Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2020 maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe - Conas is féidir an Comhaontú Glas a mhaoiniú (2020/2058(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 dar teideal ‘An Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2020)0021),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus don rún uaidh ina leith sin an 15 Eanáir 2020(1),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiúin an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil (MFF) do na blianta 2021 go 2027 (COM(2018)0322) agus do thogra leasaithe an 28 Bealtaine 2020 (COM(2020)0443), mar aon le togra leasaithe an 28 Bealtaine 2020 le haghaidh cinneadh maidir le córas Acmhainní Dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2020)0445),
– ag féachaint dá thuarascáil eatramhach an 14 Samhain 2018, maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh Pharlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú(2),
– ag féachaint don rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: uain chun ionchais na saoránach a chomhlíonadh(3),
– ag féachaint don rún uaithi an 15 Bealtaine 2020 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh(4),
– ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach agus do na moltaí ón nGrúpa Ardleibhéil um Acmhainní Dílse i mí na Nollag 2016,
– ag féachaint don rún reachtach uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh(5),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Uain na hEorpa: Deisiú agus ullmhú don chéad ghlúin eile’ (COM(2020)0456) agus na tograí reachtacha a ghabhann leis,
– ag féachaint do Threoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814, agus do Chinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a oibriú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE,
– ag féachaint don rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le cánachas cothrom i ngeilleagar digitithe agus domhandaithe: BEPS 2.0(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomh comhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(7),
– ag féachaint don tuarascáil deiridh ón nGrúpa Saineolaithe Ardleibhéil um Maoiniú Inbhuanaithe (HLEG) an 31 Eanáir 2018,
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú’ (COM(2018)0097),
– ag féachaint don rún uaithi an 29 Bealtaine 2018 maidir le maoiniú inbhuanaithe(8),
– ag féachaint don rún uaithi an 23 Iúil 2020 maidir leis na conclúidí ón gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 17-21 Iúil 2020(9),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088, agus do Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais,
– ag féachaint do Réamhaisnéisí Eacnamaíocha na hEorpa gach ráithe ón gCoimisiún,
– ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’), do Phrótacal Kyoto a ghabhann leis agus do Chomhaontú Pháras,
– ag féachaint do na Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leo, do na Prionsabail um Baincéireacht Fhreagrach agus do na Prionsabail um Árachas Inbhuanaithe,
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, do Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus do dhearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cearta Bunúsacha agus Prionsabail Bhunúsacha san Obair agus d’ocht gcroíchoinbhinsiún EIS,
– ag féachaint do reachtanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE),
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta faoi Riail 58 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gcoiste um Chultúr agus um Oideachas,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0198/2020),
A. de bhrí nach ndearnadh na hinfheistíochtaí is gá d’oiriúnú don athrú aeráide a mheasúnú ná a ionchorprú i bhfigiúirí aeráide CAI go fóill;
B. de bhrí go ndéanfaidh an bealach i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 borradh a chur faoi iomaíochas gheilleagar an Aontais agus go mbeidh barrachas post inbhuanaithe agus ardchaighdeáin ann dá bharr;
C. de bhrí go léirítear go soiléir sa tuarascáil speisialta ó Phainéal Idir-Rialtasach 2019 ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda 1.5°C nach leor na beartais a glacadh go dtí seo chun cosc a chur leis an téamh domhanda a bheith níos airde ná 1.5°C, le cailliúint bithéagsúlachta agus le cur isteach ar shreafaí bith-gheoiceimicigh;
D. de bhrí go leagfar amach i ndlí aeráide AE tiomantas AE don aeráidneodracht faoi 2050, lena n-áirítear céimeanna uaillmhianacha idirghabhála is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach;
E. de bhrí gur mheas an Coimisiún gur infheistíocht EUR 240 billiún a theastódh ar leibhéal AE chun cuspóirí aeráide reatha 2030 a bhaint amach(10) móide méideanna breise de EUR 130 billiún in aghaidh na bliana do chuspóirí comhshaoil, EUR 192 billiún in aghaidh na bliana do bhonneagar sóisialta agus EUR 100 billiún in aghaidh na bliana do bhonneagar iompair na hEorpa ina iomláine; de bhrí gurb ionann sin agus ar a laghad EUR 662 billiún de riachtanais infheistíochta in aghaidh na bliana; de bhrí go bhfuil na figiúirí sin bunaithe ar chuspóir aeráide 2030 maidir le laghdú 40 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT); de bhrí gur aontaigh Parlaimint na hEorpa ar chuspóirí níos uaillmhianaí anois, tá an bhearna infheistíochta níos airde fós; de bhrí go bhfuil sé riachtanach na cistí uile atá ar fáil a shlógadh chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh;
F. de bhrí go n-iarrtar le hAirteagal 2(1) de Chomhaontú Pháras go ndéanfaí sreafaí airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtreo leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de;
G. de bhrí gur straitéis nua é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm leis sochaí chothrom agus rathúil a dhéanamh de AE, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní, agus ar cheart dó rannchuidiú freisin le neamhspleáchas straitéiseach AE a áirithiú;
H. de bhrí go gcuireann paindéim COVID-19 béim ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíochtaí i ngeilleagar atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de, go háirithe infheistíochtaí lena ndéantar taighde ceannródaíoch agus forbairt cheannródaíoch, earnáil thionsclaíoch iomaíoch, margadh aonair níos doimhne agus níos láidre, FBManna láidre, cúram sláinte, córas láidir leasa agus folláine shóisialta a chur chun cinn;
I. de bhrí go ndéanann an caiteachas is gá chun tacú le geilleagair na hEorpa an cheist a ardú maidir leis an gcaoi a n-aisíocfar an fiachas a tabhaíodh; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach cosc a chur le méadú ar neamhionannais, mar a tharla tar éis na géarchéime a bhí ann roimhe seo;
J. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach córas eacnamaíoch inbhuanaithe a chruthú chun neamhspleáchas straitéiseach fadtéarmach AE a fhorbairt agus chun athléimneacht AE a mhéadú;
K. de bhrí go mbíonn tionchar ag beartas trádála ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT);
L. de bhrí gurb ionann astaíochtaí GCT ón earnáil iompair agus 27 % d’astaíochtaí domhanda AE agus gurb iad na hastaíochtaí sin amháin atá fós ag dul i méid; de bhrí nach mór don iompar rannchuidiú, ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, le spriocanna AE maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach, ar spriocanna iad atá dírithe ar aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh an t-iompar fós inacmhainne agus iomaíoch; de bhrí gur féidir dlús a chur le laghdú astaíochtaí na hearnála iompair i gcás an bhonneagair agus an fhlít feithiclí araon trí shineirgí le hearnálacha eile a fhorbairt agus a threisiú, amhail na hearnálacha digiteacha nó fuinnimh;
M. de bhrí go bhféadfadh díolúintí cánach d’earnáil na heitlíochta agus don earnáil mhuirí saobhadh a dhéanamh ar an iomaíochas idir earnálacha tionsclaíocha, agus go bhféadfadh siad modhanna iompair neamhéifeachtúla agus truaillitheacha a chur chun cinn;
N. de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 2 de Reachtanna BCE, má bhaintear amach an cuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna agus mura dtugtar faoi cheist é, nach mór beartas airgeadaíochta BCE a sheoladh d’fhonn cur le cuspóirí AE atá leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena bhforáiltear, i measc cuspóirí eile, do cháilíocht an chomhshaoil a chosaint;
O. de bhrí, i gcomhthéacs a athbhreithnithe ar a straitéis maidir le beartas airgeadaíochta, go measfaidh BCE an féidir leis agus conas is féidir leis, agus é ag gníomhú laistigh dá shainordú, breithnithe inbhuanaitheachta a chur san áireamh, go háirithe rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil;
P. de bhrí gurb é is aidhm le gníomhachtú an chlásail ghinearálta éalaithe ná ligean do na Ballstáit beartas fioscach a shaothrú lena n-éascófar cur chun feidhme na mbeart uile is gá chun déileáil go leordhóthanach leis an ngéarchéim agus, ag an am céanna, fanacht laistigh de chreat rialacha-bhunaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF); de bhrí go leagtar síos sa chlásal ginearálta éalaithe nár cheart an inbhuanaitheacht fhioscach a chur i mbaol de dheasca chur i bhfeidhm an chlásail sin;
1. á chur in iúl gur geal léi an Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (PIEI), a bhfuil ról lárnach aige lena áirithiú go mbeidh rath ar an gComhaontú Glas agus ar an aistriú i dtreo geilleagar a bheidh níos inbhuanaithe, níos iomaíche, níos ciorclaí agus níos athléimní, i gcomhréir le gealltanais chomhshaoil an Aontais, lena n-áirítear gealltanais aeráide faoi Chomhaontú Pháras agus faoi dhlí aeráide AE; á chur i bhfáth gur cheart don phlean a bheith i gcroílár freagairt chomhordaithe agus chuimsitheach ón Aontas ar gheilleagar agus sochaí níos athléimní a thógáil tar éis phaindéim COVID-19, agus gur cheart go gcothófar comhtháthú críochach, sóisialta agus eacnamaíoch leis; á chur i bhfios nach mór don inbhuanaitheacht a bheith i gcomhréir le breithnithe cobhsaíochta airgeadais;
2. á chur in iúl gur geal léi an Plean Téarnaimh don Eoraip ón gCoimisiún , a bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis maidir le Digitiú ina chroílár; á chur in iúl go bhformhuiníonn sí an bunphrionsabal go n-urramóidh infheistíochtaí poiblí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH), agus á thabhairt chun suntais go bhfuil feidhm ag an bprionsabal sin maidir le cuspóirí sóisialta agus comhshaoil araon; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go ndéanfadh pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta an tAontas Eorpach a chur ar bhealach na haeráidneodrachta faoi 2050, mar a chumhdaítear i ndlí aeráide AE, lena n-áirítear na spriocanna idirmheánacha do 2030, lena n-áiritheofar aistriú na mBallstát i dtreo geilleagar ciorclach agus aeráidneodrach, bunaithe ar spriocanna eolaíochta agus aeráide a mbeidh teorainn ama leo;
3. á mheabhrú go gcaithfidh infheistíochtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an prionsabal “gan dochar a dhéanamh” a urramú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid i gcomhréir le Tacsanomaíocht AE agus gur cheart pleananna téarnaimh náisiúnta a ailíniú le Pleananna Fuinnimh agus Aeráide Náisiúnta (NECPanna);
4. á mheas gurb ionann aistriú cothrom chuig an aeráidneodracht agus mórfhreagracht de chuid AE; á iarraidh go ndéanfar bearta agus beartais iomchuí a chur chun feidhme chun go n-éireoidh leis an gclaochlú sin, agus na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, réigiúin, cathracha agus na Ballstáit a bheith páirteach ann; á iarraidh go dtabharfar tús áite d’infheistíochtaí chun tacú le haistriú inbhuanaithe, leis an gclár oibre digiteach agus le ceannasacht Eorpach in earnálacha straitéiseacha trí bhíthin straitéis chomhsheasmhach thionsclaíoch; á chreidiúint go gcuideoidh digiteáil na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha leis an aeráidneodracht a bhaint amach;
5. á chur i bhfáth go mbeidh an rath a bheidh ar aidhm AE aeráidneodracht a bhaint amach agus geilleagar ciorclach a bheith ann faoi 2050 ag brath, i measc tosca eile, ar mhaoiniú leordhóthanach agus comhtháthú comhleanúnach na hinbhuanaitheachta san airgeadas poiblí agus príobháideach; á chur i bhfios go láidir nach leor maoiniú poiblí amháin chun na spriocanna thuasluaite a bhaint amach agus chun rannchuidiú leis an aistriú; á chur i bhfáth go mbeidh gá le méideanna suntasacha breise d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a chur chun cinn agus PIEI á fhorbairt; á chur i bhfios go láidir nach mbeidh na cistí a mbeidh fáil orthu neamhtheoranta, fiú amháin le cistiú uaillmhianach; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh PIEI foráil maidir le hinfheistíocht bhreise lena ngabhann breisluach réadach agus nach ndéanann maoiniú margaidh a phlódú agus go ndéanfaidh sé an infheistíocht sin a chumasú; á iarraidh ar an gCoimisiún creat láidir a bhunú don tuairisciú agus don fhaireachán lena áirithiú go mbeidh fíorthionchar ag caiteachas; á áitiú go mbeidh an nasc idir caiteachas agus ioncam, go háirithe trí acmhainní dílse nua a chruthú, ríthábhachtach do chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais;
6. ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar ag an aistriú i dtreo geilleagar glas ar gach earnáil de gheilleagar AE, agus á áitiú gur cheart go gcuirfidh an bealach i dtreo na haeráidneodrachta borradh faoi iomaíochas an gheilleagair Eorpaigh agus go mbeidh glanbharrachas de phoist inbhuanaithe ardcháilochta san Aontas mar thoradh air sin; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeidh an t-aistriú glas cuimsitheach agus i gcomhréir le prionsabail na hinbhuanaitheachta eacnamaíche, sóisialta agus comhshaoil; á mheas nár cheart do PIEI aon duine a fhágáil ar lár agus gur cheart go ndíreoidh sé, i gcás inar gá, ar éagothromaíochtaí a laghdú idir na Ballstáit agus na réigiúin maidir le cuspóirí aeráidneodrachta a bhaint amach; á mheabhrú go bhfuil an-tábhacht le sábháil agus cruthú post, mar aon le hoiliúint bhreise agus athoiliúint, san aistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe;
7. á chur i bhfáth freisin go gcaithfidh táirgeoirí táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe ón Eoraip buntáistí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a fheiceáil chun go n-éireoidh leis;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar PIEI a mhaoiniú go leordhóthanach lena áirithiú go mbeidh tionchar leordhóthanach ag na cláir a bheidh ann amach anseo, amhail an Straitéis maidir leis an Rabhartha Athchóirithe, ar gach foirgneamh in AE, go mbeidh glacadh ag saoránaigh uile an Aontais leo agus go bhfáilteoidh na saoránaigh rompu;
9. ag ceistiú an gcumasóidh PIEI, mar atá sé faoi láthair, EUR 1 trilliún a shlógadh faoi 2030, i bhfianaise an dearcaidh eacnamaíoch dhiúltaigh tar éis phaindéim COVID-19; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún trédhearcacht iomlán a áirithiú ar shaincheisteanna maoinithe, amhail an éifeacht giarála dóchasaí, comhaireamh dúbailte féideartha infheistíochtaí áirithe nó an easpa soiléireachta maidir le heachtarshuí méideanna áirithe; ag ceistiú, thairis sin, conas a chumasóidh an CAI nua mar a mhol an Coimisiún agus mar a comhaontaíodh sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach spriocanna PIEI a bhaint amach; á chur in iúl gur ábhar imní go bhféadfadh bearna infheistíochta glaise teacht chun cinn ag deireadh na chéad tréimhse CAI eile trí thús áite a thabhairt do chláir AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna a thabhairt chun cinn lena míneofar conas a dhúnfaidh siad an bhearna shuntasach infheistíochta trí bhíthin infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon, lena n-áirítear measúnú ar an ionchas nua eacnamaíoch a d’eascair as an ngéarchéim reatha agus an uaillmhian mhéadaithe a bhfuiltear ag dréim léi ó na spriocanna aeráide, fuinnimh agus comhshaoil do 2030; á chur i bhfios go láidir gur sprioc fhadtéarmach AE is ea PIEI agus nach féidir le CAInna níos ísle, lena leithdháiltear cion mór airgid ar aisíoc an fhiachais fhadtéarmaigh, an bonn a bhaint de amach anseo;
10. ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún, i dTeachtaireacht PIEI uaidh an 14 Eanáir 2020, go bhfuil infheistíocht EUR 662 billiún in aghaidh na bliana ar a laghad ag teastáil ar leibhéal AE chun na cuspóirí reatha aeráide do 2030 a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún na figiúirí nua sin a léiriú i struchtúr leasaithe PIEI;
11. á iarraidh ar an gCoimisiún neamhchosaint chistí uile CAI agus ‘Next Generation EU’ ar chuspóirí agus catagóirí éagsúla tacsanomaíochta AE a nochtadh;
12. á iarraidh go n-áiritheofar go rachaidh maoiniú ó PIEI, ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, i dtreo na mbeartas agus na gclár sin a bhfuil an acmhainneacht is mó acu chun rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus le cuspóirí comhshaoil eile, lena n-áirítear aistriú cuideachtaí AE, go háirithe FBManna, chuig Aontas níos iomaíche agus chuig cruthú post, agus iad ag oiriúnú do riachtanais éagsúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ag an am céanna; ag súil leis an gcreat a fhoilseoidh an Coimisiún, roimh thús an chéad CAI eile, maidir le rianú a dhéanamh ar chaiteachas aeráide agus bithéagsúlachta agus ar chaiteachas inbhuanaithe eile lena n-úsáidfear, de réir mar is iomchuí, na critéir a bunaíodh leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht; á iarraidh go n-áireofar leis an gcreat sin, inter alia, modheolaíocht faireacháin, mar aon le bearta ceartaitheacha comhfhreagrachta, agus sásra slánaithe agus rianaithe inbhuanaitheachta chun tionchair dhíobhálacha a shainaithint i gcomhréir le prionsabal DNSH agus le gealltanais faoi Chomhaontú Pháras;
13. á thabhairt chun suntais go mbraitheann rath PIEI ar leordhóthanacht an mhaoinithe phoiblí agus phríobháidigh, agus ar chomhleanúnachas bheartais AE; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil gá le táscairí comhchuibhithe inbhuanaitheachta agus le modheolaíocht chun tionchar a thomhas; á áitiú gur cheart, i bhfianaise PIEI, tús a chur le measúnuithe tionchair i ndáil le píosaí eile reachtaíochta, cibé acu atá siad fós ag an gcéim reachtach nó ar glacadh iad cheana féin, chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhoiriúnacht reachtaíocht AE atá ann cheana le spriocanna comhshaoil AE;
14. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart gurbh é ceann de chuspóirí PIEI aistriú ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-inbhuanaithe go gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe;
15. á chreidiúint gur cheart don airgeadas poiblí agus príobháideach an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a chur san áireamh agus cloí le prionsabal DNSH, chun a áirithiú nach gcuireann beartais agus maoiniú AE, lena n-áirítear buiséad AE, na cláir a mhaoinítear trí Next Generation EU (NGEU), tríd an Seimeastar Eorpach agus trí mhaoiniú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) le tionscadail agus gníomhaíochtaí a dhéanfaidh dochar mór do chuspóirí sóisialta nó comhshaoil, agus a bhainfidh an bonn d’iomaíochas eacnamaíoch nó a mbeidh cailliúint post mar thoradh orthu; á chur i bhfios nach mbeidh buiséid phoiblí agus bainc phoiblí in ann na bearnaí infheistíochta a líonadh leo féin; á mheabhrú go ndéanann 10 mórbhanc Eorpacha níos mó ná EUR 100 billiún a infheistiú i mbreoslaí iontaise gach bliain fós; á mheabhrú dó nach mór don Choimisiún, faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi dheireadh 2020 ina bhfuil critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go mór le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach dtacóidh CAI nua le gníomhaíochtaí as a dtiocfadh gaibhniú sócmhainní atá díobhálach do chuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais, ná nach n- infheisteoidh sé iontu, agus saolré na sócmhainní á cur san áireamh;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar roghanna chun síneadh a chur le húsáid thacsanomaíocht AE chun caiteachas aeráide agus comhshaoil a rianú i gcistiú poiblí uile AE lena n-áirítear CAI nua, InvestEU, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, an Ionstraim Tacaíochta Sócmhainneachta, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI);
18. á iarraidh go ndéanfar prionsabal DNSH a oibríochtú i rialacháin ábhartha AE maidir le maoiniú, mar shampla trí dhíonadh ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar an inbhuanaitheacht shóisialta; á mheabhrú nár cheart rialacha dochta infheistíochta a thabhairt isteach gan dul i gcomhairle roimh ré le húdaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, le tionscail agus le FBManna;
19. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus sainaithint a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a dhéanann dochar suntasach d’inbhuanaitheacht an chomhshaoil, i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(a) de Rialachán (AE) 2020/852 agus mar a mhol an Banc Ceannais Eorpach agus Líonra na mbanc ceannais agus na rialtóirí um an gCóras Airgeadais a Ghlasú (LCAG);
20. á iarraidh go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha dochracha, a bhfuil roghanna malartacha atá indéanta go heacnamaíoch ar fáil ina leith, agus lánurraim á tabhairt do chearta na mBallstát a meascán fuinnimh a roghnú, agus é mar chuspóir córas fuinnimh in-athnuaite agus eangach fuinnimh, a bheadh comhoiriúnach le Comhaontú Pháras, a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé teacht ar na roghanna malartacha sin trí infheistíochtaí ollmhóra a dhéanamh sa nuálaíocht teicneolaíochta agus san éifeachtúlacht fuinnimh; á áitiú nár cheart go gcuirfeadh gníomhaíochtaí a mhaoinítear le PIEI le tuilleadh neamhionannais shóisialta agus le doimhniú na scoilte eacnamaíche agus sóisialta Thoir-Thoir in AE; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur chaith 11 tír agus an tAontas Eorpach EUR 112 billiún in aghaidh na bliana idir 2014 agus 2016 chun breoslaí iontaise a fhóirdheonú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí a ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais uile a dhéanann dochar don chomhshaol d’fhonn feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus ar chreidiúnacht AE maidir leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais nádúrtha a chaomhnú, agus dlús a chur leis an aistriú i dtreo córais fuinnimh ghlain agus i dtreo geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de;
21. á mheas gur cheart go ndéanfadh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht cothrom na Féinne a chaomhnú do chuideachtaí AE agus dá n-iomaíochas, go háirithe i gcás iomaíocht éagórach ó thríú tíortha; á chreidiúint, d’fhonn a chuid aidhmeanna a bhaint amach, gur cheart go rannchuideodh PIEI freisin le táirgeadh inbhuanaithe na hEorpa, agus go laghdódh sé astaíochtaí domhanda trí bheartas trádála; á iarraidh nach ndéanfaidh comhaontuithe trádála cosaint infheisteoirí a ráthú ar chostas caighdeán comhshaoil, sóisialta nó sláinte; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go gcuirfí caighdeáin in-fhorfheidhmithe aeráide agus caighdeáin chomhshaoil eile san áireamh i gcomhaontuithe trádála arna ndéanamh ag AE le tríú tíortha, agus freisin chun cothrom na Féinne a áirithiú do chuideachtaí Eorpacha; á iarraidh go n-áiritheofar go mbeidh tríú tíortha incháilithe do thionscadail trasteorann a rannchuidíonn le cuspóirí Chomhaontú Pháras;
22. á chur i bhfios go láidir, maidir le Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta, mar phríomhchláir AE maidir le hoideachas, saorálaíocht agus cultúr, gur uirlis bhunriachtanach iad sa fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide agus go bhfuil príomhról acu chun oideachas a chothú sna scileanna atá ag teastáil don aistriú glas, chun feasacht faoi shaincheisteanna comhshaoil agus an aistrithe aeráide a mhéadú, go háirithe i measc daoine óga i saorálaíocht chun an comhshaol a chosaint, agus i réitigh chruthaitheacha, chuimsitheacha agus inrochtana a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin chomhshaoil; á chur i bhfáth go rannchuidíonn na cláir sin le spriocanna forbartha inbhuanaithe AE a bhaint amach; ag cur béim maidir leis sin ar a thábhachtaí atá intéirneachtaí talmhaíochta le tacaíocht ó Erasmus +;
Buiséad AE: acmhainní airgeadais a spriocdhíriú, a thionscnamh agus a spreagadh
23. ag cur béim ar ról lárnach bhuiséad AE maidir le PIEI a bhaint amach; ag athdhearbhú an tseasaimh fhadbhunaithe atá aici gur cheart tionscnaimh nua a bheith faoi réir measúnú agus díonadh inbhuanaitheachta, gur cheart iad a mhaoiniú i gcónaí trí leithreasaí breise agus nár cheart go mbeadh tionchar diúltach acu ar bheartais eile; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá beartais sheanbhunaithe AE, amhail beartais maidir leis an gcomhtháthú nó an talmhaíocht, mar aon le príomhréimsí beartais eile, amhail taighde, nuálaíocht nó oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ngealltanais pholaitiúla a chomhlíonadh, agus CAI a thabhairt don Aontas a bheidh dírithe ar an todhchaí agus a bheidh in ann freagairt d’ionchais na saoránach;
24. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá infheistíochtaí príobháideacha inbhuanaithe agus an ról atá acu maidir le cuspóirí PIEI a bhaint amach, agus á chreidiúint gur gá maoiniú príobháideach a éascú; á chur i bhfáth thairis sin gur cheart tacaíocht theicniúil a fheabhsú trí ghorlanna áitiúla agus náisiúnta agus trí naíolanna tionscadail ina dtugtar maoinitheoirí agus tionscnóirí tionscadail le chéile;
25. á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Chomhairle Eorpach le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpach mar ionstraim éigeandála chun tacú le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, an togra chun breisiú ar roinnt clár AE a laghdú go suntasach, agus a chur ar ceal go hiomlán i gcás cláir eile; á chreidiúint go dtéitear i gcoinne chlár oibre AE don Chomhaontú Glas leis na ciorruithe atá molta ar chláir lena dtacaítear le haistriú réigiún atá spleách ar charbón, agus go mbeidh tionchar acu ar mhaoiniú PIEI freisin ar deireadh;
26. á chur i bhfios go láidir gur cheart sciar uaillmhianach de chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht i mbuiséad AE a bheith mar bhonn taca le rannchuidiú AE leis na cuspóirí aeráide, chun a chuid oibleagáidí faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh; ag féachaint, dá bhrí sin, le sprioc chaiteachais 30 % maidir le príomhshruthú aeráide agus sprioc chaiteachais 10 % maidir leis an mbithéagsúlacht, ar spriocanna iad atá ceangailteach ó thaobh dlí de, a bhaint amach a luaithe is féidir; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh feidhm ag an sprioc chaiteachais aeráide maidir le CAI ina iomláine; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh feidhm ag sprioc aeráide 37 % maidir le caiteachas NGEU freisin; ag tathant ar an gCoimisiún creat monatóireachta agus faireacháin atá fóinteach agus trédhearcach a bhunú do chaiteachas a bhaineann leis an aeráid i mbuiséad AE; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag acmhainní dílse nua chun cur ar chumas bhuiséad AE leibhéal níos airde maoinithe don aeráid a bhaint amach amach anseo;
27. á chur in iúl gur geal léi an togra chun an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) a bhreisiú, le cistí breise ó NGEU, ach á chur in gur oth léi an togra ón gComhairle chun an breisiú sin a laghdú, agus á chur i bhfáth go mbeidh gá le tacaíocht bhreise lena áirithiú go dtabharfar cúnamh leordhóthanach d’oibrithe a ndéanann an t-aistriú difear díreach nó indíreach dóibh; á athdhearbhú go bhféadfadh acmhainní ó CUAC na hacmhainní atá ar fáil faoi bheartas comhtháthaithe a chomhlánú, agus á chur in iúl nár cheart don togra nua dochar a dhéanamh do bheartas comhtháthaithe trí aistrithe éigeantacha ó imchlúdaigh náisiúnta na mBallstát agus nár cheart go mbeadh saobhadh ar an iomaíochas mar thoradh air;
28. á chreidiúint gur cheart prionsabal an aistrithe chóir a phríomhshruthú ar fud an Chomhaontaithe Ghlais, agus gur cheart go ndíreodh CUAC ar na réigiúin is mó atá ag brath ar bhreoslaí iontaise go háirithe; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do thionscadail dá dtugtar cistí a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil, na sochaí agus na heacnamaíochta de; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh straitéis chuimsitheach AE ann chun na réigiúin a bhaineann tairbhe as CUAC a fhorbairt agus a nuachóiriú;
29. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha go léir rannpháirteach i ndréachtú na bpleananna um aistriú cóir; á chreidiúint gur cheart túsphointí éagsúla na mBallstát agus na réigiún san aistriú chuig an aeráidneodracht a chur san áireamh sna pleananna um aistriú cóir; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh soiléireacht níos fearr ann maidir leis na critéir incháilitheachta le haghaidh cistithe; á chreidiúint gur cheart measúnú a dhéanamh ar na cláir atá á maoiniú ag CUAC trí úsáid a bhaint as rianú aeráide, cuntasaíocht caipitil nádúrtha agus modheolaíochtaí saolré;
30. á chur in iúl gur geal léi an dá cholún bhreise atá sa Sásra um Aistriú Cóir, go háirithe scéim thiomnaithe faoi InvestEU agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí, lena gcruthófar, in éineacht le CUAC, deiseanna nua eacnamaíocha agus lena gcuirfear le maolú éifeachtaí socheacnamaíocha an aistrithe chuig an aeráidneodracht agus le cur chun feidhme an gheilleagair chiorclaigh in AE sna réigiúin agus sna cathracha is leochailí agus is déine ó thaobh carbóin de, agus lena gcabhrófar le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin inacmhainneachta fuinnimh a bheidh os comhair na saoránach le linn an phróisis aistrithe; á mheas, chun go mbeidh rath ar na colúin sin, go bhfuil sé ríthábhachtach cúnamh teicniúil leordhóthanach a ráthú do na Ballstáit, do réigiúin agus do chathracha;
31. á chur i bhfáth nach mbeifear in ann aistriú a bheidh cóir go sóisialta a dhéanamh gan rannchuidiú ollmhór ó limistéir uirbeacha; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh fáil éasca ag cathracha ar acmhainní ón dara colún agus ón tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir, chun sásra mórscála airgeadais a fhorbairt ar mhaithe le cuidiú le hiarrachtaí aeráide agus sóisialta ar leibhéal na cathrach; á chur i bhfios go bhféadfar a áireamh leis sin cistí atá inrochtana go díreach do bheartais tithíochta, cláir athchóirithe foirgneamh, cláir iarfheistithe agus inslithe, tionscadail iompair phoiblí, feabhas a chur ar bhonneagar glas cathracha, ionstraimí geilleagair chiorclaigh a thabhairt isteach nó tionscadail inbhuanaithe bailithe uisce, i measc nithe eile;
32. á chur in iúl gur geal léi ról InvestEU i gcur chun feidhme agus i bhfeidhmiú PIEI agus á mheas gur cheart go mbeadh ról lárnach aige in athshlánú glas, cothrom agus athléimneach an Aontais; á chur in iúl gur saoth léi go ndearnadh an maoiniú a bhí beartaithe do InvestEU, trí CAI agus NGEU araon, a laghdú go suntasach i gcomparáid leis an togra is déanaí ón gCoimisiún; á chur in iúl gur geal léi an togra chun Saoráid Straitéiseach Infheistíochta a chruthú, go háirithe an cúigiú ionú – an t-ionú um infheistíocht san Eoraip – laistigh de InvestEU chun infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn i bpríomhtheicneolaíochtaí agus i slabhraí luacha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh tionscadail a mhaoinítear faoi InvestEU i gcomhréir le gealltanais aeráide agus chomhshaoil an Aontais do 2030;
33. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an réamh-chomhaontú maidir le InvestEU, a baineadh amach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mí na Bealtaine 2019, curtha san áireamh sa togra athbhreithnithe ón gCoimisiún cheana féin; á mheabhrú go bhforáiltear sa chomhaontú sin freisin, sa bhreis ar sheasamh pribhléideach do Ghrúpa BEI, do ról tábhachtach do chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, amhail bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile; á mheabhrú, thairis sin, gur ionstraim éileamhbhunaithe é InvestEU, agus gur cheart, ar an gcúis sin, comhchruinniú iomarcach earnála nó geografach a sheachaint; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh cúnamh teicniúil leordhóthanach ar fáil ar an láthair chun tionscadail a mhaoiniú sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo, agus ar bhealach a chuireann fíorbhreisíocht ar fáil; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, gur rannchuiditheoir ríthábhachtach é an Mol Comhairleach ar gá leithdháileadh leordhóthanach airgeadais a áirithiú dó;
34. á athdhearbhú go bhfuil freagracht ar AE, mar cheannaire domhanda sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, comhpháirtithe idirnáisiúnta eile a spreagadh chun cur chuige den chineál céanna a leanúint; á chreidiúint nár cheart na hacmhainní a dheonaítear do thríú tíortha le Buiséad AE a chaitheamh ar bhealach ar bith atá contrártha le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, agus gur cheart é a bheith mar aidhm leo baint amach a chuid cuspóirí a éascú, agus leibhéal éagsúil forbartha gach tíre á chur san áireamh, mar aon leis na riachtanais éagsúla infheistíochta atá acu; á mheas gur léirigh an phaindéim go bhfuil dlúthnasc doscartha idir gníomhaíocht chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint lasmuigh den Aontas agus an tsláinte sa bhaile, agus go bhfuil gníomhaíocht den sórt sin é costéifeachtach nuair a chuirtear i gcomparáid le tionchair na paindéime í;
35. ag tabhairt dá haire gur cheart go gcuirfeadh an Ciste Nuálaíochta agus an Ciste don Nuachóiriú go mór leis an aistriú inbhuanaithe i dtreo astaíochtaí GCT glan-nialasacha faoi 2020, agus á chur in iúl gur geal léi go háirithe an fíoras go bhfuil an Ciste don Nuachóiriú deartha chun tacú le hinfheistíochtaí chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i 10 mBallstát ar ioncam íseal agus mar sin gur uirlis thábhachtach é chun aistriú cóir a áirithiú; á thabhairt chun suntais, mar sin féin, gur gá grinnscrúdú méadaithe a dhéanamh ar an gCiste, ós rud é nár cheart go mbeadh infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí lena ndéantar dochar suntasach do chuspóirí sóisialta agus comhshaoil incháilithe faoin gCiste Nuachóirithe;
36. á mheas gur gá aon fhorluí le gníomhaíochtaí gaolmhara arna maoiniú trí bhuiséad an Aontais a sheachaint, agus á chreidiúint go bhféadfadh sé go ndéanfadh na Cistí sin lasmuigh de bhuiséad an Aontais dochar do mhaoirseacht bhuiséadach; ag tathant ar an gCoimisiún an t-údarás buiséadach a choimeád ar an eolas mar is ceart maidir le cur chun feidhme na gCistí;
37. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gCiste don Nuachóiriú agus ar an gCiste Nuálaíochta araon mar chuid dá athbhreithniú ar an Scéim Trádála Astaíochtaí (ETS); á athdhearbhú go bhfuil éileamh seanbhunaithe aici go ndéanfar sciar suntasach d’ioncam ETS a aicmiú mar acmhainní dílse;
38. á chur i bhfáth go mbeidh ról tábhachtach ag an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus ag an gComhbheartas Iascaigh maidir le cuspóirí PIEI a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, agus earnálacha talmhaíochta agus iascaigh AE á dtreorú chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach níos inbhuanaithe agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú, gur cheart go gcoinneodh CBT a chuspóirí maidir le tacú le soláthar bia ar ardchaighdeán a chur ar fáil, ceannasacht bhia a ráthú do mhuintir na hEorpa, rannchuidiú le tuilleamh cobhsaí agus inghlactha d’fheirmeoirí agus d’iascairí, agus rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe ceantar tuaithe; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go gcuirfidh CBT le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta AE, mar a léiríodh sa tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 7 Samhain 2018;
39. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rochtain ar an airgeadas poiblí agus príobháideach a éascú chun tacú le hinfheistíocht ghlas mhéadaithe, le forbairt uirlisí digiteála agus an rochtain a bhíonn orthu, leis an nuachóiriú agus leis an nuálaíocht, a chuirfidh ar chumas na hearnála talmhaíochta, na hearnála iascaigh agus na gceantar tuaithe aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus deiseanna chun cuspóirí agus uaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach;
40. á chur i bhfáth go mbeidh ról ríthábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe, mar phríomhbheartas infheistíochta AE, maidir le tacú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, i ndiaidh phaindéim COVID-19, go mbeidh an beartas comhtháthaithe ar cheann de na hionstraimí cinntitheacha sa téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe, agus gur cheart go leanfadh sé de ról seanbhunaithe a bheith aige maidir le cur chun cinn an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh, mar a leagtar síos i gConarthaí AE; ag áitiú gur cheart an beartas comhtháthaithe a neartú ionas go mbeidh sé in ann a phríomhchuspóirí a bhaint amach agus cur le rath an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;
41. ag tacú le cur chuige nuálach an Choimisiúin a léirítear ina ráiteas go rannchuideoidh buiséad AE le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach tríd an taobh ioncaim atá aige freisin; ag meabhrú sheasamh Pharlaimint na hEorpa i bhfabhar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach ar féidir leo breisluach a ghiniúint agus tacú go mór leis an gComhaontú Glas don Eoraip;
42. ag athdhearbhú an tseasaimh a bhí aici roimhe seo maidir le liosta na n-iarrthóirí féideartha ar acmhainní dílse nua, mar a leagtar amach ina tuarascáil eatramhach maidir le CAI, ar cheart dó a bheith ag teacht le cuspóirí riachtanacha AE lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfar isteach acmhainní dílse nua, gan aon ualach breise a chur ar na saoránaigh, lena bhféadfaí, mar shampla, acmhainní ar thug an Coimisiún figiúirí ina leith in 2018 a áireamh, bunaithe ar na nithe seo a leanas:
(i)
ioncam ceantála ETS, a d’fhéadfadh idir EUR 3 bhilliún agus EUR 10 mbilliún a chruinniú in aghaidh na bliana;
(ii)
ranníocaíocht maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, a d’fhéadfadh idir EUR 3 bhilliún agus EUR 10 mbilliún a chruinniú in aghaidh na bliana;
(iii)
an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheidh ann amach anseo, a d’fhéadfadh idir EUR 5 billiún agus EUR 14 bhilliún a chruinniú in aghaidh na bliana;
(iv)
comhbhonn comhdhlúite don cháin corparáide, a d’fhéadfadh breis agus EUR 12 bhilliún a chruinniú in aghaidh na bliana;
(v)
cáin ar chuideachtaí móra digiteacha, a d’fhéadfadh idir EUR 750 milliún agus EUR 1.3 billiún a chruinniú in aghaidh na bliana, agus;
(vi)
cáin ar idirbhearta airgeadais (FTT), a d’fhéadfadh suas le EUR 57 mbilliún a chruinniú in aghaidh na bliana, bunaithe ar an mbuntogra ón gCoimisiún in 2012 agus Brexit agus an fás eacnamaíoch á gcur san áireamh, ag brath ar raon feidhme na cánach;
á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, gur iarr sí ar na Ballstáit go léir a bheith rannpháirteach sa chreat comhair fheabhsaithe maidir le FTT; á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a chur ar fáil a luaithe is féidir maidir leis na hacmhainní dílse a tíolacadh ina Theachtaireacht an 27 Bealtaine 2020 maidir leis an bPlean Téarnaimh, lena n-áirítear maidir leis an tobhach atá bunaithe ar oibríochtaí fiontar mór agus an fhéidearthacht chun ETS a leathnú chuig na hearnálacha muirí agus eitlíochta;
43. á áitiú gur cheart ciseán d’acmhainní dílse nua a áireamh i mbuiséad AE ó 2021 ar aghaidh, agus gur cheart féilire atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bhunú freisin chun acmhainní dílse nua a mholadh agus a thabhairt isteach le linn an chéad CAI eile; á iarraidh go mbeidh na fáltais ó na hacmhainní nua dílse leordhóthanach chun ar a laghad na hoibleagáidí aisíocaíochta faoin Ionstraim Théarnaimh a chumhdach; ag dréim leis gur cheart aon ioncam thar an leibhéal sin a aistriú isteach i mbuiséad AE chun, inter alia, an bhearna chistiúcháin sa Chomhaontú Glas a líonadh, gan difear a dhéanamh do phrionsabal na huilíochta;
44. á chur i bhfios go láidir go mbeidh an dá chineál ioncaim, ioncam comhshaoil agus ioncam nach mbaineann go sonrach leis an gcomhshaol, fíor-riachtanach chun ciseán d’acmhainní dílse nua a bhunú, ós rud é go bhféadfadh an t-ioncam a tháirgtear le hioncaim chomhshaoil laghdú go comhréireach le himeacht ama de réir mar a théann AE i dtreo na haeráidneodrachta;
Institiúidí airgeadais – cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais a chumasú
45. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó BEI athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas iasachtaithe fuinnimh agus ar a straitéis aeráide, agus 50 % dá chuid oibríochtaí a chur i leataobh don ghníomhú ar son na haeráide agus na hinbhuaineachta comhshaoil ó 2025 ar aghaidh agus é mar aidhm oibleagáidí AE faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á iarraidh ar BEI athbhreithniú a dhéanamh freisin ar a bheartas iasachtaithe iompair, agus a bheith tiomanta d’aistriú inbhuanaithe i dtreo na haeráidneodrachta agus geilleagar ciorclach agus meascáin fuinnimh éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh agus aird faoi leith á tabhairt ar na hearnálacha agus na réigiúin is mó a ndéanann an t-aistriú difear dóibh; á iarraidh go háirithe go ndéanfar beartais nua a chur chun feidhme sna hearnálacha tionsclaíocha sin a bhfuil BEI gníomhach iontu chun tacú le haistriú na n-earnálacha sin d’fhonn gach iasacht nua earnála a ailíniú leis an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; ag moladh thiomantas BEI chun deireadh a chur le tionscadail fuinnimh breosla iontaise a mhaoiniú faoi 2021; á éileamh go nglacfar agus go bhfoilseofar pleananna infhíoraithe aistrithe chun cuspóirí aeráidneodrachta a bhaint amach;
46. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh freagairt BEI ar phaindéim COVID-19 i gcomhréir le cuspóirí PIEI; ag tabhairt dá haire, áfach, nach féidir le gach tionscadal a mhaoinítear rannchuidiú le cuspóirí aeráide AE a bhaint amach, agus á áitiú nár cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar mhaoiniú na dtionscadal sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, áfach, nach mór punann BEI a ailíniú le spriocanna inbhuanaitheachta AE agus le prionsabal DNSH; á iarraidh ar BEI treochlár nithiúil a bhunú chun an sprioc ghráinneach de 50 % a bhaint amach faoi 2025, agus an sciar dá shócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Tacsanomaíocht AE a nochtadh gach bliain; á mheabhrú gur cheart go nginfear EUR 240 billiún d’infheistíochtaí le freagairt an Bhainc do phaindéim COVID-19, agus go rabhthas in ann sin a dhéanamh laistigh de chúpla seachtain;
47. á mheas go bhfuil cur chuige ón mbun aníos agus cur chuige rannpháirteach ríthábhachtach chun go mbeidh ról rathúil ag BEI maidir leis an gComhaontú Glas a mhaoiniú, agus gur cheart do BEI idirphlé sonrach idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a chur chun cinn, agus comhordú níos fearr a dhéanamh le geallsealbhóirí éagsúla, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus le hionadaithe ón tsochaí sibhialta; ag cur tuilleadh béime ar neamhspleáchas BEI, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéantar grinnscrúdú daonlathach ar infheistíochtaí;
48. á mheabhrú gurb é BEI an t-eisitheoir is mó bannaí glasa ar domhan, agus breis agus EUR 23 bhilliún cruinnithe aige thar thréimhse 11 bhliain; ag tabhairt dá haire gur mórdhúshlán a bhí ann caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos chun snas glas a sheachaint; á chur in iúl gur díol sásaimh di Bannaí Feasachta nua BEI maidir le hInbhuanaitheacht, a seoladh in 2018 agus a ceapadh chun tacú leis an infheistíocht a bhaineann le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos do na bannaí nua sin lena áirithiú go mbeidh tionscadail trédhearcach, infhíoraithe agus intomhaiste; á iarraidh ar BEI leanúint leis an ngníomhaíocht sin agus eisiúint bannaí glasa agus bannaí feasachta inbhuanaitheachta a leathnú, lena bhféadfar cur chun feidhme PIEI a éascú agus cabhrú leis an margadh a fhorbairt le haghaidh bannaí inbhuanaitheachta sóisialta agus comhshaoil, ag tógáil ar an obair faoi Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú agus faoi Thacsanomaíocht AE;
49. ag spreagadh EIB le ról gníomhach a imirt maidir le tacú le tionscadail a chuireann le haistriú cóir amhail taighde, nuálaíocht agus digiteáil, rochtain FBManna ar mhaoiniú, agus infheistíocht shóisialta agus scileanna sóisialta;
50. ag tabhairt dá haire go bhfuil béim curtha ag Uachtarán EIB, Werner Hoyer, ar an ngá atá le bonn caipitil BEI a neartú iontas go mbeidh sé in ann leanúint leis na tionscadail uaillmhianacha atá mar bhonn taca ag an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe;
51. ag aithint a thábhachtaí atá ról na mbanc agus na n-institiúidí náisiúnta (NPBInna) le haghaidh spreagadh agus na n-institiúidí idirnáisiúnta airgeadais (IFInna), lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus an Banc Domhanda, i maoiniú tionscadal inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin cur le baint amach chuspóirí Chomhaontú Pháras; á chur i bhfáth, i bhfianaise a dtaithí agus a n-acmhainneachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag NPBInna maidir le tionchar na gcistí poiblí a uasmhéadú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí faoi InvestEU, agus go bhféadfaidís, ar an gcaoi sin, cuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil maoiniú FBManna ríthábhachtach chun PIEI a chur chun feidhme go rathúil;
52. á chur i bhfios go láidir freisin go bhfuil NPBInna an-eolach maidir le tionscadail atá sách beag a cheapadh, a bhainistiú agus a mhaoiniú, mar gheall ar an taithí atá acu sa réimse sin; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, a rannpháirtíocht i ngnéithe éagsúla de PIEI, mar na comhlachtaí is oiriúnaí chun infheistíochtaí ar an leibhéal Eorpach a dhíriú ar an bhfíorgheilleagar agus ar an scála áitiúil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacaíocht theicniúil áitiúil a áirithiú do thionscnóirí tionscadal agus don nuálaíocht, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag naíolanna tionscadail maidir le cabhrú le tionscadail a bheith sách aibí chun maoiniú a fháil; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú ar státchabhair lena gceadófar do NPBInna iasachtaí fabhracha a chur ar fáil chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn;
53. ag tabhairt dá haire gur féidir le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach cabhrú leis an téarnamh agus athléimneacht inbhuanaithe i gcás ina ndíreofar maoiniú ar infheistíochtaí glasa, amhail eangacha leictreachais, for-eangacha agus eangacha cliste, gréasáin iarnróid, éifeachtúlacht fuinnimh, agus tionscadail geilleagair chiorclaigh;
54. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ag méadú ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bhíonn ag gabháil le tubaistí comhshaoil agus aeráide agus gur cheart, dá bhrí sin, na rioscaí fadtéarmacha sin a ionchorprú ar bhealach níos fearr sna measúnuithe a dhéantar ar rialáil stuamachta agus maoirseacht stuamachta; á mheas gur cheart aird níos mó a thabhairt ar an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus ar chur chun cinn na hinbhuanaitheachta i mbeartais BCE, agus lánurraim á tabhairt dá shainordú agus dá neamhspleáchas, agus gan an ról atá aige mar chaomhnóir na cobhsaíochta airgeadais agus airgeadaíochta a chur i mbaol; ag meabhrú ráiteas Uachtarán BCE go bhfuil BCE ag tacú le tacsanomaíocht a fhorbairt mar bhealach chun ionchorprú breithnithe comhshaoil i bpunanna na mbanc ceannais a éascú; ag tabhairt dá haire gur léiríodh uaillmhian sa fhreagra a thug an Eurochóras ar chomhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin maidir leis an Straitéis Airgeadais Inbhuanaithe Athnuaite agus maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (NFRD), inar luadh gur féidir le fórsaí margaidh a bheith ina bpríomhspreagadh d’atreorú na sreafaí airgeadais i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe agus gur cheart dóibh a bheith ina bpríomhspreagadh don mhéid sin; á chur in iúl gur geal léi gur iarr BCE agus Líonra na mBanc Ceannais agus na Rialtóirí ar an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS) go ndéanfadh rialtóirí airgeadais measúnú níos fearr ar rioscaí airgeadais a bhaineann le hinbhuanaitheacht;
55. ag spreagadh BCE chun an straitéis atá aige maidir le beartas airgeadaíochta a thabhairt ar aghaidh agus lánurraim á tabhairt do shainordú BCE maidir le cobhsaíocht airgeadais a chumhdaítear in CFAE; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar chuid den athbhreithniú ar an straitéis atá aige maidir le beartas airgeadaíochta, go ndéanfaidh BCE measúnú, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, ar cibé agus conas is féidir leis, ag gníomhú dó faoina shainordú, breithnithe inbhuanaitheacta – agus go háirithe rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil – a chur san áireamh ina chreat comhthaobhachta agus ina chleachtadh bliantúil tástála struis, agus deighilt á coinneáil i gcónaí idir ról an bheartais airgeadaíochta agus ról na maoirseachta stuamachta; ag spreagadh BCE, thairis sin, leibhéal ailínithe an bheartais airgeadaíochta le Comhaontú Pháras a nochtadh agus, san am céanna, treochlár maidir le hailíniú amach anseo a shocrú, agus leas á bhaint go hiomchuí as tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin; á iarraidh ar BCE féachaint ar bhealaí eile le tacú le BEI chun acmhainneacht mhaoinithe BEI a mhéadú gan saobhadh margaidh a chruthú;
56. ag moladh do BCE go ndéanfadh sé, i gcomhthéacs Chlár Ceannaigh na hEarnála Corparáidí (CSPP) i bhfianaise ghealltanais aeráide BEI, measúnú ar athchothromú a phunainne bannaí ar mór a lorg carbóin;
57. á iarraidh ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna), in éineacht leis na húdaráis inniúla náisiúnta, tástálacha struis aeráide bliantúla a fhorbairt i leith na n-institiúidí airgeadais a ndéanann siad maoirseacht orthu, mar atá á phlé faoi láthair, go háirithe in NGFS, chun tuiscint a fháil ar cá háit a bhfuil na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid i bpunanna institiúidí airgeadais ábhartha an Aontais agus ar mhéid na rioscaí sin;
58. á chreidiúint go bhfuil iompar poiblí lárnach ó thaobh soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá cur leis an tacaíocht a thugtar do ghréasáin agus flíteanna iompair phoiblí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, mar uirlis éifeachtach don aistriú agus i dtreo na soghluaisteachta íseal-astaíochtaí, agus aistriú módach á chur chun cinn ag an am céanna, go háirithe in ionaid uirbeacha, mar aon leis an nascacht i gceantair thuaithe chun an comhtháthú críochach a chur chun cinn; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh nasc níos láidre ann idir maoiniú an iompair uirbigh agus na Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna) chun borradh a chur faoi chlaochlú na soghluaisteachta uirbí; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun pleananna agus beartais soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear tacaíocht do chórais iompair phoiblí éifeachtúla agus do réitigh soghluaisteachta gníomhaí, amhail siúl agus rothaíocht, agus an inrochtaineacht agus an ilmhódúlacht a chur chun cinn i measc modhanna éagsúla iompair;
Infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh le haghaidh téarnamh inbhuanaithe
59. ag tacú le straitéis airgeadais inbhuanaithe athnuaite; á chur i bhfios go bhfuil gá le héicilipéad de chuid an Aontais le haghaidh táirgí airgeadais, ar éicilipéad é a bheadh ag síorathrú, go bhfuil gá le Caighdeán Bannaí Glas de chuid an Aontais (GBS AE), agus go bhfuil gá le sonraí inbhuanaitheachta níos iontaofa, níos inchomparáide agus níos inrochtana a fhaightear trí tháscairí inbhuanaitheachta a chomhchuibhiú; á mheabhrú go bhfuil tábhacht nach beag ag baint le maoiniú glas do ról idirnáisiúnta an Aontais agus an euro sna deich bliana amach romhainn; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé do FBManna go mbeadh caighdeáin tuairiscithe shimplithe ann lena gcuirfí ar a gcumas dóibh páirt iomlán a ghlacadh i margaí caipitil;
60. á áitiú go bhfuil sonraí inbhuanaitheachta níos iontaofa, níos inchomparáide agus níos inrochtana fíor-riachtanach chun go n-oibreoidh córas airgeadais inbhuanaithe an Aontais i gcleachtas; á chur in iúl gur geal léi an smaoineamh atá ag an bhFóram Ardleibhéil um Aontas na Margaí Caipitil maidir le pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) a bhunú chun faisnéis faoi chuideachtaí in AE a chomhiomlánú trí idirnascadh na gclár náisiúnta agus cláir AE agus bunachair sonraí cuideachtaí atá ann cheana, mar bhealach chun cabhrú le cuideachtaí, go háirithe sna Ballstáit bheaga, infheisteoirí a mhealladh; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cuideachtaí in ann rialú a dhéanamh ar infhaighteacht a gcuid sonraí in ESAP; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh le haghaidh pointe rochtana aonair Eorpach d’fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais i ndáil le cuideachtaí liostaithe agus neamhliostaithe AE agus, ag an am céanna, prionsabal na comhréireachta á urramú i gcás inarb iomchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún na ceanglais trédhearcachta faoi NFRD a chuíchóiriú agus iad a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin a thagann faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus faoin Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh ann do mhodheolaíochtaí trédhearcacha maidir le sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán sonraí éifeachtach agus tuairisciú éifeachtach ar chur chun feidhme PIEI a chur ar bun, agus é a chur ar fáil don phobal ionas go ráthófar trédhearcacht iomlán i gcás chaiteachas an Aontais ar an aistriú glas; á chur in iúl go measann sí, maidir le Bannaí an Aontais a eiseofar i gcomhthéacs an phlean téarnaimh, go bhfuil sciar suntasach díobh bunaithe ar GBS AE, mar a mhol an Coimisiún;
61. ag moladh an dul chun cinn atá déanta ar bhonn na dtionscnamh a bhí ar áireamh i bPlean Gníomhaíochta 2018 maidir le Maoiniú Inbhuanaithe; á iarraidh go ndéanfar na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a ghlacadh, agus raon na gcritéar agus na dtáscairí inbhuanaitheachta á chur san áireamh; á iarraidh go sonrach go ndéanfar prionsabal DNSH a chur chun feidhme go pras, mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe agus sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ceanglais uaillmhianacha maidir le nochtadh i gcás na dtáirgí agus na n-eintiteas airgeadais go léir;
62. á mheas gur deis mhór í straitéis athnuaite airgeadais inbhuanaithe AE a bheidh ann amach anseo chun dlús a chur leis an aistriú chuig infheistíocht mhiondíola níos inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá a mholadh chun infheistíocht mhiondíola inbhuanaithe a dhreasú;
63. ag tabhairt dá haire go dtugtar sainordú, le hAirteagal 26(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú, faoin 31 Nollaig 2021, ina ndéanfar cur síos ar na forálacha a bheadh ag teastáil chun raon feidhme an Rialacháin sin a leathnú amach ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear cuspóirí inbhuanaitheachta eile, amhail cuspóirí sóisialta;
64. ag formhuiniú iarraidh an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe maidir le Maoiniú Inbhuanaithe i ndáil le bearta nua chun fadtéarmacht a chothú, ar rud é a théann chun tairbhe do dhaoine agus don phláinéad; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir peirspictíocht fhadtéarmach a ionchorprú ar bhealach níos fearr sa chóras agus sna rialacha maidir le rialachas corparáideach, agus moladh a dhéanamh ina leith sin; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh um rialachas corparáideach inbhuanaithe a ullmhú;
65. á iarraidh ar an gCoimisiún a mharana a dhéanamh ar NFRD a athbhreithniú, a bhféadfaí nochtadh an tionchair a bhíonn ag gníomhaíochtaí corparáideacha ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a ionchorprú leis;
66. á áitiú gurb amhlaidh, agus airgeadas á shlógadh don Chomhaontú Glas, go gcaithfidh infheistíocht phoibí agus infheistíocht phríobháideach a bheith ina gcomhlánú ar a chéile, i gcás inar féidir; á chur i bhfáth gurb amhlaidh, ionas gur féidir maoiniú do PIEI a uasmhéadú, nár cheart infheistíocht ón earnáil phríobháideach a phlódú amach;
67. á mheabhrú go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar infheistíochtaí agus iasachtú i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-inbhuanaithe go mbeadh sócmhainní tréigthe nó infheistíochtaí báite ann, a mbeadh éifeachtaí glasála ag gabháil leo; á chur i bhfios gur gá an riosca sin a chomhtháthú go leordhóthanach i rátálacha creidmheasa agus i gcreataí stuamachta, lena n-áirítear i gcreat Basel; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a bhféadfaí rioscaí inbhuanaitheachta agus láimhseáil stuamachta infheistíochtaí fadtéarmacha agus iasachtú fadtéarmach a chuimsiú ar bhealach feabhsaithe, lena n-áirítear i Leabhar Rialacha Baincéireachta an Aontais, rud a dhéanfaidh, lena chois sin, cobhsaíocht shistéamach airgeadais fhoriomlán a chur chun cinn, agus á iarraidh air féachaint tuilleadh le hiontaofacht, inchomparáideacht agus trédhearcacht tosca inbhuanaitheachta i rátálacha creidmheasa a chur chun cinn; á chreidiúint go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an ngné dheiridh sin sna hathbhreithnithe atá ar na bacáin ar an Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa, ar an Treoir / an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus ar na creataí Sócmhainneachta;
68. á mheabhrú nach gá gur lú an phróifíl riosca a bhíonn ag gabháil le hinfheistíochtaí inbhuanaitheacha ná mar a bhíonn ag gabháil le cineálacha eile infheistíochtaí;
69. á chreidiúint gur cheart gur fusa a bheadh sé do FBManna san Aontas rochtain a fháil ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach faoi PIEI; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun FBManna a chur ar an eolas faoi na deiseanna nua maoiniúcháin faoi PIEI;
Infheistíocht phoiblí inbhuanaithe a chur chun cinn tráthanna géarchéime
70. á iarraidh go gcruthófaí ionstraim d’infheistíochtaí inbhuanaithe poiblí chun na haidhmeanna a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ach á chur i bhfáth gur cheart, gan beann ar an tsamhail mhaoiniúcháin a roghnófar, go mbeadh leibhéil mhéadaithe infheistíochta poiblí ina rannchuidiú le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí san Aontas; á mheas gur cheart breithniú ar mholtaí an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh neamhspleách agus gur cheart na Ballstáit a spreagadh a ngeilleagar agus a gcaiteachas poiblí a thabhairt i gcomhréir le spriocanna an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip; ag tacú leis an ngealltanas a thug an Coimisiún go bhféachfaí ar chreataí eile cumasúcháin, amhail Caighdeáin Bannaí Glas, agus ag spreagadh an Choimisiúin dea-chleachtais maidir le buiséadú glas a mhapáil;
71. á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht phoiblí d’earnáil an iompair, go háirithe d’aerlínte, d’earnáil na tuarasóireachta agus d’earnáil na ngluaisteán, atá le húsáid ar bhealach inbhuanaithe agus éifeachtúil; á iarraidh, maidir le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha mar a sainmhínítear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht iad, go mbeidís incháilithe chun cistiú a fháil faoi PIEI, agus á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar rochtain ar chistiú agus ar chineálacha eile tacaíochta do mhicrifhiontair agus FBManna;
72. á iarraidh go ndéanfaí soláthar poiblí agus tairiscint phoiblí inbhuanaithe a phríomhshruthú agus go méadófaí ar an gcomhordú Eorpach maidir leis an méid sin;
73. á chur in iúl gur geal léi go mbeidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta bunaithe ar thosaíochtaí comhroinnte AE; ag tarraingt suntas, maidir leis an méid sin, ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus freisin ar an gClár Oibre Digiteach agus an aidhm straitéiseach atá ann ceannasacht na hEorpa a bhaint amach in earnálacha straitéiseacha, lena mbeidh bonn tionsclaíoch inbhuanaithe ag gabháil; á mheabhrú go bhfuil gá le hinfheistíocht i dtéarnamh glas agus le méadú a dhéanamh ar an gcóineasú idir na Ballstáit maidir le PIEI a chur chun feidhme, rud a d’fhéadfadh cuidiú le dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch; á iarraidh go gcuimseofaí tosaíochtaí i réimsí amhail fostaíocht, scileanna, oideachas, fiontraíocht dhigiteach, taighde agus nuálaíocht, agus sláinte, ach freisin i réimsí a bhaineann le gnó agus leis an earnáil neamhbhrabúis, lena n-áirítear riarachán poiblí agus an earnáil airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh teicniúil a thabhairt d’údaráis phoiblí agus pleananna aistrithe á ndréachtú acu chun sócmhainní tréigthe a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus a áirithiú go ndéantar leithdháiltí a íocadh a aisghabháil i gcás sáruithe tromchúiseacha; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit a eisíonn na pleananna an smacht reachta agus ár gcuid luachanna daonlathacha a urramú;
74. ag áitiú go mbeidh feidhm ag an bprionsabal “gan dochar a dhéanamh” de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le gach plean téarnaimh;
75. á chur in iúl gur oth léi an cinneadh a rinne an Chomhairle Eorpach an Ionstraim um Thacaíocht Sócmhainneachta a bhaint de chlár NGEU; á chur in iúl go measann sí gur uirlis thábhachtach í chun cothroime iomaíochta a bhaint amach sa mhargadh aonair;
76. á iarraidh ar chuideachtaí a thairbhíonn de thacaíocht phoiblí gealltanas a thabhairt go dtabharfaidh siad faoi thuairisciú de réir tíre, agus urraim á tabhairt, san am céanna, don fhéidearthacht go dtabharfaí cosaint d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de le maoluithe dá bhforáiltear; á iarraidh ar na cuideachtaí sin go ndéanfaidh siad freisin iomaíocht chóir a áirithiú, an bhearna phá idir na hinscní a laghdú, a gcuid oibleagáidí tuairiscithe neamhairgeadais a urramú, poist a ráthú, aon chóir thairbhiúil a fuarthas a nochtadh, agus gan dul i mbun stráitéisí seachanta cánach trí fhochuideachtaí i ndlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach gan ghníomhaíocht eacnamaíoch shuntasach; á áitiú gur cheart do na cuideachtaí sin rannchuidiú cothrom a dhéanamh leis na hiarrachtaí téarnaimh trína gcion cothrom cánach a íoc; ag lorg, sa chomhthéacs sin, conradh sóisialta nua le haghaidh gnó, faoina ndéantar aidhmeanna brabúis a chomhchuibhiú le breithnithe do dhaoine agus don phláinéad;
77. á iarraidh ar an gCoimisiún na rialacha maidir le státchabhair a athbhreithniú, lena n-áirítear an Creat Sealadach a tugadh isteach mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, de réir mar is gá chun tacaíocht phoiblí níos mó a fháil don Chomhaontú Glas don Eoraip agus chun a áirithiú go mbeidh tacaíocht státchabhrach coinníollach ar chuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach; ag tabhairt dá haire gur cheart aon athbhreithniú ar na rialacha maidir le státchabhair a cheapadh go cúramach chun saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc agus chun sláine an mhargaidh inmheánaigh agus cothroime iomaíochta a áirithiú in aon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo;
78. á iarraidh ar an gCoimisiún, agus iarraidh ar státchabhair ó Bhallstát á formheas aige, i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE, a chur san áireamh ina chinneadh forálacha lena gceanglaítear ar thairbhithe in earnálacha ar mór a lorg carbóin spriocanna aeráide agus treochláir don aistriú glas a ghlacadh, agus ailíniú a samhla gnó agus a ngníomhaíochtaí leis na cuspóirí a leagtar amach i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 a léiriú;
79. á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a bheartaítear a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh do 2021, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh chun rátaí CBL a thabhairt i gcomhréir le breithnithe comhshaoil, tobhach ar phlaistigh aonúsáide a thabhairt isteach agus dleachtanna máil íosta ábhartha a bhfuil a n-éifeacht caillte acu mar gheall ar bhoilsciú a mhéadú; ag féachaint leis na hathchóirithe sin a tharraingt le chéile le hiarrachtaí chun cumhacht cheannaigh na ndaoine sin is lú ioncam san Aontas a choinneáil;
80. á mheabhrú go bhfuil ag méadú ar na riachtanais infheistíochta a bhaineann leis an aistriú glas agus go bhfuil imghabháil cánach corparáide agus seachaint cánach corparáide ina gcúis le hacmhainní a d’fhéadfaí a chailliúint i gcás buiséid náisiúnta agus bhuiséad an Aontais, arb ionann a gcainníocht agus EUR 50-70 billiún go EUR 160-190 billiún a d’fhéadfaí a úsáid ar mhaithe le hinfheistíocht in PIEI; á iarraidh ar na Ballstáit acmhainní a shlógadh chun aistriú inbhuanaithe agus cóir a mhaoiniú trí aon chomhaontú ionchasach a chur chun feidhme i ndáil le Creat Cuimsitheach OECD, lena n-áirítear Colún 2 faoin gcreat sin; á iarraidh go dtreiseofaí an comhrac i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach, seachaint cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach; á iarraidh go mbeadh comhordú ann ar leibhéal an Aontais chun scéimeanna maidir le pleanáil ionsaitheach cánach arna ndéanamh ag daoine aonair agus corparáidí a sheachaint; á iarraidh go mbeadh straitéis uaillmhianach ann maidir le cánachas gnó don 21ú haois; á iarraidh ar an gComhairle nuashonrú a dhéanamh ar na critéir maidir leis an sainmhíniú ar chórais chánach dhíobhálacha sa Chód Iompair maidir le Cánachas Gnó, agus ag athdhearbhú a seasaimh dar dáta an 26 Márta 2019 maidir le pleanáil ionsaitheach cánach a bheith á héascú ag na Ballstáit; ag spreagadh an Choimisiúin critéir a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar chleachtais chánach na mBallstát; á mheabhrú don Choimisiún, i gcomhthéacs sainchomhaid a bhaineann le cáin, gur ann d’Airteagal 116 CFAE, agus ag spreagadh an Choimisiúin úsáid a bhaint as an bhforáil sin chun saobhadh iomaíochta laistigh den mhargadh aonair a sheachaint;
81. á chur in iúl gur mian léi go n-áiritheofaí go rannchuidíonn gach duine go cothrom leis an téarnamh i ndiaidh COVID-19 agus leis an aistriú i dtreo geilleagar atá iomaíoch agus inbhuanaithe, agus acmhainneachtaí éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh san am céanna; á mheas gurb amhlaidh, mar a thug Uachtarán BCE, Christine Lagarde, chun suntais an 7 Iúil 2020, gur minic gurb iad na daoine leochaileacha ‘is mó a ndéantar difear dóibh’ mar gheall ar phaindéim COVID-19, ach gur ag ardú atá praghsanna sócmhainní go dtí seo sa ghéarchéim; ag spreagadh na mBallstát agus an Choimisiúin féachaint ar acmhainní nua lena gcuirtear an méid sin san áireamh chun an téarnamh eacnamaíoch a chur san áireamh;
82. á chur i bhfáth go mbeidh méid suntasach smachta bhuiséadaigh agus grinnscrúdaithe i gceist le maoiniú méadaithe ar an gComhaontú Glas chun calaois agus atreorú cistí a chosc; ag tabhairt dá haire nach bhfuil sé d’acmhainneacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) calaois airgeadais a chosc as a stuaim féin; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, dul i bpáirt le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);
83. á chreidiúint gur féidir leis an meascán tograí sa tuarascáil seo EUR 660 billiún in aghaidh na bliana a ardú, arb é sin an méid is gá chun an cath ar son na haeráide agus post a bhuachan;
o o o
84. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.