Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) (COM(2020)0080 – COM(2020)0563 – C9-0077/2020 – 2020/0036(COD))(1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Dréachtrún reachtach
Leasú
Leasú 1 Dréachtrún reachtach Lua 5 a (nua)
— ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear SDG 3 ‘Sláinte Dhomhanda agus Dea-bhail’,
Leasú 2 Dréachtrún reachtach Lua 5 b (nua)
— ag féachaint do na hiarmhairtí ollmhóra atá ag truailliú aeir ar shláinte an duine agus, dar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, is cúis le 400 000 bás anabaí gach bliain,
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris -1 (nua)
(-1) Is bagairt eiseach é an t-athrú aeráide a bhfuil gá le huaillmhian fheabhsaithe agus gníomhú méadaithe ar son na haeráide ina leith ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát. Tá an tAontas tiomanta do dhlús a chur le hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus beart a dhéanamh i gcás chur chun feidhme Chomhaontú Pháras 2015 ar an athrú aeráide a lean as 21ú Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’)1a ar bhonn cothromais agus bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil, agus tá sé tiomanta a chion cothrom féin den iarracht dhomhanda a dhéanamh ar mhaithe leis an méadú ar an teocht domhanda a theorannú go dtí 1,5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
_________________
1a IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1
(1) Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, dar teideal ‘An Margadh Glas Eorpach’19, straitéis nua fáis a bhfuil sé mar aidhm aici an tAontas Eorpach a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé mar aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an t-aistriú sin a bheith cóir agus iniatach, gan duine ar bith a fhágáil chun deiridh.
(1) Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, dar teideal ‘An Margadh Glas Eorpach’19, straitéis nua fáis inbhuanaithe a bhfuil sé mar aidhm aici an tAontas Eorpach a chlaochlú ina shochaí atá níos sláintiúla, cóir agus rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha, inbhuanaithe, éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus iomaíoch go hidirnáisiúnta, agus ina mbeidh poist ar ardcháilíocht, chomh maith lena bheith ina áit nach mbeidh glanleibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa ann in 2050 agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé mar aidhm léi freisin caipiteal nádúrtha, éiceachórais mara agus talún agus bithéagsúlacht an Aontais a chosaint, a chaomhnú, a athslánú agus a fheabhsú, chomh maith le sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Ní mór don aistriú sin a bheith bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch neamhspleách is déanaí. Ag an am céanna, caithfidh sé a bheith cóir agus iniatach ar bhonn sóisialta agus bunaithe ar dhícheall dlúthpháirtíochta agus comhoibritheach ar leibhéal an Aontais, á áirithiú nach bhfágtar aon duine chun deiridh, ach fós go mbeadh sé mar aidhm aige fás eacnamaíoch a chruthú, mar aon le poist ar ardcháilíocht agus timpeallacht intaofa don infheistiú agus go leanfar an prionsabal ‘ná déan aon díobháil’.
_________________
_________________
19 Teachtaireacht ón gCoimisiún - Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019.
19 Teachtaireacht ón gCoimisiún - Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019.
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2
(2) Le Tuarascáil Speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis na tionchair a ghabhann le téamh domhanda 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara20 cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti an gá atá le dlús a chur leis an ngníomhaíocht aeráide. Deimhnítear inti go bhfuil géarghá ann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar ábhar práinne, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go 1.5 °C, go háirithe chun an dóchúlacht go dtarlóidh eachtraí adhaimsire a laghdú. Léirítear sa Tuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda21 (IPBES) 2019 a d’eisigh an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais an chailliúint bithéagsúlachta ar fud an domhain agus gurb é an t-athrú aeráide an tríú fachtóir is mó is cúis leis an gcailliúint bithéagsúlachta.22
(2) Le Tuarascáil Speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis na tionchair a ghabhann le téamh domhanda 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara20, cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti an gá atá le dlús a chur go mear leis an ngníomhaíocht aeráide agus le haistriú ionsar geilleagar aeráidneodrach. Deimhnítear inti go bhfuil géarghá ann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar ábhar práinne, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go 1,5 °C, go háirithe chun an dóchúlacht go dtarlóidh eachtraí adhaimsire a laghdú agus go laghdófar an dóchúlacht go dtiocfar go dtí pointí iompaithe. Léirítear i dTuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda 201921 a d’eisigh an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) an chailliúint bithéagsúlachta ar fud an domhain agus gurb é an t-athrú aeráide an tríú fachtóir is mó is cúis leis an gcailliúint bithéagsúlachta.22Léiríonn sé freisin go meastar gur réitigh bunaithe ar an dúlra a sholáthróidh 37 % den mhaolú ar an athrú aeráide suas go dtí 2030. Tá tionchar an-mhór ag an athrú aeráide ar éiceachórais mhuirí agus talún atá ag feidhmiú mar linnte bunriachtanacha d’astaíochtaí antrapaigineacha carbóin ag a bhfuil ionsú comhlán de thart ar 60 % de na hastaíochtaí antrapaigineacha domhanda in aghaidh na bliana.
_________________
_________________
20 IPCC, 2018: Téamh Domhanda 1.5 °C. Tuarascáil Speisialta maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].
20 IPCC, 2018: Téamh Domhanda 1.5 °C. Tuarascáil Speisialta maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].
21 IPBES, 2019: Measúnú Domhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais.
21 IPBES, 2019: Measúnú Domhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais.
22 An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil – An Comhshaol Eorpach – staid agus forbhreathnú 2020 (Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán, An tAontas Eorpach 2019).
22 An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil – An Comhshaol Eorpach – staid agus forbhreathnú 2020 (Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán, An tAontas Eorpach 2019).
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3
(3) Tá sé ríthábhachtach go mbeidh cuspóir cobhsaí fadtéarmach ann chun rannchuidiú leis an gclaochlú eacnamaíoch agus sochaíoch, poist agus fás agus chun go mbainfear amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith le bogadh i dtaca le sprioc theochta Chomhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide i ndiaidh an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’).
(3) Tá sé ríthábhachtach go mbeadh cuspóir fadtéarmach fosaithe ann chun rannchuidiú le claochlú cóir eacnamaíoch agus sochaíoch, poist ardcháilíochta, leas sóisialach, fás inbhuanaithe agus baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith le sprioc theochta Chomhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a lean as an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’) a bhaint amach ar bhealach mear, cothrom, éifeachtúil, costéifeachtach agus cóir ó thaobh na sochaí de agus gan aon duine a fhágáil chun deiridh.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3 a (nua)
(3a) Tá sé cruthaithe ag an eolaíocht go bhfuil nasc idir géarchéimeanna sláinte, comhshaoil agus aeráide, go háirithe agus iad nasctha le hiarmhairtí an athraithe aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras. D’fhéadfadh géarchéimeanna sláinte agus sláintíochta ar nós COVID-19 méadú go mór sna deich bhlianta amach romhainn agus d’fhágfadh sé sin go mbeadh ar an Aontas, mar ghníomhaí domhanda, straitéis dhomhanda a chur chun feidhme a bheadh dírithe ar fhorbairt teagmhas den sórt sin a chosc trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna i bunsiocair leo agus cur chuige comhtháite bunaithe ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn.
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3 b (nua)
(3b) De réir ESD, déanann an t-athrú aeráide difear do dheitéarmanaint shóisialta agus chomhshaoil na sláinte - aer glan, uisce óil atá sábháilte, dóthain bia agus dídean slán - agus meastar go dtarlóidh 250 000 bás breise, ó droch-chothú, maláire, an bhuinneach agus strus teasa, gach bliain idir 2030 agus 2050, le teochtanna aeir fíor-ard ag rannchuidiú go díreach le básanna, go háirithe i measc daoine scothaosta agus daoine leochaileacha. Trí thuilte, teastonnta, triomaigh agus dóiteáin, tá tionchar as cuimse ag an athrú aeráide ar shláinte an duine, lena n-áirítear tearc-chothú, galair chardashoithíocha agus riospráide agus infhabhtuithe veicteoir-iompartha.
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3 c (nua)
(3c) Sa bhrollach a ghabhann le Comhaontú Pháras, aithnítear an ceart chun sláinte mar phríomhcheart. De réir Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, tá na Páirtithe uile sa Choinbhinsiún sin le modhanna iomchuí a úsáid, mar shampla measúnuithe tionchair arna bhfoirmliú agus arna gcinneadh go náisiúnta, d’fhonn go n-íoslaghdófar na éifeachtaí díobhálacha ar an ngeilleagar, ar an tsláinte poiblí agus ar cháilíocht an chomhshaoil a bhíonn ag tionscadail nó bearta a dhéanann siad chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó chun oiriúint don athrú aeráide.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3 d (nua)
(3d) Leis an Rialachán seo rannchuidítear le cosaint a thabhairt do chearta dosháraithe atá ag saoránaigh an Aontais, eadhon an ceart chun na beatha agus an ceart chun comhshaoil shábháilte, faoi mar a aithnítear sa Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus cuireann sé de cheangal ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, de réir mar a bheidh, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí fíora agus láithreacha atá ann do bheatha agus leas na ndaoine agus don saol nádúrtha ar a bhfuil siad ag brath, ar rioscaí iad sin atá á gcothú ag an éigeandáil dhomhanda aeráide. Ba cheart don Rialachán seo a bheith dírithe go lárnach ar na daoine agus ba cheart go mbeadh sé mar aidhm aige sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol.
Leasú 153 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 3 e (nua)
(3e) Ba cheart cosaint aeráide a bheith ina deis do gheilleagar na hEorpa agus ba cheart go gcuideodh sí lena cheannaireacht i dtionscal na nuálaíochta domhanda a dhaingniú. Le nuálaíochtaí táirgthe inbhuanaithe, is féidir neart tionsclaíoch na hEorpa a chur chun cinn i gcodanna lárnacha den mhargadh agus ar an gcaoi sin poist a chosaint agus a chruthú. Chun sprioc 2030 maidir leis an aeráid atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus cuspóir 2050 maidir le neodracht aeráide a bhaint amach trí na hastaíochtaí sin a laghdú go nialas faoi 2050 ar a dhéanaí, ba cheart don Choimisiún “Comhpháirtíochtaí Aeráide” earnáilsonracha a éascú ar leibhéal an Aontais trí phríomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile (e.g. ón tionscal, ó ENRanna, ó institiúidí taighde, ó FBManna, ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí). Ba cheart do na Comhpháirtíochtaí Aeráide feidhmiú mar idirphlé a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith agus ba cheart go n-éascóidís comhroinnt dea-chleachtas ag ‘ceannródaithe an dícharbónaithe’ san Eoraip agus oibriú mar chomhlacht lárnach comhairliúcháin leis an gCoimisiún nuair a bheidh a chuid tograí reachtacha a bhaineann leis an aeráid amach anseo á nglacadh aige.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4
(4) I gComhaontú Pháras leagtar amach sprioc fhadtéarmach maidir leis an meánmhéadú domhanda a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch23, agus leagtar béim ann ar a thábhachtaí atá sé oiriúnú do dhrochthionchair an athraithe aeráide24 agus na sreabha airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtaobh leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide25.
(4) I gComhaontú Pháras leagtar amach sprioc fhadtéarmach go ndéanfar iarrachtaí chun an méadú ar an teocht domhanda a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch23, go méadófar an cumas oiriúnú do dhrochthionchair an athraithe aeráide24 agus go ndéanfar na sreabha airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige ionsar leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide25. Mar chreat foriomlán do rannchuidiú an Aontais i gComhaontú Pháras, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go rannchuideoidh an tAontas agus na Ballstáit araon le gnóthú na dtrí sprioc sin de Chomhaontú Pháras.
_________________
_________________
23 Airteagal 2.1.a de Chomhaontú Pháras.
23 Airteagal 2.1.a de Chomhaontú Pháras.
24 Airteagal 2.1.b de Chomhaontú Pháras.
24 Airteagal 2.1.b de Chomhaontú Pháras.
25 Airteagal 2.1.c de Chomhaontú Pháras.
25 Airteagal 2.1.c de Chomhaontú Pháras.
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais agus na mBallstát daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus ár mbithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe, chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú.
(5) Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais agus na mBallstát ná daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, an geilleagar, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus an bhithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú. Ina fhianaise sin, ba cheart don Aontas agus na Ballstáit a bheith faoi threoir ag prionsabal an réamhchúraim, ag an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocann as, ag céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ag an bprionsabal ‘ná déan aon díobháil’.
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 a (nua)
(5a) Spreagtha ag an gcreat rialála atá curtha i bhfeidhm ag an Aontas agus ag iarrachtaí atá déanta ag tionscail na hEorpa, laghdaíodh astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais faoi 23 % idir 1990 agus 2018, agus d’fhás an geilleagar faoi 61 % i rith na tréimhse céanna, lena léirítear gur féidir fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6
(6) Chun aeráidneodracht a bhaint amach ba cheart rannchuidiú a bheith de cheangal ar gach earnáil eacnamaíoch. I bhfianaise a thábhachtaí atá táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, is ríthábhachtach aistriú go córas fuinnimh slán inbhuanaithe inacmhainne atá ag brath ar mhargadh inmheánach fuinnimh atá dea-fheidhmiúil. Is spreagadh tábhachtach chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach atá sa chlaochlú digiteach, sa nuálaíocht theicneolaíoch agus sa taighde agus forbairt.
(6) Chun aeráidneodracht a bhaint amach ní mór do gach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear an eitlíocht agus an muiriompar, a gcuid astaíochtaí a laghdú go mear go dtí nialas nó geall leis. Ba cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a bheith ina ghné thábhachtach de sin. I bhfianaise a thábhachtaí atá táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, is ríthábhachtach é an t-aistriú go córas fuinnimh atá slán, inbhuanaithe agus inacmhainne chomh maith lena bheith an-tíosach ar fhuinneamh agus bunaithe ar athnuaiteáin, ach fós gur córas é a laghdaíonn bochtaineacht fuinnimh, agus a bhíonn ag brath ar mhargadh inmheánach fuinnimh atá dea-fheidhmiúil. Ba cheart an rannchuidiú a dhéanann an geilleagar eacnamaíoch le haeráidneodracht a leathnú trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht acmhainní agus trí mhéadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as ábhair ísealcharbóin, agus ag an am céanna cosc dramhaíola agus athchúrsáil a chur chun cinn. Is spreagadh tábhachtach freisin chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach atá sa chlaochlú digiteach, i nuálaíocht theicneolaíoch agus i dtaighde agus forbairt, agus beidh cistiú breise ag teastáil lena n-aghaidh sin. Beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit creataí rialála atá uaillmhianach agus comhleanúnach a ghlacadh chun an rannchuidiú a dhéanann gach earnáil den gheilleagar le cuspóirí aeráide an Aontais a áirithiú.
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6 a (nua)
(6a) Tá ábharthacht ar leith don chóras aeráide agus do mhéaduithe teochta ag líon iomlán carnach na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha in imeacht ama agus ag tiúchan comhfhreagrach na ngás ceaptha teasa san atmaisféar. I dTuarascáil Speisialta IPCC maidir le Téamh Domhanda 1.5 °C, agus sa bhunachar de chásanna éagsúla is bonn di, tugtar an fhianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus is déanaí i dtaobh an bhuiséid dhomhanda atá fágtha le haghaidh gáis cheaptha teasa chun an méadú teochta domhanda a theorannú sa 21ú haois go dtí 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Chun go mbeifear ag teacht le gealltanais an Aontais leanúint d’iarrachtaí chun an méadú teochta a theorannú go dtí 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, ní mór sciar chothrom an Aontais den bhuiséad domhanda le haghaidh gáis cheaptha teasa atá fágtha a leagan síos. Is uirlis thábhachtach freisin é an buiséad le haghaidh gáis cheaptha teasa chun trédhearcacht agus cuntasacht bheartais aeráide an Aontais a mhéadú. Ina ghrinnanailís ag tacú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal ‘Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de’, tugann an Coimisiún le fios gur 48 Gt CO2 a bheadh i mbuiséad carbóin AE-28 do 2018-2050 atá comhoiriúnach don 1,5 °C. Ba cheart don Choimisiún buiséad le haghaidh glanleibhéal gás ceaptha teasa AE-27 a bhunú, arna shloinneadh i gcoibhéis CO2 atá bunaithe ar na ríomhanna eolaíocha is déanaí atá in úsáid ag IPCC, a léireodh sciar cothrom an Aontais de na hastaíochtaí domhanda atá fágtha agus a bheadh ag teacht le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Ba cheart buiséad an Aontais le haghaidh gáis cheaptha teasta a úsáid mar threoir chun conair an Aontais ionsar ghlanleibhéal nialasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050 a bhunú, go háirithe i gcás a spriocanna gás ceaptha teasa amach anseo do 2030 agus 2040.
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7
(7) Tá beartas uaillmhianach maidir leis an ngníomhaíocht aeráide á shaothrú ag an Aontas agus tá creat rialála curtha i bhfeidhm aige chun a sprioc 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. Is é atá sa chreat rialála sin, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27, lenar tugadh isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28, faoina gceanglaítear ar na Ballstáit astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chothromú.
(7) Tá creat rialála curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun a sprioc reatha do 2030 maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ar creat é sin a glacadh sular tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm. Is é atá sa reachtaíocht lena ndéantar an sprioc sin a chur i bhfeidhm ná, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27, lenar tugadh isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28, faoina gceanglaítear ar na Ballstáit comhardú a dhéanamh idir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht.
__________________
__________________
26 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, an 25 Deireadh Fómhair 2003, lch. 32).
26 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
27 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
27 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
28 Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
28 Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7 a (nua)
(7a) Is cloch choirnéil i mbeartas aeráide an Aontais é córas trádála astaíochtaí agus is uirlis thábhachtach é chun astaíochtaí a laghdú ar bhealach costéifeachtach.
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9
(9) Trí bhíthin an phacáiste ‘Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad’29 tá clár oibre uaillmhianach dícharbónaithe á shaothrú ag an Aontas trí Aontas Fuinnimh stóinsithe a thógáil, is é sin le rá trí sprioc 2030 a leagan síos maidir le héifeachtúlacht agus cur chun feidhme fuinnimh inathnuaite i dTreoracha 2012/27/AE30 agus (AE) 2018/200131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus tríd an reachtaíocht ábhartha a atreisiú, lena n-áirítear i dTreoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32.
(9) Trí bhíthin an phacáiste ‘Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad’29 tá clár oibre dícharbónaithe á shaothrú ag an Aontas trí Aontas Fuinnimh stóinsithe a thógáil, lena n-áirítear spriocanna 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus imlonnú fuinnimh inathnuaite a leagtar amach i dTreoracha 2012/27/AE30 agus (AE) 2018/200131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus tríd an reachtaíocht ábhartha a atreisiú, lena n-áirítear Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32.
30 Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1)
30 Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1)
31 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
31 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
32 Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
32 Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 a (nua)
(9a) Tá roinnt tionscnamh reachtach san earnáil fuinnimh forbartha agus glactha ag an gCoimisiún, go háirithe maidir le fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgnimh. Is pacáiste iad na tionscnaimh sin arb é tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh agus ceannaireacht dhomhanda an Aontais in athnuaiteáin an téama forghabhálach atá leis. Ba cheart aird a thabhairt ar na tionscnaimh sin sa dul chun cinn fadtéarmach náisiúnta ar an obair ionsar sprioc aeráidneodrachta 2050 chun córas fuinnimh atá an-tíosach ar fhuinneamh agus bunaithe ar athnuaiteáin a áirithiú agus chun athnuaiteáin a fhorbairt laistigh den Aontas.
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 b (nua)
(9b) Beidh córas fuinnimh mar thoradh ar an aistriú chuig fuinneamh glan, ar córas é ina dtiocfaidh an príomhsholáthar fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh den chuid is mó, a fheabhsóidh slándáil an tsoláthair go suntasach, a laghdóidh spleáchas fuinnimh agus a dhéanfaidh poist inmheánacha a chur chun cinn.
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 c (nua)
(9c) Cuireann an t-aistriú fuinnimh feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdaíonn sé an leibhéal spleáchais fuinnimh san Aontas agus sna Ballstáit. Leis an athrú struchtúrtha ionsar geilleagar níos éifeachtaí atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite sna hearnálacha go léir, ní hé amháin go rachaidh sé chun tairbhe don chóimheá trádála ach neartóidh sé slándáil fuinnimh agus an comhrac in aghaidh na bochtaineachta fuinnimh chomh maith.
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 d (nua)
(9d) Chun dlúthpháirtíocht a áirithiú agus chun aistriú fuinnimh éifeachtach a chumasú, tá ar bheartas aeráide an Aontais bealach soiléir a dhearadh i dtreo neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart go mbeadh an tAontas réalaíoch faoi chostéifeachtacht agus faoi dhúshláin theicniúla agus ba ceart dó a áirithiú go mbeidh fáil ar fhoinsí inseolta fuinnimh chun comhardú a dhéanamh ar bhuaicphointí agus ar phointí éilimh íosta sa chóras fuinnimh, amhail teicneolaíochtaí hidrigine, agus go mbeidh na foinsí sin inacmhainne.
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 e (nua)
(9e) Le cosaint aeráide, tugtardeis do gheilleagar an Aontais dlús a chur lena ghníomhaíocht agus tairbhe a bhaint as buntáiste an cheannródaí trína bheith chun cinn maidir le teicneolaíochtaí glana. D’fhéadfadh sí cuidiú lena cheannaireacht tionscail i nuálaíocht dhomhanda a dhaigniú. Féadfaidh nuálaíochtaí táirgthe inbhuanaithe neart tionsclaíoch an Aontais i ndeighleoga margaidh tábhachtacha a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, poist a chosaint agus a chruthú.
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 f (nua)
(9f) Tá gá ann chun tacaíocht a shocrú do na hinfheistíochtaí riachtanacha i dteicneolaíochtaí nua inbhuanaithe atá ríthábhachtach chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach neodracht theicneolaíoch a urramú agus aon éifeacht in-ghlasála a sheachaint. Mar atá luaite sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal ‘Straitéis hidrigine i gcomhair Eoraip aeráidneodrach’, is féidir le hidrigin ról a bheith aici freisin i dtacú le gealltanas an Aontais neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, go háirithe in earnálacha atá dian ar fhuinneamh.
Leasú 154 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 9 g (nua)
(9g) Ba cheart don Choimisiún dlús a chur lena chuid iarrachtaí chun Comhghuaillíochtaí Eorpacha a thógáil, go háirithe in earnálacha go háirithe in earnálacha na gceallraí agus na hidrigine ós rud é go bhfuil fíorthábhacht ag baint leo. Agus iad á gcomhordú ar an leibhéal Eorpach, cuireann siad deiseanna iontacha ar fáil do phróisis téarnaimh réigiúnacha iar-COVID-19 agus d’athrú struchtúrach rathúil. Ba cheart go gcruthófaí le ceanglais reachtúla creat le haghaidh nuálaíochtaí i soghluaisteacht agus giniúint fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid. Ba cheart go bhfaigheadh na comhghuaillíochtaí sin tacaíocht agus cistiú leordhóthanach agus ba cheart go mbeidís mar chuid den bheartas eachtrach agus comharsanachta a bheidh ann amach anseo agus de chomhaontuithe trádála chomh maith.
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10
(10) Tá an tAontas ina cheannródaí ar an aistriú chuig an aeráidneodracht agus tá sé tiomanta cuidiú leis an uaillmhian dhomhanda a ardú agus an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide a neartú, trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó, an taidhleoireacht aeráide san áireamh.
(10) Tá an fhreagracht agus na modhanna ag an Aontas le leanúint de bheith ina cheannródaí ar an aistriú chuig an aeráidneodracht agus tá sé tiomanta í a bhaint amach ar bhealach cóir, cothrom ó thaobh na sochaí de agus cuimsitheach, mar aon le cuidiú leis an uaillmhian dhomhanda a mhéadú agus an fhreagairt dhomhanda don athrú aeráide a neartú, trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó, lena n-áirítear taidhleoireacht aeráide, trádáil, infheistíocht agus beartais thionsclaíocha. Ba cheart don Aontas a thaidhleoireacht chomhshaoil a threisiú i ngach aon fhóram idirnáisiúnta atá ábhartha chun spriocanna aeráide idirnáisiúnta a bhaint amach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras.
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 11
(11) D’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfar na hathruithe is gá le bheith inár sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ar a mhéad, gur fíorghaisce Eorpach33 a bheidh sa mhéid seo agus tá éigeandáil aeráide agus comhshaoil34 fógartha aici. Tháinig an Chomhairle, ina Conclúidí an 12 Nollaig 201935, ar chomhaontú maidir leis an gcuspóir Aontas a bheadh aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras, ag aithint dó san am céanna gur gá creat cumasúcháin a chur ar bun agus gur gá infheistíocht shuntasach phoiblí agus phríobháideach a dhéanamh san aistriú. Ina theannta sin d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra a ullmhú maidir le straitéis fhadtéarmach an Aontais a luaithe is féidir in 2020 d’fhonn go nglacfadh an Chomhairle é agus go gcuirfí faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide é.
(11) Tá iarrtha ag Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an ghníomhaíocht aeráide a mhéadú chun go n-éascófar an t-aistriú is gá ionsar shochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de a luaithe is féidir agus faoi 2050 ar a dhéanaí agus go ndéanfaí fíorghaisce Eorpach33 de seo, agus tá éigeandáil aeráide agus comhshaoil fógartha aici34. Tá iarrtha arís agus arís eile aici ar an Aontas a sprioc aeráide do 2030 a mhéadú agus go dtabharfaí an sprioc mhéadaithe sin isteach mar chuid den Dlí Aeráide Eorpach34a. Tháinig an Chomhairle Eorpach, ina Conclúidí an 12 Nollaig 201935, ar chomhaontú maidir leis an gcuspóir Aontas a bheadh aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras, ar cuspóir é seo atá bunaithe ar chothroime, aistriú cóir agus túsphointí éagsúla na mBallstát a chur san áireamh, chomh maith lena aithint gur gá creat cumasúcháin a chur ar bun agus gur gá infheistíocht shuntasach phoiblí agus phríobháideach a dhéanamh san aistriú. Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra a ullmhú maidir le straitéis fhadtéarmach an Aontais a luaithe is féidir in 2020 d’fhonn go nglacfadh an Chomhairle é agus go gcuirfí faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide é.
_________________
_________________
33 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2019/2956(RSP)).
33 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2019/2956(RSP)).
34 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus comhshaoil (2019/2930(RSP)).
34 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus comhshaoil (2019/2930(RSP)).
34a Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir le Comhdháil na Náisiún Aontaithe 2019 maidir leis an Athrú Aeráide i Maidrid, an Spáinn (COP25) (2019/2712(RSP)).
35 Conclúidí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach ag cruinniú a bhí aici an 12 Nollaig 2019, EUCO 29/19, CO EUR 31, CONCL 9.
35 Conclúidí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach ag cruinniú a bhí aici an 12 Nollaig 2019, EUCO 29/19, CO EUR 31, CONCL 9.
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12
(12) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí antrapaigineacha ar fud an gheilleagair agus aistrithe gás ceaptha teasa intíre, trí bhíthin réitigh nádúrtha agus teicneolaíocha, laistigh den Aontas faoi 2050. Ba cheart do na Ballstáit uile cuspóir aeráidneodrachta 2050 an Aontais a shaothrúi dteannta a chéile agus ba cheart do na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun go bhféadfar sin a bhaint amach. Bearta ar leibhéal an Aontais, beidh siad sin ina gcuid thábhachtach de na bearta is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(12) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas agus na Ballstáit cóimheá a aimsiú idir astaíochtaí antrapaigineacha ar fud an gheilleagair agus aistrithe gás ceaptha teasa ar bhonn náisiúnta, trí bhíthin réitigh nádúrtha agus teicneolaíocha, laistigh den Aontas agus ar leibhéal na mBallstát faoi 2050 ar a dhéanaí. Ba cheart do na Ballstáit uile cuspóir aeráidneodrachta 2050 an Aontais a bhaint amach agus ba cheart do na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun an bhaint amach sin a chumasú. Bearta ar leibhéal an Aontais, beidh siad ina gcuid thábhachtach de na bearta atá riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. I ndiaidh 2050, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit uile leanúint de bheith ag laghdú astaíochtaí chun a áirithiú go mbeidh aistrithe gás ceaptha teasa níos mó ná na hastaíochtaí antrapaigineacha.
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 a (nua)
(12a) Tá freagracht ar gach aon Bhallstát aeráidneodracht a bhaint amach ina leith féin faoi 2050 ar a dhéanaí. Mar cheist cheartais agus dlúthpháirtíochta, agus chun cabhrú le haistriú fuinnimh sna Ballstáit a bhfuil túsphointí éagsúla acu, tá gá le dóthain sásraí tacaíochta agus cistiú teacht ón Aontas, amhail an Ciste um Aistriú Cóir dá bhforáiltear i Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a mar aon le sásraí cistithe ábhartha eile.
__________________
1a Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO ...).
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 b (nua)
(12b) Sa bhrollach a ghabhann le Comhaontú Pháras, aithnítear an tábhacht a bhaineann le sláine na n-éiceachóras go léir, lena n-áirítear na haigéin, a áirithiú. I gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, cuirtear i bhfáth go ndéanfaidh na Páirtithe sa Choinbhinsiún sin bainistiú inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le caomhnú agus feabhsú linnte agus taiscumair na ngás ceaptha teasa go léir, lena n-áirítear bithmhais, foraoiseacha agus aigéin chomh maith le héiceachórais talún, chósta agus mhuirí eile. Má chliseann ar spriocanna Chomhaontú Pháras, d’fhéadfadh an teocht dul níos airde ná an pointe iompaithe a fhágfaidh nach mbeidh an t-aigéan in ann an méid céanna carbóin a ionsú a thuilleadh agus dá réir nach mbeidh páirt aige sa mhaolú carbóin.
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 c (nua)
(12c) Tá ról tábhachtach ag linnte carbóin nádúrtha san aistriú ionsar shochaí aeráidneodrach. Tá an Coimisiún ag féachaint ar chreat rialála a fhorbairt chun aistriú carbóin a dheimhniú i gcomhréir lena Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus leis an Straitéis ar a dtugtar ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Beidh ról tábhachtach ag Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030, mar aon leis na tionscnaimh atá sa straitéis sin, ó thaobh éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú, go háirithe na héiceachórais sin is fearr a d’fhéadfadh carbón a ghabháil agus a stóráil agus is fearr a d’fhéadfadh tionchar tubaistí nádúrtha a chosc agus a laghdú.Chuideodh athshlánú éiceachóras le cothabháil, bainistiú agus feabhsú a dhéanamh ar linnte nádúrtha agus le bithéagsúlacht a chur chun cinn fad a bhíonn an t-athrú aeráide á chomhrac.
Leasú 144 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 12 d (nua)
(12d) Ba cheart don Choimisiún féachaint an bhféadfaí scéimeanna creidiúnúcháin carbóin a thabhairt isteach, lena n-áirítear deimhniú ar aistrithe gás ceaptha teasa trí cheapadh carbóin in úsáid talún, ithir agus bithmhais sa talmhaíocht d’fhonn sprioc an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, chomh maith leis an bhféidearthacht margadh d’aistrithe carbóin ar leithligh a fhorbairt le haghaidh ceapadh gás ceaptha teasa talamhbhunaithe. Ba cheart creat den sórt sin a bheith bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus ar chóras measúnaithe agus formheasta ag an gCoimisiún, ach ba cheart dó a áirithiú ag an céanna nach mbeidh aon tionchar diúltach ar an gcomhshaol, go háirithe ar an mbithéagsúlacht, ar an tsláinte phoiblí ná ar chuspóirí sóisialta nó eacnamaíocha. Ba cheart don Choimisiún torthaí an mheasúnaithe sin a thíolacadh faoin 30 Meitheamh 2021.
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 e (nua)
(12e) Chun níos mó soiléireachta a chur ar fáil, ba cheart go dtíolacfadh an Coimisiún sainmhíniú ar linnte carbóin agus eile.
Leasú 156 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 12 f (nua)
(12f) Ina aistriú chuig an aeráidneodracht, ba cheart don Aontas iomaíochas a thionscail a chaomhnú, go háirithe a thionscal atá dian ar fhuinneamh, lena n-áirítear trí bhearta éifeachtacha a fhorbairt chun dul i ngleic le sceitheadh carbóin ar bhealach atá comhoiriúnach le rialacha EDT agus chun machaire comhréidh a bhaint amach idir an tAontas agus tríú tíortha chun iomaíocht éagórach de bharr neamhchomhlíonadh na mbeartas aeráide atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras a sheachaint.
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13
(13) Ba cheart don Aontas leanúint dá ghníomhaíocht aeráide agus dá cheannaireacht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid tar éis 2050, chun daoine agus an pláinéad a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide chontúirtigh agus na cuspóirí a leagtar amach i gComhaontú Pháras á saothrú agus moltaí eolaíochta IPCC á leanúint aige.
(13) Ba cheart don Aontas leanúint dá ghníomhaíocht ar son na haeráide tar éis 2050, go háirithe trí chúnamh a thabhairt do na grúpaí daonra is leochailí trína bheartas um ghníomhaíocht sheachtrach agus forbairt, chun daoine agus an pláinéad a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide chontúirtigh, agus na spriocanna teochta a leagtar amach i gComhaontú Pháras á saothrú agus na moltaí eolaíochta ó IPCC, ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), ó IPBES agus ón bPainéal Eorpach ar an Athrú Aeráide (EPCC) á leanúint aige.
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13 a (nua)
(13a) Beidh ar éiceachórais, daoine agus geilleagair san Aontas aghaidh a thabhairt ar thionchair ollmhóra mar gheall ar an athrú aeráide mura ndéantar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú go práinneach nó mura ndéantar aon oiriúnú don athrú aeráide. D’íoslaghdódh oiriúnú don athrú aeráide tuilleadh na tionchair dhosheachanta ar bhealach costéifeachtach, le comhthairbhí suntasacha ann ó úsáid réitigh dhúlrabhunaithe.
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13 b (nua)
(13b) D’fhéadfadh na héifeachtaí díobhálacha a bheidh ag an athrú aeráide a bheith níos mó ná acmhainneachtaí oiriúnaitheachta na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas oibriú le chéile chun aon chaillteanas agus damáiste a sheachaint agus a íoslaghdú, chomh maith le haghaidh a thabhairt orthu, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 8 de Chomhaontú Pháras, lena n-áirítear trí Shásra Idirnáisiúnta Vársá.
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14
(14) Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil eile a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh maidir leis an oiriúnú.
(14) Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil eile a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh maidir leis an oiriúnú agus ba cheart don Choimisiún cabhrú leis an bhfaireachán ar an dul chun cinn san oiriúnú trí tháscairí a fhorbairt.
Leasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14 a (nua)
(14a) I nglacadh agus oiriúnú a gcuid straitéisí agus pleananna dóibh, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na réimsí is mó a ndéanfar difear dóibh. Sa bhreis air sin, tá sé bunriachtanach an bhithéagsúlacht a chur chun cinn, a chaomhnú agus a athshlánú chun an leas is fearr a bhaint as le haghaidh rialáil agus oiriúnú aeráide. Ba cheart do straitéisí agus pleananna don oiriúnú, dá bhrí sin, réitigh dhúlrabhunaithe agus oiriúnú bunaithe ar éiceachórais a spreagadh ar shlí a rannchuidíonn le bithéagsúlacht a athshlánú agus a chaomhnú, agus aird chuí á tabhairt ar shonraíochtaí críochacha agus ar eolas áitiúil, chomh maith le bearta nithiúla a bhunú chun éiceachórais mhuirí agus cósta a chosaint. Thairis sin, ba cheart gníomhaíochtaí a chuireann bac ar chumas éiceachórais oiriúnú don athrú aeráide a dhíothú ar mhaithe lena áirithiú gur ann d’athléimneacht seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais.
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14 b (nua)
(14b) Ba cheart leis na straitéisí don oiriúnú go spreagfaí freisin athrú samhla i réimsí a ndéantar difear dóibh, bunaithe ar réitigh atá báúil don chomhshaol agus dúlra-bhunaithe.Ba cheart dóibh slite beatha inbhuanaithe a áirithiú chun go n-áiritheofar dálaí maireachtála níos fearr, lena n-áirítear talmhaíocht inbhuanaithe agus áitiúil, bainistiú inbhuanaithe ar uisce, fuinnimh inathnuaite, i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun go gcothófar a n-athléimneacht agus go gcosnófar a n-éiceachóras.
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15
(15) Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún rannchuidiú an aistrithe i dtaca le h aeráidneodracht chuig an méid seo a leanas a chur san áireamh: folláine na saoránach, rathúnas na sochaí agus iomaíochas an gheilleagair; slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh agus bia; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh i bhfianaise a gcumais eacnamúil, a n-imthoscaí náisiúnta agus an ghá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá an t-aistriú a dhéanamh cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus, go háirithe na torthaí arna dtuairisciú ag IPCC; an gá atá le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a chomhtháthú i gcinntí maidir le hinfheistíocht agus pleanáil; cost-éifeachtacht agus neodracht na teicneolaíochta ó thaobh laghduithe agus aistrithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus athléimneacht a mhéadú; dul chun cinn le himeacht ama maidir le sláine agus an leibhéal uaillmhéine.
(15) Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Choimisiún aird chuí a thabhairt ar a mhéid atá an t-aistriú chuig aeráidneodracht ag rannchuidiú leis an tsláinte, le cáilíocht saoil agus dea-bhail na saoránach, le cothroime sóisialta, le rathúnas na sochaí agus le hiomaíochas an gheilleagair, lena n-áirítear iomaíocht chóir agus cothrom na Féinne ar leibhéal domhanda.Ba cheart do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún aird chuí a thabhairt freisin ar aon mhaorlathas nó bacainní reachtacha eile a d’fhéadfadh bac a chur ar ghníomhaithe eacnamaíocha nó ar na hearnálacha ó na spriocanna aeráide a chomhall;ar na costais shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht neamhleor;ar an bhfíoras go bhfuil tionchar neamhchionmhar ag an athrú aeráide ar mhná agus gur gá comhionannas inscne a neartú; ar an ngá atá le bealaí maireachtála inbhuanaithe a chur chun cinn;ar uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, ar shlándáil agus inacmhainneacht fuinnimh agus bia agus an gá atá leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac á chur san áireamh go háirithe; ar chothroime agus dlúthpháirtíocht agus machaire comhréidh ar fud na mBallstát agus laistigh díobh, ar chumas eacnamúil agus ar imthosca náisiúnta agus túsphointí náisiúnta éagsúla, agus ar an ngá atá le cóineasú le himeacht ama; ar an ngá an t-aistriú a dhéanamh cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de i gcomhréir le treoirlínte 2015 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le haistriú cóir chuig geilleagair agus sochaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de do chách; ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe na fionnachtana atá tuairiscithe ag IPCC agus IPBES; ar an ngá atá le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráid agus measúnuithe ar íogaireacht agus oiriúnú don athrú aeráide a chomhtháthú i gcinntí maidir le hinfheistíocht agus pleanáil agus fós á áirithiú go bhfuil beartais an Aontais seasmhach don athrú aeráide; ar chost-éifeachtacht agus neodracht na teicneolaíochta ó thaobh laghduithe agus aistrithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus athléimneacht a mhéadú ar bhonn cothromais; ar an ngá atá le héiceachórais agus bithéagsúlacht mhuirí agus talún a bhainistiú, a chaomhnú agus a athslánú;ar an stádas bonneagair reatha agus ar na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh bhonneagar an Aontais a nuashonrú agus infheistiú a dhéanamh ann; ar an dul chun cinn le himeacht ama maidir le sláine agus an leibhéal uaillmhéine; ar acmhainneacht na ngeallsealbhóirí éagsúla infheistíocht a dhéanamh san aistriú ar bhealach atá inmharthana go sóisialta; agus ar an mbaol go bhféadfadh sceitheadh carbóin tarlú, mar aon le bearta chun an méid sin a chosc.
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16
(16) Chun an t-aistriú i dtaca le haeráidneodracht a bhaint amach, ní mór athruithe a dhéanamh ar an speictream beartais iomlán agus iarracht chomhchoiteann a dhéanamh i ngach earnáil den gheilleagar agus den tsochaí, mar a léiríonn an Coimisiún sa Teachtaireacht uaidh ‘Comhaontú Glas don Eoraip’. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl ina Conclúidí an 12 Nollaig 2019 nach mór do reachtaíocht agus beartais ábhartha uile an Aontais a bheith comhsheasmhach le comhlíonadh an chuspóra aeráidneodrachta a bhaint amach agus cuidiú leis an gcuspóir sin agus, san am céanna, cothrom iomaíochta a urramú, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh chun féachaint an gá na rialacha atá ann cheana a choigeartú.
(16) Chun an t-aistriú i dtaca le haeráidneodracht a bhaint amach, ní mór athrú claochlaitheach a dhéanamh ar an speictream beartais iomlán, teastaíonn maoiniú uaillmhianach agus marthanach agus iarracht chomhchoiteann i ngach earnáil den gheilleagar agus den tsochaí, lena n-áirítear iompar eitlíochta agus muirí, mar a léiríonn an Coimisiún sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Comhaontú Glas don Eoraip’. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl ina Conclúidí an 12 Nollaig 2019 nach mór do reachtaíocht agus beartais ábhartha uile an Aontais a bheith comhsheasmhach le comhlíonadh an chuspóra aeráidneodrachta a bhaint amach agus cuidiú leis an gcuspóir sin agus, san am céanna, machaire comhréidh a urramú, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh chun féachaint an gá na rialacha atá ann cheana a choigeartú.
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16 a (nua)
(16a) Beidh ar phríomhearnálacha uile an gheilleagair oibriú le chéile chun aeráidneodaracht a thabhairt i gcrích, eadhon fuinneamh, tionsclaíocht, iompar, earnáil an téimh agus an fhionnuaraithe agus earnáil na tógála, talmhaíocht, dramhaíl agus talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht. Na hearnálacha go léir, bídís cumhdaithe ag an gcóras i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (EU ETS) nó ná bíodh, ba cheart dóibh iarrachtaí inchomparáide a dhéanamh chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a thabhairt i gcrích. Chun intuarthacht, muinín agus rannpháirtíocht a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, ba cheart don Choimisiún treorú a thabhairt do na hearnálacha sin de chuid an gheilleagair is mó a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach. Ba cheart conairí táscacha le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha sin ar leibhéal an Aontais a bheith mar chuid den treorú sin. Thabharfadh sé sin deimhneacht do na hearnálacha sin chun go bhféadfaidís na bearta iomchuí a dhéanamh agus na hinfheistíochtaí is gá a phleanáil agus chabhródh sé leo, dá bhrí sin, fanacht ar chonair an aistrithe. Ag an am céanna, d’fhónfadh sé sin mar shásra freisin le haghaidh rannpháirtíocht na n-earnálacha ó thaobh réitigh aeráidneodrachta a shaothrú.
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16 b (nua)
(16b) Chun an t-aistriú i dtaca le haeráidneodracht a bhaint amach, beidh ar gach earnáil a gcion féin a dhéanamh. Ba cheart don Aontas leanúint dá iarrachtaí an geilleagar ciorclach a neartú agus a chur chun cinn, agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt do réitigh agus roghanna malartacha in-athnuaite is féidir a chur in ionad táirgí agus ábhar atá bunaithe ar bhreosla iontaise.Má bhaintear úsáid níos mó as táirgí agus ábhar in-athnuaite, beidh tairbhe mór ann ó thaobh maolú ar an athrú aeráide de agus rachaidh sé chun tairbhe do go leor earnálacha éagsúla.
Leasú 43 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16 c (nua)
(16c) Agus an baol go dtarlóidh sceitheadh carbóin á chur san áireamh, ba cheart gur fíoraistriú agus aistriú glas a bheadh san aistriú ionsar aeráidneodracht agus san obair leanúnach chun aeráidneodracht a choimeád ar bun, agus ba cheart go leanfadh laghdú iarbhír in astaíochtaí as sin agus níor cheart toradh bréige ar leibhéal an Aontais a chruthú dá bharr, i bhfianaise táirgeadh agus astaíochtaí a bheith athlonnaithe amach as an Aontas. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart beartais an Aontais a cheapadh chun riosca an sceite carbóin a íoslaghdú agus chun réitigh theicneolaíocha a iniúchadh.
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16 d (nua)
(16d) Leis an aistriú ionsar aeráidneodracht, ní fhéadfar earnáil na talmhaíochta a eisiamh, arb í an t-aon earnáil tháirgiúil í atá in ann dé-ocsaíd charbóin a stóráil. Ráthaítear stóráil fhadtéarmach go háirithe le foraoiseacht, le féaraigh fadré agus le barra ilbhliantúla i gcoitinne.
Leasú 45 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16 e (nua)
(16e) Chun aeráidneodracht a bhaint amach, caithfear ról speisialta na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chur san áireamh ós rud é gur talmhaíocht agus foraoiseacht atá riachtanach agus táirgiúil, agus é sin amháin, atá in ann bia ardcháilíochta agus sábháilte a sholáthar i gcainníochtaí leordhóthanacha agus ag praghsanna inacmhainne don phobal, agus freisin gurb iad atá in ann amhábhair in-athnuaite a sholáthar chun na gcríoch ar fad a gabhann leis an mbithgheilleagar.
Leasú 46 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16 f (nua)
(16f) Tá ról ríthábhachtach ag foraoisí san aistriú chuig aeráidneodracht. Tá bainistíocht foraoisí atá inbhuanaithe agus gar don dúlra ríthábhachtach le haghaidh ionsú gás ceaptha teasa ón atmaisféar agus lamháiltear leis freisin soláthar amhábhar atá in-athnuaite agus neamhdhíobhálach don aeráid le haghaidh táirgí adhmaid, ar amhábhair iad a stórálann carbón agus ar féidir leo gníomhú mar ábhair ionaid le haghaidh ábhar agus breoslaí iontaise-bhunaithe. Rannchuidíonn ‘ról triarach’ na bhforaoisí (linn, stóráil agus ionadú) leis an laghdú ar na hastaíochtaí carbóin a scaoiltear isteach san atmaisféar, agus á áirithiú ag an am céanna go leanann na foraoisí de bheith ag fás agus de roinnt mhaith seirbhísí a sholáthar.
Leasú 47 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16 g (nua)
(16g) Ba cheart do dhlí an Aontais foraoisiú agus bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn sna Ballstáit nach bhfuil acmhainní suntasacha foraoisí acu trí bhíthin dea-chleachtais agus fios gnó tionsclaíoch a chomhroinnt.
Leasú 48 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17
(17) Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, rinne an Coimisiún measúnú ar sprioc 2030 an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ina Theachtaireacht ‘Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid - Infheistiú i dtodhchaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de chun leas an phobail’9, bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus an anailís a dhéanfaidh sé ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus iad sin á gcur san áireamh aige. I bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta do 2050, ba cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith laghdaithe agus aistrithe gás ceaptha teasa a bheith feabhsaithe faoi 2030, ionas go ndéanfar na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, is é sin líon na n‑astaíochtaí gan aistrithe, a laghdú de 55 % faoi 2030, ar fud an gheilleagair agus ar bhonn intíre, i gcomparáid le leibhéil 1990. Is sprioc leantach chun críocha phointe (11) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 é sprioc aeráide nua an Aontais do 2030, agus dá bhrí sin cuirtear í in ionad na sprice uile-Aontais do 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, sprioc a leagtar amach sa phointe sin. Thairis sin, faoin 30 Meitheamh 2021, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an méid ba ghá reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear sprioc 2030 an Aontais chun feidhme a leasú chun laghduithe den sórt sin ar ghlanastaíochtaí a bhaint amach.
(17) Chuir an Coimisiún in iúl sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Comhaontú Glas don Eoraip’ go bhfuil rún aige measúnú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais um laghdú gás ceaptha teasa a mhéadú agus tograí a dhéanamh maidir léi sin lena áirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta 2050. SaTeachtaireacht sin, chuir an Coimisiún i bhfáth gur cheart, trí bheartais uile an Aontais, cuidiú leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus gur cheart do na hearnálacha uile a bheith páirteach. I bhfianaise sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, tá sé ríthábhachtach an gníomhú ar son na haeráide a neartú tuilleadh agus go háirithe go n-ardófaí sprioc aeráide 2030 an Aontais go dtí laghdú 60 % ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. Dá thoradh sin,ba cheart don Choimisiún, faoin 30 Meitheamh 2021, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeadh gá le leasú a dhéanamh dá réir ar reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear an sprioc níos airde sin chun feidhme agus ar reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais atá ag rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn.
10 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
Leasú 49 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 a (nua)
(17a) Chun a áirithiú go mbeidh an tAontas agus na Ballstáit uile ar an mbóthar ceart i gcónaí maidir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, agus chun an intuarthacht agus an mhuinín a áirithiú do na gníomhaithe eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe agus ceardchumainn, infheisteoirí agus tomhaltóirí, ba cheart don Choimisiún féachaint ar na roghanna atá ann i dtaca le sprioc aeráide de chuid an Aontais le haghaidh na bliana 2040 a leagan síos agus tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcás inarb iomchuí.
Leasú 50 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 b (nua)
(17b) Faoin 30 Meitheamh 2021, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na beartais agus na hionstraimí uile atá ábhartha do ghnóthú sprioc aeráide 2030 an Aontais agus do bhaint amach na cuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1), agus ba cheart do, i gcás inar gá, moladh a dhéanamh i dtaobh iad sin a leasú. Ina leith sin, caithfidh EU ETS a bheith cuí don chuspóir le fónamh do spriocanna méadaithe an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, dá réir sin, athbhreithniú a dhéanamh go mear ar Threoir 2003/87/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Ciste don Nuálaíocht faoin Treoir sin a neartú ionas go gcruthófar tionscnaimh airgeadais eile don nuatheicneolaíocht, go spreagfar fás agus iomaíochas agus go dtacófar le teicneolaíochtaí glana, agus fós go n-áiritheofar go mbeidh neartú an Chiste don Nuálaíocht ag rannchuidiú le próiseas an Aistrithe Chóir.
_____________________
1a Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
Leasú 51 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 c (nua)
(17c) Mar chomhartha ar thábhacht agus treise an bheartais aeráide agus chun an fhaisnéis is gá a thabhairt do na gníomhaithe polaitiúla atá páirteach sa phróiseas reachtaíochta, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht uile a bheidh ann amach anseo, agus é á dhéanamh sin le dearcadh nua ina n-áireofar an t-aeráid agus na hiarmhairtí don aeráid, agus lena gcinnfear cén éifeacht a bheidh ag aon reachtaíocht atá molta ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus go ndéanfaidh sé é sin uile ar an leibhéal céanna lena mheasúnú ar an mbunús dlí, ar an gcoimhdeacht agus ar an gcomhréireacht.
Leasú 52 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 d (nua)
(17d) Ba cheart don Choimisiún deimhin a dhéanamh de freisin go bhfuil an tionscal cumasaithe a dhóthain le dul faoin aistriú suntasach ionsar aeráidneodracht agus na spriocanna an-uaillmhianach do 2030 agus do 2040 trí bhíthin creat rialála agus acmhainní airgeadais atá i gcomhriar leis na dúshláin. Ba cheart an creat rialála agus airgeadais sin a mheasúnú go tráthrialta, agus a oiriúnú más gá, chun sceitheadh carbóin, dúnadh tionsclaíoch, caillteanais poist agus iomaíocht mhíchóir idirnáisiúnta a chosc.
Leasú 53 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 e (nua)
(17e) Ba cheart don Choimisiún riachtanais fostaíochta a mheasúnú, lena n-áirítear riachtanais oideachais agus oiliúna, forbairt an gheilleagair agus bunú aistrithe chothroim agus chóir.
Leasú 157 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 17 f (nua)
(17f) Chun go mbainfidh an tAontas a chuspóir aeráidneodrachta amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus freisin i gcás na spriocanna aeráide inmheánacha le haghaidh 2030 agus 2040, ba cheart d’institiúidí an Aontais agus na Ballstáit uile, a luaithe agus is féidir agus faoi 2025 ar a dhéanaí, gach fóirdheontas díreach agus indíreach do bhreoslaí iontaise a bheith céimnithe amach acu. Níor cheart go mbeadh tionchar ag céimniú amach na bhfóirdheontas sin ar iarrachtaí chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus ba cheart ról idirlinne an gháis nádúrtha san aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a chur san áireamh.
Leasú 55 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 18
(18) Lena áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit ar a mbóthar chun an cuspóir aeráidneodrachta agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn. Más neamhleor an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú nó mura mbíonn bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó más neamhleor iad chun an cumas oiriúnúcháin a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaigheann sé nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.
(18) Chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit go léir ar a mbóthar chun cuspóirí aeráide an Aontais agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn. Más rud é gur neamhleor an dul chun cinn a dhéanann gach Ballstát ann féin agus an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú nó mura mbíonn aon bhearta an de chuid an Aontais comhsheasmhach le cuspóirí aeráide an Aontais nó mura leor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh go tráthrialta ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaigheann sé nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach le cuspóirí aeráide an Aontais nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú. Ba cheart don Choimisiún an measúnú sin mar aon lena thorthaí a phoiblí tráth a ghlactha.
Leasú 56 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 18 a (nua)
(18a) Ní bheifear in ann neodracht aeráide a bhaint amach ach amháin sa chás go ndéanann na Ballstáit go léir an t-ualach a ghabhann leis an aistriú ionsar aeráidneodracht a chomhroinnt agus go mbíonn siad tiomanta go hiomlán don aistriú sin. Tá oibleagáid ar gach Ballstát na spriocanna eatramhacha agus na críochspriocanna a chomhlíonadh agus má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na hoibleagáidí sin comhlíonta ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige bearta a ghlacadh in aghaidh na mBallstát. Ba cheart do na bearta sin a bheith comhréireach, iomchuí agus i gcomhréir leis na Conarthaí.
Leasú 57 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 18 b (nua)
(18b) Tá géarghá le saineolas eolaíoch agus leis an bhfianaise is fearr atá ar fáil agus cothrom le dáta, mar aon le faisnéis faoin athrú aeráide atá fíorasach agus trédhearcach araon, agus is gá an saineolas sin chun taca a chur faoi ghníomhú an Aontais ar son na haeráide agus faoi na hiarrachtaí atá ar bun aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Tá ról tábhachtach ag na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta neamhspleácha i bhfaisnéis a thabhairt don phobal agus i rannchuidiú leis an díospóireacht bheartais ar an athrú aeráide sna Ballstáit sin a bhfuil na comhlachtaí sin iontu. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit nach bhfuil sé déanta cheana acu comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta a bhunú, a bheidh comhdhéanta d’eolaithe arna roghnú ar bhonn a saineolais i réimse an athraithe aeráide agus i ndisciplíní eile atá ábhartha do ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo. I gcomhar leis na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta sin, ba cheart don Choimisiún painéal comhairleach eolaíochta neamhspleách ar an athrú aeráide a chur ar bun, eadhon an Chomhairle Eorpach um an Athrú Aeráide (CEAA), a dhéanfadh comhlánú ar obair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) agus ar obair na n-institiúidí agus gníomhaireachtaí taighde atá ag an Aontas cheana. Sna misin a leagfar amach dó, ba cheart aon fhorluí le misean IPCC ar an leibhéal idirnáisiúnta a sheachaint. Ba cheart do CEAA a bheith comhdhéanta de choiste eolaíochta, ina mbeidh saineolaithe sinsearacha roghnaithe agus a mbeidh tacaíocht aige ó bhord bainistíochta a mbeidh cruinniú acu faoi dhó sa bhliain. Is é an cuspóir a bheadh ag CEAA ná measúnuithe a sholáthar go bliantúil d’institiúidí an Aontais i dtaobh a mhéid atá bearta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú comhleanúnach le cuspóirí aeráide an Aontais agus le tiomantais aeráide idirnáisiúnta an Aontais. Ba cheart do CEAA freisin measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar chonairí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ba cheart dó freisin an fhéidearthacht atá ag ceapadh carbóin a shainaithint.
Leasú 58 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 19
(19) Lena áirithiú go ndéanfar measúnú oibiachtúil láidir, bunaithe ar na torthaí eolaíocha teicniúla socheacnamaíocha is déanaí, agus ina mbainfear úsáid as raon leathan saineolais neamhspleách, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar fhaisnéis ábhartha lena n-áirítear faisnéis arna cur isteach agus arna tuairisciú ag na Ballstáit, tuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear tuarascála IPCC. I bhfianaise gur thug an Coimisiún gealltanas féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an earnáil phoiblí Tacsanomaíocht an Aontais a úsáid i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart go n-áireofaí ansin faisnéis ar an infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ón Aontas agus ó na Ballstáit, atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht] nuair a bheidh faisnéis den chineál sin ar fáil. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as staitisticí agus sonraí Eorpacha i gcás ina mbeidh siad ar fáil agus grinnscrúdú saineolach a lorg. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cuidiú leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena clár oibre bliantúil.
(19) Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú oibiachtúil agus láidir, bunaithe ar na torthaí eolaíocha, teicniúla agus socheacnamaíocha is déanaí, agus ina mbainfear úsáid as raon leathan saineolais neamhspleách, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar fhaisnéis ábhartha lena n-áirítear faisnéis arna cur isteach agus arna tuairisciú ag na Ballstáit, tuarascálacha ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear tuarascála ó IPCC, ó UNEP, ó IPBES, ó ECCC agus, i gcás inar féidir, ó chomhlachtaí comhairleacha aeráide neamhspleácha náisiúnta na mBallstát. I bhfianaise gur thug an Coimisiún gealltanas féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an earnáil phoiblí Tacsanomaíocht an Aontais a úsáid i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart go n-áireofaí ansin faisnéis ar an infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ón Aontas agus ó na Ballstáit, atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht] nuair a bheidh faisnéis den chineál sin ar fáil. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as staidreamh agus sonraí Eorpacha i gcás ina mbeidh siad ar fáil agus grinnscrúdú saineolach a lorg. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cuidiú leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena clár oibre bliantúil.
Leasú 59 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 20
(20) De bhrí go bhfuil ról láidir ag na saoránaigh chun an claochlú i dtaca leis an aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhaíocht aeráide a éascú. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú i dtaca le sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach, lena n-áirítear trí bhíthin Comhshocrú Aeráide Eorpach a sheoladh.
(20) De bhrí go bhfuil ról láidir ag saoránaigh, pobail agus réigiúin maidir leis an gclaochlú ionsar aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide a spreagadh agus a éascú araon ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí ar bhealach atá go hiomlán trédhearcach chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú i dtreo sochaí atá cóir go sóisialta, cothromaithe ó thaobh inscne de, aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach, lena n-áirítear trí bhíthin Comhshocrú Aeráide Eorpach a sheoladh.
Leasú 60 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 21
(21) D’fhonn intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú nach féidir dul siar ar an aistriú i dtaca le haeráidneodracht, a áirithiú go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama agus chun cuidiú leis an measúnú ar chomhsheasmhacht beartas agus ar an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun conair a leagan amach le haghaidh laghduithe astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201637. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(21) Chun intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhaithe eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, FBManna, oibrithe agus ceardchumainn, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú nach féidir dul siar ar an aistriú chuig an aeráidneodracht, chun a áirithiú go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama agus chun cuidiú leis an measúnú ar chomhsheasmhacht beartas agus ar an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta, ba cheart don Choimisiúnmeasúnú a dhéanamh ar na roghanna chun conair a bhunú le haghaidh glanleibhéal nialasach in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050 agus ba cheart dó tograí reachtacha a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle más iomchuí.
Leasú 61 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 22
(22) I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin do na prionsabail maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas ionstraimí an Aontais maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. An córas tomhais ar an dul chun cinn maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus ar chomhsheasmhacht na mbeart a dhéantar leis an gcuspóir sin, ba cheart don chóras sin cur leis an gcreat rialachais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999 agus a bheith comhsheasmhach leis. Go háirithe, ba cheart an córas tuairiscithe ar bhonn rialta agus seicheamhú mheasúnú agus ghníomhaíochtaí an Choimisiúin ar bhonn an tuairiscithe a ailíniú leis na ceanglais maidir le faisnéis a thíolacadh agus tuarascálacha a chur ar fáil ag na Ballstáit a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999. Dá bhrí sin ba cheart Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú chun an cuspóir aeráidneodrachta a chur san áireamh sna forálacha ábhartha.
(22) I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin i leith na bprionsabal maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart féachaint le comhleanúnachas a bheidh idir ionstraimí an Aontais a mhéid a bhaineann le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. An córas tomhais ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach mar aon le comhsheasmhacht na mbeart a dhéantar leis an gcuspóir sin, ba cheart dóibh tógáil ar an gcreat rialachais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999 agus a bheith comhsheasmhach leis. Go háirithe, ba cheart an córas tuairiscithe ar bhonn rialta agus seicheamhú mheasúnú agus ghníomhaíochtaí an Choimisiúin ar bhonn an tuairiscithe a ailíniú leis na ceanglais maidir le faisnéis a thíolacadh agus tuarascálacha a sholáthar ag na Ballstáit faoi mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú chun an cuspóir aeráidneodrachta a chur san áireamh sna forálacha ábhartha.
Leasú 62 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23
(23) Dúshlán trasteorann atá san athrú aeráide de réir sainmhínithe agus ní mór gníomhaíocht comhordaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun beartais náisiúnta a fhorlíonadh agus a atreisiú go héífeachtach. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr scála agus éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
(23) Dúshlán trasteorann ó nádúr atá san athrú aeráide agus ní mór gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun beartais náisiúnta a fhorlíonadh agus a atreisiú go héífeachtach. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas agus sna Ballstáit go léir faoi 2050 ar a dhéanaí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
Leasú 63 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 a (nua)
(23a) Tá an tAontas freagrach faoi láthair as 10 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar domhan. Tá cuspóir na haeráidneodrachta teorannaithe d’astaíochtaí a thagann as táirgeacht an Aontais. Le beartas aeráide comhleanúnach, tá rialú ar astaíochtaí ó thomhaltas agus ó allmhairí fuinnimh agus acmhainní i gceist freisin.
Leasú 64 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 b (nua)
(23b) Tá sé bunriachtanach lorg carbóin thomhaltas an Aontais a fhorbairt mar uirlis chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas foriomlán chuspóirí aeráide an Aontais.
Leasú 65 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 c (nua)
(23c) Ba cheart do bheartas aeráide an Aontais, atá go hiomlán éifeachtúil, aghaidh a thabhairt ar sceitheadh carbóin agus iomchuí a fhorbairt, amhail an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, chun dul i ngleic leis agus chun caighdeáin an Aontais agus ceannródaithe thionscail an Aontais a chosaint.
Leasú 66 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 d (nua)
(23d) Tá méadú leanúnach tagtha ar allmhairí táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar ó thríú tíortha le blianta beaga anuas. Léiríonn an treocht sin gur cheart measúnú a dhéanamh ar cé acu táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha atá faoi réir ceanglas atá inchomparáide leis na ceanglais is infheidhme maidir le feirmeoirí an Aontais sa chás go bhfuil bunús na gceanglas sin ag teacht faoi réir chuspóirí bheartais an Aontais maidir le tionchar an athraithe aeráide a laghdú. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil agus teachtaireacht faoin ábhar sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2021.
Leasú 67 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 e (nua)
(23e) Ina Theachtaireacht dar teideal ‘Comhaontú Glas don Eoraip’, thug an Coimisiún chun suntais go bhfuil gá le dlús a chur leis an aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste mar bheartas tosaíochta ionsar aeráidneodracht. Chun an t-aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste a áirithiú, tá sé léirithe ag an gCoimisiún go nglacfaidh sé straitéis chuimsitheach maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste in 2020 le bearta uaillmhianacha dírithe ar CO2 agus astaíochtaí truailleán thar na modhanna iompair uile a laghdú go suntasach, lena n-áirítear trí bhorradh a chur faoi ghlacadh feithiclí glana agus breoslaí malartacha don iompar bóthair, muirí agus eitlíochta, sciar modhanna iompair níos inbhuanaithe a mhéadú amhail iarnród agus uiscebhealaí intíre, agus éifeachtúlacht ar fud an chórais iompair iomláin a fheabhsú, roghanna tomhaltóra níos inbhuanaithe agus dea-chleachtais astaíochta ísle a dhreasú, agus infheistiú i réitigh astaíochtaí ísle agus nialasacha, lena n-áirítear bonneagar.
Leasú 68 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 f (nua)
(23f) D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag bonneagar iompair maidir le dlús a chur leis an gclaochlú ionsar shoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste trí fhreastal ar aistriú módúil chuig modhanna iompair níos inbhuanaithe, go háirithe d’iompar lastais. San am céanna, d’fhéadfadh damáistí bonneagair, suaití oibríochtúla, brúnna ar chumas slabhra soláthair agus ar éifeachtúlacht a bheith mar thoradh ar eachtraí athraithe aeráide amhail ardú na leibhéal uisce, dálaí aimsire as cuimse, triomach agus ardú teochtaí, agus, mar thoradh air sin, d’fhéadfadh impleacht dhiúltach a bheith ann don tsoghluaisteacht Eorpach. Dá bhrí sin, tá tabhairt i gcrích chroíghréasáin na nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) faoi 2030 agus tabhairt i gcrích ghréasán chomhlántaigh TEN-T faoi 2040 ríthábhachtach, agus oibleagáidí a leagtar amach i ndlí an Aontais á gcur san áireamh maidir le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na dtionscadal i rith a saolré ar fad. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar chreat reachtach a mholadh chun bainistiú riosca, athléimneacht agus oiriúnú aeráide an bhonneagair iompair a mhéadú.
Leasú 69 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 g (nua)
(23g) Ba cheart lúdracht an ghréasáin iarnróid Eorpaigh, go háirithe na naisc idirnáisiúnta, chun iompar paisinéirí d’iarnród a dhéanamh níos tarraingtí do thaisteal meán-achair agus fad-achair mar aon le feabhsuithe don chumas iarnród agus uiscebhealaí intíre do lastas a bheith ag croílár ghníomhaíocht reachtach an Aontais.
Leasú 70 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 h (nua)
(23h) Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil infheistíochtaí leordhóthanacha á ndéanamh i bhforbairt na mbonneagar iomchuí do shoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, lena n-áirítear ardáin idirmhodúlacha agus ról na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) a atreisiú chun go dtacóidís leis an aistriú chuig soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe agus shábháilte san Aontas.
Leasú 71 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 i (nua)
(23i) I gcomhréir le hiarrachtaí an Aontais chun iompar de bhóthar a aistriú go hiarnród chun an modh iompair is éifeachtúla ó thaobh CO2 de a chur chun tosaigh agus ag breithniú Bhliain Eorpach an Iarnróid atá le teacht in 2021, ba cheart béim reachtach ar leith a chur ar fhíor-Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chruthú trí na hualaí riaracháin agus na dlíthe náisiúnta cosantacha uile a bhaint faoi 2024.
Leasú 72 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 j (nua)
(23j) Chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050, ba cheart don Choimisiún, freisin, an reachtaíocht shonrach maidir le caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin, veaineanna agus trucailí a neartú, bearta sonracha a sholáthar chun bealach a réiteach do leictriú an iompair de bhóthar, agus tionscnaimh a dhéanamh chun cur le táirgeadh agus imlonnú breoslaí malartacha inbhuanaithe.
Leasú 73 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 k (nua)
(23k) Ina rún an 28 Samhain 2019 maidir le Comhdháil 2019 na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i Maidrid, an Spáinn (COP25), thug Parlaimint na hEorpa ar aire nach n-éireodh leis na spriocanna agus bearta domhanda atá á mbeartú faoi láthair ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, fiú dá gcuirfí chun feidhme ina n-iomláine iad, ó thaobh na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuil gá leo a bhaint amach, agus gur gá gníomhaíocht shuntasach bhreise a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda i gcomhréir leis an gcuspóir atá ann ar fud an gheilleagair maidir le glanleibhéal nialasach astaíochtaí gás ceaptha teasa1a.
Leasú 158 Togra le haghaidh Rialacháin Aithris 23 l (nua)
(23l) Ba cheart don Choimisiún dlús a chur lena iarrachtaí chun margadh inmheánach fuinnimh dea-fheidhmiúil a bhaint amach toisc gur cuid thábhachtach den aistriú fuinnimh is ea margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go maith agus go gcuideodh sé lena dhéanamh inmharthana ó thaobh airgeadais de. Ba cheart, dá bhrí sin, tús áite a thabhairt d’fhorbairt líonraí cliste agus digiteacha leictreachais agus gáis sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Le cláir téarnaimh COVID-19, ba cheart go dtacófaí freisin le heangacha fuinnimh trasnáisiúnta a fhorbairt. Tá gá le nósanna imeachta cinnteoireachta atá éifeachtach agus tapa chun tacú le heangacha fuinnimh trasnáisiúnta a fhorbairt, go háirithe i mbonneagar gáis atá dírithe ar an todhchaí agus atá comhoiriúnach don hidrigin.
Leasú 74 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 1
Airteagal 1
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat le haghaidh laghdú dochúlaithe de réir a chéile ar astaíochtaí gás ceaptha agus chun feabhas a chur ar aistrithe trí bhíthin linnte nádúrtha nó linnte eile san Aontas.
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat le haghaidh laghdú dochúlaithe, intuartha agus mear ar astaíochtaí gás ceaptha agus chun feabhas a chur ar aistrithe trí bhíthin linnte nádúrtha nó linnte eile san Aontas i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais.
Leagtar amach sa Rialachán seo cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050, chun an sprioc fhadtéarma teochta a leagtar amach in Airteagal 2 de Chomhaontú Pháras a shaothrú, agus déantar foráil ann maidir le dul chun cinn chun sprioc an oiriúnaithe dhomhanda a bhunaítear le Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras a shaothrú. Leagtar amach ann freisin sprioc ceangailteach an Aontais maidir le laghdú astaíochtaí gas ceaptha teasa do 2030.
Leagtar amach sa Rialachán seo cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí i saothrú na sprice fadtéarmaí teochta a leagtar amach in Airteagal 2 de Chomhaontú Pháras, agus déantar foráil ann maidir le creat don dul chun cinn chun sprioc an oiriúnaithe dhomhanda a bhunaítear le Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras a shaothrú.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha agus aistrithe na ngás ceaptha teasa, trí bhíthin linnte nádúrtha nó linnte eile a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha agus aistrithe gás ceaptha teasa trí bhíthin linnte nádúrtha nó linnte eile de réir mar a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.
Leasuithe 75 agus 159 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 2
Airteagal 2
Airteagal 2
An cuspóir aeráidneodrachta
An cuspóir aeráidneodrachta
1. Déanfar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa a rialaítear le dlí an Aontais a chothromú faoi 2050 ar a dhéanaí, agus, ar an gcaoi sin, astaíochtaí a laghdú go nialas faoin dáta sin.
1. Astaíochtaí antrapaigineacha de réir foinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa de réir linnte agus a rialaítear le dlí an Aontais, déanfar cóimheá orthu san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus, ar an gcaoi sin, bainfear glanleibhéal nialasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasaamach faoin dáta sin. Bainfidh gach Ballstát glanleibhéal nialasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa amach faoi 2050 ar a dhéanaí.
2. Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun gur féidir cuspóir na haeráidneodrachta, a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus an tábhacht a bhaineann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát á cur san áireamh.
2. Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus atá cothrom le dáta agus tabharfaidh siad tacaíocht ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil faoi seach chun gur féidir cuspóir na haeráidneodrachta san Aontas agus sna Ballstáit go léir, faoi mar a leagtar amach i mír 1, a bhaint amach, agus an tábhacht a bhaineann le cothroime, dlúthpháirtíocht agus aistriú cóir a chur chun cinn i measc na mBallstát á cur san áireamh, chomh maith le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch, cosaint do shaoránaigh leochaileacha den Aontas mar aon leis an tábhacht a bhaineann le bainistiú, athshlánú, cosaint agus feabhsú a dhéanamh ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus talún, ar éiceachórais agus ar linnte carbóin.
2a. Amhail ón 1 Eanáir 2051, beidh aistrithe gás ceaptha teasa de réir linnte níos mó ná astaíochtaí antrapaigineacha san Aontas agus i ngach Ballstát.
2b. Faoin 31 Bealtaine 2023, déanfaidh an Coimisiún, i ndiaidh measúnú tionchair mionsonraithe a dhéanamh agus an buiséad do gháis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) á chur san áireamh aige, iniúchadh ar na roghanna atá ann chun sprioc 2040 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 a shocrú agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Le linn dó a bheith ag iniúchadh na roghanna do sprioc 2040 maidir leis an aeráid, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ECCC agus cuirfidh sé na critéir a leagtar amach in Airteagal 3(3) san áireamh.
2c. Tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis sprioc 2040 maidir leis an aeráid a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a gcaithfí leasú a dhéanamh ar reachtaíocht uile an Aontais a bhaineann le comhall na sprice sin agus breithneoidh sé cad iad na bearta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí.
2d. Faoi mhí na Nollag 2020, ullmhóidh an Coimisiún plean ina leagfar amach na bearta atá le déanamh ar leibhéal an Aontais a shonrú lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní iomchuí a shlógadh agus chun na hinfheistíochtaí is gá a éascú chun geilleagar Aontais atá aeráidneodrach a bhaint amach. Beidh athbhreithniú sa phlean ar na sásraí cúitimh atá ann faoi láthair le haghaidh Ballstáit ar ioncam íseal, agus cuirfear san áireamh an t-ualach méadaithe a bhaineann le huaillmhianta aeráide ardaithe, tacaíocht ó shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ó chláir InvestEU agus ón gCiste um Aistriú Cóir.
Leasuithe 100, 148 agus 150 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 2 a
Airteagal 2a
Airteagal 2a
Sprioc aeráide 2030
Sprioc aeráide 2030
1. Chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, is é a bheidh i sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2030 laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (líon na n‑astaíochtaí gan aistrithe) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030.
1. Is é a bheidh i sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid ná laghdú de 60 % ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990.
2. Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach agus breithneoidh sé ar na bearta is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí.”;
2. Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a mbeadh gá le leasú a dhéanamh ar reachtaíocht uile an Aontais atá ábhartha do chomhall sprioc 2030 an Aontais maidir leis an Aeráid agus ar reachtaíocht ábhartha eile an Aontais a chuireann an geilleagar ciorclach chun cinn agus a rannchuidíonn le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcumasófar baint amach na sprice le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, agus déanfaidh sé na bearta is gá, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí. Déanfaidh an Coimisiún go háirithe meastóireacht ar na roghanna chun astaíochtaí ó na hearnálacha uile, lena n-áirítear iompar eitlíochta agus muirí, a ailíniú le sprioc 2030 maidir leis an aeráid agus le cuspóir aeráidneodrachta 2050 chun na hastaíochtaí sin a laghdú go dtí glanleibhéal nialasach faoi 2050 ar a dhéanaí agus déanfaidh sé tograí reachtacha a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfaidh an Coimisiún acmhainní leormhaithe a shlógadh le haghaidh na n-infheistíochtaí go léir atá riachtanach chun na spriocanna dá dtagraítear sa mhír seo a bhaint amach.
2a. Déanfaidh an Coimisiún a chuid tograí dá dtagraítear i mír 2 a bhunú ar mheasúnú cuimsitheach tionchair ina gcumhdófar éifeachtaí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta, lena léireofar an staid eacnamaíoch iar-COVID-19 agus aird ar leith á tabhairt ar an laghdú earnálach agus ar an acmhainneacht aistrithe, agus ar thionchar Brexit ar astaíochtaí an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar carnach a bheidh ag leasú reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear chun feidhme sprioc 2030 an Aontais, mar a leagtar amach i mír 1, ar earnálacha éagsúla tionscail.
2b. Agus a chuid tograí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht ábhartha aeráide agus fuinnimh 2030, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh cothromaíocht chóir agus éifeachtach ó thaobh costais de idir an ETS agus an earnáil comhroinnte díchill, agus idir spriocanna náisiúnta in earnáil na comhroinnte díchill, agus ní ghlacfaidh sé ar aon chuma le hiarracht bhreise do gach Ballstát a chomhfhreagraíonn do leibhéal uaillmhéine atá 15 % níos airde. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tionchair a bhaineann le níos mó beart Eorpach a thabhairt isteach a d’fhéadfadh na bearta atá ann cheana a chomhlánú, amhail bearta margadhbhunaithe a bhfuil sásra láidir dlúthpháirtíochta san áireamh iontu.
Leasú 76 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 b (nua)
Article 2b
Comhlachtaí comhairleacha aeráide na mBallstát agus an Chomhairle Eorpach um an Athrú Aeráide
1. Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh na Ballstáit go léir fógra a thabhairt don Choimisiún á chur in iúl dó cad é a gcomhlacht comhairleach aeráide náisiúnta neamhspleách a bheidh freagrach as comhairle saineolais eolaíochta a thabhairt maidir leis an mbeartas aeráide náisiúnta, ach nach mbeidh teorannaithe don chúram sin amháin. Mura mbeidh comhlacht den sórt sin ann, spreagfar na Ballstáit le ceann a bhunú.
Chun tacú le neamhspleáchas agus uathriail eolaíoch an chomhlachta chomhairligh aeráide neamhspleách náisiúnta, spreagfar na Ballstáit le bearta iomchuí a dhéanamh lena gcuirfear ar chumas an chomhlachta oibriú ar shlí atá go hiomlán trédhearcach agus go mbeidh fionnachtana an chomhlachta á gcur ar fáil go poiblí agus déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh na mbeart sin.
2. Faoin 30 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta sin, an Chomhairle Eorpach um an Athrú Aeráide (CEAA) a chur ar bhun mar phainéal comhairleach eolaíochta buan, neamhspleách agus idirdhisciplíneach ar an athrú aeráide agus beidh an Chomhairle sin faoi threoir ag na fionnachtana eolaíochta is déanaí atá ann faoi mar a bheidh curtha in iúl ag IPCC. Beidh CEAA ina chomhlánú ar obair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) agus ar na hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí taighde eile atá ag an Aontas. Chun aon dúbailt ar obair a sheachaint, fónfaidh EEA mar rúnaíocht do CEAA, ach fós coimeádfaidh CEAA neamhspleáchas buiséadach agus riaracháin.
3. Is téarma cúig bliana, in-athnuaite uair amháin, a chuirfidh Comhaltaí CEAA isteach. Beidh CEAA comhdhéanta de choiste eolaíochta ar a mbeidh uasmhéid de 15 saineolaí sinsearach lena ngabhfaidh an raon iomlán saineolais atá ag teastáil le haghaidh na ngníomhaíochtaí a liostaítear i mír 4. Beidh an coiste eolaíochta freagrach, ar bhonn neamhspleách, as comhairle eolaíoch CEAA a tharraingt suas.
4. Ar ghníomhaíochtaí an choiste eolaíochta, áireofar:
(a) measúnú ar a mhéid atá conairí reatha agus beartaithe an Aontais, an buiséad do gháis cheaptha teasa agus spriocanna aeráide i gcomhréir le gealltanais aeráide an Aontais agus gealltanais aeráide idirnáisiúnta;
(b) measúnú ar a dhóchúla atá sé fanacht laistigh de bhuiséad an Aontais do gháis cheaptha teasa agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi na bearta reatha agus pleanáilte;
(c) measúnú ar a mhéid atá bearta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;
(d) gníomhaíochtaí agus deiseanna a shainaithint chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun an fhéidearthacht atá ag ceapadh carbóin a mhéadú; agus
(e) na hiarmhairtí a bheidh ag neamhghníomhaíocht nó ag gníomhaíocht neamhdhóthanach a shainaithint.
5. I ndéanamh a chuid gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 4 dó, áiritheoidh CEAA go mbeidh comhairliúchán cuí ann leis na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta neamhspleácha.
6. Beidh bord bainistíochta ann a thacóidh le hobair an choiste eolaíochta. Beidh an bord bainistíochta comhdhéanta de chomhalta amháin as gach comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta neamhspleách a bheidh curtha in iúl i bhfógra don Choimisiún faoi mar a leagtar amach i mír 1, beirt ionadaithe arna roghnú ag an gCoimisiún, beirt ionadaithe arna roghnú ag Parlaimint na hEorpa agus cathaoirleach na rúnaíochta a bheidh ceaptha ag EEA.
Beidh cruinniú ag an mbord bainistíochta faoi dhó sa bhliain agus is é a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí CEAA a chur ar bun agus faireachán a dhéanamh orthu. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an bord bainistíochta a cheapadh de thoil a chéile, ar bhonn togra ón gCoimisiún. Déanfar cathaoirleach an bhoird bainistíochta a thoghadh as measc a chomhaltaí.
Is iad na freagrachtaí a bheidh ar an mbord bainistíochta ná:
(a) clár oibre bliantúil a ghlacadh ar thogra ón gcoiste eolaíochta agus a áirithiú go bhfuil an clár oibre sin i gcomhréir le sainordú CEAA;
(b) Comhaltaí an choiste eolaíochta a cheapadh, agus a áirithiú go dtugann comhdhéanamh an choiste eolaíochta an raon saineolais is gá le haghaidh gníomhaíochtaí an chláir oibre;
(c) buiséad CEAA a fhormheas; agus
(d) comhordúchán a dhéanamh leis na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta.
7. Déanfaidh an bord bainistíochta comhaltaí an choiste eolaíochta a ainmniú ar bhonn pearsanta. Déanfar cathaoirleach an choiste eolaíochta a thoghadh as measc a chomhaltaí. Déanfaidh an coiste eolaíochta, le tromlach dhá thriain, a chuid rialacha nós imeachta a ghlacadh ina ndéanfar neamhspleáchas agus uathriail eolaíoch iomlán an choiste a áirithiú.
Déanfar iarrthóirí do chomhaltas an choiste eolaíochta a shainaithint trí phróiseas meastóireachta oscailte. Beidh taithí ghairmiúil na n-iarratasoírí ar an gcoiste eolaíochta, a chomhlíonann na ceanglais incháilitheachta a bheidh leagtha amach sa ghlao ar iarratasóirí, faoi réir measúnú comparáideach a bheidh bunaithe ar na critéir roghnúcháin seo a leanas:
(a) barr feabhais eolaíochta;
(b) taithí i measúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus/nó comhairle eolaíoch a thabhairt sna réimsí saineolais;
(c) saineolas forleathan i réimse na n-eolaíochtaí aeráide agus comhshaoil nó i réimsí eolaíochta eile atá ábhartha do bhaint amach chuspóirí aeráide an Aontais;
(d) taithí in obair eolaíochta piar-athbhreithnithe;
(e) taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Déanfar cothromas inscne, saineolas disciplíneach agus earnálach chomh maith le dáileadh réigiúnach a áirithiú i gcomhdhéanamh an choiste eolaíochta.
8. Déanfaidh CEAA, ar bhonn bliantúil, a fhionnachtana faoi mhír 3 a thuairisciú don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. I gcás inar gá sin, déanfaidh CEAA moltaí don Choimisiún chun gnóthachan chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú. Áiritheoidh CEAA go leanfaidh sé próiseas atá go hiomlán trédhearcach agus go gcuirfear a thuarascálacha ar fáil don phobal. Breithneoidh an Coimisiún na tuarascála agus aon mholtaí, agus eiseoidh sé freagra foirmiúil do CEAAA trí mhí tar éis a bhfáil, ar a dhéanaí. Déanfar na freagraí ar na tuarascálacha agus moltaí sin a chur ar fáil go poiblí.
Leasuithe 77, 123 agus 145 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 3
Airteagal 3
Airteagal 3
Conair maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach
Conair maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go 2050, i gcomhréir le hAirteagal 9 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chonair a leagan amach ar leibhéal an Aontais chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach. Laistigh de shé mhí ar a dhéanaí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gconair.
1. Faoin 31 Bealtaine 2023,déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na roghanna le haghaidh conair tháscach a bhunú ag an leibhéal Eorpach chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amachag tosú ó sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2a(1) agus an sprioc idirmheánach cheangailteach 2040 maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(2b) a chur san áireamh agus, más iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach chuige sin.
1a. A luaithe a bheidh an chonair dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniúar an gconair tráth nach déanaíná sé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, ag tosú leis an stocáireamh domhanda in 2028.Déanfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an chonair a choigeartú i gcás ina measann sé go bhfuil coigeartú den sórt sin iomchuí mar thoradh ar an athbhreithniú.
2. Is é a bheidh mar phointe tosaithe ag an gconair sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2a(1).
2. Agus tograí reachtacha á ndéanamh chun conair a shocrú i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh buiséad an Aontais do gháis cheaptha teasa lena leagtar amach cainníocht iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fágtha mar choibhéis CO2 a d’fhéadfaí a astú go dtí 2050 ar a dhéanaí gan gealltanais an Aontais faoi Chonradh Pháras a chur i mbaol.
2a. Leagfaidh an Coimisiún amach buiséad an Aontais do gháis cheaptha teasa i dtuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2021. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin agus an mhodheolaíocht atá mar bhonn léi ar fáil go poiblí.
3. Agus conair á socrú i gcomhréir le mír 1 déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a bhreithniú:
3. Agus tograí reachtacha á ndéanamh chunan chonair a shocrú nó a choigeartú i gcomhréir le míreanna 1 agus 1a faoi seach, déanfaidh an Coimisiún na critéir seo a leanas a chur san áireamh:
(-a) an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, ó IPBES, ó ECCC agus, i gcás inar féidir, ó chomhlachtaí comhairleacha aeráide neamhspleácha na mBallstát;
(-aa) na costais shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht neamhleor;
(-ab) an gá atá ann aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách;
(a) cost-éifeachtacht agus éifeachtúlacht eacnamaíoch;
(b) iomaíochas gheilleagar an Aontais;
(b) iomaíochas gheilleagar an Aontais, go háirithe FBManna agus earnálacha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin;
(ba) lorg carbóin na dtáirgí deiridh agus tomhaltas san Aontas;
(c) an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil;
(c) na teicneolaíochtaí is fearr dá bhfuil ar fáil, atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe, lena n-urramaítear coincheap na neodrachta teicneolaíche agus lena seachnaítear éifeachtaí glasála a d’fhéadfadh a bheith ann;
(d) éifeachtúlacht fuinnimh, acmhainneacht fuinnimh agus cinnteacht soláthair;
(d) éifeachtúlacht fuinnimh agus céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, acmhainneacht fuinnimh, laghdú ar bhochtaineacht fuinnimh agus cinnteacht soláthair;
(da) an gá atá ann breoslaí iontaise a chéimniú amach agus a n-ionadú a áirithiú trí fhuinneamh, ábhair agus tháirgí inathnuaite a tháirgtear go hinbhuanaithe;
(e) cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh;
(e) cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus réigiúin;
(f) an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama;
(f) an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama;
(fa) an gá atá ann inbhuanaitheacht chomhshaoil a áirithiú, lena n-áirítear an gá atá ann dul i ngleic leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta, agus ag an am céanna éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú agus dochar dochúlaithe do na héiceachórais a chosc chun spriocanna bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach;
(fb) linnte nádúrtha cobhsaí, marthanacha agus atá éifeachtach ó thaobh na haeráide de a áirithiú le himeacht ama;
(g) riachtanais agus deiseanna infheistíochta;
(g) riachtanais agus deiseanna infheistíochta do nuálaíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/...[An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht] agus an riosca de shócmhainní tréigthe a chur san áireamh ag an am céanna.
(h) an gá atá ann aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú ;
(i) forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a bhaint amach;
(j) an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC.
3a. Faoin ... [1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] eiseoidh an Coimisiún, tar éis dianphlé a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir laistigh d’earnáil ábhartha, treochlár earnálach maidir le dícharbónú i dtreo neodracht aeráide faoi 2050 ar a dhéanaí don earnáil lena mbaineann.
Leasuithe 78 agus 146 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 4
Airteagal 4
Airteagal 4
Oiriúnú don athrú aeráide
Oiriúnú don athrú aeráide
-1a. Faoin 31 Eanáir 2021 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, glacfaidh an Coimisiún Straitéis nuashonraithe AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Beidh sé mar aidhm ag an Straitéis nuashonraithe AE a áirithiú go ndéanfar beartais oiriúnaithe a chur in ord tosaíochta, a chomhtháthú agus a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach i mbeartais an Aontais, i ngealltanais idirnáisiúnta, i gcomhaontuithe trádála agus i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta.
1. Áiritheoidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit go ndéanfar dul chun cinn leanúnach maidir leis acmhainneacht oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith athrú aeráide a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú Pháras.
1. Féachfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit le cuspóirí náisiúnta agus an Aontais le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide mar a leagtar amach sa Straitéis AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach, agus áiritheoidh siad go ndéanfar dul chun cinn leanúnach maidir leis an acmhainneacht oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith athrú aeráide a laghdú, lena n-áirítear le haghaidh éiceachórais mhuirí agus talún araon, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus oiriúnú a chomhtháthú i mbeartais agus gníomhaíochtaí socheacnamaíocha agus comhshaoil ábhartha.Díreoidh siad, go háirithe, ar na daonraí agus na hearnálacha eacnamaíocha is leochailí agus is mó a ndéanfar difear dóibh, easnaimh ina leith sin a shainaithint i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta, agus réitigh a chur chun feidhme.
2. Déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear creata bainistíochta riosca cuimsitheacha, bunaithe ar bhunlínte láidre aeráide agus leochaileachta agus ar mheasúnaithe ar dhul chun cinn.
2. Faoin 31 Nollaig 2021 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach lena n-áirítear creata bainistíochta riosca cuimsitheacha áitiúla, lena gcuirtear riachtanais agus sainiúlachtaí áitiúla san áireamh, bunaithe ar bhunlínte agus táscairí láidre aeráide agus leochaileachta, agus ar mheasúnaithe ar dhul chun cinn, faoi threoir ag an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus cothrom le dáta. Áireofar sna straitéisí agus sna pleananna sin bearta i gcomhréir le cuspóirí náisiúnta agus an Aontais maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide. Go háirithe, cuirfidh na straitéisí sin grúpaí, pobail agus éiceachórais leochaileacha agus bhuailte san áireamh, agus áireofar iontu bearta le haghaidh bainistiú, athshlánú agus cosaint éiceachóras muirí agus talún chun a n-athléimneacht a fheabhsú.Ina straitéisí, déanfaidh na Ballstáit leochaileacht áirithe na talmhaíochta agus na gcóras bia, agus na slándála bia, a chur san áireamh, agus réitigh bunaithe ar an dúlra agus oiriúnú bunaithe ar éiceachóras a chur chun cinn.
2a. Iarrfaidh an Coimisiún ar thairbhithe ionstraimí airgeadais an Aontais, lena n-áirítear tionscadail a dtacaíonn an Banc Eorpach Infheistíochta leo, tástáil struis ar oiriúnú aeráide a dhéanamh le haghaidh tionscadal a mheastar a bheith an-leochaileach do thionchair an athraithe aeráide. Faoin ... [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe chun an Rialachán seo a fhorlíonadh ina leagfar amach na critéir mhionsonraithe le haghaidh na tástála struis, lena n-áirítear liosta na n-earnálacha, na dtionscadal agus na réigiún lena mbaineann, agus tairseach láimhdeachais na dtairbhithe, gan aon ualach riaracháin iomarcach á áirithiú ag an am céanna. Tabharfaidh an Coimisiún treoir do thairbhithe, bunaithe ar Straitéis AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus ar shonraí ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir leis an gcaoi chun tionscadal infheistíochta a ailíniú le ceanglais oiriúnaithe aeráide.
Leasú 161 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4a
Comhsheasmhacht na sreabh airgeadais le bealach i dtreo sochaí aeráidneodrach agus athléimneach
1. Áiritheoidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit dul chun cinn leanúnach maidir le sreabha airgeadais poiblí agus príobháideacha a dhéanamh comhsheasmhach le bealach i dtreo sochaí aeráidneodrach agus athléimneach i gcomhréir le pointe c d’Airteagal 2(1) de Chomhaontú Pháras, lena ndéanfar cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo a chur san áireamh.
2. Faoin 1 Meitheamh 2021 agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, mar chuid de na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 5, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar an gcaoi a bheadh gá leasú a dhéanamh ar reachtaíocht ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear creataí airgeadais ilbhliantúla an Aontais agus rialacháin shonracha uile a bhaineann le cistí agus ionstraimí faoi bhuiséad an Aontais, le haghaidh forálacha ceangailteacha agus infhorfheidhmithe a áireamh chun comhsheasmhacht na sreabh airgeadais poiblí agus príobháideach le cuspóirí aeráide an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo a áirithiú. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an measúnú sin, i gcás inarb iomchuí.
3. Déanfaidh an Coimisiún an chuid de chaiteachas an Aontais a chomhlíonann na catagóirí tacsanomaíochta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht] a nochtadh go bliantúil.
4. I bhfianaise chuspóirí aeráide an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, déanfaidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit uile fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha uile do bhreoslaí iontaise a chéimniú amach, agus infheistíocht inbhuanaithe a shlógadh dá réir sin. Ní bheidh tionchar ag céimniú amach na bhfóirdheontas sin ar iarrachtaí chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac.
Leasú 80 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 5
Airteagal 5
Airteagal 5
Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais
Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais
1. Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, mar aon leis an measúnú dá bhforáiltear faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an méid seo a leanas:
1. Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, mar aon leis an measúnú dá bhforáiltear faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an méid seo a leanas:
(a) an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) mar a shloinntear leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bhaint amach;
(a) an dul chun cinn a dhéanfaidh gach Ballstát agus an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile chun cuspóir aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 mar a shloinntear leis an gconair a bheidh le bunúdá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bhaint amach; i gcás nach bhfuil an chonair ar fáil, déanfar an measúnú ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3(3) agus i sprioc aeráide 2030;
(b) an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4.
(b) an dul chun cinn a dhéanfaidh gach Ballstát agus an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4.
Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Déanfaidh an Coimisiún na measúnaithe sin agus a gconclúidí, mar aon leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.
2. Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an méid seo a leanas:
2. Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach dhá bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an méid seo a leanas:
(a) comhsheasmhacht bheartais an Aontais leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) mar a shloinntear leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1);
(a) comhsheasmhacht bhearta agus bheartais an Aontais, lena n-áirítear reachtaíocht earnálach, gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus buiséad an Aontais, le cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 mar a shloinntear leis an gconair a bheidh le bunú dá dtagraítear in Airteagal 3(1); i gcás nach bhfuil an chonair ar fáil, déanfar an measúnú ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3(3) agus i sprioc aeráide 2030;
(b) leordhóthanacht bheartais an Aontais chun dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4.
(b) leordhóthanacht bhearta agus bheartais an Aontais, lena n-áirítear reachtaíocht earnálach, gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus buiséad an Aontais, chun dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4.
3. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nach bhfuil bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, nó inar neamhleor an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó an t-oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí, san am céanna leis an athbhreithniú ar an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
3. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nach bhfuil bearta agus beartais an Aontais comhsheasmhach le cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, nó inar neamhleor an dul chun cinn i dtaca le cuspóirí aeráide an Aontaismar a leagtar amach in Airteagal 2 nó an t-oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh sé a luaithe is féidir na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí chun an neamhréireacht sin a réiteach, nó ar a dhéanaí ag an am céanna leis an athbhreithniú ar an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1a).
4. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon dréachtbheart nó ar aon dréacht-togra reachtach i bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1)mar a chuirtear in iúl leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) sula nglacfar é, agus an anailís sin a chur san áireamh in aon mheasúnú tionchair a ghabhann leis na bearta nó na tograí sin, agus déanfaidh sé toradh an mheasúnaithe sin a phoibliú tráth a ghlactha.
4. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht aon dréachtbheart, lena n-áirítear aon togra reachtach agus buiséadach, ach gan iad a bheith teoranta dóibh sin,lecuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2agus an dréachtbheart a ailíniú leis na cuspóirí sin sula nglacfar é. Áireofar an anailís sin in aon mheasúnú tionchair a ghabhann leis na bearta nó tograí sin. A luaithe a bheidh an chonair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus an buiséad do gháis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) bunaithe, beidh siad mar bhonn agus taca an mheasúnaithe. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin agus a thorthaí ar fáil go díreach don phobal a luaithe a bheidh an measúnú curtha i gcrích agus, in aon chás, sula nglacfar an beart nó togra comhlachaithe.
4a. Úsáidfidh an Coimisiún an measúnú dá dtagraítear i mír 4 chun malartú dea-chleachtas a chur chun cinn agus chun gníomhaíochtaí a shainaithint lena rannchuideofar le cuspóirí an Rialachán seo a bhaint amach.
Leasú 81 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 6
Airteagal 6
Airteagal 6
Measúnú ar bheartais náisiúnta
Measúnú ar bhearta náisiúnta
1. Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:
1. Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:
(a) comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta a shainaithnítear, ar bhonn na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide nó na dTuarascálacha Débhliantúla ar Dhul Chun Cinn i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, a mhéid a bhaineann sin leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1), leis an gcuspóir sin a chuirtear in iúl leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1);
(a) comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta a shainaithnítear, ar bhonn na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, nastraitéisí náisiúnta fadtéarmacha nó na dTuarascálacha ar Dhul Chun Cinn arna dtíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, a mhéid a bhaineann sin le cuspóir aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2, leis na cuspóirí sin a chuirtear in iúl leis an gconair a bheidh le bunú dá dtagraítear in Airteagal 3(1); i gcás nach bhfuil an chonair ar fáil, déanfar an measúnú ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3(3) agus i sprioc aeráide 2030;
(b) leordhóthanacht beartas náisiúnta ábhartha chun dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4.
(b) leordhóthanacht agus éifeachtacht beartas náisiúnta ábhartha chun dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4.
Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Déanfaidh an Coimisiún na measúnaithe sin agus a gconclúidí, mar aon leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.
2. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, tar éis aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinn comhchoiteann arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 5(1), nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach leis an gcuspóir sin mar a chuirtear in iúl é leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4 féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig an mBallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na moltaí sin a chur ar fáil go poiblí.
2. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, tar éis aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinnarna dhéanamh gach Ballstát agus an dul chun cinn comhchoiteann arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 5(1), nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach le cuspóirí aeráide an Aontais, mar a chuirtear in iúl iad leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a luaithe a bheidh an chonair bunaithe, nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4, eiseoidh sé moltaí chuig an mBallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na moltaí sin a chur ar fáil go poiblí.
2b. Áireoidh an Coimisiún sa mholadh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tograí chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4. Féadfaidh na tograí sin, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht bhreise fhéideartha theicniúil, airgeadais, a bhaineann le nuálaíocht nó le fios gnó, nó tacaíocht riachtanach eile a áireamh.
3. Nuair a eisítear moladh i gcomhréir le mír 2, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
3. Nuair a eisítear moladh i gcomhréir le mír 2, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
(a) tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aird chuí ar an moladh de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir na Ballstáit;
(a) déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de shé mhí ón moladh a fháil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta atá ar intinn aige a ghlacadh chun aird chuí a thabhairt ar na moltaí, de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir na Ballstáit, agus de bhun phrionsabal an chomhair dhílis;
(b) leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach, ina chéad thuarascáil ar dhul chun cinn a chuirfear isteach i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, sa bhliain tar éis na bliana inar eisíodh an moladh, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar an moladh. Má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, cuirfidh an Ballstát sin a réasúnú chuig an gCoimisiún;
(b) leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach, laistigh de 18 mí den mholadh a fháil, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar an moladh agus ar na bearta a ghlac sé mar fhreagairt air;áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil ar dhul chun cinn arna tíolacadh sa bhliain sin i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán AE 2018/1999;
(c) ba cheart na moltaí a bheith ina gcomhlánú ar na moltaí tírshonracha is déanaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
(c) ba cheart na moltaí a bheith ina gcomhlánú ar na moltaí tírshonracha is déanaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
3a. Laistigh de thrí mhí ó thíolacadh an tuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, déanfaidh an Coimisiún a mheas an dtéann na bearta a ghlac an Ballstát lena mbaineann i ngleic go leormhaith leis na saincheisteanna a ardaítear sa mholadh. Déanfar an measúnú sin agus a thorthaí a phoibliú tráth a ghlactha.
Leasú 82 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 7
Airteagal 7
Airteagal 7
Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin
Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin
1. De bhreis ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a), déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 a bhunú ar an méid seo a leanas ar a laghad:
1. De bhreis ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a), déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 a bhunú ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) faisnéis a chuirtear isteach agus a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999;
(a) faisnéis a chuirtear isteach agus a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999;
(b) tuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA);
(b) tuarascálacha ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC);
(c) staitisticí agus sonraí Eorpacha, lena n-áirítear sonraí maidir le caillteanais ó thionchair dhíobhálacha aeráide, i gcás ina bhfuil sin ar fáil; agus
(c) staitisticí agus sonraí Eorpacha agus domhanda, lena n-áirítear sonraí maidir le caillteanais arna mbreathnú agus arna réamh-mheasadh de bharr drochthionchair aeráide agus meastacháin ar na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht mhoillithe, i gcás ina bhfuil siad ar fáil; agus
(d) an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC; agus
(d) an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus cothrom le dáta, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, ó UNEP, ó IPBES, ó ECCC agus, i gcás inar féidir, ó chomhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta neamhspleácha na mBallstát; agus
(e) aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht].
(e) aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht].
2. Tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 á ullmhú, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.
2. Tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 á ullmhú, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.
Leasú 83 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 8
Airteagal 8
Airteagal 8
Rannpháirtíocht phoiblí
Rannpháirtíocht phoiblí agus trédhearcacht
Oibreoidh an Coimisiún le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú chun go mbeidh sochaí aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach ann. Déanfaidh an Coimisiún próiseas cuimsitheach inrochtana ar gach leibhéal, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a aithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1999.
1. Rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le gach cuid den tsochaí, lena n-áirítear rialtais áitiúla agus réigiúnacha, chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú i dtreo sochaí atá cóir go sóisialta, aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach, lena n-áirítear tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach a leagtar amach i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit próiseas cuimsitheach, inrochtana agus trédhearcach ar gach leibhéal, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta, leis an saol acadúil, leis na saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a shainaithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1999.
2. Bunóidh an Coimisiún Comhshocrú Aeráide Eorpach leis an gcuspóir saoránaigh, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí a bheith rannpháirteach i mbeartais aeráide ar leibhéal an Aontais a fhorbairt agus idirphlé a chothú agus faisnéis eolaíochtbhunaithe faoi athrú aeráide agus faoina ghnéithe sóisialta agus comhionannais inscne a scaipeadh, chomh maith le dea-chleachtais a roinnt maidir le tionscnaimh aeráide.
3. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair atá bearta á ndéanamh acu chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, go gcuirfear saoránaigh, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta ar an eolas agus go rachfar i mbun comhairle leo ar feadh an phróisis reachtaigh. Ina leith sin, oibreoidh na Ballstáit ar bhealach trédhearcach.
Leasú 143 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 a (nua)
Airteagal 8a Cuirfidh an tAontas deireadh le cosaint infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise i gcomhthéacs nuachóiriú Chonradh um Chairt Fuinnimh.
Leasuithe 84 agus 175/rev Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9
Airteagal 9
scriosta
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 85 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 a (nua)
Airteagal 9a
Athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, athbhreithniú ar gach gné den Rialachán seo, i bhfianaise na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na torthaí agus moltaí is déanaí ó IPCC agus ó ECCC, forbairtí agus iarrachtaí idirnáisiúnta a rinneadh chun an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C, agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh tograí reachtacha ag gabháil léi, más iomchuí.
(a) straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna gceapadh chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide] a bhaint amach, cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh, agus, don chéad tréimhse deich mbliana ó 2021 go 2030 go háirithe, spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid;’;
(a) straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna gceapadh chun cuspóirí agus spriocanna an AontaisEorpaigh agus gealltanais fhadtéarmacha an Aontais ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, go háirithe cuspóirí aeráide an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide] a bhaint amach, agus don chéad tréimhse deich mbliana ó 2021 go 2030 go háirithe, spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid;
(2a) in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:
(11) ciallaíonn “spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais” an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair i gcomparáid le 1990, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030, an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite é 32 % ar a laghad don sciar den tomhaltas fuinnimh in-athnuaite san Aontas in 2030, an príomhsprioc ar leibhéal an Aontais 32,5 % ar a laghad d'fheabhsú éifeachtúlachta fuinnimh in 2030, agus an sprioc 15 % d'idirnascadh leictreachais do 2030 nó aon spriocanna ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna gcomhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don bhliain 2030;
‘(11) ciallaíonn ‘spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais’ an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030 de bhun Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) .../... [Dlí Aeráide], an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite é don sciar den tomhaltas fuinnimh in-athnuaite san Aontas in 2030 de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, an príomhsprioc ar leibhéal an Aontais d’fheabhsú éifeachtúlachta fuinnimh in 2030 de bhun Airteagal 1(1) de Threoir 2012/27/AE, agus an sprioc 15 % d’idirnascadh leictreachais do 2030;
Leasú 88 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe 2 b (nua) Rialachán (AE) 2018/1999 Airteagal 2 – pointe 62 a (nua)
(2b) cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2:
(62a) ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a ndéanann nó is dócha go ndéanfaidh na nósanna imeachta cinnteoireachta comhshaoil, dá dtagraítear i gCaibidlí 2 agus 3, difear dóibh, nó a bhfuil leas acu sna nósanna imeachta sin; chun críocha an tsainmhínithe sin, measfar go bhfuil leas ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil cosaint an chomhshaoil á cur chun cinn acu agus a bhfuil ceanglais faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh acu.’
(f) measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhréireacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide], agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15;
(f) measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhréireacht le cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide], agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15;
Leasú 90 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe 3 a (nua) Rialachán (AE) 2018/1999 Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe 1 - an chuid réamhráiteach
(3a) in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití de phointe (a)(1):
(1) maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus d'fhonn cuidiú le baint amach na sprice ó thaobh laghdú ar astaíocht gás ceaptha teasa an Aontais ar fud an gheilleagair:
‘(1) maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe agus d'fhonn cuidiú le baint amach spriocanna aeráide an Aontaisa leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide];
(e) an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide].’;
(e) an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide] ;
Leasú 92 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe 5 a (nua) Rialachán (AE) 2018/1999 Airteagal 11 a (nua)
(5a) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
‘Airteagal 11a
Rochtain ar cheartas
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, go bhfuil rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann a bhfuil leas leordhóthanach acu nó a mhaíonn sárú ar cheart, i gcás ina gceanglaítear ceart den sórt sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit ar rochtain ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách nó neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí d’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha faoi réir Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999.
2. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an chéim inar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha.
3. Is iad na Ballstáit a chinnfidh cad is leas leordhóthanach agus cad is sárú ar cheart ann, i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain fhairsing ar an gceartas a thabhairt don phobal lena mbaineann. Chuige sin, measfar go bhfuil leas leordhóthanach nó go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha mhír 1 den Airteagal seo ag eagraíocht neamhrialtasach atá cumhdaithe ag an sainmhíniú in Airteagal 2(62a).
4. Ní eisiafar, leis an Airteagal seo, an deis nós imeachta um athbhreithniú tosaigh a thabhairt os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh an tAirteagal sin difear don cheanglas go n-ídeofar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás ina mbeidh a leithéid sin de cheanglas ann faoin dlí náisiúnta. Beidh aon nós imeachta den sórt sin cóir, cothrom agus tráthúil, agus ní bheidh sé róchostasach.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal i dtaobh rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.’
(5b) in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1. Faoin 1 Eanáir 2020 agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a mbeidh peirspictíocht 30 bliain ar a laghad aici a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana.
‘1. Faoin 1 Eanáir 2020 agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a mbeidh peirspictíocht 2050 agus 30 bliain aici a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana.’;
(c) laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhsuithe ar aistrithe trí bhíthin linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide];’
(c) laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach in earnálacha uile den gheilleagar agus feabhsú ar aistrithe trí linnte, i gcomhthéacs an gá atá ann, de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC), chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus aistrithe a fheabhsú trí linnte d’fhonn spriocanna teochta i gComhaontú Pháras a ghnóthú chun go mbainfear cothromaíocht amach idir astaíochtaí antrapaigineacha trí fhoinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../...[Dlí Aeráide];
Leasú 95 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe 7 – pointe a Rialachán (AE) 2018/1999 Iarscríbhinn I –Cuid I – roinn A –pointe 3.1.1 – pointe i
(i) Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint don chuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide]’;
(i) Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint do chuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide]’;
Leasú 96 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe 7 – pointe b Rialachán (AE) 2018/1999 Iarscríbhinn I –Cuid I – roinn B –pointe 5.5
5.5. Rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe le baint amach cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide].’;
5.5. Rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe le baint amach cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide];
Leasú 97 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe 7 a (nua) Rialachán (AE) 2018/1999 Iarscríbhinn IV – pointe 2.1.1
(7a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1.1 d'Iarscríbhinn IV:
2.1.1. Na laghduithe réamh-mheasta ar astaíochtaí agus an feabhsú ar aistrithe faoi 2050
‘2.1.1. Na hastaíochtaí carnacha réamh-mheasta don tréimshe 2021-2050, d’fhonn rannchuidiú le baint amach bhuiséad an Aontais do gháis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) de Rialachán .../... [Dlí Aeráide];’;
Leasú 98 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe 8 Rialachán (AE) 2018/1999 Iarscríbhinn VI – pointe c – pointe viii
(viii) measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt ar bhaint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../...[Dlí Aeráide] agus ar bhaint amach na straitéise fadtéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 15;’.
(viii) measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt ar bhaint amach chuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../...[Dlí Aeráide] agus ar bhaint amach na straitéise fadtéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 15;.
Leasú 99 Togra le haghaidh Rialacháin Airteagal 10 a (nua)
Airteagal 10a
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/842
I Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach in Airteagal 5:
‘5a.In aon idirbheart a dhéantar faoin bhforáil dá dtagraítear in Airteagal 5(5), socraítear íosphraghas leithdháileacháin bhliantúil astaíochtaí ag EUR 100 le haghaidh gach tona de choibhéis CO2.
5b. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre sin agus cuirfidh siad in iúl, faoin 31 Márta 2025, a rún chun forálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a úsáid.
5c. Faoin 30 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rún gach Ballstáit forálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a úsáid, agus an tionchar buiséadach d’úsáid forálacha den sórt sin a chur ar fáil go poiblí.’.
____________________
1a Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 56, 19.6.2018, lch. 26).
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0162/2020).