Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/0188(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0128/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0128/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 11/11/2020 - 26

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0301

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 43k
Dé Céadaoin, 11 Samhain 2020 - Brussels
Comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) ***I
P9_TA(2020)0301A9-0128/2020
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (COM(2019)0620 – C9-0117/2019 – 2019/0188(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0620),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0117/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Deireadh Fómhair 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 7 Deireadh Fómhair 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0128/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Samhain 2020 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna)
P9_TC1-COD(2019)0188

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/1782).

An nuashonrú is déanaí: 1 Feabhra 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais