Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2020 ar an iarraidh ar dhíolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh (2019/2154(IMM))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh, a chuir Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine ar aghaidh an 29 Deireadh Fómhair 2019 i ndáil le Nós Imeachta Uimh. 80 AR 137/19 agus a fógraíodh i seisiún iomlánach an 25 Samhain 2019,
– tar éis éisteacht a thabhairt do Gunnar Beck i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) de Ghníomh an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
– ag féachaint do na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, 19 Márta 2010, 6 Meán Fómhair 2011, 17 Eanáir 2013 agus 30 Aibreán 2019(1),
– ag féachaint d’Airteagal 46 de Bhunreacht Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
– ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0036/2020),
A. de bhrí gur iarr an Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí in Düsseldorf go ndéanfaí díolúine Gunnar Beck, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh, i ndáil le himscrúdú féideartha ar mhí-úsáid líomhnaithe teideal, coir atá bunaithe agus inphionóis faoi Roinn 132a (1)(1) de Chód Coiriúil na Gearmáine;
B. de bhrí nach mbaineann an t-imscrúdú le tuairimí a nocht nó vótaí a chaith Gunnar Beck agus é ag comhlíonadh a chuid dualgas, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
C. de bhrí go sonraítear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint an stáit sin;
D. de bhrí gur liostaíodh Gunnar Beck ar an bpáipéar ballóide le haghaidh thoghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa an 26 Bealtaine 2019 mar ‘an tOll. Dr. Gunnar Beck, Hochschuldozent [léachtóir ollscoile], Abhcóide Dlí für EU-Recht [um Dhlí Eorpach], Neuss (NW)’, de bhrí gur bronnadh Dochtúireacht san Fhealsúnacht ar Gunnar Beck in 1996 in Oxford na Breataine Móire, agus nár bhain sé teideal mar ollamh nó mar dhoctúir amach agus é sa Ghearmáin; de bhrí, roimh pháirtseisiún bunaitheach Pharlaimint na hEorpa, gur sheol Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí in Düsseldorf imscrúdú ar bhonn tuarascálacha preasa agus gearáin choiriúla maidir le mí-úsáid amhrasta teidil faoi Roinn 132a(1)(1) de Chód Coiriúil na Gearmáine; de bhrí, go gairid i ndiaidh an 5 Iúil 2019 agus de réir dealraimh an 9 Iúil 2019, gur cuireadh an t-imscrúdú ar atráth toisc gur toghadh Gunnar Beck mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur chuir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí in Düsseldorf iarraidh ar dhíolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh ar aghaidh chuig Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine an 4 Meán Fómhair 2019 d’fhonn an t-imscrúdú maidir le mí-úsáid amhrasta teidil faoi Roinn 132a(1)(1) de Chód Coiriúil na Gearmáine a athsheoladh;
E. de bhrí, de bhun Riail 9(8) de na Rialacha Nós Imeachta, nach ndéanfaidh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ‘in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná ní dhéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis’;
F. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta de chuid Feisire í díolúine pharlaiminteach ach gur ráthaíocht í de neamhspleáchas Pharlaiminte na hEorpa ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
G. de bhrí gurb é cuspóir na díolúine parlaimintí Parlaimint na hEorpa agus a cuid Feisirí a chosaint ó imeachtaí dlíthiúla maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach, ar gníomhaíochtaí iad nach féidir iad a dheighilt ó na dualgais sin;
H. de bhrí, sa chás seo, nár tháinig Parlaimint na hEorpa ar fhianaise fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha lena léirítear go bhféadfadh sé a bheith mar bhunchuspóir na n-imeachtaí dlíthiúla damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire, agus do Pharlaimint na hEorpa, dá bhrí sin;
1. ag cinneadh díolúine Gunnar Beck a tharscaoileadh;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an tuarascáil óna coiste freagrach a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis na Gearmáine agus chuig Gunnar Beck.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marrav v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:AE:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:AE:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:AE:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint T-346/11 agus T-347/11, ECLI:AE:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:AE:T:2019:266.