Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2128(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0103/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0103/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 09/07/2020 - 3
PV 10/07/2020 - 4

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0192

Téacsanna atá glactha
PDF 183kWORD 67k
Dé hAoine, 10 Iúil 2020 - Brussels
Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint - an chalaois a chomhrac - tuarascáil bhliantúil 2018
P9_TA(2020)0192A9-0103/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 maidir le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint – an chalaois a chomhrac – tuarascáil bhliantúil 2018 (2019/2128(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 310(6) agus 325(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint dá rúin ar na tuarascálacha bliantúla roimhe seo ón gCoimisiún agus ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2019 dar teideal ‘An 30ú Tuarascáil ar Chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh — An comhrac in aghaidh na calaoise - 2018’ (COM(2019)0444) agus na doiciméid inmheánacha oibre a ghabhann léi (SWD(2019)0361, SWD(2019)0362, SWD(2019)0363, SWD(2019)0364 agus SWD(2019)0365),

–  ag féachaint do Thuarascáil OLAF 2018(1) agus do Thuarascáil Gníomhaíochtaí 2018 ó Choiste Maoirseachta OLAF,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí dar teideal ‘Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin: gníomhaíocht mhéadaithe chun buiséad AE a chosaint’ (COM(2019)0196),

–  ag féachaint don ‘phlean gníomhaíochta’ (SWD(2019)0170) agus don ‘mheasúnú riosca calaoise’ (SWD(2019)0171) atá ag gabháil leis an teachtaireacht dar teideal ‘Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin: gníomhaíocht mhéadaithe chun buiséad AE a chosaint’ (COM(2019)0196),

–  ag féachaint do thuarascáil bhliantúil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca le bliain airgeadais 2018, mar aon le freagraí na n-institiúidí(2),

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit (COM(2018)0324),

–  ag féachaint don chás ina bhfuil forálacha caighdeánacha maidir le cosaint leasanna airgeadais AE á dtabhairt isteach i dtograí uile an Choimisiúin le haghaidh CAI,

–  ag féachaint do Thuairim Uimh. 8/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an togra ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 OLAF a mhéid a bhaineann le comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus chomh héifeachtach atá imscrúduithe OLAF (COM(2018)0338),

–  ag féachaint do Thuairim Uimh. 9/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtaca leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise AE (COM(2018)0386),

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 26/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an dar teideal ‘Sraith moilleanna i gcórais TF le haghaidh custam: cad a chuaigh mícheart?’,

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 01/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Comhrac i gcoinne na calaoise i gcaiteachas AE: an gá le gníomhaíocht’,

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 06/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Dul i ngleic le calaois i gcaiteachas AE ar chomhtháthú: ní mór d’údaráis bhainistíochta brath, freagairt agus comhordú a neartú’,

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 12/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘R-thráchtáil: tá go leor de na dúshláin a bhaineann le bailiú CBL agus dleachtanna custaim fós le réiteach’,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)(3) agus don athbhreithniú meántéarma air, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2017 (COM(2017)0589),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil(4) (Treoir PIF),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)(5),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle(6),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(7),

–  ag féachaint do thuarascáil an 4 Meán Fómhair 2019 arna choimisiúnú ag an gCoimisiún dar teideal ‘Staidéar agus Tuarascálacha ar an mBearna CBL i mBallstáit AE-28: Tuarascáil Chríochnaitheach’,

–  ag féachaint do thuarascáil Bhealtaine 2015 arna choimisiúnú ag an gCoimisiún dar teideal ‘Staidéar chun cainníochtú agus anailís a dhéanamh ar an mBearna CBL i mBallstáit AE: Tuarascáil 2015’ agus don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 maidir le plean gníomhaíochta ar CBL dar teideal ‘I dtreo limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach – An t-am le cinneadh a dhéanamh’ (COM(2016)0148),

–  ag féachaint don Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Frith-Éilliú san Aontas an 3 Feabhra 2014 (COM(2014)0038),

–  ag féachaint do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE(8),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2011 dar teideal ‘Éillitheacht in AE a chomhrac’ (COM(2011)0308),

–  ag féachaint dá rún an 14 Feabhra 2017 maidir leis an ról atá ag sceithirí i gcosaint leasanna airgeadais AE(9),

–  ag féachaint don tuarascáil ar dhul chun cinn an 12 Bealtaine 2017 maidir le cur chun feidhme na teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal ‘Dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne smuigléireacht toitíní agus foirmeacha eile den trádáil aindleathach i dtáirgí tobac – Straitéis chuimsitheach AE (COM(2013)0324, 6 Meitheamh 2013)’ (COM(2017)0235),

–  ag féachaint don tuarascáil arna comhordú ag OLAF dar teideal ‘Calaois sa Soláthar Poiblí – Díolaim d’fholáirimh agus de dhea-chleachtais’, arna foilsiú an 20 Nollaig 2017, agus do lámhleabhar OLAF ó 2017 maidir le ‘Tuairisciú ar neamhrialtachtaí sa bhainistíocht roinnte’,

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 19/2017 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Nósanna imeachta allmhairiúcháin: easnaimh sa chreat dlíthiúil agus tionchar neamhéifeachtúil cur chun feidhme leasanna airgeadais an Aontais’,

–  ag féachaint don bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-105/14: imeachtaí coiriúla in aghaidh Taricco agus eile(10),

–  ag féachaint don bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-42/17: imeachtaí coiriúla in aghaidh M.A.S agus M.B.(11),

–  ag féachaint don bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-48/16: Sigma Orionis SA v an Coimisiún Eorpach(12),

–  ag féachaint don fhíoras gur glacadh Rialachán (AE) 2018/1541 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2018 ag leasú Rialacháin (AE) Uimh. 904/2010 agus (AE) 2017/2454 maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse CBL chun cumas na mBallstát a mhéadú a mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na scéimeanna calaoise CBL is mó a dhéanann damáiste agus chun an bhearna CBL a laghdú,

–  ag féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ‘Leasanna airgeadais AE a chosaint – airgead agus sócmhainní a ghnóthú ó thríú tíortha i gcásanna de chalaois’(13),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Buiséad Nua-Aimseartha le haghaidh Aontas a Chumhdaíonn, a Chumhachtaíonn agus a Chosnaíonn. An creat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027’ (COM(2018)0321),

–  ag féachaint dá rún an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir le calaois chustaim a chomhrac agus acmhainní dílse AE a chosaint(14),

–  ag féachaint do chur chun feidhme leanúnach chlár Hercule III(15),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2020),

A.  de bhrí go ndéanann an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit buiséad an Aontais a chur chun feidhme, agus a ndearnadh 74 % de a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte in 2018;

B.  de bhrí gur cheart don Choimisiún a fhreagrachtaí faoi seach faoin mbainistíocht roinnte as maoirsiú, rialú agus iniúchóireacht a chomhlíonadh;

C.  de bhrí gur cheart do na Ballstáit, de réir Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais (AE, Euratom) 2018/1046, agus cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid á bhforghníomhú acu, gach beart is gá a dhéanamh chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;

D.  de bhrí, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, gur cheart do na Ballstáit rialuithe ex ante agus ex post a dhéanamh, gur cheart dóibh cistí a íocadh go míchuí a ghnóthú agus imeachtaí dlíthiúla ina leith sin a thionscnamh i gcás inar gá;

E.  de bhrí gur prionsabail lárnacha i mbeartas cur chun feidhme bhuiséad AE atá i mbainistíocht fhónta airgeadais agus i gcosaint leasanna airgeadais AE agus go bhfuil sé mar aidhm leis an mbeartas sin muinín na saoránach a mhéadú trína áirithiú go ndéantar airgead na gcáiníocóirí a úsáid go cuí agus go ndéantar buiséad AE a fhorghníomhú go héifeachtach;

F.  de bhrí go rannchuidíonn caiteachas poiblí fónta agus cosaint leasanna airgeadais AE le bainistiú éifeachtúil ar bhuiséad AE;

G.  de bhrí go luaitear in Airteagal 310(6) CFAE go ndéanfaidh ‘an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 325, an chalaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac’; de bhrí go luaitear in Airteagal 325(2) CFAE go nglacfaidh ‘na Ballstáit na bearta céanna chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais is a ghlacann siad chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil dá leasanna airgeadais féin’; de bhrí go luaitear in Airteagal 325(3) CFAE go gcomhordóidh ‘na Ballstáit a ngníomhaíocht chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcoinne na calaoise’ agus go n-eagróidh siad, ‘i dteannta leis an gCoimisiún, dlúthchomhar rialta idir na húdaráis inniúla’; de bhrí go luaitear in Airteagal 325(4) CFAE go gcaithfear dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí i dtaobh aon bhearta atá le glacadh ag an reachtóir i réimsí chosc agus chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE;

H.  de bhrí go dtacaíonn buiséad AE le cuspóirí comhroinnte agus go gcuidíonn sé le dul i ngleic le dúshláin choiteanna, agus de bhrí go bhfuil dea-fheidhmíocht ina réamhchoinníoll chun torthaí agus tosaíochtaí a ghnóthú, agus gur eilimintí bunriachtanacha le haghaidh buiséadú bunaithe ar fheidhmíocht atá i simpliú agus measúnú rialta ar ionchuir, aschuir, torthaí agus tionchair trí bhíthin iniúchtaí feidhmíochta;

I.  de bhrí gur oibleagáid ar an Aontas é gníomhú i réimse na mbeartas frithéillithe laistigh de na teorainneacha a leagtar síos in CFAE; de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 67 CFAE gur oibleagáid de chuid an Aontais é ardleibhéal slándála a áirithiú, lena n-áirítear trí choireacht a chosc agus a chomhrac agus trí dhlíthe coiriúla a chomhfhogasú; de bhrí, de réir Airteagal 83 CFAE, go bhfuil éillitheacht ar cheann de na coireanna fíor-thromchúiseacha a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo agus a bhfuil éifeacht dhiúltach acu ar leasanna airgeadais AE;

J.  de bhrí go bhfuil calaois ina bhfuil baint ag cistí AE ar cheann de na bealaí atá ag eagraíochtaí coiriúla chun sleamhnú isteach sa gheilleagar agus an bonn a bhaint de shaoirse eacnamaíoch agus de shaoriomaíocht;

K.  de bhrí go gcaithfear aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an éagsúlacht atá sna córais dhlíthiúla agus riaracháin sna Ballstáit chun go bhféadfar gníomhaíochtaí AE ar bhonn níos comhordaithe a dhéanamh chun neamhrialtachtaí a chosc agus calaois a chomhrac; de bhrí gur cheart don Choimisiún a dhícheall sa chomhrac in aghaidh na calaoise a neartú tuilleadh agus leanúint dá gcur chun feidhme go héifeachtúil chun torthaí atá níos inláimhsithe agus níos sásúla a tháirgeadh;

L.  de bhrí gur bagairt thromchúiseach ar leasanna airgeadais an Aontais í an éillitheacht, ach chomh maith leis sin gur bagairt don daonlathas agus don mhuinín sa riarachán poiblí atá inti freisin;

M.  de bhrí gur foinse thábhachtach ioncaim do bhuiséid náisiúnta atá in CBL a bhailíonn Ballstáit agus de bhrí gur 11,9 % de bhuiséad iomlán AE in 2018 a bhí in acmhainní dílse bunaithe ar CBL;

N.  de bhrí go bhfuil cásanna d’éillitheacht ar bhonn córasach agus institiúideach i mBallstáit áirithe ina ndíobháil thromchúiseach do leasanna airgeadais AE agus freisin go bhfuil siad ina mbagairt ar an daonlathas, ar chearta bunúsacha agus ar an smacht reachta; de bhrí go luaitear i dTuarascáil Speisialta Eorabharaiméadair Uimh. 470 maidir le héillitheacht, arna foilsiú i Nollaig 2017, gur fhan na braistintí agus na dearcthaí i leith na héillitheachta fós cobhsaí i gcomparáid le 2013, rud a thugann le tuiscint nár léiríodh aon torthaí nithiúla ó thaobh feabhas a chur ar iontaoibh shaoránaigh AE ina n-institiúidí;

Neamhrialtachtaí a bhrath agus a thuairisciú

1.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an 30ú Tuarascáil bhliantúil maidir le leasanna airgeadais AE a chosaint agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, chomh maith leis an dul chun cinn atá bainte amach le tríocha bliain anuas ó thaobh dúshraitheanna reachtacha agus creat institiúideach (OLAF agus OIPE) sa chomhrac in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí ar leibhéal AE a leagan síos agus a fhorbairt, ó thaobh comhar idir na Ballstáit de agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus ó thaobh torthaí a bhaint amach i gcosaint bhuiséad AE nach mbeadh indéanta murach an dícheall comhpháirteach ag na hinstitiúidí Eorpacha agus ag na húdaráis náisiúnta;

2.  á thabhairt faoi deara le mórbhuairt an síorathrú atá ag teacht ar mhodhanna calaoise agus go bhfuil patrúin nua chalaoise ann a bhfuil gné láidir thrasnáisiúnta agus scéimeanna calaoise trasteorann ag roinnt leo (i.e. calaois i gcur chun cinn táirgí talmhaíochta; cuideachtaí caocha; imghabháil dleachtanna custaim trí thearcluacháil ar theicstílí agus coisbhearta a thagann isteach san Aontas agus a théann trí imréiteach custaim i níos mó ná Ballstát amháin; r-thráchtáil; gné mhéadaitheach thrasteorann a ghabhann le calaoisí ar thaobh an chaiteachais; agus góchumadh), a bhfuil tionchar diúltach acu ar thaobh an ioncaim i mbuiséad AE agus a éilíonn freagairt chomhordaithe nua ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta;

3.  á thabhairt dá haire i dtaobh líon iomlán na neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a tuairiscíodh in 2018 (11 638 gcás) go raibh sé 25 % níos ísle ná mar a bhí in 2017 (15 213 chás) agus go raibh an luach a bhí i gceist fós cobhsaí i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (EUR 2,5 billiún in 2018 i gcomparáid le EUR 2,58 billiún in 2017);

4.  á chur i bhfios nach bhfuil gné chalaoiseach ag roinnt leis na neamhrialtachtaí ar fad agus go gcaithfear dealú soiléir a dhéanamh i measc na n-earráidí a dhéantar;

5.  á mheabhrú nach táscaire díreach ar an leibhéal calaoise a dhéanann difear do bhuiséad AE ná don leibhéal calaoise i mBallstát ar leith atá sa líon neamhrialtachtaí calaoiseacha a thuairiscítear agus na méideanna a ghabhann leo; á thabhairt dá haire nach léir cá mhéad neamhrialtacht calaoiseach a fhágtar gan tuairisciú ag an gCoimisiún agus go háirithe ag na Ballstáit gach bliain; á thabhairt dá haire go bhfágann sé seo deacair ag an bParlaimint é teacht ar thátail úsáideacha i dtaobh a éifeachtaí atá gníomhaíochtaí frithchalaoise a dhéanann an Coimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún dá bhrí sin modheolaíocht a fhorbairt chun feabhas a chur ar iontaofacht agus foráil do mheastacháin níos cruinne ar scála na calaoise san Aontas; á thabhairt dá haire go raibh tionchar ag neamhrialtachtaí calaoiseacha ar 0,71 % d’íocaíochtaí 2018 agus ar 0,65 % d’ollmhéid na n-acmhainní dílse traidisiúnta a bailíodh le haghaidh 2018; á thabhairt dá haire thairis sin go raibh tionchar ag neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha ar 0,58 % d’íocaíochtaí 2018 agus ar 1,78 % d’ollmhéid na n-acmhainní dílse traidisiúnta a bailíodh le haghaidh 2018;

6.  á thabhairt dá haire le teann buartha gur tháinig an Chúirt Iniúchóirí ar an tátal go bhfuil leibhéal neamhdhóthanach léargais ag an gCoimisiún ar scála, nádúr agus cúiseanna na calaoise; á athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoimisiún córas aonfhoirmeach a bhunú trína ndéanfaí sonraí inchomparáide maidir le neamhrialtachtaí agus cásanna de chalaois a bhailiú ó na Ballstáit chun an próiseas tuairiscithe a chaighdeánú agus chun cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí arna soláthar a áirithiú;

7.  á iarraidh thairis sin ar an gCoimisiún seiceálacha cuimsitheacha a dhéanamh chun lán-trédhearcacht agus cáilíocht na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit sa Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) a áirithiú;

8.  á thabhairt dá haire gur fhan an líon neamhrialtachtaí calaoiseacha a tuairiscíodh in 2018 (1 152 chás) ar an leibhéal céanna leis an líon in 2017; ach gur oth léi, áfach, go raibh méadú suntasach de 183 % ar na méideanna a bhí i gceist agus gur cúis mhór buartha é sin; is ann don mhéadú sin, cuid mhór, mar gheall ar dhá chás de neamhrialtachtaí calaoiseacha a bhain le caiteachas sa bheartas comhtháthaithe; á chur i bhfáth gur gá na méideanna móra sin a aisghnóthú a luaithe agus is féidir;

9.  á thabhairt dá haire go raibh titim de 27 % (10 487 gcás) ar an líon de neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha a cláraíodh in 2018, cé gur tháinig laghdú de 37 % go dtí EUR 1,3 billiún ar na méideanna airgeadais;

10.  á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil dlíthe sonracha i gcoinne na coireachta eagraithe ag mórán Ballstát, agus go bhfuil an bhaint atá aici le gníomhaíochtaí trasteorann agus le hearnálacha a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, amhail smuigleáil nó góchumadh airgeadra, ag dul i méad i gcónaí;

11.  á iarraidh ar na Ballstáit comhar níos dlúithe a bheith eatarthu a mhéid a bhaineann le malartuithe faisnéise chun feabhas a chur ar a mbailiú sonraí agus ar éifeachtacht a gcuid rialuithe agus, chomh maith leis sin, cearta agus saoirsí na saoránach a ráthú; á mheabhrú gur ról de chuid an Choimisiúin é comhordú a dhéanamh ar an gcomhar idir Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú leis an gcomhordú chun córas uilíoch a bhunú le haghaidh sonraí a bhailiú ó na Ballstáit i dtaobh neamhrialtachtaí agus cásanna de chalaois;

12.  á iarraidh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa leanúint d’institiúidí agus comhlachtaí bainistíochta atá freagrach i gcásanna de mhí-úsáid thoiliúil cistí a áireamh ina samplaí iniúchóireachta;

13.  á chur i iúl gurb ábhar imní di an cás faoi láthair gurb é amháin a theastaíonn chun an t-ualach riaracháin ar údaráis na mBallstát a laghdú ná gur neamhrialtachtaí calaoiseacha nó neamhchalaoiseacha lena mbaineann níos mó ná EUR 10 000 de ranníocaíocht ó CSIE a chaithfear a thuairisciú de réir Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le Forálacha Coiteanna; á mheabhrú go bhfuil líon mór íocaíochtaí ann atá go maith faoi bhun na tairsí de EUR 10 000 i réimse na talmhaíochta agus i gCiste Sóisialta na hEorpa, agus go ndéantar na híocaíochtaí sin mar íocaíochtaí teidlíochta (bunaithe ar choinníollacha áirithe a chomhlíonadh), agus, mar thoradh air sin, nach ndéantar íocaíochtaí faoin tairseach tuairiscithe agus a d’fhéadfadh a bheith calaoiseach a thuairisciú; á thabhairt dá haire, áfach, gurbh é barúil na Cúirte Iniúchóirí ina Tuarascálacha Bliantúla do 2017 agus 2018 gur lú an baol atá ann go dtarlóidh earráidí in íocaíochtaí teidlíochta ná i gcás aisíocaíocht costas, arb é sin an modh íocaíochta atá ann do thionscadail a bhfuil luach os cionn EUR 10 000 ag gabháil leo;

14.  á cháineadh go láidir go ndearna oifigigh ardleibhéil rialtais i bPoblacht na Seice, agus gníomhaithe poiblí eile san Ungáir, sa Ghréig, sa Pholainn, sa Rómáin agus san Iodáil, mí-úsáid ar mhórscála de chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa; á thabhairt dá haire go dtéann calaois den sórt sin chun dochair do ghnólachtaí beaga teaghlaigh, arb iadsan is mó a dteastaíonn fóirdheontais uathu;

15.  á cháineadh go láidir go bhfuil mí-úsáid á baint as Cistí Comhtháthaithe; á chur in iúl gur oth léi gur féidir cistí AE, a bhí faoi réir ceartuithe airgeadais a bhain le neamhrialtachtaí calaoiseacha, a athúsáid arís gan aon iarmhairtí ná srianta breise; den tuairim go gcuireann córas den sórt sin leasanna airgeadais AE i gcontúirt; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, faireachán dlúth a dhéanamh ar athúsáid Chistí AE agus smaoineamh ar chóras a fhorbairt lena mbeadh srianta i dtaca le húsáid bhreise ag gabháil freisin le ceartúcháin;

16.  á mheabhrú gur ann do cheanglais trédhearcachta le haghaidh CBT agus beartais chomhtháthaithe, a chuireann faoi deara d’údaráis fhreagracha na mBallstát liosta de thairbhithe deiridh a chothabháil agus fáil a bheith ar an liosta sin go poiblí; á iarraidh ar na Ballstáit na sonraí sin a fhoilsiú i bhformáid uilíoch meaisín-inléite agus idir-inoibritheacht na faisnéise a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí a bhailiú agus a chomhiomlánú chomh maith le liostaí de na tairbhithe is mó ó gach aon chiste i ngach aon Bhallstát a fhoilsiú;

17.  á áitiú go molfaidh an Coimisiún sásra gearáin sonrach ar leibhéal an Aontais chun tacú le feirmeoirí nó tairbhithe a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar nithe amhail míchleachtais grabála talún, mí-iompar na n-údarás náisiúnta, brú ó struchtúir choiriúla nó coireacht eagraithe, nó chun tacú le daoine atá faoi réir saothar éigeantais nó saothar sclábhaíochta, agus go dtabharfaí deis dóibh gearán a thaisceadh go mear leis an gCoimisiún agus gur cheart don Choimisiún é sin a sheiceáil mar ábhar práinne;

18.  á chur i bhfáth nach bhfuil gníomhaíocht leordhóthanach á déanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun dul i ngleic leis an gcineál sin calaoise; ag spreagadh an Choimisiúin chun rialuithe éifeachtacha in éineacht le bearta ceangailteacha a sheoladh; á thabhairt dá haire gur cheart go mbeadh ról lárnach ag OIPE maidir le taighde trasteorann a sheoladh, cásanna de chalaois a bhrath agus a thuairisciú, agus calaoiseoirí a thabhairt os comhair cúirte;

Ioncam - acmhainní dílse

19.  á thabhairt dá haire go bhfuil méadú de 1 % ar an líon cásanna calaoiseacha a cláraíodh do na hacmhainní dílse traidisiúnta a bhailítear (go dtí 473 in 2018), agus á chur in iúl gur oth léi an méadú de 116 % atá tagtha ar na méideanna airgeadais atá i gceist;

20.  á thabhairt dá haire go raibh an líon neamhrialtachtaí a tuairiscíodh mar neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha le haghaidh 2018 10 % níos ísle ná an meán do na blianta 2014-2018, ach á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an méid a ndearnadh difear dóibh 17 % níos airde;

21.  á chur in iúl go bhfuil sí buartha go mór faoin bhfíoras, de réir staidreamh ‘mearmheastacháin’ an Choimisiúin, gur isteach agus amach le EUR 130 billiún a bhí sa bhearna CBL in 2018, arb ionann é sin agus thart ar 10 % d’iomlán ioncam measta CBL, agus go measann an Coimisiún go gcosnaíonn cásanna calaoise CBL laistigh den Chomhphobal thart ar EUR 50 billiún in aghaidh na bliana; á chur in iúl gur oth léi an caillteanas de EUR 5 bhilliún in aghaidh na bliana atá ag teacht as soláthairtí earraí íseal-luacha ó thríú tíortha;

22.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh Treoir PIF, ina dtugtar soiléiriú ar shaincheisteanna an chomhair trasteorann agus an chúnaimh dhlíthiúil fhrithpháirtigh idir Ballstáit, Eurojust, OIPE agus an Coimisiún chun dul i ngleic le calaois CBL;

23.  ag athdhearbhú an tseasaimh atá aici nár cheart d’inniúlachtaí OLAF i réimse na n-imscrúduithe ar cháin bhreisluacha a bheith teorannaithe ná faoi réir aon choinníollacha riaracháin breise; á iarraidh ar an gComhairle seasamh na Parlaiminte ar an ábhar seo a chur san áireamh le linn na gcaibidlíochtaí ar an rialachán maidir le ‘hImscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, a mhéid a bhaineann le comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus le héifeachtacht imscrúduithe OLAF’;

24.  á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag OLAF san imscrúdú ar nithe a bhaineann le CBT; á chur in iúl gur díol sásaimh di an leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha(16), a ritheadh in 2018 trínar tugadh isteach bearta chun acmhainneacht na riarachán cánach náisiúnta i seiceáil soláthairtí trasteorann a neartú, lenar leathnaíodh inniúlachtaí OLAF chun imscrúduithe calaoise CBL a éascú agus a chomhordú agus lenar tugadh aghaidh ar na scéimeanna calaoise CBL is mó a dhéanann damáiste agus an bhearna CBL a laghdú;

25.  á chur in iúl gur díol sásaimh di Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle arna leasú chun uasmhéadú a dhéanamh ar a mhéid atá an bogearra nua san Anailís ar Líonraí Idirbheart (TNA) in ann líonraí calaoiseacha a shainaithint ar fud AE ina iomláine; agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an malartú faisnéise idir na húdaráis chánach náisiúnta chun go mbeidís in ann calaois rothlach CBL a bhrath níos fearr agus teacht roimpi go tapa; á iarraidh go mbeadh bearta ann chun cosaint sonraí oibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú agus atá liostaithe sa bhogearra nua TNA a áirithiú go hiomlán;

26.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur tugadh bearta isteach chun sonraí ábhartha a chomhroinnt amhail ó 2020 maidir le nósanna imeachta custaim ‘Uimh. 42’ agus ‘Uimh. 63’ idir na húdaráis chánach náisiúnta, rud a fhágann gur féidir le Ballstát an allmhairithe agus Ballstát an chustaiméara cros-seiceáil a dhéanamh ar uimhreacha CBL, luach na n-earraí atá allmhairithe, cineál na dtráchtearraí etc.;

27.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt Straitéisí Frithchalaoise Náisiúnta (NAFSanna) ag na Ballstáit go léir;

28.  á chur i bhfáth a thromchúisí atá calaois lena mbaineann CBL, go háirithe ‘calaois rothlach’ mar a thugtar uirthi, arb é an toradh a bhíonn uirthi ná nach ndéanann an trádálaí atá ar iarraidh CBL a íoc leis na húdaráis chánach iomchuí, fiú má bhí an CBL sin asbhainte ón gcustaiméir;

29.  á thabhairt dá haire gur painéil ghréine a bhí sna hearraí is mó a luadh calaois agus neamhrialtachtaí leo ó thaobh airgid de in 2018, agus gurbh amhlaidh an cás freisin in 2017 agus 2016; á chur in iúl gur díol sásaimh di na cigireachtaí ar an láthair atá ar siúl ag an gCoimisiún agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá imscrúduithe OLAF agus ról comhordúcháin OLAF sa réimse seo;

30.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an fíoras go bhfuil uirlisí nua TF, cuir chuige riosca-bhunaithe nua agus tionscnaimh nua curtha ar an bhfód ag roinnt Ballstát chun gníomhú i gcoinne na ndúshlán a ghabhann le hacmhainní dílse traidisiúnta a bhailiú; ag spreagadh na mBallstát le comhoibriú tuilleadh chun úsáid chomhpháirteach a bhaint as na huirlisí, cuir chuige agus tionscnaimh sin, le dea-chleachtais a mhalartú tuilleadh agus le comhar a fheabhsú faoi chreat Eurofisc;

31.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil calaois ioncaim, trí thearcluacháil ar earraí a allmhairítear isteach in AE ó thríú tíortha, ina bagairt i gcónaí ar leasanna airgeadais AE; á aithint gur foinse as cuimse de chalaois chánach in AE atá i dtrádáil r-thráchtála trasteorann earraí, go háirithe i gcás earraí beaga; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá nasctha le r-thráchtáil trasteorann, go háirithe i gcás mí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as fóirithintí le haghaidh coinsíneachtaí íseal-luacha, trí mholtaí an Choimisiúin ina leith sin a chur chun feidhme go hiomlán;

32.  á thabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún, i Nollaig 2018, plean gníomhaíochta nua a thíolacadh chun comhrac in aghaidh na trádála mídhleathaí sa tobac, bunaithe go príomha ar bhearta oibríochtúla i bhforfheidhmiú an dlí;

33.  á thabhairt dá haire gur trí bhíthin rialuithe iarscaoilte is mó a braitheadh neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha, ach ag cur béim ar a thábhachtaí atá rialuithe custaim roimh scaoileadh earraí nó ag tráth scaoilte earraí, chomh maith le hadmhálacha deonacha, chun neamhrialtachtaí a bhrath;

34.  á mheabhrú arís eile gur teaglaim de mhodhanna braite éagsúla (rialuithe scaoilte, rialuithe iarscaoilte, cigireachtaí ag seirbhísí frithchalaoise agus eile) é an bealach is éifeachtúla chun calaois a bhrath, agus go bhfuil éifeachtúlacht gach modha ag brath ar an mBallstát i dtrácht, ar chomhordú éifeachtúil a riaracháin agus ar chumas sheirbhísí ábhartha na mBallstát cumarsáid a dhéanamh le chéile;

35.  á chur in iúl gur mórchúis bhuartha di gur gnách le roinnt Ballstát gan oiread agus cás amháin calaoise a thuairisciú; á iarraidh ar an gCoimisiún an staid sin a imscrúdú, mar go measann sí go bhfuil an dóchúlacht nach ann d’aon ghníomhaíochtaí calaoiseacha sna Ballstáit an-íseal; á iarraidh ar an gCoimisiún seiceálacha randamacha ar an láthair a dhéanamh sna tíortha sin;

36.  á thabhairt dá haire gur ag thart ar 41 % a bhí an meánráta gnóthaithe do chásanna a tuairiscíodh mar chásanna calaoiseacha sna blianta 1989-2018; á thabhairt dá haire freisin gur ag 70 % a bhí an ráta gnóthaithe do chásanna calaoiseacha a tuairiscíodh agus a braitheadh in 2018, figiúr atá go mór os cionn an mheánráta; á athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt chun feabhas a chur ar an ráta gnóthaithe sna cásanna sin;

37.  á thabhairt dá haire gur ag 72 % a bhí an ráta gnóthaithe foriomlán do chásanna neamhchalaoiseacha a tuairiscíodh sna blianta 1989-2018;

38.  á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún tuairisciú go bliantúil i dtaobh mhéid acmhainní dílse AE a ghnóthaítear, ag leanúint as moltaí a rinne OLAF, agus a chur in iúl cad iad na méideanna atá fós le gnóthú;

Caiteachas

39.  á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú 3 % ar líon na gcásanna (679) a tuairiscíodh mar neamhrialtachtaí calaoiseacha in 2018 agus a rinne difear do chaiteachas; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil ráta scanrúil sa treo eile ag tarlú sna méideanna airgeadais atá i gceist (EUR 1,032  billiún) a raibh méadú de 198 % mar thoradh air;

40.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an laghdú de 4 % atá tarlaithe sna neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha a cláraíodh, chomh maith leis an laghdú de 48 % sna méideanna airgeadais atá i gceist (EUR 844,9 milliún);

41.  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac roinnt Ballstát, ar thaobh an chaiteachais, bearta oibríochtúla éagsúla amhail tabhairt isteach uirlisí marcála riosca TF, measúnuithe riosca calaoise agus cúrsaí oiliúna chun feasacht ghinearálta faoin gcalaois a mhúscailt; á iarraidh ar na Ballstáit eile dlús a chur lena n-iarrachtaí ar bhearta den sórt sin a ghlacadh a luaithe is féidir;

42.  ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh, i roinnt Ballstát, aon neamhrialtachtaí a bheith ina neamhrialtachtaí calaoiseacha; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit d’fhonn a áirithiú go gcuirfear feabhas ar cháilíocht agus líon na rialuithe, agus dea-chleachtas a chomhroinnt sa chomhrac i gcoinne na calaoise;

43.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bainistiú agus géarfhaireachas ar na deontais a dháiltear faoi chláir CSIEanna (Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, i.e. Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, AMIF (an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht), FEAD (an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí) agus CED (an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú)), ar mhaithe le buiséadú neamhbhoilseach éifeachtúil na gCistí agus le seachaint calaoise;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar OLAF, ar OIPE agus ar na Ballstáit, maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta faoinar tuairiscíodh 249 neamhrialtacht chalaoiseacha in 2018 (-6 %) lenar ghabh méid iomlán de EUR 63,3 milliún (+10 %) agus maidir leis an mbeartas comhtháthaithe faoinar tuairiscíodh 363 neamhrialtacht chalaoiseacha in 2018 (+5 %), arb é EUR  959,6 milliún (+199 %) an méid iomlán atá i gceist, na bearta is láidre a chur i bhfeidhm chun comhrac i gcoinne na calaoise a bhaineann leis an airgead poiblí arna íoc trí Bhuiséad AE;

45.  ag tabhairt dá haire i gcás CBT do na blianta tuairiscithe 2014-2018 go bhfuil an ‘leibhéal minicíochta calaoise’ (FFL), arb ionann é agus céatadán na gcásanna a cháiligh mar chalaois amhrasta agus mar chalaois léirithe i dtaca le líon iomlán na neamhrialtachtaí tuairiscithe, cothrom le 10 %, agus go bhfuil ‘leibhéal na méideanna calaoise’ cothrom le tuairim is 23 % den mhéid airgeadais iomlán dá ndéanann neamhrialtachtaí difear; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach bhfuil an ‘ráta braite calaoise’ (FDR), arb ionann é agus an céatadán den mhéid airgeadais iomlán a ndéanann calaois amhrasta agus léirithe maidir leis an gcaiteachas iomlán difear dó, cothrom ach le 0,11 % , agus go bhfuil an ‘ráta braite neamhrialtachtaí’, arb ionann é agus an céatadán den mhéid airgeadais iomlán a dhéanann neamhrialtachtaí maidir leis an gcaiteachas iomlán difear dó, cothrom le 0,37 %;

46.  ag tabhairt dá haire go láidir, ar an gcuma chéanna, gurb ionann an ‘ráta braite calaoise’ don bheartas comhtháthaithe agus 0,86 % agus gurb ionann an ‘ráta braite neamhrialta’ agus tuairim is 0,34 %;

47.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá trédhearcacht maidir leis na caiteachais, ag iarraidh rochtain iomlán ar an bhfaisnéis i gcás maoiniú Eorpach;

Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin

OLAF

48.  ag tabhairt dá haire go ndearna OLAF, in 2018, 219 n-imscrúdú a oscailt agus 167 n-imscrúdú a thabhairt i gcrích, ag moladh aisghabhálacha airgeadais arbh fhiú EUR 371 mhilliún iad; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 414 imscrúdú fós ar bun ag deireadh na bliana;

49.  ag tabhairt dá haire leathnú ról na seirbhísí comhordúcháin Frith-Chalaoise (AFCOS) i ndáil le héifeachtacht na mbealaí éagsúla don chomhar trasteorann idir na húdaráis náisiúnta a chothú, go háirithe chun dul i ngleic le calaois chustaim, ach freisin le haghaidh comhar le OLAF;

50.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, in Aibreán 2019, Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (CAFS), a cuireadh in oiriúint do dhá bhreis shuntasacha le reachtaíocht frithchalaoise AE a glacadh in 2017, i.e. Treoir PIF, lena leagtar síos caighdeáin chomhchoiteanna níos déine do reachtaíocht choiriúil na mBallstát chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus an rialachán lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);

51.  á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil togra le haghaidh ionstraim um chúnamh riaracháin frithpháirteach ar thaobh an chaiteachais áirithe ag an gCoimisiún fós ina chlár oibre bliantúil; á chreidiúint go n-oireann tionscnamh den sórt sin d’fhorálacha Airteagal 225 den Chonradh;

52.  ag tarraingt aird ar an ról bunriachtanach atá ag OLAF agus ar an ngá atá ann an ról sin a neartú tuilleadh agus comhordú éifeachtach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a áirithiú;

53.  á chur in iúl gurb oth léi nár chuir ach dhá Bhallstát déag an treoir nua maidir le PIF chun feidhme de thuras na huaire, go ndearna ocht mBallstát eile í a chur chun feidhme go páirteach agus nach ndearna na Ballstáit eile í a chur chun feidhme in aon chor go sea; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh an spriocdháta do chur chun feidhme na treorach nua maidir le PIF in éag cheana an 6 Iúil 2019; á iarraidh ar an gCoimisiún liosta a fhoilsiú, a luaithe is féidir, de na Ballstáit uile nach ndearna an treoir a thrasuí faoin spriocdháta; á iarraidh ar na Ballstáit eile go léir na bearta uile is gá a dhéanamh agus trasuí iomlán agus ceart na Treorach laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an bpróiseas trasuímh sna Ballstáit go léir, chomh maith le leas a bhaint as a shainchumais le haghaidh nósanna imeachta um shárú a sheoladh, i gcás nach gcomhlíonann na Ballstáit an próiseas trasuímh;

54.  á mheabhrú di go gcumhdaítear faoin CAFS nua: (i) calaois (lena n-áirítear calaois CBL), éilliú agus míleithreasú a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagail 3 agus 4 de Threoir PIF; (ii) cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, e.g. cionta a bhaineann le mí-úsáid nósanna imeachta soláthair i gcás ina ndéanann siad difear do bhuiséad AE; (iii) neamhrialtachtaí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (sa mhéid go ndearnadh d’aon ghnó iad ach nár gabhadh iad cheana leis na cionta coiriúla dá dtagraítear thuas); agus (iv) sáruithe tromchúiseacha ar oibleagáidí gairmiúla ag foireann nó comhaltaí d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Rialachán OLAF agus sa dara fomhír d’Airteagal 2(1) de Chinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise(17);

55.  á chur in iúl gur geal léi tosaíochtaí nua an CAFS nua, amhail feabhas a chur ar an tuiscint ar phatrúin chalaoise, ar phróifílí calaoiseoirí agus ar leochaileachtaí sistéamacha a bhaineann le calaois a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais, mar aon le barrfheabhsú an chomhordaithe, an chomhair agus na sreabha oibre don chomhrac i gcoinne na calaoise, go háirithe i measc sheirbhísí agus ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin;

56.  á chur in iúl gur saoth léi nár ghlac ach aon Bhallstát déag straitéis frithchalaoise náisiúnta (NAFS); á iarraidh ar na Ballstáit eile go léir dlús a chur le glacadh a NAFS; á iarraidh ar an gCoimisiún tathant ar na Ballstáit eile dlús a chur le glacadh NAFS; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh straitéisí frithchalaoise náisiúnta a ghlacadh mar choinníoll le rochtain a fháil ar chistí an Aontais;

57.  á chur in iúl gur geal léi an togra nua maidir le Clár Frithchalaoise AE, 2021-2027, a chuirfidh OLAF chun feidhme faoina bhainistíocht dhíreach; ag tabhairt dá haire go n-áirítear iad seo a leanas i gClár Frith-Chalaoise AE: (i) clár caiteachais Hercule III lena dtacaítear le gníomhaíochtaí i gcoinne calaoise, i gcoinne éillithe agus i gcoinne aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, (ii) an Córas Faisnéise Frithchalaoise (AFIS), ar gníomhaíocht oibríochtúil é ina bhfuil, go bunúsach, tacar d’fheidhmchláir chustaim TF a oibrítear faoi chóras faisnéise comhchoiteann a bhainistíonn an Coimisiún, agus (iii) an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) ar uirlis chumarsáide leictreonaí shlán é lena n-éascaítear an oibleagáid atá ar na Ballstáit neamhrialtachtaí arna mbrath, lena n-áirítear calaois, a thuairisciú, agus lena dtacaítear le bainistiú agus anailísiú na neamhrialtachtaí sin;

58.  ag tabhairt dá haire go bhfuil cistiú leordhóthanach de dhíth ar Chlár Frithchalaoise AE agus a thosaíochtaí nua chun torthaí a bhaint amach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, dá bhrí sin, an togra ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí chun buiséad Chlár Frithchalaoise AE a laghdú ó EUR 156 mhilliún don tréimhse 2014-2020 go EUR 111 mhilliún don tréimhse 2021-2027;

59.  á athdhearbhú an gá atá le modhanna frith-chalaoise réamhghníomhacha a áireamh i straitéisí frithchalaoise náisiúnta lena n-áirithítear nach é amháin go mbraitear calaois, ach go gcoisctear go héifeachtach í freisin;

An dul chun cinn maidir le bunú OIPE

60.  ag tabhairt dá haire gur ceapadh Stiúrthóir Riaracháin eatramhach in 2018;

61.  á chur i bhfios go láidir gur forbairt bhunúsach a bheidh i gcruthú OIPE ó thaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá OIPE ó thaobh calaois, éilliú agus calaois CBL trasteorann thromchúiseach a chomhrac;

62.  á chur in iúl gur geal léi gur chinn an Ísiltír agus Málta in 2018 ar bhallraíocht a ghlacadh in OIPE; ag tabhairt dá haire nach raibh, faoi dheireadh Dheireadh Fómhair 2019, ballraíocht glactha in OIPE ag cúig Bhallstát; á mheabhrú di, áfach, gur féidir leo, faoi aithris 9 de Rialachán (AE) 2017/1939, ballraíocht a ghlacadh sa chomhar trasteorann sin am ar bith; ag moladh do na Ballstáit eile ballraíocht a ghlacadh in OIPE a luaithe is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún ballraíocht in OIPE a chur chun cinn agus a dhreasú go gníomhach i measc na mBallstát sin ar leasc leo go sea ballraíocht a ghlacadh in OIPE, chun feidhmiú trasteorann éifeachtach agus éifeachtúil ar fud an Aontais a áirithiú;

63.  á chur i bhfáth gur tugadh chun críche nós imeachta roghnúcháin an Phríomh-Ionchúisitheoir Phoiblí Eorpaigh in 2019; á chur in iúl gur geal léi ceapachán Laura Codruța Kövesi, Uas., mar an gcéad Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Eorpach, tar éis nós imeachta roghnúcháin a raibh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus grúpa neamhspleách saineolaithe arna roghnú ag an gCoimisiún páirteach ann;

64.  á chur i bhfáth nach inghlactha tearcmhaoiniú agus tearclíon foirne OIPE le linn a chéime forbartha; á chur in iúl gurb oth léi go mór go ndearna an Coimisiún na hacmhainní ba ghá a mheas faoina luach den chuid is mó; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfidh OIPE suas le 3 000 cás a phróiseáil in aghaidh na bliana, ó chéad uair a feidhmithe; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ar a laghad 76 phost bhreise agus EUR 8 milliún de dhíth ar OIPE chun bheith lánoibríochtúil, mar a fhoráiltear, faoi dheireadh 2020; ag cur i gcoinne phrionsabal na n-ionchúisitheoirí páirtaimseartha; á iarraidh ar na Ballstáit ionchúisitheoirí poiblí lánaimseartha a cheapadh a luaithe is féidir; ag moladh go láidir go dtíolacfadh an Coimisiún dréachtbhuiséad leasaitheach;

65.  á chur i bhfáth gurb amhlaidh, tar éis chruthú OIPE, a bheidh OLAF fós ar an aon oifig a bheidh freagrach as cosaint leasanna airgeadais AE sna Ballstáit sin a chinn gan ballraíocht a ghlacadh in OIPE; á thabhairt chun suntais nach ndéanann, de réir thuairim Uimh. 8/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, an togra ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán OLAF an tsaincheist maidir le héifeachtacht íseal imscrúduithe riaracháin OLAF a réiteach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh OLAF fós ina chomhpháirtí láidir agus lánfheidhmiúil ag OIPE;

66.  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an comhar idir OLAF agus OIPE amach anseo bunaithe ar dhlúthchomhar, ar mhalartú éifeachtúil faisnéise agus ar chomhlántacht, agus fós dúbailtí nó inniúlachtaí neamhréireacha a sheachaint; ag meabhrú go bhfuil an Pharlaimint i gcoinne foireann OLAF a bheith á laghdú de 45 phost;

67.  á iarraidh ar na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú in am maidir leis an athbhreithniú ar rialachán OLAF chun a áirithiú go gcomhroinnfear inniúlachtaí go soiléir idir OLAF agus OIPE gan aon fhorluí orthu sula dtiocfaidh OIPE chun bheith feidhmiúil;

Réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu

68.  á chur i bhfios go bhfuil dhá réimse ann a bhféadfaí feabhas a chur orthu: ar an gcéad dul síos, chun measúnú riosca calaoise agus bainistiú riosca calaoise a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a n-acmhainneacht anailíseach a neartú chun sonraí maidir le patrúin chalaoise, próifílí calaoiseoirí agus leochaileachtaí i gcórais rialaithe inmheánaigh an Aontais a shainaithint níos fearr; ar an dara dul síos, chun comhsheasmhacht a áirithiú agus chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a bharrfheabhsú, ní mór an measúnú ar rioscaí calaoise agus bainistiú rioscaí calaoise a chomhordú go láidir agus faireachán láidir a dhéanamh orthu freisin;

69.  á thabhairt chun suntais go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an nasc idir an t-éilliú agus an chalaois in AE ar bhuiséad an Aontais; á chur in iúl gurb oth léi nach measann an Coimisiún a thuilleadh gur gá an tuarascáil frith-éillithe a fhoilsiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, breithniú a dhéanamh i dtaobh líonra údarás coiscthe éillithe laistigh den Aontas Eorpach a bhunú; á chur in iúl gur saoth léi an cinneadh ón gComisiún faireachán ar fhrith-éilliú a chur ar áireamh i bpróiseas rialachais eacnamaíoch an tSeimeastair Eorpaigh; den tuairim gur laghdaíodh tuilleadh leis sin an faireachán ón gCoimisiún, le sonraí ar fáil ach amháin d’fhíorbheagán tíortha; á chur in iúl gur oth léi go ndíríonn an t-athrú sa chur chuige sin ar thionchar eacnamaíoch an éillithe den chuid is mó agus nach gcuirtear san áireamh beagnach go hiomlán na gnéithe eile a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an éilliú orthu, amhail muinín na saoránach sna húdaráis riaracháin agus i struchtúir dhaonlathacha na mBallstát fiú; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, leanúint lena thuarascála frith-éillithe a fhoilsiú; á athdhearbhú a hiarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun beartas frith-éillithe AE atá níos cuimsithí agus comhleanúnach, lena n-áirítear dianmheastóireacht ar bheartais frith-éillithe i ngach Ballstát;

70.  á athdhearbhú gur féidir le héifeacht an ‘dorais imrothlaigh’ a bheith díobhálach don chaidreamh idir na hinstitiúidí agus na hionadaithe sainleasa; á iarraidh go bhforbródh institiúidí AE cur chuige córasach i leith an dúshláin sin;

71.  á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún sásra meastóireachta inmheánaí éillithe a chur ar bun d’institiúid AE;

72.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis uile-Eorpach le haghaidh seachaint réamhghníomhach coinbhleachtaí leasa a cheapadh do na gníomhaithe airgeadais uile a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, mar cheann dá thosaíochtaí uileghabhálacha;

73.  á mheas go bhfuil gá le tuilleadh tionscnamh chun an bhearna chustaim a thomhas agus chun modheolaíocht éifeachtach a fhorbairt don tomhas sin, dá phríomhghnéithe ar a laghad;

74.  á mheas gur cheart rialuithe custaim a chur in oiriúint do rioscaí calaoise nua agus do leathnú mear na trádála trasteorann a éascaítear le r-thráchtáil mar aon le gnó gan pháipéar;

75.  á thabhairt faoi deara gur dúshlán mór d’údaráis chánach é leathnú na r-thráchtála, e.g. sainaithint inchánach an díoltóra san Aontas a bheith ar díth agus clárú dearbhuithe CBL i bhfad níos ísle ná fíorluach na n-idirbheart dearbhaithe;

76.  ag cur béim ar an bhfíoras go n-éascódh córas lena gcuirtear ar chumas na n-údarás faisnéis a mhalartú cros-seiceáil a dhéanamh ar thaifid chuntasaíochta d’idirbhearta idir dhá Bhallstát nó níos mó chun calaois trasteorann i ndáil leis na cistí struchtúracha agus infheistíochta a chosc, agus, ar an gcaoi sin, go n-áiritheofaí cur chuige trasearnála agus cuimsitheach i leith chosaint leasanna airgeadais na mBallstát; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach sna réimsí caiteachais sin de chistí an Aontais nach ndéantar foráil iontu maidir leis sin;

77.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an baol go ndéanfaí gannmheastachán ar sholáthairtí d’earraí r-thráchtála ó thríú tíortha; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a ghlac OLAF chun fadhb na calaoise CBL r-thráchtála a réiteach;

78.  á mheabhrú di nach bhfuil rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis arna malartú idir na Ballstáit d’fhonn calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh (MTIC), ar a dtugtar calaois rothlach go coitianta, a chosc agus a chomhrac; den tuairim gur cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún ar Eurofisc, chun an malartú sonraí idir na Ballstáit a rialú, a mheasúnú agus a fheabhsú ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar na Ballstáit go léir páirt a ghlacadh i réimsí gníomhaíochta uile Eurofisc chun malartú faisnéise le húdaráis bhreithiúnacha agus le húdaráis forfheidhmithe dlí amhail Europol agus OLAF a éascú agus a luathú, mar a mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gComhairle rochtain a thabhairt don Choimisiún ar na sonraí sin chun comhar a chothú, iontaofacht sonraí a neartú agus coireacht trasteorann a chomhrac;

79.  á iarraidh ar OLAF an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi thoradh a chuid imscrúduithe a bhaineann le hallmhairí r-thráchtála ball éadaigh ar luach íseal; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar idirbhearta r-thráchtála lena bhfuil baint ag díoltóirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a dhearbhaíonn nach bhfuil CBL ar bith acu (mar shampla trí úsáid mhíchuí a bhaint as an reacht ‘sampla’), nó gannmheastachán a dhéanamh d’aon turas ar luach na n-earraí chun CBL a sheachaint scunscan nó chun an méid atá dlite a laghdú;

80.  á thabhairt chun suntais an gá atá le haghaidh a thabhairt ar easnaimh áirithe i gcóras forfheidhmithe frithchalaoise reatha an Aontais, go háirithe i ndáil le sonraí cruinne faoi neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a bhailiú;

81.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit modhanna tuairiscithe comhchoiteanna a úsáid agus a fheabhsú, i gcás inar féidir, chun faisnéis chuimsitheach agus inchomparáide a sholáthar maidir leis an leibhéal braite calaoise i gcaiteachas AE;

82.  á iarraidh ar an gCoimisiún éifeachtacht an chórais TF ar a dtugtar ‘an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí’ (IMS) arna bhainistiú ag OLAF a áirithiú, ionas go ndéanfaidh gach údarás inniúil faisnéis maidir le himscrúduithe coiriúla a bhaineann le calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE a thuairisciú go tráthúil;

83.  á chur i bhfios gur bunriachtanach í trédhearcacht iomlán sa chuntasacht le haghaidh caiteachais, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoibreacha bonneagair a mhaoinítear go díreach trí chistí AE nó trí ionstraimí airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún a fhoráil go mbeidh rochtain iomlán ag saoránaigh AE ar fhaisnéis faoi thionscadail chómhaoinithe;

84.  ag meabhrú do na Ballstáit gur gá oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun caiteachas éifeachtach a áirithiú agus chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí;

85.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún, i réimse na bainistíochta roinnte, tús a chur le hoibreoirí eacnamaíocha neamhiontaofa a eisiamh ó chistiú AE a fháil nuair nach ndéanann údaráis na mBallstát amhlaidh; á iarraidh ar na Ballstáit neamhrialtachtaí calaoiseacha in IMS a thuairisciú go pras agus an leas is fearr a bhaint as an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh;

86.  á áitiú go mbainfeadh na Ballstáit úsáid éifeachtach as an uirlis coiscthe calaoise dá ndéantar foráil le bunachar sonraí ARACHNE, trí shonraí tráthúla a thíolacadh agus trí leas a bhaint as na deiseanna atá ann a bhuí le olltiomsú sonraí chun úsáid chalaoiseach agus neamhrialta chistí AE a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh úsáid ARACHNE a dhéanamh éigeantach;

87.  á thabhairt chun suntais ról agus freagracht na mBallstát i ndáil le cur chun feidhme comhaontuithe comhair riaracháin a chur chun feidhme, i ndáil le héifeachtacht rialuithe, i ndáil le bailiú sonraí a fhorfheidhmiú, agus i ndáil le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chreata rialála de pháirt trádálaithe;

88.  á iarraidh ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh do chosaint chuí dlí d’iriseoirí iniúchacha a bheadh ar aon dul leis an gcosaint a thugtar do sceithirí;

Soláthar poiblí

89.  ag tabhairt dá haire go gcaitear méid suntasach den infheistíocht phoiblí tríd an soláthar poiblí (EUR 2 thrilliún in aghaidh na bliana); ag cur béim ar na tairbhí a ghabhann leis an r-sholáthar i ndáil le calaois a chomhrac, amhail coigilteas do na páirtithe uile, trédhearcacht mhéadaithe, agus próisis shimplithe agus ghiorraithe;

90.  á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil ach roinnt bheag Ballstát ag úsáid teicneolaíochtaí nua le haghaidh na gcéimeanna móra uile den phróiseas soláthair (r-fhógra, r-rochtain ar dhoiciméid tairisceana, r-aighneacht, r-mheastóireacht, r-dhámhachtain, r-ordú, r-shonrascú, r-íocaíocht); á iarraidh ar na Ballstáit na cineálacha uile den phróiseas soláthair phoiblí, mar aon le cláir chonarthaí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, a chur ar fáil ar líne i bhformáid mheaisín-inléite;

91.  á chur in iúl gur geal léi amchlár an Choimisiúin le haghaidh r-sholáthar a leathadh amach san Aontas agus á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ina leith;

Digitiú

92.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat a ullmhú do dhigitiú gach próisis cur chun feidhme de bheartais an Aontais (glaonna ar thograí, cur i bhfeidhm, meastóireacht, cur chun feidhme, íocaíocht) a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit uile;

93.  á iarraidh ar an gCoimisiún dreasachtaí a fhorbairt chun próifíl leictreonach d’údaráis chonarthacha a chruthú do na Ballstáit sin nach bhfuil próifílí den sórt sin ar fáil iontu;

94.  á chur in iúl gur geal léi gur chinn AE ar bhallraíocht a ghlacadh in GRECO ar deireadh mar breathnóir; á iarraidh ar an gCoimisiún an chaibidlíocht le GRECO a atosú a luaithe is féidir chun measúnú a dhéanamh, ar bhealach tráthúil, ar a mhéid a chomhlíonann sé Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC) agus sásra meastóireachta inmheánaí a chur ar bun d’institiúidí an Aontais;

Comhar idirnáisiúnta

95.  ag cur san áireamh gur tháinig an comhaontú idir AE agus an Iorua maidir le comhar riaracháin agus cúnamh aisghabhála i réimse CBL i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2018;

96.  á chur in iúl gur geal léi gur eagraíodh an seimineár bhliantúil (a reáchtáladh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin i Meitheamh 2018) d’údaráis chomhpháirtíochta i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha maidir le dea-chleachtais in imscrúduithe rathúla calaoise, mar aon leis an gceardlann a reáchtáladh san Úcráin in Iúil 2018 le rannpháirtíocht na seirbhísí ábhartha frithchalaoise go léir, faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin;

97.  ag moladh go láidir don Choimisiún, do OLAF agus do gach institiúid agus comhlacht eile de chuid an Aontais ar a bhfuil sé de chúram leasanna airgeadais an Aontais a chosaint dul i dteagmháil agus comhoibriú go gníomhach le húdaráis chomhpháirtíochta i dtíortha is iarrthóirí, i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha agus i dtíortha EaP, agus bearta a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chásanna calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí sonracha agus rialta a fhorbairt chun calaois a chosc agus a chomhrac go héifeachtach le cistí AE sna stáit sin;

98.  á chur in iúl gur geal léi gur shínigh OLAF dhá shocrú comhair riaracháin le Banc Forbartha na hAfraice agus le hOifig Ardchigire Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) faoi seach;

99.  á chur i bhfios cé na fadhbanna a bhaineann le forfheidhmiú tríú tír a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an Creat-Choinbhinsiúin maidir le Rialú Tobac (‘Prótacal FCTC’);

100.  ag tathant ar ghníomhaireachtaí AE, go háirithe Europol, Eurojust agus OLAF, comhoibriú níos dlúithe fós le húdaráis náisiúnta chun calaois a bhrath ar bhealach níos éifeachtaí;

101.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról tábhachtach ag sceithirí i ndáil le calaois a chosc, a bhrath agus a thuairisciú; á chur i bhfáth gur gá sceithirí a chosaint agus an iriseoireacht iniúchach a spreagadh trí mhodhanna dlíthiúla sna Ballstáit agus laistigh den Aontas; á chur in iúl gur geal léi Treoir nua AE maidir le Sceithireacht lena gcosnófar, ón Nollaig 2021 ar aghaidh, daoine aonair ón earnáil phríobháideach nó ón earnáil phoiblí a thuairiscíonn sáruithe; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus cúnamh a thabhairt dóibh, lena n-áiritheofar trasuí iomlán, ceart agus tráthúil na Treorach;

102.  den tuairim go bhfuil ról lárnach ag an iriseoireacht iniúchach i ndáil leis an leibhéal trédhearcachta is gá a chothú in AE agus sna Ballstáit, agus nach mór í a spreagadh agus tacú léi trí mhodhanna dlíthiúla sna Ballstáit agus laistigh den Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta cuimsitheacha a fhorbairt ar mhaithe leis an iriseoireacht iniúchach a chosaint, lena n-áirítear sásra mearfhreagartha d’iriseoirí atá i nguais agus reachtaíocht éifeachtach frith-SLAPP;

103.  á thabhairt chun suntais an ról lárnach atá ag an trédhearcacht i ndáil le calaois agus cásanna de choinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhrath go luath; á iarraidh ar na Ballstáit go léir dlús a chur lena n-iarrachtaí ar thrédhearcacht bhuiséadach a mhéadú, trína áirithiú go mbeidh fáil ag an bpobal i gcoitinne ar shonraí ábhartha a bhaineann le nósanna imeachta soláthair phoiblí agus ar leithdháileadh conarthaí a chistítear go poiblí agus go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal i gcoitinne orthu;

Rialacha trédhearcachta agus forálacha trasearnála

104.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an ‘Rialachán Omnibus’ agus go bhfuil sí ag dréim leis go laghdóidh sé go mór na rátaí calaoise le haghaidh na mbeartas talmhaíochta agus comhtháthaithe, agus fós rialacha airgeadais an Aontais a shimpliú;

105.  á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena malartú faisnéise maidir le cuideachtaí agus idirbhearta calaoiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann trí líonra Eurofisc; á chur i bhfios go bhfuil malartú faisnéise de pháirt údaráis bhreithiúnacha agus imscrúdaithe, agus rochtain údarás breithiúnach agus imscrúdaithe ar fhaisnéis, bunriachtanach chun an chalaois agus an choireacht eagraithe a chomhrac, agus fós cosaint sonraí pearsanta a urramú;

106.  á aithint a thábhachtaí atá Airteagal 61 den Rialachán Airgeadais agus a shainmhíniú leathnaithe ar choinbhleacht leasa le haghaidh na ngníomhaithe airgeadais go léir a bhfuil buiséad an Aontais á chur chun feidhme acu sna modhanna bainistíochta éagsúla, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta;

107.  á iarraidh ar an gCoimisiún, mar Chaomhnóir na gConarthaí, gach cineál coinbhleachta leasa a chomhrac agus meastóireacht a dhéanamh, ar bhonn rialta, ar na bearta coisctheacha arna nglacadh ag na Ballstáit chun iad a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte comhchoiteanna a mholadh ar mhaithe le coinbhleachtaí leasa polaiteoirí mór le rá a sheachaint;

108.  á chur i bhfios nach bhfuil dlíthe sonracha ag mórán Ballstát i gcoinne na coireachta eagraithe, agus go bhfuil an bhaint atá aici le gníomhaíochtaí trasteorann agus le hearnálacha a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais ag dul i méad i gcónaí;

109.  ag tathant ar an gComhairle caighdeáin chomhchoiteanna eiticiúla a ghlacadh maidir le gach saincheist a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus a éileamh go mbeadh comhthuiscint ar an tsaincheist sna Ballstáit uile; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, i bhfianaise na bhfadhbanna forleathana a bhaineann le coinbhleachtaí leasa i ndáileadh cistí talmhaíochta agus comhtháthaithe an Aontais, nach bhfuil sé inghlactha do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí ná do chomhaltaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ná do dhaoine dá dteaghlach, páirt a ghlacadh i gcinntí maidir leis an CAI a bheidh ann amach anseo nó maidir le leithdháiltí buiséid náisiúnta ar eagla go mbainfidís leas as na cinntí sin ar dhóigh ar bith;

110.  á mheabhrú á thábhachtaí atá tréimhsí marana d’oifigigh a bhí fostaithe ag institiúidí nó ag gníomhaireachtaí an Aontais roimhe seo ar an ábhar go bhféadfadh cásanna de choinbhleachtaí leasa nár tugadh aghaidh orthu forfheidhmiú ardchaighdeán eiticiúil ar fud an riaracháin Eorpaigh a chur i gcontúirt; á chur i bhfios go láidir gur féidir le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais, faoi Airteagal 16 den Rialachán Foirne, diúltú d’iarraidh ó iaroifigeach ar phost sonrach a ghlacadh mura leor na srianta chun leasanna dlisteanacha na n-institiúidí a chosaint; á iarraidh freisin ar riarachán an Aontais a mheasúnú ar gach cás a fhoilsiú go docht mar a cheanglaítear faoin Rialachán Foirne;

111.  ag athdhearbhú a seasaimh go bhfuil gá le bunús dlí soiléir lena gcuirfear ar chumas OLAF rochtain a fháil ar fhaisnéis cuntas bainc trí chúnamh ó údaráis inniúla náisiúnta agus lena gcuirfear ar a chumas déileáil le calaois CBL, arna chur in iúl maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013;

o
o   o

112.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), chuig Coiste Maoirseachta OLAF agus chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).

(1) OLAF, ‘An naoi déagú tuarascáil ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2018’, 2019.
(2) IO C 340, 8.10.2019, lch. 1.
(3) IO L 248, 18.9.2013, lch. 1.
(4) IO L 198, 28.7.2017, lch. 29.
(5) IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(6) IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.
(7) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(8) IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.
(9) IO C 252, 18.7.2018, lch. 56.
(10) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (An Mórsheomra) an 8 Meán Fómhair 2015 i gCás C-105/14, Imeachtaí coiriúla in aghaidh Ivo Taricco agus eile, ECLI:EU:C:2015:555.
(11) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (An Mórsheomra) an 5 Nollaig 2017 i gCás C-42/17, Imeachtaí coiriúla in aghaidh M.A.S. agus M.B., ECLI:EU:C:2017:936.
(12) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 3 Bealtaine 2018 i gCás T-48/16, Sigma Orionis SA v an Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2018:245.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0419.
(14) IO C 11, 13.1.2020, lch. 50.
(15) Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 6).
(16) IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.
(17) IO L 136, 31.5.1999, lch. 20.

An nuashonrú is déanaí: 9 Nollaig 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais