Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0048(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0168/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0168/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0243

Téacsanna atá glactha
PDF 112kWORD 42k
Dé Luain, 5 Deireadh Fómhair 2020 - Brussels
Soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin (ECSP) do ghnó ***II
P9_TA(2020)0243A9-0168/2020

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2020 ar sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (06800/1/2020 – C9-0292/2020 – 2018/0048(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (06800/1/2020 – C9‑0292/2020),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0113),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0168/2020),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 65.
(2) Téacsanna arna nglacadh an 27.3.2019, P8_TA(2019)0301.

An nuashonrú is déanaí: 13 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais