Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2640(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0165/2020

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0165/2020

Díospóireachtaí :

PV 18/06/2020 - 11
CRE 18/06/2020 - 11

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0175

Téacsanna atá glactha
PDF 131kWORD 50k
Dé hAoine, 19 Meitheamh 2020 - Brussels Eagrán deiridh
An staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19
P9_TA(2020)0175B9-0165/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2020 ar an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19 (2020/2640(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do thráth chomóradh 35 bliain Chomhaontú Schengen a síníodh ar an 14 Meitheamh 1985(1) tráth chomóradh 30 bliain an Choinbhinsiúin lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme a síníodh ar an 19 Meitheamh 1990(2) agus tráth chomóradh 25 bliain theacht i bhfeidhm Chomhaontú Schengen ar an 26 Márta 1995,

–  ag féachaint d’Airteagal 67(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena bhforáiltear nach foláir don Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú lena n-áiritheofar ‘nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine’,

–  ag féachaint d’Airteagal 21(1) CFAE, lena bhforáiltear nach foláir do gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát a bheith aige,

–  ag féachaint don Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear Airteagal 45 de, ina sonraítear go bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen),(3) lenar códaíodh Rialachán (CE) Uimh. 562/2006(4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), arbh é an chéad ghníomh é a glacadh faoin nós imeachta comhchinnteoireachta i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile,

–  ag féachaint do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mball teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (an Treoir maidir le Saorghluaiseacht)(5), agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear ann,

–  ag féachaint do na treoirlínte ón gCoimisiún (‘COVID-19: Treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorann chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí riachtanacha’) an 16 Márta 2020 (C(2020)1753), a d’fhormhuinigh na Cinn Stáit nó Rialtais ar an 17 Márta 2020,

–  ag féachaint do na conclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí tar éis na físchomhdhála an 17 Márta 2020 le comhaltaí na Comhairle Eorpaí maidir le COVID-19, lenar formhuiníodh an iarraidh i leith na teorainneacha seachtracha a threisiú trí shrian sealadach comhordaithe a chur i bhfeidhm ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas ar feadh tréimhse 30 lá, bunaithe ar an teachtaireacht ón gCoimisiún ‘COVID-19: Srian Sealadach ar Thaisteal Neamhriachtanach chuig an Aontas’ (COM(2020)0115) agus an síneadh a chuirfear leis ina dhiaidh sin.

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún ‘COVID-19: Treoir maidir le cur chun feidhme an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas, maidir le socruithe idirthurais a éascú ar mhaithe le saoránaigh de chuid an Aontais a aisdúichiú, agus maidir leis na héifeachtaí ar an mbeartas víosaí’ an 30 Márta 2020 (C(2020)2050),

–  ag féachaint don Treochlár Eorpach Comhpháirteach ionsar bhearta imshrianta COVID-19 a bhaint arna thíolacadh ag Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2020 maidir leis an measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas (COM(2020)0148),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún ‘COVID-19: Ionsar chur chuige céimnithe agus comhordaithe i leith saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha’ an 13 Bealtaine 2020 (C(2020)3250),

–  ag féachaint dá rún an 30 Bealtaine 2018 maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú limistéar Schengen(6),

–  ag féachaint dá rún an 11 Nollaig 2018 maidir le cur i bhfeidhm iomlán fhorálacha acquis Schengen sa Bhulgáir agus sa Rómáin: seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha talún, muirí agus aeir a dhíothú(7),

–  ag féachaint don obair ullmhúcháin don rún seo a rinne Meitheal um Ghrinnscrúdú Schengen de chuid an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint do na ceisteanna a cuireadh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19 (O-000037/2020 – B9-0010/2020 agus O-000038/2020 – B9-0011/2020),

–  ag féachaint do Rialacha 136(5) agus 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, go ndearna formhór na mBallstát, , lena n-áirítear tíortha comhlachaithe Schengen i bhfianaise ábhar an rúin seo, na rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach an athuair, nó a rinne na teorainneacha sin a dhúnadh, go páirteach nó go hiomlán, nó go ndearna siad iad a dhúnadh ar chineálacha áirithe taistealaithe, lena n-áirítear saoránaigh de chuid an Aontais agus a mball teaghlaigh agus náisiúnaigh tríú tíre atá ina gcónaí ar a gcríoch nó ar chríoch Ballstáit eile; de bhrí gurbh ann d’easpa shoiléir chomhordaithe i measc na mBallstát le hinstitiúidí an Aontais nuair a rinneadh na bearta seo a thabhairt isteach;

B.  de bhrí go ndéanann rialuithe teorann inmheánaí difear do chearta agus saoirsí daoine mar a chumhdaítear i ndlí an Aontais iad; de bhrí nach ndéanfaidh srianta taistil ag na teorainneacha seachtracha difear don cheart chun tearmann a lorg;

C.  de bhrí go bhfuil bearta cúiteacha ag gabháil leis an tsaorghluaiseacht daoine dá bhforáiltear i gComhaontú Schengen agus sa Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen, arb é is aidhm dóibh an tslándáil a ráthú ar chríoch Stáit Schengen(8); de bhrí go n-áirítear sna bearta cúiteacha sin ionstraimí amhail Córas Faisnéise Schengen (CFS) agus córais TF eile ar mhórscála ar ann dóibh chun an malartú faisnéise idir údaráis Stáit Schengen agus na comhrialacha a áirithiú ar mhaithe leis an gcosaint ar na teorainneacha seachtracha;

D.  de bhrí gurb é an mhuinín fhrithpháirteach i measc na mBallstát an príomhriachtanas d’fheidhmiú cuí an limistéir gan rialú teorann inmheánaí;

E.  de bhrí, tar éis na rialuithe teorann inmheánaí bunaidh a bhaint, gurb annamh a tugadh rialuithe den sórt sin isteach an athuair; de bhrí, áfach, ó 2015 i leith, go bhfuil roinnt Ballstát ann a rinne a rialuithe teorann inmheánaí a choimeád bunaithe ar an údar gur ann do leibhéil mhéadaithe imirce agus/nó bagairtí slándála; de bhrí go ndearna Parlaimint na hEorpa ceisteanna a tharraingt anuas maidir le dlíthiúlacht agus comhréireacht na rialuithe teorann inmheánaí sin;

F.  de bhrí gur den ríthábhacht é go bhfillfear ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil chun prionsabal na saorghluaiseachta a choimirciú mar cheann de na príomhéachtaí a baineadh amach le lánpháirtiú na hEorpa agus mar réamhriachtanas lárnach do théarnamh eacnamaíoch AE tar éis phaindéim COVID-19;

1.  á mheabhrú gur éacht inbhraite agus caomhnaithe é limistéar Schengen atá ag croílár thionscadal an Aontais Eorpaigh, lena gceadaítear taisteal gan srian do níos mó ná 400 milliún duine agus go bhfuil luach gan phraghas ag baint leis do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon, agus go bhfuil an t-éacht sin uathúil ar fud na staire agus ar fud an domhain;

2.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an staid mar atá faoi láthair maidir leis na rialuithe teorann inmheánaí a rinne an oiread sin Ballstát a thabhairt isteach, agus na bearta éagsúla eile a rinneadh lena n-áirítear dúnadh na dteorainneacha go hiomlán nó go páirteach, nó iad a dhúnadh ar chineálacha áirithe taistealaithe, lena n-áirítear saoránaigh de chuid an Aontais nó náisiúnaigh tríú tíre atá ina gcónaí ar chríoch na mBallstát, agus an tionchar tromchúiseach atá ag na bearta sin ar dhaoine agus ar ghnólachtaí, lena n-áirítear ar earnálacha na turasóireachta agus na hoibre séasúraí;

3.  á chur i bhfios, agus lántacaíocht á tabhairt do na bearta sláinte poiblí atá i bhfeidhm chun leathadh COVID-19 a theorannú trí scaradh sóisialta, lena n-áirítear bearta coinneála forchurtha arna gcinneadh ag na Ballstáit a bheith infheidhme maidir lena gcríocha, gur beag údar atá tugtha ag na Ballstáit ina bhfógraí foirmiúla faoi Chód Teorainneacha Schengen maidir leis an gcaoi a bhfuil rialú teorann ina mhodh iomchuí chun leathadh COVID-19 a theorannú; á mheabhrú, i ndáil leis sin, go sainmhínítear rialú teorann i gCód Teorainneacha Schengen mar ‘an ghníomhaíocht a dhéantar ag teorainn mar fhreagairt eisiach ar rún chun an teorainn sin a thrasnú nó ar thrasnú na teorann sin, gan beann ar aon chúinse eile’; á chreidiúint go mbeadh na srianta níos spriocdhírithe a chuirfí i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear réigiúin trasteorann, níos iomchuí agus nach mbeadh siad chomh cunórach céanna;

4.  á chur i bhfios go bhfuil na rialacha lena rialaítear teorainneacha inmheánacha an Aontais leagtha síos i gCód Teorainneacha Schengen agus nuair a bhíonn aon bhearta á nglacadh a mbíonn tionchar acu ar thrasnú teorainneacha inmheánacha, nach mór do na Ballstáit spiorad agus ábhar an Chóid sin a urramú;

5.  á mheabhrú di go bhfuil téarmaíocht Chód Teorainneacha Schengen aonchiallach: tá rialú ag teorainneacha inmheánacha le bheith ina eisceacht, ina rogha dheiridh, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, gur dócha go réiteódh sé an bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach go leormhaith, a bhfuil géarghá leis agus atá comhréireach, ag a bhfuil raon feidhme teoranta agus a bheidh i bhfeidhm go ceann tréimhse ama teoranta; á mheas nach bhfuil dóthain mionsonraí i mórán de na fógraí a sholáthair na Ballstáit chun a fhíorú ar urramaíodh na prionsabail sin;

6.  á chur i bhfios go n-éilítear leis an gcoincheap ‘rogha dheireanach’ fíorú i dtaobh an bhféadfadh bearta eile a bheith chomh hoiriúnach céanna nó níos oiriúnaí chun an cuspóir a bhaint amach; á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don rogha seiceálacha sláinte íosta a fhorchur mar mhalairt níos fearr ar rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach; á mheabhrú di, ina leith sin, na bearta a bhaineann leis an tsláinte a thuairiscítear sna treoirlínte ón gCoimisiún(9); á mheabhrú di, thairis sin, an moladh ón gCoimisiún maidir le seiceálacha póilíneachta comhréireacha(10), ar dá réir ‘i gcás inarb ann do bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, go measann na Ballstáit caibidil II de Theideal III de Rialachán (AE) 2016/399 a chur i bhfeidhm (rialú teorann inmheánaí a thabhairt isteach), gur cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar dtús i dtaobh an féidir aghaidh a thabhairt ar an gcás go leormhaith trí dhlús a chur le seiceálacha póilíneachta laistigh den chríoch, lena n-áirítear i limistéir teorann’;

7.   ag aithint nár tharla riamh roimhe seo gur thit paindéim chomh tromchúiseach sin amach ar chríoch Limistéar Schengen; á mheabhrú di go luaitear go sainráite i bhforálacha Chód Teorainneacha Schengen go bhféadfadh baol don tsláinte phoiblí a bheith ina fhoras le cead isteach ag an teorainn sheachtrach a dhiúltú, agus á mheabhrú di freisin nach luaitear sa Chód – agus nár luadh sa Choinbhinsiún lenar cuireadh Comhaontú Schengen chun feidhme – an tsláinte phoiblí mar fhorais le rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach athuair, go ndearnadh foráil do rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach athuair ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach;

8.  á chur in iúl gurb oth léi go ndearna roinnt Ballstát rialuithe teorann agus srianta teorann eile a thabhairt isteach ar fhógra gearr gan faisnéis leordhóthanach a thabhairt dá bpobail féin ná do na Ballstáit eile; á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, iarmhairtí comhthaobhacha na seiceálacha teorann a dhéantar ag roinnt teorainneacha inmheánacha, amhail amanna feithimh iomarcacha gan saoráidí sláinteachais leormhaithe ná scaradh fisiceach leormhaith, rud is siocair le rioscaí sláinte do na daoine atá faoi réir na seiceálacha teorann agus do ghardaí teorann, agus an t-ualach breise ar ghardaí teorann agus oifigigh phóilíneachta atá faoi róbhrú cheana, nach gairmithe sláinte oilte iad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, an iliomad bacainní a bhí le sárú ag mórán oibrithe trasteorann laistigh de limistéar Schengen ó thit an phaindéim amach, lena n-áirítear easpa faisnéise soiléire a bheith ar fáil maidir le srianta is infheidhme maidir leo agus iad ag trasnú teorainneacha;

9.  ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh na Ballstáit, faoin Treoir maidir le Saorghluaiseacht, srian a chur ar ghluaiseacht agus cónaí shaoránaigh an Aontais agus daoine dá dteaghlach, gan beann ar náisiúntacht, ar fhorais a bhaineann leis an tsláinte phoiblí; ag áitiú, mar sin féin, nach mór do na Ballstáit uile na coimircí a leagtar síos sa Treoir sin a ráthú agus nach mór, go háirithe, neamh-idirdhealú idir náisiúnaigh na mBallstát féin agus saoránaigh a bhfuil cónaí orthu in AE a áirithiú;

10.  á mheas gur den ríthábhacht é limistéar Schengen lánfheidhmiúil a bheith ann go pras an athuair, agus go mbraitheann sé sin ar thoil pholaitiúil na mBallstát agus ar a dtiomantas bearta faoi acquis Schengen a chomhordú; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhaíocht a chomhordú ar an leibhéal Eorpach, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an dúshlán atá ann do shláinte shaoránaigh na hEorpa mar gheall ar COVID-19, agus fós limistéar Schengen a choimeád mar limistéar gan rialuithe teorann inmheánaí, agus prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na muiníne frithpháirtí á n-urramú go hiomlán; á chreidiúint go mbeidh tairbhí frithpháirteacha ann mar thoradh ar an tóir ar fhreagairtí Eorpacha; á chur in iúl gurb oth léi go mór aon ghníomhaíocht neamhchomhordaithe, dhéthaobhach nó iltaobhach ag Ballstáit aonair, a pléadh lasmuigh de chreat an Aontais, agus ag diúltú di; á cheangal nach mór d’aon socrú prionsabal an neamh-idirdhealaithe a urramú;

11.  á iarraidh ar na Ballstáit srianta ar an tsaoirse gluaiseachta a laghdú a mhéid céanna a mhaolaítear bearta srianta COVID-19; á mheas go bhféadfadh, leis an gcomhordú iomchuí ar leibhéal an Aontais, cur chuige níos réigiúnaí a bheith níos comhréirí ná rialuithe teorann náisiúnta agus go bhféadfaí, mar gheall air, deireadh a chur le srianta ar an tsaoirse gluaiseachta i gcás feabhas a bheith tagtha, ar bhealach inchomparáide, ar an tsláinte poiblí i réigiúin máguaird;

12.  á iarraidh go práinneach ar na Ballstáit Plean Téarnaimh do Schengen a phlé in éineacht leis an bParlaimint, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, lena n-áirítear na bealaí agus na modhanna le limistéar Schengen lánfheidhmiúil gan rialú teorann inmheánaí agus le pleananna teagmhais i gcás ina bhféadfadh gurb ann don dara buaic a bheith ann athuair a luaithe is féidir, chun cosc a chur le rialuithe sealadacha teorann inmheánaí a bheith leathbhuan sa mheántéarma;

13.  á mheabhrú di gur cheart, de réir Chód Teorainneacha Schengen, an measúnú ar an ngá le rialú teorann inmheánaí agus a fhadú nuair a thugtar isteach é mar ghníomhaíocht láithreach a fhaire ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, grinnscrúdú iomchuí a fheidhmiú ar chur i bhfeidhm acquis Schengen, agus go háirithe measúnú a dhéanamh ar na bearta a ghlac na Ballstáit cheana, chomh maith le tráthúlacht agus cáilíocht fógraí arna ndéanamh ag na Ballstáit, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí agus, i gcás inar gá, a mheabhrú do na Ballstáit na hoibleagáidí dlíthiúla atá orthu agus tuairimí a ghlacadh; ag spreagadh an Choimisiúin le leas a bhaint as a shainchumais chun faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a thuairisciú do Pharlaimint maidir le conas a fheidhmíonn sé a shainchumais faoi na Conarthaí;

14.   á chur in iúl gur saoth léi nach é an cuspóir a bhí beartaithe a bheith léi atá a thuilleadh leis an bhforáil de Chód Teorainneacha Schengen faoina gcaithfidh na Ballstáit tuairisciú chuig an bParlaimint, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún laistigh de cheithre seachtaine tar éis na rialuithe teorann a bhaint, rud a fhágann nár cuireadh an Pharlaimint ar an eolas; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit a thug isteach rialuithe teorann inmheánaí tuairisciú go tráthúil don Pharlaimint, gach sé mhí ar a laghad, trí shonraí cruinne agus mionsonraithe a sholáthar maidir leis na forais le haghaidh rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach athuair; á chur in iúl gurb oth léi go mór nach ndearna an Coimisiún, ó bhí 2015 ann, an tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmiú an limistéir gan rialuithe teorann inmheánaí a fhoilsiú, rud a bhfuil oibleagáid air a dhéanamh faoi Chód Teorainneacha Schengen;

15.  á mheabhrú di go ndearnadh na srianta sealadacha ar thaisteal is infheidhme maidir leis an taisteal neamhriachtanach ó thríú tíortha chuig Limistéar Schengen a thabhairt isteach athuair; á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh gach cinneadh maidir le cead isteach ag teorainneacha seachtracha a dhiúltú a bheith i gcomhréir le forálacha Chód Teorainneacha Schengen, lena n-áirítear cearta bunúsacha a urramú go háirithe, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de;

16.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí ar bhailchríoch a chur ar lánpháirtiú Schengen le Ballstáit uile AE; á iarraidh an athuair ar an gComhairle dréachtchinneadh nua ar chur i bhfeidhm iomlán fhorálacha acquis Schengen sa Bhulgáir agus sa Rómáin a thíolacadh a luaithe is féidir; toilteanach, nuair a rachaidh an Chomhairle i gcomhairle léi i gcomhréir le hAirteagal 4 den Ionstraim Aontachais, a tuairim a thabhairt ar chur i bhfeidhm iomlán fhorálacha acquis Schengen sa Chróit; á mheas go bhfuil an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht do chách, agus nach féidir ach gur todhchaí gan illroinnt í todhchaí limistéar Schengen;

17.  á mheas nach mór, sa mheántéarma, machnamh a dhéanamh ar conas feabhas a chur ar an muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus a áirithiú go ndéanfar foráil le huirlisí reachtacha an Aontais maidir le fíor-rialachas Eorpach ar limistéar Schengen, lena bhféadfaí freagairt chomhordaithe éifeachtach Eorpach a thabhairt ar dhúshláin amhail paindéim COVID-19, agus fós an ceart chun saorghluaiseachta agus prionsabal na heaspa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, atá i gcroílár thionscadal Schengen a chaomhnaíonn saoránaigh an Aontais, a choinneáil; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún togra chun na críche sin chun rialachas Schengen a athchóiriú i bhfianaise dúshláin nua;

18.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) Comhaontú acquis – Schengen idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, (IO L 239, 22.9.2000, lch. 13).
(2) Acquis Schengen – Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Chomhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19).
(3) IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(4) IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.
(5) IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.
(6) IO C 76, 9.3.2020, lch. 106.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0497.
(8) Dearbhú ón gCoiste Feidhmiúcháin an 26 Meitheamh 1996 maidir le heiseachadadh (SCH/Com-ex (96) Decl. 6 Rev. 2) (IO L 239, 22.09.2000, lch. 435).
(9) Moladh C(2020)1753 ón gCoimisiúin an 16 Márta 2020 maidir le Treoirlínte i dtaobh bearta bainistithe teorann chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus ar sheirbhísí bunriachtanacha;
(10) Moladh C(2017)3349 final ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2017 maidir le seiceálacha póilíneachta comhréireacha agus comhar póilíneachta i limistéar Schengen.

An nuashonrú is déanaí: 8 Meán Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais