Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2034(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0161/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0161/2020

Díospóireachtaí :

PV 07/10/2020 - 15
CRE 07/10/2020 - 15

Vótaí :

PV 08/10/2020 - 2
PV 08/10/2020 - 14

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0265

Téacsanna atá glactha
PDF 218kWORD 68k
Déardaoin, 8 Deireadh Fómhair 2020 - Brussels
Airgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh cripteashócmhainní de - dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí
P9_TA(2020)0265A9-0161/2020
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le hAirgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh cripteashócmhainní de – dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí (2020/2034(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(1),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE(2),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún(3),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘Straitéis Eorpach le haghaidh Sonraí’(4),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 dar teideal ‘Plean gníomhaíochta teicneolaíocht airgeadais: D’earnáil airgeadais Eorpach atá níos iomaíche agus níos nuálaí’(5),

–  ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 6 Aibreán 2016 dar teideal ‘Creat Comhpháirteach maidir le Cur i gCoinne Bagairtí Hibrideacha - Freagairt ón Aontas Eorpach’(6),

–  ag féachaint don Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘An Intleacht Shaorga – Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín’(7),

–   ag féachaint don fhreagra a thug Leas-Uachtarán Dombrovskis thar ceann an Choimisiúin ar an gceist TO E-001130/2017 an 10 Aibreán 2017,

–  ag féachaint don Tuarascáil chríochnaitheach ón Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil sa Choimisiún ó mhí Dheireadh Fómhair 2019 dar teideal ‘Rialachas um Pointe rochtana leictreonaí Eorpach atá cumasaithe ag DLT/Blocshlabhra’(8),

–  ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Táille Idirmhalartaithe(9),

–  ag féachaint don chomhairliúchán poiblí ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2020 ar ‘Athbhreithniú ar an gcreat rialála le haghaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh’,

–  ag féachaint don Tuarascáil chríochnaitheach ón bhFóram Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Fís nua do mhargaí caipitil na hEorpa’(10),

–  ag féachaint don Tuarascáil chríochnaitheach an 13 Nollaig 2019 ón Sainghrúpaí de chuid an Choimisiúin maidir le Bacainní Rialála ar an Nuálaíocht Airgeadais: 30 moladh maidir le rialáil, nuálaíoch agus airgeadas,

–  ag féachaint don Chomhchomhairle ó na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta don Choimisiún an 10 Aibreán 2019 maidir leis an ngá atá le feabhsuithe reachtacha i ndáil le ceanglais bainistithe riosca TFC in earnáil airgeadais an Aontais,

–  ag féachaint don Chomhchomhairle ó na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta don Choimisiún an 10 Aibreán 2019 maidir leis na costais agus leasanna a bhaineann le creat comhtháite tástála cibear-athléimneachta a fhorbairt do rannpháirtithe agus bonneagair shuntasacha margaidh laistigh d’earnáil airgeadais an Aontais ina iomláine,

–  ag féachaint don tuarascáil chomhpháirteach ó na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta an 7 Eanáir 2019 dar teideal ‘Teicneolaíocht airgeadais: Boscaí gainimh rialála agus moil nuálaíochta’(11),

–  ag féachaint do na Treoirlíne maidir le TFC agus bainistiú riosca slándála ón Údarás Baincéireachta Eorpach an 29 Samhain 2019,

–  ag féachaint don Tuarascáil ón Údarás Baincéireachta Eorpach le comhairle don Choimisiún maidir le cripteashócmhainní an 9 Eanáir 2019,

–  ag féachaint don chomhairle ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí don Choimisiún maidir le Tairiscintí Tosaigh Monaí agus Cripteashócmhainní an 9 Eanáir 2019,

–  ag féachaint don Pháipéar Comhairliúcháin ón gCoimisiún Eorpach maidir le creat AE le haghaidh margaí cripteashócmhainní ó Nollaig 2019,

—  ag féachaint dá rún reachtach an 27 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin (ECSP) do Ghnólachtaí (12),

—  ag féachaint dá rún an 3 Deireadh Fómhair 2018 maidir le teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte agus blocshlabhraí: muinín a chothú le dí-idirghabháil(13),

—  ag féachaint dá rún an 17 Bealtaine 2017 maidir le Teicneolaíocht airgeadais: tionchar na teicneolaíochta ar thodhchaí na hearnála airgeadais(14),

—  ag féachaint dá rún an 16 Feabhra 2017 le moltaí don Choimisiún maidir le Rialacha an Dlí Shibhialta i leith na Róbataice(15),

—  ag féachaint don staidéar a d’iarr an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa dar teideal ‘Cripteashócmhainní: Príomhfhorbairtí, príomhábhair imní rialála agus freagairtí’ ó mhí Aibreán 2020,

—  ag féachaint don staidéar a d’iarr an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra i bParlaimint na hEorpa dar teideal ‘Gnéithe de chosaint tomhaltóirí i seirbhísí airgeadais’ ó mhí Feabhra 2014,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le digitiú in íocaíochtaí miondíola do ról tiomántóra an Eorachórais ó mhí Iúil 2019,

–  ag féachaint d’eochairóráid Benoît Coeure, ‘Teicneolaíocht airgeadais do Chách’ an 31 Eanáir 2019,

–  ag féachaint d’eochairóráid Yves Mersch, ‘Córais iasachta agus íocaíochta ina gcíor thuathail: dúshláin na teicneolaíochta airgeadais’ an 26 Feabhra 2019, ag an 3ú Comhdháil Bhliaintúil ar Theicneolaíocht Airgeadais agus an Nuálaíocht Dhigiteach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 6 Meitheamh 2019, ‘Teicneolaíochtaí airgeadais díláraithe: Tuarascáil ar impleachtaí cobhsaíocht airgeadais, rialála agus rialachais’,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 14 Feabhra 2019 ar ‘Theicneolaíocht airgeadais agus struchtúr an mhargaidh i seirbhísí airgeadais: Forbairtí margaidh agus impleachtaí cobhsaíochta airgeadais féideartha,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 16 Iúil 2018, ‘Cripteashócmhainní: Tuarascáil chuig G20 ar obair FCB agus na gcuideachtaí a dhéanann caighdeáin a shocrú’,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 27 Meitheamh 2017 ar Impleachtaí Cobhsaíochta Airgeadais ó Shaincheisteanna na Teicneolaíochtaí Airgeadais, Maoirseachta agus Rialála a Thuilleann Aird na nÚdarás,

–  ag féachaint don doiciméad comhairleach ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 14 Aibreán 2020, ‘Dul i ngleic leis na dúshláin rialála, mhaoirseachta agus formhaoirseachta arna n-eascairt as socruithe “stablecoin domhanda”’,

–  ag féachaint don imscrúdú a rinne Grúpa Oibre G7 um Stablecoin maidir le tionchar stablecoin domhanda ó mhí Dheireadh Fómhair 2019,

–  ag féachaint don ‘Treoir maidir le Cur Chuige Rioscabhunaithe i ndáil le Sócmhainní Fíorúla agus Soláthraithe Seirbhíse Sócmhainní Fíorúla‘ ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais ó mhí an Mheithimh 2019,

–  ag féachaint do na Moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais de réir mar a nuashonraítear iad i mhí an Mheithimh 2019, go háirithe Moladh 16 maidir le haistrithe de dhroim sreinge,

–  ag féachaint don anailís ón mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, ‘Freagartha beartais ar theicneolaíocht airgeadais: forléargas trastíre’ ó Eanáir 2020,

–  ag féachaint don idirghabháil ó Fernando Restoy, ‘Rialú na teicneolaíochta airgeadais: cad atá ar siúl, agus cá bhfuil na dúshláin?’ an 16 Deireadh Fómhair 2019, ag an 16ú Comhphlé beartais réigiúnaigh baincéireachta san earnáil phoiblí-phríobháideach de chuid ASBA-BID-FELABAN,

–  ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0161/2020),

A.  de bhrí gur réimse síor-athraitheach é an t-airgeadas digiteach san earnáil airgeadais a bhfuil faireachán agus breithniú leanúnach de dhíth aige ar leibhéal an tionscail agus ar leibhéal rialála araon;

B.   de bhrí go bhfuil iomaíocht oscailte ina saintréith de mhargadh inmheánach an Aontais agus go bhfuil sé mar aidhm leis cothroime iomaíochta a chruthú trí chreat rialála comhchuibhithe, spleáchas ar chaighdeáin idirnáisiúnta, cóineasú maoirseachta agus comhar maoirseachta; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh straitéis airgeadais dhigitigh an Aontais bunaithe ar na prionsabail chéanna;

C.  de bhrí go bhfuil gá le cur chuige cothrom maidir le teicneolaíochtaí airgeadais a rialáil i dtaobh nuálaíocht a spreagadh agus ardleibhéal cosanta infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú;

D.  de bhrí go n-úsáidtear an téarma ‘cripteashócmhainní’ chun tagairt a dhéanamh do raon leathan sócmhainní digiteacha, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’airgeadraí agus licíní fíorúla, ach lena n-eisiatar in amanna foirmeacha áirithe stablecoin nó licíní áirithe amhail licíní urrúis;

E.  de bhrí gurb iad an dá ghné is coitianta de chripteashócmhainní a ghlactar ná (i) nádúr príobháideach na teidlíochta maidir leis an tsócmhainn fhorluiteach, éileamh nó ceart, agus (ii) úsáid teicneolaíochta cripteagrafaíochta agus mórleabhar dáilte nó teicneolaíochtaí comhchosúla chun taca a chur faoi mhalartuithe na sócmhainne agus faoina luach dúchasach nó braite;

F.  de bhrí, faoi láthair, nach ndéanann banc ceannais nó údarás poiblí san Aontas cripteashócmhainní a eisiúint ná a ráthú, agus gur féidir úsáidí éagsúla a bheith acu, lena n-áirítear mar mhodh malartaithe, chun críocha infheistíochta, agus chun rochtain a fháil ar earra nó ar sheirbhís,

G.  de bhrí go léiríonn stablecoin gnéithe atá comhchosúil le cripteashócmhainní agus nach dtógann sé foirm aon airgeadra amháin ar leith, ach go mbraitheann sé ar shraith uirlisí a bhfuil sé d’aidhm aici luaineachtaí a bpraghais mar a ainmnítear in airgeadra a íoslaghdú; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag roinnt cripteashócmhainní, lena n-áirítear stablecoin agus na teicneolaíochtaí a bhaineann leo, éifeachtúlachtaí, iomaíocht agus trédhearcacht a mhéadú agus deiseanna agus leasanna suntasacha a thabhairt don tsochaí, toisc go bhféadfadh íocaíochtaí níos saoire agus níos tapúla eascairt as cinn áirithe agus go bhféadfaidís foinsí nua cistiúcháin a thairiscint d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); de bhrí, maidir leis an tsraith uirlisi a bhfuil sé d’aidhm aici luaineachtaí praghais a íoslaghdú, nár tástáladh í i gcásanna ina bhfuil stablecoin in úsáid i líon suntasach na n-idirbheart;

H.  de bhrí go bhféadfadh baint a bheith ag an díospóireacht phoiblí faoi stablecoin, a seoltar go príobháideach, le heasnaimh áirithe i dtírdhreach íocaíochtaí an Aontais;

I.  de bhrí go bhféadfadh stablecoin a bheith ina mhodh íocaíochta le húsáid fhorleathan, rud ba cheart gníomhaíocht rialála agus maoirseachta iomchuí a thionscnamh;

J.  de bhrí go bhfuil Airgeadra Digiteach ó Bhanc Ceannais (CBDC) bunaithe ar choincheap sócmhainne cobhsaí, go bhfuil sé ceannasach ó thaobh a chineál de agus go bhfuil sé éagsúil dá bhrí sin ó chripteashócmhainní; de bhrí go bhfuil Banc Daonlathach na Síne ag baint triail as airgeadra digiteach ó bhanc ceannais, Íocaíocht Leictreonach an Airgeadra Dhigiteach (DCEP); á thabhairt chun suntais le húsáid ionchasach dhomhanda de DCEP go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann don trádáil idirnáisiúnta agus do chosaint tomhaltóirí;

K.  de bhrí go bhfuil tionscnaimh fhéideartha chun CBDCanna a chur chun feidhme á mbreithniú faoi láthair, laistigh den Aontas agus ar leibhéal domhanda araon;

L.  de bhrí go bhfuil gné láidir thrasteorann ag an airgeadas digiteach, a théann thar leibhéal an Aontais agus go bhfuil comhair idirnáisiúnta agus socrú caighdeán mar aon le maoirseacht éifeachtúil agus éifeachtach ón Aontas sa réimse sin bunriachtanach dá bharr sin;

M.  de bhrí go bhféadfadh sreabhadh caipitil a bheith ina ghné láidir d’fhorbairt na n-uirlisí airgeadais dhigitigh, ar gné í a mheallann infheistíochtaí trasteorann; á chur i bhfáth dá bhrí sin go bhféadfadh an t-airgeadas digiteach rannchuidiú le hiomaíochas an Aontais i margaí domhanda;

N.  de bhrí, de réir sonraí ón margadh(16), amhail ó mhí an Mheithimh 2020, is ann do os cionn 5,600 cripteashócmhainn go domhanda, le caipitliú iomlán margaidh de os cionn USD 260 billiún(17), arb ionann Bitcoin ann féin agus 65 % díobh;

O.  de bhrí, de réir sonraí ón margadh, gur bhain stablecoin caipitliú iomlán margaidh de EUR 10 mbilliún amach i mí an Mheithimh 2020 ó EUR 1.5 billiún i mí Eanáir 2018 agus, in ainneoin a gclúdach atá teoranta go fóill i gcomparáid le criptea-airgeadraí eile, tá sé d’acmhainn aige clúdach ar scála domhanda agus bonn leathan úsáideoirí a bhaint amach go mear, go háirithe má ghlacann cuideachtaí Mórtheicneolaíochta leis agus má bhaintear leas as a líonraí;

P.  de bhrí gur thug saineolaithe ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) dá n-aire ina bhfoilseachán in 2019(18), cé go bhfuil cripteashócmhainní thar a bheith amhantrach, ní bagairt láithreach iad don chobhsaíocht airgeadais; de bhrí go raibh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)(19) agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)(20) araon den tuairim sin freisin; de bhrí gur tháinig an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), sa tuarascáil uaidh ó 2018 maidir le cobhsaíocht airgeadais dhomhanda, agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, sa tuarascáil uaidh ó mhí Iúil 2018, ar an gconclúid céanna, cé de réir thuairim an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais gur cheart faireachán a dhéanamh ar an staid go fóill, i bhfianaise cé chomh sciobtha a tharlaíonn athruithe ar na margaí sin;

Q.  de bhrí, mar a chuirtear i bhfios sa tuarascáil ó ÚBE, go bhfuil institiúidí airgeadais i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní ar bhonn réasúnta teoranta , ach gur dóchúil go méadófar a gcuid spéise go háirithe i gcomhthéacs úsáid mhéadaithe de réitigh atá bunaithe ar DLT; de bhrí go n-áirítear i ngníomhaíochtaí den sórt sin neamhchosaint a choinneáil nó a fháil ar chripteashócmhainní, tairiscintí tosaigh monaí (ICOnna) a fhrithghealladh, nó seirbhísí i ndáil le cripteashócmhainní a thairiscint, amhail tiachóg taisceánach nó malartuithe a sholáthar; de bhrí nach bhfuil na rialacha stuamachta reatha oiriúnach chun ardluaineacht agus rioscaí arda cripteashócmhainní a ghabháil;

R.  de bhrí go moladh i dtaighde a rinneadh le déanaí go n-úsáidtear cripteashócmhainní go príomha mar infheistíocht amhantrach, seachas mar mhodh íocaíochta d’earraí nó seirbhísí a thairgeann ceannaí dlithiúil; de bhrí gur chuir ÚMEnna chun suntais go bhfuil rioscaí sonracha ag baint le cripteashócmhainní nach bhfuil incháilithe mar ionstraim airgeadais laistigh de raon feidhme rialachán airgeadais an Aontais, ar rioscaí iad, eadhon ó thaobh cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí de mar aon le sláine an mhargaidh; de bhrí go bhféadfadh cripteashócmhainní cur leis an riosca de sciúradh airgid, de chleachtais chalaoiseacha, d’imghabháil cánach agus d’ionsaithe seachtracha;

S.  de bhrí go bhféadfadh glacadh na dteicneolaíochtaí nua rannchuidiú suntasach a dhéanamh chun gur féidir le cuideachtaí seirbhísí airgeadais na hoibleagáidí maoirseachta agus comhlíonta atá ar siúl acu a chomhlíonadh;

T.  de bhrí, laistigh den raon de chripteashócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais faoi dhlí an Aontais, go bhfuil a n-aicmiú sin ag brath ar na húdaráis inniúla náisiúnta cur i bhfeidhm a dhéanamh ar chur chun feidhme náisiúnta de dhlí an Aontais, ar rud é a chruthaíonn neamhréireachtaí idir an cur chuige maoirseachta agus rialála, agus a dhéanann dochar don chomhsheasmhacht agus don chothroime iomaíochta san Aontas; de bhrí nach gan deacrachtaí atá aicmiú den sórt sin agus an comhtháthú sin laistigh de chreat reachtach an Aontais, toisc go bhfuil gnéithe éagsúla i láthair i gcripteashócmhainní éagsúla, a d’fhéadfadh athrú le himeacht ama;

U.  de bhrí go bhféadfadh ICOnna a bheith mar fhoinse mhalartach cistiúcháin do chuideachtaí nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta ar chéim luath dá bhforbairt, ach go ndéanann siad infheisteoirí a neamhchosaint ar rioscaí arda freisin mar gheall ar a gcineál atá thar a bheith amhantrach agus leochaileach i leith calaoise; de bhrí gur shuigh an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta sa Tuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil uaidh ó 2018, gur tharla sé gur scéimeanna calaoiseacha Ponzi iad ar a laghad 22,5 % de ICOnna;

V.  de bhrí go bhfuil an acmhainneacht ag cripteashócmhainní costais idirbhirt a laghdú ar bhealach sábháilte i ndomhain ina bhfuil an dearcadh digiteach ag dul i méid, más rud é go mbeidh na cripteashócmhainní sin faoi réir córas rialála a bheidh dian, oiriúnach don chuspóir agus rioscabhunaithe

W.  de bhrí go féidir leis an airgeadas digiteach rannchuidiú i roinnt bealaí chun dul i ngleic le héifeachtaí eacnamaíocha ráig COVID-19 ó thaobh iarmhairtí do shaoránaigh, do FBManna agus do gnólachtaí agus seirbhísí airgeadais eile de; de bhrí go bhfuil léirithe ag ráig COVID-19, ar shlite éagsúla ar fud na mBallstát, an acmhainneacht a tháirgeann an t-airgeadas digiteach do thomhaltóirí agus don gheilleagar araon;

X.  de bhrí go bhfuil gnólachtaí móra teicneolaíochtaí agus ardáin dhigiteacha dhomhanda ag cur seirbhísí airgeadais ar fáil níos mó agus níos mó; de bhrí go bhfuil na hoibreoirí móra sin san earnáil dhigiteach ag baint leas as buntáistí iomaíocha amhail barainneacht scála, líonraí ollmhóra úsáideoirí trasteorann, rochtain éasca ar mhaoiniú agus an cumas líon mór sonraí arna soláthar ag úsáideoirí a chnuaschóipeáil trí theicneolaíochtaí próiseála sonraí amhail ‘anailísíocht mórshonraí’, a ghineann go leor breisluacha ar bhealaí éagsúla; de bhrí, ós rud é go bhfuil gnólachtaí Mórtheicneolaíochta i láthair i margaí na teicneolaíochta airgeadais, go bhfeádfadh sé dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir agus don nuálaíocht;

Y.  de bhrí, leis an ngníomhaíocht chalaoiseach ar a thángthas le déanaí a bhaineann le gnólachtaí i dtionscal na teicneolaíochta airgeadais, go gcuirtear chun suntais an gá atá le dearcadh iomlánaíoch na rioscaí do chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí atá ag gabháil le teipeanna sa tuairisciú airgeadais, le calaois agus le nósanna imeachta dócmhainneachta;

Z.  de bhrí gur méadaíodh go suntasach le blianta anuas an sciar d’íocaíochta nach bhfuil bunaithe ar airgead tirim; de bhrí nár cheart go mbainfeadh creat feabhsaithe d’idirbheart gan airgead tirim an bonn den chumas airgead tirim a úsáid mar mhodh íocaíochta;

AA.  de bhrí gurb í an earnáil airgeadais an t-úsáideoir is mó ar domhan de theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC), arb ionann í agus cúigiú cuid de chaiteachas iomlán TFC;

AB.  de bhrí go bhféadfadh cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua san earnáil airgeadais rioscaí nua a chruthú nach mór a rialáil agus faireachán a dhéanamh orthu chun an chobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh inmheánaigh agus cosaint tomhaltóirí a choimirciú;

AC.  de bhrí go mbeidh sé mar thoradh ar úsáid mhéadaithe na hintleachta saorga i seirbhísí airgeadais go mbeidh gá le hathléimneacht oibríochtúil níos láidre agus leis an maoirseacht chomhfhreagrach iomchuí agus le cosaint sonraí mar a fhoráiltear le dlí an Aontais;

AD.  de bhrí gur féidir le fadhbanna nua oibríochtúla, go háirithe TFC agus rioscaí slándála, rioscaí córasacha a ghiniúint don earnáil airgeadais; ba cheart aghaidh a thabhairt ar rioscaí nua den sórt sin trí bhearta iomchuí, mar a chuir an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach i bhfios(21);

AE.  de bhrí go bhfuil cur chuige treallach ann i leabhar rialacha AE maidir le seirbhísí airgeadais faoi láthair i dtaca le saincheist forálacha riosca oibriúcháin;

AF.  de bhrí go n-éilíonn TFC agus na rioscaí slándála atá ag bagairt ar an earnáil airgeadais, agus leibhéal a comhtháthaithe ar leibhéal AE, gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí níos forbartha a chuireann le Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do ghréasáin agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais a ghlacadh(22), agus a théann os a chionn sin;

AG.  de bhrí gur dlúthchuid den obair ar athléimneacht oibríochtúil na n-institiúidí airgeadais ar leibhéal domhanda í an chibear-athléimneacht;

AH.  de bhrí gur cheart go mbeadh éifeachtacht leithdháilte láidir chaipitil agus riosca agus an cuimsiú airgeadais is fairsinge maidir le saoránaigh laistigh de sheirbhísí airgeadais ag margadh airgeadais feidhmiúil, inbhuanaithe agus athléimneach;

AI.  de bhrí gur féidir le húsáid na seirbhísí néalríomhaireachta buntáistí móra a thabhairt i ndáil le hathléimneacht oibríochtúil agus éifeachtúlacht do sholáthraithe seirbhísí airgeadais i gcomparáid le réiteach oidhreachta ar an láthair, ach go bhfuil dúshláin bhreise ag baint léi freisin maidir le slándáil sonraí agus phróisis, leanúnachas gnó i gcás éaradh seirbhíse agus leochaileacht ghinearálta i ndáil le cibearchoireacht;

AJ.  de bhrí go bhfuil gá le cothroime iomaíochta idir gnólachtaí seirbhísí airgeadais agus gnólachtaí teicneolaíochta chun a áirithiú go bhfuil na gnólachtaí go léir in iomaíocht le chéile ar chomhchéim, agus an prionsabal más rud é gurb ionann an riosca agus an ghníomhaíocht, gur cheart don rialáil a bheith mar a chéile freisin ’ á leanúint acu;

AK.  de bhrí nár cheart arbatráiste rialála, cosaint tomhaltóirí níos ísle, sábháilteacht laghdaithe ná rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bheith mar thoradh ar sheirbhísí airgeadais digiteacha a thabhairt isteach;

AL.  de bhrí go bhfuil go leor institiúidí móra airgeadais san Aontas ag brath ar sholáthraithe seirbhísí néalríomhaireachta ó thríú tíortha;

AM.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí chun cabhrú le cuideachtaí a n-oibleagáidí comhlíonta RGCS a thuiscint;

AN.  de bhrí gur minic nach bhfuil tionscnóir aitheanta ag cripteashócmhainní agus nach gcruthaíonn siad éileamh airgeadais ar shócmhainn fholuiteach, rud atá contrártha i gcás stablecoin, licíní urrúis agus licíní tráchtearraí a bhfuil tionscnóir aitheanta acu ar fad;

AO.  de bhrí, cé gur féidir aicmiú i mbealaí malartacha a dhéanamh ar na licíní arna n-eisiúint ag fiontraithe i bhfoirm éilimh ar shreabhadh airgid, éileamh iarmharach nó éileamh táirge/seirbhís amach anseo, gur cheart go dtabharfadh a n-aicmiú i ndlí an Aontais intuarthacht agus aonchineálacht rialála sna margaí Eorpacha; de bhrí gur cheart go gcuirfí dearthaí hibrideacha ionchasacha san áireamh i rialáil feidhmiúil agus ábhartha ó thaobh teicneolaíochta de ar licíní, agus go soláthrófar sainmhínithe a uasmhéadaíonn cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí, a mhéadaíonn cinnteacht dhlíthiúil agus a giarálann acmhainneacht láidir na n-ionstraimí sin trí mhaoiniú a thabhairt do thionscadail fiontraíochta a bhfuil riosca ag baint leo; de bhrí go bhfuil feidhm eacnamaíoch fholuiteach na licíní ina táscaire tábhachtach dá n-aicmiú;

AP.  de bhrí gur ghlac an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) sainmhíniú leathan ar airgeadra fíorúil agus gur mhol sé go n-ionchorprófaí, laistigh de raon feidhme na n-oibleagáidí maidir le comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT), aon duine nádúrtha nó dlíthiúil a chuireann gníomhaíochtaí i gcrích lena n-áirítear malartú idir cripteashócmhainní, aistriú cripteashócmhainní agus rannpháirtíocht i seirbhís airgeadais a bhaineann le tairiscintí tosaigh monaí agus soláthar na seirbhísí airgeadais sin;

AQ.  de bhrí gur contúirt chriticiúil é an sciúradh airgid nach mór a chosc i réimse an airgeadais dhigitigh; de bhrí gur cheart go mbeadh córas cuimsitheach ‘Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ (KYC) agus comhlíonadh AML i bhfeidhm, mar a fhoráiltear i ndlí an Aontais, fiú má chuireann an t-airgeadas digiteach feabhas ar chuimsiú airgeadais; de bhrí, cé go bhféadfaí cripteashócmhainní a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, go bhféadfadh a stádas rialála mar mhodh íocaíochta, seachas mar mhodh malartaithe, feabhas a chur ar fhaireachán ar choireacht airgeadais agus ar a cosc;

AR.  de bhrí gur féidir leis an nascacht mhéadaithe, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus idirghníomhaíocht idir daoine agus meaisíní eispéaras níos fearr maidir le seirbhísí airgeadais a chruthú, ach go mbaineann rioscaí nua leo freisin maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta, cáilíocht na hidirghníomhaíochta, bainistiú an riosca oibríochtúil agus dúshláin chibearshlándála;

Moltaí:

Breithnithe Ginearálta

1.  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún an Pacáiste Airgeadais Dhigitigh lena n-áirítear dhá thogra reachtacha maidir le criptea-shócmhainní agus athléimneacht oibríochtúil; á mheas go bhfuil an togra ón gCoimisiún maidir le criptea-shócmhainní, chomh maith leis an togra maidir le hathléimneacht oibríochtúil agus cibear-athléimneacht, tráthúil, úsáideach agus riachtanach i ngeall ar fhorbairtí a tharla le déanaí i margaí an Aontais agus i margaí domhanda agus gur céim ríthábhachtach é i dtreo soiléireacht dhlíthiúil a thabhairt agus i dtreo córas nua rialála a fhorbairt; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nár thug an Coimisiún aghaidh mar ba cheart ar na fadhbanna a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus gníomhaíocht choiriúil maidir le criptea-shócmhainní, ar fadhbanna iad atá fós gan réiteach den chuid is mó; á iarraidh go nglacfaidh an Coimisiún bearta práinneacha sna réimsí sin de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

2.  á mheas go mbeidh Airgeadais Digiteach, a bhfuil ról príomha aige maidir le gníomhaíochtaí airgeadais a fhorbairt, lárnach i rathúnas Aontas na Margaí Caipitil (CMU) trí roghanna airgeadais do chuideachtaí agus do shaoránaigh a mhéadú, agus trí roghanna infheistíochta chomh maith, agus ag moladh don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar conas nuálaithe a chumhachtú agus, dá bhrí sin, conas tairbhí na Teicneolaíochta Airgeadais a úsáid chun comhtháthú margaidh caipitil agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a chur chun tosaigh san Aontas agus conas a ollmhéid a ardú ar fud an domhain;

3.  ag cur béim ar an tábhacht mhéadaithe atá le bearta faireacháin agus athbhreithniúcháin a bhaineann le rialáil an airgeadais dhigitigh, agus aird á tabhairt go háirithe ar an méadú atá ag teacht ar ábharthacht na hearnála agus an domhan ag dul i ngleic le paindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá aghaidh a thabhairt, trí chreat reachtach iomchuí agus forálacha maidir le cosaint tomhaltóirí, ar na rioscaí sonracha a ghabhann leis an airgeadas digiteach ar leibhéal na rialála agus na maoirseachta;

4.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh an Coimisiún a chuid oibre a ailíniú go dlúth le fóraim idirnáisiúnta agus comhlachtaí rialála i dtaobh caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt i bhfianaise chineál trasdlínsiúil an airgeadais dhigitigh, gan dochar do shaincheart an Aontais forálacha rialála agus maoirseachta atá ábhartha d’imthosca an Aontais a ghlacadh; á mheabhrú, go háirithe, gur gá idir-inoibritheacht chreat rialála an Aontais le prionsabail arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a áirithiú;

5.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an fhorbairt atá á déanamh ar go leor teicneolaíochtaí a bhaineann leis an airgeadas digiteach fós ina tús; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfear, dá bhrí sin, aon bhearta reachtacha nua a chur faoi réir measúnú críochnúil todhchaí-dhírithe ar na rioscaí agus na tairbhí atá ann do thomhaltóirí agus don chobhsaíocht airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige iomlánaíoch agus torthaí-dhírithe atá comhréireach, rioscabhunaithe agus trasearnálach a úsáid ina chuid oibre ar airgeadas digiteach;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an eolas agus an taithí a fuarthas ón bhFóram Eorpach d’Éascaitheoirí na Nuálaíochta chun gníomhú mar cheannródaí chun timpeallacht fhabhrach inbhuanaithe a chruthú do mhoil agus gnólachtaí Eorpacha na teicneolaíochta airgeadais, agus freisin don tionscal airgeadais seanbhunaithe, trí úsáid a bhaint as airgeadas digiteach chun infheistíocht choigríche a mhéadú ó thaobh scála de agus a mhealladh agus chun láithreacht an Aontais i margaí domhanda a mhéadú;

7.  á mheas, i ndáil leis an méid sin, gur cheart an t-airgeadas digiteach a mheas mar uirlis bhunriachtanach agus éifeachtach do FBManna na hEorpa agus lenar féidir réitigh fhíor-ama agus thapa a chuirtear in oiriúint dá gcuid riachtanas maoinithe a sholáthar; á chreidiúint go bhféadfadh an t-airgeadas digiteach a bheith ina chabhair leis an mbearna mhaoinithe do FBManna a dhúnadh;

8.  á chur i bhfáth gur cheart a áirithiú le haon bhearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais go bhfuil an spás rialála ag na rannpháirtithe margaidh, idir bheag agus mhór, chun bheith ag nuáil, agus gur cheart léiriú a thabhairt ar na prionsabail seo a leanas le haon reachtaíocht nó maoirseacht nua nó nuashonraithe i réimse an airgeadais dhigitigh:

   a. ba cheart na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí céanna agus na rioscaí comhchosúla a bhaineann leo a bheith faoi réir na rialacha céanna;
   b. comhréireacht agus neodracht na teicneolaíochta;
   c. cur chuige bunaithe ar riosca, trédhearcacht agus cuntasacht;
   d. urraim do na cearta bunúsacha, go háirithe cosaint don phríobháideachas agus do shonraí pearsanta, mar a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
   e. leibhéil níos airde de chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí;
   f. cothroime iomaíochta;
   g. cur chuige atá fabhrach don nuálaíocht;

9.  á chur i bhfios gur cheart na forbairtí gasta i margaí rafara na gcripteashócmhainní agus ICOnna a chur san áireamh le haon bhearta nua nó nuashonraithe a ghlactar ar leibhéal an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfear cothroime iomaíochta a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, agus siopadóireacht dlínse agus arbatráiste rialála a sheachaint; ag tabhairt rabhaidh nár cheart srian a chur, de bharr na mbeart sin, ar na deiseanna fáis atá ann do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, agus gur cheart, a bhuí leis na bearta sin, éiceachóras inbhuanaithe a sholáthar, ar éiceachóras é ina bhfásfaidh an t-airgeadas digiteach laistigh den mhargadh inmheánach, agus cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh agus cosaint tomhaltóirí á n-áirithiú san am céanna;

10.  á chur i bhfios go bhféadfadh boscaí gainnimh rialála agus moil nuálaíochta a bheith ina n-uirlisí áisiúla do chuideachtaí an airgeadais dhigitigh chun triail a bhaint, i dtimpeallacht rialaithe, as táirgí airgeadais nuálacha, as seirbhísí airgeadais nuálacha nó as samhla gnó nuálacha, agus chun go bhféadfaidh údaráis inniúla tuiscint níos fearr a fháil ar na gníomhaíochtaí sin agus saineolas rialála ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, agus an t-idirphlé idir cuideachtaí agus rialtóirí á éascú ar an gcaoi sin; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhféadfadh freisin rioscaí suntasacha do chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a bheith ag gabháil leo agus go bhféadfaidís calaois airgeadais a chumasú agus, san am céanna, rioscaí a chruthú maidir le hilroinnt maoirseachta agus arbatráiste rialála;

11.  á chur i bhfios go láidir gur cheart féachaint, le haon bhosca gainnimh, lena n-áirítear bosca gainnimh uile-Eorpach, le cothromaíocht a bhaint amach idir na cuspóirí maidir le nuálaíocht, cobhsaíocht airgeadais agus cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a chothú, agus méid, tábhacht shistéamach agus gníomhaíocht trasteorann na ngnólachtaí lena mbaineann á gcur san áireamh san am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún creat comhchoiteann de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh bosca gainnimh uile-Eorpach le haghaidh seirbhísí airgeadais dhigitigh, ós rud é go ndéanfadh sé tairbhí breise maidir le nuálaíocht airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais, mar aon le hilroinnt maoirseachta laghdaithe, a sholáthar;

12.  á thabhairt chun suntais go bhfuil an triantán muiníne, fíoraithe céannachta agus sonraí tábhachtach chun a áirithiú gur féidir le hoibreoirí, tomhaltóirí agus maoirseoirí muinín a bheith acu as an airgeadas digiteach;

13.  á mheas gurb iomchuí tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thionscnaimh maidir le CBDCanna a chur chun feidhme laistigh den Aontas agus ar leibhéal domhanda; ag iarraidh ar BCE breithniú ar mheasúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh d’fhonn roghanna peirspictíochta maidir le CBDCanna a thíolacadh, lena n-áirítear anailís ar na deiseanna agus rioscaí a bhaineann le euro digiteach a bhunú; á chreidiúint gur cheart breithniú ar ról na dteicneolaíochtaí foluiteacha sa mheasúnú sin; á iarraidh ar údaráis mhaoirseachta an Aontais, thairis sin, tuilleadh taighde sa réimse sin a chur chun cinn, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BCE idirphlé a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus measúnú a dhéanamh ar na tairbhí agus impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le CBDCanna a úsáid ar bhonn níos leithne ar fud an domhain;

14.  á chreidiúint gur cheart do pharaiméadair agus prionsabail an mheasúnaithe tionchair agus na hanailíse a dhéanfar ina dhiaidh sin a bheith ag brath ar ról CBDCanna maidir leis an laghdú ar úsáid airgid thirim a fhorlíonadh, ar paraiméadair agus prionsabail iad lena n-áiritheofar iontaoibh as an gcóras airgeadais, lena ndéanfar foráil do chuimsiú airgeadais níos mó agus do rochtain ar mhodh poiblí íocaíochta, agus lena ráthófar cobhsaíocht airgeadais agus airgeadaíochta san am céanna;

15.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le cóineasú rialála agus maoirseachta níos láidre, agus é mar aidhm leis sin creat comhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag Údaráis Mhaoirseachta na hEorpa (ÚMEnna) maidir leis an méid sin a éascú; á iarraidh go mbeadh idirphlé struchtúrtha ann idir ÚMEnna agus údaráis inniúla náisiúnta (NCAnna), ar idirphlé é ba cheart a bheith dírithe ar dhúshláin mhaoirseachta reatha agus ar chleachtais a chóineasú i dtreo maoirseacht gan uaim ar gach leibhéal, eadhon maidir leis an airgeadas digiteach, frithsciúradh airgid, cosaint príobháideachais agus cosaint sonraí, agus maidir le dúshláin agus deiseanna a bhaineann leis an gcibearshlándáil; á mheas gur cheart an t-idirphlé struchtúrtha sin a dhíriú, i réimse an airgeadais dhigitigh, ar laghdú a dhéanamh ar arbatráiste, ar iomaíocht mhaoirseachta agus ar bhacainní eile atá ar oibríochtaí trasteorann faoi láthair;

16.  á mholadh go mbeadh maoirseoir Eorpach aonair ann, chun oibriú i ndlúthchomhar le hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus le hÚdaráis Náisiúnta Inniúla eile, bunaithe ar leabhar coiteann rialacha agus cumhachtaí idirghabhála táirgí le haghaidh maoirseachta, sna réimsí seo a leanas de ghníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní: soláthraithe a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat chomh maith le soláthraithe sparán, agus na Soláthraithe Seirbhíse Sócmhainní Fíorúla uile eile a chumhdaítear le caighdeáin FATF; ag an am céanna, á thabhairt dá aire gur gá cuntasacht an mhaoirseora Eorpaigh sin a áirithiú, agus gur gá próiseas athbhreithnithe breithiúnach a sholáthar do ghníomhaíochtaí an mhaoirseora Eorpaigh; á thabhairt dá aire, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní; á thabhairt chun suntais gur cheart don mhaoirseoir aonair, i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní a bhfuil gné shuntasach thrasteorann acu san Aontas agus gur cheart dó struchtúir iomchuí inmheánacha a fhorbairt chun maoirseacht éifeachtúil agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais ar chripteashócmhainní a áirithiú;

17.  á chur in iúl go n-aontaíonn sí le seasamh BCE maidir leis an tábhacht atá le hairgead fisiciúil mar dhlíthairiscint; á chur i bhfáth nach bhféadfaidh srianta ar íocaíochtaí miondíola in airgead tirim ná díothú airgid thirim leanúint as dul chun cinn i réimse na n-airgeadraí fíorúla agus na n-íocaíochtaí digiteacha;

18.  á thabhairt chun suntais gur cúis bhuartha di an tionchar a bhíonn ag cripteamhianadóireacht ar an gcomhshaol; á chur i bhfáth go bhfuil gá le réitigh atá dírithe ar lorg éiceolaíoch cripteashócmhainní príomhshrutha a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún an méid sin a chur san áireamh in aon tionscnamh rialála atá ar na bacáin, agus aird á tabhairt ar thiomantas an Aontais do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus don aistriú riachtanach i dtreo sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ar a dhéanaí;

Creat do Chripteashócmhainní a shainmhíniú

19.  á mheas go bhfuil forbairt tacsanomaíochta cuimsithí uile-Eorpaí do tháirgí nua amhail cripteashócmhainní riachtanach mar chéim i dtreo comhthuiscint a chothú, comhoibriú ar fud dlínsí a éascú agus deimhneacht dhlíthiúil níos mó a sholáthar do rannpháirtithe margaidh a oibríonn ar bhonn trasteorann; á mholadh go ndéanfaí na creataí náisiúnta rialála agus maoirseachta atá ann faoi láthair a chur san áireamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht leis an gcomhar idirnáisiúnta agus le tionscnaimh dhomhanda maidir le creat de chuid an Aontais do chripteashócmhainní, agus aird á tabhairt go háirithe ar an bhfíoras go bhfeidhmíonn siad gan beann ar theorainneacha;

20.  á mheas go bhféadfadh sé a bheith níos iomchuí teimpléad neamhiata tacsanomaíochta a fhorbairt ar leibhéal an Aontais, agus é á chur san áireamh gur deighleog mhargaidh é sin a bhíonn ag síorathrú, agus gur cheart do thacsanamaíocht den sórt sin feidhmiú mar bhonn do ghníomhaíochtaí iomchuí reachtaíochta nó rialála; á chreidiúint, áfach, nach ann d’aon réiteach a oireann do chách a mhéid a bhaineann le cáiliú dlíthiúil cripteashócmhainní, agus go bhfuil tábhacht, dá bhrí sin, le creat faoina bhféadfaidh maoirseoirí faireachán agus oiriúnú a dhéanamh;

21.  ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a fhorbraíonn gnólachtaí nuathionscanta atá dírithe ar thomhaltóirí seirbhísí airgeadais nuálacha a théann chun tairbhe do shaoránaigh agus cuideachtaí an Aontais, agus gur cheart gach creat reachtach a cheapadh d’fhonn tuilleadh nuálaíochta agus rogha níos mó a bheith ag tomhaltóirí a chumhachtú i seirbhísí airgeadais;

22.  ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in éagmais cur chuige comhchoiteann rialála de chuid an Aontais i leith cripteashócmhainní, go bhfuil tús curtha ag Ballstáit cheana féin le gníomhaíochtaí reachtaíochta agus maoirseachta a ghlacadh, agus go bhfuil ag méadú ar an mbrú atá orthu gníomhú i ngeall ar ábhair imní a bhaineann le cosaint tomhaltóirí; á chur i bhfios gur féidir an margadh a ilroinnt, éiginnteacht dhlíthiúil a mhéadú, an bonn a bhaint ó chothroime iomaíochta agus deiseanna a thabhairt maidir le harbatráiste rialála i ngeall ar léirmínithe éagsúla agus cur chuige neamh-chomhordaithe ar fud na mBallstát;

23.  á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh aon aicmiú breise cothromúil agus solúbtha chun oiriúnú do shamhla gnó agus rioscaí a bhíonn ag síorathrú agus chun spás a thabhairt do nuálaíocht agus iomaíochas san earnáil, agus é á áirithiú, san am céanna, gur féidir rioscaí a shainaithint agus a mhaolú ag céim luath;

24.  á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le soiléiriú ar an treoir le haghaidh na bpróiseas rialála agus stuamachta is infheidhme chun deimhneacht rialála a sholáthar agus chun maoirseacht leormhaith agus cóireáil stuamachta leormhaith ar chripteashócmhainní a leagan amach; á chur in iúl go bhfuil sí ar aon intinn le coiste Basel agus le ÚBE gur cheart do bhainc a shealbhaíonn cripteashócmhainní cóireáil stuamachta choimeádach a chur i bhfeidhm ar chripteashócmhainní, go háirithe orthu siúd lena ngabhann riosca ard;

25.  á mheas go ndéanfar institiúidí rialáilte airgeadais, go háirithe institiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta agus cistí pinsin, a chur faoi réir teorainneacha sonracha nochta uasta i bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le hardleibhéil gníomhaíochta cripteashócmhainní do chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, thairis sin, gur den ríthábhacht iad dícheall cuí, rialáil stóinsithe agus bainistiú riosca stóinsithe, nochtadh iomlán i leith aon neamhchosaint agus idirphlé stuama leis na maoirseoirí; á chreidiúint gur cheart leasuithe ina leith sin a áireamh san athbhreithniú atá ar na bacáin ar an gcreat maidir le ceanglais chaipitil;

26.  á mheas gur cheart gach gníomhaí agus rannpháirtí a bhíonn ag gabháil de ghníomhaíocht a bhaineann le cripteashócmhainní a chur faoi réir chaighdeáin an chreata rialála airgeadais atá ann faoi láthair, de réir mar is infheidhme; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur gá forálacha agus sásraí dlíthiúla a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar na caighdeáin rialála le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní, go háirithe maidir le cosaint tomhaltóirí agus le AML/CFT, a fhorfheidhmiú freisin nuair is as áit lasmuigh den Aontas a dhéantar na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí sin a sholáthar nó a oibriú; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur cheart do rialacha sonracha maidir le trédhearcacht agus sláine an mhargaidh a bheith coibhéiseach ar a laghad leo siúd i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE(23) (MiFID II) d’eisitheoirí agus urraitheoirí uile cripteashócmhainní, lena mbunaítear rialacha diana maidir le faisnéis do chliaint fhéideartha, ar rialacha iad ba cheart a bheith soiléir agus neamh-mhíthreorach, mar aon le ceanglais maidir le measúnuithe oiriúnachta;

27.  á mheas nár cheart roinnt cripteashócmhainní – na cinn sin is mó a úsáidtear ar bhealaí neamhdhleathacha – a dhlisteanú trína gcur faoin gcóras rialála atá ann faoi láthair; á thabhairt chun suntais go mbeadh riosca do chosaint tomhaltóirí ag gabháil le haon dlisteanú neamh-inmhianaithe agus go mbainfí an bonn de shláine an mhargaidh dá bharr; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, rialacha diana a bhunú maidir le rabhaidh do chliaint fhéideartha agus a chinntiú go sannfar na cumhachtaí idirghabhála is gá do na húdaráis inniúla chun srian nó toirmeasc a chur ar oibríochtaí agus gníomhaíochtaí maidir leis na cripteashócmhainní sin ar chun críoch neamhdhleathach is mó a úsáidtear iad; 

28.  á chur i bhfáth gur cheart, ach an tacsanamaíocht a bheith ar fáil, rioscaí a bhaineann le sealúchais agus le neamhchosaintí ar chripteashócmhainní a chomhtháthú ina n-iomláine sa phróiseas um athbhreithniú agus meastóireacht maoirseachta; á thabhairt chun suntais, maidir leis an méid sin, go bhfuil gá le ceanglais leormhaithe agus chaighdeánaithe maidir le nochtadh aon neamhchosaintí ábhartha nó seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní;

29.  á chur i bhfios go mbeidh gá le haghaidh a thabhairt, trí athruithe spriocdhírithe, ar bhearnaí rialála i ndlí an Aontais atá ann cheana, agus go mbeidh gá le córais rialála shaincheaptha le haghaidh gníomhaíochtaí nua agus síorathraitheacha cripteashócmhainní, amhail ICOnna nó tairiscintí tosaigh malartáin (IEOnna); ag tabhairt dá haire go bhféadfadh cineálacha áirithe cripteashócmhainní, amhail ‘urrúis inaistrithe’ mar a sainmhínítear faoi MiFID II iad, a bheith ag luí leis an gcreat rialála atá ann cheana; á chreidiúint gur cheart caitheamh leis na cripteashócmhainní sin a d’fhéadfadh teacht faoi MiFID II ar an mbealach céanna le hurrúis inaistrithe eile a thagann faoin gcóras céanna, agus á chreidiúint, mar sin, gur athruithe spriocdhírithe ar fhorálacha ábhartha MiFID II a bheadh ag teastáil, seachas creat reachtach saincheaptha ina leith;

30.  á chur i bhfáth gur gá rialáil a dhéanamh, ar bhealach comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, ar chripteashócmhainní áirithe nach dtiocfadh faoi fhorálacha MiFID II;

31.  ag tabhairt dá haire gur catagóir uathúil de chripteashócmhainní iad cripteamhonnaí cobhsaí; ag tabhairt le fios gurb amhlaidh, ag an gcéim seo, nach bhfuil cripteamhonaí cobhsaí á n-úsáid go forleitheadúil san Aontas go fóill; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhféadfadh a nglacadh forleathan a bheith ina mbagairtí suntasacha ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar tharchur an bheartais airgeadaíochta agus ar rialú daonlathach; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur ghlac an gCoimisiún, dá bhrí sin, creat reachtach a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú, inter alia, go mbeidh ráta comhshó cobhsaí idir cripteamhonaí cobhsaí agus airgeadraí fiat agus go mbeifear in ann an cripteamhona cobhsaí faoi seach a thiontú ina airgeadra fiat ar parluach am ar bith; á chur i bhfáth, áfach, gur gá go mbeadh oibleagáid dhlíthiúil ar eisitheoirí uile cripteamhonaí cobhsaí éileamh díreach a dheonú don sealbhóir agus na cripteamhonaí chobhsaí a fhuascailt ar parluach in airgeadra fiat tráth ar bith agus sásraí leormhaithe a chur i bhfeidhm chun na cúlchistí cobhsaíochta a chosaint agus a leithscaradh chuige sin.

32.  á thabhairt chun suntais go bhféadfaí, a bhuí le ICOnna agus IEOnna, méadú ar an rochtain ar chistiú atá ag FBManna, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá i mbun fáis, agus gur féidir leo dlús a chur leis an aistriú teicneolaíochta agus a bheith ina gcroíchuid de CMU; ag tabhairt dá haire, áfach, gur eisigh údaráis mhaoirseachta éagsúla rabhaidh maidir le ICOnna mar gheall ar an easpa trédhearcachta agus ceanglas nochta a bhaineann leo agus a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le rioscaí d’infheisteoirí agus do thomhaltóirí;

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le creat reachtach a mholadh le haghaidh ICOnna agus IEOnna, a mbeadh sé mar aidhm leis trédhearcacht, deimhneacht dhlíthiúil, agus cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a mhéadú, agus na rioscaí a eascraíonn as faisnéis neamhshiméadrach, iompar calaoiseach agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a laghdú; á áitiú go ndéanfar an mhaoirseacht agus an faireachán ar an gcreat sin a chomhordú ar leibhéal an Aontais;

34.  á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh creat comhchoiteann de chuid an Aontais maidir le cripteashócmhainní ina chabhair le coimirciú a dhéanamh ar ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus infheisteoirí, ar shláine an mhargaidh agus ar chobhsaíocht airgeadais, le cur i bhfeidhm fhorálacha AML a fhorfheidhmiú, amhail oibleagáidí KYC maidir le gníomhairí a bhíonn ag gabháil d’idirbhearta a bhaineann le cripteashócmhainní, gan díolúintí a bheith ann ach amháin i gcás idirbhearta ócáideacha faoi bhun tairseach íosta, agus le feabhas a chur ar an bhformhaoirseacht a dhéantar ar an teicneolaíocht fholuiteach ionas go bhféadfaidh na húdaráis a mbíonn coirí á n-imscrúdú acu tairbhithe deiridh na n-idirbheart íocaíochta a shainaithint go hiontaofa agus gan mhórán dua;

35.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na torthaí ar thaighde a rinneadh le déanaí(24) agus lena léirítear go bhfuil nasc ag a leath d’idirbhearta cripteashócmhainní le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail earraí nó seirbhísí neamhdhleathacha a cheannach nó a dhíol, sciúradh airgid agus íocaíochtaí in ionsaithe bogearraí éirice; á thabhairt chun suntais gur foilsíodh torthaí le déanaí lena dtugtar le tuiscint go bhfuil baint ag Bitcoin le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha dar luach USD 76 bhilliún in aghaidh na bliana;

36.  á athdhearbhú gur gá aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar rioscaí AML/CTF a eascraíonn as gníomhaíochtaí trasteorann agus teicneolaíochtaí nua, go háirithe na rioscaí sin a ghabhann le cripteashócmhainní;

37.  á chur i bhfios go láidir, maidir leis na bearnaí reatha i gcreat AML le haghaidh cripteashócmhainní amhail i gcur i bhfeidhm phrionsabal KYC, go bhfuil siad ina gcúis le éagothroime iomaíochta idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochta airgeadais; á mheas gur cheart forálacha AML/CTF do sholáthraithe seirbhísí a bhaineann le cripteashócmhainní a fhormheidhmiú freisin i gcás soláthraithe eachtracha a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le sainmhíniú cuimsitheach ar ‘shócmhainní fíorúla’ chun léiriú níos fearr a thabhairt ar chineál na gcripteashócmhainní agus an fheidhm atá leo chun críche AML/CTF; á chur i bhfios go ndéanfar an sainmhíniú ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a nuashonrú freisin chun a áirithiú go gcumhdófar cripteashócmhainní go leormhaith;

38.  ag tabhairt dá haire go ndearnadh nuashonrú ar Mholadh 16 FATF atá ann cheana maidir leis an Riail Taistil do Sholáthraithe Seirbhíse Sócmhainní Fíorúla (VASPanna), agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na himpleachtaí a ghabhann leis do sholáthraithe cripteamhalartaithe agus ríomhthiacóige faoi chuimsiú Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún(25);

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, raon na n-eintiteas faoi oibleagáid a leathnú faoi chreat AML/CTF, i gcomhréir leis na moltaí a rinne FATF agus ESMA, chun a áirithiú gur faoi réir na n-oibleagáidí céanna maidir le AML/CTF a bheidh gach gníomhaíocht a bhaineann le cripteashócmhainní, maidir le soláthraithe malartuithe de chineál fíorúil-go-fíorúil, le catagóirí eile de sholáthraithe tiachóige agus le ICOnna;

40.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart éinne a fhágáil ar gcúl de bharr leathnú an airgeadais dhigitigh agus go gcaithfidh infhaighteacht réiteach airgeadais dhigitigh do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí neamhghairmiúla a bheith ag gabháil bonn ar bhonn le hiarrachtaí níos mó chun trédhearcacht, feasacht an phobail agus rochtain ar fhaisnéis a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i gcláir chun inniúlacht dhigiteach agus airgeadais a fheabhsú;

41.  ag tabhairt dá haire go mbíonn dúshláin agus rioscaí suntasacha ag baint le haon airgeadra digiteach arna fhorbairt ag banc ceannais a thabhairt isteach (e.g. rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, cosaint taiscí, impleachtaí ar tharchur beartais airgeadaíochta, impleachtaí ar idirghabháil creidmheasa, ionadú modhanna eile íocaíochta, slógadh amach rannpháirtithe príobháideacha margaidh), ar dúshláin agus rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná na tairbhí a mheastar a bheith le CBDCanna;

42.  ag tabhairt dá haire go bhféadfaí roinnt de na heasnaimh a mheastar a bheith sa chóras íocaíochta Eorpach a leigheas trí fheabhas a chur, de réir a chéile, ar an gcóras atá ann cheana, amhail íocaíochtaí meandracha costéifeachtacha a leathnú amach ar bhonn níos mó;

Cur chuige comhchoiteann maidir le cibear-athléimneacht na hearnála airgeadais

43.  á chur i bhfios gurb amhlaidh, leis an méadú atá ag teacht ar dhigiteáil na seirbhísí airgeadais, agus freisin le seachfhoinsiú chuig soláthraithe seachtracha réiteach nó cothabhála TF, amhail néalsoláthraithe, gur féidir cabhrú go háirithe le gnólachtaí nuathionscanta a bheith ag nuáil agus rochtain a bheith acu ar theicneolaíocht nach mbeadh acu murach sin; ag tabhairt rabhaidh, áfach, go bhfuil ag géarú ar neamhchosaint na n-institiúidí agus na margaí airgeadais ar mhíshocracht de bharr teipeanna inmheánacha, ionsaithe seachtracha nó anáis airgeadais, agus gur gá, dá bhrí sin, measúnú críochnúil a dhéanamh ar rioscaí oibríochtúla i bhfianaise na timpeallachta sin a bhíonn ag síorathrú; á mheas gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh slándáil, athléimneacht agus éifeachtúlacht ina dtreoirchuspóirí le haon reachtaíocht a mholfaí maidir leis an méid sin;

44.  ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, cé go mbíonn sé thar a bheith deacair na costais iomlána ar chibirtheagmhais a shuí, gur idir USD 45 bhilliún agus USD 654 bhilliún a bhí i gceist don gheilleagar domhanda in 2018, de réir meastacháin ón tionscal;

45.  á thabhairt chun suntais go raibh earnáil an airgeadais ina príomhsprioc riamh anall ag cibearchoirpigh a bhí ag iarraidh airgead a ghnóthú;

46.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an anailís a rinne an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) lena dtaispeántar gur fíor go bhféadfadh cibirghéarchéim shistéamach a bheadh ina bagairt don chobhsaíocht airgeadais fás as cibirtheagmhas(26);

47.  á chur i bhfios gur ann cheana do cheanglais shonracha maidir le bainistiú slándála faisnéise i roinnt píosaí earnála de reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, cé nach amhlaidh atá i gcás réimsí eile de reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais; á mheabhrú gur eisigh údaráis mhaoirseachta rabhaidh cosanta tomhaltóirí maidir le ICOnna, ós rud é gur féidir leis an easpa trédhearcachta iomchuí agus ceanglas nochta a bheith ina cúis le rioscaí féideartha agus tromchúiseacha d’infheisteoirí;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún athruithe reachtacha i réimse TFC agus ceanglais chibearshlándála d’earnáil airgeadais an Aontais a mholadh, agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhréireachtaí, bearnaí agus bealaí éalaithe atá ann sa dlí ábhartha; á iarraidh ar an gCoimisiún, maidir leis an méid sin, breithniú ar an ngá le forléargas maoirseachta ar sholáthraithe TFC, agus aird á tabhairt ar na rioscaí tiúchain agus tógálachta a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le spleáchas mór earnáil na seirbhísí airgeadais ar líon beag soláthraithe TFC agus néalríomhaireachta;

49.  á mheas gur cheart go ndíreofaí ar cheithre phríomhréimse sna hathruithe sin:

   a. nuachóiriú ar rialachas agus bainistiú riosca TFC, agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta;
   b. ailíniú rialacha tuairiscithe maidir le teagmhais TFC;
   c. creat comhchoiteann maidir le tástálacha dul i bhfód agus athléimneachta oibríochtúla ar fud earnálacha uile an airgeadais;
   d. formhaoirseacht agus íoschaighdeáin i gcás sholáthraithe tríú páirtí criticiúla TFC;

50.  á chur i bhfáth gur gá faisnéis a roinnt tuilleadh, go háirithe maidir le teagmhais, agus go bhfuil gá le comhordú feabhsaithe idir na húdaráis rialála agus mhaoirseachta ábhartha, agus é á chur san áireamh go n-éilítear comhar éifeachtach, ní hamháin ar bhonn trasteorann ach freisin ar fud earnálacha éagsúla, chun athléimneacht agus ullmhacht a fhorbairt chun déileáil le cibirtheagmhais agus teagmhais oibríochtúla mhórscála; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart é sin a dhéanamh trí chumhachtaí áirithe a dheonú do mhaoirseoirí chun maoirseacht a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag tríú páirtithe, eadhon cearta feabhsaithe maidir le hiniúchadh, le hiniúchóireacht agus le smachtbhannaí;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhar i bhfóraim idirnáisiúnta chun gur fusa a bheidh sé caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt maidir le néalríomhaireacht agus seachfhoinsiú; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí anailís ar an ngá le bearta a bhaineann go sonrach leis an Aontas chun formhaoirseacht ar néalríomhaireacht agus ar sheachfhoinsiú a thabhairt ar aon dul le leibhéal na maoirseachta a dhéantar ar chórais leagáide; á chur i bhfios gur gá freisin caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt sna réimsí sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb amhlaidh, bíodh is gurb iad na hoibreoirí airgeadais atá freagrach as comhlíonadh, gur cheart an fhormhaoirseacht a dhéantar ar sholáthraithe tríú páirtí criticiúla a dhíriú ar fhaireachán a dhéanamh ar rioscaí tiúchain agus rioscaí cobhsaíochta agus ar chomhar a áirithiú idir na húdaráis ábhartha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart é sin a dhéanamh trí chumhachtaí áirithe a dheonú do mhaoirseoirí chun maoirseacht a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag tríú páirtithe, eadhon cearta feabhsaithe maidir le hiniúchadh, le hiniúchóireacht agus le smachtbhannaí;

52.  á chur i bhfáth, maidir le hathléimneacht an chórais airgeadais, go n-éilítear creat láidir teicneolaíochta chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmchláir ardteicneolaíochta i seirbhísí airgeadais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le straitéis nithiúil lena gcuirfear feabhas ar úsáid na teicneolaíochta rialála agus na teicneolaíochta maoirseachta;

53.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na maoirseoirí gníomhaíochtaí neamhreachtacha a chur ar bun chun treisiú leis an ullmhacht oibríochtúil in earnáil an airgeadais chun déileáil le cibirtheagmhais agus teagmhais oibríochtúla mhórscála, trí chleachtaí comhpháirteacha, prótacail oibríochtúla (‘leabhair treorach’), uirlisí slána comhoibrithe agus infheistíochtaí i leith athneartú bonneagar criticiúil agus i leith acmhainneachtaí iomarcaíochta na hEorpa; á thabhairt chun suntais gur gá do mhaoirseoirí saineolaithe inmheánacha agus acmhainní leormhaithe a bheith acu chun na cleachtaí agus gníomhaíochtaí maoirseachta sin a dhéanamh;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an riosca go dtiocfadh deiseanna trádála chun cinn ar an ‘margadh dubh’, agus ar na rioscaí a ghabhann le sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta, calaois chánach agus imghabháil cánach, agus gníomhaíochtaí coiriúla eile nach iad;

Sonraí

55.  á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag gabháil le bailiú agus anailísiú sonraí i gcás an airgeadais dhigitigh, agus á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur gá an reachtaíocht maidir le sonraí atá ann cheana a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de; á thabhairt chun suntais gur príomhtheicneolaíocht í an intleacht shaorga maidir le hiomaíochas an Aontais a fheabhsú ar leibhéal domhanda;

56.  á chur i bhfios gurb é an tAontas is mó a shocraíonn caighdeáin ar bhonn domhanda ó thaobh cosaint sonraí pearsanta de; á thabhairt chun suntais gur i gcomhréir le dlíthe ábhartha uile an Aontais agus le gach comhaontú idirnáisiúnta ábhartha ba cheart sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a aistriú agus a úsáid, agus foráil á déanamh, san am céanna, do shreabhadh dlíthiúil agus slán na sonraí is gá chun tionscnaimh nuálacha airgeadais a uas-scálú;

57.  á chur i bhfáth go bhfuil gá leis an saorshreabhadh sonraí laistigh den Aontas chun airgeadas nuálach a uas-scálú; á chur i bhfios, maidir le sreafaí sonraí trasteorann, lena n-áirítear sreafaí sonraí chuig tíortha tríu páirtí agus ó thíortha tríú páirtí, nach mór faireachán agus rialú a dhéanamh orthu faoi dhlí an Aontais maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí;

58.  á iarraidh, i ndáil leis sin, go n-áiritheofar an Coimisiún gur féidir le heintitis airgeadais dhigitigh rochtain a fháil ar shonraí ábhartha, iontaofa agus úsáideacha ar bhonn cothroime i gcomhréir le RGCS trí níos mó luacha do chustaiméirí a chruthú, rud a chothódh acmhainneacht an airgeadais dhigitigh agus a thabharfadh deiseanna do gnólachtaí teicneolaíochta airgeadais nuálacha chun bheith ag fás laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé urraim a léiriú do rialacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus a áirithiú nach ndéanfar dochar do leasanna tomhaltóirí agus don nuálaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na seirbhísí airgeadais atá á dtairiscint ag gnólachtaí ‘Mórtheicneolaíochta’, agus ar conas a d’fhéadfadh na buntáistí iomaíocha a bhaineann go dlúth leis na hoibreoirí sin iomaíocht sa mhargadh a shaobhadh agus díobháil a dhéanamh do leasanna na dtomhaltóirí agus don nuálaíocht;

59.  á thabhairt chun suntais nach mór go dtiocfaidh Coimisiún ar chothromaíocht idir slándáil sonraí agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú, agus taithí na dtomhaltóirí agus éifeachtúlacht seirbhíse a choimeád;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún, bunaithe ar chaighdeáin an Aontais atá ann cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le sainaithint leictreonach agus seirbhísí iontaoibhe d’idirbhearta leictreonacha sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE(27), breathnú a dhéanamh ar bhonneagar le haghaidh ionduchtú digiteach agus úsáid céannachtaí airgeadais digiteacha, a mbeadh sé d’aidhm acu na ceanglais rialála atá ann cheana ar fud an Aontais a chomhchuibhiú a mhéid is gá agus a n-úsáid a éascú chun foráil a dhéanamh d’oibríochtaí nach bhfuil chomh ilroinnte sin laistigh den mhargadh inmheánach, agus na forálacha ábhartha frithsciúrtha airgid á gcomhlíonadh acu; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá úsáid céannachtaí airgeadais digiteacha ar fud gach earnála agus gach Ballstáit agus go bhféadfadh tairbhí teacht as an úsáid sin, agus á áirithiú go mbeidh noirm cosanta sonraí agus phríobháideachais á gcomhlíonadh acu agus trí bhearta iomchuí agus comhréireacha a ráthú chun teagmhais sonraí nó céannachta a sheachaint;

61.  á chur i bhfios, maidir le próisis KYC (‘bíodh aithne agat ar do chustaiméir’), go bhfuil éagsúlacht idir gach Ballstát sna ceanglais dhlíthiúla maidir le hionduchtú miondíola a dhéanann institiúidí airgeadais agus, dá bhrí sin, gur minic nach féidir ionduchtú trasteorann a dhéanamh leis na tacair sonraí atá ann cheana, rud is amhlaidh freisin maidir le hionduchtú cliant corparáideach agus an próiseas KYC/KYB (bíodh aithne agat ar do ghnólacht) a bhaineann leis; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus comhchuibhiú na sonraí maidir le KYC a theastaíonn ó na Ballstáit a chothú;

62.  á aithint go bhfuil idir-inoibritheacht idir eintitis dhigiteacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéil an Aontais ríthábhachtach chun an glacadh margaidh is inmhianaithe a bhaint amach;

63.  á chur i bhfios go bhfuil úsáid níos mó agus níos mó á baint ag institiúidí airgeadais as sonraí custaiméirí nó ‘mórshonraí’, rud atá ríthábhachtach chun breisluach do chustaiméirí a chruthú agus iomaíochas a choimeád; ag athdhearbhú na gconclúidí agus na moltaí óna rún an 14 Márta 2017 maidir leis na himpleachtaí do chearta bunúsacha a bhaineann le mórshonraí: á mheabhrú an chreata reachtaigh le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear le RGCS agus á iarraidh ar na geallsealbhóirí uile méadú a dhéanamh ar iarrachtaí chun forfheidhmiú na gceart atá ann a ráthú; ag tabhairt an phrionsabail chun suntais, go háirithe, maidir leis ag gceart úinéireachta agus rialála ar a gcuid sonraí atá ag daoine aonair agus maidir leis an gceart chun iniomparthachta sonraí;

64.  á mheas go bhféadfadh céannacht fhéincheannasach bunaithe ar DLT a bheith ina gné ríthábhachtach maidir le réimse seirbhísí agus ardán nua a fhorbairt don mhargadh aonair digiteach, ar céannacht fhéincheannasach í a bheadh neamhspleách ar chomhiomlánóirí sonraí agus lena seachnófaí idirghabhálaithe, agus, ag an am céanna, lena soláthrófaí ardleibhéal slándála agus ardchaighdeáin cosanta sonraí do shaoránaigh aonair AE;

65.  á chreidiúint go bhféadfadh an easpa sonraí agus faisnéise inrochtana agus iontaofa maidir le gníomhaíochtaí airgeadais dhigitigh a bheith chun díobhála don fhás, do shláine an mhargaidh agus do chobhsaíocht airgeadais, agus don chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach agus imghabháil cánach; á mholadh go mbeadh trédhearcacht mhéadaithe agus tuairisciú feabhsaithe ann maidir le gníomhaíocht maoinithe airgeadais dhigitigh chun éagothroime agus rioscaí a laghdú, go háirithe i dtaobh oibritheoirí mórshonraí reatha a d’fhéadfadh tairbhí díréireacha a bhaint as rochtain mhéadaithe ar shonraí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá machaire comhréidh maidir le rochtain trasteorann ar shonraí mar a ráthaítear le RCGS i dtaca le sonraí pearsanta;

66.  á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról ríthábhachtacht ag caighdeáin maidir le bainistiú, comhroinnt agus malartú sonraí, lena n-áirítear idir-inoibritheacht agus inaistritheacht sonraí. Tá gá freisin, ina leith sin, le bonneagar iontaofa agus slán ó thaobh dlí de chomh maith le creat dlíthiúil fónta i ndáil le comhthiomsú agus comhroinnt sonraí a thugann muinín don lucht gnó as comhar sonraí ar bhonn traschuideachta nó, fiú amháin, ar bhonn trastionscail;

67.  á iarraidh go ndéanfar formhaoirseacht éifeachtach ar anailísíocht ‘mórshonraí’ ar bhealach lena dtabharfar aghaidh ar dhoiléireacht na samhlacha, agus á áiritheoidh ag an am céanna go mbeidh rochtain leordhóthanach ar shonraí ábhartha agus ar ardcháilíocht; ag cur béim ar an ngá atá le cuntasacht, inmhínitheacht agus trédhearcacht, i ndáil le halgartaim, próiseáil sonraí agus anailísíocht sonraí mar uirlísí buntábhachtacha chun a ráthú go ndéantar daoine aonair a chur ar an eolas go hiomchuí maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta;

68.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an bhaincéireacht oscailte maidir le cáilíocht seirbhísí íocaíochta a fheabhsú trí rannpháirtithe nua a áireamh sa mhargadh, ar rannpháirtithe iad a chuireann éifeachtúlacht oibríochtúil agus phraghais ar fáil don tomhaltóir; á chur i bhfios, maidir le haistriú a dhéanamh ón mbaincéireacht oscailte go dtí an t-airgeadas oscailte, i.e. seirbhísí airgeadais seachas íocaíochtaí a áireamh, gur tosaíocht straitéiseach é lena mbaineann an acmhainneacht chun éifeachtúlacht a fheabhsú, rioscaí comhchruinnithe a laghdú agus cuimsiú airgeadais a fheabhsú;

69.  á mheas nach bhfuil impleachtaí airgeadais ag ghabháil leis an togra atá iarrtha;

o
o   o

70.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, agus chuig parlaimintí agus rialtais na mBallstát.

(1) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(2) IO L 337, 23.12.2015, lch. 35.
(3) IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.
(4) COM(2020)0066.
(5) COM(2018)0109.
(6) JOIN(2016)0018.
(7) COM(2020)0065.
(8) https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/98da7b74-38db-11ea-ba6e-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-113099411
(9) https://ec.europa.eu/competition/publications/reports/kd0120161enn.pdf
(10) https://ec.europa.eu/info/files/200610-cmu-high-level-forum-final-report_en
(11)11 JC 2018 74
(12) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0301.
(13) IO C 11, 13.1.2020, lch. 7.
(14) IO C 307, 30.8.2018, lch. 57.
(15) IO C 252, 18.7.2018, lch. 239.
(16) https://coinmarketcap.com
(17) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/648779/IPOL_STU(2020)648779_EN.pdf
(18) https://www.ecb.europa.eu/pub/economic-bulletin/articles/2019/html/ecb.ebart201905_03~c83aeaa44c.en.html#toc4
(19) Comhairle ó ESMA - Tairiscintí Tosaigh Monaí agus Cripteashócmhainní (https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/esma50-157-1391_crypto_advice.pdf)
(20) Tuarascáil ó ÚBE le comhairle don Choimisiún Eorpach maidir le cripteashócmhainní (https://eba.europa.eu/sites/default/documents/files/documents/10180/2545547/67493daa-85a8-4429-aa91-e9a5ed880684/EBA%20Report%20on%20crypto%20assets.pdf)
(21) https://www.esrb.europa.eu/news/pr/date/2020/html/esrb.pr200107~29129d5701.en.html
(22) IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.
(23) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(24) Ar fáil go leictreonach ar https://ssrn.com/abstract=3102645
(25) IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.
(26) I mí Feabhra 2020, d’fhoilsigh BERS tuarascáil ar chibirionsaithe sistéamacha (https://www.esrb.europa.eu/news/pr/date/2020/html/esrb.pr200219~61abad5f20.en.html).
(27) (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:

MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR

A.  PRIONSABAIL AGUS AIDHMEANNA AN TOGRA

1.  An obair bhunaidh a dhéanamh do chur chuige a bheidh dírithe ar an todhchaí i leith rialacha a bhaineann leis an airgeadas digiteach san Aontas;

2.  Á áirithiú gur féidir leis an airgeadas digiteach leanúint de bheith ina spreagadh nuálach don fhás agus do phoist ar fud an mhargaidh aonair;

3.  Comhthuiscint ar na príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an airgeadas digiteach a chothú agus comhchuibhiú na bhforálacha ábhartha a spreagadh, rud as a dtiocfaidh gníomhaíocht fheabhsaithe trasteorann;

4.  Comhroinnt sonraí a mhéadú i gcomhréir le prionsabail an Aontais chun an nuálaíocht a spreagadh. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis rochtain ar shonraí poiblí a éascú ar fud an Aontais. Ní hamháin go rachadh sé sin chun tairbhe do chuideachtaí airgeadais dhigitigh, ach bheadh sé chun tairbhe freisin do roinnt réimsí beartais eile de chuid an Aontais agus chuirfeadh sé le trédhearcacht an mhargaidh;

5.  Trí réimse le haghaidh ghníomhaíocht tosaigh an Aontais a mheas, go sonrach creat a fhorbairt le haghaidh cripteashócmhainní, creat a fhorbairt le haghaidh cibear-athléimneachta agus athléimneachta oibríochtúla, agus obair a dhéanamh freisin chun coincheap an ionduchtaithe dhigitigh laistigh den mhargadh aonair a chomhchuibhiú.

B.  GNÍOMHAÍOCHT ATÁ LE MOLADH

1.  Togra reachtach maidir le Cripteashócmhainní a chur chun cinn, rud lena dtabharfar deimhneacht dhlíthiúil maidir le déileáil le Cripteashócmhainní, agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí ardcháilíochta, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais á n-áirithiú. Ba cheart go mbreithneofaí tacsanomaíocht uile-Aontais oscailte agus chuimsitheach i gcreat den sórt sin agus go mbeadh sé d’aidhm aige reachtú de réir an phrionsabail go gcuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm de réir na gníomhaíochta agus na rioscaí céanna agus de réir phrionsabal na comhréireachta, rud lena ndéanfar arbatráiste rialála a íosmhéadú agus machaire comhréidh a áirithiú;

Ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh sa togra sin:

(a)  treoir a sholáthar maidir leis na próisis rialála, faireacháin agus stuamachta agus maidir le conas déileáil le cripteashócmhainní; rialacha sonracha a ghlacadh maidir le trédhearcacht agus sláine an mhargaidh ar rialacha iad a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na rialacha sin in MiFID maidir le eisitheoirí nó urraitheoirí cripteashócmhainní;

(b)  aghaidh a thabhairt ar na bearnaí rialála i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le cripteashóchmhainní, mar shampla, cripteashócmhainní a bheith á n-aicmiú mar ‘urrúis inaistrithe’ faoi MiFID II chun a áirithiú go ndéileáiltear leo ar an mbealach céanna le hurrúis inaistrithe eile;

(c)  córas rialála saincheaptha a chruthú do ghníomhaíochtaí nua agus do ghníomhaíochtaí atá ag athrú maidir le cripteashócmhainní, amhail tairiscintí tosaigh bonn (ICOnna) nó tairiscintí tosaigh malartán (IEOnna), agus aon chripteashócmhainní nach thagann faoin gcreat rialála atá ann cheana, rud lena n-áiritheofar go rialófar iad ar bhealach comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais;

(d)  aghaidh a thabhairt ar thionchar comhshaoil na cripteamhianadóireachta agus ar na ngá atá le réitigh atá dírithe ar lorg éiceolaíoch cripteashócmhainní príomhshrutha a mhaolú;

2.  Bogadh i dtreo cóineasú rialála agus maoirseachta níos láidre, agus é mar aidhm leis sin creat comhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt; á iarraidh go mbeidh idirphlé struchtúrtha ann idir ÚMEnna agus údaráis inniúil náisiúnta, ar idirphlé é ba cheart a bheith dírithe ar dhúshláin mhaoirseachta reatha agus ar chleachtais a chóineasú i dtreo maoirseacht gan uaim ar gach leibhéal i réimse an airgeadais dhigitigh;

3.  Creat reachtach a fhorbairt do chripteamhonaí cobhsaí, á áirithiú go gcomhlíonfaidh siad ar a laghad caighdeáin Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh, leanúint den ghnó sin agus, agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE(1), lena n-áirítear ráta comhshó cobhsaí, infhuascailte ar par, le airgeadraí fiat;

4.  Bunaithe ar mheasúnú, togra le haghaidh creat comhchoiteann de chuid an Aontais le haghaidh bosca gainimh uile-Eorpach do sheirbhísí airgeadais digiteacha a chur chun cinn;

5.  Cur i bhfeidhm an chreata AML/CTF maidir le cripteashócmhainní agus na lúba ar lár atá ann cheana a dhúnadh, go háirithe, trí na bearta a leagtar amach i Míreanna 33 - 38;

6.  Á áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár le leathadh an airgeadais dhigitigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun inniúlacht dhigiteach agus airgeadais a fheabhsú;

7.  Togra reachtach maidir le cibear-athléimneacht a chur chun cinn, rud lena n-áiritheofar caighdeáin chomhsheasmhacha slándála TFC agus cibearshlándála ar fud earnáil airgeadais an Aontais, agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh; Ba cheart go an creat sórt sin dírithe ar an todhchaí agus ar nuachóiriú a dhéanamh ar na rialacha reatha is infheidhme a bhaineann le cibear-athléimneacht, agus deireadh á chur le haon bhealaí éalaithe agus aon bhearnaí rialála, a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do ghnólachtaí, infheisteoirí agus tomhaltóirí;

8.  Maoirseoir Eorpach aonair a cheapadh chun maoirseacht agus clárú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ábhartha uile a bhaineann le cripteashócmhainní a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo san Aontas, i gcomhar le maoirseoirí eile ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar leabhar coiteann rialacha;

9.  Á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú a dhéanamh ar thabhairt faoi fhorbhreathnú maoirseoireachta ar sholáthraithe TFC i réimse na seirbhísí airgeadais a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas mar a leagtar amach i mír 47;

10.  Á iarraidh ar an gCoimisiún athruithe reachtacha a mholadh i réimse an TFC agus riachtanais cibearshlándála a mholadh do réimse airgeadais an Aontais. Ba cheart go mbeadh na hathruithe sin dírithe ar na ceithre phríomhréimse a leagtar amach i mír 48;

11.  Obair a dhéanamh chun caighdeáin i réimse na néalríomhaireachta agus an tseachfhoinsithe a fhorbairt, agus a bheith ag obair ag an am céanna le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt, mar a leagtar amach i mír 50;

Sonraí

12.  Creat maidir le hionduchtú digiteach a mholadh. Ba cheart go gcomhlíonfadh creat den sórt sin reachtaíocht ábhartha an Aontais amhail forálacha Frithsciúrtha Airgid, noirm cosanta sonraí agus príobháideachais agus go mbeadh sé mar aidhm leis comhthuiscint ar chéannachtaí digiteacha airgeadais ar fud an mhargaidh aonair a áirithiú, agus comhchuibhiú ionduchtaithe trasteorann a chothú;

13.  Obair a dhéanamh chun cuntasacht, inmhínitheacht agus trédhearcacht, i ndáil le halgartaim, próiseáil sonraí agus anailísíocht a fheabhsú mar a leagtar amach i mír 66.

(1) IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.

An nuashonrú is déanaí: 13 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais