Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0030(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0124/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0124/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 09/07/2020 - 22
PV 10/07/2020 - 13

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0194

Téacsanna atá glactha
PDF 223kWORD 76k
Dé hAoine, 10 Iúil 2020 - Brussels
Treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát *
P9_TA(2020)0194A9-0124/2020

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát (COM(2020)0070 – C9-0079/2020 – 2020/0030(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0070),

–  ag féachaint d’Airteagal 148(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0079/2020),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0124/2020),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 1
(1)  Oibreoidh na Ballstáit agus an tAontas i dtreo straitéis chomhordaithe le haghaidh fostaíocht a fhorbairt, agus go háirithe chun lucht saothair sciliúil, oilte agus solúbtha a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair atá in ann a bheith freagrúil i leith athruithe eacnamaíocha, d’fhonn cuspóirí na lánfhostaíochta, an dul chun cinn shóisialta, an fháis chothroim agus ardleibhéil cosanta agus feabhais maidir le mianach an chomhshaoil a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn é cur chun cinn na fostaíochta agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht ina leith seo a chomhordú i dtionól na Comhairle, agus cleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí an lucht bainistíochta agus an lucht saothair á gcur san áireamh.
(1)  Tá na Ballstáit agus an tAontas le straitéis éifeachtach agus chomhordaithe le haghaidh fostaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus go háirithe le haghaidh lucht saothair sciliúil, oilte a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair atá dinimiciúil, atá dírithe ar an todhchaí agus atá in ann a bheith freagrúil i leith athruithe eacnamaíocha, d’fhonn cuspóirí na lánfhostaíochta, an dul chun cinn shóisialta, na cuimsitheachta, an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, agus an ardleibhéil cosanta agus feabhais do mhianach an chomhshaoil a bhaint amach. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn é cur chun cinn na fostaíochta ardcháilíochta atá bunaithe ar chomhionannas deiseanna agus ar cheartas sóisialta agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht ina leith seo a chomhordú i dtionól na Comhairle, agus fós cleachtais náisiúnta agus neamhspleáchas comhpháirtithe sóisialta a urramú. Mar gheall ar an staid reatha arbh í paindéim COVID-19 ba shiocair leis, ag a mbeidh tionchar tromchúiseach agus fadtéarmach ar mhargaí saothair an Aontais, ar an gceartas sóisialta agus ar dhálaí oibre, caithfear gníomhaíocht nach ndearnadh a leithéid riamh roimhe seo a dhéanamh chun tacú leis an bhfostaíocht, chun borradh a chur faoin ngeilleagar agus chun an creatlach tionsclaíoch a neartú. Caithfear gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun gnóthais agus oibrithe a chosaint ar chaillteanais fostaíochta agus ioncaim láithreacha, agus chun cuidiú le suaitheadh eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime a choinneáil faoi smacht agus chun caillteanais ollmhóra post agus cúlú mór a chosc.
Leasú 2
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 2
(2)  Déanfaidh an tAontas an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac agus an chosaint agus an ceartas sóisialta a chur chun cinn, chomh maith leis an gcomhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn. Na ceanglais atá nasctha le cur chun cinn ardleibhéil fostaíochta, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus le hardleibhéal oideachais agus oiliúna, déanfaidh an tAontas iad a chur san áireamh agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, mar a leagtar amach in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(2)  Chun a phrionsabail bhunaidh - an comhtháthú sóisialta agus an tsíocháin - a chomhlíonadh go hiomlán, níos mó fós fiú amháin tráth géarchéime doimhne a bhfuil dúshláin roimh na prionsabail sin lena linn, ba cheart don Aontas an comhrac i gcoinne na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta agus idirdhealaithe a bheith mar phríomhthosaíocht pholaitiúil aige agus ba cheart dó ceartas agus cosaint shóisialta a chur chun cinn, chomh maith le comhionannas idir mná agus fir, dlúthpháirtíocht idir na glúine, cuimsiú daoine faoi mhíchumas, agus cosaint chearta an linbh agus grúpaí eile atá go mór faoi mhíbhuntáiste. Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, cuirfidh an tAontas san áireamh ceanglais atá nasctha le cur chun cinn chosaint na sláinte poiblí, margaí saothair cuimsitheacha, ardcháilíochta agus na lánfhostaíochta, le seirbhísí poiblí ardcháilíochta atá inrochtana agus inacmhainne, tuarastail chuibhiúla, caighdeán maireachtála cuibhiúil agus cosaint shóisialta do chách a bheith ann, mar aon le hardleibhéal oideachais agus oiliúna i rith saol daoine mar a leagtar amach in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Leasú. 3
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 3
(3)  I gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), d’fhorbair an tAontas ionstraimí comhordaithe beartas um bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta, chomh maith lena gcur chun feidhme. Ina gcáil mar chuid de na hionstraimí sin, is iad na Treoirlínte reatha le haghaidh Bheartais Fostaíochta na mBallstát, in éineacht le Mór-Threoirlínte Bheartais Eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 (5), ón gComhairle, is bonn leis na Treoirlínte Comhtháite. Is leosan a dhéanfar cur chun feidhme beartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, agus léireofar an t-idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is é a bheidh sa taca beartas agus athchóirithe comhordaithe idir an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán beartas iomchuí inbhuanaithe foriomlán maidir le cúrsaí geilleagair agus fostaíochta, ar cheart dó éifeachtaí iarmharta dearfacha a bheith aige.
(3)  I gcomhréir le CFAE, rinne an tAontas ionstraimí comhordaithe beartas um bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ina gcáil mar chuid de na hionstraimí sin, is iad na Treoirlínte reatha le haghaidh Bheartais Fostaíochta na mBallstát, in éineacht le Mór-Threoirlínte Bheartais Eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 (5), ón gComhairle, is bonn leis na Treoirlínte Comhtháite. Ní mór dóibh tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (Colún), le Cairt Shóisialta na hEorpa arna hathbhreithniú, le Comhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus cur chun feidhme beartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, lena léireofar an t-idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is é a bheidh sa taca beartas agus athchóirithe comhordaithe idir an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán beartas iomchuí inbhuanaithe foriomlán maidir le cúrsaí geilleagair agus fostaíochta, ar cheart dó éifeachtaí iarmharta dearfacha a bheith aige, agus fós an meath ar an gcumhdach cómhargála a chur ina cheart arís.
__________________
__________________
5 Moladh (AE) 2015/1184 an 14 Iúil 2015 ón gComhairle maidir le mór-threoirlínte i leith beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (OI L 192, 18.7.2015, lch. 27).
5 Moladh (AE) 2015/1184 an 14 Iúil 2015 ón gComhairle maidir le mór-threoirlínte i leith beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (OI L 192, 18.7.2015, lch. 27).
Leasú 4
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 4
(4)  Tá na Treoirlínte le haghaidh na mBeartas Fostaíochta comhsheasmhach leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (6), Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú sa mhargadh saothair (7), Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-scilithe (8), Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (9), Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le Príomhinniúlachtaí agus Foghlaim ar feadh an tSaoil (10), Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardcháilíocht (11) agus Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le Rochtain ar Chosaint Shóisialta (12).
(4)  Tá na Treoirlínte le haghaidh na mBeartas Fostaíochta comhsheasmhach leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (6), Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú sa mhargadh saothair (7), Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-Scilithe: Deiseanna nua do Dhaoine Fásta (8), Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (9), Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le Príomhinniúlachtaí d’fhoghlaim ar feadh an tSaoil (10), Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardcháilíocht (11) agus Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (12). Tar éis an chinnidh ón gComhairle an 23 Márta 2020 chun an ‘Clásal Ginearálta Éalaithe’, mar a thugtar uirthi, a ghníomhachtú, is féidir leis na Ballstáit solúbthacht fhioscach a fheidhmiú chun poist agus dálaí oibre ardcháilíochta a chur chun cinn agus a chosaint agus chun seirbhísí poiblí sláinte agus sóisialta a mhaoiniú. Caithfidh fad chur i bhfeidhm an ‘chlásail ghinearálta éalaithe’ gné agus fad ghéarchéim COVID-19 a léiriú. Ar bhonn chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin, ba cheart scrúdú a dhéanamh i dtaobh cé na slite a d’fhéadfaí rialacha fioscacha an Aontais a fhorbairt.
__________________
__________________
6 IO C 120, 26.4.2013, lch. 1.
6 IO C 120, 26.4.2013, lch. 1.
7 IO C 67, 20.2.2016, lch. 1.
7 IO C 67, 20.2.2016, lch. 1.
8 IO C 484, 24.12.2016, lch. 1.
8 IO C 484, 24.12.2016, lch. 1.
9 IO C 153, 2.5.2018, lch. 1.
9 IO C 153, 2.5.2018, lch. 1.
10 IO C 189, 4.6.2018, lch. 1-13
10 IO C 189, 4.6.2018, lch. 1-13
11 IO C 189, 5.6.2019, lch. 4-14
11 IO C 189, 5.6.2019, lch. 4-14
12 IO C 387, 15.11.2019, lch. 1-8
12 IO C 387, 15.11.2019, lch. 1-8
Leasú 5
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 5
(5)  Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach ionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach um chomhordú agus um fhaireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Agus inbhuanaitheacht comhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht á saothrú aige, comhtháthaíonn an Seimeastar Eorpach prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear rannpháirtíocht láidir le comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe leasmhara eile. Tacaíonn sé leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach (13). Ba cheart beartais fostaíochta agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú na hEorpa chuig geilleagar digiteach, aeráidneodrach, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus iomaíochas a fheabhsú, nuálaíocht a chothú, ceartas sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn san am céanna, chomh maith le dul i ngleic leis an neamh-chomhionannas agus le héagothromaíochtaí réigiúnacha.
(5)  Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach ionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach um chomhordú agus um fhaireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta, shóisialta agus chomhshaoil. Caithfidh an Seimeastar Eorpach an inbhuanaitheacht, an cuimsiú sóisialta agus dea-bhail na ndaoine a chur i gcroílár cheapadh beartais eacnamaíoch an Aontais, trína n-áiritheofar go dtabharfar an tosaíocht chéanna do chuspóirí sóisialta, comhshaoil agus geilleagair. Agus inbhuanaitheacht comhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht á saothrú aige, ba cheart don Seimeastar Eorpach prionsabail an Cholúin a chomhtháthú tuilleadh, lena n-áirítear rannpháirtíocht níos láidre leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe leasmhara eile agus ba cheart dó tacú le seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (13), lena n-áirítear an comhionannas inscne. D’fhéadfadh an t-innéacs comhionannais inscne feidhmiú mar cheann d’uirlisí an tSeimeastair chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna fostaíochta agus sóisialta agus chun éifeachtaí inscne beartas fostaíochta agus sóisialta a thomhas. Ba cheart beartais fostaíochta agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát a bheith ag gabháil bonn ar bhonn le freagairt na hEorpa don ghéarchéim, agus ba cheart dóibh freisin, i bhfianaise éifeachtaí sách tromchúiseach na géarchéime seo ar earnálacha tionscail agus gnó áirithe Eorpacha, tacú leis an aistriú chuig geilleagar a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus digiteach, lena n-áiritheofar cóineasú sóisialta aníos agus fós iomaíochas a fheabhsú, tacú le FBManna, nuálaíocht a chothú, ceartas sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh san ógra, chomh maith le dul i ngleic le neamhionannais agus le héagothromaíochtaí réigiúnacha.
__________________
__________________
13 Rún ó na Náisiúin Aontaithe A/RES/70/1
13 Rún ó na Náisiúin Aontaithe A/RES/70/1
Leasú 6
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 6
(6)  Déanfaidh an t-athrú aeráide agus dúshláin chomhshaoil, an domhandú, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach geilleagair agus sochaithe na hEorpa a athrú ó bhonn. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar bhealach éifeachtach ar na cúinsí struchtúracha sin agus chun na córais atá i bhfeidhm cheana a oiriúnú mar is gá, agus aithint á tabhairt don dlúth-idirthuilleamaíocht idir geilleagair, margaí saothair agus beartais ghaolmhara na mBallstát. Éilíonn na cuspóirí sin gníomhaíocht beartais comhordaithe uaillmhianach éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, i gcomhréir le forálacha CFAE agus an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch. Ba cheart go gcuimseofaí sa ghníomhaíocht beartais seo borradh faoin infheistíocht inbhuanaithe, tiomantas athnuaite i leith athchóirithe struchtúracha atá leagtha amach go hiomchuí agus a chuireann feabhas ar an táirgiúlacht, ar an bhfás eacnamaíoch, ar an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, ar an gcóineasú aníos, ar an athléimneacht agus ar fheidhmiú na freagrachta fioscaí. Ba cheart di seachbhearta soláthair agus éilimh a chomhcheangail le chéile, agus an tionchar a bheidh acu ar chúrsaí comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh san am céanna.
(6)  Tá an t-athrú aeráide agus dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, an domhandú, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach ag athrú gheilleagair agus sochaithe na hEorpa ó bhonn. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit oibriú le chéile chun freagairt don staid gan fasach seo trí chearta sóisialta a leabú agus trí bheith ag obair i dtreo laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht agus neamhionannas agus córais atá ann cheana a oiriúnú chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht a neartú, agus aitheantas á thabhairt don dlúth-idirthuilleamaíocht idir geilleagair, margaí saothair agus beartais shóisialta agus chomhshaoil na mBallstát. Éilíonn na cuspóirí sin gníomhaíocht beartais comhordaithe uaillmhianach éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Ba cheart go gcuimseofaí sa ghníomhaíocht beartais sin borradh faoin infheistíocht shóisialta agus chomhshaoil, bearta éifeachtúla agus fadtéarmacha a bhfuil gá leo chun maolú a dhéanamh ar thionchar na géarchéime, agus cúnamh airgeadais do ghnólachtaí, d’eagraíochtaí neamhbhrabúis agus carthanacha, mar aon le teaghlaigh, go háirithe iad siúd atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta. Ba cheart di seachbhearta soláthair agus éilimh a chomhcheangail le chéile, agus aird chuí á tabhairt ar éileamh an mhargaidh saothair agus ar riachtanais soláthair, agus lena mbaineann úsáid teicneolaíochtaí nua, agus fós a dtionchar comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas ionstraimí fadtéarmacha a ghlacadh ina leith sin agus is díol sásaimh é obair an Choimisiúin ar bhuanscéim Eorpach athárachais dífhostaíochta.
Leasú 37
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 7
(7)  Shínigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dearbhú idirinstitiúideach le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (14 ). Leis an gColún sin leagtar amach fiche prionsabal agus ceart lena dtacófar le dea-fheidhmiú agus cothromas sna margaí saothair, a roinntear i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta sin, tugtar treoir don straitéis atá againn chun a chinntiú go mbeidh na haistrithe chuig an aeráidneodracht agus inbhuanaitheacht comhshaoil, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach cothrom agus cóir go sóisialta. Is é atá sa Cholún creat tagartha chun faireachán a dhéanamh ar fhostaíocht agus ar fheidhmíocht shóisialta na mBallstát, chun athchóirithe a spreagadh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun an ‘ghné sóisialta’ agus ‘gné an mhargaidh’ a thabhairt chun comhthuisceana le chéile i ngeilleagar nua-aimseartha na linne, lena n-áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn.
(7)  Shínigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Dearbhú Idirinstitiúideach ar an gColún (14 ). Leis an gColún sin, leagtar amach fiche prionsabal agus ceart lena dtacófar le dea-fheidhmiú agus cothromas sna margaí saothair, a roinntear i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta, tugtar treoir don straitéis atá againn agus ní mór gníomhú ina leith chun a chinntiú go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht, chuig an inbhuanaitheacht comhshaoil agus chuig an digitiú cothrom agus cóir go sóisialta agus go ndéanfar athruithe agus dúshláin dhéimeagrafacha a chur san áireamh. I bhfianaise gurb é atá sa Cholún agus ina phrionsabail ná creat tagartha chun faireachán a dhéanamh ar fhostaíocht agus ar fheidhmíocht shóisialta na mBallstát, is féidir na Treoirlínte Fostaíochta a bheith ina n-uirlis thábhachtach do na Ballstáit i ndáil le beartais agus bearta a fhorbairt le haghaidh sochaí agus geilleagar atá níos athléimní agus níos cuimsithí a bhaint amach, agus fós cearta saothair a chur chun cinn agus cuspóir an chóineasaithe aníos á shaothrú, chun an múnla Sóisialta Eorpach a fhorbairt tuilleadh.
__________________
__________________
14 IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
14 IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
Leasú 8
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 8
(8)  Athchóirithe ar an margadh saothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta socraithe pá, ba cheart go leanfaidís cleachtais náisiúnta an idirphlé shóisialta agus an deis is gá a thabhairt chun breithniú fairsing a dhéanamh ar shaincheisteanna socheacnamaíocha, lena n-áirítear feabhsuithe ar an inbhuanaitheacht, ar an iomaíochas, ar an nuálaíocht, ar chruthú post, ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar bheartais oiliúna, ar dhálaí oibre, ar oideachas agus scileanna, ar an tsláinte phoiblí, ar an gcuimsiú agus ar ioncaim iarbhír.
(8)  Agus urraim chuí á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta mar a shainítear in CFAE, ba cheart go ndéanfadh athchóirithe ar an margadh saothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta socraithe pá, téarnamh tapa a chur chun cinn agus an deis is gá a thabhairt chun breithniú fairsing a dhéanamh ar shaincheisteanna socheacnamaíocha, lena n-áirítear lena n-áirítear feabhsuithe ar an inbhuanaitheacht, ar an iomaíochas, ar an bhfás, ar an nuálaíocht, ar chruthú fostaíochta cuibhiúla, ar chuimsiú daoine faoi mhíchumas nó grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar bheartais oiliúna, ar dhálaí oibre, ar oideachas agus scileanna, ar an tsláinte phoiblí, ar an gcuimsiú agus ar ioncaim iarbhír. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na comhpháirtithe sóisialta a urramú agus a neartú agus cumhdach cómhargála a leathnú, agus bearta a dhéanamh chun dlús eagraíochtaí ceardchumann agus fostóirí a chur chun cinn chun téarnamh atá daonlathach, atá cuimsitheach agus atá cóir ar bhonn sóisialta a áirithiú.
Leasú 9
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 9
(9)  Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas a áirithiú go mbeidh na claochluithe cothrom agus cóir go sóisialta, agus an iarracht a threisiú i dtreo sochaí chuimsitheach athléimneach ina dtabharfar cosaint do dhaoine, ina dtabharfar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a láimhseáil agus inar féidir leo a bheith rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí agus sa gheilleagar ar bhealach gníomhach. Ba cheart dul i ngleic leis an idirdhealú de gach cineál. Ba cheart rochtain agus deiseanna do chách a áirithiú agus an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta (lena n-áirítear eisiamh sóisialta i measc leanaí) a laghdú, go háirithe trí dhea-fheidhmiú na margaí saothair agus dea-fheidhmiú córas cosanta sóisialta a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar oideachas, ar oiliúint agus ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh san oideas agus cúram luath-óige. Tá rochtain thráthúil agus chothrom ar sheirbhísí cúraim sláinte inacmhainne, lena n-áirítear an galarchosc agus cur chun cinn na sláinte, ábhartha go háirithe i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois. Ba cheart an acmhainneacht atá ag daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus leis an bhforbairt shóisialta a chothú a thuilleadh. Fad is a théann samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó i réim, tá caidrimh fostaíochta ag athrú freisin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann caidrimh fostaíochta a eascraíonn ó chineálacha nua oibre múnla sóisialta na hEorpa a choinneáil ar siúl agus a neartú.
(9)  Go háirithe, tráth atá, ar an leibhéal eacnamaíoch agus ar an leibhéal sóisialta, athruithe ollmhóra ina ndúshlán roimh an Aontas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na hathruithe sin cothrom, agus cóir go sóisialta, agus an iarracht a threisiú i dtreo sochaí níos cuimsithí agus níos athléimní ina dtabharfar cosaint do dhaoine agus ina dtabharfar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a láimhseáil, agus inar féidir leo a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus sa gheilleagar. Ba cheart idirdhealú de gach cineál a dhíothú. Ba cheart go mbeadh gach duine in ann rannchuidiú go hiomlán sa tsochaí. Ba cheart comhdheiseanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht, an t-idirdhealú agus an t-eisiamh sóisialta (lena n-áirítear an t-eisiamh sóisialta i measc leanaí, daoine faoi mhíchumais agus grúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste) a dhíothú. Chuige sin, ba cheart don Aontas bearta amhail an Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí a chur chun feidhme. Ba cheart an acmhainneacht atá ag daoine faoi mhíchumas rannchuidiú leis an bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch a réadú go hiomlán. Fad is a théann samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó i réim, tá caidrimh fostaíochta ag athrú freisin. Mar a léiríonn géarchéim COVID-19, tá go leor oibrithe ar bheagán oiliúna bunriachtanach d’fheidhmiú bunúsach an gheilleagair. Rómhinic, bíonn siad ar phá íseal agus bíonn siad ag obair faoi dhálaí neamhbhuana. Ba cheart do na Ballstáit múnla sóisialta na hEorpa a neartú tuilleadh trína áirithiú go mbeidh na cearta céanna, dálaí oibre cuibhiúla, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus pá cuibhiúil ag gach oibrí. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit dul i ngleic le gach cineál oibre forbhásaí agus féinfhostaíochta bréagaí, agus a áirithiú go mbeidh an caidreamh fostaíochta a eascraíonn as cineálacha nua oibre i gcomhréir le múnla sóisialta na hEorpa.
Leasú 10
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 10
(10)  Ba cheart do na Treoirlínte Comhtháite a bheith mar bhonn do mholtaí tírshonracha a bhféadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus as cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir agus Ciste InvestEU, chun fostaíocht, infheistíochtaí sóisialta, an cuimsiú sóisialta agus an inrochtaineacht a chothú, agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe an lucht saothair a chur chun cinn, lena n-áirítear scileanna digiteacha agus an litearthacht dhigiteach. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.
(10)  Ba cheart do na Treoirlínte Comhtháite a bheith mar bhonn do mholtaí tírshonracha a bhféadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus as cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir agus Ciste InvestEU, chun fostaíocht ardcháilíochta agus infheistíochtaí sóisialta a chothú, chomh maith leis an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, chun an inrochtaineacht a chothú, tacú leis a aistriú chuig geilleagar glas, digiteach agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe an lucht saothair, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oideachas ardcháilíochta agus oiliúint do chách a chur chun cinn, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha. Ba cheart go mbeadh ról láidir ag úsáid na gcistí sin freisin san infheistíocht threisithe ar sheirbhísí poiblí, go háirithe i réimsí an oideachais, na sláinte agus na tithíochta. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas agus ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar agus i gcomhar gníomhach, ina gcur chun feidhme agus san fhaireachán agus sa mheastóireacht orthu, le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.
Leasú 11
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 2 – mír 1 a (nua)
Déanfar athbhreithniú ar na treoirlínte a leagtar amach san Iarscríbhinn tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis a nglactha chun géarchéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus fostaíochta a chur san áireamh, agus chun freagairt níos fearr do ghéarchéimeanna comhchosúla a bheidh ann amach anseo. Chun an chinnteoireacht dhaonlathach a neartú, beidh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach sna Treoirlínte Comhtháite le haghaidh Fáis agus Post a shainiú ar comhchéim leis an gComhairle.
Leasú 12
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 1
Ba cheart do na Ballstáit geilleagar sóisialta margaidh inbhuanaithe a chur chun cinn ar bhealach gníomhach agus an infheistíocht i gcruthú post ardcháilíochta a éascú agus tacú léi. Chuige sin, ba cheart dóibh na bacainní a bhíonn ar ghnólachtaí agus iad ag earcú daoine a laghdú, fiontraíocht fhreagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a chothú agus, go háirithe, tacú le cruthú agus fás micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide, lena n-áirítear trí rochtain ar mhaoiniú. Ba cheart do na Ballstáit forbairt an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn ar bhealach gníomhach, an nuálaíocht shóisialta agus fiontair shóisialta a chothú, agus na cineálacha nuálacha oibre sin a spreagadh, rud a chruthódh deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán agus a dhéanfadh sochair shóisialta a ghiniúint ar an leibhéal áitiúil.
Ba cheart do na Ballstáit lánfhostaíocht ardcháilíochta atá bunaithe ar gheilleagar láidir. Agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag an Stát i gcruthú post, ba cheart do na Ballstáit a bheith i gceannas ar fheachtas mór infheistíochta agus ar bheartais chliste agus uailmhianacha chun poist a chruthú. Ba cheart do na Ballstáit a mbeartais fostaíochta a oiriúnú agus, ar leibhéal an Aontais, cur chun feidhme dea-chleachtas a chomhordú i ndáil le bearta sealadacha lena ndéantar gach oibrí agus gach margadh saothair a chosaint. Ba cheart fóirdheontais phá a áireamh leis na bearta sin; tacaíocht ioncaim agus scéimeanna um shochar dífhostaíochta a fhadú; saoire bhreoiteachta íoctha agus saoire cúramóirí agus socruithe teilea-oibre cianda a fhadú. Ba cheart do na Ballstáit tacú le claochlú fiontar Eorpach ionsar neamhthuilleamaíocht a áirithiú, go háirithe i dtaca le trealamh cosanta agus feistí leighis. Ba cheart do na Ballstáit dlús a chur lena dtacaíocht do ghnólachtaí atá ag streachailt mar thoradh ar an ngéarchéim ar choinníoll go gcoinneodh na gnólachtaí sin a bhfoireann ar fad. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin i dtaobh dífhostú a chur ar fionraí le linn thréimhse na géarchéime. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i bpleanáil agus cur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart na bearta sin a choinneáil ar siúl le himeacht ama go dtí go mbeidh téarnamh eacnamaíoch iomlán bainte amach, agus ba cheart iad a chéimniú amach ina dhiaidh sin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chearta agus poist oibrithe soghluaiste agus imeallchríche atá buailte go dona ag dúnadh teorann a ráthú. Ba cheart do na Ballstáit fiontraíocht fhreagrach, lena n-áirítear i measc ban agus daoine óga, agus fíor-fhéinfhostaíocht a chothú agus, go háirithe, tacú le cruthú agus fás micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide, lena n-áirítear trí rochtain ar mhaoiniú. Ba cheart do na Ballstáit forbairt an gheilleagair chiorclaigh agus shóisialta a chur chun cinn ar bhealach gníomhach, an nuálaíocht shóisialta agus fiontair shóisialta a chothú agus a n-inbhuanaitheacht a neartú, agus na cineálacha oibre sin lena gcruthaítear deiseanna fostaíochta ardcháilíochta agus lena ndéantar sochair shóisialta a ghiniúint ar an leibhéal áitiúil a spreagadh, go háirithe in earnálacha straitéiseacha lena ngabhann acmhainneacht láidir chun fáis, amhail an earnáil dhigiteach agus earnáil an chomhaontaithe ghlais. I dtaca leis sin, ba cheart beartais lena dtacaítear le cruthú fostaíochta a chur chun feidhme freisin, go háirithe i seirbhísí poiblí nó príobháideacha chun leasa cách, go háirithe cúram leanaí, cúram sláinte agus tithíocht.
Leasú 13
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 2
Ba cheart an t-ualach cánach a aistriú ón saothar go dtí foinsí cánacha eile lena dtugtar níos mó tacaíochta don fhostaíocht agus don fhás cuimsitheach agus, ag an am céanna, a ailíniú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus éifeacht athdháilte an cháinchórais á cur san áireamh, agus fós ioncam le haghaidh cosaint shóisialta leormhaith agus caiteachas spreagtha fáis a chosaint.
Ba cheart cánachas a aistriú ón saothar i dtreo foinsí eile ina ndéanfaidh sé níos lú dochair don fhás cuimsitheach agus ag an am céanna ailíniú iomlán le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil a áirithiú, mar a shainítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip, rud a mhéadóidh tionchar athdháilte an chórais chánach, agus fós ioncam le haghaidh cosaint shóisialta leormhaith agus le haghaidh infheistíocht phoiblí a chosaint.
Leasú 14
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 3
Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil sásraí náisiúnta maidir le socrú an phá íosta reachtúil i bhfeidhm acu rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta a áirithiú ar bhealach trédhearcach intuartha, lena gcuirfí freagrúlacht leormhaith an phá i leith forbairtí táirgiúlachta san áireamh agus lena bhforálfaí maidir le pá cothrom le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ar ioncam íseal agus ar mheánioncam ar mhaithe leis an gcóineasú aníos. Ba cheart do na sásraí sin an fheidhmíocht eacnamaíoch sna réigiúin agus sna hearnála éagsúla a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn ar mhaithe le socrú pá. Agus urraim á tabhairt do chleachtais náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit agus do chomhpháirtithe sóisialta a áirithiú go bhfuil gach oibrí i dteideal pá leormhaith agus cothrom a bhuí le comhaontuithe comhchoiteanna nó le pá íosta reachtúil leormhaith, agus an tionchar atá acu ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh.
Maidir le beartais chun a áirithiú gur féidir caighdeán maireachtála cuibhiúil a bheith ann mar gheall ar phá cothrom, tá siad tábhachtach fós chun fostaíocht a chruthú agus chun an bhochtaineacht san Aontas a laghdú, dála mar atá na beartais sin chun comhoiriúnacht na hoibre ar íocaíocht agus na teidlíochta do liúntais an Stáit a bhíonn mar chúiteamh as na bacainní atá roimh na grúpaí is imeallaithe a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil sásraí náisiúnta maidir le socrú an phá íosta reachtúil i bhfeidhm acu rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta sa nós imeachta gaolmhar maidir le pá a shocrú a áirithiú ar bhealach trédhearcach agus intuartha. Agus íosphá á fhorbairt, ba cheart go gcuirfí san áireamh forbairtí táirgiúlachta chun dul i ngleic le héiginnteacht fostaíochta agus bochtaineacht lucht oibre, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ísealioncaim agus meánioncaim d’fhonn cóineasú aníos a bhaint amach. Ba cheart táscairí bochtaineachta a bhaineann go sonrach le gach Ballstát agus feidhmíocht eacnamaíoch ar fud réigiún agus earnálacha a chur san áireamh leis na sásraí sin. Ba cheart do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta a neartú agus bearta a dhéanamh chun an cumhdach cómhargála a leathnú. Agus urraim á tabhairt do chleachtais náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, ba cheart do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta idirdhealú pá ar fhoras aoise nó inscne a dhíothú agus a áirithiú go bhfuil gach oibrí i dteideal pá leormhaith agus cothrom a bhuí le comhaontuithe comhchoiteanna nó le pá íosta reachtúil leormhaith, agus an tionchar dearfach atá acu ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh.
Leasú 15
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 3 a (nua)
Beidh na Ballstáit in ann cúnamh na hionstraime dlúthpháirtíochta um Thacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) a iarraidh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar cúnamh airgeadais ina leith sin a sholáthar ach do ghnóthais a dhéanann na comhaontuithe comhchoiteann is infheidhme a urramú; Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go staonfaidh gnóthais is faighteoirí ó aischeannach scaireanna a dhéanamh nó ó dhíbhinní a íoc le scairshealbhóirí agus bónais a íoc le feidhmeannaigh, agus nach mbeidh na gnóthais sin cláraithe i dtearmainn chánach.
Leasú 16
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – pointe 6 – mír 1
I gcomhthéacs aistrithe teicneolaíochta agus comhshaoil, chomh maith le comhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh, ba cheart do na Ballstáit an inbhuanaitheacht, an táirgiúlacht, an infhostaitheacht agus an caipiteal daonna a chur chun cinn, mar aon le heolas ábhartha, scileanna agus inniúlachtaí a chothú le linn an tsaoil, ionas go mbeifí ag freagairt do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ba cheart do na Ballstáit freisin a gcórais oideachais agus oiliúna a oiriúnú agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun oideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán a sholáthar, lena n-áirítear an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint. Ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, fiontair agus páirtí leasmhara eile chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha sna córais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus ar an ábharthacht margaidh saothair atá acu, agus d’fhonn an t-aistriú comhshaoil a chumasú freisin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhúshláin ghairm na múinteoireachta. Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna príomhinniúlachtaí a thabhairt do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear scileanna bunúsacha agus digiteacha chomh maith le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha chun bunchloch a leagan síos a chuideoidh leo a bheith inoiriúnaithe níos faide anonn sa saol. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le haistriú teidlíochtaí oiliúna le linn athruithe gairme a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí chuntais foghlama aonair. Ba cheart dóibh a chur ar a chumas gach duine riachtanais an mhargaidh saothair a thuar agus dul in oiriúint níos fearr do na riachtanais sin, go háirithe trí athsciliú agus uas-sciliú leanúnach, d’fhonn tacú le haistrithe cothroma agus córa do chách, torthaí sóisialta a neartú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanas sa mhargadh saothair agus feabhas a chur ar athléimneacht fhoriomlán an gheilleagair in aghaidh turraingí.
I gcomhthéacs na n-aistrithe teicneolaíochta agus comhshaoil leanúnacha, an athraithe dhéimeagrafaigh agus na ndúshlán reatha, ba cheart do na Ballstáit cearta sóisialta, an inbhuanaitheacht, an táirgiúlacht, an infhostaitheacht agus an cumas daonna a chur chun cinn, mar aon le heolas ábhartha, scileanna agus inniúlachtaí a chothú le linn saol daoine, ionas go mbeifí ag freagairt don ghéarchéim dífhostaíochta atá ann faoi láthair agus ag tabhairt aghaidh ar riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ba cheart riachtanais na mBallstát maidir lena lucht saothair a athoiliúint agus a uas-sciliú chun freagairt don ghéarchéim a atreisiú trí infheistíocht a dhéanamh ina gcórais oideachais agus oiliúna phoiblí chun oideachas cuimsitheach ar ardcháilíocht a sholáthar, lena n-áirítear an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus foghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ar feadh an tsaoil. Ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, fiontair, eagraíochtaí neamhrialtasacha sóisialta agus páirtí leasmhara ábhartha eile chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha agus nua i gcórais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus ar an ábharthacht margaidh saothair atá acu. Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-earnálacha sin ina bhfuil ganntanas géar scileanna, d’fhonn an t-aistriú comhuaineach comhshaoil a chumasú freisin mar aon le hathruithe teicneolaíochta agus digiteacha atá dírithe ar réitigh atá bunaithe ar an intleacht shaorga. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhúshláin ghairm na múinteoireachta. Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna príomhinniúlachtaí a thabhairt do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear scileanna bunúsacha agus digiteacha chomh maith le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha chun bunchloch a leagan síos a chuideoidh leo a bheith inoiriúnaithe níos faide anonn sa saol agus ba cheart dóibh na múinteoirí a ullmhú leis na hinniúlachtaí sin a sholáthar dá bhfoghlaimeoirí. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le haistriú teidlíochtaí oiliúna le linn athruithe gairme a áirithiú, lena n-áirítear trí chuntais foghlama aonair. Ba cheart dóibh a ráthú ag an am céanna nach gcuirfidh an cur chuige sin nádúr daonnachais an oideachais ná mianta daoine aonair i mbaol. Tá sé bunriachtanach go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíocht luath chun an éifeacht dhiúltach ar dhaoine aonair agus ar shochaithe mar gheall ar a bheith lasmuigh de mhargadh an tsaothair a sheachaint, go háirithe trí athoiliúint agus uasoiliúint leanúnach, le cumhdach agus leibhéal leordhóthanach sochar dífhostaíochta, torthaí sóisialta a neartú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanas sa mhargadh saothair agus feabhas a chur ar athléimneacht fhoriomlán an gheilleagair in aghaidh turraingí.
Leasú 17
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 2
Ba cheart do na Ballstáit comhionannas deiseanna do chách a chothú trí aghaidh a thabhairt ar an neamh-chomhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear trí rochtain ar oideachas luath-óige ar ardchaighdeán a sholáthar. Ba cheart dóibh leibhéil ghinearálta oideachais a ardú, líon na ndaoine óga a fhágann an scoil go luath a laghdú, rochtain ar an oideachas treasach a mhéadú; chomh maith leis an ráta críochnúcháin a bhaineann leis; agus rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim leanúnach a mhéadú, go háirithe i measc foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus daoine ar bheagán cáilíochtaí. Agus ceanglais nua i sochaithe digiteacha, sochaithe glasa agus sochaithe atá ag dul in aois á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit an fhoghlaim obairbhunaithe ina gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) a neartú, lena n-áirítear le printíseachtaí éifeachtacha ar ardchaighdeán, agus líon na gcéimithe san Eolaíocht, sa Teicneolaíocht, san Innealtóireacht agus sa Mhatamaitic (STEM) a mhéadú sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint meánleibhéil agus san oideachas treasach araon. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar an ábharthacht a bhaineann leis an oideachas treasach agus leis an taighde i leith an mhargaidh saothair, feabhas a chur ar thuar scileanna agus ar fhaireachán orthu, scileanna a dhéanamh níos sofheicthe agus cáilíochtaí a dhéanamh níos inchomparáide, lena n-áirítear cáilíochtaí a baineadh amach ar an gcoigríoch, agus níos mó deiseanna a chruthú le haghaidh scileanna agus inniúlachtaí a fuarthas lasmuigh den oiliúint agus oideachas foirmiúil a aithint agus a bhailíochtú. Ba cheart dóibh an ghairmoiliúint agus gairmoideachas solúbtha leanúnach atá ar fáil a uasghrádú agus an ráta iontrála a bhaineann leo a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit freisin tacú le daoine fásta ar bheagán oiliúna a n-infhostaitheacht fadtéarmach a choinneáil ar bun nó a fhorbairt trí bhorradh a chur faoi rochtain ar dheiseanna foghlama ar ardchaighdeán agus leis an méid daoine a théann ina mbun, trí chonairí uas-scilithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú scileanna, tairiscint oideachais agus oiliúna de réir deiseanna i leith an mhargaidh saothair, agus aitheantas a thabhairt do na scileanna a fuarthas agus iad a bhailíochtú.
Ba cheart do na Ballstáit comhionannas deiseanna do chách a chothú trí dheireadh a chur leis an neamh-chomhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear trí rochtain ar oideachas luath-óige cuimsitheach uilíoch agus ar ardchaighdeán a sholáthar. Ba cheart dóibh leibhéil ghinearálta oideachais a mhéadú, líon na ndaoine óga a fhágann an scoil a laghdú, rochtain ar an oideachas treasach a mhéadú; chomh maith leis an ráta críochnúcháin a bhaineann leis; agus rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim leanúnach a mhéadú, go háirithe i measc foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, ag a mbíonn an líon is lú cáilíochtaí go minic. Agus ceanglais nua i sochaithe digiteacha, sochaithe glasa agus sochaithe atá ag dul in aois á gcur san áireamh, mar aon leis na steiréitíopaí inscne atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit an fhoghlaim obairbhunaithe ina gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) a neartú, (lena n-áirítear le printíseachtaí éifeachtacha ar ardchaighdeán) agus, gan an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht leanúnach sna heolaíochtaí daonna a ghannmheas, líon na gcéimithe san Eolaíocht, sa Teicneolaíocht, san Innealtóireacht agus sa Mhatamaitic (ETIM) a mhéadú trí chur chuige atá cothrom ó thaobh inscne de sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint meánleibhéil agus san oideachas treasach araon. Thairis sin, i gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar an ábharthacht a bhaineann leis an oideachas treasach agus leis an taighde i leith an mhargaidh saothair, dé-oiliúint agus oiliúint chomhoibríoch a neartú, feabhas a chur ar thuar scileanna agus ar fhaireachán orthu, scileanna a dhéanamh níos sofheicthe agus cáilíochtaí a dhéanamh níos inchomparáide, lena n-áirítear cáilíochtaí a baineadh amach ar an gcoigríoch, agus níos mó deiseanna a mhéadú le haghaidh scileanna agus inniúlachtaí a fuarthas laistigh agus lasmuigh araon d’oiliúint agus d’oideachas foirmiúil a aithint agus a bhailíochtú go foirmiúil. Ba cheart dóibh an ghairmoiliúint agus gairmoideachas leanúnach atá ar fáil a uasghrádú, a dhéanamh níos solúbtha agus níos cuimsithí, agus an ráta iontrála a bhaineann leo a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit infheistiú i bpoist agus i scéimeanna cosanta sóisialta dóibh siúd nach bhfuil ábalta athsciliú, agus tacaíocht a thabhairt, trí sheirbhísí poiblí, do dhaoine fásta ar bheagán oiliúna trí chuidiú leo rochtain a fháil ar fhostaíocht chobhsaí agus ar ardchaighdeán chun a n-infhostaitheacht fadtéarmach a chothabháil nó a fhorbairt trí bhorradh a chur faoi rochtain ar dheiseanna foghlama ar ardchaighdeán trí chonairí uas-scilithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú scileanna, tairiscint oideachais agus oiliúna de réir deiseanna i leith an mhargaidh saothair. Ba chóir an ceart maidir le saoire oideachais íoctha chun críocha gairmiúla a spreagadh, i gcomhréir le coinbhinsiúin ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), ina gceadaítear d’oibrithe freastal ar chláir oiliúna le linn uaireanta oibre. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun rochtain uilíoch ar chianfhoghlaim agus ar chianoiliúint a chur chun cinn, ag cur riachtanais daoine faoi mhíchumas san áireamh go hiomlán.
Leasú 18
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 3
Ba cheart do na Ballstáit cúnamh éifeachtach tráthúil comhordaithe saincheaptha a sholáthar do dhaoine dífhostaithe agus neamhghníomhacha, bunaithe ar thacaíocht do chuardach poist, oiliúint, athcháiliú agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile. Ba cheart straitéisí cuimsitheacha lena n-áirítear measúnú aonair grinn ar dhífhostaíocht a shaothrú a luaithe is féidir d’fhonn laghdú mór a dhéanamh ar dhífhostaíocht fhadtéarmach struchtúrach agus í a chosc. Ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an ndífhostaíocht i measc na hóige agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, tríd an luathfhágáil scoile a chosc agus trí fheabhas struchtúrach a chur ar an aistriú ón scoil go dtí an obair, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme go hiomlán (15).
Ba cheart do na Ballstáit cúnamh éifeachtach tráthúil comhordaithe agus saincheaptha a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, bunaithe ar thacaíocht do chuardach poist, oiliúint, athcháiliú agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile, go háirithe i réimsí na sláinte agus na tithíochta. Ba cheart straitéisí cuimsitheacha lena n-áirítear measúnú aonair grinn ar dhaoine dífhostaithe a shaothrú a luaithe agus is féidir, d’fhonn laghdú suntasach a dhéanamh ar an mbaol go dtiocfaidh méadú ar dhífhostaíocht fhadtéarmach agus struchtúrach agus é a chosc, lena n-áirítear straitéisí dífhostaíochta a laghdú i measc daoine faoi mhíchumas agus grúpaí leochaileacha eile. Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, sásraí agus córais tacaíochta le haghaidh aistriú gairmiúil a bhunú nó a fheabhsú, le tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa. Ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt mar thosaíocht ar an dífhostaíocht i measc na hóige, ar dhálaí oibre forbhásacha i measc daoine óga agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), tríd an luathfhágáil scoile a chosc, rochtain ar oiliúint maidir le hearnálacha atá dírithe ar an todhchaí amhail na geilleagair ghlasa agus dhigiteacha laistigh d'fheabhas struchtúrach san aistriú ón scoil go dtí an obair agus rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta chun dul i ngleic leis an éiginnteacht mhéadaitheach do dhaoine óga. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist trí Rathaíocht don Aos Óg athnuaite agus éifeachtach atá in ann tairscintí oibre, oideachas nó oiliúint ardcháilíochta a sholáthar ina bhfuil na páirithe leasmhara ábhartha go léir páirteach ar bhealach fiúntach.
__________________
(15) IO C 120, 26.4.2013, lch. 1.
Leasú 19
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 4
Ba cheart a bheith mar aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le constaicí agus le dídhreasachtaí i leith rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus dreasachtaí a chur ar fáil ina leith, go háirithe don dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh ioncam íseal agus na daoine is faide ón margadh saothair. Ba cheart do na Ballstáit tacú le timpeallacht oibre oiriúnaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí bhíthin tacaíocht airgeadais agus seirbhísí spriocdhírithe a chuireann ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí.
Ba cheart a bheith mar aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le constaicí agus le dídhreasachtaí i leith rochtain a fháil ar an margadh saothair agus dreasachtaí a chur ar fáil ina leith, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, agus do na daoine is faide ón margadh saothair. Ba cheart do na Ballstáit tacú le timpeallacht oibre oiriúnaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí bhíthin tacaíocht airgeadais agus seirbhísí spriocdhírithe a chuireann ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí.
Leasú 20
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 5
Ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhionannas deiseanna agus dul chun cinn gairme a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar rannpháirtíocht sa cheannaireacht ag gach leibhéal den chinnteoireacht. Ba cheart dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní. Ba cheart pá comhionann as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach, chomh maith leis an trédhearcacht pá, a áirithiú. Ba cheart comhréiteach idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach idir mná agus fir araon a chur chun cinn, go háirithe le rochtain ar chúram fadtéarmach agus oideachas agus seirbhísí cúraim luathóige inacmhainne ar ardchaighdeán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag tuismitheoirí agus ag daoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu ar shaoire teaghlaigh iomchuí agus ar shocruithe solúbtha oibre chun cothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach a bhaint amach.
Ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhionannas deiseanna agus dul chun cinn gairme a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar rannpháirtíocht sa cheannaireacht ag gach leibhéal den chinnteoireacht. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an t-íoschéatadán mar a leagtar síos sa treoir atá beartaithe maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha a fhormheas agus a chur chun feidhme1a. Ba cheart deireadh a chur leis na bearnaí pá, pinsin agus fostaíochta idir na hinscní. Ba cheart tréimhsí saoire máithreachais agus tuismitheora a luacháil go leormhaith ó thaobh ranníocaíochtaí de agus ó thaobh teidlíochtaí pinsin de, chun a thábhachtaí atá sé oideachas a chur ar na glúine atá le teacht a léiriú, go háirithe i gcomhthéacs sochaí atá ag dul in aois. Ba cheart pá comhionann as obair chomhionann, nó as obair ar comhionann a luach, agus trédhearcacht pá, a áirithiú, lena n-áirítear trí innéacs cothromais pá a dhéanann comparáid idir fir agus mná a bhunú. Ba cheart comhréiteach idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach idir mná agus fir araon a chur chun cinn, go háirithe le rochtain ar chúram fadtéarmach agus oideachas luathóige agus oideachas ar feadh an tsaoil agus seirbhísí cúraim atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag tuismitheoirí agus ag daoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu ar shaoire teaghlaigh iomchuí agus ar shocruithe solúbtha oibre chun cothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach a bhaint amach, agus úsáid cothrom na dteidlíochtaí idir fir agus mná a chur chun cinn. Ba cheart dóibh dul i dtreo saoire mháithreachais agus atharthachta láníoctha.
________
1a COM(2012)0614.
Leasú 21
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 1
Chun tairbhe a bhaint as lucht saothair dinimiciúil táirgiúil, as patrúin nua oibre agus as samhlacha nua gnó, ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar dhálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha, agus an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí á hurramú. Ba cheart dóibh deighilt sna margaí saothair a laghdú agus a chosc, an obair neamhdhearbhaithe a chomhrac agus an t-aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú. Ba cheart go ndéanfadh rialacha um chosaint fostaíochta, dlí an tsaothair agus institiúidí uile timpeallacht oiriúnach le haghaidh earcaíochta a sholáthar, chomh maith leis an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun dul in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch, agus slándáil iomchuí agus timpeallachtaí oibre folláine sábháilte dea-oiriúnaithe a chaomhnú san am céanna, chun cearta saothair a chosaint agus chun an chosaint shóisialta a áirithiú. Ba cheart cosc a chur le caidrimh fostaíochta a mbíonn dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leo, lena n-áirítear i gcás na n-oibrithe ardáin agus trí mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla a chomhrac. Ba cheart rochtain ar réiteach éifeachtach neamhchlaonta ar dhíospóidí a áirithiú i gcásanna dífhostaithe éagóraigh, mar aon leis an gceart chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh iomchuí.
Chun tairbhe a bhaint as lucht saothair dinimiciúil agus táirgiúil, as patrúin nua oibre agus as samhlacha nua gnó, ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar dhálaí oibre córa, trédhearcacha agus intuartha, agus an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí á hurramú. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta nithiúla a ghlacadh chun an t-idirphlé sóisialta ar gach leibhéal agus an chómhargáil a chur chun cinn agus a neartú, lena n-áirítear Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. Ba cheart dóibh deighilt sna margaí saothair a laghdú agus a chosc, an obair neamhdhearbhaithe agus an féinfhostaíocht bhréagach a chomhrac agus an t-aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú. Ba cheart go ndéanfadh rialacha um chosaint fostaíochta, dlí an tsaothair agus institiúidí uile timpeallacht oiriúnach do chruthú fostaíochta cobhsaí ardcháilíochta a sholáthar, agus slándáil iomchuí agus timpeallachtaí oibre sláintiúla, sábháilte agus dea-oiriúnaithe d’oibrithe a chaomhnú, cearta saothair a áirithiú agus cosaint shóisialta chuibhiúil a áirithiú. Ba cheart dóibh, freisin, oibriú i dteannta ionadaithe ceardchumainn chun timpeallacht shláintiúil agus shábhailte a bhaint amach, agus aird ar leith a thabhairt ar thionóiscí agus galair san ionad oibre a chosc. Ba cheart cosc a chur ar chaidrimh fostaíochta ina mbíonn dálaí oibre forbhásacha agus iomaíocht tuarastail mar thoradh leo, lena n-áirítear i gcás na n-oibrithe ardáin. Níor cheart go mbeadh aon mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla ann. Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil i ndáiríre dálaí oibre córa, cearta sóisialta agus rochtain ar chosaint shóisialta leormhaith agus ionadaíocht feabhsaithe ag na hoibrithe sin go léir. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit Coinbhinsiún 1947 maidir le Cigireacht Saothair de EIS a chur chun feidhme go hiomlán agus ba cheart dóibh infheistíocht a dhéanamh i gcigireachtaí saothair éifeachtacha ag údaráis inniúla leorchumhachtaithe agus ba cheart dóibh, faoi chuimsiú an Údaráis Eorpaigh Saothair, a gcuid iarrachtaí ar chomhrac i gcoinne na mí-úsáide trasteorann a chomhordú agus a chomhoibriú. Ba cheart rochtain ar réiteach éifeachtach neamhchlaonta ar dhíospóidí a áirithiú i gcásanna dífhostaithe éagóraigh, mar aon leis an gceart chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as líonra Eorpach na seirbhísí poiblí fostaíochta agus as na gníomhaireachtaí Eorpacha chun dea-chleachtais fianaise-bhunaithe a sainaithint, foghlaim fhrithpháirteach a spreagadh agus tuilleadh comhordaithe ar bheartais fostaíochta a chur chun cinn.
____________
1a. Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críocha fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).
Leasú 22
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 2
Ba cheart é a bheith mar aidhm ag beartais feabhas a chur ar rannpháirtíocht, ar chomhoiriúnú agus ar aistrithe sa mhargadh saothair, agus tacú leo freisin. Ba cheart do na Ballstáit é a chur ar a gcumas do dhaoine ar féidir leo a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair é sin a dhéanamh, agus na daoine sin a spreagadh ar bhealach éifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit éifeacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a neartú tríd an spriocadh, an fhor-rochtain agus an raon atá acu a mhéadú agus tríd an méid sin a nascadh níos fearr le tacaíocht ioncaim le haghaidh daoine dífhostaithe, agus iad ag lorg oibre agus bunaithe ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le seirbhísí poiblí fostaíochta níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach trína áirithiú go dtugtar cúnamh saincheaptha go tráthúil chun tacú le cuardaitheoirí poist, trí thacú leis an éileamh sa mhargadh saothair agus trí bhainistíocht fheidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme.
Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag beartais tacú agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht, ar chomhoiriúnú agus ar aistrithe sa mhargadh saothair, go háirithe na haistrithe digiteacha agus éiceolaíocha, agus feabhas a chur ar an bhfostaíocht i gcríocha faoi mhíbhuntásite, freisin. Ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt go héifeachtach dóibh siúd ar féidir leo a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair, chun fostaíocht ardcháilíochta a aimsiú. Ba cheart do na Ballstáit éifeachtacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a neartú tríd an spriocadh, an fhor-rochtain agus an raon atá acu a mhéadú agus trí thacaíocht ioncaim cuibhiúla a áirithiú le haghaidh daoine dífhostaithe, fad agus a mbíonn obair á lorg acu. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le seirbhísí poiblí fostaíochta níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach, chomh maith d’oibrithe trasteorann, trína áirithiú go dtugtar cúnamh tráthúil agus saincheaptha chun tacú le cuardaitheoirí poist agus tacú leis an éileamh sa mhargadh saothair. Ba cheart fostaíocht chuibhiúil a bheith mar chuspóir ag seirbhísí den sórt sin.
Leasú 23
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 3
Ba cheart do na Ballstáit sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta ar feadh tréimhse réasúnta a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus lena rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Níor cheart go ndéanfadh na sochair sin filleadh pras ar an bhfostaíocht a dhídhreasú agus ba cheart beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bheith ag gabháil leo.
Ba cheart do na Ballstáit sochair leormhaith dhífhostaíochta ar feadh tréimhse leordhóthanach a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus na rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Ba cheart go mbeadh beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bheith ag gabháil leis sin mar aon le tacaíocht sásraí foghlama frithpháirtí idir na Ballstáit.
Leasú 24
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 4
Ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do shoghluaisteacht an lucht foghlama agus an lucht saothair d’fhonn infhostaitheacht agus scileanna a fheabhsú agus d’fhonn acmhainneacht iomlán mhargadh saothair na hEorpa a shaothrú; agus, san am céanna, dálaí cothroma a áirithiú freisin i leith daoine i mbun gníomhaíochta trasteorann chomh maith le dlús a chur le comhar riaracháin idir na húdaráis riaracháin náisiúnta maidir le hoibrithe taistil. Ba cheart deireadh a chur le bacainní ar an tsoghluaisteacht in earnáil an oideachais agus na hoiliúna, ar phinsin cheirde agus phearsanta agus ar aitheantas do cháilíochtaí, agus ba cheart aitheantas do cháilíochtaí a éascú. Ba cheart do na Ballstáit gníomhú lena áirithiú nach bacainn neamhriachtanach atá i ngnásanna riaracháin d’oibrithe ó Bhallstáit eile a ghabhann d’obair thuarastail, lena n-áirítear oibrithe trasteorann. Ba cheart do na Ballstáit freisin mí-úsáid na rialacha atá i bhfeidhm cheana a chosc, agus aghaidh a thabhairt ar ‘imirce daoine oilte’ ó réigiúin áirithe, lena n-áirítear le bearta iomchuí um fhorbairt réigiúnach.
Ba cheart do na Ballstáit tacú le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud na hEorpa mar bhealach le deiseanna nua poist a chruthú d’oibrithe. Ba cheart go dtacófaí ar bhealach leormhaith le soghluaisteacht foghlaimeoirí le linn a n-oiliúna, go háirithe trí chlár soghluaisteachta ERASMUS+ a neartú, trínar féidir le foghlaimeoirí a bhfios gnó agus a scileanna a mhéadú. Ba cheart oibrithe a spreagadh, freisin, chun infhostaitheacht agus scileanna a fheabhsú chun acmhainneacht iomlán mhargadh saothair na hEorpa a shaothrú. Agus cearta agus dálaí oibre cothroma á n-áirithiú dóibh siúd go léir atá ag saothrú gníomhaíocht trasteorann, ba cheart dlús a chur le hinaistritheacht ceart agus teidlíochtaí trí chomhar riaracháin idir na riaracháin náisiúnta maidir le oibrithe soghluaisteachta. Ba cheart deireadh a chur le bacainní ar an tsoghluaisteacht in earnáil an oideachais agus na hoiliúna, ar phinsin cheirde agus phearsanta agus ar aitheantas do cháilíochtaí, agus ba cheart aitheantas do cháilíochtaí a éascú. Ba cheart do na Ballstáit gníomhú lena áirithiú nach constaic neamhriachtanach atá i nósanna imeachta riaracháin d’oibrithe ó Bhallstáit eile a ghabhann d’obair thuarastail, lena n-áirítear oibrithe trasteorann agus teorann. Ba cheart do na Ballstáit gealltanas a thabhairt seirbhísí poiblí a dhigitiú chun soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a éascú, go háirithe maidir le córais slándála sóisialta a chomhordú; Beidh sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe teorann, a chur san áireamh agus bearta á gcur chun feidhme acu amhail dúnadh teorainneacha chun leathadh COVID-19 a mhaolú, mar shampla i dtaca le sláinte agus sábháilteacht, cánacha agus slándáil shóisialta agus comhordú. Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt d’oibrithe taistil agus d’oibrithe teorann leanúint de bheith ag trasnú teorainneacha, nuair a mheastar é a bheith sábháilte i gcomhréir le treoirlínte sláinte agus sábháilteachta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair. Ba cheart do na Ballstáit freisin mí-úsáid na rialacha atá i bhfeidhm cheana a chosc, agus aghaidh a thabhairt ar ‘imirce daoine oilte’ ó réigiúin áirithe, rud a dhéanann dochar d’fhorbairt agus do tharraingteacht na réigiún sin, lena n-áirítear le bearta iomchuí um fhorbairt réigiúnach. Ba cheart do na Ballstáit uirlisí ábhartha Eorpacha a chur chun cinn agus a úsáid, amhail líonra post EURES, agus comhpháirtíochtaí trasteorann a mhéadú chun cuidiú le hoibrithe taistil i réigiúin trasteorann.
Leasú 25
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 5
Agus forbairt á déanamh ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, agus chun idirphlé sóisialta níos éifeachtaí agus torthaí socheacnamaíocha níos fearr a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht thráthúil fhiúntach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú i ndearadh agus i gcur chun feidhme fostaíochta, athchóirithe agus beartas sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, athchóirithe eacnamaíocha agus beartas eacnamaíoch, lena n-áirítear trí thacú leis na comhpháirtithe sóisialta a n-inniúlacht a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chothú. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun dul i mbun caibidlíochta agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích maidir le saincheisteanna atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh á lánurramú.
Agus forbairt á déanamh ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, agus chun idirphlé sóisialta dian agus níos éifeachtaí, agus torthaí socheacnamaíocha níos fearr, a chur chun cinn agus a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht thráthúil agus fhiúntach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú i ndearadh agus i gcur chun feidhme fostaíochta, athchóirithe agus beartas sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, athchóirithe eacnamaíocha agus beartas eacnamaíoch, lena n-áirítear trí thacú leis na comhpháirtithe sóisialta a n-inniúlacht a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a neartú agus a chur chun cinn. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun dul i mbun caibidlíochta agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích maidir le saincheisteanna atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh á lánurramú.
Leasú 26
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 6
I gcás inarb ábhartha, agus forbairt á déanamh ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit an taithí atá ag eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta ar an bhfostaíocht agus ar shaincheisteanna sóisialta a chur san áireamh.
I gcás inarb ábhartha, agus forbairt á déanamh ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit an taithí atá ag eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta ar an bhfostaíocht agus ar shaincheisteanna sóisialta a chur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí a bhfuil bacainní ar obair ardcháilíochta le sárú acu.
Leasú 27
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 6 a (nua)
Tá ionad oibre sláintiúil agus sábháilte ríthábhachtach chun an baol go mbeifí ionfhabhtaithe agus go leathfaí víris agus galair eile a chomhrac. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go nglacfadh fostóirí freagracht chucu féin as sláinte agus sábháilteacht a n-oibrithe agus go soláthróidh siad faisnéis leormhaith dóibhsean agus dá n-ionadaithe, go ndéanfaidh siad measúnuithe riosca agus go nglacdaidh siad bearta coisctheacha. Áirítear leis sin líon na dtionóiscí marfacha ag an obair agus cásanna d’ailse cheirde a laghdú go nialas trí luachanna teorann nochta ceirde ceangailteacha a bhunú, agus rioscaí síceasóisialta ceirde agus galair cheirde a chur san áireamh. Chun feidhmiú margaí saothair a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i sábháilteacht agus sláinte cheirde, agus modhanna agus forálacha leormhaithe le haghaidh cigireachtaí saothair agus ionadaithe sláinte agus sábháilteachta ceardchumainn a áirithiú.
Leasú 38
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 6 b (nua)
Ba cheart do na Ballstáit oibriú le chéile chun cosaint shóisialta a sholáthar d’oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe atá ag obair i mBallstát eile. Ba cheart go mbeadh nuachóiriú córas cosanta sóisialta fabhrach do phriobsabail mhargadh saothair na hEorpa, agus foráil á déanamh leis do chosaint shóisialta inbhuanaithe atá uilíoch agus trasteorainn, aon bhearnaí sa chosaint á seachaint, agus, ar deireadh, lucht saothair táirgiúil á áirithiú.
Leasú 29
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 6 c (nua)
Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 ar an margadh saothair trí thacú le hoibrithe atá ar “dífhostaíocht theicniúil” go sealadach mar gur cuireadh iallach ar na fostóirí a seirbhísí a dhúnadh, mar aon le tacú le daoine féinfhostaithe agus gnólachtaí beaga foireann a choinneáil agus a ngníomhaíochtaí a chothabháil.
Leasú 30
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 1
Ba cheart do na Ballstáit margaí saothair cuimsitheacha, oscailte do chách, a chur chun cinn, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an t-idirdhealú de gach cineál a chomhrac agus chun comhionannas deiseanna le haghaidh grúpaí faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a chur chun cinn, agus an aird chuí á tabhairt ar na gnéithe réigiúnacha agus críochacha. Ba cheart dóibh cóir chothrom a áirithiú i dtaca leis an bhfostaíocht, an chosaint shóisialta, an cúram sláinte agus an cúram fadtéarmach, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, beag beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Ba cheart do na Ballstáit cearta sóisialta agus margaí saothair cuimsitheacha mar chuid de straitéis chomhtháite maidir le cuimsiú gníomhach atá oscailte do chách, a chur chun cinn, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an t-idirdhealú de gach cineál a chomhrac agus chun comhionannas deiseanna le haghaidh na ngrúpaí faoi ghannionadaíocht agus na ngrúpaí nua faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a chur chun cinn, agus an aird chuí á tabhairt ar an ngné réigiúnach agus chríochach. Ba cheart dóibh luach saothair comhionann agus cearta comhionanna d’obair chomhionann ag an áit chéanna mar aon le cóir chomhionann a áirithiú maidir leis an bhfostaíocht, leis an gcosaint shóisialta, leis an gcúram sláinte agus an cúram fadtéarmach, leis an tithíocht, leis an oideachas agus le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, náisiúntacht, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Leasú 31
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 2
Ba cheart do na Ballstáit córais cosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint shóisialta atá leordhóthanach, éifeachtach, éifeachtúil, inbhuanaithe a sholáthar i gcaitheamh gach trátha de shaol an duine, an cuimsiú sóisialta agus an tsoghluaisteacht shóisialta aníos a chothú, rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a dhreasú agus aghaidh a thabhairt ar an neamh-chomhionannas, lena n-áirítear leis an gcaoi a ndeartar a gcáinchórais agus a gcórais sochair. Agus cineálacha uilíocha cur chuige á gcomhlánú le cineálacha roghnaíocha, déanfar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú. Ba cheart rochtain, cáilíocht, leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht níos fearr a bheith mar thoradh ar nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta.
Ba cheart do na Ballstáit córais cosanta sóisialta a nuachóiriú agus infheistiú iontu chun cosaint shóisialta atá leormhaith, éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe a sholáthar do chách i gcaitheamh gach trátha de shaol an duine, agus, uime sin, an bhochtaineacht a chomhrac agus an cuimsiú sóisialta agus an cóineasú sóisialta aníos a chothú, tacú le rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus le rochtain ar phoist ardcháilíochta agus aghaidh a thabhairt ar an neamh-chomhionannas, lena n-áirítear le dearadh forchéimnitheach a gcáinchórais agus a gcórais sochair. Má dhéantar cur chuige uilíoch a chomhlánú le cur chuige roghnaitheach breise, cuirfear feabhas ar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta, ina mbeidh rochtain, cáilíocht, leormhaitheas agus inbhuanaitheacht ar bhealach níos fearr mar thoradh air sin.
Leasú 32
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 3
Ba cheart do na Ballstáit trí ghné an chuimsithe ghníomhaigh a fhorbairt agus a chomhtháthú: tacaíocht leordhóthanach ioncaim, margaí saothair cuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin ar ardchaighdeán, chun freastal ar riachtanais an duine aonair. Ba cheart do chórais cosanta sóisialta sochair leordhóthanacha ioncaim íosta a áirithiú le haghaidh gach duine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige féin agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí dhaoine a spreagadh le bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena n-áirítear trí bhíthin seirbhísí sóisialta spriocdhírithe.
Ba cheart do na Ballstáit trí ghné an chuimsithe ghníomhaigh a fhorbairt agus a chomhtháthú: tacaíocht leormhaith ioncaim, margaí saothair cuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta , chun freastal ar riachtanais an duine aonair. Ba cheart do chórais cosanta sóisialta sochair leordhóthanacha ioncaim íosta a áirithiú le haghaidh gach duine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige féin agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí thacú le daoine le bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena n-áirítear trí bhíthin seirbhísí sóisialta spriocdhírithe.
Leasú 33
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 4
Seirbhísí inacmhainne, inrochtana agus ardcháilíochta a bheith ar fáil, amhail an t-oideachas agus an cúram luath-óige, an cúram iarscoile, an t-oideachas, an oiliúint, tithíocht, an cúram sláinte agus an cúram fadtéarmach, is coinníoll riachtanach é sin chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, lena n-áirítear bochtaineacht lucht oibre agus bochtaineacht leanaí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag cách, lena n-áirítear leanaí, ar sheirbhísí fíor-riachtanacha. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta a áirithiú do dhaoine atá i ngátar nó atá i staid leochaileach. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear an inrochtaineacht, a áirithiú i ndáil leis na seirbhísí sin. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídeana go sonrach.
Agus leibhéil scanrúla leanúnacha na bochtaineachta , ar mó i bhfad iad ná sprioc na bochtaineachta a bunaíodh in 2010 sa straitéis Eoraip 2020, agus tionchar ghéarchéim COVID-19, á gcur san áireamh, tá le níos mó iarrachtaí chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, le fócas speisialta agus straitéisí cothrománacha maidir le hoibrithe atá bocht, leanaí, daoine scothaosta, tuismitheoirí aonair agus go háirithe máithreacha aonair, mionlaigh eitneacha, imircigh, daoine faoi mhíchumas agus daoine gan dídean. Ag an am céanna, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag géarchéim COVID-19 ar ghrúpaí eile, amhail daoine a dhéanann obair fhorbhásach nó daoine atá dífhostaithe le déanaí. Maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i leanaí, ba cheart do na Ballstáit Ráthaíocht i dtaobh Leanaí a ghlacadh chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí agus dea-bhail leanaí a chur chun cinn, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le rochtain chothrom leanaí ar chúram sláinte saor in aisce, ar oideachas saor in aisce, ar chúram leanaí saor in aisce, ar thithíocht chuibhiúil agus ar chothú leormhaith; Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag cách ar sheirbhísí ardcháilíochta. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar thithíocht shóisialta leormhaith nó ar chúnamh tithíochta a áirithiú dóibh siúd atá i ngátar nó atá i staid leochaileach, infheistíocht a dhéanamh i stoc tithíochta inrochtana do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, bearta a ghlacadh chun aistriú cóir a áirithiú maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na tithíochta atá ann cheana a fheabhsú agus chun dul i ngleic le fadhb na bochtaineachta fuinnimh i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, mar aon le seirbhísí leormhaithe do dhaoine gan dídean. Ba cheart do na Ballstáit dul i ngleic le fadhb na ndíshealbhuithe, atá ag méadú. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear an inrochtaineacht, a chur san áireamh i ndáil leis na seirbhísí sin. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go cinntitheach, agus an cur chuige “An Tithíocht ar dTús” ina bhonn leis sin.
Leasú 34
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 5
Ba cheart do na Ballstáit rochtain thráthúil ar chúram sláinte coisctheach íceach inacmhainne agus ar chúram fadtéarmach ar ardcháilíochta a áirithiú, agus an inbhuanaitheacht a chosaint san fhadtéarma ag an am céanna.
Léiríonn géarchéim COVID-19 an gá atá le níos mó infheistíochta poiblí chun leibhéil leordhóthanacha foirne dea-oilte agus rochtain ar chúram sláinte a áirithiú do chách, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an rochtain uilíoch ar chúram sláinte coisctheach íceach inacmhainne poiblí agus ar chúram fadtéarmach inbhuanaithe ar ardcháilíochta a ráthú.
Leasú 35
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 5 a (nua)
Ní mór do na Ballstáit sláinte daoine scothaosta a chosaint, agus cóireáil ospidéil agus cúram sláinte riachtanach a sholáthar dóibh agus aon idirdhealú bunaithe ar aois a sheachaint.
Leasú 36
Togra le haghaidh cinnidh
Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 6
I gcomhthéacs an mhéadaithe ar fhad saoil agus ar an athrú déimeagrafach, ba cheart do na Ballstáit leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe a áirithiú, agus comhionannas deiseanna a sholáthar do mhná agus d’fhir maidir le cearta pinsin a fháil, lena n-áirítear le scéimeanna forlíontacha chun ioncam leordhóthanach a áirithiú. Ba cheart tacú le hathchóirithe pinsean trí bhíthin bearta a fhadaíonn an saol oibre, cuir i gcás an aois scoir iarbhír a ardú, agus ba cheart na bearta seo a cheapadh mar chuid de straitéisí um aosú gníomhach. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus céimniú isteach iomchuí na n-athchóirithe a cheadú.
I gcomhthéacs fad saoil atá á mhéadú agus an athraithe dhéimeagrafaigh, ba cheart do na Ballstáit leormhaitheas agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe a áirithiú, agus comhionannas deiseanna a sholáthar do mhná agus d’fhir maidir le cearta pinsin a fháil sna scéimeanna poiblí nó sna scéimeanna ceirde chun ioncam scoir cuibhiúil atá os cionn thairseach na bochtaineachta a áirithiú. Ba cheart tacú le hathchóirithe pinsin trí bhearta atá bunaithe ar aosú gníomhach trí dheiseanna a bharrfeabhsú d’oibrithe de gach aois chun bheith ag obair faoi dhea-dhálaí ardcháilíochta, táirgiúla agus sláintiúla go dtí an aois dhlíthiúil scoir, agus fós cinntí na seanóirí chun leanúint de bheith gníomhach go heacnamaíoch ar feadh tréimhse níos faide, nó gan páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair a thuilleadh, a áirithú. Ba cheart bearta sonracha a shainaithint i réimse dhéimeagrafaíocht an lucht saothair, sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre, bainistiú scileanna agus inniúlachtaí, eagrú na hoibre le haghaidh saol oibre atá folláin agus táirgiúil, laistigh de chur chuige idirghlúine. D’éascódh sé sin an fhostaíocht le haghaidh daoine óga agus an t-aistriú luathscoir araon, in éineacht leis an aistriú eolais agus taithí ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú leis na comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí den tsochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, lena n-áirítear idirphlé díreach leo siúd atá i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh le linn seanaoise agus céimniú isteach iomchuí ar aon athchóiriú a cheadú.
An nuashonrú is déanaí: 9 Nollaig 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais