Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir le todhchaí an oideachais san Eoraip i gcomhthéacs COVID-19 (2020/2760(RSP))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 165 agus d’Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Prótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,
– ag féachaint d’Airteagal 14 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta(1),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘An Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025’ (COM(2020)0625),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027: Oideachas agus oiliúint a athshocrú don ré dhigiteach’ (COM(2020)0624),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’ (COM(2020)0274),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2018 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (COM(2018)0022),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2017 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘An Fhéiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr’ (COM(2017)0673),
– ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(2),
– ag féachaint don rún uaithi an 11 Nollaig 2018 maidir leis an oideachas sa ré dhigiteach: dúshláin, deiseanna agus ceachtanna do cheapadh beartais an Aontais Eorpaigh(3),
– ag féachaint don rún uaithi an 12 Meitheamh 2018 maidir le nuachóiriú an oideachais in AE(4),
– ag féachaint do na ceisteanna chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún maidir le todhchaí an oideachais Eorpaigh i gcomhthéacs COVID-19 (O-000052/2020 – B9-0020/2020 agus O-000053/2020 – B9-0021/2020),
– ag féachaint do Rialacha 136(5) agus 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,
A. de bhrí, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur ceart bunúsach daonna é rochtain ar oideachas agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach agus go bhfuil siad riachtanach chun scileanna a shealbhú agus a chothabháil, chun a bheith rannpháirteach go hiomlán agus go gníomhach sa tsochaí agus chun rochtain éifeachtach a bheith ag duine ar mhargadh an tsaothair a bhíonn ag síorathrú;
B. de bhrí, de réir UNESCO, go raibh tionchar ag dúnadh na n-institiúidí oideachais agus oiliúna i gceartlár ghéarchéim COVID-19 ar nach mór 1.6 billiún foghlaimeoir i mbreis agus 190 tír, is é sin 94 % den daonra domhanda foghlaimeoirí; de bhrí go bhfuil tionchar aige fós ar bhreis agus 60 % d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil níos lú ná 25 % de thíortha ar ioncam íseal ann nach ndearna foghlaim ó chian d’aon chineál a sholáthar; de bhrí, sna tíortha is forbartha, go raibh rochtain um 90 % ar an oideachas digiteach ann, rud a fhágann gur fágadh 10 % de na daltaí scoile ar lár(5);
C. de bhrí go bhfuil neamhréitigh dhiana ann fós ar leibhéal AE, agus roinnt Ballstát ann nach raibh rochtain ag 32 % de dhaltaí ar an oideachas ar feadh roinnt míonna; de bhrí, i gcás go leor foghlaimeoirí, gur eascair an easpa rochtana sin as easpa trealaimh dhigitigh, as scileanna digiteacha neamhleora nó as míbhuntáiste a bhí ann cheana; de bhrí, fiú amháin nuair a bhí rochtain ag foghlaimeoirí ar an oideachas digiteach, gur mhinic a bhí orthu foghlaim gan tacaíocht ó mhúinteoirí, ó phiaraí ná ón mbaile, agus uaireanta i dtimpeallacht mhíshochair sa bhaile;
D. de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 ina chúis b’fhéidir leis an gcur isteach is tromchúisí dá raibh ann riamh ar chórais oideachais agus oiliúna an domhain, rud atá ag bagairt caillteanas foghlama do ghlúin iomlán daltaí, agus a d’fhéadfadh na blianta dul chun cinn a scriosadh; de bhrí gur dócha go laghdóidh an caillteanas foghlama sin na leibhéil ioncaim a bheidh ann amach anseo don ghlúin sin agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige freisin ar fhás táirgiúlachta saothair agus ar an iomaíochas don Aontas ina iomláine; de bhrí go bhfuil an ghlúin chéanna ag dul isteach i margadh saothair atá go mór faoi thionchar na géarchéime eacnamaíche arb é COVID-19 is cúis léi;
E. de bhrí go bhfuil ról sóisialta agus tréadach i bhfad níos leithne ag bunaíochtaí oideachais agus go gcuireann siad le sláinte fhisiciúil agus le meabhairshláinte na bhfoghlaimeoirí; de bhrí gur minic a bhí tionchar ag an easpa idirghníomhaíochta idir múinteoirí agus daltaí ar fholláine agus ar mheabhairshláinte na bhfoghlaimeoirí; de bhrí gur leag an phaindéim béim ar an ról ríthábhachtach atá ag múinteoirí san oideachas agus sa tsochaí; de bhrí gur minic a tugadh ar mhúinteoirí agus ar bhaill foirne oideachais eile an iomarca a dhéanamh, rud a léiríonn an gá atá le tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh agus aitheantas níos fearr a thabhairt dá gcuid oibre;
F. de bhrí gur chuir an ghéarchéim dlús leis an aistriú i dtreo na foghlama digití agus gur spreag sí nuálaíocht san oideachas, amhail deiseanna ríomhfhoghlama a fheabhsú; de bhrí gur chuir infheistíochtaí i gcuideachtaí teicneolaíochta foghlama le blianta beaga anuas feabhas ar an oideachas ar líne agus ar réitigh ríomhfhoghlama; de bhrí go bhfuil ról ag comhpháirtíochtaí idir gnólachtaí agus bunaíochtaí oideachais i gcur chun cinn na nuálaíochta in earnáil an oideachais; de bhrí gur cheart go mbeadh an bhunaíocht oideachais go fóill ina cinnteoir deiridh maidir le hábhar oideachais;
G. de bhrí, ag an am céanna, gur nochtadh leis an aistriú tobann go dtí an ollfhoghlaim ar líne agus an chianfhoghlaim, mar thoradh ar an bpaindéim, go bhfuil bearnaí ollmhóra ann i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartais oideachais dhigitigh san Aontas Eorpach agus ar fud na mBallstát; de bhrí gur léirigh an ghéarchéim, ar an gcaoi chéanna, an gá atá le comhar agus comhordú níos fearr i measc na mBallstát maidir le beartais oideachais agus oiliúna;
H. de bhrí gur tháinig ann don aistriú digiteach thar oíche i gcomhthéacs ina raibh easpa bunscileanna digiteacha ag 43 % d’Eorpaigh(6); de bhrí go bhfuil comhghaol díreach idir an Ballstát ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus an áit a bhfuil cónaí orthu laistigh de gach Ballstát, a stádas socheacnamaíoch, a n-aois, a n-ioncam, a leibhéal oideachais agus a bhfostaíocht ar thaobh amháin agus an leibhéal oilteachta digití atá acu ar an taobh eile; de bhrí go bhfuil tionchar ag an gclaochlú digiteach agus ar úsáid teicneolaíochtaí nua ar mhargadh an tsaothair, lena n-éilítear leibhéil níos airde sa litearthacht dhigiteach;
I. de bhrí gur deis í an phaindéim chun athmhachnamh a dhéanamh ar thodhchaí an oideachais;
J. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Teachtaireacht a fhoilsiú go luath maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais mar aon le Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe don Oideachas Digiteach;
K. de bhrí go mbeadh ciorruithe tromchúiseacha ar chláir shuaitheanta oideachais amhail Erasmus+ i gceist leis an gcomhaontú polaitiúil ar ar tháinig an Chomhairle Eorpach maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile go mbeadh buiséad uaillmhianach ann do chláir oideachais; de bhrí nár cheart go dtiocfadh ciorruithe ar chaiteachas poiblí ar an oideachas mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair;
L. de bhrí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, go bhfuil inniúlacht eisiach ag na Ballstáit i mbeartas oideachais, agus gur ról tacaíochta agus comhordaithe atá ag an Aontas;
1. á chur in iúl gur díol sásaimh di an chruthaitheacht agus an acmhainneacht atá léirithe ag institiúidí oideachais agus oiliúna, go háirithe ag a mbaill foirne teagaisc agus oideachais, agus ag daltaí agus ag tuismitheoirí, trí dhul in oiriúint don fhoghlaim ar líne agus don chianfhoghlaim, go háirithe i bhfianaise na n-imthosca síorathraitheacha agus na dtréimhsí éiginnte; á chur in iúl gur díol sásaimh di, ar an gcaoi chéanna, na dea-shamplaí a thug saoránaigh, an tsochaí shibhialta agus soláthraithe oideachais neamhfhoirmiúil agus a gcleachtais oideachais á n-oiriúnú acu agus tionscnaimh á bhforbairt acu, a d'fhág gurbh fhéidir leis an bhfoghlaim leanúint ar aghaidh; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí chun cur le hinfheictheacht agus le méadú tionscnamh éifeachtach, agus chun dea-chleachtais a chur chun cinn i ngach earnáil oideachais; á iarraidh ar an gCoimisiún ardán a chur ar fáil do Bhallstáit chun dea-chleachtais a roinnt agus, i ndáil leis an méid sin, féachaint an bhféadfaí tionscnaimh nua a chur ar bun, amhail Ollscoil Eorpach ar Líne a chruthú;
2. á chur i bhfios go láidir, áfach, gur léiríodh leis an aistriú tobann digiteach san oideachas agus san oiliúint go bhfuil deighilt dhigiteach ann maidir le rochtain ar bhonneagar digiteach agus ar ghairis dhigiteacha, le cáilíocht an teagaisc ar líne agus le scileanna na ndaltaí, na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí;
3. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil daltaí agus mic léinn fós san Eoraip nach bhfuil rochtain acu ar oideachas digiteach; á athdhearbhú go bhfuil gá le nascacht ar an leibhéal Eorpach a fheabhsú, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta, agus le rochtain ar threalamh digiteach a mhéadú; á chur i bhfios go bhfuil nuálaíocht cheannródaíoch ann ó thaobh ríomhairí, taibléid agus bogearraí oideachais de san Eoraip;
4. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na bearnaí atá ann ó thaobh scileanna digiteacha de i measc múinteoirí agus daltaí, ar bearnaí iad a chuireann bac ar oideachas digiteach éifeachtach; á mheabhrú, dá bhrí sin, gur gá infheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna uas-scilithe agus forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ar fud na hEorpa lena áirithiú nach amháin go bhfuil digiteacha acu ach gur féidir leo iad a theagasc freisin; á chur i bhfios go mbaineann luach le soghluaisteacht múinteoirí agus le comhroinnt saineolais mar phríomhuirlis i ndáil leis sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin;
5. ag tabhairt dá haire go raibh tionchar ag an ngéarchéim ar earnálacha éagsúla oideachais agus oiliúna, agus gur minic a d’éirigh níos fearr le hinstitiúidí ardoideachais a bhuí le bonneagar, acmhainní agus taithí le huirlisí digiteacha a bheith acu cheana féin; á thabhairt chun suntais gur dhéine an cur isteach ar oideachas luath-óige, ar oideachas scoile, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint, ar oideachas aosach agus ar oideachas neamhfhoirmiúil agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí chun cianfhoghlaim éifeachtach a chur ar fáil do na hearnálacha sin; á mheabhrú go bhfuil gá le tacaíocht leordhóthanach airgeadais i ndáil leis sin;
6. á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí ó gach ceann de na Ballstáit maidir le tionchar na paindéime ar rannpháirtíocht foghlaimeoirí sa chianoideachas a bhailiú, a mheasúnú agus a fhoilsiú, agus béim ar leith ar chásanna nárbh fhéidir leo a bheith rannpháirteach ann ceal modhanna digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, sonraí a bhailiú maidir le scileanna digiteacha múinteoirí ar fud na mBallstát;
7. ag tabhairt dá haire le mór-imní go bhfuil na bearnaí san oideachas digiteach tar éis éagothromaíochtaí atá cheana ann, bíodh sin i measc na mBallstát nó laistigh de na Ballstáit, a dhéanamh níos measa agus go raibh tionchar neamhréireach aige sin ar dhaoine a bhí ag fulaingt cheana ó mhíbhuntáistí sóisialta, eacnamaíocha nó eile, ar dhaoine a bhfuil deacrachtaí foghlama agus míchumais acu agus ar dhaoine ó ghrúpaí íogaire nó mionlaigh eile; á chur i bhfáth go gcaithfear, mar thosaíocht láithreach, an deighilt dhigiteach a dhúnadh;
8. á mheabhrú, thairis sin, go bhfuil ról sóisialta an-tábhachtach ag scoileanna agus ag forais oideachais eile, mar shampla ó thaobh rochtain a thabhairt ar bhéilí rialta agus ar thacaíocht thréadach; á thabhairt chun suntais go bhfuil éifeachtaí diúltacha ag bearta dianghlasála ar mheabhairshláinte agus dea-bhail na bhfoghlaimeoirí, agus go bhfuil strus a bhaineann le measúnú agus grádáil mar aon le scoiteacht óna gcomhscoláirí ag gabháil leis sin;
9. á chur in iúl, dá bhrí sin, gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag gairmithe oideachais agus ag Ballstáit lena áirithiú gur féidir le foghlaim duine le duine atosú i dtimpeallacht atá slán ó COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit go léir gach rud is gá a dhéanamh chun foghlaim duine le duine a ráthú do chách; á aithint go bhfuil dúshlán ag gabháil go nádúrtha le forais oideachais a athoscailt agus á chur in iúl gur saoth léi an easpa comhordúcháin nó malartaithe dea-chleachtais ar an leibhéal Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú go dlúth le chéile chun na rioscaí sláinte don fhoireann agus d’fhoghlaimeoirí a íoslaghdú agus chun an seans atá ann go bhféadfaidh oideachas duine le duine leanúint ar aghaidh a uasmhéadú; á chreidiúint, ag an am céanna agus i gcás go dtarlóidh dianghlasáil eile, go gcaithfidh forais oideachais a bheith feistithe amach chun foghlaim dhigiteach ar ardcháilíocht a sholáthar do na foghlaimeoirí ar fad agus chun aghaidh a thabhairt ar mheabhairshláinte agus dea-bhail i gcomhar leis na tuismitheoirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile;
10. á chur i bhfáth gur minic le héagothromaíochtaí sóisialta agus oideachais greim a bhaint amach sa luath-óige agus gur gnách leo fairsingiú de réir mar a thagann daoine in aois mar gurb iondúil gurb é an toradh a bhíonn ar leibhéal íseal oideachais ná gur measa na deiseanna fostaíochta a bhíonn ag daoine, agus as sin go laghdaítear an rochtain a bhíonn acu ar oiliúint ar an láthair oibre agus go laghdaítear freisin na deiseanna forbartha;
11. á chur in iúl gur cúis imní di na leibhéil mhíchothroma de neamhlitearthacht dhigiteach atá tagtha chun cinn de thoradh na géarchéime, le go leor daoine ag streachailt leis an tuiscint bhunúsach ar chosaint sonraí ar líne, ar chibearshlándáil agus ar litearthacht faisnéise; á thabhairt chun suntais gur dúshlán ar leith í an mhífhaisnéis agus an bhréagnuacht ina leith sin; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé tábhachtach scileanna bunúsacha i litearthacht dhigiteach agus faisnéise a mhúineadh trí chur chuige dílis i leith na foghlama ar feadh an tsaoil agus á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar an rochtain ar theagasc scileanna digiteacha do dhaoine scothaosta agus do dhaoine ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh mhórscála Eorpacha maidir leis an litearthacht dhigiteach ann agus iad daingnithe sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, arna athbhreithniú;
12. á mheas gurb í an chéad chéim atá le foghlaim ón ngéarchéim ná go gcaithfear cuimsiú agus comhdheiseanna, ó thaobh rochtana agus cáilíochta araon de, a chur i gcroílár bheartais oideachais agus oiliúna an Aontais don todhchaí;
13. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé léirithe ag an ngéarchéim go dteastaíonn cur chuige il-gheallsealbhóra agus comhchruthaitheachta i leith an bheartais oideachais, lena n-áirítear múinteoirí agus oiliúnóirí, foghlaimeoirí, soláthraithe oideachais agus oiliúna ar bhonn seachfhoirmiúil, tuismitheoirí, gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, ceardchumainn agus údaráis áitiúla, agus iadsan a bheith páirteach sa dearadh chomh maith leis an seachadadh; á mheabhrú go dtarlaíonn an fhoghlaim i dtimpeallachtaí foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus nach mór an déanamh beartais a oiriúnú i dtreo cur chuige iltimpeallachta;
14. á chur in iúl gur deimhin léi go dtugann an ghéarchéim seo deis dúinn machnamh ceart a dhéanamh ar an treo a rachaidh an beartas oideachais agus oiliúna sa todhchaí agus ar an áit a bheidh ag oideachas agus oiliúint laistigh den chlár oibre níos leithne le haghaidh an téarnaimh i ndiaidh na paindéime; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag an oideachas san aistriú glas agus san aistriú digiteach; á mheabhrú go n-aithnítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip go bhfuil ról lárnach ag scoileanna, forais oiliúna agus ollscoileanna ó thaobh athrú a thabhairt i gcrích;
15. á chreidiúint, thairis sin, gurb é anois an t-am le hathsmaoineamh a dhéanamh ar churaclaim agus ar mhodhanna foghlama, agus iad a nuachóiriú, agus go bhfuil sé in am dlús a chur leis an athrú; ag spreagadh na mBallstát le lánfháilte a chur roimh an digiteáil agus an nuáil, agus nuatheicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail intleacht shaorga, blocshlabhraí, réitigh don fhoghlaim oiriúnaitheach agus cluichiú, a shníomh isteach ina gcórais oideachais agus oiliúna ar bhealach cliste atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir; á chur i bhfios go láidir gur gá staidéar a dhéanamh ar an tionchar atá ag teicneolaíochtaí nuálacha san oideachas agus gur gá samplaí den dea-chleachtas a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach; á mheabhrú a thábhachtaí atá na prionsabail dhlíthiúla agus eiticiúla atá mar bhonn taca don mhaoin intleachtúil i gcomhthéacs inneachar an oideachais dhigitigh; á chur i bhfáth gur cheart úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a shníomh isteach san oideachas ó bhíonn daoine an-óg, ach iad faoi mhaoirsiú gairmiúil cuí ag duine fásta, agus gur cheart go leanfaí na caighdeáin is airde ó thaobh cosaint sonraí agus cóipchirt de;
16. á chur i bhfáth nach féidir aon rud a chur in ionad na hidirghníomhaíochta dírí idir na múinteoirí agus foghlaimeoirí agus gurb í an fhoghlaim duine le duine amháin atá in ann sealbhú scileanna idirphearsanta agus sóisialta a áirithiú go héifeachtach; á mheas, dá bhrí sin, fiú agus gur dócha go leanfaidh samhail oideachais hibrideach ina mbeidh foghlaim ranga duine le duine agus réitigh r-fhoghlama as an bpaindéim, go gcaithfidh foghlaim duine le duine a bheith fós i gcroílár an oideachais agus na hoiliúna; á mheabhrú a thábhachtaí atá léann na ndaonnachtaí agus á chreidiúint go bhfuil na daonnachtaí bunriachtanach le bheith mar chomhlánú ar ábhair STEAM agus ar scileanna fiontraíochta;
17. á mheas go mbeadh feabhas ar éifeachtacht na freagartha do ghéarchéim COVID-19 dá mbeadh comhar agus comhordú níos fearr ann i measc na mBallstát agus dá mbeadh beartas oideachais agus oiliúna níos uaillmhianaí ag an Aontas, agus ag tathant ar an Aontas ról comhordúcháin níos gníomhaí a bheith aige amach anseo;
18. á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún creat beartais teanntásach a mholadh le haghaidh beartas oideachais Eorpach sa todhchaí, lena ndéanfar an Limistéar Eorpach Oideachais a chlaochlú ó fhís scaoilte de phrionsabail go dtí clár oibre nithiúil ag a bhfuil tacar cuspóirí intomhaiste, lena n-áirítear aitheantas frithpháirteach go huathoibríoch i gcás cáilíochtaí, dioplómaí agus tréimhse foghlama thar lear a bheith tugtha chun fíre san Aontas faoi 2025 ar a dhéanaí; ag tathant ar an gCoimisiún cur chuige teanntásach den chineál céanna a ghlacadh i leith an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach faoi mar atá uasghrádaithe, trína mbeifear ag aistriú ó bhailiúchán de ghníomhaíochtaí neamhionanna go dtí straitéis lánfheidhmiúil le haghaidh scileanna digiteacha agus oideachas; á áitiú go ndéanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa a pháirtiú go gníomhach ag gach céim den déanamh beartais;
19. á áitiú go gcaithfidh an beartas oideachais Eorpach don todhchaí a bheith bunaithe ar cheart beartais comhleanúnach a áirithíonn go bhfuil na tionscnaimh beartais ábhartha - amhail an Clár Oibre Scileanna don Eoraip, an Limistéar Eorpach Oideachais, an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, Ráthaíocht don Aos Óg agus Ráthaíocht i dTaobh Leanaí - comhlántach le chéile agus go dtacaíonn siad le haidhmeanna beartais foriomlána soiléire; á mheas go bhfuil sé riachtanach an toise oideachais a chomhtháthú san idirphlé le saoránaigh, mar shampla faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa atá le teacht;
20. ag tabhairt dá haire go bhfuil an dul chun cinn ionsar Limistéar Eorpach an Ardoideachais i bhfad go mór chun cinn ar an dul chun cinn in earnálacha oideachais eile; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, díriú isteach níos mó ar earnálacha oideachais eile, go háirithe oideachas luathóige, oideachas scoile, oideachas aosach agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, trí chur chuige foghlama ar feadh an tsaoil;
21. á mheabhrú gurb é clár Erasmus+ an phríomhionstraim maoinithe atá ann chun tacú le lánpháirtiú an Limistéir Eorpaigh Oideachais; á chur i bhfios go láidir a fhiúntaí atá uirlisí atá forbartha le tacaíocht ó Erasmus+ chun acmhainní teagaisc a tháirgeadh agus a chomhroinnt, mar shampla trí r-Nascadh, agus chun módúil oiliúna do mhúinteoirí a fhorbairt, mar shampla tríd an Tairseach Oideachais Scoile; á chreidiúint gur cheart na huirlisí sin a uascálú, a mhaoiniú níos fearr agus a chur chun cinn go gníomhach laistigh den phobal oideachais chun go mbeidh fíorthionchar acu ar theagasc agus foghlaim ar líne; á mheabhrú go dtacaíonn sí le clár Erasmus+ mar chlár atá ina chomhlánú ar an tsoghluaisteacht trí bhíthin uirlisí fíorúla foghlama agus comhair agus nach é go ndéanann sé ionadú ar an tsoghluaisteacht sin; á chur i bhfios a fhiúntaí atá an rannchuidiú atá déanta ag líon áirithe treoirthionscadal agus gníomhaíochta ullmhúcháin (PPPAnna) a bhaineann leis an oideachas agus atá molta ag Parlaimint na hEorpa, agus á iarraidh go ndéanfar PPPAnna rathúla a shníomh isteach i mbeartas agus cláir;
22. á chur i bhfáth, thairis sin, go bhféadfadh tionscnaimh de chuid na Lárionad Eorpach um Barrfheabhas Gairme, de chuid DiscoverEU agus de chuid na nOllscoileanna Eorpacha rannchuidiú leis an Limistéar Eorpach Oideachais; á chur in iúl, áfach, gur saoth léi go ndearnadh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) athbhreithnithe a foilsíodh i mBealtaine 2020 - a ndearna an Chomhairle Eorpach é a ísliú tuilleadh fós i mí Iúil 2020 - clár Erasmus+ a fhágáil gann ar an gcistiú atá riachtanach chun na tionscnaimh shuaitheanta sin a thabhairt i gcrích gan cur isteach ar chroíchodanna den chlár, go háirithe deiseanna soghluaisteachta san fhoghlaim a leathnú agus an clár a dhéanamh níos cuimsithí;
23. á chur in iúl gur féidir le raon de chláir mhaoinithe de chuid an Aontais tacú leis an mbeartas oideachais; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíochtú a dhéanamh ar infheistíochtaí spriocdhírithe sa bhonneagar digiteach agus i dtrealamh digiteach d’fhorais oideachais agus d’fhoghlaimeoirí ionas go bhféadfar cianfhoghlaim agus foghlaim ar líne a chumasú, go sonrach i gcás feistí digiteacha agus rochtain idirlín i gceantair iargúlta agus tuaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a úsáid chun na críche sin;
24. á chur i bhfios go láidir go bhfuil córais oideachais ardcháilíochta ina ndúshraith do chumas iomaíochta AE ar an leibhéal domhanda agus á mheabhrú go n-éilítear ardleibhéil d’infheistiú poiblí le haghaidh córas oideachais agus oiliúna atá ag feidhmiú go maith; á áitiú, dá bhrí sin, nach ngabhann aon chreidiúnacht le beartais uaillmhianacha nach bhfuil an maoiniú comhfhreagrach ann dóibh; á chur in iúl gur oth léi go mór go ndearnadh ciorruithe buiséadacha sa chomhaontú polaitiúil ar an gcéad CAI eile, arna chomhaontú ag Comhairle Eorpach mhí Iúil, a bhfuil tionchar acu go sonrach ar na cláir sin a thacaíonn le beartais oideachais agus oiliúna - go sonrach Erasmus+, Fís Eorpach agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus; á athdhearbhú gur iarr sí go ndéanfaí an buiséad do Erasmus+ a mhéadú faoi thrí i gcomparáid leis an mbuiséad a bhí ann dó in CAI 2014-2020; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid uaillmhianach a bhaint as na cistí atá ar fáil tríd an bplean téarnaimh ar mhaithe le hinfheistiú san oideachas a bhrú ar aghaidh; ag spreagadh na mBallstát le méadú suntasach a dhéanamh ar chaiteachas poiblí san oideachas;
25. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.