Leithdháileadh freagrachtaí nua ar Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Valdis Dombrovskis a fhormheas
P9_TA(2020)0249
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le freagrachtaí nua a leithdháileadh ar Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Valdis Dombrovskis (2020/2203(INS))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 17(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagal 248 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d'Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do phointe 7 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach(1),
– ag féachaint do litir Uachtarán an Choimisiúin an 14 Meán Fómhair 2020,
– ag féachaint don éisteacht le Valdis Dombrovskis an 2 Deireadh Fómhair 2020, a raibh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta i gceannas uirthi, i gcomhlachas leis an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, an Coiste um Fhorbairt, an Coiste um Buiséid agus an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta , agus don litir mheastóireachta a tarraingíodh suas tar éis na héisteachta sin,
– ag féachaint don scrúdú a rinne Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí ag a cruinniú an 5 Deireadh Fómhair 2020, agus don scrúdú a rinne Comhdháil na nUachtarán ag a cruinniú an 6 Deireadh Fómhair 2020,
– ag féachaint do Riail 125 dá Rialacha Nós Imeachta, agus d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leo,
1. ag formheas leithdháileadh freagrachtaí nua ar Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Valdis Dombrovskis don chuid eile de théarma oifige an Choimisiúin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.