Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0907(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0151/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0151/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 15/09/2020 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0208

Téacsanna atá glactha
PDF 112kWORD 42k
Dé Máirt, 15 Meán Fómhair 2020 - Brussels
Coiste Maoirseachta na gContrapháirtithe Lárnacha san Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí - comhalta neamhspleách a cheapadh
P9_TA(2020)0208A9-0151/2020

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh comhalta neamhspleách a cheapadh ar Choiste Maoirseachta na gContrapháirtithe Lárnacha san Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (N9-0042/2020 – C9-0277/2020 – 2020/0907(NLE))

(Formheas)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ó Bhord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí an 27 Lúnasa 2020 (C9‑0277/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 24a(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála(2),

–  ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin a bhaineann le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(3),,

–  ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc(4),

–  ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0151/2020),

A.  de bhrí gur mhol Bord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, an 27 Lúnasa 2020, tar éis nós imeachta oscailte roghnúcháin, Nicoletta Giusto a cheapadh ina comhalta neamhspleách ar Choiste Maoirseachta na gContrapháirtithe Lárnacha, i gcomhréir le hAirteagal 24a(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

B.  de bhrí go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le Nicoletta Giusto an 2 Meán Fómhair 2020, ar éisteacht í ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag formheas cheapadh Nicoletta Giusto mar chomhalta neamhspleách de Choiste Maoirseachta na gContrapháirtithe Lárnacha san Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.
(2) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.

An nuashonrú is déanaí: 12 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais