Ceapachán Mairead McGuinness mar chomhalta den Choimisiún Eorpach a fhormheas
P9_TA(2020)0250
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Mairead McGuinness a cheapadh mar Chomhalta den Choimisiún (C9-0295/2020 - 2020/0803(NLE))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 246, an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d'Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do phointe 6 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach(1),
– ag féachaint do Phil Hogan d’éirí as oifig mar Chomhalta den Choimisiún,
– ag féachaint don litir ón gComhairle dar dáta an 14 Meán Fómhair 2020, trína ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le cinneadh, a ghlacfar de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin, maidir le Mairead McGuinness a cheapadh mar Chomhalta den Choimisiún (C9-0295/2020),
– ag féachaint do litir Uachtarán an Choimisiúin an 14 Meán Fómhair 2020,
– ag féachaint don éisteacht le Mairead McGuinness an 2 Deireadh Fómhair 2020, a raibh an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i gceannas uirthi, agus don litir mheastóireachta a tarraingíodh suas tar éis na héisteachta sin,
– ag féachaint don scrúdú a rinne Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí ag a cruinniú an 5 Deireadh Fómhair 2020, agus don scrúdú a rinne Comhdháil na nUachtarán ag a cruinniú an 6 Deireadh Fómhair 2020,
– ag féachaint do Riail 125 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leo,
1. ag formheas cheapachán Mairead McGuinness mar Chomhalta den Choimisiún don chuid eile de théarma oifige an Choimisiúin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.