buiséad an Aontais a eisiúint, tríd an lamháltas a uasmhéadú agus faoi réir plean aisíocaíochta; á chur i bhfios go láidir go mbeidh an Ciste ina phríomh-chomhpháirt de phacáiste foriomlán lena gcuirfear borradh faoin infheistíocht, lena n-áirítear trí infheistíocht phríobháideach a tharraingt isteach, a bheidh méid EUR 2 trilliún inti agus a mbeidh a ré i gcomhréir le tionchar domhain fadtéarmach a bhfuiltear ag dréim lena bheith ag an ngéarchéim reatha;

15.  ag tathant go ndéanfar an Pacáiste a eisíoc trí iasachtaí agus, den chuid is mó, trí dheontais, trí íocaíochtaí díreacha le haghaidh infheistíochta agus cothromais, agus go ndéanfaidh an Coimisiún an Ciste a bhainistiú go díreach; á chreidiúint gur cheart airgead a thabhairt do chláir laistigh de bhuiséad AE, ar chláir iad a mbeadh maoirseacht agus rannpháirtíocht iomlán pharlaiminteach ag gabháil leo, agus a bheadh faoi réir ceanglais iomchuí iniúchóireachta agus tuairiscithe;

16.  ag leagan béim ar an bhfíoras, áfach, nár cheart ualach breise a chur ar chistí náisiúnta leis an gCiste agus gur cheart go mbeadh prionsabail an airgeadais fhónta mar threoir aige; á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun breithniú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí OIN na mBallstát a choinneáil ar leibhéil ainmniúla reatha mar mhalairt ar acmhainní dílse nua a bhunú lena n-íocfaí ní hamháin ús agus aisíocaíochtaí príomhshuime na n-eisiúintí ach a lena ndéanfaí CAI uaillmhianach a mhaoiniú freisin;

17.  á mheabhrú gur gá creidiúnacht ár nAontais a chaomhnú agus ag tabhairt rabhaidh don Choimisiún in aghaidh úsáid a bhaint as seifteanna cliste airgeadais agus iolraitheoirí amhrasacha chun figiúirí uaillmhianacha a fhógairt; ag tabhairt rabhaidh nach ionann na príomhfhigiúirí infheistíochta atá le húsáid agus méid iarbhír Ciste um Théarnamh agus um Chlaochlú, agus nach féidir iad a chur i láthair amhail is ionann iad;

18.  ag meabhrú forálacha an Chonartha go mbeidh ioncam agus caiteachas Bhuiséad AE ar comhardú agus go ndéanfaidh na hinstitiúidí a áirithiú go gcuirfear acmhainní airgeadais ar fáil chun go mbeidh an tAontas in ann a chuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh i ndáil le tríú páirtithe; á iarraidh ina leith sin go mbeidh láimhseáil bhuiséadach na mbannaí téarnaimh fónta ó thaobh na heacnamaíochta de agus go mbeidh sí i gcomhréir le gnáthchuntasaíocht gach údaráis phoiblí, lena n-áirítear na Ballstáit; á mholadh, in ionad an méid iomlán atá gan íoc a chur sa bhuiséad bliantúil, nach mór nach mbeidh ach na híocaíochtaí atá dlite gach bliain á gcumhdach laistigh den lamháltas faoi uasteorainn Acmhainní Dílse, agus trédhearcacht iomlán á coinneáil maidir le haisíocaíochtaí úis agus príomhshuime gan íoc agus d’ainneoin go bhfuil gá le plean aisíocaíochta;

19.  á chur i bhfáth go bhfuil uainiú buntábhachtach agus nach mór an Ciste um Théarnamh agus um Chlaochlúa a nascadh leis an CAI atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus a ailíniú lena struchtúr agus lena chuspóirí; ag tathant ar an gCiste um Théarnamh agus um Chlaochlú tosú de bheith oibríochtúil a luaithe is féidir i mbliana;

20.  á iarraidh go mbeidh an bpacáiste ollmhór téarnaimh sin ann chun ár ngeilleagair a athrú ó bhonn agus a n-athléimneacht a neartú trí infheistíochtaí straitéiseacha a chomhthiomsú chun tacú le FBManna, agus deiseanna fostaíochta agus scileanna a mhéadú chun tionchar na géarchéime ar oibrithe, ar thomhaltóirí agus ar theaghlaigh a mhaolú; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfar tosaíocht d’infheistíochtaí sa Chomhaontú Glas, sa chlár oibre digiteach agus i gceannasacht Eorpach a bhaint amach in earnálacha straitéiseacha, le straitéis chomhsheasmhach tionsclaíochta, agus slabhraí soláthair á ngiorrú agus a n-éagsúlú agus beartais trádála á n-atreorú ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfar clár sláinte Eorpach aonair nua a chruthú;

21.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh gné láidir shóisialta ag na hiarrachtaí sin agus go mbeidh siad ailínithe le cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFIanna na Náisiún Aontaithe) agus le cuspóir an chomhionannais inscne, chun a áirithiú go ndéanfar comhtháthú críochach agus iomaíochas a neartú leis an téarnamh, agus go dtabharfar aghaidh leis ar neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha agus ar riachtanais na ndaoine sin is troime atá buailte ag an ngéarchéim, amhail mná, mionlaigh agus iad siúd atá ar líne na bochtaineachta nó faoina bun;

22.  á chur i bhfáth go ndeanfar na cistí sin a dhíriú ar thionscadail agus ar thairbhithe a chomhlíonann ár mbunluachanna atá bunaithe ar an gConradh, Comhaontú Pháras, cuspóirí an Aontais maidir leis an neodracht aeráide agus leis an mbithéagsúlacht, agus an comhrac i gcoinne imghabháil cánach, seachaint cánach agus an sciúradh airgid; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil na treoirlínte maidir le státchabhair comhoiriúnach le coinníollacha den sórt sin;

23.  á mheabhrú a thábhachtaí atá dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí téarnaimh agus claochlaithe a eascraíonn as COVID-19 ar an leibhéal idirnáisiúnta a stiúradh agus, ag an am céanna, luachanna na dlúthpháirtíochta, cosaint chearta an duine, prionsabail an daonlathais, an smachta reachta agus an iltaobhachais a chaomhnú;

o
o   o

24.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gCoimisiún.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0449.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0032.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0102.

An nuashonrú is déanaí: 31 Iúil 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais