Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Prótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile a thabhairt i gcrích (13484/2019 – C9-0178/2019 – 2019/0226(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13484/2019),
– ag féachaint do Phrótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile (13483/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0178/2019),
– ag féachaint don rún neamhreachtach uaithi an 11 Samhain 2020(1) maidir leis an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0180/2020),
1. ag tabhairt a toilithe an Prótacal a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Seineagáile.