Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2195(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0141/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0141/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0211

Téacsanna atá glactha
PDF 160kWORD 57k
Dé Máirt, 15 Meán Fómhair 2020 - Brussels Eagrán deiridh
Bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’
P9_TA(2020)0211A9-0141/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’ (2019/2195(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 11, 165, 166, 167, 191 agus 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhaontú Pháras a comhaontaíodh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide,

–  ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(1),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘an Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640),

–  ag féachaint dá rún an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(2),

–  ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(3),

–  ag féachaint don rún ón gComhairle agus ó ionadaithe de chuid na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 5 Meitheamh 2019, lena mbunaítear treoirlínte maidir le rialachas idirphlé óige an Aontais Eorpaigh — Straitéis AE i leith na hÓige, 2019-2027,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal ‘Eoraip níos láidre a thógáil’: an ról atá ag beartais i leith daoine óga, oideachais agus cultúir’ (COM(2018)0268),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 28 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt(4),

–  ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena mbunaítear ‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt (COM(2018)0367),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt(5),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Meastóireacht mheántéarma ar chlár Erasmus+ (2014-2020) (COM(2018)0050),

–  ag féachaint dá rún an 2 Feabhra 2017 maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt(6).

–  ag féachaint dá rún reachtach an 12 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach’(7),

–  ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meitheamh 2018 lena mbunaítear an clár ‘an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach’ (COM(2018)0440),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh(8),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 28 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘Eoraip na Cruthaitheachta’ (2021-2027)(9),

–  ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip na Cruthaitheachta’ (2021 go 2027) (COM(2018)0366),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip na Cruthaitheachta’ (2014 go 2020)(10),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 30 Aibreán 2018 dar teideal ‘Meastóireacht Eatramhach an clár “Eoraip na Cruthaitheachta” (2014-2020)’(COM(2018)0248),

–  ag féachaint dá rún an 2 Márta 2017 maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip na Cruthaitheachta’ (2014 go 2020)(11),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh.  1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht dheonach ag eagraíochtaí i scéim an Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS)(12),

–  ag féachaint do na gealltanais a rinne an Coimisinéir ainmnithe (mar a bhí sí ag an tráth sin) um nuálaíocht, taighde, oideachas, cultúr agus an óige le linn a éisteachta an 30 Meán Fómhair 2019 os comhair Pharlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus Oideachas (A9-0141/2020),

A.  de bhrí go leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip an sprioc go mbeidh an tAontas Eorpach aeráidneodrach faoi 2050, ar sprioc í lena gcuirtear, ar an dóigh sin, práinn aeráide i gcroílár chláir agus bheartais uile an Aontais; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip feasacht an phobail a ardú agus ról a thabhairt do shaoránaigh sa ghníomhú ar son na haeráide trí chlár oibre cuimsitheach Eorpach a fhorbairt; de bhrí gur cheart an cur chuige sin a fhorbairt freisin ar athmhachnamh a dhéanamh ar an oideachas agus an oiliúint, ar chláir chultúir agus ar chláir don óige; de bhrí gur cheart cosaint an chomhshaoil, inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide a phríomhshruthú ar fud na gclár agus gur cheart iad a chur chun cinn mar scileanna idirdhisciplíneacha;

B.  de bhrí go n-iarrtar i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) 13 go ndéanfaí gníomhaíocht chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus lena thionchar, agus go n-áirítear i spriocanna SFI 13 feabhas ar an oideachas, ardú feasachta agus cumas institiúideach maidir le maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú sin agus laghdú tionchair a bhaint amach;

C.  de bhrí go bhfuil tionchar drámatúil á imirt ag géarchéim COVID-19 ar shaol laethúil na ndaoine, go háirithe maidir le soghluaisteacht, oideachais agus rochtain fhisiciúil ar chultúr, ar ealaín agus ar spórt; de bhrí go bhfuil tionchar suntasach imeartha ag an ngéarchéim freisin ar na trí chlár; de bhrí, i gcomhthéacs iarmhairtí na paindéime, go bhfuil sé tábhachtach luachanna cultúrtha an Aontais a chaomhnú agus an íomhá Eorpach a atógáil do na glúnta atá le teacht; de bhrí go mbeidh an malartú cultúrtha agus an caidreamh cultúrtha a éascaítear leis na trí chlár mar chuidiú don Eoraip agus í ag teacht as an ngéarchéim, ar géarchéim í atá anois níos mó anois ná géarchéim na sláinte amháin;

D.  de bhrí go bhfuil ról bunúsach ag an oideachas, ag an spórt, ag an obair dheonach agus ag an gcultúr san aistriú éiceolaíoch a mhéid a bhaineann le hardú feasachta, foghlaim, cumarsáid agus comhroinnt eolais agus dea-chleachtas, agus de bhrí gur féidir leas a bhaint as an acmhainneacht sin i rith na chéad chlárthréimhse eile chun bealaí nuálacha a fhorbairt le dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil;

E.  de bhrí go bhfuil tionchar ag Erasmus+, ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach (ESC) agus ag cláir Eoraip na Cruthaitheachta ar shaol laethúil na milliún Eorpach agus go gcuireann siad taca faoi chomhtháthú níos fearr agus faoi thuiscint chultúrtha níos fearr ar fud an Aontais, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha aontachais, i dtíortha comharsanachta, agus ar fud an domhain trí rannpháirtíocht tríú tíortha;

F.  de bhrí, cé nach bhfuil na cláir dírithe go príomha ar an gcomhshaol, go rannchuidíonn siad leis an aistriú glas trína n-ábhar agus trína raon feidhme, trí smaointeoireacht a mhúnlú lena léirítear urraim don chomhshaol agus trí shochaí a chruthú atá fréamhaithe i dtuiscint fhrithpháirteach agus in urraim fhrithpháirteach; de bhrí, ar an ábhar sin, gur cheart a nádúr bunúsach a chothú;

G.  de bhrí go dtugtar daoine le chéile trí imeachtaí mórscála spóirt agus cultúrtha;

H.  de bhrí gur féidir forbairt inbhuanaithe a chothú le clár Erasmus+; de bhrí go ndéantar foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn leis an gclár;

I.  de bhrí, mar gheall ar chuspóirí agus fíor-nádúr an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, go dtugtar deis do dhaoine óga eolas a chomhroinnt agus gníomhaíocht phraiticiúil a dhéanamh chun an comhshaol a chosaint;

J.  de bhrí go bhféadfadh an tsoghluaisteacht a chuirtear ar fáil leis na cláir sin athrú claochlaitheach a dhéanamh ar na rannpháirtithe, agus go bhféadfadh sí difear a dhéanamh dá n-iompar ó lá go lá, agus de bhrí gur cheart soghluaisteacht den sórt sin a spreagadh;

K.  de bhrí go bhfuil ról lárnach ag Eoraip na Cruthaitheachta maidir le cur chun cinn na n-ealaíon, an chultúir agus an ábhair chlosamhairc agus maidir le tacaíocht a thabhairt do mheáin ardcháilíochta; de bhrí gur príomhcholúin den fhorbairt inbhuanaithe iad sin, a chuidíonn le sochaithe níos athléimní a thógáil; de bhrí gur féidir le comhar sna réimsí sin ionstraimí a fhorbairt chun feasacht daoine ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta a ardú, agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé a bheith ina fhoinse uathúil de réitigh chruthaitheacha ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, trí bhíthin tríú tíortha rannpháirteacha;

L.  de bhrí gur gá comhthionscnamh a chomhordú chun cleachtais inbhuanaithe a fhorbairt in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta; de bhrí go n-éilíonn tionscnamh den sórt sin go mbeidh na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ‘glasaithe’ incháilithe faoi thacaíocht tionscadal;

M.  de bhrí gur gné dhosháraithe d’Eoraip na Cruthaitheachta iad an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus saoirse na cruthaíochta ealaíonta agus de bhrí nach mór urraim a léiriú don tsaoirse sin le hiarrachtaí chun an clár a ‘ghlasú’; de bhrí gur féidir smaointeoireacht ghlas i gcur chun feidhme tionscadal a spreagadh trí ghnéithe comhshaoil a chur san áireamh i meastóireacht tionscadal;

N.  de bhrí go ndearnadh sciar suntasach de thionscadail a bhaineann leis an gcomhshaol a chur chun feidhme thar thréimhse 2014-2020;

O.  de bhrí gur cheart go mbeadh na cláir inrochtana agus saor ó idirdhealú; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach bearta nithiúla a chur i bhfeidhm chun na cláir a dhéanamh níos cuimsithí do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, go háirithe daoine faoi mhíchumas;

P.  de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa, don chéad chlárthréimhse eile, go mbeadh buiséad uaillmhianach ann do gach ceann de na trí chlár, go háirithe chun iad a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana, agus de bhrí, dá mbeadh buiséad níos ann, nach bhféadfaí déanamh amhlaidh ná nach gcuirfí na cúinsí ar fáil leis chun bearta comhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta a thabhairt isteach gan codanna lárnacha eile de na cláir a cur i mbaol;

Q.  de bhrí, faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha, nach féidir an aidhm, eadhon 20 % den chaiteachas a bheith á dhíriú go sonrach ar bhearta cosanta aeráide, a bhaint amach mura bhfuil na sonraí agus na hionstraimí is gá ar fáil chun rannchuidiú na gclár a thomhas, agus, de bhrí, ar an ábhar sin, nach mór iad a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne;

R.  de bhrí go n-éascaíonn soghluaisteacht fhisiciúil tumadh i gcultúir eile, agus idirghníomhú leo ar an mbealach is fearr is féidir; de bhrí gur comhlánú luachmhar ar shoghluaisteacht fhisiciúil iad an malartú fíorúil agus an fhoghlaim fhíorúil, ach nach soláthraíonn siad an taithí chéanna;

S.  de bhrí go mbíonn lorg comhshaoil ag na teicneolaíochtaí digiteacha freisin;

T.  de bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag dreasachtaí ann faoi láthair – go háirithe dreasachtaí de chineál airgeadais – chun rannpháirtithe sna trí chlár a spreagadh le bogadh i dtreo modhanna iompair níos glaise agus iompraíochtaí níos glaise; de bhrí gur minic gur lú inrochtanacht agus inacmhainneacht na modhanna iompair ar mó a neamhdhíobhálacht don chomhshaol;

Cuspóirí is comhchoiteann do na trí chlár

1.  ag tabhairt dá haire, maidir le coincheapa na haeráide agus an chomhshaoil, agus fiú coincheapa na soghluaisteachta, nach gcumhdaíonn siad ach cuid de na spriocanna a bhfuil a saothrú mar aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip; á mheas gurb é an aidhm atá ann ná dul níos faide ná na saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhshaol amháin agus sochaí níos cothroime a fhorbairt do chách, ar bhonn úsáid réasúnach agus chomhlántach acmhainní, tomhaltas freagrach, ag maireachtáil i dteannta a chéile i ndáil le difríochtaí a chéile, agus comhlántachtaí réigiúnacha agus náisiúnta á gcur san áireamh; a chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag oideoirí, ealaíontóirí agus cruthaitheoirí chun an t-athrú sochaíoch sin a bhaint amach agus go bhfuil ról tábhachtach ag cláir Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus ag clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun aidhmeanna níos ginearálta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

2.  á chur in iúl gur geall léi, i ndáil leis sin, go bhfuil daoine óga meáite ar rannchuidiú le cur chun feidhme iarrachtaí AE i dtreo na hinbhuanaitheachta agus ‘An Eoraip Ghlas Inbhuanaithe’ a roghnú mar cheann de Spriocanna Eorpacha na hÓige;

3.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá na trí chlár maidir le comhar agus nuálaíocht a chur chun cinn i mbeartas oideachais, cultúir agus óige na hEorpa agus i ndáil le tionchar dearfach sóisialta agus eacnamaíoch na soghluaisteachta; á chur i bhfáth gur féidir leis na cláir cabhrú le réitigh chruthaitheacha agus nuálacha a fhorbairt lena bhféadfar, i gcás géarchéime amhail COVID-19, a áirithiú go bhféadfar leanúint go héifeachtach le gníomhaíochtaí oideachais agus cultúrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na gníomhaireachtaí agus na deasca náisiúnta an tsolúbthacht is mó is féidir a léiriú agus tacaíocht a chur ar fáil do rannpháirtithe agus d’fhorbróirí tionscadail ionas go mbeidh siad in ann a ngníomhaíochtaí a atosú tar éis na paindéime ar bhealach inbhuanaithe;

4.  á chur i bhfáth gur gá measúnú bonnlíne a dhéanamh ar rannchuidiú na gclár le spriocanna comhshaoil agus aeráide agus ar an tionchar a imríonn siad orthu chun bonn eolais a chur faoi cheapadh a gcur chun feidhme amach anseo; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil aon táscairí comhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta molta ag an gCoimisiún do na cláir nua; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, táscairí sonracha a mholadh do na comhreachtóirí, ar táscairí iad a bheidh le hionchorprú sna rialacháin lena rialaítear an ghlúin nua de chláir; á mheas nach mór táscairí den sórt sin a chinneadh go cúramach, ar bhonn taighde stóinsithe agus modheolaíochta coitinne, agus nach mór anailís chríochnúil a chur ar fáil leo maidir le rannchuidiú na gclár le spriocanna comhshaoil agus aeráide (e.g. trína gcuspóirí agus trína nglaonna ar thionscadail), agus maidir lena dtionchar comhshaoil (e.g. trí na cineálacha taistil a dtugtar tacaíocht dóibh); á chur i bhfáth nach mór go gcuirfear san áireamh leis na táscairí sin saintréithe thairbhithe ábhartha an chláir ionas nach gcruthófaí ualaí iomarcacha; á iarraidh go ndéanfaí tuarascáil ina mbeadh na sonraí a bhailítear a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus a chur ar fáil go poiblí uair amháin sa bhliain;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún lorg carbóin aonair na rannpháirtithe i ndáil le hiompar a thaifeadadh agus a ríomh go córasach; á mheas gur cheart an Uirlis Soghluaisteachta a úsáid chun na críche sin, agus úsáid na huirlise sin a leathnú chuig gach earnáil de Erasmus+ agus chuig an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an bhféidearthacht uirlis áireamhán chomhchosúil a chur ar fáil le haghaidh taisteal a dtugtar faoi i ndáil le clár Eoraip na Cruthaitheachta; ag tathant ar an gCoimisiún rochtain éasca a thabhairt don phobal ar aon sonraí ábhartha a bhailítear, chomh maith le rochtain ar a thuarascálacha ar na cláir, agus aird á tabhairt ar dhea-chleachtais; á mheabhrú go gcaithfear reachtaíocht maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh i gcónaí le haon uirlisí digiteacha agus aipeanna digiteacha;

6.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról dearfach agus gníomhach ag na comhlachtaí cur chun feidhme maidir lena mholadh conas is fearr a d’fhéadfadh na cláir a bheidh ann amach anseo aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil agus conas tairbhithe a stiúradh le bheith níos íogaire ó thaobh an chomhshaoil de; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá na dea-chleachtais atá á n-úsáid cheana ag na gníomhaireachtaí agus deasca náisiúnta agus ag tionscnóirí tionscadal a shainaithint, a chomhordú agus a mheas; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú le geallsealbhóirí chun liosta moltaí a fhorbairt agus a scaipeadh bunaithe ar an anailís ar dhea-chleachtais; á mholadh go ndéanfaí lipéad a fhorbairt chun cleachtais chomhshaoil fhreagracha a dheimhniú agus a dhéanamh infheicthe agus chun cúiteamh a thabhairt as tionscadail atá nuálach ó thaobh an chomhshaoil de agus a bhfuil gealladh fúthu i ngach ceann de na cláir;

7.  ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa faisnéise ann i leith an chistithe atá ar fáil laistigh de na trí chlár le haghaidh tionscadail maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus an inbhuanaitheacht; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na gníomhaireachtaí agus na deasca náisiúnta feabhas a chur ar chumarsáid i ndáil leis sin agus saincheisteanna comhshaoil a dhéanamh níos infheicthe i dtaca le socrú an tionscadail agus i measc na n-eagraíochtaí agus rannpháirtithe glactha;

8.  á iarraidh ar na príomhghníomhaithe sna cláir na rannpháirtithe a chur ar an eolas faoi shamplaí de dhea-chleachtas comhshaoil agus tomhaltais a fhéadann siad a úsáid ina saol ó lá go lá, agus páirt á glacadh acu sa chlár, agus an dea-chleachtas sin a chun cinn go gníomhach, agus rannpháirtithe a chur ar an eolas faoi thionchar a ngníomhaíochtaí; á mheas go bhféadfadh réimse uirlisí digiteacha a bheith éifeachtach, lena n-áirítear cúrsaí ar líne réamh-shoghluaisteachta agus aip dhigiteach a d’fheadfadh a bheith ann;

9.  á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí a ghlacann rannpháirtithe, lena n-áirítear na ‘oifigí glasa’ agus na gréasáin atá ann cheana féin atá lonnaithe i mbailte agus i gcathracha ceann scríbe, agus a thábhachtaí atá na gréasáin atá ann cheana, amhail alumni Erasmus+, maidir le dóigh bheatha inbhuanaithe a chur chun cinn trí mholtaí praiticiúla agus leideanna úsáideacha a chomhroinnt ar an leibhéal áitiúil sa bhaile, sa réigiún nó sa tír ina bhfuil siad lonnaithe;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaireachtaí náisiúnta, deasca náisiúnta agus forbróirí tionscadail a spreagadh chun clárú le Scéim AE um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a mheas, a chur in iúl agus a fheabhsú agus inbhuanaitheacht a gcuid oibríochtaí féin a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún na hiarrachtaí a dhéanann gníomhaireachtaí agus deasca náisiúnta a spreagadh agus a chomhordú chun a lorg comhshaoil a laghdú, mar shampla trí úsáid a bhaint as ábhar fógraíochta inbhuanaithe, trí bhainistiú stuama taistil, trí úsáid níos mó a bhaint as físchomhdhálacha agus trí dhramhaíl a laghdú; á chreidiúint, le cleachtais inbhuanaithe laistigh de ghníomhaireachtaí agus deasca náisiúnta, go spreagfar rannpháirtithe le nósanna tomhaltais níos inbhuanaithe a ghlacadh;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí agus deasca náisiúnta critéir a bhunú chun go bhféadfar gnéithe comhshaoil na dtionscadal a chur san áireamh i meastóireacht tionscadal, agus cleachtais níos glaise á gcur chun cinn ar an gcaoi sin, agus, ag an am céanna, prionsabal na saoirse cruthaithí á urramú go comhsheasmhach agus meastóireacht á déanamh ar gach tionscadal i gcomhréir le cuspóirí an chláir;

12.  ag leagan béim ar an acmhainneacht agus an luach a bhaineann leis an bhfoghlaim agus an malartú fíorúil a mhéid a bhaineann le cláir soghluaisteachta a chumasú chun leanúint ar aghaidh i gcomhthéacs eisceachtúil ghéarchéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid formáidí fíorúla a spreagadh mar chomhlánú ar shoghluaisteacht fhisiciúil, i gcás inarb iomchuí, chun taisteal neamhriachtanach a laghdú agus chun a áirithiú, i gcás nach bhfuil rannpháirtithe in ann taisteal, gur féidir leo tairbhe a bhaint as na cláir mar sin féin;

13.  ag tathant ar an gCoimisiún na dálaí a chruthú chun go bhféadfadh na rannpháirtithe na modhanna iompair is lú truailliú a roghnú, amhail an traein, ach, ag an am céanna, gan na rannpháirtithe nach bhfuil aon rogha phraiticiúil acu seachas aeriompar a stiogmatú, gan idirdhealú a dhéanamh ina ndiaidh ná gan iad a eisiamh; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar na réigiúin is forimeallaí agus ar cheantair thuaithe agus iargúlta i ndáil leis sin;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún na rialacha airgeadais reatha a athbhreithniú ionas go ndéanfar na costais bhreise agus na hamanna turais breise a bhaineann le húsáid modhanna iompair atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a aisíoc ina n-iomláine agus go ndéanfar amanna turais breise a chur san áireamh i leithdháiltí deontais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit scéimeanna éifeachtacha cúnaimh airgeadais a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le daoine a bhfuil na cláir de dhíth orthu rochtain a fháil orthu;

15.  á iarraidh an gCoimisiún – go háirithe i bhfianaise Bhliain Eorpach na nIarnród in 2021 atá beartaithe – dul i mbun comhpháirtíochtaí le hoibreoirí iarnróid Eorpacha ionas go mbeidh rannpháirtithe i dteideal táillí lascainithe; á chur i bhfáth go bhféadfaí tionscnaimh chomhchosúla a fhorbairt freisin le hoibreoirí bus, go háirithe do cheantair iargúlta agus do cheantair thuaithe agus dóibh siúd nach bhfreastalaíonn iompar iarnróid orthu;

16.  á aithint go dtaistealaíonn rannpháirtithe sna cláir ar fud a dtíre aíochta agus níos faide i gcéin chun an cultúr áitiúil a fhiosrú; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí agus na deasca náisiúnta agus ar fhoireann an tionscadail ‘malltaisteal’, éiceathurasóireacht agus úsáid roghanna taistil atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a spreagadh le haghaidh turais fhada agus le haghaidh taisteal áitiúil;

17.  ag tabhairt dá haire go bhféadfadh úsáid chliste na dteicneolaíochtaí digiteacha, na hintleachta saorga agus na róbataice cuimsiú sóisialta a mhéadú agus lorg carbóin na gclár a laghdú; ag leagan béim ar an ngá atá le dul i ngleic leis an deighilt dhigiteach trí rochtain ar bhonneagar digiteach agus ar threalamh digiteach agus sealbhú scileanna digiteacha a áirithiú, ar réamhriachtanais iad le haghaidh aistriú digiteach cliste; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach atá níos uaillmhianaí, a fhaigheann tacaíocht go háirithe trí chlár Erasmus+;

18.  á chur i bhfáth, ag an am céanna, go bhféadfadh tionchar ar an gcomhshaol a bheith ag leathnú an digitithe; á mheabhrú go bhfuil úsáid uirlisí digiteach mar shaintréith de na trí chlár go léir, go háirithe Eoraip na Cruthaitheachta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a dtionchar ar an gcomhshaol digiteach a chur san áireamh; á mholadh don Choimisiún féachaint ar bhealaí chun lorg comhshaoil uirlisí digiteacha a laghdú, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin agus bogearraí, a úsáidtear laistigh de na cláir; á iarraidh ar phríomh-gheallsealbhóirí an chláir úsáid uirlisí digiteacha atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le ceapadh beartais chomhtháite ar fud an chláir oibre dhigitigh a bheidh ann amach anseo agus ar fud an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun an claochlú digiteach a chomhcheangal le beartas comhshaoil;

19.  á chur i bhfios, maidir le bearta éifeachtacha chun cláir Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a ghlasú, go gcosnóidh siad airgead, agus ag tathant nár cheart do bhearta nua tuilleadh a bhaint de bhuiséad na gclár, ar buiséad é atá thar a bheith teoranta cheana féin; ag tabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, an luacha a bhaineann le sineirgí éifeachtacha agus comhlántacht le cur chun cinn clár cistiúcháin ábhartha eile, amhail na Cistí Struchtúracha, an Ciste um Aistriú Cóir, LIFE, InvestEU, agus Fís Eorpach, go háirithe faoi Cholún II tríd an gcnuasach ‘Cultúr, Cruthaitheacht agus Sochaí Chuimsitheach’, tríd an bpobal eolais agus nuálaíochta atá ann faoi láthair maidir leis an Aeráid, agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht – go háirithe, an togra le haghaidh Pobail Eolais agus Nuálaíochta, atá tiomanta d’earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta;

20.  á mheabhrú gur tairbhithe beaga iad roinnt mhaith de thairbhithe na dtrí chlár agus gur minic a bhíonn siad ag streachailt le ceanglais chasta riaracháin; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, treoir a thabhairt do ghníomhaireachtaí agus deasca náisiúnta, agus tacú leis na geallsealbhóirí agus an t-idirphlé leo a chothú chun a áirithiú go mbainfear sineirgí amach go fóinteach sa chleachtas;

Erasmus+

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún urraim don chomhshaol, cleachtais chomhshaoil fhónta agus cosaint fhónta an chomhshaoil a áireamh i measc na bprionsabal a leagtar amach i gCairt Erasmus+ don Ardoideachas; ag tathant ar an gCoimisiún an cur chuige sin a chur i bhfeidhm maidir le gach earnáil a chumhdaítear leis an gclár agus gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go gcloífear leis na prionsabail; á mholadh go mbeadh comhar ann idir gníomhaireachtaí náisiúnta, ollscoileanna comhpháirtíochta agus comhlachais mac léinn chun faisnéis agus comhairle maidir le hinbhuanaitheacht agus cleachtais atá slán ó thaobh an chomhshaoil de a fhorbairt i ngníomhaíochtaí fáilte agus i ngníomhaíochtaí lánpháirtíochta eile;

22.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil acmhainneacht ag Ollscoileanna Eorpacha agus Ionaid Barr Feabhais Ghairmoideachais agus Gairmoiliúna, toisc go bhféadfaidís cláir barr feabhais a thabhairt isteach le haghaidh teagaisc agus oiliúna i saincheisteanna comhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta do réimse leathan geallsealbhóirí agus foghlaimeoirí agus go bhféadfaidís tacú le tionscadail taighde sa réimse sin; á chur i bhfáth nach mbeidh na tionscnaimh nua in ann é sin a bhaint amach ach amháin má bhíonn maoiniú leordhóthanach ann do chlár Erasmus+ i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027;

23.  ag tabhairt dá haire go bhféadfadh cur chun feidhme an Chárta Mac Léinn Eorpaigh amach anseo a bheith ina chéim shuntasach maidir le rannpháirtíocht i gclár Erasmus+ a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ós rud é go mbeidh sé ina aistriú ó phróiseas páipéarbhunaithe go próiseas digiteach sruthlínithe, ar próiseas é nach mór a bheith ar ardchaighdeán, chomh maith le bheith cuimsitheach agus inrochtana, rud a dhéanfaidh bainistiú an timthrialla soghluaisteachta a shimpliú freisin; ag tabhairt dá haire gur féidir an Cárta Mac Léinn Eorpach a fhorbairt chun rochtain a thairiscint ar sheirbhísí lena gcuirtear chun cinn roghanna saoil atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún gach iarracht a dhéanamh chun cur i bhfeidhm an Chárta Mac Léinn Eorpaigh a bhrostú;

24.  á chur i bhfios go bhfuil na hardáin ar líne maidir le Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna (SALTO) ina bhfoinse shármhaith faisnéise agus comhairle d’fhorbróirí tionscadal; á iarraidh ar an gCoimisiún ardán glasaithe SALTO a bhunú;

25.  á chur i bhfáth a luachmhaire atá gréasán ‘e-Twinning’ atá dírithe ar mhúinteoirí, a chuireann ar a gcumas modúil oiliúna a fhorbairt agus a chomhroinnt, go háirithe maidir le hinbhuanaitheacht agus an athrú aeráide – arb iad téama na bliana 2020 iad; á iarraidh ar an gCoimisiún an tuarascáil bhliantúil maidir leis an tosaíocht sin agus an tsraith uirlisi do mhúinteoirí a scaipeadh chomh forleathan is féidir; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé ardáin ríomhfhoghlama Eorpacha a fhorbairt lena bhféadfar, i gcás géarchéime amhail COVID-19, leanúnachas na foghlama a áirithiú;

26.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun tacú le forbairt clár scoile maidir le hathrú aeráide agus inbhuanaitheacht, sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas araon; a mheas gur féidir le Príomhghníomhaíochtaí 2 agus 3 araon de chlár Erasmus+ tacú leis na hiarrachtaí sin trí ghlaonna spriocdhírithe ar thograí maidir le hoideachas comhshaoil agus malartú dea-chleachtas idir scoileanna agus múinteoirí;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún, sna tionscnaimh a dhéanfaidh sé chun Limistéar Eorpach an Ardoideachais agus Limistéar Eorpach an Oideachais a chomhordú, liosta de chritéir ghlasa d’údaráis oideachais réigiúnacha agus náisiúnta a chur san áireamh maidir leis na haiseanna a chuirtear ar fáil do scoileanna, institiúidí a áireamh i líonraí iompair phoiblí agus a chinntiú go n-urramófar an comhshaol agus acmhainní fuinnimh;

28.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil Erasmus+, trína thacaíocht d’oideachas agus oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus do ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta don aos óg, ríthábhachtach chun feasacht a ardú i measc Eorpach, go háirithe na glúnta óga, chun iad a spreagadh le seasamh gníomhach agus eolasach a bheith acu maidir le beartais inbhuanaitheachta agus beartais ábhartha agus chun go n-éireoidh siad rannpháirteach agus comhfhiosach mar shaoránaigh amach anseo; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil ról tábhachtach ag eagraíochtaí na hóige agus na sochaí sibhialta i ndea-chleachtais a chomhroinnt agus i gcur chun feidhme tionscadal lena n-ardaítear feasacht na nglúnta níos óige faoin inbhuanaitheacht; á mheas gur cheart go gcuirfeadh Erasmus+ freisin le heolas ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol i measc oibrithe óige a fheabhsú;

29.  ag tathant, faoi rannóg an Spóirt, go dtabharfar spreagadh do thionscadail chomhpháirteacha le cumainn spóirt maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an dúlra a chosaint, stíleanna maireachtála folláine agus inbhuanaithe, nuálaíocht chun cleachtais spóirt atá níos fónta ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn agus imeachtaí spóirt inbhuanaithe a eagrú ar leibhéal an phobail; á chur i bhfios gur gá imeachtaí spóirt a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus á mheas gur féidir le Erasmus+ cuidiú le dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn i ndáil leis sin; á mheas go bhféadfadh saorálaithe CDE tacú le heagrú imeachtaí inbhuanaithe spóirt ar leibhéal an phobail;

30.  á mheas, dá mb’ann do chláir fhadtéarmacha, a chuirfí chun feidhme go háitiúil agus lena spreagfaí soghluaisteacht i measc fhoireann na n-eagraíochtaí áitiúla spóirt, go bhféadfaí iad a chur ar an eolas maidir le bealaí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol chun imeachtaí spóirt a eagrú; á iarraidh, le linn Sheachtain Eorpach an Spóirt, go leagfaí béim níos mó ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta;

31.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cuimsiú inbhuanaithe rannpháirtithe sa phobal áitiúil, agus é mar aidhm leis sin saoránacht ghníomhach agus malartú cultúrtha a bhaint amach, mar phríomhghné de chlár Erasmus+; ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar cé acu gníomhaíochtaí cláir is féidir a fhorbairt i gceantair thuaithe bhánaithe ina bhféadfadh rannpháirtíocht ghníomhach an phobail a bheith ina cuidiú, mar shampla, maidir le caomhnú an dúlra agus coimeádú na hoidhreachta cultúrtha a chur chun cinn;

32.  ag tarraingt aird ar an bhféidearthacht caidreamh a bhunú le Clár Scoileanna Ambasadóra Pharlaimint na hEorpa, chun an dá chlár a shaibhriú le go mbeidh rannpháirtithe sa phobal áitiúil rannpháirteach ann agus chun eolas a chothú i measc mic léinn áitiúla maidir lena bhfuil i gceist le saoránacht Eorpach;

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (CDE)

33.  á mheabhrú go meastar gur gníomhaíocht thábhachtach dlúthpháirtíochta é cosaint an chomhshaoil laistigh den CDE, ar gníomhaíocht í atá comhsheasmhach leis an mbunús dlí reatha, leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh an chláir nua tar éis 2020, agus le seasamh na Parlaiminte ar an gcéad léamh;

34.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, maidir leis an lipéad cáilíochta a chaithfidh gach eagraíocht a sheolann nó a fhaigheann saorálaí a fháil sula nglacfaidh an eagraíocht sin páirt i ngníomhaíochtaí CDE, gur cheart, le himeacht ama, go gcumhdódh sé cleachtais fhónta chomhshaoil freisin; á mheabhrú gur minic gur cumainn bheaga iad eagraíochtaí atá rannpháirteach in CDE; á áitiú, dá bhrí sin, go bhfuil tacaíocht spriocdhírithe an teastáil uathu chun go mbeidh siad in ann cleachtais níos inbhuanaithe a ghlacadh;

35.  á chur i bhfios go bhféadfaidh an Coimisiún glaonna ar thionscadail théamacha a sheoladh; á iarraidh air dlús a chur le cur chun cinn na gné comhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta den CDE trí infheictheacht na dtionscadal sin ar ardán an Chórais Riaracháin agus Tacaíochta maidir le Socrúcháin (PASS) a mhéadú;

36.  á iarraidh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta atá rannpháirteach in CDE tacaíocht agus comhairle a thabhairt go gníomhach d’eagraíochtaí atá freagrach as rannpháirtithe a sheoladh agus a ghlacadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil siad in ann freisin an raon feidhme a shainaithint do thionscadail chomhshaoil in situ, agus cabhrú lena mbunú, agus a áirithiú go gcuirfear saorálaithe ar an eolas faoi chleachtais chomhshaoil fhónta ina gcuid oibre agus ina saol ó lá go lá; á mholadh go gcruthófaí uirlisí digiteacha chun scaipeadh agus malartú dea-chleachtas agus taithí i measc na rannpháirtithe a éascú;

37.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta tionscadail a chur chun cinn i gceann scríbe ar lú an tóir orthu chun forbairt an gheilleagair áitiúil agus inbhuanaitheacht a spreagadh, agus, ag an am céanna, spreagadh a thabhairt maidir le féachaint ar chinn scríbe nua;

Eoraip na Cruthaitheachta

38.  Ag leagan béim ar acmhainneacht ollmhór na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha maidir le saoránaigh a spreagadh le gníomhú go hinbhuanaithe; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh músaeim, ionaid chultúrtha agus phobail, na taibhealaíona, an litríocht, na hamharcealaíona agus tionscnaimh thrasealaíona an inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus cur leis an treocht aeráide a aisiompú, ar choinníoll go mbeadh maoiniú leordhóthanach ar fáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an inbhuanaitheacht agus an dea-chleachtas comhshaoil maidir le hoidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe araon a chaomhnú;

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na deasca náisiúnta dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ó na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha agus faisnéis a bhailiú maidir le cairteacha atá ann cheana i réimsí éagsúla gníomhaíochta ealaíne, d’fhonn cairt a tharraingt suas ina mbeidh sraith de phrionsabail chomhshaoil nach mór do gach rannpháirtí sa chlár a urramú; á mheas gur cheart go mbeadh an próiseas chun na prionsabail chearta a chinneadh faoi stiúir na hearnála, gur cheart foghlaim fhrithpháirteach a bheith á cumasú leis, agus gur cheart dearcadh leathan a bheith ag gabháil leis maidir leis na saincheisteanna a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt orthu, ar saincheisteanna iad ar cheart go n-áireofaí leo athchúrsáil, an geilleagar ciorclach agus athrú iompraíochta, i measc cruthaitheoirí cultúrtha agus tomhaltóirí araon;

40.  á iarraidh ar an gCoimisiún tabhairt faoi thaighde cuimsitheach agus dul i gcomhairle le geallsealbhóirí chun straitéis earnáil-sonrach agus ‘dea-chleachtas comhshaoil’ a fhorbairt lena gcumhdófaí táirgeadh closamhairc agus cultúrtha, scaipeadh agus eagrú imeachtaí, agus béim ar leith á leagan ar iompar, ar fhuinneamh, ar éifeachtúlacht acmhainní agus ar bhainistiú dramhaíola agus é mar aidhm leis na cleachtas lena mbaineann a chaighdeánú le haghaidh na dtionscadal uile a mhaoinítear leis an gclár; á mheabhrú nár cheart go gcuirfí as do thionscadail agus imeachtaí cultúrtha agus closamhairc d’ardchaighdeán mar gheall ar na cleachtais chaighdeánacha sin;

41.  ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le soláthar poiblí glas maidir le soláthar earraí agus seirbhísí atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú ag imeachtaí cultúrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún critéir choiteanna maidir le soláthar poiblí glas a leagan síos don earnáil chultúrtha agus uirlis a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag imeachtaí cultúrtha ar an gcomhshaol; ag leagan béim, thairis sin, ar an tionchar a bhíonn ag táirgeadh ábhair chlosamhairc ar an gcomhshaol agus á iarraidh ar an gCoimisiún sraith MEDIA d’Eoraip na Cruthaitheachta a úsáid chun dea-chleachtais a chur chun cinn in earnáil an chlosamhairc, i ndáil le hinbhuanaitheacht, éifeachtúlacht fuinnimh agus cosaint an chomhshaoil;

42.  á iarraidh ar an gCoimisiún inbhuanaitheacht agus urraim don chomhshaol a áireamh sa roghnú agus sna critéir mheastóireachta do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa; á áitiú nach mór do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa an chairt ina leagtar amach na prionsabail chomhshaoil thuasluaite a urramú freisin;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún bunú gréasain Eorpaigh comhairleoirí comhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta a údarú, mar bheart tras-earnála, chun comhairle a chur ar fhorbróirí tionscadail agus ar Dheasca um Eoraip na Cruthaitheachta; á mheas gur cheart na dea-chleachtais a chomhroinnt agus a chur ar fáil don phobal;

o
o   o

44.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta agus na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme na dtrí chlár.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0324.
(5) IO L 347, 20.12.2013, lch. 5.
(6) IO C 252, 18.7.2018, lch. 31.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0150.
(8) IO L 250, 4.10.2018, lch. 1.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0323.
(10) IO L 347, 20.12.2013, lch. 221.
(11) IO C 263, 25.7.2018, lch. 19.
(12) IO L 342, 22.12.2009, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 12 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais