Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 maidir le dul i ngleic leis na rátaí easpa dídine in AE (2020/2802(RSP))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagail 4, 9 agus 151 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a ghlac ceannairí domhanda i mí Mheán Fómhair 2015 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle, go háirithe SDGanna 1, 3, 8 agus 11,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 21 maidir leis an neamh-idirdhealú, Airteagal 26 maidir le daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú agus Airteagal 34(3) maidir leis an gcaoi a n-aithníonn agus a n-urramaíonn an tAontas an ceart cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil,
– ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa a síníodh in Torino an 18 Deireadh Fómhair 1961,
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe Prionsabal 19 de maidir le tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean,
– ag féachaint do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe (1989),
– ag féachaint do na moltaí tírshonracha ó AE an 25 Bealtaine 2018 maidir le tithíocht i ngach ceann de na 28 mBallstát,
– ag féachaint do Chairt na Ginéive de chuid na Náisiún Aontaithe um Thithíocht Inbhuanaithe agus don aidhm atá léi ‘a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar thithíocht atá cuibhiúil, leormhaith, inacmhainne agus sláintiúil’,
– ag féachaint do rún reachtach uaithi an 10 Iúil 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(2),
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro(3),
– ag féachaint do rún reachtach uaithi an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)(4),
– ag féachaint do Riail 227(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuair an Coiste um Achainíocha achainí Uimh. 0546/2020 agus roinnt achainíocha eile lena léirítear imní iad faoi chás na 4 mhilliún saoránach Eorpach agus lena chois atá gan dídean, agus go bhfuil méadú 70 % tagtha ar líon na ndaoine gan dídean in AE le 10 mbliana anuas;
B. de bhrí go mbaineann easpa dídine go díreach leis an deacracht atá le cearta bunúsacha eile a fheidhmiú, amhail an rochtain ar chúram sláinte, agus gur minic a bhíonn daoine gan dídean thíos le fuathchoireanna agus foréigean, lena n-áirítear an stiogmatú sóisialta;
C. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis na hachainíocha sin Aontas Eorpach a bheith ann nach bhfágtar aon duine ar gcúl ann agus go nglacann sí gníomhaíocht phráinneach chomhbheartaithe chun bearta coisctheacha a dhéanamh chun an baol a bhaineann leis an easpa dídine agus méid na heaspa dídine a laghdú ar bhealach inbhuanaithe;
D. de bhrí, in ordlathas riachtanais an duine, go gcuirtear spás ar fáil don saol leis an tithíocht, rud a fhágann gur féidir riachtanais bhunúsacha agus níos airde eile a chomhlíonadh;
E. de bhrí gur cheart don Aontas Eorpach an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus gur cheart dó an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus cosaint chearta an linbh a chur chun cinn;
F. de bhrí, agus a chuid beartas agus gníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, nach mór don Aontas aird a thabhairt ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, le beartais tithíochta sóisialta agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine;
G. de bhrí nach ann d’aon sainmhíniú amháin ar an easpa dídine agus ar an eisiamh tithíochta in AE a nglactar go forleathan leis agus go bhfuil sé deacair dá bhrí sin measúnú a dhéanamh ar mhéid na heaspa dídine ar fud Bhallstáit AE;
H. de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar na rátaí easpa dídine le deich mbliana anuas i roinnt Ballstát de chuid AE; de bhrí go bhfuil meascán cúiseanna leis an méadú sin, is iad sin ná costais tithíochta a bheith ag ardú, tionchar na géarchéime eacnamaíche, an laghdú ar an gcosaint shóisialta agus easpa beartas chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine i gcuid mhór Ballstát; de bhrí gur tháinig ardú 5 % sa limistéar euro agus ardú 5,2 % in AE27 ar phraghsanna tithe sa dara ráithe de 2020 i gcomparáid leis an ráithe chéanna den bhliain roimhe sin;
I. de bhrí nach bhfuil aon inniúlacht dhíreach ag AE maidir leis an mbeartas tithíochta, ach gur féidir leis difear a dhéanamh go hindíreach do dhálaí tithíochta sna Ballstáit trí rialacháin, amhail rialacha maidir le státchabhair, an dlí fioscach agus dlí na hiomaíochta, agus bearta amhail moltaí agus treoirlínte;
J. de bhrí gur bunaíodh Ciste Sóisialta na hEorpa chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta oibrithe sa mhargadh inmheánach agus chun rannchuidiú ar an gcaoi sin leis an gcaighdeán maireachtála a ardú agus cabhrú le daoine gan dídean bogadh go dtí tithíocht shóisialta;
K. de bhrí gur úsáideadh cistí struchtúracha agus infheistíochta Eorpacha eile amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le haghaidh tionscadail tithíochta agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na bpobal díothach;
L. de bhrí go dtacaíonn an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí le gníomhaíochtaí na mBallstát chun bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar do na daoine is díothaí;
M. de bhrí gur mó tagairt a dhéantar do dhaoine gan dídean sna tuarascálacha is déanaí ar an Seimeastar Eorpach;
N. de bhrí go bhfuil na costais shóisialta a bhaineann le gan dul i ngleic leis an easpa dídine thar a bheith ard i réimsí an cheartais agus na sláinte;
O. de bhrí go bhfuil ról an-tábhachtach ag beartais leasa shóisialaigh, bunaithe ar fhorálacha leathana uilíocha lena ngabhann bearta atá spriocdhírithe go cuí, ó thaobh an easpa dídine a chosc;
P. de bhrí go léirítear leis an bhfianaise a bailíodh faoi thionchar ghéarchéim COVID-19 ar an inacmhainneacht tithíochta in AE, go bhféadfadh an cúlú eacnamaíoch agus cailliúint post agus ioncaim, sa mheántéarma, cur le ró-ualach na gcostas tithíochta agus na rátaí easpa dídine san Eoraip;
Q. de bhrí go bhfuil próifíl na ndaoine gan dídean ag athrú agus go bhfuil níos mó daoine óga agus leanaí, daoine scothaosta, imirceach, Romach agus mionlaigh eile atá faoi mhíbhuntáiste gan dídean anois, agus go bhfuil an baol easpa dídine i measc na mban agus na dteaghlach ag dul i méid go háirithe;
R. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag daoine ar thithíocht chuibhiúil agus gur cuid den tsochaí iad chun gur féidir leo a n-acmhainn iomlán a bhaint amach agus rannchuidiú leis an tsochaí;
S. de bhrí gur idirghníomhú casta idir tosca struchtúracha, institiúideacha agus pearsanta is cúis leis an easpa dídine;
T. de bhrí gur fadhb shóisialta í an easpa dídine agus an t-eisiamh tithíochta ar cheart réiteach buan uirthi a aimsiú;
U. de bhrí gur coir i mBallstáit áirithe í an easpa dídine agus an t-iompar a bhaineann leis an easpa dídine;
V. de bhrí nach mbíonn rochtain leanúnach ag daoine gan dídean i mBallstáit áirithe ar dhídean ach amháin le linn an gheimhridh agus nach mbíonn rochtain leanúnach acu ar feadh na bliana;
W. de bhrí nach bhfuil ach ról éighníomhach ag na seirbhísí áitiúla slándála sóisialta i mBallstáit áirithe ó thaobh cúnamh a thabhairt do dhaoine gan dídean athimeascadh sa tsochaí;
1. á chur in iúl gur cúis bhuartha di cás na 4 mhilliún saoránach Eorpach agus lena chois atá gan dídean de réir mar a fhágann an ghéarchéim sláinte agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair go bhfuil níos mó daoine as obair agus go bhfuil níos mó daoine ag brath ar chosaint shóisialta;
2. á mheabhrú gur ceart bunúsach de chuid an duine í an rochtain ar thithíocht do gach duine agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit deireadh a chur leis an easpa dídine san Aontas faoi 2030 agus an sprioc sin a leagan síos ar leibhéal AE; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht níos láidre a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit an easpa dídine a laghdú agus deireadh a chur léi mar thosaíocht i gcomhthéacs an phlean gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;
3. á chur i bhfáth go n-aithnítear go bhfuil an easpa dídine ar cheann de na cineálacha bochtaineachta agus díothachta is déine dá bhfuil ann nach mór deireadh a chur léi trí bheartais spriocdhírithe agus chomhtháite a dhéantar ar bhealach inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar thosca riosca pearsanta (amhail leochaileachtaí aonair) agus ar thosca riosca struchtúracha (amhail tithíocht agus dífhostaíocht);
4. á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit sainmhíniú creata comhroinnte agus táscairí comhleanúnacha a ghlacadh maidir leis an easpa dídine in AE, chun go mbeidh comhthuiscint ann ar an easpa dídine ar fud na mBallstát éagsúil de chuid AE agus chun gur féidir comparáid chórasach a dhéanamh ar mhéid na heaspa dídine idir na Ballstáit agus measúnú a dhéanamh air;
5. á mheabhrú gur chuir Parlaimint na hEorpa foscadh ar fáil do 100 bean gan dídean ar a háitreabh le linn ghéarchéim COVID-19;
6. á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé na sásraí bailithe sonraí a neartú, mar go bhféadfaí faireachán córasach a dhéanamh ansin ar na rátaí easpa dídine ar leibhéal AE trí chomhlachtaí amhail Eurostat;
7. á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag an Ardán Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta chun tacú leis an gcás sin agus aghaidh a thabhairt air mar cheann de thionscnaimh shuaitheanta na straitéise Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún Creat de chuid AE a mholadh le haghaidh Straitéisí Náisiúnta maidir leis an Easpa Dídine agus á iarraidh ar na Ballstáit freisin an prionsabal ‘Tithíocht ar dTús’ a ghlacadh, bunaithe ar dhea-chleachtais de chuid roinnt Ballstát, a chabhraíonn le ráta na heaspa dídine a laghdú go suntasach trí phleananna gníomhaíochta daingne agus cineálacha nuálacha cur chuige a thabhairt isteach; á chur in iúl go bhfuil na cineálacha nuálacha cur chuige sin bunaithe ar choincheap an bhaile mar cheart bunúsach de chuid an duine agus gur féidir bealaí lánpháirtithe sochoibre a fhorbairt leo;
9. á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin leanúint de bheith ag díriú ar an easpa dídine a laghdú trína príomhshruthú i mbeartais earnála ábhartha an Aontais, go háirithe i réimsí na forbartha réigiúnaí, na sláinte, chearta an duine, na hóige, na hinscne, na himirce agus na lánpháirtíochta, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin;
10. á iarraidh ar na Ballstáit a bpríomhfhreagracht a ghlacadh as dul i ngleic leis an easpa dídine, obair a dhéanamh ar an gcosc agus ar an luath-idirghabháil, arb iad, ar go leor bealaí, na beartais is costéifeachtaí agus na beartais íoslaghdaithe díobhála is fearr chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine, agus ról níos réamhghníomhaí a thabhairt do na seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla slándála sóisialta ó thaobh cabhrú le daoine gan dídean athimeascadh sa tsochaí;
11. ag cur béim ar an ngá atá le comhar idir-aireachta agus idir-rialtasach ó thaobh straitéisí den sórt sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus le rannpháirtíocht na bpríomhgheallsealbhóirí, agus á mholadh go ndéanfaí dea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit;
12. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún feabhas a chur ar bhailiú sonraí ábhartha agus inchomparáide i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha creidiúnaithe agus údaráis áitiúla atá ag obair i réimse na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus ag soláthar seirbhísí do dhaoine atá i mbaol easpa dídine nó atá gan dídean;
13. ag tacú le cúraimí an Choiste um Chosaint Shóisialta (SPC) ina mbíonn na Ballstáit ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún ar shaincheisteanna a bhaineann leis an easpa dídine tríd an Modh Oscailte Comhordúcháin;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an bhfaireachán agus ar an rialachas agus leanúint de chistiú agus beartais AE maidir leis an easpa dídine a shlógadh; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbainfidh réigiúin agus údaráis áitiúla úsáid as acmhainní CFRE le haghaidh tithíocht shóisialta;
15. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chomhionann a sholáthar ar sheirbhísí poiblí amhail cúram sláinte, oideachas agus seirbhísí sóisialta;
16. á iarraidh ar na Ballstáit tacú le himeascadh daoine gan dídean i margadh an tsaothair, trí bhearta tacaíochta agus athmhuintearais atá speisialaithe agus saincheaptha agus cláir fostaíochta agus oiliúint atá comhtháite a sholáthar, mar aon le scéimeanna eile atá saincheaptha agus spriocdhírithe chun a n-athimeascadh i margadh an tsaothair a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a áirithiú go rannchuidíonn an Ráthaíocht athbhreithnithe don Aos Óg leis an easpa dídine i measc daoine óga a chomhrac;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go cuí ar bhealach lena léirítear na haighneachtaí a fuarthas i rith na tréimhse comhairliúcháin maidir le Prionsabal 19 trí ‘Tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean’ a áireamh ina Phlean Gníomhaíochta 2021, agus á éileamh go mbainfí úsáid níos fearr as an Seimeastar Eorpach chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn ó thaobh dul i ngleic leis na rátaí easpa dídine agus leis an eisiamh tithíochta;
18. á thabhairt chun suntais go bhfuil daoine gan dídean agus daoine eile atá i ndálaí forbhásacha tithíochta i mbaol go háirithe de dheasca ghéarchéim COVID-19; ag tathant go láidir ar AE agus a Bhallstáit bearta spriocdhírithe a chur chun feidhme chun daoine gan dídean a chosaint, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha creidiúnaithe agus do chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla ó thaobh spásanna sábháilte a aimsiú agus díshealbhuithe a chosc;
19. á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit úsáid a bhaint as na hionstraimí atá ann cheana, mar aon leis na hionstraimí faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta agus an lánpháirtiú sóisialta do theaghlaigh gan duine fostaithe;
20. á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic go práinneach leis an easpa dídine trí straitéisí náisiúnta maidir leis an easpa dídine a ghlacadh atá fadtéarmach, pobalbhunaithe, bunaithe ar thithíocht agus comhtháite, mar a mholtar i bPacáiste Infheistíochta Sóisialta AE;
21. á iarraidh ar an gComhairle tuarascáil a chur i dtoll a chéile go tráthrialta ar na torthaí arna mbaint amach sa réimse sin;
22. á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht shóisialta na ngeallsealbhóirí uile a chothú i straitéisí comhtháite maidir leis an easpa dídine, agus an fhiontraíocht shóisialta agus gníomhaíochtaí féin-nuálaíochta a chur chun cinn chun ionchuimsiú gníomhach daoine gan dídean a fheabhsú;
23. á iarraidh ar na Ballstáit an easpa dídine a dhíchoiriúlú;
24. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain leanúnach ar dhídean éigeandála a sholáthar ar fud an Aontais; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart an rochtain sin a sholáthar ach ar bhonn sealadach agus nach rogha eile í ar réitigh struchtúracha amhail an cosc agus soláthar tithíochta agus tacaíochta sóisialta leormhaithe mar fhreagairt ar easpa dídine;
25. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.