Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2012/0006(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0084/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0084/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 18/06/2020 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0145

Téacsanna atá glactha
PDF 110kWORD 42k
Déardaoin, 18 Meitheamh 2020 - Brussels
An Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir AE agus an Mholdóiv a thabhairt i gcrích ***
P9_TA(2020)0145A9-0084/2020

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (14205/2019 – C9-0192/2019 – 2012/0006(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14205/2019),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive (08185/2012),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0192/2019),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0084/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht na Moldóive.

An nuashonrú is déanaí: 8 Meán Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais