Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2019(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0177/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0177/2020

Díospóireachtaí :

PV 19/10/2020 - 18
CRE 19/10/2020 - 15
CRE 19/10/2020 - 18

Vótaí :

PV 20/10/2020 - 17
PV 20/10/2020 - 21

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0273

Téacsanna atá glactha
PDF 209kWORD 78k
Dé Máirt, 20 Deireadh Fómhair 2020 - Brussels
Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: rialacha an dlí tráchtála agus shibhialta a oiriúnú d’eintitis tráchtála a bhíonn ag feidhmiú ar líne
P9_TA(2020)0273A9-0177/2020
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: rialacha an dlí tráchtála agus shibhialta a oiriúnú d’eintitis tráchtála a bhíonn ag feidhmiú ar líne (2020/2019(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne(1),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(3) (dá ngairtear ‘an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’ anseo feasta),

–  ag féachaint do Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit a bhaineann leis an soláthar ar sheirbhísí meán closamhairc (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc)(4),

–  ag féachaint do Threoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus tráchtála(5),

–  ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2018 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach do thréimhse 2021-2027 (COM(2018)0434),

–  ag féachaint do Mholadh (AE) 2018/334 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hinneachar neamhdhleathach ar líne(6);

–  ag féachaint don Choinbhinsiún ar dhlínse agus ar aithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála(7), agus ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Dámhachtainí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorfheidhmiú, a síníodh ar an 10 Meitheamh 1958 i Nua Eabhrac,

–  ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2018 maidir le teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte agus blocshlabhraí: muinín a chothú le dí-idirghabháil(8),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le straitéis Eorpach um shonraí (COM(2020)0066),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú (COM(2020)0067),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2016 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le hArdáin ar Líne agus an Margadh Aonair Digiteach – Deiseanna agus Dúshláin don Eoraip (COM(2016)0288),

–  ag féachaint don staidéar measúnaithe breisluacha Eorpaigh a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, dar teideal “An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha: Measúnú breisluacha Eorpach”(9),

–  ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0177/2020),

A.  de bhrí go bhfuil seirbhísí digiteacha ina gcloch choirnéil de gheilleagar an Aontais agus de shlí bheatha lear mór dá chuid saoránach, agus gur gá iad a rialáil ar bhealach lena ráthófar cearta bunúsacha agus cearta eile saoránach agus lena dtacófar, san am céanna, le forbairt agus dul chun cinn teicneolaíoch, leis an timpeallacht dhigiteach agus lena gcothófar muinín ar líne, agus aird á tabhairt ar leasa úsáideoirí agus an uile rannpháirtí margaidh, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta;

B.  de bhrí go ndearnadh roinnt rialacha maidir le soláthraithe comhroinnte inneachair ar líne agus le seirbhísí na meán closamhairc a nuashonrú le déanaí, go háirithe le Treoir (AE) 2018/1808 agus le Treoir (AE) 2019/790, ach nár tugadh aghaidh ar bhealach sásúil ar roinnt príomhghnéithe den dlí sibhialta agus tráchtála faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, agus de bhrí go bhfuil an tábhacht atá leis an tsaincheist sin á tabhairt chun suntais leis an bhforbairt thapa ghéar atá á dhéanamh ar sheirbhísí digiteacha le roinnt déaga de bhlianta anuas, go háirithe samhlacha gnó, teicneolaíochtaí agus réaltachtaí sóisialta nua atá ag teacht chun cinn; de bhrí gur gá, sa chomhthéacs sin, nuashonrú cuimsitheach a dhéanamh ar fhorálacha bunriachtanacha an dlí shibhialta agus tráchtála is infheidhme maidir le heintitis tráchtala ar líne;

C.  de bhrí gurb amhlaidh, mar gheall ar éifeachtaí láidre sonraíbhunaithe gréasáin, go bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag roinnt gnólachtaí a thairgeann seirbhísí, rud a chuireann ar a gcumas dóibh a gcuid cleachtas gnó a fhorchur ar úsáideoirí agus a fhágann gur deacra fós a bhíonn sé do ghníomhaithe eile, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, dul san iomaíocht, agus do ghnólachtaí nua teacht isteach ar an margadh fiú;

D.  de bhrí nach féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach le forfheidhmiú ex post dhlí na hiomaíochta, agus leis sin amháin, ar an tionchar atá ag an gcumhacht mhargaidh atá ag ardáin áirithe ar líne, lena n-áirítear ar iomaíocht chóir sa Mhargadh Aonair Digiteach;

E.  de bhrí go bhfuil forbairt tagtha ar ardáin óstála inneachair, ón uair nach raibh baint acu ach le taispeáint inneachair, le bheith ina gcomhlachtaí sofaisticiúla agus ina ngníomhaithe margaidh sofaisticiúla, go háirithe líonraí sóisialta a dhéanann sonraí úsáide a bhuaint agus a shaothrú; de bhrí go bhfuil forais dhlisteanacha ag úsáideoirí le beith ag dréim le téarmaí cothroma i leith rochtain, praghsáil agus réiteach coinbhleachta maidir le húsáid na n-ardán sin agus leis an úsáid a bhaineann ardáin as sonraí na n-úsáideoirí; de bhrí gur féidir le trédhearcacht a bheith ina rannchuidiú le méadú suntasach a dhéanamh ar iontaoibh as seirbhísí digiteacha;

F.  de bhrí gur féidir le hardáin óstála inneachair a chinneadh cén t-inneachar a thaispeántar dá n-úsáideoirí agus, sa chaoi sin, tionchar ollmhór a imirt ar an mbealach a ndéanaimid faisnéis a fháil agus a chur in iúl, sa mhéid go bhfuil ardáin óstála inneachair anois ina spásanna poiblí de facto sa réimse digiteach; de bhrí nach mór spásanna poiblí a bhainistiú ar bhealach lena ndéantar leasanna an phobail a chosaint agus cearta bunúsacha agus cearta dlí shibhialta na n-úsáideoirí a urramú, go háirithe an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil;

G.  de bhrí gurb amhlaidh, chun cloí leis an dlí sa saol digiteach, nach amháin gur gá cearta bunúsacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, príobháideachas, sábháilteacht agus slándáil, neamh-idirdhealú agus urraim do chearta maoine agus cearta réadmhaoine, ach go bhfuil gá freisin le rochtain ar an gceartas agus ar phróis chuí; de bhrí gurb amhlaidh, trí chinntí maidir le dlíthiúlacht inneachair nó cumhachtaí forfheidhmithe dlí a tharmligean chuig cuideachtaí príobháideacha, go ndéantar an bonn a bhaint ó thrédhearcacht agus ó phróis chuí, rud is siocair le cur chuige ilroinnte; de bhrí go bhfuil gá, dá bhrí sin, le nós imeachta dlíthiúil mear lena mbeidh ráthaíochtaí leormhaithe ag gabháil chun a áirithiú gur ann do réitigh éifeachtacha;

H.  de bhrí nach féidir le huirlisí uathoibrithe idirdhealú a dhéanamh go hiontaofa faoi láthair idir inneachar neamhdhleathach agus inneachar atá dleathach i gcomhthéacs ar leith, agus gur féidir, dá bhrí sin, ábhair imní dhlíthiúla dhlisteanacha a bheith ag gabháil le sásraí chun inneachar a bhrath agus a bhaint anuas go huathoibríoch, go háirithe maidir le srianta a d’fhéadfaí a chur leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, a chosnaítear faoi Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an úsáid a bhaintear as sásraí uathoibrithe comhréireach, gan ach cásanna cuí-réasúnaithe a bheith á gcumhdach leo, agus nósanna imeachta trédhearcacha á leanúint;

I.  de bhrí go dtugtar cosaint faoi Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh do shaoirse agus iolrachas na meán, atá ag eirí níos spleáiche ar ardáin ar líne chun freastal ar a gcuid pobal meáin;

J.  de bhrí go mbaineann an formhór de mhuintir na hEorpa leas as seirbhísí digiteacha ar bhonn laethúil, ach go bhfuil siad faoi réir tacar rialacha atá ag éirí níos fairsinge ar fud an Aontais, rud is siocair le hilroinnt shuntasach ar an margadh agus, dá bharr sin, le héiginnteacht dhlíthiúil d’úsáideoirí na hEorpa agus do sheirbhísí a bhíonn ag feidhmiú thar theorainneacha; de bhrí, maidir leis na córais dlí shibhialta lena rialaítear cleachtais ardán óstála inneachair maidir le modhnóireacht inneachair, go bhfuil siad bunaithe ar fhorálacha earnáilsonracha áirithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus go bhfuil difríochtaí suntasacha sna hoibleagáidí a fhorchuirtear agus i sásraí forfheidhmithe na gcóras dlí shibhialta éagsúil a úsáidtear; de bhrí gurb é an toradh atá ar an staid sin gur ann do thacar ilroinnte rialacha don Mhargadh Aonair Digiteach, a n-éilítear freagairt ar leibhéal an Aontais ina leith;

K.  de bhrí gurb é an tsamhail ghnó reatha atá ag ardáin óstála inneachair áirithe ná inneachar a chur chun cinn ar dócha go ndéanfaí aird úsáideoirí a tharraingt leis agus, dá bhrí sin, gur dócha go gcruthófaí níos mó sonraí próifílithe leis chun fógraí níos spriocdhírithe a thairiscint agus, sa chaoi sin, chun brabús a mhéadú; de bhrí gurb é an toradh is féidir a bheith ar an bpróifíliú sin in éineacht le fógraíocht spriocdhírithe ná méadú ar inneachar lena bhféachtar le teacht i dtír ar mhothúcháin, ar minic leis gáifeachas a spreagadh agus a éascú i gcórais fotha nuachta agus i gcórais moltaí, rud a fhágann go bhféadfaí úsáideoirí a ionramháil;

L.  de bhrí gur lú sonraí atá de dhíth, agus fógraí comhthéacsúla á dtairiscint d’úsáideoirí, ná mar is amhlaidh i gcás fógraíocht iompraíochta spriocdhírithe agus, dá bhrí sin, gur lú an cur isteach a bhaineann le fógraíocht chomhthéacsúil;

M.  de bhrí gur faoi na hardáin óstála inneachair fós atá an rogha maidir leis an loighic algartamach taobh thiar de chórais moltaí, de sheirbhísí comparáideachta, de choimeádaíocht inneachair nó de chur suas fógraí, agus gur beag an fhéidearthacht atá ann formhaoirseacht phoiblí a dhéanamh, rud lena ngabhann ábhair imní ó thaobh na cuntasachta agus na trédhearcachta de;

N.  de bhrí go bhfágann ardáin óstála inneachair ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh gur féidir lena n-úsáideoirí a bpróifílí a úsáid chun logáil isteach i suíomhanna gréasáin tríú páirtí, agus, sa chaoi sin, gur féidir leis na hardáin óstála inneachair sin a ngníomhaíochtaí a rianú fiú lasmuigh dá dtimpeallacht ardáin féin, rud arb ionann é agus buntáiste iomaíoch maidir le rochtain ar shonraí le haghaidh algartaim coimeádaíochta inneachair;

O.  de bhrí gurb amhlaidh, maidir le conarthaí cliste, mar a thugtar orthu, atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, lena n-áirítear blocshlabhraí, lenar féidir taifid a choimeád agus féin-fhorghníomhú a dhéanamh ar bhealach atá go hiomlán inrianaithe, go bhfuil siad á n-úsáid i roinnt réimsí gan creat dlíthiúil cuí a bheith ann; de bhrí go bhfuil éiginnteacht ann maidir le dlíthiúlacht na gconarthaí sin agus maidir lena n-in-fhorfheidhmitheacht i gcásanna trasteorann;

P.  de bhrí gurb amhlaidh, le téarmaí agus coinníollacha doshannta na n-ardán, gur minic a léirítear idir an dlí is infheidhme agus chúirteanna inniúla lasmuigh den Aontas, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar an rochtain ar cheartas; de bhrí go leagtar síos rialacha maidir le dlínse i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse, agus breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála(10); de bhrí go dtugtar soiléiriú leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ar an gceart atá ag an ábhar sonraí chun gníomhaíocht forfheidhmithe phríobháidigh díreach in aghaidh an rialaitheora nó an phróiseálaí, gan beann ar cibé acu a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn an phróiseáil san Aontas agus gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an rialaitheoir bunaithe san Aontas; de bhrí go sonraítear faoi Airteagal 79 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí go ndéanfar imeachtaí a thionscnamh os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó an próiseálaí nó, de rogha air sin, os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí;

Q.  de bhrí gur gné thábhachtach i bhfás an gheilleagair dhigitigh iad rochtain agus mianadóireacht ar shonraí neamhphearsanta; de bhrí gurb amhlaidh, maidir le caighdeáin dhlíthiúla iomchuí agus coimircí iomchuí cosanta sonraí maidir le hidir-inoibritheacht, gur féidir ról tábhachtach a bheith acu, trí éifeachtaí glasála a bhaint, maidir lena áirithiú go mbeidh dálaí margaidh córa ann;

R.  de bhrí go bhfuil sé tábhachtach a mheas an bhféadfaí é a chur de fhreagracht ar eintiteas Eorpach cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a chur chun feidhme ar fud an Aontais, comhordú a éascú ar an leibhéal náisiúnta agus freisin aghaidh a thabhairt ar na deiseanna agus na dúshláin nua, go háirithe iad siúd den chineál trasteorann, a eascraíonn as forbairtí teicneolaíocha leanúnacha;

Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún sraith de thograí reachtacha a thíolacadh gan moill mhíchuí, arb é a bheidh inti Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a mbeidh raon feidhme ábharthach, pearsanta agus críochach leormhaith ag gabháil leis, lena sainmhíneofar na príomhchoincheapa agus lena n-áiritheofar na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb amhlaidh, gan dochar do ghnéithe mionsonraithe de na tograí reachtacha a bheidh ann amach anseo, gurb é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ba cheart a bheith ina bhunús dlí;

2.  á mholadh go n-áireofar sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha rialachán lena mbunófar cearta conarthacha maidir le bainistiú inneachair, lena leagfar síos caighdeáin agus nósanna imeachta trédhearcacha, córa, ceangailteacha agus aonfhoirmeacha le haghaidh modhnóireacht inneachair, agus lena ráthófar go bhféadfar dul i muinín leigheas breithiúnach ar bhonn inrochtana agus neamhspleách; á chur i bhfáth, i gcás aon tograí reachtacha, gur cheart iad a bheith bunaithe ar fhianaise agus gur cheart féachaint le deireadh a chur leis na bacainní gan údar atá ann faoi láthair agus le cosc a chur ar bhacainní nua a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le soláthar seirbhísí digiteacha trí ardáin ar líne, agus cosaint tomhaltóirí á feabhsú ag an am céanna; á chreidiúint gur cheart é a bheith mar aidhm leis na tograí reachtacha fás inbhuanaithe agus cliste a bhaint amach, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicneolaíocha, agus a áirithiú go mbeidh an Margadh Aonair Digiteach cóir agus sábháilte do chách;

3.  ag moladh, thairis sin, nach mbeadh feidhm ag na bearta a mholtar le haghaidh modhnóireacht inneachair ach maidir le hinneachar neamhdhleathach seachas inneachar nach bhfuil ann ach díobháil; ag moladh, chuige sin, go ndéanfaí a áireamh sa rialachán critéir uilíocha chun cumhacht ardán sa mhargadh a chinneadh chun sainmhíniú soiléir a thabhairt ar an rud is ardán ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ann, agus é á chinneadh, ar an gcaoi sin, cibé acu is féidir nó nach féidir ardáin óstála inneachair nach bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a eisiamh ó fhorálacha áirithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an creat a bhunófar leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha inláimhsithe do ghnólachtaí beaga, do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus gur cheart, dá bhrí sin, oibleagáidí comhréireacha agus coimircí soiléire do gach earnáil a áireamh ann;

4.  á mholadh go ndéanfaí oibleagáid a fhorchur, leis an nGníomh ar Sheirbhísí Digiteacha, ar sholáthraithe seirbhíse digití a bhunaítear lasmuigh den Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú chun leasa úsáideoirí lasmuigh den Aontas, a bhféadfaí iarrataí a chur faoina bhráid chun, mar shampla, sásamh tomhaltóirí a cheadú i gcás fógráin bhréagacha nó mhíthreoracha, agus faisnéis teagmhála an ionadaí sin a dhéanamh infheicthe agus inrochtana ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhíse digití;

Cearta maidir le modhnóireacht inneachair

5.  á chur i bhfáth gurb iad na húdaráis phoiblí i gcónaí a chaithfidh a bheith freagrach as an dlí a fhorfheidhmiú; á mheas nach mór gur breithiúna neamhspleácha seachas eintiteas tráchtála príobháideach a dhéanfaidh aon chinneadh críochnaitheach maidir le dlíthiúlacht inneachair arna ghiniúint ag úsáideoirí;

6.  á áitiú go gcaithfear, a bhuí leis an rialachán, toirmeasc a chur ar chleachtais modhnóireachta inneachair atá idirdhealaitheach nó lena ngabhann dúshaothrú nó eisiamh, go háirithe ina leith siúd is leochailí, agus urraim a thabhairt i gcónaí do chearta agus saoirsí bunúsacha na n-úsáideoirí, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh;

7.  á chur i bhfáth gur gá tomhaltóirí a chosaint níos fearr trí fhaisnéis iontaofa thrédhearcach a sholáthar maidir le samplaí de mhíchleachtas, amhail maímh mhíthreoracha agus camscéimeanna;

8.  á mholadh gur cheart d’eintiteas Eorpach dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an rialacháin, ar eintiteas é ar a gcuirfear de chúram a áirithiú go gcomhlíonann ardáin óstála inneachair forálacha an rialacháin, go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán a leagtar síos maidir le bainistiú inneachair ar bhonn tuarascálacha ar thrédhearcacht, agus faireachán a dhéanamh ar na halgartaim a úsáideann ardáin óstála inneachair chun inneachar a bhainistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na roghanna maidir le gníomhaireacht Eorpach atá ann cheana nó ceann nua, nó comhlacht Eorpach atá ann cheana nó ceann nua, a cheapadh, nó maidir le comhordú a dhéanamh ar líonra údarás náisiúnta chun na cúraimí sin a dhéanamh (dá ngairtear “an t-eintiteas Eorpach” anseo feasta);

9.  ag moladh go ndéanfadh ardáin óstála inneachair tuarascálacha cuimsitheacha ar thrédhearcacht a chur faoi bhráid an eintitis Eorpaigh ar bhonn tráthrialta, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhsheasmhach agus arna measúnú ar bhonn táscairí feidhmíochta ábhartha, lena n-áirítear ar a gcuid beartas inneachair agus ar a mhéid a chomhlíonann a gcuid téarmaí agus coinníollacha forálacha an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha; ag moladh, thairis sin, go ndéanfadh ardáin óstála inneachair na tuarascálacha sin agus a gcuid beartas bainistithe inneachair a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar bhealach éasca agus inrochtana ar bhunachar sonraí atá inrochtana go poiblí;

10.  á iarraidh ar ardáin óstála inneachair ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh meastóireacht a dhéanamh ar an riosca a bhaineann lena gcuid beartas bainistithe inneachair don tsochaí, go háirithe maidir leis an tionchar a imríonn siad ar chearta bunúsacha, agus dul i mbun idirphlé, ar bhonn leathbhliantúil, leis an eintiteas Eorpach agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha ar bhonn cur i láthair maidir le tuarascálacha ar thrédhearcacht;

11.  á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit foráil do chomhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách a gcuirfí de chúram orthu díospóidí maidir le modhnóireacht inneachair a réiteach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb amhlaidh, chun foilseacháin gan ainm agus an leas ginearálta a chosaint, gur cheart go bhféadfadh ní hamháin an t-úsáideoir a d’uaslódáil an t-inneachar is ábhar do dhíospóid ach freisin tríú páirtí, amhail ombudsman, ag a bhfuil leas dlisteanach maidir le gníomhú, agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le modhnóireacht inneachair; á dhearbhú go bhfuil an ceart ag úsáideoirí dul i muinín an cheartais arís;

12.  á chur in iúl gurb é a seasamh daingean nach bhféadfar, leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, a chur de cheangal ar ardáin óstála inneachair aon chineál rialuithe ex ante lán-uathoibrithe ar inneachar a úsáid, mura rud é go sonraítear a mhalairt faoi dhlí an Aontais atá ann cheana, agus á mheas nach bhféadfaidh sásraí a mbaineann ardáin úsáid astu ar bhonn deonach a bheith ina siocair le bearta rialaithe ex-ante bunaithe ar uirlisí uathoibrithe nó ar scagadh uaslódála inneachair, agus go gcaithfidh na sásraí sin a bheith faoi réir iniúchtaí ag an eintiteas Eorpach chun a áirithiú go bhfuil an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha á chomhlíonadh;

13.  á chur i bhfáth go gcaithfidh ardáin óstála inneachair a bheith trédhearcach agus próiseáil á déanamh acu ar algartaim agus ar na sonraí a úsáidtear chun iad a oiliúint;

Cearta maidir le coimeádaíocht inneachair, sonraí agus fógráin ar líne

14.  á mheas gur ceann de na cleachtais is mó a dhéanann dochar sa tsochaí dhigiteach is ea an méadú ar inneachar atá spriocdhírithe ar úsáideoirí agus a dhéantar bunaithe ar na tuairimí nó na seasaimh a chuirtear in iúl san inneachar sin, go háirithe i gcásanna ina ndéantar infheictheacht an inneachair sin a mhéadú ar bhonn idirghníomhaíocht na n-úsáideoirí roimhe sin le hinneachar méadaithe eile, agus é mar chuspóir leis sin próifílí úsáideoirí a optamú le haghaidh fógrán spriocdhírithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbíonn na cleachtais sin ag brath ar rianú agus mianadóireacht sonraí fhorleathan; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag na cleachtais sin agus bearta reachtacha iomchuí a dhéanamh;

15.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór úsáid fógraíochta spriocdhírithe a rialú ar bhealach níos déine i bhfabhar cineálacha fógraíochta ar lú an cur isteach a bhaineann leo agus nach n-éilítear leo rianú forleathan a dhéanamh ar idirghníomhaíocht na n-úsáideoirí le hinneachar, agus gur cheart gur ar choinníoll toiliú a bheith tugtha go sonrach, go heolasach, gan athbhrí agus faoi shaoirse ag úsáideoirí a dhéanfaí fógraíocht iompraíochta a thaispeáint;

16.  ag tabhairt dá haire go dtugtar aghaidh ar fhógraíocht spriocdhírithe leis na forálacha atá ann cheana sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus ag féachaint do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach)(11);;

17.  á mholadh, dá bhrí sin, go ndéanfaí teorainneacha soiléire a leagan síos agus rialacha trédhearcachta a thabhairt isteach leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha maidir leis na téarmaí le haghaidh sonraí a charnadh chun fógráin spriocdhírithe a thairiscint, agus freisin maidir le feidhmiú agus cuntasacht na fógraíochta spriocdhírithe sin, go háirithe nuair a dhéantar sonraí a rianú ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí; á chur in iúl go measann sí go bhfuil gá le bearta nua lena mbunaítear creat le haghaidh caidreamh ‘Ardáin go Tomhaltóirí’ a mhéid a bhaineann le forálacha trédhearcachta maidir le fógraíocht, maidir le poiteadh digiteach agus maidir le cóir fhabhrach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar roghanna maidir le rialáil a dhéanamh ar fhógraíocht spriocdhírithe, lena n-áirítear céimniú amach as a n-eascródh toirmeasc;

18.  á chur i bhfáth gurb amhlaidh, i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus chun nochtadh neamhúdaraithe, goid chéannachta agus cineálacha eile mí-úsáide sonraí pearsanta a chosc, gur cheart, leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, foráil a dhéanamh don cheart seirbhísí digiteacha a úsáid ar bhonn anaithnid i gcás ar bith inar féidir go teicniúil; á iarraidh ar an gCoimisiún a chur de cheangal ar ardáin óstála inneachair céannacht na bhfógróirí sin lena bhfuil caidreamh trádála acu a fhíorú chun cuntasacht fógróirí a áirithiú i gcás ina bhfaightear go bhfuil inneachar arna chur chun cinn neamhdhleathach; á mholadh, dá bhrí sin, go n-áireofaí sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha forálacha dlíthiúla lena gcuirtear cosc ar ardáin saothrú tráchtála a dhéanamh ar shonraí tríú páirtí i gcásanna ina mbítear in iomaíocht leis na tríú páirtithe sin;

19.  á chur in iúl gur oth léi an éagothroime atá ann idir ardáin óstála inneachair agus údaráis phoiblí agus á iarraidh go ndéanfar faisnéis a bhfuil gá léi a mhalartú ar bhonn cuíchóirithe; á chur i bhfáth gurb amhlaidh, i gcomhréir leis an gcásdlí maidir le meiteashonraí cumarsáide, nach bhféadfar rochtain ar mheiteashonraí úsáideora a thabhairt d’údaráis phoiblí ach amháin chun daoine faoi dhrochamhras i gcionta coiriúla tromchúiseacha a imscrúdú agus sin le húdarú breithiúnach roimh ré;

20.  á mholadh gur cheart go gceanglófaí ar sholáthraithe a thacaíonn le seirbhís sínithe isteach aonair agus ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh tacú freisin le córas céannachta oscailte agus díláraithe amháin ar a laghad atá bunaithe ar chreat neamhdhílsithe; á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin choiteanna de chuid an Aontais a mholadh le haghaidh córas náisíúnta arna soláthar ag na Ballstáit, go háirithe maidir le caighdeáin cosanta sonraí agus le hidir-inoibritheacht trasteorann;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh an féidir coinníollacha conarthacha córa a shainmhíniú chun comhroinnt sonraí a éascú agus chun trédhearcacht a mhéadú, agus é mar aidhm leis sin aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maidir le cumhacht mhargaidh; á mholadh, chuige sin, go bhféachfaí ar roghanna chun idir-inoibritheacht, idirnascacht agus iniomparthacht sonraí a éascú; á chur i bhfios gur cheart coimircí leormhaithe agus iomchuí, lena n-áirítear anaithnidiú éifeachtach sonraí pearsanta, a bheith ag gabháil le comhroinnt sonraí;

22.  á mholadh go ndeánfadh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a chur de cheangal ar ardáin a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu comhéadan feidhmchláir a sholáthar, trínar féidir le hardáin tríú páirtí agus a n-úsáideoirí oibriú i gcomhar le príomhfheidhmiúlachtaí agus le príomhúsáideoirí an ardáin a bhfuil an comhéadan feidhmchláir á sholáthar acu, lena n-áirítear seirbhísí tríú páirtí atá deartha chun eispéaras an úsáideora a fheabhsú agus a shaincheapadh, go háirithe trí sheirbhísí a dhéanann socruithe príobháideachais mar aon le roghanna coimeádaíochta inneachair a shaincheapadh; ag moladh go ndéanfadh ardáin na comhéadain feidhmchláir uile a chuireann siad ar fáil chun críche idir-inoibritheachta agus idirnascachta seirbhísí a lamháil, a dhoiciméadú go poiblí.

23.  á chur in iúl gurb é a tuairim láidir, os a choinne sin, nach bhféadfaidh ardáin a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus a bhfuil comhéadan feidhmchláir á chur ar fáil acu aon sonraí a fhaigheann siad ó sheirbhísí tríú páirtí a chomhroinnt nó a choinneáil ná airgead a ghnóthú astu;

24.  á chur i bhfáth nach bhféadfar, le forálacha maidir le hidir-inoibritheacht agus le hidirnascthacht, teorannú, bac nó moill a chur ar chumas ardán óstála inneachair saincheisteanna slándála a shocrú, agus nár cheart go mbeadh an gá le saincheisteanna slándála a shocrú ina shiocair leis an gcomhéadan feidhmchláir lena soláthraítear an idir-inoibritheacht agus an idirnascacht a chur ar fionraí go míchuí;

25.  á mheabhrú go gcaithfear na dlíthe cosanta sonraí ábhartha uile a urramú leis na forálacha maidir le hidir-inoibritheacht agus le hidirnascacht; á mholadh, ina leith sin, go gcuirfí de cheangal ar ardáin, leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, indéantacht theicniúil na bhforálacha maidir le hiniomparthacht sonraí a leagtar síos in Airteagal 20(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a áirithiú;

26.  á iarraidh ar ardáin óstála inneachair fíor-rogha a thabhairt d’úsáideoirí maidir le cibé acu a thabharfaidh nó nach dtabharfaidh siad toiliú roimh ré d’fhógraíocht spriocdhírithe a bheith á taispeáint dóibh bunaithe ar idirghníomhaíocht an úsáideora roimhe sin le hinneachar ar an ardán óstála inneachair céanna nó ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí; á chur i bhfios go láidir go gcaithfear an rogha sin a chur in iúl ar bhealach soiléir intuigthe agus nach bhféadfar rochtain ar fheidhmiúlachtaí an ardáin a dhíchumasú de bharr diúltaithe; á chur i bhfáth nach bhféadfar toiliú le fógraíocht spriocdhírithe a mheas mar thoiliú atá tugtha faoi shaoirse agus atá bailí má bhíonn an rochtain ar an tseirbhís coinníollach ar phróiseáil sonraí; ag athdhearbhú go ndéantar, le Treoir 2002/58/CE, fógraíocht spriocdhírithe a chur faoi réir cinneadh maidir leis an rogha a bheith páirteach agus go bhfuil toirmeasc uirthi i gcás ar bith eile; ag tabhairt dá haire, ós rud é go bhfágann gníomhaíochtaí ar líne duine aonair gur féidir léargas domhain a fháil ar a iompar agus é a ionramháil, go gcuireann bailiú ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí pearsanta maidir leis an uile úsáid a bhaintear as seirbhís dhigiteach isteach go díréireach ar an gceart chun príobháideachais; á dhearbhú sé go bhfuil sé de cheart ag úsáideoirí gan a bheith faoi réir rianú forleathan agus iad ag úsáid seirbhísí digiteacha;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, den mheon céanna, gur féidir le tomhaltóirí úsáid a bhaint fós as gléas nasctha le haghaidh a fheidhmeanna uile, fiú má tharraingíonn tomhaltóirí siar a dtoiliú nó mura dtugann siad a dtoiliú chun sonraí neamhoibríochtúla a chomhroinnt le monaróir an ghléis nó le tríú páirtithe; á athdhearbhú gur gá trédhearcacht i dtéarmaí agus coinníollacha conartha a bheith ann maidir leis an bhféidearthacht sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe agus maidir lena raon feidhme;

28.  á iarraidh, thairis sin, go ráthófar d’úsáideoirí go mbeidh ann do leibhéal iomchuí trédhearcachta agus tionchair ar na critéir ar dá réir a dhéantar coimeádaíocht ar inneachar agus a dhéantar infheicthe dóibh é; á dhearbhú gur cheart go n-áireofaí leis sin an rogha díliostáil ó aon choimeádaíocht ar inneachar seachas ord croineolaíoch; á chur i bhfios gur cheart go ndéanfadh comhéadain feidhmchláir arna soláthar ag ardáin a lamháil d’úsáideoirí a rogha bogearraí nó seirbhísí a bheith acu chun coimeádaíocht a dhéanamh ar inneachar;

29.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go gcruthófaí go bhfuil cosaint atá fónta ó thaobh an dlí de agus éifeachtach á tabhairt do leanaí sa timpeallacht ar líne leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus, san am céanna, go staonfaí ó oibleagáidí ginearálta faireacháin agus scagtha a fhorchur, agus go n-áiritheofaí comhordú iomlán leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus le Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc agus go seachnófaí dúbailt leo;

30.  á mheabhrú gur cheart go ndéanfaí fógraí íoctha nó suíomh íoctha inneachair urraithe torthaí cuardaigh a shainaithint ar bhealach soiléir, gonta agus sothuigthe; ag moladh gur cheart d’ardáin tionscnamh fógraí íoctha agus inneachair urraithe a nochtadh; ag moladh, chuige sin, go ndéanfadh ardáin óstála inneachair an t-inneachar urraithe agus na fógráin ar fad a fhoilsiú agus a dhéanamh infheicthe dá gcuid úsáideoirí i gcartlann fógraíochta a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi, agus é á léiriú cé a d’íoc astu agus, más infheidhme, cé air a shon ar íocadh astu; á chur i bhfáth go n-áirítear leis sin íocaíochtaí díreacha agus íocaíochtaí indíreacha araon nó aon luach saothair eile a fhaightear ó sholáthraithe seirbhíse;

31.  á chreidiúint, má léiríonn sonraí ábhartha bearna shuntasach i gcleachtais mhíthreoracha fógraíochta agus san fhorfheidhmiú idir ardáin atá bunaithe san Aontas agus ardáin atá bunaithe i dtríú tíortha, go bhfuil sé réasúnta roghanna breise a mheas chun comhlíonadh na ndlíthe atá i bhfeidhm laistigh den Aontas a áirithiú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le machaire comhréidh a bheith ann idir fógróirí ón Aontas agus fógróirí ó thríú tíortha;

Forálacha maidir le téarmaí agus coinníollacha, le conarthaí cliste agus blocshlabhraí, agus leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach

32.  á thabhairt dá haire go bhfuil conarthaí cliste, mar a thugtar orthu, ag teacht chun cinn, amhail na cinn sin atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte gan creat dlíthiúil soiléir;

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fhorbairt agus úsáid teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, lena n-áirítear blocshlabhra agus, go háirithe, conarthaí cliste, agus treoir a sholáthar chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do ghnólachtaí agus tomhaltóirí, go háirithe i gcás na saincheisteanna a bhaineann le dlíthiúlacht, le forfheidhmiú conarthaí cliste i gcásanna trasteorann agus le ceanglais nótaireachta, i gcás inarb iomchuí, agus á iarraidh air tograí a dhéanamh maidir leis an gcreat dlíthiúil is iomchuí;

34.  á chur i bhfios go láidir, maidir le cothroime na dtéarmaí agus na gcoinníollacha arna bhforchur ag idirghabhálaithe ar úsáideoirí a seirbhísí agus maidir lena mhéid a chomhlíonann na téarmaí agus na coinníollacha sin caighdeáin um chearta bunúsacha, go gcaithfear iad a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach; á chur i bhfáth, maidir le téarmaí agus coinníollacha a dhéanann srian a chur go míchuí le cearta bunúsacha úsáideoirí, amhail an ceart chun príobháideachais agus an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh, nár cheart dóibh a bheith ceangailteach;

35.  á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar mhódúlachtaí chun cothromaíocht agus comhionannas iomchuí a áirithiú idir na páirtithe i gconarthaí cliste, trí ábhair imní phríobháideacha an pháirtí is laige nó ábhair imní phoiblí, amhail iad sin a bhaineann le comhaontuithe cairtéil, a chur san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá a áirithiú go dtugtar urraim do chearta na gcreidiúnaithe i nósanna imeachta dócmhainneachta agus athstruchtúraithe; á mholadh go láidir go ndéanfaí a áireamh i gconarthaí cliste sásraí lenar féidir a bhforghníomhú agus íocaíochtaí gaolmhara a stopadh agus a aisiompú;

36.  á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, an treoirdhoiciméad atá aige cheana maidir le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí(12) a thabhairt cothrom le dáta chun a shoiléiriú an measann sé go dtagann conarthaí cliste faoin díolúine i bpointe (l) d’Airteagal 3(3) den Treoir sin, agus, más amhlaidh atá, na cúinsí faoina dtiocfadh, agus soiléiriú a dhéanamh ar shaincheist an chirt tarraingt siar;

37.  á chur i bhfáth gur gá leas a bhaint as teicneolaíochtaí blocshlabhra, agus go háirithe as conarthaí cliste, i gcomhréir le rialacha agus ceanglais in aghaidh trustaí, lena n-áirítear iad sin lena gcuirtear toirmeasc ar chomhaontuithe cairtéil nó ar chleachtais chomhbheartaithe;

38.  á mheas nár cheart, le téarmaí agus coinníollacha caighdéanacha, cosc a chur ar rochtain éifeachtach ar cheartas i gcúirteanna an Aontais, ná a gcuid ceart a bhaint de shaoránaigh nó gnólachtaí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh maidir leis an gcosaint a thugtar do chearta rochtana ar shonraí faoin dlí idirnáisiúnta príobháideach, ar cibé atá sí éiginnte agus atá sí ina siocair le míbhuntáistí do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais;

39.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfaí úsáid seirbhísí digiteacha san Aontas a rialú go hiomlán le dlí an Aontais faoi dhlínse chúirteanna an Aontais;

40.  á chinneadh freisin gur cheart teacht ar réitigh reachtacha ar na saincheisteanna sin ar leibhéal an Aontais mura cosúil gur féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta, nó más baolach go dtógfadh an ghníomhaíocht sin barraíocht ama toradh a bhaint amach;

41.  á chur i bhfáth nach bhféadfar a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas rochtain ar fhaisnéis atá dleathach ina dtír thionscnaimh a bhaint anuas nó a dhíchumasú;

o
o   o

42.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí mionsonraithe a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

(1) IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.
(2) IO L 130, 17.5.2019, lch. 92.
(3) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(4) IO L 95, 15.4.2010, lch. 1.
(5) IO L 136, 24.5.2008, lch. 3.
(6) IO L 63, 6.3.2018, lch. 50.
(7) IO L 339, 21.12.2007, lch. 3.
(8) IO C 11, 13.1.2020, lch. 7.
(9) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/654180/EPRS_STU(2020)654180_EN.pdf
(10) IO L 351, 20.12.2012, lch. 1.
(11) IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.
(12) IO L 304, 22.11.2011, lch. 64.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS RÚN:

MOLTAÍ MIONSONRAITHE I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR

A.  PRIONSABAIL AGUS AIDHMEANNA AN TOGRA A IARRTAR

PRÍOMHPHRIONSABAIL AGUS PRÍOMHAIDHMEANNA AN TOGRA:

—  Leagtar síos sa togra an dá ghníomh ba cheart a áireamh sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus gníomhartha atá coimhdeach leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

—  Tá sé mar aidhm leis an togra rialacha an dlí shibhialta agus tráchtála is infheidhme maidir le heintitis a bhíonn ag feidhmiú ar líne a neartú i ndáil le seirbhísí digiteacha.

—  Tá sé mar aidhm leis an togra na cearta conarthacha maidir le modhnóireacht agus coimeádaíocht inneachair a neartú agus a shoiléiriú.

—  Tá sé mar aidhm leis an togra aghaidh a thabhairt tuilleadh ar théarmaí agus coinníollacha doghlactha agus éagóracha a úsáidtear chun críche seirbhísí digiteacha.

—  Tugtar aghaidh leis an togra ar an tsaincheist a bhaineann le gnéithe de bhailiú sonraí a bheith ina sárú ar chearta conarthacha córa úsáideoirí agus freisin ar rialacha maidir le cosaint sonraí agus le rúndacht ar líne.

—  Tugtar aghaidh leis an togra ar thábhacht chur chun feidhme cóir chearta na n-úsáideoirí maidir le hidir-inoibritheacht agus iniomparthacht.

—  Déantar aird a tharraingt leis an togra ar thábhacht rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh lena soláthraítear soiléireacht dhlíthiúil maidir leis na téarmaí agus coinníollacha doshannta a úsáideann ardáin ar líne, agus freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí a áirithiú agus leis an rochtain ar cheartas a ráthú.

—  Ní thugtar aghaidh leis an togra ar ghnéithe a bhaineann le rialáil ar mhargaí ar líne, ar cheart í a mheas, mar sin féin, faoin bPacáiste i ndáil le Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a mholfaidh an Coimisiún.

—  Tarraingítear aird sa togra ar an ngá atá le measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá gá le rialáil cheart a dhéanamh ar ghnéithe den dlí sibhialta agus den dlí tráchtála i réimse theicneolaíochtaí na mórleabhar dáilte, lena n-áirítear blocshlabhraí, agus tugtar aghaidh ann, go háirithe, ar a mhéid atá gá le rialáil cheart a dhéanamh ar ghnéithe den dlí sibhialta agus den dlí tráchtála i gconarthaí cliste.

I.  TOGRAÍ ATÁ LE BHEITH AR ÁIREAMH SA GHNÍOMH UM SHEIRBHÍSÍ DIGITECHA

Ba cheart gurbh iad na príomhghnéithe seo a leanas de na tograí a bheadh le háireamh sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha:

Rialachán maidir le cearta conarthacha i ndáil le bainistiú inneachair agus ina mbeadh na gnéithe seo a leanas:

—  Ba cheart feidhm a bheith aige maidir le bainistiú inneachair, lena n-áirítear modhnóireacht agus coimeádaíocht inneachair, maidir le hinneachar a bhfuil rochtain air san Aontas.

—  Ba cheart foráil a dhéanamh leis do phrionsabail maidir le modhnóireacht inneachair.

—  Ba cheart foráil a dhéanamh leis do chaighdeáin fhoirmiúla agus caighdeáin nós imeachta le haghaidh sásra um fhógra agus um ghníomhaíocht, ar caighdeáin iad atá comhréireach leis an ardán agus le cineál agus tionchar na díobhála, agus atá éifeachtach agus slán i bhfad na haimsire.

—  Ba cheart foráil a dhéanamh leis do shásra um réiteach díospóidí neamhspleách sna Ballstáit gan srian a chur leis an rochtain ar leigheas breithiúnach.

—  Ba cheart tacar táscairí soiléire a léiriú leis chun sainmhíniú a dhéanamh ar an gcumhacht atá ag ardáin óstála inneachair sa mhargadh, chun a chinneadh cibé is féidir ardáin áirithe óstála inneachair nach bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe. D’fhéadfaí a áireamh ar na táscairí sin méid an líonra (an líon úsáideoirí), cumhacht airgeadais, rochtain ar shonraí, méid an chomhtháthaithe ingearaigh, nó éifeacht ghlasála a bheith ann.

—  Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le hardáin óstála inneachair a bheith freagrach as earraí a dhíoltar nó a fhógraítear orthu, agus aird á tabhairt ar ghníomhaíochtaí tacaíochta do FBManna chun íoslaghdú a dhéanamh ar an ualach atá orthu agus iad ag dul in oiriúint don fhreagracht sin.

—  Ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh leis idir inneachar neamhdhleathach agus inneachar díobhálach a mhéid a bhaineann leis na roghanna iomchuí beartais a chur i bhfeidhm. I ndáil leis sin, níor cheart baint a bheith ag aon bheart sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha ach le hinneachar neamhdhleathach mar a shainmhínítear faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta é.

—  Ba cheart é a bhunú ar phrionsabail sheanbhunaithe i ndáil leis an dlí is infheidhme a chinneadh maidir le comhlíonadh an dlí riaracháin, agus ba cheart a lua go soiléir ann, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar chóineasú chearta na n-úsáideoirí, gur leis na prionsabail sin a dhéantar rialáil ar na gnéithe ar fad a thagann faoina raon feidhme.

—  Ba cheart lánurraim a thabhairt leis do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus do rialacha an Aontais lena dtugtar cosaint d’úsáideoirí agus dá gcuid sábháilteachta, príobháideachais agus sonraí pearsanta, agus freisin do chearta bunúsacha eile.

—   Ba cheart foráil a dhéanamh leis d’idirphlé, maidir leis an mbainistiú riosca a dhéantar i leith bainistiú inneachair ar inneachar dleathach, idir ardáin óstála inneachair ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh agus an t-eintiteas Eorpach.

Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar roghanna d’eintiteas Eorpach ar a gcuirfear de chúram a áirithiú, trí na bearta seo a leanas, go bhfuil forálacha an togra á gcomhlíonadh:

—  faireachán a dhéanamh go rialta ar na halagartaim a úsáideann ardáin óstála inneachair chun modhnóireacht a dhéanamh ar inneachar;

—  athbhreithniú a dhéanamh go rialta, ar bhonn tuarascálacha ar thrédhearcacht arna soláthar ag na hardáin óstála inneachair agus ar bhonn bhunachar sonraí poiblí na gcinntí maidir le hinneachar a bhaint anuas, a bhunófar leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, ar a mhéid a chomhlíonann ardáin óstála inneachair forálacha an rialacháin;

—  obair a dhéanamh le hardáin óstála inneachair maidir le dea-chleachtais chun na ceanglais trédhearcachta agus cuntasachta do théarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh, chomh maith le dea-chleachtais maidir le modhnóireacht inneachair agus le nósanna imeachta fógra agus gnímh a chur chun feidhme;

—  comhar agus comhordú a dhéanamh le húdaráis náisiúnta na mBallstát maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a chur chun feidhme;

—  ciste tiomnaithe a bhainistiú chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit costais oibriúcháin na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí neamhspleách a thuairiscítear sa rialachán a mhaoiniú, ar ciste é a bheidh á chistiú le fíneálacha arna ngearradh ar ardáin óstála inneachair as neamhchomhlíonadh fhorálacha an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus le ranníocaíocht ó ardáin óstála inneachair ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh;

—  fíneálacha a ghearradh as neamhchomhlíonadh an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha. Ba cheart na fíneálacha a bheith ina ranníocaíocht leis an gciste tiomnaithe speisialta lena mbeartaítear cúnamh a thabhairt do na Ballstáit costais oibriúcháin na gcomhlachtaí um réiteach díospóide a thuairiscítear sa Rialachán a mhaoiniú. Ba cheart na nithe seo a leanas a áireamh ar chásanna neamhchomhlíonta:

–  mainneachtain forálacha an rialacháin a chur chun feidhme;

–  mainneachtain téarmaí agus coinníollacha trédhearcacha, inrochtana, córa agus neamh-idirdhealaitheacha a sholáthar;

–  mainneachtain rochtain a thabhairt don eintiteas Eorpach ar algartaim bainistithe inneachair lena n-athbhreithniú;

–  mainneachtain tuarascálacha ar thrédhearcacht a chur faoi bhráid an eintitis Eorpaigh;

—  tuarascálacha leathbhliantúla ar a ghníomhaíochtaí uile a fhoilsiú agus tuairisciú d’institiúidí an Aontais.

Ba cheart tuarascálacha ar thrédhearcacht maidir le bainistiú inneachair a bhunú mar a leanas:

Ba cheart go mbeadh forálacha sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha lena gceanglófaí ar ardáin óstála inneachair tuarascálacha ar thrédhearcacht a fhoilsiú agus a sholáthar don eintiteas Eorpach ar bhonn tráthrialta. Ba cheart go mbeadh na tuarascálacha sin cuimsitheach agus go leanfaí modheolaíocht chomhsheasmhach iontu, agus ba cheart an méid seo a leanas go háirithe a áireamh iontu:

—  faisnéis ar fhógraí arna bpróiseáil ag an ardán óstála inneachair, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

–  líon iomlán na bhfógraí a fuarthas, na cineálacha inneachair ar ina dtaobh a bhí na fógraí, agus an ghníomhaíocht a rinneadh dá réir;

–  líon na bhfógraí a fuarthas, in aghaidh chatagóir an eintitis tíolactha, amhail daoine aonair príobháideacha, údaráis phoiblí nó gnóthais phríobháideacha;

–  líon iomlán na n-iarrataí ar bhaint anuas arna gcomhlíonadh agus líon iomlán na dtarchur inneachair chuig na húdaráis inniúla;

–  líon iomlán na bhfrithfhógraí nó na n-achomharc a fuarthas, chomh maith le faisnéis ar an dóigh ar réitíodh iad;

–  an meántréimhse a caitheadh idir foilsiú, fógra, frithfhógra agus gníomhaíocht;

—  faisnéis ar an líon foirne arna fostú le haghaidh modhnóireacht inneachair, ar shuíomh na foirne, ar a hoideachas agus ar a scileanna teanga, chomh maith le haon algartaim a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh;

—  faisnéis ar iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh ag údaráis phoiblí, amhail na húdaráis phoiblí sin atá freagrach as forfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear líon na n-iarrataí a comhlíonadh go hiomlán agus líon na n-iarratas nár comhlíonadh nó nár comhlíonadh ach go páirteach;

—  faisnéis ar fhorfheidhmiú na dtéarmaí agus na gcoinníollacha agus faisnéis ar na cinntí cúirte lena n-ordaítear téarmaí agus coinníollacha a mheasann Ballstát a bheith neamhdhleathach a neamhniú nó a mhodhnú.

Ba cheart d’ardáin óstála inneachair, ina theannta sin, a gcinntí maidir le baint anuas inneachair a fhoilsiú ar bhunachar sonraí a bhfuil rochtain ag an bpobal air chun trédhearcacht a mhéadú d’úsáideoirí.

Ba cheart do na comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách, arna mbunú leis an rialachán, tuarascálacha maidir le líon na dtarchur a chuirtear faoina mbráid, lena n-áirítear líon na dtarchur ar tugadh aird orthu, a eisiúint.

II.  TOGRAÍ ATÁ COIMHDEACH LEIS AN nGNÍOMH‎ UM SHEIRBHÍSÍ DIGITEACHA

Ba cheart go n-áireofaí na nithe seo a leanas sna bearta maidir le coimeádaíocht inneachair, sonraí agus fógraí ar líne a dhéanann sárú ar chearta conarthacha úsáideoirí:

—  Bearta chun teorainn a chur leis na sonraí a bhailíonn ardáin óstála inneachair, bunaithe ar idirghníomhaíochtaí úsáideoirí le hinneachar atá á óstáil ar ardáin óstála inneachair, chun próifílí fógraíochta spriocdhírithe a chur i gcrích, go háirithe trí choinníollacha diana a fhorchur maidir le húsáid fógraí pearsanta spriocdhírithe agus trí réamhthoiliú sonrach, feasach agus neamh-dhébhríoch an úsáideora atá tugtha faoi shaoirse a bheith de cheangal orthu. Ní mheasfar toiliú le fógraíocht spriocdhírithe mar thoiliú atá tugtha faoi shaoirse agus atá bailí má bhíonn an rochtain ar an tseirbhís coinníollach ar phróiseáil sonraí.

—  Déanfar úsáideoirí ardán óstála inneachair a chur ar an eolas má tá siad faoi réir fógraíocht spriocdhírithe, tabharfar rochtain dóibh ar a bpróifíl atá cruthaithe ag ardáin óstála inneachair agus an deis chun í a mhodhnú, agus beidh sé de rogha acu glacadh nó gan glacadh leis an bhfógraíocht agus a toiliú chun bheith faoi réir fógraíochtaí spriocdhírithe a tharraingt siar.

—  Ba cheart d’ardáin óstála inneachair cartlann d’inneachar agus d’fhógraí urraithe a taispeánadh dá n-úsáideoirí a chur ar fáil, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

–  cé acu gníomhach nó neamhghníomhach atá an t-inneachar urraithe nó urraíocht faoi láthair;

–  an t-achar ama ar lena linn a bhí an t-inneachar urraithe gníomhach;

–  ainm agus sonraí teagmhála an urraitheora nó an fhógróra, agus murab ionann iad, an té ar thar a cheann a rinneadh an t-inneachar nó fógraíocht a chur;

–  líon iomlán na n-úsáideoirí a baineadh amach;

–  faisnéis ar an ngrúpa úsáideoirí ar spriocdhíríodh air.

Ba cheart go n-áireofaí na nithe seo a leanas ar an mbealach i dtreo chur chun feidhme cóir chearta na n-úsáideoirí maidir le hidir-inoibritheacht idirnascthacht agus iniomparthacht:

—  measúnú an féidir coinníollacha córa conarthacha a shainmhíniú chun comhroinnt sonraí a éascú, agus é mar aidhm leis sin aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maidir le cumhacht sa mhargadh, go háirithe trí idir-inoibritheacht, idirnascthacht agus iniomparthacht sonraí.

—  ceanglas i gcás ardáin a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i leith comhéadan feidhmchláir a chur ar fáil, trínar féidir le hardáin tríú páirtí agus a n-úsáideoirí oibriú i gcomhar le príomhfheidhmiúlachtaí agus le príomhúsáideoirí an ardáin a bhfuil an comhéadan feidhmchláir á chur ar fáil acu, lena n-áirítear seirbhísí tríú páirtí atá deartha chun eispéaras an úsáideora a fheabhsú agus a shaincheapadh, go háirithe trí sheirbhísí a dhéanann socruithe príobháideachta mar aon le roghanna coimeádaíochta inneachair a shaincheapadh;

—  forálacha lena n-áiritheofaí nach bhféadfaidh ardáin a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus a bhfuil comhéadan feidhmchláir á chur ar fáil acu aon sonraí a fhaigheann siad ó sheirbhísí tríú páirtí a chomhroinnt, a choinneáil nó airgead a ghnóthú astu;

—  forálacha lena n-áiritheofaí nach bhféadfaidh oibleagáidí idir-inoibritheachta agus idirnascthachta teorannú, bac nó moill a chur ar chumas ardán óstála inneachair saincheisteanna slándála a shocrú, agus nár cheart go mbeadh an gá le saincheisteanna slándála a shocrú ina shiocair leis an gcomhéadan feidhmchláir lena gcuirtear an idir-inoibritheacht agus an idirnascthacht ar fáil a chur ar fionraí go míchuí;

—  forálacha lena n-áiritheofaí go mbeidh sé de cheangal ar ardáin leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, indéantacht theicniúil na bhforálacha maidir le hiniomparthacht sonraí a leagtar síos in Airteagal 20(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a áirithiú;

—  forálacha lena n-áiritheofaí go ndéanfaidh ardáin óstála inneachair a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu na comhéadain feidhmchláir uile a chuireann siad ar fáil a dhoiciméadú go poiblí chun críche idir-inoibritheachta agus idirnascachta seirbhísí a lamháil.

Ba cheart go n-áireofaí na nithe seo a leanas ar an mbealach i dtreo rialáil chuí a dhéanamh ar ghnéithe dlí shibhialta agus tráchtála de theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, lena n-áirítear blocshlabhraí agus, go háirithe, conarthaí cliste:

—  bearta lena n-áiritheofaí go mbeidh an creat reachtach cuí i bhfeidhm le haghaidh seirbhísí digiteacha a fhorbairt agus a úsáid lena n-áirítear teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, amhail blocshlabhraí agus conarthaí cliste;

—  bearta lena n-áiritheofaí go ndéanfar sásraí a fheistiú i gconarthaí cliste, ar sásraí iad lenar féidir a bhforghníomhú a stopadh agus a fhreaschur, go háirithe i bhfianaise ábhair imní phríobháideacha an pháirtí is laige nó ábhair imní phoiblí amhail iad siúd a bhaineann le comhaontuithe cairtéil agus in urraim do chearta na gcreidiúnaithe i nósanna imeachta dócmhainneachta agus athstruchtúraithe;

—  bearta lena n-áiritheofaí cothromaíocht agus comhionannas iomchuí idir na páirtithe i gconarthaí cliste, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar leas na ngnólachtaí beaga agus FBManna, ar cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar na módúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith;

—  nuashonrú ar an treoirdhoiciméad atá cheana ann maidir le Treoir 2011/83/AE chun a shoiléiriú an dtagann conarthaí cliste faoin díolúine i bpointe (i) d’Airteagal 3(3) den Treoir sin, mar aon le saincheisteanna a bhaineann le hidirbhearta trasteorann, ceanglais nótaireachta agus an ceart tarraingt siar;

Ba cheart go n-áireofaí na nithe seo a leanas ar an mbealach i dtreo rialacha cothromasacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, ar rialacha iad nach ndéanfar an rochtain ar cheartas a bhaint d’úsáideoirí:

—  nach n-áireofar forálacha lena rialaítear ábhair an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh sna téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a rachaidh chun dochair do rochtain ar an gceartas, go háirithe trí bhearta atá cheana ann a fhorfheidhmiú go héifeachtach ina leith sin;

—  bearta lena ndéanfar soiléiriú ar rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a bhaineann le gníomhaíochtaí na n-ardán maidir le sonraí, ionas nach ndéanfaidh siad dochar do ghéillsinigh an Aontais;

—  an t-iltaobhachas a fhorbairt agus, más féidir, comhaontú a bheith déanta ina leith sna fóraim idirnáisiúnta iomchuí.

Níor cheart bearta arna gcur i bhfeidhm laistigh den Aontas a mholadh, ach amháin i gcás nach féidir teacht ar réiteach bunaithe ar an iltaobhachas laistigh de thréimhsí ama réasúnta, chun a áirithiú go ndéanfar úsáid seirbhísí digiteacha san Aontas a rialú go hiomlán le dlí an Aontais faoi dhlinse chúirteanna an Aontais.

B.  TÉACS AN TOGRA REACHTAIGH A IARRTAR

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cearta conarthacha a mhéid a bhaineann le bainistiú inneachair

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Na téarmaí agus coinníollacha a chuireann soláthraithe seirbhísí digití i bhfeidhm i gcaidreamh le húsáideoirí, is minic iad doshannta agus is féidir leis na soláthraithe sin iad a leasú go haontaobhach. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal reachtach chun íoschaighdeáin a chur i bhfeidhm le haghaidh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le caighdeáin nós imeachta le haghaidh bainistiú inneachair;

(2)  Tá na córais dlí shibhialta lena rialaítear cleachtais ardán óstála inneachair maidir le modhnóireacht inneachair bunaithe ar fhorálacha earnáil-sonracha áirithe ar leibhéal an Aontais agus ar dhlíthe arna rith ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, agus tá difríochtaí suntasacha ann sna hoibleagáidí a fhorchuireann na córais dlí shibhialta ar ardáin óstála inneachair agus ina sásraí forfheidhmithe.

(3)  Maidir le hilroinnt na gcóras dlí shibhialta lena rialaítear modhnóireacht inneachair ag ardáin óstála inneachair, ní hamháin go gcruthaíonn sí éideimhneachtaí dlíthiúla, a d’fhéadfadh a thabhairt ar na hardáin sin cleachtais atá níos déine ná mar is gá a bheith á nglacadh acu chun na rioscaí a thagann as úsáid a seirbhíse a íoslaghdú, ach freisin go bhfuil sí ina cúis le hilroinnt ar an Margadh Aonair Digiteach, rud a chuireann bac le fás agus le nuálaíocht agus leis an bhforbairt ar ghnólachtaí Eorpacha sa Mhargadh Aonair Digiteach.

(4)  I bhfianaise na n-éifeachtaí díobhálacha atá ag ilroinnt an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, agus an éideimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus tomhaltóirí dá thoradh sin, ag cineál idirnáisiúnta na hóstála inneachair, ag an méid ollmhór d’inneachar a bhfuil gá le modhnóireacht a dhéanamh ina leith, agus ag roinnt bheag ardán óstála inneachair atá lonnaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, ní foláir na saincheisteanna éagsúla a thagann chun cinn maidir le hóstáil inneachair a rialú ar bhealach lena ngabhann comhchuibhiú iomlán agus, dá bhrí sin, trí bhíthin rialacháin.

(5)  Maidir le caidreamh le húsáideoirí, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán sin íoschaighdeáin do chothroime, trédhearcacht agus cuntasacht théarmaí agus choinníollacha na n-ardán óstála inneachair. Ba cheart do na téarmaí agus coinníollacha a bheith soiléir, inrochtana, intuigthe agus neamh-dhébhríoch agus go n-áireofaí caighdeáin agus nósanna imeachta trédhearcacha, ceangailteacha agus aonfhoirmeacha leo le haghaidh modhnóireacht inneachair, rud ar cheart go ráthófaí leis go bhféadfaí dul i muinín sásamh breithiúnach ar bhonn inrochtana agus neamhspleách agus na cearta bunúsacha a chomhlíonadh.

(6)  Tá an méadú ar inneachar atá spriocdhírithe ar úsáideoirí agus a dhéantar bunaithe ar na tuairimí nó na seasaimh a chuirtear in iúl san inneachar sin ar cheann de na cleachtais is mó a dhéanann dochar sa tsochaí dhigiteach, go háirithe i gcásanna ina ndéantar infheictheacht an inneachair sin a mhéadú ar bhonn idirghníomhaíocht na n-úsáideoirí roimhe sin le hinneachar méadaithe eile, agus é mar chuspóir leis próifilí na n-úsáideoirí a bharrfheabhsú le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe.

(7)  Is féidir le halgartaim lena gcinntear an rangú ar thorthaí cuardaigh tionchar a imirt ar chumarsáid agus ar idirghníomhaíochtaí aonair agus sóisialta agus a bheith ina mbonn do thuairimí a chruthú, go háirithe i gcás inneachar na meán.

(8)  Chun a áirithiú, inter alia, gur féidir le húsáideoirí a gcearta a éileamh, ba cheart go dtabharfaí leibhéal iomchuí trédhearcachta agus tionchair dóibh ar choimeádacht inneachair a dhéantar infheicthe dóibh, lena n-áiritear an fhéidearthacht gan a bheith rannpháirteach in aon choimeádacht inneachair seachas ord croineolaíoch ar an iomlán. Go háirithe, níor cheart úsáideoirí a chur faoi réir coimeádachta gan réamhthoiliú sonrach, feasach agus neamh-dhébhríoch agus atá tugtha faoi shaoirse a fháil. Níor cheart toiliú le fógraíocht spriocdhírithe a mheas mar thoiliú atá tugtha faoi shaoirse agus atá bailí má bhíonn an rochtain ar an tseirbhís coinníollach ar phróiseáil sonraí.

(9)  Maidir le toiliú a thugann úsáideoir ar bhealach ginearálta do théarmaí agus coinníollacha ardán óstála inneachair nó d’aon tuairisc ghinearálta eile ar na rialacha a bhaineann le bainistiú inneachair ag ardáin óstála inneachair, níor cheart é a mheas mar thoiliú leordhóthanach chun inneachar a ndéantar coimeádacht air go huathoibríoch a thaispeáint don úsáideoir.

(10)  Leis an Rialachán seo, ní chuirtear d’oibleagáid ar ardáin óstála inneachair aon fhoirm de rialuithe ex-ante uathoibrithe ar inneachar a úsáid, mura sonraítear a mhalairt i ndlí an Aontais atá cheana ann, agus foráiltear leis nach mbeidh bearta rialaithe ex-ante atá bunaithe ar uirlisí uathoibrithe nó ar scagadh uaslódála inneachair mar thoradh ar nósanna imeachta modhnóireachta inneachair a úsáideann ardáin ar bhonn deonach.

(11)  Sa Rialachán seo freisin, ba cheart go n-áireofaí forálacha i gcoinne cleachtais idirdhealaitheacha modhnóireachta inneachair, dhúshaothraithe nó eisiaimh, chun críoch modhnóireachta inneachair, go háirithe nuair a dhéantar inneachar ó úsáideoirí a dhíchur bunaithe ar dhreach, bunadh eitneach, inscne, gnéaschlaonadh, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois, ar dhuine a bheith torrach nó ag tógáil clainne, ar theanga nó ar aicme shóisialta.

(12)  An ceart chun fógra a eisiúint de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go luífeadh sé i gcónaí le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí, a ndéantar inneachar a sholáthar dóibh trí shuíomh gréasáin nó trí fheidhmchlár.

(13)  Tar éis fógra a bheith eisithe, ba cheart an t-uaslódaitheoir a bheith curtha ar an eolas faoin méid sin ag an ardán óstála inneachair agus go háirithe, faoin gcúis atá leis an bhfógra agus atá leis an mbeart a bheidh le déanamh, agus ba cheart faisnéis a thabhairt dó nó di faoin nós imeachta, lena n-áirítear faoi achomhairc agus tarchuir chuig comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách, agus faoi na leigheasanna atá ar fáil i gcás fógraí bréagacha. Níor cheart an fhaisnéis sin a thabhairt, áfach, más rud é go bhfuil an t-ardán óstála inneachair curtha ar an eolas ag údaráis phoiblí i dtaobh imscrúduithe forfheidhmithe dlí atá ar siúl. I gcás den sórt sin, ba cheart gur faoi na húdaráis ábhartha a bheadh sé an t-uaslódaitheoir a chur ar an eolas i dtaobh fógra a bheith eisithe, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

(14)  Ba cheart na páirtithe uile lena mbaineann a chur ar an eolas i dtaobh aon chinnidh i ndáil le fógra. Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear do pháirtithe lena mbaineann, ba cheart go mbeadh ar áireamh inti, taobh amuigh de thoradh an chinnidh, ar a laghad an chúis a bhí leis an gcinneadh agus cibé ar duine daonna a rinne an cinneadh, chomh maith leis an bhfaisnéis ábhartha maidir le hathbhreithniú nó le sásamh.

(15)  Ba cheart inneachar a mheas mar inneachar atá go follasach mídhleathach más rud é go bhfuil sé ríshoiléir agus gan gá le mionscrúdú a dhéanamh ina leith, go bhfuil sé ag sárú forálacha dlíthiúla lena rialaítear dlíthiúlacht an inneachair atá ar an idirlíon.

(16)  I bhfianaise go bhfuil nádúr láithreach ag gabháil le hóstáil inneachair agus gur minic cuspóir breacshaolach ag roinnt le huaslódáil inneachair, is gá comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách a bheith ann ar mhaithe le sásamh seachbhreithiúnach tapa agus éifeachtúil a sholáthar. Ba cheart an inniúlacht a bheith ag na comhlachtaí sin chun díospóidí i dtaca le dlíthiúlacht inneachair atá uaslódáilte ag úsáideoir a bhreithniú agus chun téarmaí agus coinníollacha a chur i bhfeidhm i gceart. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh an próiseas sin cosc ar an úsáideoir ó cheart rochtana a bheith aige nó aici ar cheartas agus ar shásamh breithiúnach breise.

(17)  D’fhéadfadh sé go ndéanfaí an t-ualach atá ar na cúirteanna a laghdú trí chomhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách a bhunú, trí dhíospóidí a bhaineann le cinntí bainistithe inneachair a réiteach go mear gan dochar don cheart chun sásaimh bhreithiúnaigh os comhair cúirte. I bhfianaise gur féidir le hardáin óstála inneachair a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, go háirithe, buntáiste a bhaint de thabhairt isteach comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách, is iomchuí go nglacfaidh siadsan freagracht chucu féin as maoiniú na gcomhlachtaí sin. Ba cheart go mbeadh an ciste sin faoi bhainistiú neamhspleách an eintitis Eorpaigh chun cabhrú leis na Ballstáit costais reatha na gcomhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách a mhaoiniú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar acmhainní leormhaithe a sholáthar do na comhlachtaí sin chun a n-inniúlacht agus a neamhspleáchas a áirithiú.

(18)  Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag úsáideoirí tarchur a dhéanamh chuig comhlacht um réiteach díospóide neamhspleách, mar shásra um réiteach díospóide malartach, chun cinneadh a dhéanann ardán óstála inneachair a agóid tar éis dóibh fógra a fháil a bhaineann le hinneachar atá uaslódáilte acu. Ba cheart d’fhógróirí an ceart sin a bheith acu sa chás go mbeadh seasamh dlíthiúil acu in imeachtaí sibhialta maidir leis an inneachar i dtrácht.

(19)  Maidir le dlínse, ba cheart go mbeadh an comhlacht inniúil um réiteach díospóide neamhspleách suite sa Bhallstát ina ndearnadh an t-inneachar is ábhar don díospóid a uaslódáil. Ba cheart go bhféadfadh daoine nádúrtha i gcónaí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta um réiteach díospóide neamhspleách dá mBallstáit chónaithe.

(20)  Cabhraíonn sceithireacht le sáruithe ar an dlí a chosc agus le bagairt ar an leas ginearálta nó le díobháil a dhéantar ina leith a bhrath, ar bagairt nó díobháil í nach mbraithfí dá huireasa. Tá ról tábhachtach ag cosaint a thabhairt do sceithirí i dtaca le cosaint a thabhairt do shaoirse tuairimí a nochtadh, do shaoirse na meán agus do cheart an phobail ar fhaisnéis a rochtain. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(1) maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Dá réir sin, ba cheart an Treoir sin a leasú.

(21)  Ba cheart go n-áireofaí sa Rialachán seo oibleagáidí chun tuairisciú a dhéanamh ar a chur chun feidhme mar aon le hoibleagáidí chun athbhreithniú a dhéanamh air laistigh d’am réasúnach. Chun na críche sin, ba cheart do na comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách dá bhforálann na Ballstáit faoin Rialachán seo, tuarascálacha a thíolacadh ar líon na dtarchur a tugadh os a gcomhair, na cinntí a rinneadh – sonraí pearsanta a anaithnidiú de réir mar is iomchuí – lena n-áirítear líon na dtarchur ar déileáladh leo, sonraí maidir le fadhbanna córasacha, treochtaí agus sainaithint na n-ardán nach ndéanann na cinntí ó chomhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách a chomhlíonadh.

(22)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat rialála a bhunú le haghaidh cearta conarthacha a mhéid a bhaineann le bainistiú inneachair san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(23)  Dhéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo, a fheabhsú go substaintiúil trí eintiteas Eorpach a mbeadh sé de chúram air faireachán iomchuí a dhéanamh ar ardáin óstála inneachair agus a áirithiú go gcomhlíonann siad forálacha an Rialacháin seo. Chun an críche sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar na roghanna maidir le Gníomhaireacht Eorpach nó comhlacht Eorpach atá cheana ann nó nua a cheapadh nó líonra d’údaráis náisiúnta a chomhordú, chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán a leagtar síos i gcás bainistiú inneachair ar bhonn tuarascálacha trédhearcachta agus an fhaireacháin a dhéantar ar algartaim a úsáidtear le hardáin óstála inneachair chun críche bainistithe inneachair (dá ngairtear ‘an t-eintiteas Eorpach’ anseo feasta).

(24)  Chun a áirithiú go ndéanfar meastóireacht ar na rioscaí a bhaineann leis an méadú ar inneachar, ba cheart idirphlé leathbhliantúil maidir leis an tionchar atá ag beartais bainistithe inneachair an inneachair dhlíthiúil ar chearta bunúsacha a chur ar bun idir ardáin óstála inneachair a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus an t-eintiteas Eorpach i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha.

(25)  Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Is é cuspóir an Rialacháin seo ná rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha a leagan síos chun a áirithiú gur ann do chearta conarthach córa i ndáil le bainistiú inneachair agus chun foráil do shásraí um réiteach díospóide neamhspleách i gcás díospóidí a bhaineann le bainistiú inneachair.

Airteagal

Raon feidhme

1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hardáin óstála inneachair a dhéanann inneachar atá inrochtana don phobal ar shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir san Aontas a óstáil agus a bhainistiú, gan beann ar an áit bhunaíochta nó chlárúcháin nó ar an bpríomháit ghnó atá ag an ardán óstála inneachair.

2.  Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hardáin óstála inneachair:

(a)  ar de chineál neamhthráchtála iad; nó

(b)  a bhfuil níos lú ná [100 000](2) úsáideoir acu.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘ardán óstála inneachair’ seirbhís de chuid na sochaí faisnéise de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3) arb é a phríomhchuspóir nó ceann dá chuid príomhchuspóirí ná cead a thabhairt d’úsáideoirí atá liostáilte nó d’úsáideoirí nach bhfuil liostáilte inneachar a uaslódáil chun é chur ar taispeáint ar shuíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár atá inrochtana don phobal;

(2)  ‘ciallaíonn ardán óstála inneachair, ardán óstála inneachair a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige’ ag a bhfuil ar a laghad dhá cheann de na saintréithe seo a leanas:

(a)  an acmhainneacht chun forbairt a dhéanamh ar a bhonn úsáideoirí nó iad a choimeád i ngeall ar éifeachtaí an líonra lena ndéantar cuid shuntasach dá úsáideoirí a ghaibhniú, nó go lamháiltear dó spleáchas eacnamaíoch a chruthú i ngeall ar a shuíomh sa mhargadh iartheachtach;

(b)  tá a mhéid sa mhargadh suntasach, a thomhaistear de réir líon na n-úsáideoirí gníomhacha nó de réir láimhdeachas domhanda bliantúil an ardáin;

(c)  tá sé comhtháthaithe i dtimpeallacht ghnó nó líonra atá á rialú ag a ghrúpa nó ag a mháthairghnóthas, lenar féidir an chumhacht sa mhargadh a ghiaráil ó mhargadh amháin isteach i margadh atá cóngarach;

(d)  tá ról geatóra aige do chatagóir iomlán an inneachair nó na faisnéise;

(e)  tá rochtain aige ar líon mór de shonraí pearsanta ardcháilíochta, atá curtha ar fáil ag úsáideoirí nó a bhraitear faoi úsáideoirí atá bunaithe ar fhaireachán a dhéanamh ar a n-iompraíocht ar líne, agus tá na sonraí sin fíor-riachtanach chun seirbhís chomhchosúil a sholáthar agus a fheabhsú, mar aon le bheith deacair d’iomaitheoirí ionchasacha rochtain a fháil orthu nó macasamhlú a dhéanamh orthu;

(3)  ciallaíonn ‘inneachar’ aon choincheap, smaoineamh, foirm léirithe nó faisnéis i bhformáid ar bith amhail téacs, íomhánna, closábhar nó físeán;

(4)  ciallaíonn ‘inneachar neamhdhleathach’ aon inneachar nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit ina bhfuiltear á óstáil;

(5)  ciallaíonn ‘bainistiú inneachair’ an mhodhnóireacht agus coimeádacht a dhéantar ar inneachar ar ardáin óstála inneachair;

(6)  ciallaíonn ‘modhnóireacht inneachair’ modhnóireacht a dhéanamh ar shraith réamhchinntithe de rialacha agus treoirlínte agus iad a chur i bhfeidhm i leith inneachar atá á ghiniúint, á fhoilsiú nó á chomhroinnt ag úsáideoirí, chun a áirithiú go bhfuil ceanglais dhlíthiúla agus rialála, treoirlínte pobail agus téarmaí agus coinníollacha á gcomhlíonadh leis an inneachar, chomh maith le haon bheart comhthoraidh a dhéanann an t-ardán, amhail inneachar a dhíchur nó cuntas úsáideora a scriosadh nó a fhionraí, bíodh sé sin á dhéanamh trí mhodhanna uathoibrithe nó ag oibreoirí daonna;

(7)  ciallaíonn ‘coimeádacht inneachair’ roghnú, barrfheabhsú, tosaíochtú agus moladh a dhéanamh i leith inneachair bunaithe ar phróifílí úsáideora aonair chun críoch an inneachair sin a chur ar taispeáint ar shuíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár;

(8)  ciallaíonn ‘téarmaí agus coinníollacha’ gach ceann de na téarmaí, coinníollacha nó sonraíochtaí, gan beann ar a n-ainm nó a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir an t-ardán óstála inneachair agus a úsáideoirí agus arb é an t-ardán óstála inneachair a dhéanann iad a chinneadh go haontaobhach;

(9)  ciallaíonn ‘úsáideoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann na seirbhísí atá á soláthar ag ardán óstála inneachair nó a idirghníomhaíonn le hinneachar atá óstáilte ar ardán den sórt sin;

(10)  ciallaíonn ‘uaslódaitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann inneachar ar ardán óstála inneachair gan beann ar a infheictheacht d’úsáideoirí eile;

(11)  ciallaíonn ‘fógra’ fógra a thabhairt ar bhonn foirmiúil trína ndéantar comhlíonadh an inneachair le ceanglais dhlíthiúla agus rialála, le treoirlínte pobail agus le téarmaí agus coinníollacha a agóid.

Airteagal 4

Prionsabail le haghaidh bainistiú inneachair

1.  Déanfar bainistiú inneachair a sheoladh ar shlí chothrom, dhleathach agus thrédhearcach. Beidh cleachtais bainistithe inneachair iomchuí, comhréireach le cineál agus méid an inneachair, ábhartha agus teorannaithe dá bhfuil riachtanach i ndáil leis na cuspóirí dá bhfuil an t-inneachar á bhainistiú. Beidh ardáin óstála cuntasach as a áirithiú go mbeidh a gcleachtais bainistithe inneachair cothrom, trédhearcach agus comhréireach.

2.  Ní bheidh na hardáin óstála inneachair ag cur úsáideoirí faoi réir cleachtais idirdhealaitheacha, dúshaothraithe nó eisiaimh chun críoch modhnóireachta inneachair, amhail inneachar arna ghiniúint ag úsáideoir a dhíchur bunaithe ar dhreach, bunadh eitneach, inscne, gnéaschlaonadh, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois, ar dhuine a bheith torrach nó ag tógáil clainne, ar theanga nó ar aicme shóisialta.

3.  Déanfaidh ardáin óstála inneachair faisnéis leordhóthanach a sholáthar do na húsáideoirí maidir lena bpróifílí coiméadachta inneachair agus maidir leis na critéir aonair ar dá réir a dhéanann ardáin óstála inneachair coimeádacht ar inneachar dóibh, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh cibé an úsáidtear nó nach n-úsáidtear algartaim agus na cuspóirí atá leo.

4.  Déanfaidh ardáin óstála inneachair leibhéal iomchuí tionchair ar choimeádacht inneachair is infheicthe do na húsáideoirí a sholáthar dóibh, lena n-áirítear an rogha díliostáil ón gcoimeádacht inneachair ar fad. Go háirithe, ní dhéanfar úsáideoirí a chur faoi réir coimeádacht inneachair gan réamhthoiliú sonrach, feasach agus neamh-dhébhríoch agus atá tugtha faoi shaoirse a fháil uathu.

Airteagal 5

Idirphlé struchtúrtha riosca maidir le bainistiú ábhair

Mar chuid d’idirphlé struchtúrtha riosca leis an eintiteas Eorpach i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, déanfaidh ardáin óstála inneachair a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu tuarascáil leathbhliantúil a chur faoi bhráid an eintitis Eorpaigh ar an tionchar ar chearta bunúsacha agus ar an mbainistiú riosca a bhaineann lena mbeartais bainistithe inneachair agus ar an gcaoi a ndéanann siad na rioscaí sin a mhaolú.

Airteagal 6

Oibleagáid trédhearcachta

1.  Deanfaidh soláthraithe seirbhísí na bearta is gá chun gur féidir an cistiú ó aon ghrúpaí sainleasa a bhfuil baint ag úsáideoirí sheirbhísí digiteacha na soláthraithe leo, agus na sonraí ar nádúr na gaolmhaireachta atá idir na grúpaí sainleasa agus na húsáideoirí sin a nochtadh. Beifear in ann an duine atá freagrach ó thaobh an dlí de a shainaithint leis an nochtadh sin.

2.  Déanfaidh soláthraithe tráchtála seirbhíse digití atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú chun críoch leasanna úsáideoirí atá laistigh den Aontas agus déanfaidh siad sonraí teagmhála an ionadaí sin infheicthe agus inrochtana ar a n-ardáin ar líne.

Airteagal 7

Incháilitheacht chun fógraí a eisiúint

1.  Aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlacht poiblí dá soláthraítear inneachar trí shuíomh gréasáin, feidhmchlár nó aon chineál eile bogearraí, beidh an ceart acu fógra a eisiúint de bhun an Rialacháin seo.

2.  Déanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis i gcás ina dtíolacann duine fógraí éagóracha go córasach agus arís agus arís eile chun críocha a bhaineann lena dtrádáil, lena ngnó nó lena ngairm. Beidh pionóis den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 8

Nósanna imeachta maidir le fógra

Déanfaidh ardáin óstála inneachair faisnéis shoiléir, inrochtana, intuigthe agus neamh-dhébhríoch i ndáil le nósanna imeachta maidir le fógra a áireamh ina dtéarmaí agus coinníollacha, go háirithe:

(a)  an tréimhse uasta ar laistigh de a dhéanfar uaslódaitheoir an inneachair i dtrácht a chur ar an eolas i dtaobh nós imeachta maidir le fógra;

(b)  an tréimhse ar laistigh de is féidir le huaslódaitheoir achomharc a thionscnamh;

(c)  an sprioc-am a bheidh ann don ardán óstála inneachair chun déileáil go mear leis an bhfógra agus cinneadh a dhéanamh;

(d)  an sprioc-am a bheidh ann don ardán óstála inneachair chun an dá pháirtí a chur ar an eolas i dtaobh thoradh an chinnidh lena n-áirítear an t-údar cuí atá leis an mbeart a rinneadh.

Airteagal 9

Gach a mbeidh i bhfógraí

1.  Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, i bhfógra maidir le hinneachar:

(a)  nasc chuig an inneachar atá i dtrácht agus, i gcás inarb iomchuí, amhail maidir le hinneachar físeáin, stampa ama;

(b)  an chúis atá leis an bhfógra;

(c)  fianaise a thacaíonn leis an éileamh atá déanta san fhógra a tugadh;

(d)  dearbhú de mheon macánta ón bhfógróir; agus

(e)  sa chás gur sárú ar chearta pearsantachta nó ar chearta maoine intleachtúla atá i gceist, céannacht an fhógróra.

2.  I gcás sáruithe dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, is é a bheidh san fhógróir ná an duine lena mbaineann an sárú ar chearta pearsantachta, nó sealbhóir na gceart maoine intleachtúla a sáraíodh, nó duine atá ag gníomhú thar ceann an duine sin.

Airteagal 10

Faisnéis don uaslódaitheoir

1.  Ar fhógra a bheith eisithe, agus sula mbeidh aon chinneadh maidir leis an inneachar déanta, gheobhaidh uaslódaitheoir an inneachair i dtrácht an fhaisnéis seo a leanas:

(a)  an chúis atá leis an bhfógra agus atá leis an mbeart a d’fhéadfadh an ardán óstála a dhéanamh;

(b)  faisnéis leordhóthanach faoin nós imeachta atá le leanúint;

(c)  faisnéis maidir leis an gceart freagartha atá leagtha síos i mír 3; agus

(d)  faisnéis faoi na leigheasanna atá ar fáil i ndáil le fógraí bréagacha.

2.  An fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoin mhír 1, ní dhéanfar í a sholáthar más rud é go bhfuil an t-ardán óstála inneachair curtha ar an eolas ag údaráis phoiblí i dtaobh imscrúduithe forfheidhmithe dlí atá ar siúl.

3.  Beidh an ceart ag an uaslódaitheoir freagra a thabhairt ar an ardán óstála inneachair i bhfoirm frithfhógra. Deanfaidh an t-ardán óstála inneachair freagra an uaslódaitheora a bhreithniú agus cinneadh á dhéanamh aige ar an mbeart a bheidh le déanamh.

Airteagal 11

Cinntí maidir le fógraí

1.  Déanfaidh ardáin óstála inneachair a áirithiú go ndéanfaidh baill foirne cháilithe cinntí maidir le fógra a thabhairt gan aon mhoill mhíchuí i ndiaidh na n-imscrúduithe riachtanacha.

2.  Tar éis fógra a thabhairt, déanfaidh ardáin óstála inneachair, gan mhoill, cinneadh i dtaobh an ndéanfar rochtain ar inneachar a bhí ina ábhar d’fhógra a dhíchur, a bhaint anuas nó a dhíchumasú, más rud é nach bhfuil ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh ag an inneachar sin. Gan dochar d’Airteagal 14(2), ós rud é go measann ardán óstála inneachair go bhfuil inneachar ar leith neamhchomhlíontach, ní bheidh sé sin, i gcás ar bith, ina shiocair uathoibríoch le hinneachar ag úsáideoir eile a dhíchur, a bhaint anuas nó a dhéanamh neamh-inrochtana.

Airteagal 12

Faisnéis faoi chinntí

A thúisce a bheidh cinneadh déanta ag ardán óstála inneachair, déanfaidh sé gach ceann de na páirtithe atá bainteach leis an nós imeachta maidir le fógra a chur ar an eolas faoi thoradh an chinnidh agus soláthróidh sé an fhaisnéis seo a leanas ar bhealach soiléir agus simplí:

(a)  na cúiseanna atá leis an gcinneadh a rinneadh;

(b)  cibé ar duine daonna agus duine daonna amháin a rinne an cinneadh nó ar thacaigh algartam leis an gcinneadh a rinneadh;

(c)  faisnéis faoin bhféidearthacht atá ag ceachtar páirtí i leith athbhreithniú amhail dá dtagraítear in Airteagal 13 agus i leith athbhreithniú breithiúnach.

Airteagal 13

Athbhreithniú ar chinntí

1.  Féadfaidh ardáin óstála inneachair sásra a sholáthar chun gur féidir le húsáideoirí athbhreithniú ar na cinntí a dhéanann siad a iarraidh.

2.  Déanfaidh ardáin óstála inneachair a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu an sásra athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.

3.  I ngach cás, is duine daonna a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach ar an athbhreithniú.

Airteagal 14

Inneachar a dhíchur

1.  Gan dochar d’orduithe breithiúnacha nó riaracháin i ndáil le hinneachar ar líne, beidh inneachar a bhí ina ábhar d’fhógra fós le feiceáil fad a bheidh an measúnú ar a dhlíthiúlacht fós ar feitheamh.

2.  Gníomhóidh ardáin óstála inneachair go mear chun nach mbeidh fáil ar inneachar ar léir é a bheith mídhleathach nó chun an t-inneachar sin a dhíchur.

Airteagal 15

Réiteach díospóide neamhspleách

1.  Déanfaidh na Ballstáit comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách a sholáthar chun dul ar iontaoibh seachbhreithiúnach, atá tapa agus éifeachtúil a sholáthar nuair a dhéantar achomharc i gcoinne cinntí maidir le modhnóireacht inneachair.

2.  Beidh na comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách comhdhéanta de shaineolaithe dlí neamhspleácha a mbeidh an sainordú acu breithmheas a thabhairt i ndíospóidí idir ardáin óstála inneachair agus úsáideoirí i dtaca lena mhéid atá ceanglais dhlíthiúla agus rialála, treoirlínte pobail agus téarmaí agus coinníollacha á gcomhlíonadh ag an inneachar i dtrácht.

3.  Más rud é go ndéantar díospóid maidir le modhnóireacht inneachair a tharchur chuig comhlacht um réiteach díospóide neamhspleách, ní chuireann sé sin cosc ar úsáideoir dul i muinín na gcúirteanna freisin mura rud é go bhfuil an díospóid socraithe trí chomhaontú comhchoiteann.

4.  Déanfaidh ardáin óstála inneachair a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu rannchuidiú airgeadais le costais oibriúcháin na gcomhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách trí chiste tiomnaithe atá faoi bhainistiú an eintitis Eorpaigh, chun cabhrú leis na Ballstáit na comhlachtaí sin a mhaoiniú. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar acmhainní leormhaithe a sholáthar do na comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách chun a n-inniúlacht agus a neamhspleáchas a áirithiú.

Airteagal 16

Rialacha nós imeachta le haghaidh réiteach díospóide neamhspleách

1.  Beidh an ceart ag an uaslódáitheoir mar aon le tríú páirtí, amhail ombudsman a bhfuil leas dlisteanach aige nó aici i mbeart a dhéanamh, cás de mhodhnóireacht inneachair a tharchur chuig an gcomhlacht inniúil um réiteach díospóide neamhspleách sa chás go bhfuil an t-ardán óstála inneachair tar éis a chinneadh inneachar a dhíchur, a bhaint anuas nó rochtain ar inneachar a dhíchumasú, nó gníomhú ar shlí eile ar bhealach atá contrártha don ghníomhaíocht is rogha leis an uaslódaitheoir de réir mar atá curtha in iúl ag an uaslódaitheoir nó ina ndéantar sárú ar chearta bunúsacha.

2.  I gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag ardán óstála inneachair gan inneachar is ábhar d’fhógra a bhaint anuas, beidh an ceart ag an bhfógróir an cheist a tharchur chuig an gcomhlacht inniúil um réiteach díospóide neamhspleách ar choinníoll go mbeadh seasamh dlíthiúil ag an bhfógróir in imeachtaí sibhialta i ndáil leis an inneachar i dtrácht.

3.  Maidir le dlínse, beidh an comhlacht um réiteach díospóide neamhspleách suite sa Bhallstát ina ndearnadh an t-inneachar is ábhar don díospóid a uaslódáil. I ngach cás, féadfaidh daoine nádúrtha gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta díospóide neamhspleách dá mBallstáit chónaithe.

4.  Sa chás go bhfuil an ceart ag fógróir cás de mhodhnóireacht inneachair a tharchur chuig comhlacht um réiteach díospóide neamhspleách i comhréir le mír 2, féadfaidh an fógróir an cás a tharchur chuig an gcomhlacht um réiteach díospóide neamhspleách atá suite sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfógróir nó ar an uaslódaitheoir, más chun críoch neamhthráchtála atá an tseirbhís á húsáid ag an uaslódaitheoir.

5.  I gcás ina bhfuil cás de mhodhnóireacht inneachair a bhaineann leis an gceist chéanna ina ábhar do tharchur chuig comhlacht eile um réiteach díospóide neamhspleách, féadfaidh an comhlacht um réiteach neamhspleách an nós imeachta maidir le tarchur a chur ar fionraí. I gcás ina raibh ceist maidir le modhnóireacht inneachair ina hábhar do mholtaí ó chomhlacht um réiteach díospóide neamhspleách, féadfaidh an comhlacht um réiteach díospóide neamhspleách diúltú déileáil leis an tarchur.

6.  Déanfaidh na Ballstáit gach riail agus nós imeachta eile atá riachtanach do na comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách laistigh dá ndlínse féin a leagan síos.

Airteagal 17

Sonraí pearsanta

Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta arna déanamh de bhun an Rialacháin seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5).

Airteagal 18

Sáruithe a thuairisciú agus cosaint do dhaoine a dhéanann tuairisciú

Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le tuairisciú ar sháruithe ar an Rialachán seo agus maidir le cosaint a thabhairt do dhaoine a dhéanann na sáruithe sin a thuairisciú.

Airteagal 19

Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/1937

Leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 mar a leanas:

(1)  i bpointe (a) d’Airteagal 2(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(xi) bainistiú inneachair ar líne;”;

(2)  i gCuid I den Iarscríbhinn, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“K. Pointe (a)(xi) d’Airteagal 2(1) - bainistiú inneachair ar líne.

Rialachán [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta conarthacha a mhéid a bhaineann le bainistiú inneachair.”.

Airteagal 20

Tuairisciú, meastóireacht agus athbhreithniú

1.  Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a sholáthar don Choimisiún. Ar bhonn na faisnéise a bheidh soláthartha agus ar bhonn comhairliúcháin phoiblí, déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [trí bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus breithneofar sa tuarascáil sin an bhfuil gá le bearta breise, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leasuithe ar an Rialachán seo.

2.  Gan dochar do na hoibleagáidí maidir le tuairisciú a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, an staidreamh seo a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)  an líon díospóidí atá tarchurtha chuig comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách agus na cineálacha inneachair a bhí ina n-ábhar do dhíospóidí;

(b)  an líon cásanna atá socraithe ag na comhlachtaí um réiteach díospóide neamhspleách, arna gcatagórú de réir toraidh.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón XX.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(2) Ba cheart don Choimisiún staid FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a chur san áireamh agus líon na n-úsáideoirí á gcinneadh acu.
(3) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(5) Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.07.02, lch. 37).

An nuashonrú is déanaí: 22 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais