Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Méan Fómhair 2020 maidir le COVID-19: comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca, agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair (2020/2780(RSP))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
– ag féachaint d’Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus d’Airteagail 4, 6, 9, 21, 67, 114, 153, 169 agus 191 de,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 35 agus Airteagal 45 di,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais ar na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha(1) (Cód Teorainneacha Schengen),
– ag féachaint do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mball teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát(2) (an Treoir maidir le Saorghluaiseacht), agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear ann,
– ag féachaint do Threoirlínte ón gCoimisiún maidir le bearta bainistithe teorann chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí bunriachtanacha(3) agus a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe a fheidhmiú le linn ráig COVID-19(4),
– ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(5),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 ionsar chur chuige céimnithe agus comhordaithe i leith saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha – COVID-19(6),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2020 maidir leis an tríú measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig AE (COM(2020)0399),
– ag féachaint don rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19(7),
– ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le straitéis sláinte poiblí AE i ndiaidh COVID-19(8),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le hullmhacht ghearrthéarmach sláinte AE do ráigeanna COVID-19 (COM(2020)0318),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2020 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsriain ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (COM(2020)0499),
– ag féachaint don Tuarascáil is déanaí maidir le bagairtí galar teagmhálach (CDTR) ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus do threoirlínte sláinte poiblí agus prótacail tuairiscithe ECDC maidir le COVID-19,
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91(9),
– ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 bogtha ó ghéarchéim bainistithe riosca go céim ainsealach bainistithe riosca; de bhrí gur cosúil go bhfanfaidh an víreas gníomhach go dtí go n-aimseofar vacsaín atá éifeachtach agus sábháilte agus go soláthrófar dóthain cainníochtaí den vacsaín chun cosaint cheart a áirithiú i gcuid mhór de dhaonra an domhain; de bhrí go gciallaíonn sé sin go leanfaimid de bheith ag maireachtáil in imthosca deacra ar feadh roinnt míonna ar a laghad amach anseo;
B. de bhrí go bhfuil forleithne, déine cúrsaíochta agus ré cúrsaíochta COVID-19 an-éagsúil ó Bhallstát go chéile agus ó réigiún go chéile laistigh den Bhallstát céanna;
C. de bhrí go bhfuil tástáil roinnt vacsaíní go mór chun cinn ach, go dtí seo, nach bhfuil nós imeachta AE maidir le húdarú margaíochta curtha i gcrích i leith vacsaín ar bith;
D. de bhrí gurb é is dóichí go méadóidh an séasúr fliú rialta líon na ndaoine a bhfuil siomptóim éadroma acu agus ar cheart iad a thástáil;
E. de bhrí nach leor fós an acmhainneacht tástála i roinnt Ballstát; de bhrí go mbíonn ar dhaoine fanacht uaireanta ar feadh laethanta chun torthaí a fháil ar a gcuid tástálacha COVID-19; de bhrí go bhfuil tionchar mór aige sin ar a gcumas oibre agus taistil;
F. de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát ag diúltú aitheantas a thabhairt do thástálacha COVID-19 a rinneadh i mBallstáit eile; de bhrí go bhfuil an mhímhuinín sin ag cur go mór le castacht an tsaoil do dhaoine;
G. de bhrí gur deacair comparáid a dhéanamh idir sonraí i ngeall ar na cineálacha éagsúla cur chuige atá ann maidir le sonraí a bhaineann le COVID-19 a bhailiú ar fud AE;
H. de bhrí nach ann fós do mhodheolaíocht chomhchuibhithe chun líon na ndaoine ionfhabhtaithe a bhailiú agus a mheas ná don mhodheolaíocht chomhchuibhithe maidir le “séamafóir” COVID- 19; de bhrí, mar gheall ar an easpa comhchuibhithe sin, déantar na sonraí maidir leis na daoine atá ionfhabhtaithe a léirmhíniú ar bhealach an-éagsúil ar fud na mBallstát, rud ar féidir idirdhealú gan údar in aghaidh saoránach ó Bhallstáit éagsúla teacht as;
I. de bhrí go bhfuil sé léirithe go dtí seo le freagairt AE ar phaindéim COVID-19 go bhfuil easpa comhordúcháin idir na Ballstáit féin agus idir na Ballstáit agus institiúidí AE ó thaobh comhordú a dhéanamh ar bhearta sláinte poiblí lena n-áirítear srianta ar ghluaisteacht daoine laistigh de theorainneacha agus tharstu;
J. de bhrí, i gcomhthéacs an mhéadaithe atá tagtha le déanaí ar líon na gcásanna nua de COVID-19 ar fud AE, go bhfuil bearta nua éagsúla agus neamhchomhordaithe déanta ag na Ballstáit maidir le saorghluaiseacht do dhaoine agus iad ag taisteal ó thíortha eile de chuid AE, agus i gcásanna áirithe inar dúnadh a dteorainneacha; de bhrí go bhfuil a bhearta náisiúnta féin curtha chun úsáide ag gach Ballstát gan comhordú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear coraintín éigeantach nó molta (agus tréimhse éagsúla coraintín ag teastáil), torthaí diúltacha ar thástálacha imoibrithe shlabhrúil polaiméaráise (PCR) ar theacht isteach le huastréimhsí bailíochta éagsúla, úsáid foirmeacha éagsúla náisiúnta aimsithe taistealaí, an úsáid éagsúil de chritéir chun réimsí riosca a shainiú agus ceanglais éagsúla maidir le húsáid masc;
K. de bhrí go raibh go leor Eorpach faoi réir rialacha éagsúla ag brath ní hamháin ar a náisiúntacht nó a n-áit chónaithe, ach freisin ar an áit chuig ar thaisteal siad; de bhrí go raibh an easpa comhordúcháin sin le linn an tsamhraidh ina cúis le heaspa eagrúcháin i ndáil le rialuithe agus bearta ag teorainneacha, chomh maith le laistigh d’aerfoirt agus stáisiúin traenach;
L. de bhrí go raibh iarmhairtí mór sláinte ag géarchéim COVID-19 agus, i mórán cásanna, go raibh droch-thionchair shuntasacha aici freisin ar chearta bunúsacha agus ar mhalartuithe eacnamaíocha, eolaíocha, sóisialta, turasóireachta agus cultúrtha;
M. de bhrí gur inniúlacht náisiúnta, thar aon ní eile, é soláthar cúraim sláinte ach gur inniúlacht roinnte idir na Ballstáit agus an tAontas í an tsláinte phoiblí;
N. de bhrí go bhfuil an deis ann fós don Aontas Eorpach beartas sláinte poiblí a sholáthar ar bhonn níos fearr laistigh de pharaiméadair reatha na gConarthaí; de bhrí go bhfuil na forálacha sláinte poiblí faoi na Conarthaí fós tearcúsáidte den chuid is mó i dtaobh na ngealltanas a d’fhéadfaí a úsáid chun iad a chomhlíonadh; de bhrí gur fiú athdhearbhú a dhéanamh, chuige sin, ar an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hAontas Sláinte Eorpach a chruthú, mar a cuireadh in iúl sa rún uaithi an 10 Iúil 2020;
O. de bhrí nach féidir aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann ach amháin i gceann a chéile agus, go bhfuil gá, dá bhrí sin, le comhar agus dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas agus cur chuige comhchoiteann Eorpach;
P. de bhrí, ó thosaigh COVID-19 ag leathadh ar bhonn níos leithne in AE, go bhfuil Parlaimint na hEorpa ag iarraidh arís agus arís eile ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta comhordaithe a ghlacadh maidir le saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí taobh istigh den mhargadh inmheánach; de bhrí gurb iad saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí na trí cholún bhunriachtanacha de na ceithre shaoirse iad, ar a bhfuil feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh bunaithe;
Q. de bhrí go ndéanann na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tabhairt isteach rialuithe arís ar theorainneacha inmheánacha, difear do chearta agus saoirsí daoine arna gcumhdach i ndlí an Aontais; de bhrí gur cheart go ndéanfadh na bearta a dhéanann na Ballstáit nó an tAontas cearta bunúsacha a urramú i gcónaí; de bhrí gur cheart go mbeadh na bearta sin riachtanach, comhréireach, sealadach agus teoranta ina raon feidhme;
R. de bhrí nach rogha í an dlúthpháirtíocht atá idir na Ballstáit ach gur oibleagáid de chuid an Chonartha í agus gurb ionann í agus ceann dár luachanna Eorpacha;
S. de bhrí go bhfuil ilroinnt nach beag á déanamh ar an margadh inmheánach mar gheall ar shrianta neamhchomhordaithe ar shaoirse gluaiseachta daoine laistigh den Aontas;
T. de bhrí go bhfuil tionscnaimh éagsúla curtha ar bun cheana ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar chomhordúchán, amhail treoirlínte, teachtaireachtaí, agus litreacha riaracháin agus togra le haghaidh moladh ón gComhairle le haghaidh cur chuige comhordaithe i leith an tsriain ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a ghlacadh;
U. de bhrí gur cheart don Chomhairle tacú leis an moladh sin agus na bearta a bhfuil gá leo a bhunú chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit comhordú ar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí chun deireadh a chur le leathadh an víris nó teorainn a chur lena leathadh;
V. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfillfí ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil chun prionsabal na saorghluaiseachta agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú mar dhá cheann de na príomhéachtaí a baineadh amach le lánpháirtiú na hEorpa agus mar réamhriachtanas lárnach do théarnamh eacnamaíoch AE tar éis phaindéim COVID-19;
W. de bhrí gurb é a bhí mar thoradh ar na srianta taistil gur cuireadh eitiltí roinnt saoránach ar ceal agus nach ndearnadh iad a aisíoc fós ina leith;
X. de bhrí nach foláir Parlaimint na hEorpa, mar chomhreachtóir agus an t-aon institiúid atá tofa go díreach ag saoránaigh AE, a áireamh mar dhlúthchuid agus mar chuid ríthábhachtach de na pléití uile ar chomhordú AE chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte seo;
Y. de bhrí gur dealraitheach nach bhfuil ciall cheannaithe faighte ag na Ballstáit ó thús na géarchéime; de bhrí nach ann do chomhbheartas sláinte Eorpach, agus nach bhfuil ann ach iliomad de bheartais náisiúnta;
Z. de bhrí go gcaithfidh an AE pleanáil chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar an leanúnachas féideartha ar phaindéim COVID-19 agus/nó géarchéimeanna féideartha eile dá samhail;
1. á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchair ráig COVID-19 agus a iarmhairtí fadtéarmacha ar fholláine daoine ar fud an domhain, go háirithe na grúpaí agus na daoine is leochailí i gcásanna leochaileacha, mar dhaoine scothaosta agus iad siúd a bhfuil sláinte dhona acu cheana féin;
2. á chur in iúl gur cúis bhuartha di faoin méadú ar chásanna COVID-19 i roinnt Ballstát ó mhí an Mheithimh agus ag cur béim láidir ar an ngá atá le bainistíocht sláinte atá comhroinnte agus comhordaithe chun an phaindéim seo a chomhrac go héifeachtach;
3. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé saoránaigh a chur ar a suaimhneas maidir le comhsheasmhacht na mbeart a dhéantar ó Bhallstát go chéile, rud a chabhróidh le cur ina luí ar shaoránaigh cloí leis na bearta sin;
4. á mheabhrú gur ceart bunúsach a chumhdaítear sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh í an tsaoirse gluaiseachta do shaoránaigh an Aontais;
5. á chur i bhfios go láidir nach féidir an ceart sin a shrianadh ach amháin i gcás forais shonracha agus theoranta leasa phoiblí, eadhon cosaint beartas poiblí agus slándála poiblí; á áitiú go gcuirfí na srianta sin i bhfeidhm i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen agus le prionsabail ghinearálta dhlí AE, go háirithe prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe;
6. á chur i bhfios gur beart na rogha deireanaí iad rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit a sheiceáil cibé an mbeadh bearta eile chomh hoiriúnach céanna nó níos oiriúnaí chun an cuspóir céanna a bhaint amach; ag tathant ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don rogha seiceálacha sláinte íosta agus/nó seiceálacha póilíneachta comhréireacha a fhorchur mar rogha níos fearr ná rialuithe ar theorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach agus gan ach bearta a bhfuil géarghá leo, atá comhordaithe agus comhréireach a ghlacadh;
7. á mheas go bhfuil sé bunriachtanach teorainneacha inmheánacha AE a choinneáil ar oscailt le haghaidh earraí agus seirbhísí laistigh de AE agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ós rud é go bhféadfadh dúnadh na dteorainneacha inmheánacha éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ar an margadh inmheánach; á thabhairt sá haire go bhfuil sé bunriachtanach tiomantas a bheith ann chun bearta comhchoiteanna a ghlacadh a dhéanfaidh muinín idir na Ballstáit a athbhunú d’fhonn saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach a atosú;
8. Ag athdhearbhú a hachomhairc phráinnigh chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit chun comhar tiomnaithe, struchtúrtha agus éifeachtach a shaothrú sa chomhthéacs sin, chun an gá le bearta coiteanna a shainiú agus a thuar;
9. á chur i bhfios go bhfuil an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) fós ag tabhairt éagsúlachtaí chun solais sa bhailiú sonraí agus sa tuairisciú sonraí a dhéanann na Ballstáit; á chur in iúl gur saoth léi go gcuireann an easpa comhchuibhithe sin cosc orainn léargas soiléir agus iomlán a fháil ar leathadh an víris san Eoraip ag aon am amháin;
10. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil obair luachmhar á déanamh ag ECDC agus gur cheart tuilleadh acmhainní a thabhairt dó láithreach, lena n-áirítear níos mó foireann bhuan, chun leanúint dá chuid oibre ar COVID-19 agus ag an am céanna a bheith in ann leanúint dá chuid oibre ar ghalair eile agus an obair sin a atosú; á iarraidh ar an gCoimisiún sainordú athbhreithnithe a mholadh i gcomhair ECDC a mhéadóidh go suntasach buiséad, líon foirne agus inniúlachtaí an lárionaid chun go mbeidh sé in ann cosaint sláinte poiblí den scoth a sholáthar i gcónaí, lena n-áirítear le linn eipidéimí;
11. ag tabhairt dá haire go raibh gach Ballstát ag leanúint moltaí a chomhairle eolaíochta féin, gan ach comhordú teoranta a bheith ann leis na Ballstáit eile nó leis an gCoimisiún;
12. á mheas gur cheart go mbeadh ECDC in ann meastóireacht a dhéanamh go leordhóthanach agus go héifeachtach ar an riosca go leathadh an víreas agus léarscáil a nuashonrófar go seachtainiúil, a fhoilsiú, ar léarscáil í ar a léireofaí an riosca bunaithe ar chód dathanna coiteann, ar riosca é arna shuíomh de réir na faisnéise a bhailíonn agus a sholáthraíonn na Ballstáit,
13. ag tacú leis an gcód dathanna a mhol an Coimisiún sa togra le déanaí uaidh le haghaidh moladh ón gComhairle; á mheas, leis an aicmiú a moladh (uaine, oráiste, dearg agus liath), go n-éascófar gluaisteacht laistigh de AE agus go dtabharfar faisnéis níos trédhearcaí do shaoránaigh;
14. ag tathant ar an gComhairle, dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsriain ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a ghlacadh agus a chur chun feidhme go mear; á áitiú a ríthábhachtaí atá creat comhchoiteann den sórt sin chun aon mhíshocracht sa mhargadh inmheánach a sheachaint, go háirithe trí rialacha soiléire a leagan síos do thaistealaithe a bhfuil feidhmeanna bunriachtanacha mar chúram orthu, amhail oibrithe iompair, soláthraithe seirbhísí trasteorann amhail soláthraithe seirbhíse sláinte agus cúraim do dhaoine scothaosta, agus oibrithe séasúracha;
15. á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-éascófaí cur chuige comhordaithe maidir le próisis chinnteoireachta na mBallstát féin leis an modheolaíocht chomhchoiteann agus na critéir arna nglacadh agus leis na léarscáileanna arna bhforbairt ag ECDC, agus gur cheart a áirithiú leo go mbeidh aon chinntí arna ndéanamh ag na Ballstáit comhsheasmhach agus dea-chomhordaithe;
16. ag aithint thábhacht na rátaí minicíochta carnacha agus na rátaí tástála dearfacha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar leathadh an víris, ach á mheas freisin go bhfuil gá ann critéir eile shláinte amhail rátaí ospidéalaithe agus ráta áitíochta in aonaid dianchúraim a chur san áireamh;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht choiteann a chur chun cinn chun sonraí sláinte a bhailiú, líon na mbásanna a áireamh agus iad a thuairisciú;
18. ag tathant ar na Ballstáit an sainmhíniú céanna a ghlacadh le haghaidh cás dearfach de COVID-19 agus le haghaidh bás de dheasca COVID-19 agus le haghaidh téarnamh ó ionfhabhtú;
19. á chur i bhfios go láidir, le sainmhínithe, critéir shláinte agus modheolaíochtaí comhchoiteanna, go mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann anailís choiteann a sheoladh ar an riosca eipidéimeolaíoch ar leibhéal AE;
20. á chur in iúl gur geal léi go láidir an cur chuige a mhol an Coimisiún; á mheas gur cheart mapáil riosca ECDC a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach agus nach amháin ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit. dá bhrí sin, na sonraí a bhailíonn na húdaráis phoiblí réigiúnacha a tharchur chuig ECDC;
21. á mheabhrú go bhfuil sé molta ag ECDC go ndéanfadh na Ballstáit íosbhearta bonnlíne a leanúint chun leathadh an víris a sheachaint, amhail bearta sláinteachais, scaradh sóisialta agus srianadh ar theacht le chéile, úsáid masc aghaidhe i suíomhanna sonracha, socruithe maidir le bheith ag obair ón mbaile, tástáil fhorleathan, leithlisiú cásanna, coraintín gartheagmhálaithe agus cosaint daonraí leochaileacha;
22. á iarraidh ar na Ballstáit na moltaí thuasluaite ó ECDE a leanúint agus comhchreat de bhearta sláinte a shainiú ar cheart d’údaráis phoiblí i limistéir atá buailte é a ghlacadh chun stop a chur le leathadh na paindéime;
23. á aithint gur cheart d’údaráis phoiblí breithniú a dhéanamh ar bhearta breise agus iad a chomhroinnt má thagann méadú ar an ráta tarchuir, ar bearta iad lena n-áirítear idirghabhálacha a chuirfeadh teorann le gluaiseacht an daonra, a dhéanfadh laghdú ar líon na dteagmhálacha in aghaidh an duine, lena gcoiscfí ollchruinnithe, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir ardriosca;
24. á mheas go neartódh creat den sórt sin muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus na limistéir atá buailte, agus go seachnófaí bearta sriantacha mar fhreagairt air;
25. á thabhairt dá haire go ndearna dúnadh teorainneacha difear go diúltach don gheilleagar agus do shaol laethúil na ndaoine a chónaíonn i réigiúin trasteorann agus gur thug roinnt Ballstát díolúintí agus oiriúnuithe sonracha isteach ar na rialacha do na réigiúin sin; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún trasteorann, áit a bhfuil comaitéireacht trasteorann coitianta, agus a éileamh go gcaithfear comhoibriú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i réimsí den sórt sin, chun sásraí sláinte a bhunú go comhpháirteach le haghaidh comhordú agus malartú faisnéise i bhfíor-am agus lánaí glasa mar a thugtar orthu a thabhairt isteach d’oibrithe bunriachtanacha;
26. á iarraidh go nglacfaí agus go gcuirfí chun feidhme comhstraitéis tástála faoina n-aithneofaí torthaí tástála i ngach Ballstát agus go gcuirfí acmhainneachtaí leormhaithe ar fáil chun a áirithiú gur féidir le gach duine a chaithfidh tástáil a ghlacadh déanamh amhlaidh gan aon amanna díréireacha feithimh; á mheas gur cheart tástáil chun críocha taistil, i gcás inar gá, a dhéanamh de rogha sa tír thionscnaimh; á mheas, thairis sin, gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún liosta a tharraingt suas de na húdaráis a bhfuil cead acu deimhniú tástála a sholáthar chun na gcríoch sin, chun an próiseas sin a chosaint ar mhí-úsáid;
27. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ECDC meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht tástálacha de 15 nóiméad atá iontaofa, ach neamhchostasach, a úsáid;
28. á mheabhrú gur fhorbair mórchuid na mBallstát aipeanna rianaithe COVID-19 agus úsáid á baint as an ailtireacht dhíláraithe chéanna; ag dréim leis go mbainfear amach idir-inoibritheacht na n-aipeanna sin ar leibhéal AE faoi Dheireadh Fómhair chun rianú COVID-19 ar fud AE a lamháil; ag spreagann an Choimisiúin agus na mBallstát chun úsáid na saoránaigh a spreagadh tuilleadh úsáid a bhaint as na haipeanna sin, agus déanamh amhlaidh agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí á chomhlíonadh go hiomlán;
29. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, agus tuairim ECDC á mheas acu, aontú ar ghnáth-thréimhse choraintín maidir le taisteal riachtanach agus neamhriachtanach laistigh de AE, agus taisteal riachtanach agus neamhriachtanach isteach in AE ó thríú tíortha.
30. á iarraidh ar na Ballstáit prótacal comhchoiteann a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar othair aisiomptómacha agus ar bhearta i dtaca le leithlisiú othar a raibh toradh deimhneach sa tástáil a bhí acu do COVID-19, mar aon le bearta leithlisithe do theagmhálaithe na n-othar sin;
31. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil saoránaigh ag baint úsáid as foirmeacha aimsithe paisinéirí; á mheas gur cheart leagan comhchuibhithe d‘fhoirm faisnéise aimsithe paisinéirí i bhformáid dhigiteach a úsáid mar thosaíocht chun an phróiseáil a shimpliú agus gur cheart í a sholáthar i bhformáid analógach d’fhonn rochtain a áirithiú do gach Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún foirm chomhchuibhithe aimsithe paisinéirí a fhorbairt d’fhonn muinín a chruthú as córas rialaithe uile-Aontais;
32. á áitiú go gcaithfidh aon bhearta a chuireann srian lenár bpríobháideacht agus cosaint sonraí a bheith dleathach, éifeachtach chun déileáil leis an riosca don saol agus do shláinte an phobail, comhréireach go docht agus le húsáid chun críocha sláinte poiblí amháin, agus faoi réir teorainneacha dochta ama; á chur i bhfios nár cheart go mbeadh ollfhaireachas mar thoradh ar thionscnaimh éigeandála tar éis na géarchéime agus á iarraidh ráthaíochtaí ina leith sin;
33. á áitiú go gcaithfidh an fhoirm aimsithe paisinéirí agus a feidhm a bheith i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, go háirithe maidir le sláine agus rúndacht; á áitiú nár cheart na sonraí a thaifeadtar a úsáid ach amháin i gcomhair rianú teagmhála COVID-19 agus chun na críche sin amháin, i gcomhréir le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra; ag tathant ar na Ballstáit a reachtaíocht ábhartha a thabhairt cothrom le dáta dá réir;
34. á athdhearbhú a hiarraidh ar an gCoimisiún óna rún maidir le straitéis sláinte poiblí an Aontais i ndiaidh COVID-19 le moladh go gcruthófaí Sásra Eorpach um Fhreagairt Sláinte (EHRM) chun freagairt do gach cineál géarchéime sláinte, chun comhordú oibríochtúil a neartú ar leibhéal an Aontais, agus chun faireachán a dhéanamh ar an mbunreacht agus ar ghníomhachtú chúltaca straitéiseach na gcógas leighis agus an trealaimh leighis agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé mar is ceart; á mheas gur cheart le EHRM go ndéanfaí na modhanna oibre a bunaíodh le linn ghéarchéim sláinte COVID-19 a chur ar bhonn foirmiúil, agus go gcuirfí leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, an Cinneadh maidir le Bagairtí Trasteorann ar Shláinte(10) agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;
35. á iarraidh go mbunófaí tascfhórsa COVID-19 faoi stiúir an Choimisiúin faoi chuimsiú an tSásra Eorpaigh um Fhreagairt Sláinte; á mheas gur cheart go mbeadh ionadaíocht ag gach Ballstát ar an tascfhórsa sin agus gur cheart dóibh pointe teagmhála a ainmniú óna bhfeidhmeannais náisiúnta; á mholadh gur cheart go mbeadh sé mar phríomhaidhm ag an tascfhórsa sin moltaí arna dtabhairt ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta a scaipeadh go rialta; á mheas gur cheart go mbeadh sainordú meastóireachta buan ag Parlaimint na hEorpa chun measúnú a dhéanamh ar obair an tascfhórsa sin;
36. á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis shoiléir, thráthúil agus chuimsitheach a thabhairt don phobal ionas go dteorannófar tionchair aon srianta ar shaorghluaiseacht arna gcur ar bun, agus chun intuarthacht, deimhneacht dhlíthiúil agus comhlíonadh ag na saoránaigh a áirithiú;
37. ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis shoiléir, inrochtana agus intuigthe a bheith ann maidir le líon Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil na n-ionfhabhtuithe, maidir leis an gcóras cúraim sláinte, maidir leis na bearta atá i bhfeidhm agus maidir le srianta taistil; á chur i bhfáth go láidir gur gá an fhaisnéis ríthábhachtach sin a bheith ar fáil sna teangacha oifigiúla uile agus sna teangacha a úsáideann codanna suntasacha den daonra chun daoine a bhfuil cúlra imirce acu a áireamh freisin;
38. á chur i bhfáth nach mór an fhaisnéis go léir a bheith intuigthe go héasca don daonra ar fad, lena n-áirítear daoine a bhfuil leibhéal íseal litearthachta acu, trí dhathanna soiléire, comhchuibhithe agus siombailí intuigthe a chur san áireamh i bhfaisnéis phoiblí, agus lena n-áirítear daoine nach bhfuil rochtain ar an idirlíon acu nó nach bhfuil ach rochtain theoranta ar an idirlíon acu tríd an bhfaisnéis sin a chur ar fáil i bhformáid analógach in áiteanna iomchuí;
39. á iarraidh ar chuideachtaí aerlíne paisinéirí a bhfuil eitiltí curtha ar ceal acu de bharr na paindéime a aisíoc a luaithe is féidir agus a n-oibleagáid mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 í a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar chearta paisinéirí le linn na paindéime;
40. á mheabhrú di gur fhulaing earnálacha bunriachtanacha áirithe, amhail earnálacha an bhia, an chógais agus na sláinte agus a slabhraí soláthair, suaití ollmhóra le linn phaindéim COVID-19;
41. á chur i bhfios go láidir gur gá margadh inmheánach a bheidh éifeachtúil, athléimneach agus slán i bhfad na haimsire a áirithiú, ar margadh é a leanfaidh de tháirgí agus seirbhísí atá ríthábhachtach do shaoránaigh a sheachadadh ar fud AE agus a chuirfidh na táirgí sin ar fáil do na saoránaigh uile;
42. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tabhairt faoi anailís chuimsitheach agus thrasearnálach ar na geilleagair laistigh de AE chun tuiscint a fháil ar dhoimhneacht na dtionchar a fulaingíodh le linn phaindéim COVID-19, agus chun measúnú a dhéanamh ar mhéid na suaití ar shlabhraí luacha trasteorann; á mheas gur bonn fianaise riachtanach é sin chun go n-eiseoidh an Coimisiún moltaí nuashonraithe agus go gcinnfeadh sé na príomhbheartais a bheidh ag gníomhú chun téarnamh fadtéarmach comhchoiteann a neartú laistigh den mhargadh aonair, ar téarnamh é nach bhfágfaidh aon duine ar lár;
43. á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach do shaol laethúil na ndaoine go mbeidh earraí bunriachtanacha, amhail bia, feistí leighis nó trealamh cosanta, á seachadadh ar fud an Aontais i gcónaí; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur chun cinn le haghaidh treoir uasghrádaithe maidir le bonneagar criticiúil chun a áirithiú go leanfar de shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí riachtanacha laistigh den mhargadh inmheánach tráth géarchéime amhail paindéim;
44. á mheas gur cheart straitéis chuimsitheach a fhorbairt i ndáil leis sin chun saorghluaiseacht earraí a áirithiú i gcónaí agus chun bearta sriantacha aontaobhacha a sheachaint, agus an tslándáil phoiblí agus bearta sláinte poiblí á gcur san áireamh ag an am céanna, agus chun an téarnamh eacnamaíoch a spreagadh d’fhonn athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a neartú agus ullmhú le haghaidh géarchéim nua;
45. ag tacú go láidir le hiarraidh an Choimisiúin ar na Ballstáit staonadh ó bhearta náisiúnta a ghlacadh lena gcuirfear cosc ar onnmhairiú trealaimh chosanta phearsanta laistigh den Aontas nó ar onnmhairiú ionstraimí leighis nó táirgí cógaisíochta tábhachtacha eile;
46. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh na Ballstáit in ann acmhainní a chomhthiomsú, lena n-áirítear acmhainneachtaí monaraíochta, chun a áirithiú gur féidir freastal laistigh de AE ar an éileamh méadaithe ar TCP, aerálaithe agus trealamh leighis eile, ar sholáthairtí saotharlainne agus ar tháirgí díghalráin, rud a chabhródh freisin le cúltacaí stoc-charn straitéiseach rescEU a neartú;
47. á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an gcreat reachtaíochta atá ann faoi láthair maidir le soláthar poiblí d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as na forálacha solúbthachta atá ann cheana le haghaidh soláthar níos simplí, níos tapa agus níos solúbtha, agus á leagadh amach a thábhachtaí atá an comhsholáthar cógas, an trealamh leighis agus an trealamh cosanta pearsanta chun a áirithiú go mbeidh fáil orthu i ngach réigiún, lena n-áirítear na limistéir thuaithe agus na réigiúin fhorimeallacha agus na réigiúin is forimeallaí;
48. á mheabhrú gur léirigh géarchéim COVID-19 laigí maidir le tomhaltóirí a chosaint de bharr iomadú na gcamscéimeanna agus na dtáirgí neamhshábháilte, go háirithe ar líne; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na laigí sin agus a áirithiú go mbeidh an margadh aonair digiteach cothrom agus sábháilte do chách tríd an Acht um Sheirbhísí Digiteacha atá ar na bacáin trí iallach a chur ar ardáin ar líne gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i gcoinne táirgí den sórt sin;
49. á chur i bhfáth nach mór fios maith a bheith ag tomhaltóirí maidir lena gcearta agus maidir leis na roghanna atá acu nuair a cheannaíonn siad earraí nó seirbhísí, go háirithe i dtráth géarchéime; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun faisnéis iontaofa agus leordhóthanach a chur ar fáil ar bhealach a mbeidh rochtain éasca ag tomhaltóirí ar fud an Aontais uirthi;
50. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta AE den Chéad Ghlúin Eile a chur chun feidhme chomh tapa agus is féidir trí na nósanna imeachta náisiúnta riachtanacha a dhéanamh chomh simplí agus chomh neamh-mhaorlathach agus is féidir chun a áirithiú go mbeidh téarnamh eacnamaíoch AE éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim is doimhne ar dhéileáil AE léi le blianta beaga anuas; á chur i bhfios go láidir nár cheart géarchéim COVID-19 a úsáid mar leithscéal chun cur chun feidhme caighdeán éagsúil do tháirgí agus tionscail a chur ar atráth, a lagú nó a dhíothú, lena n-áirítear na caighdeáin sin arna gceapadh chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn, ach gur cheart é a ghlacadh mar dheis chun feabhas a chur ar an margadh aonair ar bhealach a chuireann an táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe chun cinn;
51. á mheas gur ríthábhachtach é filleadh go tapa ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil, agus á iarraidh go práinneach ar na Ballstáit plé a dhéanamh, in éineacht leParlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, ar Phlean Téarnaimh le haghaidh Schengen, lena n-áirítear na modhanna lena bhfillfear ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil gan rialú ar theorainneacha inmheánacha agus pleananna teagmhais a luaithe agus is féidir, ionas go gcuirfear cosc ar rialuithe leath-bhuan a dhéanamh as rialuithe sealadacha ar theorainneacha inmheánacha sa mheántéarma;
52. á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí lánpháirtiú Schengen maidir le Ballstáit uile AE a thabhairt chun críche, chun go mbeidh feidhm chomhionann ag bearta comhordaithe agus comhchuibhithe ar fud an Aontais agus chun go rachaidh siad chun tairbhe na saoránach uile atá ina gcónaí ann;
53. á mheabhrú di go ndearnadh na srianta sealadacha ar thaisteal is infheidhme maidir leis an taisteal neamhriachtanach ó thríú tíortha chuig Limistéar Schengen a thabhairt isteach; á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh gach cinneadh maidir le cead isteach ag teorainneacha seachtracha a dhiúltú a bheith i gcomhréir le forálacha Chód Teorainneacha Schengen, lena n-áirítear cearta bunúsacha a urramú go háirithe, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de;
54. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis náisiúnta faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar an margadh le linn agus i ndiaidh na géarchéime ionas go gcuirfear cosc ar dhíobháil do thomhaltóirí a bhaineann le COVID-19 agus go gcuideofar le tomhaltóirí a gcearta a eascraíonn ó dhlí AE a chleachtadh;
55. á chur i bhfios go láidir, maidir le haon bhearta sriantacha a fhorchuirfidh na húdaráis náisiúnta mar thoradh ar phaindéim COVID-19, gur cheart go mbeidís, de réir sainmhínithe, teoranta ó thaobh ré de, ós rud é gurb é an t-aon údar atá leo ná dul i ngleic leis an bpaindéim; ag dréim leis go mbeidh an Coimisiún ag tabhairt cosaint ar bhacainní buana ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine laistigh den mhargadh inmheánach a bheith á ndéanamh de bhearta sealadacha;
56. á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt le haghaidh ‘Eoraip athléimneach’, ina mbeidh léarscáil measúnaithe riosca agus roghanna chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú agus infheistíochtaí fónta i gcórais cúraim sláinte agus i bhfreagairtí paindéime ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear slabhraí soláthair athléimneacha san Aontas, lena n-áiritheofar táirgeadh príomhtháirgí, amhail comhábhair chógaisíochta, cógais agus trealamh leighis;
57. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.