Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear don Fhrainc ráta laghdaithe i leith cánacha indíreacha áirithe a chur i bhfeidhm ar an rum ‘traidisiúnta’ a tháirgtear i nGuadalúip, Guáin na Fraince, Martinique agus La Réunion (COM(2020)0332 – C9-0217/2020 – 2020/0150(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0332),
– ag féachaint d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0217/2020),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0156/2020),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.