Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2157(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0154/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0154/2020

Díospóireachtaí :

PV 06/10/2020 - 7
CRE 06/10/2020 - 7

Vótaí :

PV 07/10/2020 - 2
PV 08/10/2020 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0257

Téacsanna atá glactha
PDF 191kWORD 66k
Déardaoin, 8 Deireadh Fómhair 2020 - Brussels
Straitéis Foraoise na hEorpa - An Bealach Chun Cinn
P9_TA(2020)0257A9-0154/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Straitéis Foraoise na hEorpa - An Bealach Chun Cinn (2019/2157(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis ‘an gComhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640), don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 (COM(2020)0380), agus dá rúin an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(1) agus an 16 Eanáir 2020 maidir leis an 15ú cruinniú de Chomhdháil de na Páirtithe (COP15) don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch(2),

–  ag féachaint do Dhearbhú Nua-Eabhrac maidir le Foraoisí, a dhaingnigh an tAontas Eorpach an 23 Meitheamh 2014,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún an 7 Nollaig 2018 dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh – “Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe”’ (COM(2018)0811),

–  ag féachaint dá rún an 28 Aibreán 2015 maidir le ‘Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe’(3),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 23 Iúil 2019 dar teideal ‘Dlús a chur le Gníomhaíocht AE chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú’ (COM(2019)0352),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 15 Aibreán 2019 ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE agus ar chreat straitéiseach nua i gcomhair foraoisí (08609/2019),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú agus do na Rialacháin cur chun feidhme leantacha le nuashonruithe ar an Liosta de speicis ionracha, a bhfuil speicis chrainn ina measc freisin(4),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún an 7 Nollaig 2018 dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE - “Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus d’earnáil na foraoise”’,

–  ag féachaint don Mheasúnú Domhanda um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais a d’fhoilsigh an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IBPES) an 31 Bealtaine 2019,

–  ag féachaint don tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal ‘Comhshaol na hEorpa - staid agus ionchas 2020: eolas don aistriú i dtreo Eoraip inbhuanaithe’ a foilsíodh an 4 Nollaig 2019,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 11 Aibreán 2019 maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE,

–  ag féachaint don Athbhreithniú Meántéarma ar an Straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2020,

–  ag féachaint do Straitéis nuashonraithe Bhithgheilleagair AE,

–  ag féachaint do Straitéis Aeráide 2050,

–  ag féachaint do chonclúidí na Comhairle an 29 Samhain 2019 maidir le Straitéis nuashonraithe Bhithgheilleagair AE(5),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal ‘Pláinéad Glan do Chách: Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de’ (COM(2018)0773),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 16 Bealtaine 2018 maidir le hathbhreithniú meántéarma ar Straitéis Foraoise AE(6),

–  ag féachaint do straitéis Eoraip 2020, lena n-áirítear an tAontas Nuálaíochta agus tionscnaimh a bhaineann leis an Eoraip atá tíosach ar acmhainní,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0154/2020),

–  ag féachaint d’fhreagrachtaí Bhallstáit AE faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD), faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCC) agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a chomhrac (UNCCD),

A.  de bhrí go mbeidh sé dodhéanta gealltanais inmheánacha agus idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh don Chomhaontú Glas don Eoraip, do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna), do Phrótacal Kyoto, do Chomhaontú Pháras agus do chruthú sochaí astaíochtaí nialasacha, mar shampla, a bhaint amach gan na buntáistí aeráide agus seirbhísí éiceachórais eile a sholáthraíonn foraoisí agus an earnáil foraoisbhunaithe;

B.  de bhrí nach bhfuil aon tagairt do chomhbheartas foraoise AE sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil na Ballstáit freagrach as foraoisí; de bhrí, áfach, go bhfuil stair ag an Aontas Eorpach de chuidiú, trína bheartais agus a threoirlínte, lena n-áirítear Airteagal 4 CFAE maidir le fuinneamh, comhshaol agus talmhaíocht, le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoise agus cinntí na mBallstát maidir le foraoisí;

C.  de bhrí go bhfuil foraoisí agus an slabhra luacha foraoisbhunaithe ar fad riachtanach don bhithgheilleagar ciorclach a fhorbairt tuilleadh toisc go soláthraíonn siad postanna, go n-áirithíonn siad leas eacnamaíoch i limistéir thuaithe agus uirbeacha, go gcuireann siad seirbhísí um maolú agus oiriúnú ar an athrú aeráide ar fáil, go dtairgeann siad tairbhí a bhaineann leis an tsláinte, agus go gcosnaíonn siad an bhithéagsúlacht agus ionchais i limistéir shléibhtiúla, oileánacha agus thuaithe agus go ndéanann siad an gaineamhlú a chomhrac;

D.  de bhrí go bhfuil taighde ardcháilíochta atá maoinithe i gceart, nuálaíocht, faisnéis a bhailiú, bonnachar sonraí a chothabháil agus a fhorbairt, dea-chleachtais agus comhroinnt eolais ríthábhachtach do thodhchaí fhoraoisí ilfheidhmeacha AE agus don slabhra luacha foraoisbhunaithe ina iomlán, i bhfianaise na n-éileamh atá á gcur orthu, a bhfuil a líon ag éirí níos mó agus níos mó, agus an gá le haghaidh a thabhairt ar an iliomad deiseanna agus dúshlán atá roimh an tsochaí;

E.  de bhrí go bhfuil foraoisí mar chuid dár n-oidhreacht nádúrtha, nach mór dúinn a chaomhnú agus a chothabháil, agus de bhrí go bhfuil sé riachtanach go ndéanfar dea-bhainistiú ar an oidhreacht sin ionas go mbeidh rath uirthi agus go mbeidh sí mar fhoinse bithéagsúlachta agus mar acmhainn eacnamaíoch, turasóireachta agus shóisialta;

F.  de bhrí go bhfuil uirlisí agus acmhainní curtha ar fáil ag an gCiste um Fhorbairt Tuaithe, faoi chreat CBT, chun tacú le hearnáil na foraoiseachta agus gur cheart dó leanúint mar sin sa CBT iar-2020, trí bhéim láidir ar bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí (SFM);

G.  de bhrí go bhfuil 16 milliún úinéir foraoise príobháideach san Aontas Eorpach, ar leo thart ar 60% d’fhoraoisí AE; de bhrí gurb é 13 ha meánmhéid na bhforaoisí atá faoi úinéireacht phríobháideach, cé gur lú ná 3 ha d’fhoraoisí atá ag thart ar dhá thrian d’úinéirí foraoise príobháideacha;

H.  de bhrí go bhfuil foraoisí a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe thar a bheith tábhachtach chun poist a ráthú i gceantair thuaithe, rud a théann chun tairbhe do shláinte an duine agus a chuireann go mór leis an gcomhshaol agus leis an mbithéagsúlacht ag an am céanna;

I.  de bhrí go bhfuil bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó i bhforaoisí idirnasctha sa mhéid is nach mór gnéithe a chothromú agus sineirgí eatarthu a spreagadh, go háirithe laistigh de Straitéisí agus Pleananna Oiriúnaithe na mBallstát;

J.  de bhrí go bhfuil difríocht idir foraoisí na hEorpa agus a gcásanna agus dá bhrí sin gur gá iad a láimhseáil ar bhealach difriúil, ach i gcónaí d’fhonn a bhfeidhmeanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a fheabhsú;

K.  de bhrí go bhfuil taiscí an-saibhir bithéagsúlachta sna réigiúin is forimeallaí agus go bhfuil sé ríthábhachtach iad a chaomhnú;

L.  de bhrí go mbíonn iarmhairtí suntasacha comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta ag cailliúint bithéagsúlachta;

M.  de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag cáilíocht na hithreach i soláthar seirbhísí éiceachórais amhail scagachán agus stóráil uisce, agus dá bhrí sin cosaint tuilte agus triomaigh, ceapadh CO2, bithéagsúlacht agus fás na bithmhaise; de bhrí gur próiseas atá dúshlánach ó thaobh an gheilleagair de é feabhas a chur ar cháilíocht na hithreach, mar shampla i roinnt réigiún trí fhoraois bhuaircíneach a iompú ina bhforaois dhuillsilteach bhuan, agus go dtógann sé na blianta fada;

N.  de bhrí gur cheart ról ríthábhachtach SFM a chur chun cinn i sochaí na hEorpa, ar ról é atá ag éirí níos dícheangailte ó fhoraoisí agus ón bhforaoiseacht, agus béim á leagan ar na tairbhí iomadúla a bhaineann le foraoisí ó thaobh na heacnamaíochta, na sochaí agus an chomhshaoil, agus ó thaobh an chultúir agus na staire de;

O.  de bhrí go bhfuil tionchar tairbheach ag foraoisí, sa bhreis ar cheapadh carbóin, ar an aeráid, ar an atmaisféar, ar chaomhnú na bithéagsúlachta agus ar bhainistiú na n-aibhneacha agus na n-uiscebhealaí, chun ithir a chosaint ar chreimeadh ó uisce agus ón ngaoth, agus a bhfuil airíonna nádúrtha úsáideacha eile acu;

P.  de bhrí go bhfuil beagnach 23% d’fhoraoisí na hEorpa le fáil i láithreáin Natura 2000, le sciar níos mó ná 50% i roinnt Ballstát, agus is foraoisí iad beagnach leath na ngnáthóg nádúrtha i limistéir Natura 2000;

Q.  de bhrí gur féidir le foraoisí a bheith ina bhfoinsí de tháirgí foraoise príomhúla amhail adhmad, agus táirgí tánaisteacha luachmhara amhail beacáin, strufail, luibheanna, mil agus caora a sholáthar, atá an-tábhachtach do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha i réigiúin áirithe an Aontais;

R.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag foraoisí Eorpacha maidir leis an gcomhshaol a fheabhsú, an geilleagar a fhorbairt, riachtanais na mBallstát maidir le táirgí adhmaid a chomhlíonadh agus folláine an daonra a fheabhsú;

S.  de bhrí gur sraith de chórais bainistithe talún é an agrafhoraoiseacht, a shainítear mar chórais úsáide talún ina bhfástar crainn i gcomhar le talmhaíocht ar an aonad talún céanna, a chuireann borradh faoin táirgiúlacht fhoriomlán, a ghineann níos mó bithmhaise, a chothaíonn ithreacha agus a chuireann roinnt seirbhísí luachmhara éiceachórais ar fáil;

T.  de bhrí, i bhfianaise ról ilfheidhmeach na bhforaoisí, an t-am nach beag a ghlacann siad le bheith bunaithe agus an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht mhaith speiceas a áirithiú, gur cúram tábhachtach Eorpach é an úsáid inbhuanaithe agus caomhnú agus méadú acmhainní foraoise;

U.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag fiach atá freagrach go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de i réigiúin fhoraoisí agus réigiúin leathfhoraoise, trí rialú a dhéanamh ar líon géim nó ar leathadh galar gaolmhar, amhail fiabhras Afracach na muc;

V.  de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag foraoisí sa chomhrac i gcoinne creimeadh ithreach agus gaineamhlú na mórchríoch; de bhrí go léiríonn staidéir go mbíonn éifeacht dhearfach ag crainn i bpáirceanna agus i dtimpeallacht cathrach ó thaobh teochtaí níos ísle a choinneáil i gcomparáid le limistéir gan chrainn;

W.  de bhrí, sa chlárthréimhse reatha (2014-2020), go bhfuil bearta sa CBT dírithe ar chabhrú le gníomhaithe eacnamaíocha chun acmhainní a fhorbairt maidir le bainistiú foraoiseachta;

X.  de bhrí go ndearna lotnaidí agus feithidí amhail réadáin agus fungais éagsúla ionradh go mór ar réigiúin foraoiseachta áirithe; de bhrí go ndearna Cryphonectria parasitica ionradh ollmhór ar phobail nádúrtha fhoraoisí castáin, rud atá ina bhagairt thromchúiseach do mharthanas na bpobal sin, ach a chuireann gníomhaíochtaí faoi stiúir an duine, amhail táirgeadh agus bailiú castán, i mbaol freisin san fhadtéarma;

Y.  de bhrí go bhfuil na sonraí atá ar fáil faoi fhoraoisí ar leibhéal AE neamhiomlán agus de cháilíocht éagsúil, rud a chuireann isteach ar an acmhainneacht chun comhordú a dhéanamh ar leibhéal AE maidir le bainistíocht foraoisí;

Z.  de bhrí go bhfuil lománaíocht neamhdhleathach ar siúl san Aontas Eorpach freisin,

An t-am atá thart – athfhéachaint ar rath agus ar dhúshláin cur chun feidhme a rinneadh le déanaí

1.  á chur in iúl gur geal léi foilseachán thuarascáil an Choimisiúin dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE – “Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus d’earnáil na bhforaoisí”’ (COM(2018)0811);

2.  á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a rinne na Ballstáit agus an Coimisiún chun cuspóirí Straitéis Foraoise AE a bhaint amach agus chun rannpháirtíocht an Bhuanchoiste Foraoiseachta, an Ghrúpa Idirphlé Sibhialta maidir le Foraoiseacht agus Corc, an Sainghrúpa um Dhóiteáin Fhoraoise, an Sainghrúpa um Thionscail Foraoisbhunaithe agus saincheisteanna a bhfuil baint acu le hearnálacha a bhaint amach, agus geallsealbhóirí ábhartha sa Phlean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil Foraoise (PCI Foraoise);

3.  ag aithint go luaitear i dtuarascáil 2018 ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE reatha go raibh an straitéis úsáideach mar uirlis comhordúcháin agus, go ginearálta, go bhfuil na ‘ocht réimse tosaíochta móide ceann amháin’ den straitéis curtha chun feidhme ina bhfuil líon measartha beag baic, cé is moite de na dúshláin mhóra nach mór aghaidh a thabhairt orthu tríd an mbeartas bithéagsúlachta agus trí dhúshláin leanúnacha sna réimsí ‘Cad iad na foraoisí atá againn agus conas atá siad ag athrú?’, go háirithe maidir leis an dearcadh poiblí agus faisnéis faoi earnáil na foraoiseachta, agus ‘Comhordú agus Cumarsáid a chothú’, go háirithe maidir le beartais a bhaineann leis an bhforaoisí;

4.  á thabhairt chun suntais gur comhaontaíodh go hidirnáisiúnta sainmhíniú don bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí mar chuid den phróiseas uile-Eorpach FOREST EUROPE; ag tabhairt dá haire go bhfuil an sainmhíniú sin ionchorpraithe i reachtaíocht náisiúnta agus i córais dheonacha, amhail deimhnithe foraoise, atá i bhfeidhm sna Ballstáit;

5.  á chur i bhfáth go raibh éifeacht dhearfach tríd is tríd ag cur chun cinn SFM in AE, mar pháirt de Straitéis Foraoise AE agus de na bearta um fhorbairt tuaithe a cuireadh chun feidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) ar fhoraoisí agus ar choinníollacha foraoise agus ar shlite beatha i limistéir thuaithe, chomh maith le bithéagsúlacht foraoise in AE agus gur chuir sé feabhas ar na buntáistí aeráide arna gcur ar fáil ag an earnáil foraoisbhunaithe; á thabhairt dá haire, áfach, gur gá SFM a neartú fós ar bhealach cothrom d’fhonn a áirithiú go dtiocfaidh feabhas ar stádas éiceolaíoch foraoisí, chun sláinte agus athléimneacht na n-éiceachóras a fheabhsú agus chun a áirithiú gur fearr a bheidh siad in ann dul in oiriúint do dhálaí athraitheacha aeráide, chun na rioscaí agus na tionchair a bhaineann le suaitheadh nádúrtha a laghdú, agus chun deiseanna a chosaint do na glúine atá ann faoi láthair agus do na glúine atá le teacht foraoisí a bhainistiú, mar shampla ar bhealach a réadófar cuspóirí úinéirí foraoise agus FBManna, agus chun cáilíocht na bhforaoisí agus na gcoillearnach atá ann cheana a fheabhsú; á mheas gur cheart go n-áireofaí sa straitéis foraoise AE ionstraimí leordhóthanacha ina leith sin; á chur in iúl go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit SFM a dhéanamh ar bhealach eiseamláireach; á mheas gur cheart do shamhlacha bainistithe foraoise inbhuanaitheacht chomhshaoil, shochaíoch agus eacnamaíoch a ionchorprú, rud a chiallaíonn go bhfuil maoirseacht agus úsáid foraoisí agus tailte foraoise de chineál a fhágann go gcoimeádann siad a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a n-acmhainneacht agus a gcumas feidhmeanna ábhartha éiceolaíoch, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda, agus nach ndéanann siad damáiste d’éiceachórais eile; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach cearta maoine a aithint agus a chosaint má táthar chun tiomantas fadtéarmach do SFM a bhaint amach; á thabhairt dá haire gur dlúthchuid dár bhfolláine i gcoitinne é coimirciú agus bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar ár bhforaoisí, mar go dtarlaíonn gníomhaíochtaí chun leasa an phobail i réimse na fóillíochta agus na sláinte chomh maith le hoideachas iontu, agus ag aithint go gcuirtear cosaint bhithéagsúlacht na bhforaoisí Eorpacha chun cinn le SFM; á iarraidh go ndéanfar foraoisí príomhúla a chosaint ag a bhfuil struchtúr leasaithe, saibhreas speiceas agus limistéar leordhóthanach ina bhfuil na foraoisí sin fós ann; á thabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú ag AE ar sheanfhoraoisí fáis agus iarrann sí ar an gCoimisiún sainmhíniú a thabhairt isteach, a bheidh le hullmhú sa Bhuanchoiste Foraoiseachta, agus Straitéis Foraoise AE a bheidh ann amach anseo á dréachtú; á chur i bhfáth go bhféadfadh tuairimí éagsúla a bheith ann maidir le hacmhainní ionsúcháin CO2 de chineálacha éagsúla foraoisí, agus dá bhrí sin creideann sí gur cheart bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn le straitéis foraoise AE nua; á chur in iúl gurb oth léi na cleachtais neamh-inbhuanaithe agus an lománaíocht neamhdhleathach atá ag tarlú i roinnt Ballstát in ainneoin Rialachán Adhmaid AE, agus iarrann sí ar na Ballstáit tuilleadh a dhéanamh chun deireadh a chur leis, agus chun a reachtaíocht náisiúnta a fheabhsú nó a neartú nuair is gá; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhú go práinneach maidir leis na saincheisteanna sin trí dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar dhlíthe AE atá ann cheana agus trí na dlíthe sin a fhorfheidhmiú agus iarrann sí ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a shaothrú go pras i gcás sáruithe agus cásanna lománaíochta neamhdhleathaí a leanúint trí chomhlachtaí inniúla; á iarraidh ar an gCoimisiún seiceáil oiriúnachta rialacha an Aontais i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí a chur i gcrích gan mhoill;

6.  á chinneadh go raibh na difríochtaí idir na Ballstáit, chomh maith leis na difríochtaí idir réigiúin laistigh de na Ballstáit, ina bhfachtóir tábhachtach agus bearta ar leibhéal AE á meas;

7.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur tharla lománaíocht neamhdhleathach agus gníomhaíochtaí foraoiseachta neamh-inbhuanaithe toisc gur theip ar chodanna den Aontas reachtaíocht AE atá ann cheana a chur chun feidhme agus go bhfuil amhras éillithe ann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-éilliú a chomhrac agus an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme ina hiomláine;

Faoi láthair – staid na himeartha fhoraoisí AE

8.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil foraoisí AE, in éineacht leis na cinn i gcríocha thar lear agus sna réigiúin is forimeallaí, ilfheidhmeach agus is saintréith dóibh go bhfuil go leor éagsúlachta iontu ó thaobh patrúin úinéireachta, méide, struchtúir, bithéagsúlachta, athléimneachta agus dúshlán de; á chur i bhfios go gcuireann foraoisí, go háirithe foraoisí measctha, réimse leathan seirbhísí éiceachórais ar fáil don tsochaí, lena n-áirítear gnáthóga le haghaidh speiceas, ceapadh carbóin, amhábhair, fuinneamh in-athnuaite, cáilíocht aeir fheabhsaithe, uisce glan, athlíonadh screamhuisce, rialú creimthe agus cosaint ó thriomach, tuilte agus maidhmeanna sneachta, agus comhábhair a sholáthar do tháirgí íocshláinte, chomh maith le taitneamhacht thábhachtach chultúrtha agus áineasa; de bhrí nach bhfuil sé sin go hiomlán cosanta a thuilleadh, ós rud é nach féidir le húinéirí foraoise athinfheistiú a dhéanamh i bhforaoisí a thuilleadh mar thoradh ar dheacrachtaí eacnamaíocha mar gheall ar an athrú aeráide agus tosca rannchuidithe eile; á thabhairt dá haire, de réir na meastachán is déanaí, nár léirigh ach 26% de na speicis foraoise agus 15% de ghnáthóga foraoise stádas fabhrach caomhnaithe; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcosnófar éiceachórais agus, i gcás inar gá, treoirlínte a fhorbairt agus a fheabhsú maidir le táirgí foraoise neamhadhmaid;

9.  á thabhairt dá haire an dul chun cinn atá déanta maidir le seirbhísí éiceachórais a luacháil faoin tionscnamh Mapáil Éiceachóras agus a Seirbhísí (MAES); á chur i bhfáth, áfach, nach bhfuil aon luach saothair leordhóthanach ann faoi láthair chun seirbhísí éiceachórais a sholáthar amhail ceapadh CO2 nó bithéagsúlacht nó feabhsú ithreach a chothú, agus go bhféadfadh foraoiseoirí a dhíríonn ar a bhforaoisí a thiontú dá réir sin faoi láthair a bheith ag bainistiú a bhforaoisí agus iad ag cailleadh in ainneoin go bhfuil seirbhísí móra éiceachórais á soláthar acu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar roghanna chun seirbhísí aeráide, bithéagsúlachta agus seirbhísí eile éiceachórais a dhreasú agus a chúiteamh go hiomchuí chun tiontú foraoise atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de a cheadú;

10.  á thabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha le blianta fada anuas ar acmhainní foraoise AE ó thaobh clúdach foraoise agus méide de, agus go gcumhdaíonn foraoisí agus limistéir faoi chrainn eile thart ar 43% de dhromchla an AE, a shroicheann ar a laghad 182 milliún heicteár agus ina bhfuil 5% d’fhoraoisí iomlána an domhain, a bhuí le foraoisiú agus athghiniúint nádúrtha; á thabhairt dá haire go bhfuil leath líonra Natura 2000 comhdhéanta de limistéir foraoise (i.e. 37.5 milliún heicteár) agus go bhfuil 23% d’fhoraoisí ar fad na hEorpa laistigh de láithreáin Natura 2000, cé go bhfuil níos mó ná leath dá gcríoch faoi fhoraoisí ag roinnt Ballstát agus go mbraitheann siad ar an bhforaoiseacht; á chur i bhfios a thábhachtaí is atá sé feabhas a chur ar eolas faoi Natura 2000 agus faoina thionchar ar bhithéagsúlacht, ar bhainistiú foraoisí agus ar úsáidí eile talún ar fud AE; á thabhairt dá haire gur faoi úinéireacht phríobháideach atá 60% d’fhoraoisí AE, le cion ard gabháltas foraoise beagmhéide (níos lú ná 3 ha), agus 40% faoi úinéireacht phoiblí; á chur i bhfios gur de réir chaighdeáin dheonacha SFM a dheimhnítear os cionn 60% de na foraoisí táirgiúla san Aontas agus os cionn 20% ar fud an domhain; á thabhairt dá haire freisin go bhfuil an sciar den lomáin chruinne a eascraíonn as foraoisí deimhnithe a phróiseálann tionscail adhmadbhunaithe ar fud an domhain níos airde ná 20% agus go bhfuil an sciar sin chomh hard le 50% san AE; á thabhairt chun suntais go bhfostaíonn an earnáil ar a laghad 500 000 duine go díreach(7) agus 2.6 milliún go hindíreach in AE(8) agus go dteastaíonn iarrachtaí leanúnacha chun lucht saothair oilte a bhfuil scileanna acu a mhealladh chuig an earnáil má táthar chun an leibhéal fostaíochta sin agus iomaíochas fadtéarmach na hearnála a chothabháil agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain chuí ag oibrithe ar chúnamh sóisialta agus leighis; á thabhairt dá haire go bhfuil na poist sin ag brath ar éiceachórais foraoise athléimneacha agus dea-bhainistithe san fhadtéarma; á chur i bhfáth an ról ríthábhachtach atá ag úinéirí foraoise i gcur chun feidhme SFM agus an ról tábhachtach atá ag foraoisí i gcruthú post glas agus i bhfás i limistéir thuaithe; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil traidisiún fada agus taithí ag úinéirí agus bainisteoirí foraoise AE maidir le foraoisí ilfheidhmeacha a bhainistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún an gá atá le tacaíocht d’úinéirí foraoise, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, a chur san áireamh i Straitéis Foraoise AE nua; á mheas gur cheart do thacaíocht den chineál sin a bheith faoi réir chur chun feidhme SFM chun infheistíocht leanúnach i dteicneolaíochtaí nua-aimseartha a áirithiú, i mbearta comhshaoil agus aeráide lena dtreisítear ról ilfheidhmeach na bhforaoisí, le hionstraim airgeadais shonrach chun limistéir a bhainistiú i líonra Natura 2000, agus chun dálaí oibre cuibhiúla a chruthú; á chreidiúint gur cheart tacaíocht airgeadais den sórt sin a bheith mar thoradh ar mheascán láidir d’ionstraimí airgeadais, de chistiú náisiúnta agus de mhaoiniú ón earnáil phríobháideach; á leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tréigean na tuaithe a sheachaint agus á mheas go bhfuil sé riachtanach infheistíocht a dhéanamh in éiceachórais; á chur in iúl gur geal léi athfhoraoisiú agus foraoisiú mar uirlisí oiriúnacha chun feabhas a chur ar chumhdach foraoise, go háirithe ar thailte tréigthe, nach bhfuil oiriúnach do tháirgeacht bia, gar do limistéir uirbeacha agus peirea-uirbeacha chomh maith le ceantair shléibhe, i gcás inarb iomchuí; ag spreagadh gníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht airgeadais acu chun an t-adhmad lománaithe a úsáid i gcomhréir leis an stoc foraoiseachta inbhuanaithe agus chun cumhdach foraoise agus talamh coillearnach eile a mhéadú i gcás inarb ábhartha, go háirithe sna Ballstáit sin ina bhfuil cumhdach foraoise íseal, agus caomhnú cumhdaigh foraoise a spreagadh i mBallstáit eile ag an am céanna i limistéir ina bhfuil béim ar fheidhmeanna éiceolaíochta; á thabhairt dá haire go bhfuil cuid shuntasach de bhithéagsúlacht talún na hEorpa lonnaithe i bhforaoisí;

11.  á thabhairt faoi deara go bhfuil limistéar foraoise san Aontas ag fás, mar thoradh ar fhoraoisiú, inter alia, agus go gcuireann foraoisí tráchtála bainistithe ceangal ní hamháin ar charbón ar bhealach níos fearr ná ar fhoraoisí neamhbhainistithe, ach go laghdaíonn siad freisin astaíochtaí agus fadhbanna a thagann as meathlú riocht na bhforaoisí; á thabhairt dá haire go bhfuil an tionchar is fearr ag bainistiú inbhuanaithe foraoisí tráchtála ar an aeráid, agus gur cheart tíortha a bhainistíonn a bhforaoisí a chúiteamh as sin;

12.  ag aithint gur féidir le hinfheistíocht fhadtéarmach phoiblí agus phríobháideach in SFM treisithe lena ndírítear go cothrom ar na tairbhí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaineann le foraoisí agus ar shásraí leordhóthanacha cistiúcháin agus cúitimh cabhrú le hathléimneacht agus acmhainneacht oiriúnaitheach foraoisí a áirithiú agus cabhrú le hearnáil na foraoiseachta fanacht fónta ó thaobh an gheilleagair de agus fónta ó thaobh an chomhshaoil de, ach is féidir léi rannchuidiú freisin le spriocanna éagsúla AE a bhaint amach, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme go rathúil agus an t-aistriú chuig bithgheilleagar ciorclach agus chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais freisin an ngá atá le sásraí cistiúcháin ábhartha eile de chuid an Aontais a bhfuil rochtain éasca orthu, atá dea-chomhordaithe agus ábhartha, amhail ionstraimí airgeadais nó tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta chun infheistíocht i dtionscadail foraoiseachta a neartú, lena ndírítear ar mhaoiniú agus ar mhaolú dóiteán foraoise, chomh maith le cistí struchtúracha agus cistí ó chláir Fhís, Erasmus+ agus LIFE+, lena bhféadfaí tacaíocht bhunriachtanach a chur ar fáil d’infheistíocht agus do sheirbhísí le haghaidh stóráil agus ceapadh carbóin mar chuid de SFM, lena n-áirithítear comhsheasmhacht leis an gComhaontú Glas;

13.  ag aithint buntáistí aeráide riachtanach foraoisí agus na hearnála foraoisbhunaithe; á athdhearbhú gur gá gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le foraoisí agus bainistiú foraoisí a chothú ar bhealach cothrom agus na buntáistí aeráide riachtanach a thagann ó fhoraoisí agus ón slabhra luacha foraoisbhunaithe ar an iomlán a neartú, eadhon ceapadh CO2 cothaithe, stóráil charbóin i dtáirgí adhmaid agus ionadú ábhair; á thabhairt chun suntais an gá atá le ceapadh CO2 i bhforaoisí a choinneáil, a chur chun cinn tuilleadh agus a mhéadú, nuair is féidir, ar leibhéal lena bhféadfar gach feidhm foraoise a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, carbóin a stóráil in situ, lena n-áirítear in agrafhoraoisí, ithir adhmaid mhairbh, ithir foraoise agus i dtáirgí adhmadbhunaithe trí bhíthin SFM gníomhach; á chur i bhfios go ndéanann foraoisí os cionn 10% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh a ionsú; á chur i bhfáth an gá le húsáid adhmaid mar ábhar tógála inbhuanaithe a chur chun cinn mar go gcuireann sé lenár gcumas bogadh i dtreo geilleagair níos inbhuanaithe; ag spreagadh an Choimisiúin chun féachaint ar shásraí éagsúla margadh-bhunaithe d’fhonn an t-ionadú de bhreoslaí iontaise a dhreasachtú le hamhábhair inathnuaite lena mbaineann tairbhí aeráide; á chur i bhfáth an ról ríthábhachtach atá ag ábhair adhmadbhunaithe in ionad roghanna malartacha iontaise-bhunaithe agus roghanna eile a bhfuil lorg comhshaoil níos airde acu i dtionscail amhail tógáil, teicstílí, ceimiceáin agus pacáistiú, agus ar an ngá atá ann na tairbhí aeráide agus comhshaoil a bhaineann leis an ionadú ábhair sin a chur san áireamh ina n-iomláine; á thabhairt chun suntais, thairis sin, na buntáistí nach n-úsáidtear go fóill a bhaineann le táirgí atá bunaithe ar adhmad a chur in ionad táirgí aon úsáide, go háirithe táirgí plaisteacha; á chur i bhfáth gur cheart úsáid chiorclach táirgí atá bunaithe ar adhmad a mhéadú chun feabhas a chur ar úsáid ár n-acmhainní inbhuanaithe, chun éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn, chun dramhaíl a laghdú agus chun saolré charbóin a leathnú chun bithgheilleagar ciorclach inbhuanaithe áitiúil a úsáid;

14.  á chur in iúl gur geal léi, maidir le hionadú amhábhar agus fuinnimh iontaise-bhunaithe, an obair leanúnach chun an úsáid is éifeachtaí d’adhmad a chur chun cinn de réir ‘phrionsabal na húsáide cascáidí’; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de chur chun feidhme na gcritéar inbhuanaitheachta maidir le bithmhais faoi athmhúnlú na Treorach maidir le Fuinneamh Inathnuaite, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an iarmhairt ó ionadú trí ionadú a dhéanamh ar CO2 — ábhair agus fuinneamh dian iontaise-bhunaithe; ag tabhairt dá haire, áfach, a thábhachtaí atá sé saobhadh neamhriachtanach ar an margadh a sheachaint i gcás amhábhar adhmadbhunaithe a mhéid a bhaineann le scéimeanna tacaíochta bithfhuinnimh; ag tarraingt aird ar an bhfíoras nach mór SFM a bheith ag gabháil le méadú intuartha ar éileamh ar adhmad agus ar bhithmhais; ag cur béim ar an ngá, ina leith sin, le maoiniú a mhéadú do thaighde maidir le breoslaí iontaise agus ábhair bhreosla iontaise a ionadú; ag tabhairt dá haire gur féidir an fuílleach ag deireadh shlabhra luacha an adhmaid a úsáid go fabhrach mar bhithmhais chun ionad teasa iontaise-bhunaithe a chur in ionad teasa iontaise-bhunaithe, ach gur cheart, i gcás inar féidir, adhmad a choinneáil le haghaidh úsáidí a bhfuil saolré níos faide aige d’fhonn stóráil dhomhanda dé-ocsaíde carbóin a mhéadú;

15.  á thabhairt chun suntais na héifeachtaí tairbhiúla atá ag na criosanna foscaidh foraoise, chun talamh feirme a chosaint agus chun aschur talmhaíochta a mhéadú; ag tacú go láidir le modhanna chun feirmeoirí a spreagadh chun criosanna foscaidh foraoise a fhorbairt;

16.  á chur i bhfáth an ról lárnach atá ag crainn agus toir a bhláthaíonn in éiceachórais nádúrtha don earnáil beachaireachta, agus maidir le cuidiú le próiseas nádúrtha an phailnithe agus feabhas a chur ar chomhdhlúthú agus ar chosaint talamh atá meathlaithe agus/nó garbh; ag tathant go gcuirfí na crainn agus na toir sin san áireamh i gcláir thacaíochta an Aontais, agus saintréithe réigiúnacha á gcur san áireamh;

17.  á chur in iúl gurb oth léi, cé go mbainistítear foraoisí in AE de réir phrionsabal SFM atá comhaontuithe go comhchoiteann agus go bhfuil méadú ag teacht ar chumhdach foraoise in AE leis na deicheanna de bhlianta anuas, go bhfuil cur chuige difriúil forbartha le haghaidh SFM i gcomhthéacs Rialacháin (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020, a comhaontaíodh le déanaí, maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088(9);

18.  á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le héiceachórais shláintiúla foraoise, lena n-áirítear fauna agus flora, chun soláthar an iliomaid seirbhísí éiceachórais foraoise, amhail bithéagsúlacht, aer glan, uisce, ithir agus adhmad folláin, agus amhábhair neamhadhmaid, a chothú agus a fheabhsú; á thabhairt chun suntais go ndéanann uirlisí deonacha agus reachtaíocht atá i bhfeidhm, amhail treoracha AE maidir le hÉin agus le Gnáthóga, difear do chinntí maidir le bainistiú talún agus nach mór iad a urramú agus a chur chun feidhme go hiomchuí;

19.  ag tabhairt dá haire gur príomhghníomhaithe iad feirmeoirí agus úinéirí foraoise i limistéir thuaithe; á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear ról na foraoiseachta, na hagrafhoraoiseachta agus na dtionscal foraoisbhunaithe sa Chlár Forbartha Tuaithe de chuid CBT 2014-2020, agus na feabhsuithe atá tugtha isteach tríd an Rialachán Omnibus; ag spreagadh go ndéanfaí an aithint sin a chosaint in CBT 2021-2027 agus i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

20.  á thabhairt chun suntais oiriúnacht agus inmharthanacht an chur chuige dhá chéim chun inbhuanaitheacht na bithmhaise foraoise a fhíorú, mar a comhaontaíodh san athmhúnlú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite; á thabhairt dá haire gur cheart é sin a bhaint amach trí leanúint d’fhorbairt stoptha ar chritéir inbhuanaitheachta nach mbaineann le deireadh na húsáide ag an mBuanchoiste Foraoiseachta agus ag an gCoimisiún;

21.  ag aithint ról foraoisí maidir le luachanna áineasa agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhforaois a sholáthar, mar shampla, amhail tairgí foraoise neamhadhmaid a shaothrú e.g. beacáin agus torthaí boga; ag tabhairt dá haire na deiseanna chun feabhas a chur ar aistrithe bithmhaise ó thaobh dóiteáin foraoise a chosc trí innilt, ach tugann sí dá haire freisin go mbíonn tionchar diúltach ag innilt fiadhúlra ar shíológa agus dá bhrí sin go bhfuil gá le bainistiú inbhuanaithe fauna innilte;

An todhchaí – an ról riachtanach atá ag Straitéis Foraoise AE don tréimhse tar éis 2020 agus ag an gComhaontú Glas don Eoraip chun spriocanna Chomhaontú Pháras agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach

22.  ag cur in iúl gur geal léi an Comhaontú Glas don Eoraip ón gCoimisiún a foilsíodh le déanaí, agus go bhfuil sí ag súil le Straitéis Foraoise AE don tréimhse tar éis 2020 atá ag teacht, ar cheart di a bheith ailínithe leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus Straitéis Bhithéagsúlachta AE; á mheas, thairis sin, gur cur chuige ríthábhachtach é dlús a chur leis an mbithgheilleagar ciorclach chun sochaí ísealcharbóin a bhaint amach agus an Comhaontú Glas á chur chun feidhme; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé tuilleadh feabhais a chur ar acmhainneacht foraoisí d’fhonn cuspóirí an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, agus a thábhachtaí atá sé an bithgheilleagar ciorclach a fhorbairt agus seirbhísí eile éiceachórais lena n-áirítear bithéagsúlacht á ráthú ag an am céanna;

23.  ag cur in iúl gur díol áthais di Clár Oibre 2020 agus go háirithe aithint ar rannchuidiú Straitéis nua Foraoise AE don 26ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP26) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide; á chur i bhfáth, i dtaca leis sin, nár cheart go measfaí foraoisí mar an t-aon chineál linn CO2 atá ann as seo amach toisc go mbeadh dreasacht níos lú ar earnálacha eile a n-astaíochtaí a laghdú mar thoradh ar sin; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, an gá atá le gníomhaíochtaí nithiúla agus éifeachtacha i straitéisí agus i bpleananna oiriúnaithe don athrú aeráide, lena n-ionchorpraítear na sineirgí idir maolú agus oiriúnú, rud a bheidh ríthábhachtach chun tionchar díobhálach an athraithe aeráide ar shuaitheadh amhail dóiteáin foraoise agus a n-éifeachtaí diúltacha ar an ngeilleagar tuaithe, ar bhithéagsúlacht agus ar sholáthar seirbhísí éiceachórais a laghdú; á chur i bhfios go láidir an gá le níos mó acmhainní agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhainistiú dóiteáin eolaíochtbhunaithe chun dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide i bhforaoisí; ag tabhairt dá haire, d’fhonn bithéagsúlacht agus feidhmiúlacht foraoisí a chaomhnú, mar aon leis an ngá atá leis an athrú aeráide a mhaolú agus le hoiriúnú dó agus mar a aithnítear freisin sa Rialachán maidir le Úsáid talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (LULUCF), gurb ionann adhmad marbh san fhoraois agus micrignáthóga ar a bhfuil go leor speicis ag brath;

24.  á athdhearbhú go cuidíonn foraoisí agus an earnáil fhoraoisbhunaithe go suntasach le forbairt geilleagar bithbhunaithe, áitiúil agus ciorclach in AE; ag cur béim ar an ról riachtanach atá ag foraoisí, ag an earnáil fhoraoisbhunaithe agus ag an mbithgheilleagar chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050; á chur i bhfáth go measadh, in 2015, gur margadh ab ea an bithgheilleagar le luach breis agus EUR 2,3 thrilliún, lena soláthraítear 20 milliún post agus lena mbaineann 8,2 % den fhostaíocht iomlán in AE; ag tabhairt dá haire go gcruthóidh gach euro a infheistítear sa bhithgheilleagar agus sa nuálaíocht faoi Fhís 2020 thart ar EUR 10 i mbreisluach. á chur i bhfios nach bhféadfar spriocanna AE maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus an mbithéagsúlacht a bhaint amach choíche gan foraoisí atá ilfheidhmeach, sláintiúil agus a bhainistítear go hinbhuanaithe agus dearcadh fadtéarmach á chur i bhfeidhm, in éineacht le tionscail inbhuanaithe atá bunaithe ar fhoraoisí; ag cur i bhfáth, i gcúinsí áirithe, go bhfuil comhbhabhtáil idir an aeráid a chosaint agus bithéagsúlacht a chosaint in earnáil an bhithgheilleagair, agus go háirithe san fhoraoiseacht, a bhfuil ról lárnach aici san aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár tugadh aghaidh leordhóthanach ar an gcomhbhabhtáil sin sa phlé a rinneadh le déanaí maidir le beartais; á chur i bhfios an gá le cur chuige comhleanúnach a fhorbairt chun cosaint na bithéagsúlachta agus cosaint aeráide a thabhairt le chéile in earnáil fhoraoisbhunaithe a bhfuil ag éirí go maith léi agus sa bhithgheilleagar; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bithgheilleagar margadhbhunaithe a fhorbairt agus a áirithiú san Aontas, e.g. trí dhreasú a dhéanamh ar nuálaíocht agus ar fhorbairt táirgí nua bithbhunacha le slabhra soláthair a bhaineann úsáid éifeachtach as na hábhair bhithmhaise; á mheas gur cheart don AE úsáid adhmaid, táirgí adhmaid lománaithe nó bithmhais foraoise a spreagadh chun táirgeadh inbhuanaithe agus poist inbhuanaithe a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a spreagadh go gcuirfear ábhair de bhunús bitheolaíoch ar ais, lena n-áirítear dramhaíl adhmaid, sa slabhra luacha athuair trí éicidhearthóireacht a spreagadh, lena gcuirfear borradh faoin athchúrsáil agus faoi úsáid amhábhar tánaisteach, lena n-áirítear adhmad, le haghaidh táirgí sula bhféadfaí iad a loscadh ag deireadh a ré;

25.  á chur i bhfáth an ngá atá le tacaíocht pholaitiúil iomlán a thabhairt d’earnáil na foraoiseachta agus cuireann sí i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil gá le Straitéis Foraoise AE a bheidh uaillmhianach, neamhspleách agus a sheasann as féin don tréimhse i ndiaidh 2020 i gcomhthráth le straitéisí ábhartha earnálacha eile; á thabhairt dá haire, ós rud é go bhféadfadh saintréithe talmhaíochta agus foraoiseachta a bheith ag an agrafhoraoiseacht, gur gá Straitéis Foraoise AE a chomhordú leis an straitéis maidir leis an bhFeirm go dtí an Forc; á iarraidh go mbunófar Straitéis Foraoise AE nua a chuireann leis an gcur chuige iomlánaíoch do SFM, á chur san áireamh na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann leis an slabhra luacha foraoisbhunaithe, agus lena n-áiritheofar leanúnachas an ról ilfheidhmeach agus ilghnéitheach atá ag foraoisí; á chur i bhfáth gur gá Straitéis Foraoise AE atá comhordaithe, cothrom, comhleanúnach agus comhtháite níos fearr leis reachtaíocht ábhartha AE a bhaineann le foraoisí, leis an earnáil foraoisbhunaithe, lena n-áirítear na daoine a oibríonn agus a chónaíonn go díreach nó go hindíreach san earnáil foraoise agus in earnáil na foraoiseachta, agus an iliomad seirbhísí a chuireann siad ar fáil, a fhorbairt, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mbeartas náisiúnta agus AE a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach d’fhoraoisí agus dá mbainistiú in AE;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú, agus an Ciste Forbraíochta Réigiúnaí á chur chun feidhme, go gcothófar, go háirithe, tionscnaimh arb é is aidhm dóibh stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta i bhforaoisí, speicis mheasctha agus dhúchasacha a chur chun cinn agus bainistiú foraoise a fheabhsú, agus go gcuirfear tionscadail chun feidhme agus go ndíreofar ar mhaoiniú;

27.  den dearcadh gur cheart do Straitéis Foraoise AE a bheith mar dhroichead idir bearta foraoise náisiúnta agus beartais agrafhoraoiseachta agus spriocanna AE a bhaineann le foraoisí agus agrafhoraoisí, ag aithint an ghá le hinniúlacht náisiúnta a urramú agus le rannchuidiú le spriocanna AE níos leithne, agus ag tabhairt aghaidh ar bhealach comhleanúnach ar na sainiúlachtaí a bhaineann le foraoisí faoi úinéireachta phríobháideach agus phoiblí araon; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chun cobhsaíocht agus intuarthacht fhadtéarmach a áirithiú d’earnáil na foraoiseachta agus don bhithgheilleagar iomlán;

28.  á chur i bhfáth tábhacht cinnteoireachta fianaisebhunaithe maidir le bearta AE a bhaineann le foraoisí agus leis an earnáil fhoraoisbhunaithe agus a slabhraí luacha; á iarraidh go mbeadh comhsheasmhacht ann ó thaobh na huaillmhéine de na gnéithe ar fad a bhaineann le foraoisí de Chomhaontú Glas na hEorpa agus den Straitéis Bithéagsúlachta le Straitéis Foraoise an Aontais don tréimhse i ndiaidh 2020, go háirithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag SFM ar an tsochaí, lena n-áirítear nascacht agus ionadaíochas éiceachórais foraoise agus go n-áiritheofar sochair fhadtéarmacha chobhsaí don aeráid agus don chomhshaol, agus go rannchuideoidh sé freisin leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach; á thabhairt chun suntais gur cheart aon treoirlínte de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le SFM a fhorbairt faoi chuimsiú Straitéis Foraoise an Aontais ó 2020 ar aghaidh;

29.  á thabhairt chun suntais gur gá a chur san áireamh na naisc idir an earnáil fhoraoisbhunaithe agus earnálacha eile, amhail earnáil na talmhaíochta, agus an comhordú a dhéantar orthu laistigh den bhithgheilleagar ciorclach, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann leis an digitiú agus infheistiú san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht agus i gcaomhnú na bithéagsúlachta, rud a chuideoidh go dearfach le réitigh bhreise maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus maidir le cruthú post; á thabhairt dá haire gur cuid lárnach d’fhorbairt inbhuanaithe iad foraoisí;

30.  á chur i bhfáth an tábhacht do shochaí tuaithe na gcóras agrafhoraoiseachta, atá de dhlús an-íseal agus nach bhfuil inmharthana ar bhonn eacnamaíoch ach ar éigean, á chur san áireamh go bhfuil an t-ioncam bliantúil á chomhlánú ag gníomhaíochtaí eile, amhail feirmeoireacht beostoic, turasóireacht agus fiach, ar gá dóibh a dhóthain maoinithe a fháil chun fairsingiú fásaigh agus róshaothrú a chosc;

31.  á chur i bhfáth, de bharr an athraithe aeráide agus éifeachtaí ghníomhaíocht an duine, suaitheadh nádúrtha amhail dóiteáin, triomach, tuilte, stoirmeacha, inmhíolú lotnaidí, galair agus creimeadh sa lá atá inniu ann agus go dtarlóidh siad níos minice agus níos déine amach anseo, rud a dhéanfaidh dochar d’fhoraoisí an AE, agus go mbeidh gá le bainistiú riosca agus géarchéime a bheidh curtha in oiriúint do gach cás; ag cur béim ar an ngá, sa chomhthéacs sin, le Straitéis Foraoise AE i ndiaidh 2020 a fhorbairt, chomh maith le bearta bainistithe riosca, amhail athléimneacht Eorpach ó thubaistí agus uirlisí luathrabhaidh a threisiú, d’fhonn a bheith ullmhaithe níos fearr agus chun teagmhais den sórt sin a chosc ar bhealach níos fearr, athléimneacht foraoisí a mhéadú agus iad a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí ó thaobh na haeráide de, mar shampla trí chur chun feidhme an bhainistithe inbhuanaithe agus ghníomhaigh foraoise a neartú agus trí thaighde agus nuálaíocht, lena bhféadfar barr feabhais a chur ar inoiriúnaitheacht ár bhforaoisí; á mheabhrú go n-áirítear, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, sna príomhfhoinsí brú ar fhoraoisí san AE limistéir uirbeacha a leathnú agus an t-athrú aeráide a athrú; á chur i bhfáth freisin an gá le sásraí tacaíochta níos fearr, chomh maith le hacmhainní airgeadais agus ionstraimí a chur ar fáil d’úinéirí foraoise, chun bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm chomh maith le hathshlánú na limistéar atá buailte, amhail athfhoraoisiú talún atá meathlaithe nach bhfuil oiriúnach don talmhaíocht, agus leas á bhaint as cistí speisialta tubaiste freisin, lena n-áirítear trí idirghabháil urghnách, amhail Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh; á iarraidh gur gá comhleanúnachas a áirithiú idir Straitéis Foraoise AE agus an Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásra éigeandála a chur ar bun, agus á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht a thabhairt don fhéarach foraoise (innilt foraoise) laistigh de na bearta agrafhoraoiseachta agus na Ballstáit a spreagadh chun é a chur chun feidhme sa chéad chlár eile um Fhorbairt Tuaithe (FT); á chur i bhfios go láidir an gá atá le níos mó acmhainní agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhainistiú dóiteáin eolaíochtbhunaithe agus ar chinnteoireacht eolasach ar riosca, agus fréamhacha socheacnamaíocha, aeráide agus comhshaoil dóiteán foraoise á gcur san áireamh; á iarraidh go dtabharfaí isteach comhpháirt freagartha do dhúshláin choiteanna a bhaineann leis an athrú aeráide;

32.  á iarraidh ar na Ballstáit tionscnaimh a dhearadh chun foraoisí le hardluach caomhnaithe (HCV) a chaomhnú agus, i gcás inar gá, a bhunú, ina bhfuil na sásraí agus na hionstraimí is gá chun úinéirí foraoise a dhreasú agus, i gcás inarb infheidhme, chun cúiteamh a thabhairt dóibh, ionas gur féidir leis an eolas agus leis an eolaíocht dul chun cinn a dhéanamh i leith na bhforaoisí sin, i dteannta chaomhnú na ngnáthóg nádúrtha;

33.  ag aithint go bhfuil ról ag an mbithéagsúlacht chun a áirithiú go bhfanfaidh éiceachórais foraoise sláintiúil agus athléimneach; á thabhairt chun suntais á thabhachtaí atá suíomhanna Natura 2000, a thairgeann an deis chun an iliomad seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil don tsochaí, lena n-áirítear amhábhair; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le comhairle theicniúil agus le hacmhainní airgeadais leordhóthanacha úra chun limistéir den chineál sin a bhainistiú; á chur i bhfáth gur cheart caillteanais eacnamaíocha a eascraíonn as bearta cosanta a chúiteamh go cothrom; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé caomhnú an dúlra a chomhtháthú go pragmatach in SFM, gan na limistéir faoi chosaint a mhéadú i gcónaí agus ualaí breise riaracháin agus airgeadais a sheachaint; ag tacú le bunú líonraí a chruthaítear ar bhonn tionscnaimh atá á stiúradh ag na Ballstáit chun na críche sin; á iarraidh ar an stát nó ar na gníomhaithe réigiúnacha caibidlíocht a dhéanamh maidir le hathphobalú foraoisí cois abhann, i gcás inarb ábhartha, le geallsealbhóirí speisialaithe, d’fhonn gnáthóga bithéagsúla a chruthú, a ndéanfar, tar éis iad a chruthú, seirbhísí éiceolaíocha a fhorbairt, amhail ionsú substaintí díobhálacha a scaiptear trí screamhuiscí; á chur i bhfáth torthaí an staidéir mheastóireachta ar thionchar CBT ina léirítear an áit a bhféadfadh ionstraimí agus bearta CBT a bheith ina rannchuidiú níos suntasaí le spriocanna bithéagsúlachta, agus spreagann sí iniúchadh ar bhealaí chun feabhas a chur ar na huirlisí atá ann cheana; ag spreagadh freisin tuilleadh taighde ar an gcaidreamh idir bithéagsúlacht agus athléimneacht;

34.  á thabhairt faoi deara go mbaineann beagnach 25% d’achar iomlán na bhforaoisí in AE le líonra Natura 2000;

35.  á thabhairt dá haire gur theip ar na caibidlíochtaí arna seoladh ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip agus lenar thacaigh an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta maidir le saincheist comhaontaithe uile-Eorpaigh ar fhoraoisí a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí, ós rud é gur tharraing Cónaidhm na Rúise siar ón bpróiseas caibidlíochta; ag leanúint, áfach, de thacaíocht a thabhairt d’ionstraimí láidre chun borradh a chur faoi SFM ar an leibhéal uile-Eorpach agus ar an leibhéal domhanda;

36.  á thabhairt chun suntais go dtugann líon méadaitheach beartas de chuid AE aghaidh ar fhoraoisí ó threonna éagsúla; ag spreagadh cur i gcrích an phróisis leanúnaigh, a bhunaíodh leis Straitéis Foraoise AE reatha, chun cur chuige inbhuanaithe nach bhfuil bunaithe ar úsáid deiridh a fhorbairt le dlúth-rannpháirtíocht an Bhuanchoiste Foraoiseachta agus na mBallstát, ag tógáil ar chur chuige dhá chéim na Treorach athmhúnlaithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite; á chreidiúint go bhféadfaí an cur chuige dhá chéim a úsáid i mbeartais eile arb é is aidhm dóibh critéir inbhuanaitheachta na bithmhaise foraoise agus comhleanúnachas trasearnála bheartais an AE a áirithiú agus aitheantas a thabhairt d’éachtaí a bhaineann leis an éiceachóras, go háirithe éachtaí foraoisí a bhaineann leis an aeráid atá suntasach ó thaobh na sochaí de; ag aithint, ag an am céanna, go n-oibríonn foraoiseacht san Aontas de réir na gcaighdeán inbhuanaitheachta is airde cheana féin; á thabhairt dá haire nach mór a chur san áireamh sa chur chuige inbhuanaitheachta maidir le bithmhais foraoise an gá atá le hiomaíochas an adhmaid i gcomparáid le hamhábhair eile; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé uirlisí arna bhforbairt ag an margadh a úsáid, amhail na córais deimhniúcháin foraoise atá i bhfeidhm, agus spreagann sí na huirlisí sin a úsáid, mar mhodh oiriúnach cruthúnais chun inbhuanaitheacht na n-acmhainní foraoise a fhíorú;

37.  á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá bearta foraoise agus agrafhoraoiseachta faoi CBT agus bearta eile foraoiseachta, chomh maith le dálaí margaidh cothroma agus iomaíocha a áirithiú laistigh den Aontas, chun bithgheilleagar ciorclach inbhuanaithe a fhorbairt go rathúil, agus Straitéis Foraoise AE á cur chun feidhme ag an am céanna; á mheabhrú an gá atá le leanúnachas agus le bearta follasacha agus feabhsaithe foraoiseachta agus agrafhoraoiseachta faoi CBT 2021-2027; á chur i bhfios go mbeadh tionchar diúltach ag ciorruithe breise i mbuiséad CBT ar infheistíocht in SFM agus ar chuspóirí earnáil foraoise an Aontais a bhaint amach; á mheas gur cheart go mbeadh ról sofheicthe ag SFM sna pleananna nua straitéiseacha CBT; ag cur béim ar an ngá atá ann an t-ualach riaracháin a laghdú i mbearta foraoiseachta AE agus sa státchabhair i gcoitinne, mar shampla d’fhonn borradh a chur faoi chur chun cinn agus caomhnú an fhásra choilltigh atá nasctha le gnéithe tírdhreacha agus beartais a bhaineann le híocaíochtaí Cholún I agus II, agus trí bhíthin díolúintí a cheadú lena bhféadfaí freagairt go pras do dhúshláin a bhaineann le foraoisí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ag an am céanna nach n-áirítear gníomhaíochtaí foraoiseachta i mbearta cothrománacha an Chláir Forbartha Tuaithe (CFT) amhail ‘Feirmeoir óg’, i roinnt Ballstát ar a laghad;

38.  á thabhairt chun suntais na tairbhí a bhaineann leis an gcomhlachas idir bainistiú innilte agus bainistithe foraoise, eadhon laghdú ar an mbaol ó dhóiteán agus laghdú ar na costais a bhaineann le cothabháil foraoise; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach taighde agus eolas a aistriú chuig cleachtóirí i ndáil leis sin; á thabhairt chun suntais an luach atá ar chórais fhorleathana agrafhoraoiseachta traidisiúnta agus ar na seirbhísí éiceachórais a chuireann siad ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis Foraoise AE a chomhordú le Straitéis an Aontais maidir leis an bhFeirm go dtí an Forc chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun cláir oiliúna speisialaithe uile-AE a chur chun cinn, d’fhonn feirmeoirí a chur ar an eolas maidir leis na buntáistí agus an cleachtas a bhaineann le fásra coillteach a chomhtháthú leis an talmhaíocht; ag tabhairt dá haire go bhfuil glacadh íseal leis na bearta éagsúla laistigh de Rialachán 2014-2020 um Fhorbairt Tuaith atá ceaptha chun tacú le fásra coillteach a chomhtháthú leis an bhfeirmeoireacht d’aon ghnó; ag aithint acmhainneacht na agrafhoraoiseachta borradh a chur faoi tháirgiúlacht fhoriomlán na bithmhaise i réimsí sonracha, agus cuireann sí i bhfios go láidir go dtáirgeann éiceachórais mheasctha níos mó bithmhaise agus go n-ionsúnn siad níos mó carbóin san atmaisféar;

39.  á chur i bhfáth gur cheart don Aontas cistiú leordhóthanach a leithdháileadh ar bhearta don earnáil foraoisbhunaithe, a chomhfhreagraíonn d’ionchais nua na hearnála sin, lena n-áirítear infheistíocht i bhforbairt limistéar foraoise agus i bhfeabhsú inmharthanacht foraoisí, cothabháil gréasán de bhóithre foraoise, teicneolaíocht foraoiseachta, nuálaíocht, agus táirgí foraoiseachta a phróiseáil agus a úsáid;

40.  a iarraidh ar na Ballstáit a straitéisí agus a bpleananna éagsúla maidir le bainistiú foraoiseachta a ailíniú ionas gur féidir na spriocanna faoi seach a shaothrú agus a cheartú dá réir sin in am trátha, in ionad meascáin riaracháin a chruthú a bheidh ina mbagairt ina dhiaidh sin ar bhaint amach na spriocanna a leagtar síos ina ndoiciméid straitéiseacha;

41.  á chur in iúl gurb oth léi an t-easnamh sa togra faoi CBT do chlárthréimhse 2021-2027 maidir leis an agrafhoraoiseacht; a mheas go bhfuil sé buntábhachtach go n-aithneofaí sa chéad rialachán eile faoi CBT na tairbhí a bhaineann leis an agrafhoraoiseacht agus go leanfaí de bhunú, athghiniúint, athchóiriú, agus cothabháil córas agrafhoraoiseachta a chur chun cinn agus go leanfaí de thacú leo; á iarraidh ar an gCoimisiún glacadh beart tacaíochta agrafhoraoiseachta ag na Ballstáit a chur chun cinn ina bPleananna Straitéiseacha;

42.  á chur in iúl gur geall léi an tionscnamh a d’fhógair an Coimisiún maidir leis an tionscnamh ‘Foraois Charbóin Feirme’, arb é is aidhm dó luach a saothair a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas i leith tionscadail a bhfuil sé beartaithe leo astaíochtaí CO2 a laghdú nó stóráil CO2 a mhéadú chun rannchuidiú leis an gcuspóir ‘saor ó charbón’ in 2050 a bhaint amach, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais nua;

43.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunriachtanach ag taighde agus nuálaíocht ardleibhéil maidir le rannchuidiú na bhforaoisí, na hagrafhoraoiseachta agus na n-earnálacha foraoisbhunaithe a chothú chun dúshláin ár linne a shárú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cláir taighde agus nuálaíochta AE iar-2020, ag aithint ról an Bhuanchoiste um Thaighde Talmhaíochta, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn mór déanta ar thaighde agus teicneolaíocht ó tugadh isteach Straitéis Foraoise AE in 2013; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tuilleadh taighde a spreagadh maidir le, inter alia, éiceachórais foraoise, bithéagsúlacht, ionadú inbhuanaithe amhábhar agus fuinnimh iontaise-bhunaithe, stóráil carbóin, táirgí atá bunaithe ar adhmad, agus cleachtais inbhuanaithe bainistithe foraoise; á iarraidh go leanfar de cistiú a thabhairt do thaighde faoi ithreacha agus faoina ról maidir le hathléimneacht agus oiriúnú na bhforaoisí don athrú aeráide, cosaint agus feabhsú na bithéagsúlachta, chomh maith le soláthar seirbhísí eile éiceachórais agus éifeachtaí ionadaíochta, agus le haghaidh sonraí a bhailiú faoi mhodhanna nuálacha chun foraoisí a chosaint agus teacht a n-athléimneacht a fhorbairt; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go bhfuil na sonraí maidir le foraoisí príomhúla fós neamhiomlán; á chur i bhfáth go rannchuideodh tuilleadh taighde agus cistithe go dearfach leis an athrú aeráide a mhaolú, eiceachórais foraoise a choimirciú agus borradh a chur faoi bhithéagsúlacht, fás eacnamaíoch agus fostaíocht inbhuanaithe, go háirithe i gceantair thuaithe; ag tabhairt dá haire gur thug Coimisiún moladh go gcuideodh caipitliú láidir nuálaíochta feadh an tslabhra luacha le tacú le hiomaíochas na hearnála foraoisbhunaithe; a chur in iúl gur geall léi, i ndáil leis sin, uaillmhian aeráide nua BEI chun tionscadail lena bhféadfar borradh a chur faoi dheiseanna don earnáil fhoraoisbhunaithe, ar earnáil í a bhfuil ról tábhachtach aici maidir le hionadú ábhar agus fuinneamh iontaise-bhunaithe; ag moladh an taighde agus na nuálaíochta a bhaineann le foraoisí atá déanta cheana, go háirithe faoi na cláir Fís 2020 agus LIFE+; á chur in iúl gur díol molta di na cásanna sin ina rannchuidíonn na torthaí le forbairt an bhithgheilleagair inbhuanaithe, agus cothromaíocht á lorg idir gnéithe éagsúla de SFM agus béim á leagan ar ról ilfheidhmeach na bhforaoisí; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i dtaighde maidir le teacht ar réiteach ar leathadh lotnaidí agus galar i bhforaoisí agus, i gcás inar gá, an taighde sin a ghéarú;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún tabhairt faoi thionscnaimh, i gcomhar le monaróirí innealra foraoiseachta, chun dearadh an innealra sin a fheabhsú ó thaobh an chomhshaoil de chun ardleibhéal cosanta d’oibrithe a réiteach leis an tionchar is lú is féidir ar an ithir agus ar an uisce i bhforaoisí;

45.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil achar dromchla iomlán na bhforaoisí laghdaithe go mór ar fud an domhain ó na 1990idí. á thabhairt chun suntais gur fadhbanna tromchúiseacha iad dífhoraoisiú domhanda agus díghrádú foraoisí; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart tionchar a bheith ag Straitéis Foraoise AE ar an gcomhthéacs polaitiúil domhanda agus go n-áireofaí inti cuspóirí seachtracha AE agus gníomhaíocht maidir le SFM a chur chun cinn ar fud an domhain, trí ghníomhaíocht dhéthaobhach agus trí phróisis iltaobhacha a bhaineann le foraoisí araon, agus béim á leagan ar bhearta chun deireadh a chur le dífhoraoisiú ar fud an domhain, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do shlabhraí táirgthe agus soláthair atá inbhuanaithe agus saor ó dhífhoraoisiú agus nach mbíonn sáruithe ar chearta an duine mar thoradh orthu, agus gur cheart bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní foraoise a áirithiú léi; á chur i bhfios gur cheart tionscnaimh bheartais a fhorbairt chun dul i ngleic le saincheisteanna lasmuigh de AE, agus na leibhéil éagsúla uaillmhéine maidir le beartas comhshaoil i dtíortha trópaiceacha éagsúla, agus spreagthóirí cleachtas neamh-inbhuanaithe i bhforaoisí ó lasmuigh den earnáil á gcur san áireamh; ag leagan béim ar an ngá atá le bearta inrianaitheachta a chur chun feidhme maidir le hallmhairí agus á mholadh don Choimisiún comhar le tríú tíortha a chothú chun caighdeáin inbhuanaitheachta níos airde a chomhdhlúthú; á chur i bhfáth gur gá cur chun feidhme Rialachán Adhmaid AE agus phlean gníomhaíochta FLEGT (Rialachán an Aontais maidir le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí) a chothú chun go bhféadfar teacht isteach adhmaid a leagadh nó a foinsíodh go neamhdhleathach agus arb ionann é agus iomaíocht éagórach don earnáil foraoiseachta Eorpach agus ar mhargadh AE a chosc ar bhealach níos fearr; á athdhearbhú go bhfuil gá le córais deimhniúcháin agus le forálacha sonracha SFM a áireamh i gcomhaontuithe trádála; á iarraidh go ndéanfaí córas díchill chuí EUTR a léirmhíniú go comhleanúnach agus go córasach;

46.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-oideachas agus lucht saothair oilte agus dea-oilte a mhéid a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun feidhme go rathúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de bhearta a chur chun feidhme agus d’úsáid a bhaint as ionstraimí Eorpacha atá ann cheana amhail an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus na cláir oiliúna Eorpacha (ET2020) chun tacú le hathnuachan glúine agus le hathnuachan glúine agus chun an ganntanas lucht saothair oilte san earnáil a chúiteamh;

47.  á iarraidh go ndéanfaí allmhairiú adhmaid a fuarthas go neamhdhleathach a áireamh i gcomhaontuithe trádála, maille le smachtbhannaí a bheadh le forchur i gcás sáruithe;

48.  á iarraidh ar na Ballstát agus ar an tionscal adhmaid rannchuidiú go suntasach chun a áirithiú go mbeidh líon na limistéar a dhéanfar a athfhoraoisiú chomh mór le líon na limistéar a dhéanfar a dhífhoraoisiú;

49.  á chur i bhfáth gur gá an Córas Faisnéise uile-AE maidir le Foraoise (FISE) a fhorbairt tuilleadh, agus na córais atá ann cheana á gcur san áireamh, faoi fhreagracht chomhroinnte na nArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha uile sa Choimisiún atá ag obair ar ábhair éagsúla a chumhdaítear le FISE; á chreidiúint gur cheart do Straitéis Foraoise AE tabhairt faoi chomhordú a dhéanamh ar na hionstraime sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faisnéis fíor-ama, chomparáideach, eolaíochtbhunaithe agus chothrom maidir le hacmhainní Eorpacha foraoise a sholáthar, agus faireachán á dhéanamh ar cibé an ndéantar foraoisí agus cúlchistí nádúrtha a bhainistiú agus a chaomhnú go maith más gá, agus ag díriú ar thionchar suaití nádúrtha a thagann as an athrú aeráide agus a n-iarmhairtí a thuar, le táscairí comhshaoil agus socheacnamaíocha chun aon bheartas de chuid AE a bhaineann le foraoisí a fhorbairt; ag tabhairt dá haire gurb ionann fardail náisiúnta foraoise agus uirlis chuimsitheach faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar stoic foraoiseachta agus gnéithe réigiúnacha a chur san áireamh; á iarraidh ar AE líonra faireacháin a chruthú d’fhoraoisí Eorpacha chun faisnéis a bhailiú ar an leibhéal áitiúil, ar líonra é a bheidh nasca le cláir um fhaire na cruinne de chuid Copernicus;

50.  á chur in iúl gur geall léi an treocht ionsar an digitithe san earnáil agus á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú a dhéanamh ar chur chun feidhme sásra uile-AE um inrianaitheacht adhmaid le haghaidh bailiú sonraí, trédhearcacht chomhsheasmhach, machaire comhréidh a áirithiú, agus iompar neamhiomaíoch agus gníomhaíocht éagórach a dhéantar d’aon ghnó i dtrádáil an adhmaid a laghdú, laistigh de AE agus lasmuigh de, trí chóras fíorúcháin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim freisin go gcuirfeadh córas fíoraithe den sórt sin feabhas ar chomhlíonadh, rud lena ndéanfaí calaois airgeadais a theorannú agus a chomhrac, ag cur isteach ar chleachtais cairtéal agus ar oibríochtaí agus gluaiseachtaí lóistíochta neamhdhleathacha agus iad á ndíchur; á mholadh freisin don Choimisiún go rachfaí i mbun malartuithe dea-chleachtas leis na Ballstáit a bhfuil na hathchóirithe sin curtha chun feidhme acu cheana ar an leibhéal náisiúnta;

51.  ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil inniúlacht agus ról lárnach ag na Ballstáit maidir le hullmhú agus cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE iar-2020; á iarraidh ar Bhuanchoiste Foraoiseachta an Choimisiúin (SFC) tacú leis na Ballstáit maidir leis an gcúram sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an malartú faisnéise agus rannpháirtíocht chomhthreomhar na ngeallsealbhóirí ábhartha, amhail úinéirí agus bainisteoirí foraoise, sa Ghrúpa Idirphlé Sibhialta maidir le Foraoiseacht agus Corc, agus a chruinnithe rialta a choimeád ar siúl agus comhordú agus sineirgí laistigh de SCF a mhéadú; ag tathant ar an gCoimisiún páirt a thabhairt don Pharlaimint i gcur chun feidhme Straitéis Foraoise AE ar bhonn bliantúil ar a laghad; á iarraidh go neartófaí ról SFC chun comhordú a áirithiú i measc na ngeallsealbhóirí agus na mbeartas ábhartha ar leibhéal AE; ina theannta sin, á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le húsáid inbhuanaithe foraoisí agus, go háirithe, an gheilleagair tuaithe a neartú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhar neartaithe idir na Ballstáit chun na tairbhí a bhaineann le Straitéis nua Foraoiseachta AE a fheabhsú; ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar a Ard-Stiúrthóireachtaí a bhfuil inniúlachtaí a bhaineann le foraoisí acu obair a dhéanamh go straitéiseach chun comhleanúnachas a áirithiú in aon obair a bhaineann leis an bhforaoiseacht agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí a fheabhsú;

52.  ag tathant ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do ghairmoiliúint leanúnach ardcháilíochta san éicithógáil agus i gceirdeanna a bhaineann le hadhmad, agus an caiteachas poiblí agus an infheistíocht riachtanach a chur ar fáil sa réimse chun bheidh ullamh do riachtanais thionscal adhmaid an AE amach anseo;

53.  ag meabhrú an ghealltanais a thug an Coimisiún maidir le neamhfhulaingt ar neamhchomhlíonadh; á bhur i bhfáth, maidir le roinnt cásanna maidir le sárú atá ar oscailt i gcoinne na mBallstát, go dtugtar aghaidh leo ar luachanna na n-éiceachóras nach bhféadfaí a athsholáthar, agus ag tathant ar an gCoimisiún gníomhú go pras sna cásanna sin;

54.  ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhordú le seirbhísí cigireachta saothair na mBallstát, a fhíorú go bhfuil an t-innealra a dhéantar a chur ar an margadh agus a úsáid i dtionscal an adhmaid ag comhlíonadh Threoir 2006/42/CE maidir le hinnealra agus go bhfuil sé feistithe le córas eastósctha agus bailithe mine sáibh;

55.  á chur in iúl gur deimhin léi gur cheart, le Straitéis Foraoise AE, dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme SFM agus gairmoiliúint d’oibrithe agus bainisteoirí foraoise a chur chun cinn agus tacú a thabhairt dóibh, rud as a dtagann torthaí in earnáil na bhforaoisí agus comhar feabhsaithe i measc na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí agus comhroinnt faisnéise trasteorann, chun fás foraoisí sláintiúla Eorpacha a áirithiú; ina theannta sin, á chur i bhfáth go bhfuil gá le cumarsáid níos fearr maidir leis an tábhacht a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar limistéir foraoise, mar aon leis an bhféidearthacht feachtais faisnéise a leathnú, a chur chun feidhme agus a chomhordú maidir le nádúr ilfheidhmeach foraoisí agus maidir leis an iliomad tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a chuirtear ar fáil le bainistíocht foraoise ar gach leibhéal ábhartha AE, chun na saoránaigh uile a chur ar an eolas faoi shaibhreas na hoidhreachta sin agus faoin ngá atá lenár n-acmhainní a bhainistiú, a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe chun aon choinbhleachtaí sa tsochaí a sheachaint;

56.  á mholadh do na Ballstáit a thathant ar a ngeallsealbhóirí foraoiseachta faoi seach teagmháil a dhéanamh le sciar níos leithne den daonra trí uirlisí agus cláir oideachais, do mhic léinn agus do dhaoine ó aoisghrúpaí eile araon, agus béim á leagan ar an tábhacht a bhaineann le foraoisí maidir le gníomhaíochtaí faoi stiúir daoine agus maidir le bithéagsúlacht agus éiceachórais ilchineálacha a chaomhnú;

57.  ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag an digitiú agus ag teicneolaíochtaí inbhuanaithe maidir le breisluach a sholáthar i bhforbairt bhreise na hearnála foraoisbhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aistriú eolais agus teicneolaíochta agus comhroinnt dea-chleachtas a spreagadh, i dtaobh, mar shampla, bainistiú inbhuanaithe agus gníomhach ar fhoraoisí;

o
o   o

58.  á threorú dá nUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0015.
(3) IO C 346, 21.9.2016, lch. 17.
(4) IO L 317, 4.11.2014, lch. 35.
(5) https://ec.europa.eu/knowledge4policy/publication/council-conclusions-updated-eu-bioeconomy-strategy-29-november-2019_en
(6) IO C 361, 5.10.2018, lch. 5.
(7) Bunachar sonraí Eurostat maidir le foraoiseacht, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/eurostat/web/forestry/data/database
(8) Bileog eolais Pharlaimint na hEorpa ó Bhealtaine 2019 maidir leis an Aontas Eorpach agus foraoisí.
(9) IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.

An nuashonrú is déanaí: 13 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais