Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/0246(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0093/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0093/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 11/11/2020 - 26

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0300

Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 43k
Dé Céadaoin, 11 Samhain 2020 - Brussels
Teorainneacha acmhainne a thabhairt isteach do throsc Mhuir Bhailt Thoir, bailiú sonraí agus bearta rialaithe i Muir Bhailt agus scor buan do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throsc Mhuir Bhailt Thoir ***I
P9_TA(2020)0300A9-0093/2020
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 maidir le teorainneacha acmhainne a thabhairt isteach do throsc Mhuir Bhailt Thoir, bailiú sonraí agus bearta rialaithe i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le scor buan do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throsc Mhuir Bhailt Thoir (COM(2019)0564 – C9-0161/2019 – 2019/0246(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0564),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0161/2019),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Eanáir 2020(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Meán Fómhair 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0093/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 106, 31.3.2020, lch. 10.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Samhain 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le laghdú acmhainne iascaireachta i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar
P9_TC1-COD(2019)0246

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/1781.)

An nuashonrú is déanaí: 1 Feabhra 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais