Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2020 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú a ghlacadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (05639/2/2020 – C9-0132/2020 – 2018/0178(COD)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (05639/2/2020 – C9-0132/2020),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2)
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0353),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0107/2020),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.