An Ciste Dlúthpháirtíochta a shlógadh: cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus airleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí (COM(2020)0960 – C9-0318/2020 – 2020/0299(BUD))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0960 – C9‑0318/2020),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020(2), agus go háirithe Airteagal 10 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3), agus go háirithe pointe 11 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0221/2020),
1. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar chomhartha de dhlúthpháirtíocht an Aontais le saoránaigh agus réigiúin an Aontais a buaileadh le tubaistí nádúrtha agus leis an móréigeandáil sláinte poiblí de bharr phaindéim COVID-19 go luath in 2020;
2. á chur i bhfáth go bhfuil gá práinneach le cúnamh airgeadais a chur ar fáil trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh do na réigiúin a bhí buailte;
3. ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
4. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/75.)