Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2072(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0170/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0170/2020

Díospóireachtaí :

PV 05/10/2020 - 15
CRE 05/10/2020 - 15

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0251

Téacsanna atá glactha
PDF 188kWORD 60k
Dé Céadaoin, 7 Deireadh Fómhair 2020 - Brussels
Sásra AE um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha a bhunú
P9_TA(2020)0251A9-0170/2020
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra AE um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha a bhunú (2020/2072(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint, go háirithe, d’Airteagal 2, Airteagal 3(1), an dara fomhír d’Airteagal 3(3), Airteagal 4(3) agus Airteagail 5, 6, 7 agus 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do na hairteagail den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear Airteagail 70, 258, 259, 260, 263 agus 265 de, a bhaineann le hurraim a thabairt don daonlathas, don smacht reachta agus do na cearta bunúsacha san Aontas, agus lena gcosaint agus lena gcur chun cinn,

–  ag féachaint do Phrótacail Uimh. 1 ar ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach agus do Phrótacal Uimh. 2 ar chur i bhfeidhm phrionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do chritéir Chóbanhávan agus don chorpas de rialacha de chuid an Aontais nach mór do thír is iarrthóir a chomhlíonadh más mian léi dul isteach san Aontas (an acquis),

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

–  ag féachaint d’ionstraimí de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint chearta an duine agus le cosaint do chearta bunúsacha agus ag féachaint do na moltaí agus na tuarascálacha atá in Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cásdlí chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine,

–  ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine an 8 Márta 1999,

–  ag féachaint do na moltaí agus tuarascálacha ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta, ón Ionadaí maidir le Saoirse na Meán agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, do Chairt Shóisialta na hEorpa, do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, don Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta, do na coinbhinsiúin, na moltaí, na rúin agus na tuarascálacha ón gComhthionól Parlaiminteach, ó Choiste na nAirí, ón gCoimisinéir um Chearta an Duine, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ón nGrúpa Stiúrtha ar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choimisiún na Veinéise agus ó chomhlachtaí eile i gComhairle na hEorpa,

–  ag féachaint do Mheabhrán Tuisceana an 23 Bealtaine 2007 idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe,

–  ag féachaint don chomhaontú lena mbunaítear an Grúpa de Stáit in aghaidh an Éillithe,

–  ag féachaint don Seicliosta Smachta Reachta a ghlac Coimisiún na Veinéise ag a 106ú seisiún iomlánach an 18 Márta 2016,

–  ag féachaint do shraith uirlisí Chomhairle na hEorpa do Bhallstáit dar teideal ‘Urraim don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta an duine faoi chuimsiú ghéarchéim sláintíochta COVID-19’, dar dáta an 7 Aibreán 2020,

–  ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa chun Iriseoireacht agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chosaint,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Iúil 2019 dar teideal ‘An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú – Treoirphlean gníomhaíochta’ (COM(2019)0343),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2020 ina bhfuil Clár Oibre 2020 an Choimisiúin (COM(2020)0037) agus Clár Oibre coigeartaithe an Choimisiúin an 27 Bealtaine 2020 (COM(2020)0440),

–  ag féachaint do Scórchlár Ceartais 2020 AE,

–  ag féachaint do Thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meitheamh 2019 dar teideal ‘An Smacht Reachta a neartú tuilleadh laistigh den Aontas. Staid reatha agus na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfaí a thabhairt’, lenar moladh go mbunófaí Fóram bliantúil ar Chearta Bunúsacha agus ar an Smacht Reachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón nGrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a foilsíodh i Meitheamh 2020 agus dar teideal ‘Forbairtí náisiúnta ó dhearcadh na sochaí sibhialta 2018-2019’,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal ‘Dúshláin roimh Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta atá ag Obair ar Chearta an Duine in AE’ arna foilsiú an 17 Eanáir 2018, agus dá tuarascálacha agus sonraí eile,

–  ag féachaint don tuarascáil ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, dar teideal ‘Béising +25: an cúigiú hathbhreithniú ar chur chun feidhme Clár Oibre Bhéising don Ghníomhaíocht i mBallstáit AE’, a foilsíodh an 5 Márta 2020,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gcruinniú idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit, an 16 Nollaig 2014, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hurraim don smacht reachta a áirithiú,

–  ag féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le bunú shásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha(1),

–  ag féachaint dá rún an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta(2),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 17 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár um Chearta agus Luachanna(3),

–  ag féachaint dá rún an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach AE a bheith ann chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint(4),

–  ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2019 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach sa bhliain 2017(5),

–  ag féachaint dá rún an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE(6),

–  ag féachaint dá rún an 28 Márta 2019 maidir le staid an smachta reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe in AE, go sonrach i Málta agus sa tSlóvaic(7),

–  ag féachaint dá rún an 18 Nollaig 2019 maidir le hidirdhealú poiblí agus fuathchaint i gcoinne daoine LADTI, lena n-áirítear limistéir saor ó LADTI(8),

–  ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2018(9),

–  ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2020 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir(10),

–  ag féachaint dá rún an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(11),

–  ag féachaint do mholtaí Eagraíocht chomhpháirteach na sochaí sibhialta dar teideal ‘Ó threoirphlean go lorg: Saoirse agus iolrachas na meán a choimirciú trí Shásra Eorpach an Smachta Reachta’, a foilsíodh in Aibreán 2020,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine dar teideal ‘An Smacht Reachta san Aontas Eorpach’, a foilsíodh an 11 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint don aighneacht ón Meitheal um Beartas Inmheánach AE um Chearta an Duine den Ghréasán um Chearta an Duine agus um an Daonlathas an 4 Bealtaine 2020 chuig an gCoimisiún Eorpach faoi chuimsiú an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí do Tuarascáil ar an Smacht Reachta,

–  ag féachaint dá measúnú breisluacha Eorpaigh a ghabhann leis an tuarascáil tionscnaimh reachtach maidir le sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha de mhí Dheireadh Fómhair 2016,

–  ag féachaint don Mheasúnú Tosaigh de mhí Dheireadh Fómhair 2020 ón bParlaimint maidir le sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha,

–  ag féachaint do Rialacha 46, 54 agus 148 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0170/2020),

A.  de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE); de bhrí gur comhluachanna ag na Ballstáit iad na luachanna sin agus gur ghlac na Ballstáit uile go toilteanach leo; de bhrí gur luachanna a threisíonn a chéile iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha;

B.  de bhrí go bhfuil códú déanta ag an Aontas ar a chritéir aontachais agus go n-éilíonn comhaltas den Aontas go bhfuil cobhsaíocht bainte amach ag tír is iarrthóir ó thaobh a cuid institiúidí a bheith in ann an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus urraim agus cosaint do mhionlaigh a ráthú; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil easpa uirlisí éifeachta ag an Aontas chun na critéir sin a fhorfheidhmiú ón uair a bhíonn tír ina cuid den Aontas;

C.  de bhrí, thar na deich mbliana seo a chuaigh thart, go ndearnadh ionsaithe dána i roinnt Ballstát ar luachanna an Aontais; de bhrí gur thug an Pharlaimint aghaidh ar na forbairtí imníocha sin arís agus arís eile ina cuid rún ó 2011, lena n-áirítear Airteagal 7 CAE a ghníomhachtú in 2018; de bhrí go bhfuil sé á iarraidh ag an bParlaimint ó 2016 go ndéanfar faireachán atá cuimsitheach, coisctheach agus bunaithe ar fhianaise sa réimse sin trí bhíthin sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha;

D.  de bhrí go bhfuil grúpaí leochaileacha i gcónaí ann, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, Romaigh, daoine LADTI agus daoine scothaosta, nach bhfuil lánurraim á léiriú dá gcearta i gcuid de na Ballstáit agus nach bhfuil cosaint iomlán acu ó fhuath agus ó idirdhealú, rud atá ina shárú ar luachanna an Aontais de réir mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 2 CAE agus ar an gceart chun neamh-idirdhealú dá bhforáiltear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt); de bhrí go bhfuil bearta éigeandála a rinneadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 tar éis tuilleadh struis a chur ar chearta bunreachtúla agus ar dheighilt chuí na gcraobhacha cumhachta ar bhonn daonlathach;

E.  de bhrí go mbaineann isteach agus amach le 10 % de shaoránaigh an Aontais le mionlach náisiúnta; de bhrí gur cuid lárnach de luachanna an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, atá in urraim do chearta na mionlach: de bhrí go rannchuidíonn mionlaigh le héagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais; de bhrí nach bhfuil aon chreat dlí de chuid an Aontais ann faoi láthair chun cearta mionlaigh a ráthú agus faireachán a dhéanamh ar na cearta sin;

F.  de bhrí go bhfuil sáruithe ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, gan freagairt ná iarmhairtí cuí ar leibhéal an Aontais, ina lagú ar chomhtháthú an tionscnaimh Eorpaigh, ar chearta shaoránaigh uile an Aontais agus ar an iontaoibh fhrithpháirteach i measc na mBallstát;

G.  de bhrí go bhfuil éilliú ina bhagairt thromchúiseach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chóir chothrom do na saoránaigh go léir;

H.  de bhrí gur príomhcholúin den daonlathas atá san iriseoireacht neamhspleách agus i rochtain ar fhaisnéis iolraíoch; de bhrí nach bhfuil aghaidh tugtha ar bhealach sách bríomhar ar an staid imníoch ina bhfuil saoirse na meán agus iolrachas san Aontas; de bhrí go bhfuil an tsochaí shibhialta bunriachtanach chun go mbeidh rath ar an daonlathas; de bhrí go bhfuil an laghdú ar an spás atá ann don tsochaí shibhialta ag rannchuidiú le sáruithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha; de bhrí go bhfuil ar institiúidí an Aontais idirphlé oscailte, trédhearcach agus tráthrialta a choimeád ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta ar gach leibhéal;

I.  de bhrí go bhfuil neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta ríthábhachtach chun ceartas éifeachtach a bhaint amach; de bhrí go bhféadfaidh mórthionchar a bheith ag infhaighteacht an chúnaimh dhlíthiúil agus leibhéal na dtáillí cúirte ar rochtain ar an gceartas; de bhrí go bhfuil an luach dlíthiúil céanna ag an gCairt agus atá ag na Conarthaí; de bhrí, i gcomhréir le treorú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach ndéanann údaráis bhreithiúnacha na mBallstát an Chairt a chur i bhfeidhm ach amháin nuair a bhíonn gníomhartha dlí de chuid an Aontais á gcur chun feidhme, ach go bhfuil sé tábhachtach, áfach, chun cultúr comhchoiteann dlíthiúil agus breithiúnach agus de réir an smachta reachta a chothú go gcuirtear na cearta a chumhdaítear sa Chairt san áireamh i gcónaí;

J.  de bhrí gur fhoilsigh an Coimisiún a Thuarascáil ar an Smacht Reachta 2020 an 30 Meán Fómhair 2020 (COM(2020)0580), a mbeidh at Straitéis athnuaite maidir le Cur Chun Feidhme na Cairte um Chearta Bunúsacha agus an Plean Gníomhaíochta um Dhaonlathas Eorpach le teacht ina diaidh;

K.  de bhrí, i dtaca le rialachán maidir le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit, a luaithe a ghlacfar é, gur uirlís dhochealaithe a bheidh ann maidir leis an smacht reachta a choimirciú laistigh den Aontas;

L.  de bhrí nach mór go mbeadh dlúthbhaint le haon sásra faireacháin ag geallsealbhóirí atá gníomhach i gcosaint agus cur chun cinn an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, comhlachtaí Chomhairle na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, údaráis ábhartha agus comhlachais ghairmiúla a thacaíonn le córais bhreithiúnacha i dtabhairt i gcrích an cheartais ar bhonn neamhspleách; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil maoiniú leormhaith ón Aontas riachtanach don tsochaí shibhialta, go háirithe tríd an gClár Ceartais agus tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;

M.  de bhrí gur gá na sásraí atá cheana ann a neartú agus a shruthlíniú agus gur gá sásra éifeachtach a fhorbairt chun a áirithiú go ndéantar na prionsabail agus luachanna a chuimsítear sna Conarthaí a urramú ar fud an Aontais;

N.  de bhrí go bhfuil freagracht pholaitiúil as luachanna an Aontais a urramú, laistigh de theorannacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh i gConarthaí an Aontais Eorpaigh, á gcomhroinnt ag an bParlaimint, ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle (na ‘trí institiúid’); de bhrí, le comhaontú idirinstitiúideach bunaithe ar Airteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go n-áiritheofaí na socruithe is gá chun comhar na dtrí institiúid a éascú i ndáil leis sin; de bhrí, de bhun Airteagal 295 CFAE, go bhféadfaidh aon cheann de na trí institiúid comhaontú den sórt sin a mholadh;

1.  ag leagan béim ar an ngéarghá atá le clár oibre daingean, cuimsitheach agus dearfach a bheith á fhorbairt ag an Aontas le haghaidh an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha dá shaoránaigh uile a chosaint agus a threisiú go héifeachtach; á áitiú go gcaithfidh an tAontas fanacht de bheith ina chrann taca don tsaoirse agus don cheartas san Eoraip agus ar domhan;

2.  ag tabhairt rabhaidh go bhfuil ar an Aontas dul i ngleic le géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus atá ag dul i méad, maidir lena luachanna fothaithe, ar géarchéim í atá ina bagairt ar mharthanas fadtéarmach an Aontais mar thionscadal síochána daonlathach; á chur in iúl gur an-chúis bhuartha di an méadú agus an daingniú atá ag teacht ar threochtaí uathlathacha agus neamhliobrálacha, rud atá á dhéanamh níos measa fós mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus an cúlú eacnamaíoch, chomh maith le héilliú, mífhaisnéis agus greamú stáit, i roinnt Ballstát; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an treocht sin contúirteach do chomhtháthú dhlíchóras an Aontais, do chosaint na gceart bunúsach dá chuid saoránaigh do léir, d’fheidhmiú an mhargaidh aonair, d’éifeachtúlacht a chomhbheartas agus dá chreidiúnacht idirnáisiúnta;

3.  á mheabhrú, ó thaobh struchtúir de, na bhfuil na hacmhainní is gá fós ag an Aontas chun dul i ngleic le cúlú sna Ballstáit maidir le cearta bunúsacha agus daonlathacha agus an smacht reachta; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil an Chomhairle in ann dul chun cinn fóinteach a dhéanamh maidir le luachanna an Aontais a fhorfheidhmiú i nósanna imeachta faoi Airteagal 7 CAE atá ar siúl faoi láthair; ag tabhairt dá haire go bhfuil mainneachtain na Comhairle maidir le hAirteagal 7 CAE a chur i bhfeidhm go deimhin ag cumasú do thíortha leanúint orthu de bheith ag imeacht ó na luachanna dá bhforáiltear in Airteagal 2 CAE; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di a neamheagraithe atá sraith uirlisí an Aontais sa réimse sin agus á iarraidh go ndéanfar an tsraith uirlisí sin a chuíchóiriú agus a fhorfheidhmiú go cuí;

4.  á chur in iúl gur geal léi obair an Choimisiúin ar a Thuarascáil Bhliantúil ar an Smacht Reachta; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil éilliú agus saoirse na meán mar chuid den mheasúnú bliantúil; ag tabhairt dá haire, áfach, nach gcuimsítear ansin réimsí an daonlathais agus na gceart bunúsach; á chur in iúl gur oth léi go háirithe nach bhfuil saoirse comhlachais agus an laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta ina gcuid den mheasúnú bliantúil; á chur i bhfios go láidir gur cúis imní di go bhfuil grúpaí leochaileacha i gcónaí ann, lena n-áirítear mná, daoine faoi mhíchumas, Romaigh, daoine LADTI agus daoine scothaosta, nach bhfuil lánurraim á léiriú dá gcearta i gcuid de na Ballstáit agus nach bhfuil cosaint iomlán acu ó fhuath agus ó idirdhealú, rud atá ina shárú ar luachanna an Aontais de réir mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 2 CAE; á mheabhrú go bhfuil sé iarrtha arís agus arís eile ag an bParlaimint go mbeadh sásra faireacháin ann a chuimseodh raon feidhme iomlán Airteagal 2 CAE; á athdhearbhú an gá atá le sásra faireacháin atá oibiachtúil agus fianaise-bhunaithe, agus é cumhdaithe i ngníomh dlí, lena gcuirfí de cheangal ar na trí institiúid a bheith páirteach i bpróiseas trédhearcach agus rialta, próiseas lena ngabhfaidh freagrachtaí a shainítear go soiléir, ionas go mbeidh cosaint agus cur chun cinn luachanna an Aontais ina gcuid bhuan agus infheicthe de chlár oibre an Aontais;

5.  á mholadh sásra AE maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha (an ‘Sásra’) a bhunú, bunaithe ar thogra 2016 ón bParlaimint agus ar Thuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta, a bheidh faoi rialú ag comhaontú idirinstitiúideach idir na trí institiúid, ina mbeidh Timthriall Faireacháin Bliantúil ar luachanna an Aontais, lena gcumhdaítear gach gné d’Airteagal 2 CAE, agus feidhm chomhionann, oibiachtúil agus cothrom aige maidir leis na Ballstáit uile, ach fós lena n-urramaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta;

6.  á chur i bhfios go láidir nach mór moltaí soiléire tírshonracha a chuimsiú sa Timthriall Faireacháin Bliantúil, agus amlínte agus spriocanna cur chun feidhme a bheith ag gabháil leo, ar moltaí iad a ndéantar obair leantach orthu i dtuarascálacha bliantúla nó práinneacha ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth go gcaithfear aon mhainneachtain i gcur chun feidhme na moltaí a nascadh le bearta nithiúla ón Aontas, lena n-áirítear nósanna imeachta faoi Airteagal 7 CAE, nósanna imeachta um shárú agus coinníollacht bhuiséadach ón uair a bheidh an Sásra i bhfeidhm; á chur in iúl nach é amháin gur cheart go mbeadh na moltaí sin dírithe ar sháruithe a leigheas ach gur cheart dóibh freisin beartais a chur chun cinn a chumasóidh do shaoránaigh tairbhiú de chearta agus luachanna an Aontais;

7.  á chur i bhfios gur cheart don Sásra ionstraimí atá ann cheana a chomhdhlúthú agus a ionadú ionas go seachnófar aon dúbailt, go háirithe an Tuarascáil Bhliantúil ar an Smacht Reachta ón gCoimisiún, Creat an Choimisiúin um an Smacht Reachta, tuairisciú bliantúil an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm na Cairte, idirphlé na Comhairle maidir leis an smacht reachta agus an Sásra Comhair agus Fíorúcháin (CVM), agus go méadófaí leis sin an chomhlántacht agus an chomhsheasmhacht le huirlisí eile atá ar fáil, lena n-áirítear nósanna imeachta faoi Airteagal 7 CAE, imeachtaí um shárú agus coinníollacht bhuiséadach a luaithe a bheidh an Sásra i bhfeidhm; á mheas gur cheart do na trí institiúid na fionnachtana ón Timthriall Faireacháin Bliantúil a úsáid ina measúnú chun críoch ghníomhachtú Airteagal 7 CAE agus coinníollacht buiséadach nuair a bheidh sé i bhfeidhm ; á chur i bhfáth go gcaithfear urraim a léiriú do na róil agus sainchúraimí atá ag gach ceann de na trí institiúid;

8.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil neamhspleáchas na mbreithiúna ina dhlúthchuid de chinnteoireacht bhreithiúnach agus gur ceanglas é a eascraíonn as prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí a leagtar amach in Airteagal 19 CAE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb é a bhí go príomha sna hionsaithe a rinneadh le déanaí ar an smacht reachta ná iarrachtaí ar dhíobháil a dhéanamh don neamhspleáchas breithiúnach agus á chur i bhfáth gur cúirt Eorpach atá freisin i ngach ceann de na cúirteanna náisiúnta; ag tathant an gCoimisiún na hionstraimí uile atá ar fáil dó a úsáid i gcoinne aon iarracht a dhéanfadh rialtais na mBallstát neamhspleáchas a gcúirteanna náisiúnta a chur i mbaol, agus an Pharlaimint a chur ar an eolas go tráthúil faoi aon chás den sórt sin;

9.  á mheabhrú gur oibleagáid dhlíthiúil dá bhforáiltear faoi Airteagal 6(2) CAE atá in aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint; ag athdhearbhú an ghá atá leis an bpróiseas aontachais sin a thabhairt chun críche go tapa chun creat comhsheasmhach a áirithiú do chosaint chearta an duine ar fud na hEorpa agus chun cosaint do chearta agus saoirsí bunúsacha laistigh de AE a neartú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, dlús a chur lena iarrachtaí na Conarthaí a chur chun feidhme go hiomlán agus an próiseas aontachais a thabhairt chun críche gan moill mhíchuí;

10.  á mheabhrú go bhfuil ról fíor-riachtanach atá le himirt ag an tsochaí shibhialta, ag institiúidí náisiúnta um chearta an duine, agus comhlachtaí comhionannais agus ag gníomhaithe ábhartha eile ag gach céim den Timthriall Faireacháin Bliantúil, ó ionchur a sholáthar go cur chun feidhme agus faireachán a éascú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá ann le cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine agus do ghníomhaithe tuairiscithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear cosaint in aghaidh aon mhí-úsáid de chaingne cúirte, i gcás inar gá, mar aon le cistiú leormhaith ar gach leibhéal; á iarraidh ina leith sin go gcruthófaí reacht le haghaidh comhlachais trasteorann Eorpacha agus eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara Eorpacha tar éis measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh; á chur i bhfáth go rannchuidíonn sceithirí leis an smacht reachta a choimirciú agus le héilliú a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thrasuí agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais(12); á chur i bhfios go bhféadfaidh stádas creidiúnaithe na n-institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus an spás don tsochaí shibhialta fónamh mar tháscairí chun críocha measúnaithe; ag spreagadh na bparlaimintí náisiúnta díospóireachtaí poiblí a reáchtáil agus seasaimh a ghlacadh maidir le toradh an timthrialla faireacháin; á thabhairt chun suntais go bhfuil oiliúint do ghairmithe ceartais bunriachtanach le haghaidh chur chun feidhme agus chur i bhfeidhm cuí dhlí an Aontais agus dá réir sin go bhfuil sé bunriachtanach chun cultúr comhchoiteann dlíthiúil ar fud an Aontais a neartú; á mheas go gcaithfidh an straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach atá ar an bacáin fócas breise a chur ar an smacht reachta agus neamhspleáchas breithiúnach a chur chun cinn agus nach mór oiliúint ar scileanna agus saincheisteanna neamhdhlíthiúla a bheith ar áireamh inti ionas gur fearr a bheidh breithiúna ullmhaithe le seasamh in aghaidh aon bhrú míchuí; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát leis an idirphlé idir cúirteanna agus cleachtóirí dlí a chur chun cinn agus a éascú tuilleadh, trí mhalartú rialta faisnéise agus dea-chleachtas ar bhonn rialta a chothú chun limistéar ceartais an Aontais atá bunaithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha a neartú agus a chur chun cinn; á chur i bhfáth go gcaithfear cistiú leormhaith a áirithiú do na hearnálacha a bhaineann leis an gClár Ceartais agus leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil atá ar na bacáin, mar gurb é atá mar aidhm ag na cláir sin ná luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn mar aon le limistéar ceartais san Aontas bunaithe ar an smacht reachta a fhorbairt agus tacú leis an tsochaí shibhialta;

11.  á chur in iúl gur cheart go mbeadh comhlántacht idir Scórchlár Ceartais AE, lenar féidir comparáid a dhéanamh idir córais bhreithiúnacha na mBallstát, agus an Sásra; ag tabhairt dá haire, de réir Scórchlár Ceartais 2020 AE, go bhfuil difríochtaí suntasacha fós ann i measc na mBallstát i ndáil leis an líon cásanna atá ar feitheamh agus go bhfuil an riaráiste cásanna méadaithe i gcuid de na Ballstáit agus chomh maith leis sin nach bhfuil oiliúint i scileanna TFC dírithe ar oiriúnú don digiteáil agus éascú rochtana ar cheartas á tairiscint sna Ballstáit uile agus gur lú atá cúnamh dlíthiúil inrochtana i gcuid de na Ballstáit in imeacht na mblianta agus nach bhfuil comhionannas inscne á áirithiú fós ina gcóras breithiúnach i bhformhór na mBallstát;

12.  ag athdhearbhú ról na Parlaiminte, i gcomhréir le hAirteagal 7 CAE, maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh luachanna an Aontais; á athdhearbhú gur iarr an Pharlaimint go gcuirfí ar a cumas togra réasúnaithe a thíolacadh don Chomhairle agus freastal ar éisteachtaí Airteagal 7 nuair is í an Pharlaimint a thionscain an nós imeachta, agus é sin le hurraim do na sainchúraimí atá ag gach ceann de na trí institiúid agus do phrionsabal an chomhair dhílis; á iarraidh ar an gComhairle an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go rialta agus í a rannpháirtiú go dlúth agus á iarraidh uirthi freisin oibriú ar bhealach trédhearcach; á chreidiúint, a bhuí leis an Sásra a mbeidh comhaontú idirinstitiúideach mar bhonn leis, go gcuirfear an creat is gá ar fáil chun comhordú níos fearr a bhaint amach;

13.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeidh athrú ar an gConradh de dhíth, san fhadtéarma, chun chumas an Aontais a neartú ó thaobh na gcroífhorálacha bunreachtúla a chur chun cinn agus a chosaint; ag tnúth leis na smaointe agus na conclúidí a thiocfaidh as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ina leith sin; á chur i bhfáth gur cheart éifeachtúlacht nós imeachta Airteagal 7 CAE a fheabhsú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an tromlach atá riachtanach le haghaidh gníomhaíochta agus tríd an sásra smachtbhannaí a threisiú; á iarraidh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa smaoineamh ar ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó thaobh chosaint luachanna fothaitheacha an Aontais a neartú; á iarraidh, i ndiaidh measúnú tionchair críochnúil, go ndéanfar athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Chearta Bunúsacha(13), d’fhonn sainordú na Gníomhaireachta sin a neartú agus a mhéadú ionas go gclúdóidh sé na luachanna go léir dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE;

14.  á chreidiúint go láidir gur réamhchoinníoll é aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim luachanna an Aontais, lena n-áirítear tríd an Sásra atá beartaithe, chun muinín fhrithpháirteach a athbhunú i measc na mBallstát, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais ina iomláine na comhbheartais uile a chothabháil agus a chur chun cinn tuilleadh;

15.  á chur in iúl gur oth léi go ndearna an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 21 Iúil 2020, an sásra um choinníollacht bhuiséadach arna mholadh ag an gCoimisiún a lagú; á iarraidh an athuair go n-áiritheofar go measfar aon sárú córasach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 TEU a bheith ar neamhréir le cistiú ón Aontas; á chur i bhfáth gur gá tromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid chun buiséad an Aontais a chosaint, agus dá uireasa sin go mbeadh éifeachtúlacht an tsásra um choinníollacht bhuiséadach i mbaol; á éileamh go mbeidh bearta atá dírithe ar mhaolú a dhéanamh ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar thairbhithe aonair an chistithe ón Aontas, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ag gabháil le cur i bhfeidhm na coinníollachta buiséadaí; á chur i bhfios go láidir nach féidir an Timthriall Faireacháin Bliantúil atá beartaithe, ina aonar, a chur in ionad an tsásra um choinníollacht bhuiséadach; ag tathant ar an gComhairle Eorpach beart a dhéanamh de réir an ghealltanais a thug sí i nDearbhú Sibiu an 9 Bealtaine 2019 maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint;

16.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíochta leis an bParlaimint gan mhoill faoi chomhaontú idirinstitiúideach i gcomhréir le hAirteagal 295 CFAE; á mheas gur bunús iomchuí é an togra a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo do chaibidlíocht den sórt sin;

17.  á threorú dá hUachtarán an togra seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

(1) IO C 215, 19.6.2018, lch. 162.
(2) IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0407.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0456.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0032.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0111.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0328.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0101.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0007.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0014.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(12) IO L 305, 26.11.2019, lch. 17.
(13) IO L 53, 22.2.2007, lch. 1.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:

Togra le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Luachanna an Aontais a Neartú

PARLAIMINT NA hEORPA, COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS AN COIMISIÚN EORPACH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 295 de,

de bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  de réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad (‘luachanna an Aontais’).

(2)  De bhun Airteagal 49 CAE, is coinníoll bunúsach de bhallraíocht san Aontas é a bheith tiomanta luachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn. I gcomhréir le hAirteagal 7 CAE, i gcás ina ndéanann Ballstát sárú tromchúiseach agus leanúnach ar luachanna an Aontais, féadfar cearta vótála an ionadaí do rialtas an Bhallstáit sin a fhionraí sa Chomhairle. Is é meas ar luachanna an Aontais atá ina bhonn don ardleibhéal muiníne agus muiníne frithpháirtí idir na Ballstáit.

(3)  Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (‘na trí institiúid’) go bhfuil sé tábhachtach luachanna an Aontais a urramú. Is gá luachanna an Aontais a urramú ar mhaithe le dea-fheidhmiú an Aontais agus chun gur féidir a chuspóirí a ghnóthú mar a leagtar amach in Airteagal 3 CAE. Tá na trí institiúid tiomanta don chomhar dílis frithpháirteach chun urraim do luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a áirithiú.

(4)  Aithníonn na trí institiúid gur gá na huirlisí atá ann cheana a chuíchóiriú agus éifeachtacht na n-uirlisí sin a neartú, ar uirlisí iad a ceapadh chun comhlíonadh luachanna an Aontais a chothú. Ba cheart, dá bhrí sin, sásra cuimsitheach, idirinstitiúideach agus fianaise-bhunaithe a bhunú, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú, chun comhordú idir na trí institiúid a fheabhsú agus chun tionscnaimh a glacadh roimhe sin a chomhdhlúthú. I gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle Ceartais agus um Gnóthaí Baile an 6 agus an 7 Meitheamh 2013, ba cheart go bhfeidhmeodh sásra den sórt sin ‘ar bhealach trédhearcach, ar bhonn fianaise a thiomsaítear, a chuirtear i gcomparáid lena chéile agus a ndéantar anailís uirthi go hoibiachtúil agus ar bhonn an chomhionannais chóir idir na Ballstáit’.

(5)  Tá na trí institiúid ar aon tuairim go bhfuil gá le Timthriall Faireacháin Bliantúil maidir le Luachanna an Aontais chun cur chun cinn agus urraim do luachanna an Aontais a threisiú. Ba cheart don Timthriall Faireacháin Bliantúil a bheith cuimsitheach, oibiachtúil, neamhchlaonta, fianaise-bhunaithe agus feidhm chomhionann a bheith aige maidir leis na Ballstáit uile. Ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an Timthriall Faireacháin Bliantúil sáruithe ar luachanna an Aontais agus neamhchomhlíonadh luachanna an Aontais a chosc, agus forbairtí dearfacha a thabhairt chun suntais agus dea-chleachtais a mhalartú, agus ag an am céanna bonn comhroinnte a sholáthar do ghníomhaíochtaí eile ag na trí institiúid. Aontaíonn na trí institiúid freisin an Comhaontú Idirinstitiúideach seo a úsáid chun ionstraimí agus tionscnaimh atá ann cheana a chomhtháthú a bhaineann le luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a urramú, go háirithe an Tuarascáil bhliantúil ar an Smacht Reachta ón gCoimisiún, idirphlé bliantúil na Comhairle faoin smacht reachta agus Creat an Choimisiúin um an Smacht Reachta, chun dúbláil a sheachaint agus chun an éifeachtacht fhoriomlán a neartú.

(6)  Ba cheart gurb éard a bheadh sa Timthriall Faireacháin Bliantúil ná céim ullmhúcháin, foilsiú tuarascála bliantúla faireacháin ar chomhlíonadh luachanna an Aontais lena n-áirítear moltaí tírshonracha, agus céim leantach, lena n-áirítear cur chun feidhme moltaí. Ba cheart an Timthriall Faireacháin Bliantúil a dhéanamh de mheon trédhearcach agus oscailte le rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta agus ba cheart dó a bheith cosanta ón mbréagaisnéis.

(7)  Tá na trí institiúid den tuairim gur cheart Cinntí 2006/928/CE(1) agus 2006/929/CE(2) ón gCoimisiún a ionadú leis an Timthriall Faireacháin Bliantúil agus, inter alia, cuspóirí na gCinntí sin a chomhlíonadh. Ní dochar an Comhaontú Idirinstitiúideach seo d’Ionstraim Aontachais 2005, go háirithe Airteagail 37 agus 38 de.

(8)  Ba cheart don Timthriall Faireacháin Bliantúil a bheith comhlántach agus comhleanúnach le hionstraimí eile a bhaineann le luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a neartú. Go háirithe, geallann na trí institiúid úsáid a bhaint as tátail na tuarascálacha bliantúla agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu atá nó nach bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaí sárú tromchúiseach nó ar cé acu atá nó nach bhfuil tromchúiseach agus leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar luachanna an Aontais i gcomhthéacs Airteagal 7 CAE. Ar an gcaoi chéanna, thug an Coimisiún gealltanas úsáid a bhaint as tátail na tuarascála bliantúla faireacháin mar chuid dá mheasúnú ar cheart nós imeachta maidir le sárú a sheoladh agus an bhfuil easnaimh ghinearálaithe ann a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/xxxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3). Comhaontaíonn na trí institiúid gur cheart go dtreoródh na tuarascálacha bliantúla a gcuid gníomhaíochtaí i gcoitinne i ndáil le luachanna an Aontais.

(9)  I gcomhréir le hAirteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leis an gComhaontú Idirinstitiúideach seo, ní leagtar síos socruithe ach le haghaidh comhar idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a éascú agus, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) CAE, tá na hinstitiúidí sin le gníomhú laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh leis na Conarthaí, agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na cuspóirí a leagtar amach iontu. Tá an Comhaontú Idirinstitiúideach seo gan dochar do shainchumais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa léirmhíniú barántúil ar dhlí an Aontais,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS

I.  CUSPÓIRÍ

1.  Comhaontaíonn na trí institiúid leis seo urraim do luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a neartú, i gcomhréir le hAirteagal 2 CAE, trí chomhordú agus chomhoibriú.

II.  TIMTHRIALL FAIREACHÁIN BLIANTÚIL

2.  Comhaontaíonn na trí institiúid Timthriall Faireacháin Bliantúil maidir le Luachanna an Aontais, ina gcumhdófar saincheisteanna agus dea-chleachtais i ngach réimse de luachanna an Aontais, a eagrú i gcomhar dílis agus frithpháirteach. Is éard a bheidh sa Timthriall Faireacháin Bliantúil ná céim ullmhúcháin, foilsiú tuarascála bliantúla faireacháin maidir le luachanna an Aontais (‘Tuarascáil Bhliantúil’) lena n-áirítear moltaí, agus céim leantach.

3.  Comhaontaíonn na trí institiúid Meitheal Idirinstitiúideach bhuan um Luachanna an Aontais (‘Meitheal’) a bhunú. Éascóidh an Mheitheal comhordú agus comhar i measc na dtrí institiúid sa Timthriall Faireacháin Bliantúil. Cuirfidh an Mheitheal an pobal ar an eolas go tráthúil maidir lena hobair.

4.  Tabharfaidh painéal saineolaithe neamhspleácha comhairle don Mheitheal agus na trí institiúid. I gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, déanfaidh an painéal saineolaithe neamhspleácha na príomhfhorbairtí dearfacha agus diúltacha a shainaithint i ngach Ballstát ar bhealach neamhchlaonta agus rannchuideoidh sé le modheolaíocht don Tuarascáil Bhliantúil a fhorbairt. Féadfaidh na trí institiúid dul i gcomhairle leis an bpainéal ag céim ar bith den Timthriall Faireacháin Bliantúil.

An chéim ullmhúcháin

5.  Ar bhonn bliantúil, eagróidh an Coimisiún comhairliúchán geallsealbhóirí spriocdhírithe chun faisnéis a bhailiú don Tuarascáil Bhliantúil. Reáchtálfar an comhairliúchán geallsealbhóirí sa chéad ráithe de gach bliain. Beidh an comhairliúchán trédhearcach agus beidh sé bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir agus dhian arna glacadh ag an Meitheal. In aon chás, cuimseoidh an mhodheolaíocht, i bhfoirm iomchuí, tagarmharcanna amhail na cinn a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2006/928/CE agus Cinneadh 2006/929/CE ón gCoimisiún.

6.  Sa chomhairliúchán geallsealbhóirí, tabharfar deis d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus comhlachtaí comhionannais, do chomhlachais agus líonraí gairmiúla, do chomhlachtaí Chomhairle na hEorpa agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, rannchuidiú leis an Tuarascáil Bhliantúil. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthróidh geallsealbhóirí a ionchorprú sa Tuarascáil Bhliantúil. Déanfaidh an Coimisiún rannchuidithe leis an gcomhairliúchán a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin sula bhfoilseofar an Tuarascáil Bhliantúil.

7.  Tarraingeoidh an Coimisiún ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar fáil dó agus an Tuarascáil Bhliantúil á hullmhú aige ar bhonn an mhodheolaíocht a chomhaontaigh an Meitheal. Is iad na tuarascálacha agus na sonraí ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus ó chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, ó Chomhairle na hEorpa, lena n-áirítear Coimisiún na Veinéise agus an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta, agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile a tháirgeann staidéir agus measúnuithe ábhartha, atá sách ábhartha ina leith sin. Sa chás ina bhfuil an Tuarascáil Bhliantúil mar a dhréachtaigh an Coimisiún difriúil ó na torthaí ón bpainéal saineolaithe neamhspleácha, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iarraidh ar an gCoimisiún a chúiseanna a mhíniú don Mheitheal.

8.  Beidh deis ag ionadaithe ainmnithe ó aon cheann de na trí institiúid, tar éis dul i gcomhairle leis an Meitheal, cuairteanna aimsithe fíoras a thabhairt ar na Ballstáit chun faisnéis agus soiléiriú breise a fháil faoi riocht luachanna an Aontais sna Ballstáit lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún na tátail a ionchorprú sa Tuarascáil Bhliantúil.

9.  Cuirfidh an Coimisiún an Mheitheal ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn a bheidh déanta i rith na céime ullmhúcháin.

Tuarascáil Bhliantúil agus moltaí

10.  Dréachtóidh an Coimisiún an Tuarascáil Bhliantúil bunaithe ar fhaisnéis a bheidh bailithe le linn na céime ullmhúcháin. Ba cheart go gcumhdódh an Tuarascáil Bhliantúil forbairtí dearfacha agus diúltacha a bhaineann le luachanna an Aontais sna Ballstáit. Beidh an Tuarascáil Bhliantúil neamhchlaonta, beidh sí bunaithe ar fhianaise arna tiomsú go hoibiachtúil agus urramóidh sí an chóir chomhionann idir na Ballstáit uile. Ba cheart doimhneacht an tuairiscithe a bheith ina léiriú ar thromchúis na staide atá i gceist. Áiritheofar roinn ar nós imeachta maidir le sárú a bhaineann le luachanna an Aontais sa Tuarascáil Bhliantúil.

11.  Sa Tuarascáil Bhliantúil, beidh moltaí a bhaineann go sonrach le gach Ballstát a mbeidh sé d’aidhm acu cosaint agus cur chun cinn luachanna an Aontais a neartú. Sonrófar sna moltaí spriocanna agus tráthchláir nithiúla maidir le cur chun feidhme agus tabharfar aird chuí ar aon ábhair imní a cuireadh in iúl i dtograí réasúnaithe a glacadh faoi Airteagal 7(1) CAE. Sna moltaí, cuirfear san áireamh éagsúlacht chórais pholaitiúla agus dhlíthiúla na mBallstát. Déanfar measúnú ar chur chun feidhme na moltaí i dTuarascálacha Bliantúla iardain nó i dtuarascálacha práinneacha, de réir mar is iomchuí.

12.  Foilseofar an Tuarascáil Bhliantúil, maille lena moltaí, i mí Mheán Fómhair gach bliain. Déanfar an dáta foilsithe a chomhordú i measc na dtrí institiúid sa Mheitheal. Sula bhfoilsítear é, cuirfidh an Coimisiún an dréacht-tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na Meithle.

Gníomhaíocht leantach

13.  Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dháta a foilsithe, pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ábhar na Tuarascála Bliantúla. Cuirfear na pléití ar fáil don phobal. Glacfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle seasaimh maidir leis an Tuarascáil Bhliantúil trí bhíthin rún agus conclúidí. Mar chuid den ghníomhaíocht leantach, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle measúnú agus machnamh ar a mhéid atá moltaí roimhe sin curtha chun feidhme ag na Ballstáit, lena n-áirítear cur chun feidhme rialuithe ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Bainfidh na trí institiúid úsáid as a gcumhachtaí faoi seach faoi na Conarthaí d’fhonn rannchuidiú le gníomhaíocht leantach éifeachtach. Féachfaidh na trí institiúid le díospóireacht ar an Tuarascáil Bhliantúil a chur chun cinn sna Ballstáit, go háirithe sna parlaimintí náisiúnta, ar bhealach tráthúil.

14.  Ar bhonn thátail na Tuarascála Bliantúla, rachfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, i mbun idirphlé le Ballstát amháin nó le roinnt Ballstát, lena n-áirítear údaráis ábhartha, chun cur chun feidhme na moltaí a éascú. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil rialta ar dhul chun cinn an idirphlé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, lena n-áirítear arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, cúnamh teicniúil a sholáthar do na Ballstáit trí ghníomhaíochtaí éagsúla. Eagróidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhar leis na parlaimintí náisiúnta, díospóireacht idirpharlaiminteach ar thátail na Tuarascála Bliantúla.

15.  Déanfaidh na trí institiúid tátail na Tuarascála Bliantúla a mheas agus tosaíochtaí cistiúcháin á gcinneadh. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún tacaíocht spriocdhírithe a áirithiú do ghníomhaithe náisiúnta a rannchuidíonn le cosaint agus cur chun cinn luachanna an Aontais, amhail an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí meán, agus cláir oibre bliantúla ábhartha á mbunú le haghaidh eisíocaíocht chistí an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte agus dhíreach araon.

16.  Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/xxxx ná do cheart aon trian na mBallstát, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin togra réasúnaithe a chur faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 7(1) CAE, comhaontaíonn na trí institiúid gur cheart go dtreoródh na Tuarascálacha Bliantúla a gcuid gníomhaíochtaí a bhaineann le luachanna an Aontais.

17.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte agus táscairí breise a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cothrománacha ábhartha a eascraíonn as an Timthriall Faireacháin Bliantúil.

Tuarascáil phráinneach

18.  I gcás an staid i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát a bheith ina rabhadh go ndéanfar gar-dhamáiste agus damáiste tromchúiseach do luachanna an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, tuarascáil phráinneach ar an staid a dhréachtú. Ullmhóidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhairle leis an Meitheal. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil phráinneach a dhréachtú gan mhoill agus í a chur ar fáil don phobal tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Déanfar tátail na tuarascála práinní a ionchorprú sa chéad Tuarascáil Bhliantúil eile. Féadfar moltaí a shonrú sa tuarascáil phráinneach a mbeidh sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar an ngéarbhagairt ar luachanna an Aontais.

III.  COMHLÁNTACHT LE hIONSTRAIMÍ EILE

19.  Aithníonn na trí institiúid nádúr comhlántach an Timthrialla Faireacháin Bhliantúil agus sásraí eile le haghaidh luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE, nósanna imeachta maidir le sárú agus Rialachán (AE) 2020/xxxx. Geallann na trí institiúid cuspóirí an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh seo a chur san áireamh i mbeartais an Aontais.

20.  I gcás ina sainaithnítear sa Tuarascáil Bhliantúil easnaimh shistéamacha i ndáil le ceann amháin nó níos mó de luachanna an Aontais, geallann na trí institiúid gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, gan mhoill, laistigh dá gcumhachtaí faoi seach mar a thugtar dóibh leis na Conarthaí. Comhaontaíonn na trí institiúid go bhfeidhmeoidh tátail na Tuarascála Bliantúla mar bhonn chun cinneadh a dhéanamh ar cheart an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE a ghníomhachtú agus nósanna imeachta maidir le sárú a sheoladh maidir le cosaint luachanna an Aontais. Déanfaidh na trí institiúid a mheas, inter alia, cibé an féidir beartais an Aontais a éilíonn ardleibhéal muiníne frithpháirtí a chothú i bhfianaise na n-easnamh sistéamach a sainaithníodh sa Tuarascáil Bhliantúil.

21.  Gabhfaidh an Timthriall Faireacháin Bliantúil a bhunaítear leis an gComhaontú seo ionad an tsásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe arna bhunú le Cinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún agus ionad an tsásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Bhulgáir chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe arna bhunú le Cinneadh 2006/929/CE ón gCoimisiún agus comhlíonfaidh sé, inter alia, na cuspóirí a shaothraítear leis na Cinntí sin. Dá bhrí sin, gabhann an Coimisiún air féin na Cinntí sin a aisghairm tráth iomchuí.

Socruithe comhchoiteanna le haghaidh Airteagal 7 CAE

22.  Comhaontaíonn na trí institiúid úsáid a bhaint as tátail na Tuarascála Bliantúla agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu atá nó nach bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaí sárú tromchúiseach nó ar cé acu atá nó nach bhfuil sárú tromchúiseach agus leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar luachanna an Aontais faoi Airteagal 7 CAE.

23.  Chun trédhearcacht agus éifeachtúlacht an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE a neartú, comhaontaíonn na trí institiúid a áirithiú go mbeidh an institiúid a mbeidh togra á thionscnamh aige faoi Airteagal 7(1) CAE in ann an togra a chur faoi bhráid na Comhairle agus go mbeidh sí ar an eolas agus páirteach go hiomlán ag gach céim le linn an nós imeachta. Comhaontaíonn na trí institiúid dul i gcomhairle le chéile go rialta sa Mheitheal maidir le nósanna imeachta atá ann cheana, agus a d’fhéadfadh a bheith ann, arna seoladh faoi Airteagal 7 CAE.

24.  Comhaontaíonn na trí institiúid na módúlachtaí, a bhfuil sé mar aidhm acu feabhas a chur ar éifeachtacht an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE, a obair amach. Féadfar sceideal rialta éisteachtaí agus seisiún maidir le staid na himeartha, moltaí a bhfuil sé mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a cuireadh in iúl sa togra réasúnaithe, agus amlínte nithiúla don chur chun feidhme a bheith san áireamh sna módúlachtaí nua sin.

Socruithe comhchoiteanna maidir le coinníollacht bhuiséadach

25.  Comhaontaíonn na trí institiúid úsáid a bhaint as tátail na Tuarascála Bliantúla agus measúnú á dhéanamh acu cibé an bhfuil easnaimh ghinearálaithe ann a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/xxxx, chomh maith le haon mheasúnuithe ábhartha eile chun críocha uirlisí buiséadacha atá cheana ann agus a bheidh ann amach anseo. Nuair a shainaithnítear sa Tuarascáil Bhliaintúil easnamh ginearálaithe maidir leis an smacht reachta i mBallstát, ar easnamh ginearálaithe é a dhéanann difear do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, seolfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn chuig an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2020/xxxx.

IV.  FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

26.  Glacfaidh na trí institiúid na céimeanna is gá chun a áirithiú go mbeidh acu na meáin agus na hacmhainní is gá chun an Comhaontú Idirinstitiúideach seo a chur chun feidhme go cuí.

27.  Déanfaidh na trí institiúid faireachán ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh seo go comhpháirteach agus go leanúnach, ar an leibhéal polaitiúil trí phléití rialta agus ar an leibhéal teicniúil sa Mheitheal.

28.  Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm lá a shínithe.

(1) Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (IO L 354, 14.12.2006, lch. 56).
(2) Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Bhulgáir chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe (IO L 354, 14.12.2006, lch. 58).
(3)[in ionad xxxx cuir isteach uimhir 2018/136(COD) sa téacs (agus i bpointí 16, 19 agus 25) agus san fhonóta agus ceartaigh tagairt IO san fhonóta] Rialachán (AE) .../… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit IO C ..., …, lch. …

An nuashonrú is déanaí: 13 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais