Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2076(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0197/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0197/2020

Díospóireachtaí :

PV 23/11/2020 - 20
CRE 23/11/2020 - 20

Vótaí :

PV 25/11/2020 - 14

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0321

Téacsanna atá glactha
PDF 203kWORD 79k
Dé Céadaoin, 25 Samhain 2020 - Brussels
Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip
P9_TA(2020)0321A9-0197/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2020 maidir le Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip (2020/2076(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 9, 151, 152, 153(1) agus (2), mar aon le hAirteagal 173 a bhaineann le beartas tionsclaíoch AE agus a thagraíonn, i measc nithe eile, d’iomaíochas thionscal an Aontais,

–  ag féachaint d’Airteagail 14, 27 agus 30 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do CFAE agus don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe d’Airteagal 5(3) agus do Phrótacal Uimh. 2 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta,

–  ag féachaint d’Airteagal 3(3) CAE, a thagraíonn don mhargadh inmheánach, don fhorbairt inbhuanaithe agus don gheilleagar sóisialta margaidh,

–  ag féachaint do cholún Eorpach na gceart sóisialta,

–  ag féachaint do na torthaí ó Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach 2000, a foilsíodh ar an 11 Meitheamh 2020,

–  ag féachaint don doiciméad ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2020 maidir leis an Treochlár na Straitéise Cógaisíochta – rochtain thráthúil ag othair ar chógais leighis inacmhainneacha,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile (COM(2020)0456),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Clár Oibre Coigeartaithe an Choimisiúin 2020’ (COM(2020)0440),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020, maidir leis an‘Straitéis Eorpach um shonraí ’ (COM(2020)0066),

–  ag féachaint don Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir leis ‘An Intleacht shaorga: Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín’ (COM(2020)0065),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais na hIntleachta Saorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus na Róbataice (COM(2020)0064),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Bealtaine 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh(1),

–  ag féachaint don Réamhaisnéis Eacnamaíoch ón gCoimisiún Eorpach: Earrach 2020,

–  ag féachaint do na conclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí an 23 Aibreán 2020 tar éis fhíschomhdháil chomhaltaí na Comhairle Eorpaí,

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(2),

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí an 8 Aibreán 2020 maidir le freagairt dhomhanda an Aontais ar COVID-19 (JOIN(2020)0011),

–  ag féachaint do na conclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí an 17 Márta 2020 tar éis na físchomhdhála le comhaltaí na Comhairle Eorpaí maidir le COVID-19,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2020 dar teideal ‘Freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar Ráig COVID-19’ (COM(2020)0112),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche’ (COM(2020)0098), do na conclúidí maidir le ‘Tuilleadh ciorclaíochta – Aistriú chuig sochaí inbhuanaithe’ arna nglacadh ag an gComhairle ag a 3716ú cruinniú a tionóladh an 4 Deireadh Fómhair 2019 (12791/19), agus don teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal ‘An Ciorcal a shlánú - Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach’ (COM(2015)0614),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip’ (COM(2020)0102),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis FBM don Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach’ (COM(2020)0103),

–  ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) (COM(2020)0080),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’ (COM(2020)0067),

–  ag féachaint do Chlár Oibre an Choimisiúin, 2020, dar teideal ‘Aontas níos uaillmhianaí’ (COM(2020)0037),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(3),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (COM(2020)0021),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 dar teideal ‘Máistirphlean le haghaidh claochlú iomaíoch thionscail dianfhuinnimh an Aontais Eorpaigh le go mbeifear in ann geilleagar aeráidneodrach ciorclach a bhaint amach faoi 2050’ (tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéal ar Thionscail Dianfhuinnimh),

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le cánachas cothrom i ngeilleagar digitithe agus domhandaithe: BEPS 2.0(4),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019 (EUCO 29/19),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Meitheamh 2019 maidir le ‘Clár oibre straitéiseach nua do AE 2019-2024’ (EUCO 9/19),

–  ag féachaint do na conclúidí maidir le ‘Straitéis Beartais Tionsclaíochta AE don Todhchaí’, a ghlac an Chomhairle ag a 3655ú cruinniú a tionóladh an 29 Samhain 2018 (14832/2018),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018, maidir leis an ‘gClár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir’ (COM(2018)0267),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 dar teideal ‘Infheistiú i dtionsclaíocht chliste, nuálach agus inbhuanaithe – Straitéis Beartais Tionsclaíochta athnuaite AE’ (COM(2017)0479),

–  ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2017 maidir le straitéis tionsclaíochta AE uaillmhianach a thógáil mar thosaíocht straitéiseach don fhás, don fhostaíocht agus don nuálaíocht san Eoraip(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2017 maidir le tionsclaíocht na hEorpa a dhigitiú(6),

–  ag féachaint don cheist i gcomhair freagra ó bhéal ar an gCoimisiún maidir le straitéis tionsclaíochta AE uaillmhianach a thógáil mar thosaíocht straitéiseach don fhás, don fhostaíocht agus don nuálaíocht san Eoraip (O-000047/2017),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Eanáir 2016 maidir le ‘Dul i dtreo Dearadh Nua don Mhargadh Fuinnimh’(7),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2016 dar teideal ‘Tionsclaíocht na hEorpa a Dhigitiú – Leas iomlán a bhaint as Margadh Aonair Digiteach’ (COM(2016)0180),

–  ag féachaint do Chomhaontú Pháras, a dhaingnigh Parlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2016,

–  ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis an ngá atá le beartas Eorpach um ationsclú i bhfianaise chásanna Caterpillar agus Alstom le déanaí(8),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016 agus an 23 Meitheamh 2017,

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2016 maidir le beartas comhleanúnach AE le haghaidh tionscail chultúir agus chruthaitheachta(9),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le Clár Oibre an Iomaíochais Thionsclaíoch, maidir le claochlú digiteach thionscal na hEorpa agus maidir leis an bpacáiste ‘Teicneolaíochtaí don Mhargadh Aonair Digiteach agus Nuachóiriú ar Sheirbhísí Poiblí’,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal ‘Trádáil do Chách – faoi thuairim beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú’ (COM(2015)0497),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2014 maidir le tionscal a chur ar bun san Eoraip arís chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn(10),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2014 dar teideal ‘I gcomhair Athbheochan Thionsclaíoch san Eoraip’ (COM(2014)0014),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 Bealtaine 2013 agus an 22 Márta 2019 (EUCO 1/19),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Iascach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0197/2020),

A.  de bhrí go bhfuil straitéis thionsclaíoch nua i gcomhréir le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí de dhíth ar an Aontas lena gcruthófar na coinníollacha le haghaidh sochaí nuálach, chuimsitheach, athléimneach agus dhigitithe, agus lena rannchuideofar go mór le hiomaíochas domhanda na dtionscal Eorpach; de bhrí gur cheart go gcoinneoidh an straitéis sin ardleibhéal fostaíochta agus poist ar ardcháilíocht, gan duine ar bith a fhágáil chun deiridh; de bhrí go bhfuil gá go n-áiritheofar le straitéis den sórt sin an t-aistriú éiceolaíoch agus digiteach chuig bonn tionsclaíoch atá comhaimseartha agus digitithe, a bhaineann leas as acmhainneacht iomlán foinsí fuinnimh inathnuaite atá an-tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní, agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de; de bhrí gur cheart sa bhreis air sin go neartóidh an straitéis ceannaireacht dhomhanda na hEorpa agus go laghdóidh sí spleáchas an Aontais ar áiteanna eile ar domhan i slabhraí luacha straitéiseacha trí bhíthin éagsúlaithe agus trí na slabhraí a dhéanamh níos inbhuanaithe, trí dhí-chomhchruinniú tionscal Eorpach a sheachaint agus trí mhargadh oscailte á choinneáil ag an am céanna;

B.  de bhrí go raibh paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí faoi deara cor chun donais eacnamaíoch san Eoraip nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, lena bhfuil an baol ann go gcuirfear le neamhionannais agus teannais shóisialta san Aontas, go háirithe i measc na saoránach is leochailí;

C.  de bhrí go dtreisíonn iomaíochas tionsclaíoch agus an beartas don athrú aeráide a chéile agus go gcruthóidh ationsclú nuálach agus aeráidneodrach poist áitiúla agus áiritheofar leis iomaíochas an gheilleagair Eorpaigh; de bhrí gur cheart cur chuige den sórt sin a chur i bhfeidhm ar fud na mbeartas uile a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

D.  de bhrí gur gá don Aontas leas a bhaint as an acmhainneacht fiontraíochta neamhshaothraithe atá ag grúpaí sóisialta, a bhfuil forbairt iomlán ar acmhainneacht na ngrúpaí sin, lena n-áirítear daoine óga, imircigh, daoine scothaosta agus mná, de dhíth ag an Aontas; de bhrí go bhféadfadh straitéis thionsclaíoch an Aontais deis an léiriú chun cultúr fiontraíochta grúpaí tearcionadaithe agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste a chothú, agus chun a chur ar a gcumas rannchuidiú go hiomlán leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas;

E.  de bhrí go bhfuil earnálacha uile an gheilleagair, agus FBManna go háirithe, buailte ag tionchar phaindéim COVID-19 agus an cor chun donais eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh cheana atá mar iarmhairt uirthi, le tréimhse neamhghníomhaíochta iomlán ann d’earnálacha áirithe fiú; de bhrí nach mbainfear amach téarnamh tapa agus cóir sa chomhthéacs sin trí ghnó mar is gnách’ a dhéanamh, agus gur cheart go mbeadh sé mar thúsphointe ag aon straitéis thionsclaíoch atá dírithe ar an todhchaí aghaidh a thabhairt ar théarnamh tionsclaíoch agus ar iomaíochas fadtéarmach, go háirithe in earnálacha fáis agus sna hearnálacha sin is measa atá buailte ag bearta dianghlasála COVID-19;;

F.  de bhrí gur dócha go bhfágfaidh fiacha nua a thabhófar chun teacht slán as an gcor chun donais eacnamaíoch go mbeidh struchtúr airgeadais níos leochailí ag cuideachtaí, a mbeidh fás marbhánta agus easpa acmhainneachtaí infheistíochta mar thoradh air sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun an t-aistriú éiceolaíoch agus digiteach chuig geilleagar atá digitithe agus aeráidneodracht, tíosach ar acmhainní agus ciorclach araon;

G.  de bhrí, sna cúinsí sin, go dteastaíonn straitéis thionsclaíoch ón Aontas ag a bhfuil dhá chéim ar leith, céim amháin a dhíríonn ar théarnamh agus céim eile a dhíríonn ar atógáil agus athléimneacht; de bhrí gur cheart go mbeadh an téarnamh eacnamaíoch bunaithe ar chur chuige atá láidir ó thaobh na sochaí de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus gur cheart dó tacú le atógáil thionsclaíoch ionsar aistriú digiteach agus glas a mbeidh rath air, le lucht saothair oilte ag gabháil leis na haistrithe sin agus lena n-áiritheofar aistriú cothrom agus cóir;

H.  de bhrí go bhfuil an earnáil tionsclaíochta san Eoraip fite fuaite ina chéile agus tá idirchaidrimh láidre ann idir Ballstáit agus cineálacha éagsúla cur chuige i leith cuideachtaí ar mhéideanna éagsúla; de bhrí, dá réir sin, go n-éireoidh níos fearr le beartas comhordaithe Eorpach i dtaobh iomaíochas domhanda agus inbhuanaitheacht na hEorpa a mhéadú, ar beartas comhordaithe Eorpach é a áiritheoidh go bhféadfaidh slabhra iomlán táirgthe, ó fhiontair mhóra go FBManna, leas a bhaint as;

I.  de bhrí gur cheart don Aontas leanúint de chomhaontuithe trádála uaillmhianacha a shaothrú go hiltaobhach agus go déthaobhach araon; de bhrí, roimh ghéarchéim COVID-19, go raibh uair na cinniúna buailte cheana ag an tionscal Eorpach, cé go raibh sé ina chrann taca ag geilleagar an Aontais agus go raibh tuairim is 32 mhilliún duine fostaithe ann, agus gur tháinig laghdú ó 23 % go 19 % ar a ranníocaíocht le OTI AE le 20 bliain anuas; de bhrí go bhfuil iomaíocht idirnáisiúnta dhian os a chomhair faoi láthair agus is minic a bhíonn tionchar ag bearta trádála air, ar bearta trádála iad atá ag éirí níos cosantaí ó thríú tíortha nach ndéanann ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a chleachtadh;

J.  de bhrí gur gá don Straitéis Nua Eorpach maidir le Tionsclaíocht an t-aistriú éiceolaíoch agus digiteach chuig bonn tionsclaíoch Eorpach a bheidh iomaíoch agus inbhuanaithe a áirithiú; de bhrí gurb ionann an t-aistriú sin agus deis don Eoraip chun a dúthshraitheanna tionsclaíocha a nuachóiriú, poist agus príomhtháirgeadh tionsclaíoch a chothabháil agus a chur ar bun sa bhaile an athuair, agus cur leis na scileanna agus na hacmhainneachtaí atá riachtanach don iarracht dhomhanda chun na cuspóirí a leagtar amach sa dlí aeráide agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach;

K.  de bhrí gur gá don straitéis an creat rialála riachtanach a sholáthar chun an t-aistriú éiceolaíoch agus digiteach a chumasú, mar aon leis an mbonneagar agus na hacmhainní airgeadais riachtanacha, agus díriú ar ‘chéadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ ar choigilteas fuinnimh agus acmhainní, ar theicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite agus teicneolaíochtaí fuinnimh nialasaigh agus ísealcharbóin, ar chiorclaíocht agus ar neamhthocsaineacht;

L.  de bhrí cé is moite de ghéarchéim COVID-19, tá an t-athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil fós i measc na ndúshlán is mó agus teastaíonn cur chuige cuimsitheach ina leith; de bhrí go rannchuidíonn astaíochtaí tionsclaíocha AE le astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) iomlána na hEorpa; de bhrí gurb é dícharbónú an tionscail dianfhuinnimh fós ar cheann de na dúshláin is mó i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; de bhrí gur cheart go rannchuideodh earnálacha uile le baint amach chuspóirí aeráide an Aontais;

M.  de bhrí gur cuireadh i bhfios le géarchéim COVID-19 an ról ríthábhachtach atá ag sócmhainní digiteacha, lena n-áirítear nascacht agus líonraí, mar aon le scileanna digiteacha, mar uirlisí a chuireann ar chumas oibrithe agus cuideachtaí an chaoi a ndéanann siad a gcuid cúraimí agus a oibríochtaí a oiriúnú don staid éigeandála; de bhrí gur réimsí tosaíochta iad athléimneacht an bhonneagair dhigitigh agus feabhsú scileanna digiteacha an luchta saothair ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas na bhfiontar Eorpach, go háirithe FBManna;

N.  de bhrí gur cheart go ndíreofar i straitéis nua tionsclaíoch an Aontais ar nascacht mhéadaithe, sraitheanna digiteacha feabhsaithe, Idirlíon Tionsclaíoch na Rudaí Nithiúla (IIoT), an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus ríomhaireacht chandamach; de bhrí go rannchuidíonn an earnáil dhigiteach freisin leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an aistriú tionsclaíoch i dtreo na haeráidneodrachta, mar fhoinse réiteach teicneolaíoch agus optamú próiseas tionsclaíoch, agus tríd an éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht an geilleagair chiorclaigh den earnáil dhigiteach féin;

O.  de bhrí go n-éilíonn ceannasacht agus uathriail straitéiseach an Aontais bonn tionsclaíoch neamhspleách agus iomaíoch agus infheistíocht ollmhór sa taighde agus sa nuálaíocht, chun ceannaireacht a fhorbairt in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus i réitigh nuálacha agus chun iomaíochas domhanda a áirithiú; de bhrí gur cheart go mbeadh plean gníomhaíochta i straitéis thionsclaíoch an Aontais chun slabhraí soláthair tionscal Eorpach a neartú, a ghiorrú, a dhéanamh níos inbhuanaithe agus a éagsúlú chun róspleáchas mar bheagán margaí a laghdú agus chun a n-athléimneacht a mhéadú; de bhrí gur cheart go mbeadh straitéis ann freisin do phoist a chur ar bun sa bhaile an athuair ar bhonn cliste chun tionscail san Eoraip a ath-imlonnú chomh maith le táirgeadh agus infheistíocht a mhéadú agus táirgeadh tionsclaíoch sna hearnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach acu don Aontas a athlonnú;

1.  á mheas gur cheart go mbeadh an t-aistriú i dtreo sochaí atá athléimneach go sóisialta, go heacnamaíoch agus ó thaobh an chomhshaoil de, ceannaireacht straitéiseach agus uathriail agus margadh aonair dea-fheidhmiúil ag croílár straitéisí uile an Aontais; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur gá creat reachtach agus beartais iomlán feidhmiúil agus réamhbhreathnaitheach a sholáthar, a bheidh fothaithe i dtuiscint na dinimice idir an plean téarnaimh, ár n-uaillmhianta aeráide agus digiteacha, agus straitéis thionsclaíoch éifeachtach a chuíchóiríonn cur chuige, spriocanna agus cuspóirí éagsúla; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis thionsclaíoch chuimsitheach athbhreithnithe a shainiú a sholáthróidh creat beartais soiléir agus cinnteacht rialála, agus, inter alia, na nithe seo a leanas;

   (a) a chruthaíonn na dálaí le haghaidh fás fadtéarmach, a fheabhsaíonn rathúnas an Aontais atá bunaithe ar nuálaíocht agus iomaíochas domhanda agus le haeráidneodracht a bhaint amach;
   (b) a shlógann na hacmhainní airgeadais iomchuí, lena n-áiritear don téarnamh;
   (c) a thacaíonn agus a bhainistíonn na haistrithe éiceolaíocha agus digiteacha, agus poist ar ardcháilíocht á gcoinneáil agus á gcruthú
   (d) a bhaineann an Comhaontú Glas don Eoraip amach;
   (e) a dhaingníonn slabhraí luacha straitéiseacha, a dhéanann níos inbhuanaithe iad, a dhéanann iad a éagsúlú agus a dhigitiú, agus trí thrádáil idirnáisiúnta riailbhunaithe a chur chun cinn agus trí thacú léi chomh maith;
   (f) a neartaíonn an fhiontraíocht, a chruthaíonn timpeallacht atá fabhrach do lucht gnó, a thacaíonn le FBManna agus a spreagann cruthú agus uas-scálú cuideachtaí, lena n-áirítear gnólacht nuathionscanta;
   (g) a fheabhsaíonn athléimneacht agus uathriail straitéiseach an Aontais, lena n-áirítear in amhábhair, agus a fheabhsaíonn ceannaireacht theicneolaíoch,
   (h) a chruthaíonn dálaí don fhorbairt chothrom agus a cothaíonn í ar fud réigiúin an Aontais, gan duine ar bith a fhágáil chun deiridh;

2.  á iarraidh straitéis thionsclaíoch chuimsitheach a bhfuil éiceachórais, FBManna, réigiúin, pobail agus oibrithe uile páirteach ina forbairt agus a cur chun feidhme; á chur in iúl gur féidir le straitéis thionsclaíoch láidir a bheith ina cuidiú le heasaontais ionchasacha a réiteach agus go mbeifí in ann na deiseanna arna gcruthú ag na haistrithe éiceolaíocha agus digiteacha a thapú; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de nach mór do straitéis thionsclaíoch an Aontais a bheith in ann brath ar cholún sóisialta láidir agus dul i ngleic leis na hiarmhairtí sóisialta a ghabhann le hathrú struchtúrtha go tráthúil;

3.  á mheas go bhfuil sé riachtanach infheistíocht a dhéanamh i margaí saothair gníomhacha agus cláir oideachais agus oiliúna a chur ar fáil arb é is aidhm dóibh riachtanais an gheilleagair a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún beartas Aontais a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh an líon post a fhéadfar a chailliúint sna tionscail thraidisiúnta a mheaitseáil leis an éileamh ar shaothar sna tionscail um chlaochlú glas agus digiteach; á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit, ós rud é nach dócha go gcruthófar na poist nua sin sna réigiúin chéanna a chaillfeadh tionscail thraidisiúnta, ná nach rachaidh na hoibrithe céanna ina mbun, go n-éascóidh siad athbheochan eacnamaíoch agus sóisialta na gcríoch a bhfuil baol an dídhaonraithe agus an bhochtaithe ann, agus aird ar leith á tabhairt ar éagothromaíochtaí idir na hinscní;

4.  á mheas gur deis é an t-aistrithe éiceolaíoch agus digiteach sin do réimsí ar breoslaí iontaise is mó atá in úsáid iontu bogadh i dtreo líne tosaigh na nuálaíochta agus i dtreo córas táirgthe atá i gcomhóiriúint le cuspóirí na haeráidneodrachta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go gcothóidh an t-aistriú sin dálaí maidir le cruthú post a bheidh cothrom agus cóir go sóisialta de réir an phrionsabail nach bhfágfar duine ar bith chun deiridh, agus go mbeidh sé fite fuaite le cur chun feidhme iomlán de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, le feabhas a chur ar chaighdeáin shóisialta agus mhaireachtála agus ar dhálaí maithe oibre; á chur i bhfios, chuige sin, an gá go mbeidh beartais chomhfhreagracha agus gníomhaíochtaí nithiúla ag gabháil le gach gníomhaíocht atá dírithe ar dhlús a chur leis an aistriú éiceolaíoch agus digiteach, arb é is aidhm do na beartais sin dul i ngleic leis na héifeachtaí diúltacha ar na réigiúin agus ar na daoine is leochailí araon;

5.  á chur i bhfáth, chun na críche sin, gur gá díriú ar chomhtháthú réigiúnach agus sóisialta agus ar réamhaíocht agus bainistíocht an athstruchtúraithe, a bheidh saincheaptha do shainghnéithe agus riachtanais an mhargaidh saothair áitiúil, agus é mar aidhm leis athbheochan eacnamaíoch na réigiún a ndéantar difear dóibh a bhaint amach agus é mar aidhm leis freisin dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus úsáid infheistíochta poiblí a chur chun cinn, sna hearnálacha riachtanacha atá buailte go háirithe ag an bpaindéim chomh maith, chun tacú le poist ar ardcháilíocht ar fud an Aontais; á chur i bhfios a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na n-oibrithe i mbainistíocht agus i rialachas cuideachtaí;

6.  ag áitiú go sainaitheofar riar scileanna sa todhchaí agus go ndéanfar infheistíocht mhéadaithe in acmhainní daonna, oideachas, oiliúint spriocdhírithe, uas-sciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil, ionas go gcuirfear deiseanna agus ioncam amach anseo ar fáil do dhaoine agus do réigiúin, agus go mbeadh oibrí oilte ar fáil don lucht tionscail; ag tabhairt dá haire go mbraitheann tionscal iomaíoch go mór ar lucht saothair cáilithe a earcú agus a choinneáil a bhfuil scileanna ríthábhachtacha aige i réimse na hinbhuanaitheachta agus an athraithe dhigitigh gnólachtaí, agus gur cheart tacú leis sin le cistiú leordhóthanach ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ón gClár don Mhargadh Aonair;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhú chun comhordú na mbeartas oideachais a neartú, le mórinfheistíochtaí poiblí iontu ar fud na hEorpa; ag áitiú ar an gCoimisiún, ina theannta sin, grúpa saineolaithe geallsealbhóirí a bhunú a mbeidh sé de chúram air bearnaí agus ganntanais scileanna tionsclaíocha a bheidh ann amach anseo a thuar, le cabhair ón intleacht shaorga agus ó acmhainní digiteacha, go háirithe le hacmhainneachtaí ó mhórshonraí;

8.  á chreidiúint gur cheart go rannchuideodh an straitéis fhadtéarmach nua do thodhchaí thionsclaíoch na hEorpa leis an mbearna phá idir na hinscní agus an bhearna phinsin idir na hinscní a chomhrac, ar bearnaí iad a dhéanann difear fós don mhargadh saothair Eorpach agus don tsochaí Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún gné na hinscne a chur san áireamh go cuí i gcur chun feidhme straitéis thionsclaíoch na hEorpa, i gcéim an téarnaimh agus i gcéim na hatógála agus i gcéim an chlaochlaithe araon, lena n-áirítear uirlisí buiséadaithe inscne a úsáid chun ionstraimí airgeadais a shainiú, ar ionstraimí iad lena dtacaítear le fás tionsclaíoch agus eacnamaíoch an Aontais;

9.  á chur i bhfios an ról lárnach is féidir le tionscal na hEorpa a imirt maidir le páirt a ghlacadh go gníomhach i bhfabhar cuspóirí uaillmhianacha comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, lena n-áirítear i réimse chearta an duine; á mheas, chun go dtiocfaidh an méid sin chun cinn, gur gá don Aontas é féin a ullmhú le creat uileghabhálach díchill chuí don tionscal chun rioscaí, tionchair, mí-úsáidí agus díobháil chomhshaoil agus shóisialta a shainaithint, a rianú, a chosc, a mhaolú agus a chur san áireamh, ina ghníomhaíochtaí inmheánacha agus domhanda agus ar fud slabhraí soláthair, chun caighdeáin íosta a áirithiú agus cothroime iomaíochta a chruthú;

10.  ag meas go dteastaíonn straitéis thionsclaíoch ón Aontas a rannchuidíonn leis an téarnamh tionsclaíoch ón ngéarchéim eacnamaíoch reatha, a mheallann infheistíochtaí, a éascaíonn rochtain ar chaipiteal agus a spreagann iomaíocht éifeachtach; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart dhá phríomhchéim idirnasctha a chur san áireamh i straitéis nuashonraithe: ceann amháin atá dírithe ar phoist a chomhdhlúthú, táirgeadh a athghníomhachtú agus é a chur in oiriúint do ‘gnáthaimh nua’ iar-COVID, agus an dara céim atá dírithe ar an atógáil agus ar an gclaochlú;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún, chuige sin, an reachtaíocht ábhartha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a neartú chun tosaíocht a thabhairt do na haistrithe glasa agus digiteacha, agus iomaíochas fadtéarmach agus athléimneacht shochaíoch agus eacnamaíoch á neartú le linn an dá chéim; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, éileamh inmheánach agus fás fadtéarmach an Aontais a spreagadh trí níos mó infheistíochta a mhealladh, idir phoiblí agus phríobháideach, sa taighde agus sa nuálaíocht, i bhforbairt teicneolaíochtaí nua inbhuanaithe agus digiteacha, lena n-áirítear i dtionscail diansaothair, i líonraí nua bonneagair agus i dtionscadail nua atá comhoiriúnach le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, in éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, agus sa gheilleagar ciorclach;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil chuimsitheach a ullmhú le measúnú a dhéanamh ar staid gheilleagar an Aontais agus ar an bhféidearthacht an t-aistriú éiceolaíoch agus digiteach a chur i gcrích, agus aird á tabhairt ar na deiseanna don tionscal, lena n-airítear FBManna, chun leas a bhaint as sineirgí agus na rioscaí a d’fhéadfadh bheith ann dá chéile a íoslaghdú agus na tairbhí a uasmhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún, bunaithe ar a gcuid torthaí, an straitéis a foilsíodh i mí an Mhárta 2020 a oiriúnú don staid reatha agus aghaidh a thabhairt ar an dá chéim, agus an fócas á choinneáil ar aistriú glas, digiteach, cothrom agus cóir a dhaingníonn ceannasacht an Aontais agus a uathriail straitéiseach;

13.  á chur i bhfios nach mór do straitéis thionsclaíoch an Aontais tabhairt faoi chuspóirí dea-shainithe agus, ar mhaithe le lántrédhearcacht, á iarraidh ar an gCoimisiún sainmhínithe soiléire, sainráite agus nithiúla a bhunú do ‘straitéiseach’, uathriail’, ‘uathriail straitéiseach; ‘athléimneacht’ athléimneacht straitéiseach’, agus coincheapa eile gaolmhara, chun a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí a dhéanfar i dtagairt do na coincheapa sin sonrach agus dírithe ar thosaíochtaí agus cuspóirí an Aontais;

14.  á mheas nach leor ionstraimí árachais traidisiúnta chun na caillteanais ón mbriseadh gnó mar thoradh ar phaindéim a chumhdach, agus go bhfuil gá le réiteach uaillmhianach uile-AE chun éifeachtaí diúltacha ag géarchéim paindéime nó sistéamaí amach anseo ar dhaoine, ar ghnólachtaí agus ar an ngeilleagar a thuar agus a bhainistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i dtreo creat a chruthú ina mbeidh infheisteoirí institiúideacha, Ballstáit agus an tAontas rannpháirteach, chun na caillteanais mar gheall ar bhriseadh gnó a chumhdach i gcás paindéim amach anseo;

15.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún ionstraim nua téarnaimh EUR 750 billiún, a chruthú, eadhon Next Generation EU (NGEU); á chur in iúl gur saoth léir na ciorruithe ar chláir dírithe ar an todhchaí mar a mhol an Chomhairle Eorpach i mí Iúil 2020, i CAI 2021-2027 agus NGEU araon, agus á iarraidh go méadófar an caiteachas ar iarrachtaí um athrú aeráide ó bhuiséad AE go dtí ar a laghad 30 % den bhuiséad; á mheas go mbainfidh na ciorruithe sin an bonn de théarnamh inbhuanaithe agus athléimneach do thionscal an Aontais agus go mbeidh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha acu maidir le cuspóirí 2050 an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, chomh maith le ceartas sóisialta agus iomaíochas domhanda; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh buiséad fadtéarmach uaillmhianach agus níos láidre ag an Aontas do 2021-2027 nach rachaidh faoi bhun an togra ón gCoimisiún; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, seasamh na Parlaiminte maidir le hathchóiriú chóras acmhainní dílse AE, lena n-áirítear acmhainní nua a thabhairt isteach atá ailínithe níos fearr leis an dul chun cinn maidir le mórthosaíochtaí beartais AE agus dreasú a thabhairt ina leith;

16.  á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac an tAontas chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19, an t-instealladh leachtachta ó BCE, an méadú ar chaipiteal BEI do FBManna, agus tionscnamh SURE chun cuidiú leis na Ballstáit socruithe oibre gearr-ama a mhaoiniú, fostaíocht a chothabháil agus oibrithe a chosaint; ag cur in iúl gur geal léi, freisin, na hacmhainní urghnácha airgeadais faoin gCreat Státchabhrach chun tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí a bheadh sócmhainneach murach sin agus d’oibrithe chun dul i ngleic le hiarmhairtí eacnamaíocha na paindéim; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin féin, a áirithiú go mbeidh bonn cirt leis an gcabhair a thugtar le linn na céime éigeandála de bharr iarmhairtí na paindéime agus nach mbeidh easpa iomaíochais éifeachtaigh sa mhargadh aonair mar thoradh uirthi, agus nach ndéanfar faillí in earnáil straitéiseach ar bith; ag dréim le hathbhreithniú tráthúil a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le státchabhair, ina theannta sin, chun an tsolúbthacht is gá a thabhairt do na Ballstáit le haghaidh tacaíocht spriocdhírithe chun dícharbónú tionsclaíoch agus digitiú a chur chun cinn, agus go háirithe i ndáil leis na treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis sin, gur cheart go mbeadh aon athbhreithniú ar na rialacha maidir le státchabhair bunaithe ar mheasúnú tionchair ar iomaíochas thionscal na hEorpa, gur cheart go gcuirfí san áireamh an saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal domhanda, agus gur cheart go mbeadh sé ag teacht go hiomlán le spriocanna aeráidneodrachta agus comhshaoil AE do 2050 mar a comhaontaíodh i nDlí Aeráide AE;

17.  á chur i bhfios go láidir nár cheart Státchabhair a dheonú ach amháin do chuideachtaí atá ag tabhairt aghaidh ar éifeachtaí eacnamaíocha COVID-19, agus gur cheart go mbeadh scaoileadh na rialacha maidir le státchabhair teoranta ó thaobh ama de; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, córas státchabhrach sonrach a mholadh a bheidh dírithe ar tacú leis na hearnálacha is mó a d’fhulaing de dheasca bhearta éigeandála COVID-19, amhail tionscal na mótarfheithiclí, tionscal na turasóireachta, agus an tionscal cruach agus miotail; á iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais íosta chomhchoiteanna a leagan síos do chuideachtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais, chun critéir náisiúnta éagsúla a sheachaint a bheadh ina gcúis le neamhréireachtaí breise; á chur i bhfios gur cheart go gcosnófaí poist leis an gcabhair phoiblí a fhaightear agus gur cheart é a úsáid chun oibríochtaí na gcuideachtaí lena mbaineann a ailíniú le cuspóirí an Aontais maidir le haeráidneodracht agus leis an gcomhshaol;

18.  á chur i bhfios, i gcomhthéacs an chúnaimh éigeandála, a thábhachtaí atá sé tacaíocht a thabhairt do gnóthais a urramaíonn comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme agus nach bhfuil cláraithe i dtearmainn chánach;

19.  a chur i bhfios, thairis sin, gur cheart go gcloífeadh aon státchabhair a cuireadh i leith beartas tionsclaíoch nó aon bheartas eile leis an ‘bpriosabal cothromaithe’ coiteann, chun cothroime iomaíochta a áirithiú agus cineálacha dumpála fioscacha uile laistigh de AE agus saobhadh iomaíochta a sheachaint;

20.  á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige soiléir, comhsheasmhach agus inrochtana a bhunú i leith sainiú margaidh i gcásanna iomaíochta thar thionscail éagsúla; thairis sin, ag cur béim ar an ngá le luas, trédhearcacht agus comhréireacht leordhóthanach sa chreat riaracháin agus nós imeachta d’imeachtaí iomaíochta AE, agus go háirithe i rialú cumaisc AE;

21.  ag moladh don Choimisiún córas tuairiscithe a bhunú maidir leis na bealaí ina ndéanann an chaomhnaitheacht choigríche difear do thionscal an Aontais, chomh maith le measúnú rialta ar iomaíochas na n-earnálacha éagsúla de thionscal an Aontais i gcomparáid lena phríomhiomaitheoirí domhanda, agus gníomhú go tapa má tá gá le coigeartuithe ar rialacha an Aontais;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise comhthéacs eacnamaíoch domhanda atá athraithe go mór, athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais in aghaidh trustaí, agus cothromaíocht á lorg idir an gá atá ann déileáil le hiomaíocht ar scála domhanda agus cosaint an tslabhra soláthair agus tomhaltóirí ó na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag margadh inmheánach níos comhchruinnithe;

23.  á mheas go bhfuil na scéimeanna eacnamaíocha a chuir Ballstáit aonair ar bun chun cabhrú le FBManna. le gnólacht nuathionscanta agus le cuideachtaí an géarchor airgid gearrthéarmach a sheasamh ina scéimeanna fónta, ach go bhféadfaidís i gcásanna áirithe leibhéil fiachais na ngnólachtaí sin a mhéadú; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cláir AE agus náisiúnta a thugann dreasacht don mhéadú caipitil agus an téarnamh a éascú;

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún meon an Achta um Ghnólachtaí Beaga a athbheochan agus a athchóiriú, trí thionscnaimh atá dírithe go sonrach ar thacaíocht a thabhairt do mhicreaghnólachtaí agus do ghnólachtaí beaga, óir is minic nach mbíonn bearta ‘a oireann do chách’ oiriúnach do mhicreaghnólachtaí agus do FBManna; ag creidiúint gur bearta tacaíochta ad hoc is fearr a fhónann do FBManna, ar bearta iad lena seachnaítear bacainní maorlathacha agus lena n-áirithítear go sroicheann an leachtacht is gá cuideachtaí trí uirlisí éifeachtacha agus inrochtana agus trí nósanna imeachta tapa, solúbtha agus atá fabhrach do FBManna; ag cur i bhfáth nach mbeidh an leachtacht ag go leor FBManna chun infheistíocht a dhéanamh i gclaochlú digiteach inbhuanaithe;

25.  á chur i bhfios go mbíonn tionchar ag cláir chistiúcháin an Aontais ar leibhéal fáis fhadtéarmach na gcuideachtaí is tairbhithe a mhéadú, ach á chur i bhfios freisin go mbíonn deacrachtaí suntasacha ag cuideachtaí, go háirithe FBManna, rochtain a fháil ar chistiú AE; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cloí leis an gconair atá ann cheana féin maidir le córais creidmheasa cánach náisiúnta cómhaoinithe atá dírithe ar infheistíochtaí a chothú i dteicneolaíochtaí digiteacha agus comhshaoil;

26.  ag athdhearbhú a thábhachtaí atá beart tacaíochta ad hoc a dhírítear ar FBManna, trí thacaíocht fhónta airgeadais sa chéad CAI eile; ag moladh don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar clár dearbhán do FBManna a chruthú chun tacú le hiarrachtaí FBManna, lena n-áirítear iarrachtaí chun trealamh atá imithe i léig a uasghrádú, an t-aistriú eolais a fheabhsú agus na húsáidí teicneolaíochta is éifeachtaí a shainaithint, amhail IS tionsclaíoch, agus an lucht saothair a uas-sciliú leis na scileanna riachtanacha láithreach bonn chun rialú sócmhainní cianda, faireachán ar tháirgeadh agus comhoibriú fostaithe a cheadú, mar aon le samhlacha gnó atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, cur chuige an gheilleagair chiorclaigh, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, réimsí ina mbíonn fios digiteach ríthábhachtach go minic agus ina gceadaítear do FBManna leanúint de bheith iomaíoch;

27.  á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil bearna shuntasach idir gnólachtaí móra agus FBManna sa mhéid a bhaineann le comhtháthú teicneolaíochtaí digiteacha ina gcuid oibríochtaí gnó, mar aon le bearna idir gnólachtaí ceannródaíocha agus gnólachtaí atá chun deireadh ó thaobh na nuálaíochta de; á thabhairt chun suntais an gá atá ann deiseanna a mhéadú do FBManna maidir lena n-acmhainneacht chun teicneolaíochtaí nuálacha a ghlacadh agus míchothromaíochtaí digiteacha a laghdú ó thaobh bonneagar i gcathracha beaga agus i gceantair thuaithe agus iargúlta de; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis an méid sin, tuilleadh tacaíochta a thabhairt do Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha, ar bealach, a bhuí leis an eolas ar éiceachórais áitiúla, a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach chun an deighilt dhigiteach a laghdú;

28.  á chreidiúint gur cheart go mbeadh fiontair an gheilleagair shóisialta lán-rannpháirteach i dtorthaí na straitéise tionsclaíche, ós rud é go gcruthaítear luach poiblí leo agus go rannchuidíonn siad le forbairt na pobal áitiúil ina bhfuil siad fothaithe; á iarraidh, chuige sin, ar an gCoimisiún sainiúlachtaí na catagóire fiontair sin a thabhairt san áireamh i ndearadh na n-ionstraimí airgeadais agus na gclár oibre, chun tacú lena rochtain ar mhaoiniú;

29.  á chur i bhfios go bhfuil saintréithe sonracha a dhéanann an t-aistriú atá inbhuanaithe go heacnamaíoch chuig geilleagar aeráidneodrach agus iomlán digiteach oiriúnach go háirithe do bheartas téarnaimh a fhéachann le borradh a chur faoi éileamh tomhaltóirí agus fostaíocht go tapa; á thabhairt chun suntais go léiríonn an fhianaise go gcruthaíonn tionscadail ghlasa agus dhigiteacha níos mó post, go soláthraíonn siad torthaí níos airde in aghaidh gach euro a chaitear sa ghearrthéarma agus go dtagann coigilteas méadaithe ar chostas san fhadtéarma astu i gcomparáid le spreagthaí fioscacha traidisiúnta, ós rud é go bhfuil sé tapa iad a uas-scálú toisc an teicneolaíocht a bheith ar fáil go héasca (e.g. foinsí fuinnimh inathnuaite), go mbíonn FBManna páirteach iontu go hiondúil agus go gcothaíonn siad geilleagair áitiúla trí éifeachtaí láidre fostaíochta, rud a mhéadaíonn ioncam indiúscartha tomhaltóirí go tapa (e.g. éifeachtúlacht fuinnimh), agus is lú a neamhchosaint i leith suaitheadh seachtrach agus go rannchuideoidh siad, dá bhrí sin, le téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch níos athléimní;

30.  ag tabhairt dá haire, chun cuidiú le hinfheistíochtaí a aithint ag a bhfuil dea-thionchair arda chomhshaoil agus shóisialta, go leagtar síos i dtacsanomaíocht AE, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, an creat chun críocha a mhéid a bhfuil infheistíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhunú agus a áirithiú nach ndéantar aon dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil agus sóisialta;

31.  á mheas go dteastaíonn straitéis thionsclaíoch nuálach ón Aontas a chuireann dlús lenár tionscail agus FBManna, lena n-áirítear cinn thraidisiúnta, a dhigitiú, a chuireann feabhas ar acmhainneacht thionsclaíoch an Aontais maidir le bonneagar agus acmhainneachtaí criticiúla digiteacha, agus a neartaíonn an margadh aonair digiteach agus sonraí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór don Aontas tacú le gnólachtaí maidir lena bhfios gnó a uathoibriú agus a digitiú agus maidir le hinfheistiú i dtrealamh digiteach (crua-earraí agus bog earraí), agus aird ar leith á tabhairt ar rannpháirtíocht na mban i bpróiseas an digitithe a spreagadh agus ar chórais oiliúna agus scilithe a nuachóiriú agus a fheabhsú; á chur i bhfios a thábhachtaí atá an Clár don Eoraip Dhigiteach agus dlús a chur le teicneolaíochtaí cumasúcháin agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a ghlacadh sna tionscail; ag moladh cruthú mol nuálaíochta digiteach ar fud AE;

32.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh, inter alia, sa gheilleagar sonraíbhunaithe, san intleacht shaorga dhaonlárnach, sa táirgeadh cliste, in Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT), sa tsogluaisteacht, sá sár-ríomhaireacht, san innealtóireacht agus teicneolaíocht maidir le bogearraí, sa néalríomhaireacht, i dteicneolaíocht chandamach, i líonraí ardluais athléimneacha, inacmhainne agus slána 5G agus 6G, i dTeicneolaíocht Mórleabhar Dáilte (DLTanna), sa róbataic, i gceallraí agus san idirlíon satailíte; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún faisnéis, i ndáil leis sin, cur chun feidhme tráthúil a áirithiú maidir leis na príomhbhearta ábhartha a mholtar sa bhosca uirlisí le haghaidh cibearshlándáil 5G, agus go háirithe na srianta ábhartha a chur i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, maidir le soláthróirí ardriosca le haghaidh eochairshócmhainní a shainítear mar shócmhainní ríthábhachtacha íogaire i measúnuithe riosca comhordaithe an Aontais;

33.  á chur i bhfios ról príomha na hearnála digití maidir le rannchuidiú le claochlú na hearnála tionsclaíche, mar fhoinse de réitigh ghlana teicneolaíochta agus maidir le próisis thionsclaíocha a optamú agus a dtionchar comhshaoil a íoslaghdú araon; i bhfianaise ídiú ard an fhuinnimh agus na n-acmhainní a bhaineann le TFC, á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag forbairt ollmhór na réiteach digiteach ar an gcomhshaol agus ag an am céanna ceannaireacht na hEorpa i dteicneolaíochtaí digiteacha ciorclacha agus in ionaid sonraí atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí nithiúla a mholadh maidir le réitigh dhigiteacha chun freastal ar an aistriú éiceolaíoch agus modheolaíocht a bhunú chun faireachán agus cainníochtú a dhéanamh ar thionchar méadaitheach na dteicneolaíochtaí digiteacha ar an gcomhshaol;

34.  á chur i bhfios go n-imríonn sonraí ról príomha i gclaochlú tionscal Eorpach, agus á chur i bhfáth an tábhacht atá le fás agus digitiú na monaraíochta cliste; á iarraidh ar an gCoimisiún timpeallacht aonair Eorpach dhigiteach agus sonraí agus idir-inoibritheacht a áirithiú agus a chur chun cinn, mar aon le rochtain agus sreabhadh le haghaidh sonraí agus bogearraí slána laistigh den Aontais agus ar fud earnálacha, i gcuideachtaí de gach méid agus i measc institiúidí; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, ceannaireacht Eorpach a áirithiú maidir le caighdeáin atá dírithe ar an todhchaí a shocrú agus le huirlisí agus bonneagar atá dírithe ar an todhchaí a chruthú chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil agus chun sonraí Eorpacha i bpríomhearnálacha a chomhthiomsú, le spásanna sonraí coiteanna agus idir-inoibritheacha uile-Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, díriú go sonrach ar thionscadail a bhfuil bainistiú agus lipéadú sonraí, caighdeánú formáidí sonraí agus slándáil sonraí mar aidhm leo, chun sonraí a fhorbairt agus a phróiseáil ar chríoch na hEorpa, go háirithe sonraí ó chomhlachtaí poiblí, chun córas cánachais dhigitigh níos fearr a thógáil faoina ngearrtar cáin ar bhrabúis agus ina bhfuil idirghníomhaíocht shuntasach ag cuideachtaí le húsáideoirí, agus chun caighdeáin Eorpacha agus deimhniú Eorpach maidir leis an gcibearshlándáil a fhorbairt tuilleadh, agus ar an gcaoi sin, iomaíochas feabhsaithe a áirithiú, chun teicneolaíochtaí suaiteacha, go háirithe do bhonneagar criticiúil, a chur chun cinn, lena n-áirítear tríd an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (Treoir NIS) a athbhreithniú agus trí líonra de lárionaid um inniúlachtaí cibearshlándála a bhunú; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, ardán cóir do chaidreamh gnó a áirithiú lena gcuirtear ar chumas fiontair in AE, go háirithe FBManna, sonraí a ghintear ar ardáin a úsáid go héifeachtach;

35.  ag aithint a thábhachtaí atá cur chuige Eorpach don gheilleagar sonraíbhunaithe atá trédhearcach, iontaofa, idir-inoibritheach agus daonlárnach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ilroinnt sna straitéisí náisiúnta éagsúla a laghdú de réir a chéile agus aghaidh a thabhairt ar éagothroime i gcumhacht an mhargaidh, agus é mar aidhm leis tacú le sreabhadh sonraí uile-Aontais, le hidir-inoibritheacht, le bainistiú sonraí, le cosaint agus le húsáid agus athúsáid;

36.  á chur i bhfios an gá atá le creat dlíthiúil Eorpach maidir le IS, an róbataic agus teicneolaíochtaí gaolmhara lena dtugtar aghaidh ar phrionsabail eiticiúla agus ar chearta bunúsacha maidir lena bhforbairt, lena gcur in úsáid agus lena n-úsáid, chomh maith le ceisteanna sábháilteachta agus dliteanais; á thabhairt chun suntais go mbeidh creat cothrománach ag teastáil le haghaidh nuálaíocht agus iomaíochas thionscal na hEorpa lena léireofar luachanna agus prionsabail an Aontais, chun treoir nithiúil agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon, lena n-áirítear iad siúd lasmuigh den Aontas;

37.  á chur in iúl go bhfuil sé den tuairim nach mór breithniú cúramach a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht reachtach i gcomhthéacs athbhreithniú na gceart maoine intleachtúla is infheidhme atá ann cheana, mar go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aici sin ar gheilleagar sonraí an Aontais atá leochaileach agus ag forbairt go fóill; á mheas nach cheart go mbeadh ceart úinéireachta ann bunaithe ar an maoin intleachtúil le haghaidh sonraí neamhphearsanta atá in úsáid nó á dtáirgeadh ag teicneolaíochtaí amhail an Intleacht Shaorga;

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a áireamh sa phlean téarnaimh chun tionscail a mhealladh chun na hEorpa, chun athlonnú agus éagsúlú tionscal Eorpach a mhéadú, a neartú agus a chur chun cinn maidir lena dtábhacht straitéiseach agus, ó thaobh dearcadh aeráidneodrachta de, chun slabhraí soláthair a ghiorrú agus a éagsúlú á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go dtáirgeann an tAontas go leor earraí straitéiseacha, amhail trealamh leighis agus cúraim sláinte nó fuinneamh in-athnuaite, chun go mbeidh siad neamhthuilleamaíoch in am géarchéime, agus ag moladh dreasachtaí a úsáid chun é sin a bhaint amach, amhail an gá le leibhéal níos airde táirgthe áitiúil (AE/LEE) a cheannach ó earnálacha a bhfuil cabhair shealadach á fáil acu;

39.  ag aithint an riosca go dtiocfaidh méadú ar náisiúnachas eacnamaíoch agus ar chaomhnaitheacht as géarchéim COVID-19, ar dúshlán mór é don tsaorthrádáil riailbhunaithe agus do shlabhraí luacha domhanda de bharr athnáisiúnú táirgthe agus bhriseadh suas na slabhraí sin; chuige sin, á iarraidh ar gheallshealbhóirí a slabhraí soláthair a éagsúla agus a ghiorrú agus iad a dhéanamh níos inbhuanaithe chun leochaileacht a laghdú;

40.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, dul i leith córais iltaobhacha trádála oscailte agus riailbhunaithe atá comhsheasmhach le hiarrachtaí domhanda chun stop a chur leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta agus le ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta AE, a chuireann feabhas ar rochtain ar mhargaí idirnáisiúnta do chuideachtaí AE, agus a chuireann cosc ar ghníomhaithe láidre idirnáisiúnta mí-úsáid a bhaint as an gcumhacht mhargaidh atá acu; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, sa chomhthéacs sin, gur cheart go n-úsáidfidh an tAontas beartas iomaíochta sa mhéid a bhaineann le cuideachtaí tríú tíortha de réir mar is iomchuí, gur cheart dó bearta ionstraime cosanta trádála (TDI) a chur i bhfeidhm ar bhonn níos treallúsaí ionas go rachfar i ngleic go córasach le cleachtais mhíchothroma dumpála agus fóirdheontais, agus scéim TDI atá ann cheana a neartú;

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún toirmeasc sealadach a mholadh láithreach ar tháthcheangail choigríche ar chuideachtaí Eorpacha in earnálacha straitéiseacha ag fiontair atá faoi úinéireacht stáit (SOEnna) nó ag cuideachtaí atá nasctha le rialtais tríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, machnamh a dhéanamh ar chómhalartacht maidir le rochtain ar an margadh, creat scagtha an Aontais le haghaidh infheistíocht dhíreach choigríche a neartú agus a scanadh go córasach chun rochtain ar thionscail straitéiseacha, ar bhonneagar, ar eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, agus ar shócmhainní slándála agus cibearshlándála eile a chosaint, chomh maith le bac a chur ar tháthcheangail naimhdeacha chun iomaíochas a chosaint agus saobhadh margaidh sa mhargadh aonair a laghdú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an Páipéar Bán maidir leis an machaire imeartha a chothromú i ndáil le fóirdheontais eachtracha; á iarraidh go neartófaí go mór agus go nglacfaí gan mhoill Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 (an Rialachán Forfheidhmithe). á chur i bhfáth gur uirlis thábhachtach é chun leasanna an Aontais a chosaint nuair a ghlacann tríú tíortha bearta neamhdhleathacha a imríonn tionchar diúltach ar ghnólachtaí AE;

42.  á iarraidh ar an gComhairle leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht maidir leis na hIonstraimí um Sholáthar Idirnáisiúnta (IPInna), lena bhforáiltear do chómhalartacht agus do chaighdeáin fhrithpháirteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí dlíthiúla iomchuí a mholadh lena dtugtar aghaidh ar an saobhadh a tharlaíonn sa mhargadh aonair, lena n-áirítear i nósanna imeachta soláthair phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, machnamh a dhéanamh ar thosaíocht a thabhairt do chuideachtaí a bhfuil a gceanncheathrú, a dtáirgeadh agus a bhfostaíocht laistigh den Aontas acu, agus a choinníonn laistigh den Aontas iad; á iarraidh ar an gCoimisiún, in éagmais IPI láidir agus rialacha domhanda éifeachtacha maidir le rochtain ar sholáthar poiblí, féachaint an bhféadfaí bearta a thabhairt isteach chun tacú le monaróirí Eorpacha, go háirithe FBManna, atá ag tabhairt aghaidh ar iomaíocht mhéadaithe ó thíortha atá ag teacht chun cinn nach gcomhlíonann comhrialacha trádála idirnáisiúnta agus caighdeáin chomhshaoil shóisialta;

43.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaidh ról tábhachtach i dtaidhleoireacht eacnamaíoch agus ‘thionsclaíoch’ a bheith ag cur chuige cuimsitheach i leith straitéis thionsclaíoch a áiríonn bearta uile AE; á mholadh don Choimisiún úsáid ghníomhach a bhaint as líonra Chomhlachas Tráchtála AE i dtríú tíortha chun comhpháirtíochtaí nua gnó a chruthú;

44.  á chur in iúl gur geal léi an uaillmhian príomhmhargaí a chruthú i dteicneolaíochtaí digiteacha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus i réitigh nuálacha; á mheas go bhfuil maoiniú de thaighde agus nuálaíocht ríthábhachtach do thionscadail thionsclaíocha nuálacha agus d’acmhainneachtaí digiteacha, agus á chreidiúint gur cheart go mbeadh an méid sin fite fuaite leis an anailís atá á déanamh faoi láthair ag an gCoimisiún ar na treoirlínte le haghaidh ‘Tionscadail Thábhachtacha ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne’ (IPCEI); den tuairim gur cheart breathnú ar athléimneacht agus ar uathriail straitéiseach mar chritéir shainiúla agus gur cheart go gcomhlíonfadh IPCEI spriocanna aeráidneodrachta agus digiteacha an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht a mhéadú i gcur chun feidhme IPCEInna agus rannpháirtíocht FBManna a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin dlús a chur le ceannairí Eorpacha agus/nó le héiceachórais in earnálacha tionsclaíocha straitéiseacha atá in ann dul in iomaíocht ar scála domhanda agus a rannchuideoidh le geilleagar aeráidneodrach agus ceannaireacht dhigiteach a bhaint amach gan saobhadh iomaíochta a chruthú san Aontas nó an mhuinín as oscailteacht an mhargaidh agus as rochtain a mhaolú;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den obair ar shlabhraí luacha trína áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar na gníomhaíochtaí a mholtar do na sé shlabhra luacha straitéiseacha a shainaithin an Fóram Straitéiseach maidir le IPCEI, agus coinníollacha trédhearcacha a chruthú maidir le cur i bhfeidhm thionscadail chomhpháirteacha IPCEI a bheadh aonfhoirmeach sna Ballstáit uile, chun a áirithiú go rachaidh siad chun tairbhe an Aontais ina iomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa ghéarchéim reatha, infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a bhfuil breisluach Eorpach soiléir acu agus próisis riaracháin a shimpliú, na critéir maidir le hincháilitheacht costais a leathnú agus cistiú a mhéadú;

46.  á mheas gurb é tionscnamh NGEU an colún den chéad chéim de théarnamh tionsclaíoch AE ó ghéarchéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear an ciste chun feidhme go pras, agus á éileamh go mbeidh an Pharlaimint lánpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta agus cur chun feidhme, chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú agus chun trédhearcacht agus rialú parlaiminteach a uasmhéadú; á éileamh, le haghaidh tús-ualú éifeachtach ar an EUR 750 billiún, go ndéanfaidh an NGEU an méid seo a leanas:

   (a) foráil a dhéanamh do spriocanna d’infheistíochtaí sóisialta, inbhuanaithe agus digiteacha, d‘fhonn tionchair dhíobhálacha a íoslaghdú agus tairbhí sa ghné aeráide, chomhshaoil agus shóisialta a uasmhéadú;
   (b) díriú sonrach a bheith aige ar FBManna, arb iad is measa atá buailte ag géarchéim COVID-19, agus tacú leis an rochtain atá acu ar mhaoiniú;
   (c) bainistiú díreach a bheith ag an gCoimisiún air, i gcás inar féidir, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus trí chláir Eorpacha, chun dul ar aghaidh ar bhealach níos comhordaithe, chun tionchar níos fearr a imirt ar an margadh domhanda agus trédhearcacht agus rialú parlaiminteach a uasmhéadú, chomh maith le saobhadh inmheánach agus seachtrach agus suaitheadh sa mhargadh aonair a sheachaint;
   (d) sainiúlachtaí na mBallstát atá buailte ag an ngéarchéim ar bhealaí ilchineálacha a chur san áireamh;
   (e) cúnamh airgeadais a dháileadh i measc na n-éiceachóras tionsclaíoch éagsúil, lena n-áirítear micreaghnólachtaí agus FBManna, de réir an damáiste a rinneadh, de réir an tionchair shóisialta, de réir na ndúshlán a bhí le sárú agus de réir mhéid na tacaíochta airgeadais náisiúnta a fuarthas cheana trí scéimeanna cabhrach náisiúnta agus na hidirthuilleamaíochtaí struchtúracha atá ann idir na luachshlabhraí éagsúla á gcur san áireamh; an chiall a ceannaíodh ó na bearta tacaíochta poiblí a bhí ann roimhe seo i bhfreagairt do ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais 2008-2009 agus an tionchar a bhí aige sin ar athléimneacht agus ar théarnamh fadtéarmach eacnamaíoch agus sóisialta a chur san áireamh; go gcuirfear san áireamh nach foláir don chiste a bheith coinníollach ar chritéir lena n-áirithítear nach mbainfear úsáid as cistiú chun seanfhiachais a ghlanadh nó teicneolaíocht atá as dáta a choimeád agus go dtacófar le cuideachtaí a rannchuidíonn le fás fadtéarmach agus a bhfuil acmhainneacht láidir acu i leith an geilleagar a athbheochan; go gcuirfear san áireamh gur cheart an caiteachas ar théarnamh a bheith dírithe freisin ar earnálacha ardiolraithreora atá neamhdhíobhálach don aeráid agus fabhrach don nuálaíocht agus a rannchuideoidh le hathléimneacht eacnamaíoch AE sa todhchaí;
   (f) tacaíocht a thabhairt do scéimeanna fioscacha náisiúnta lena ndreasaítear infheistíocht chothromais na hearnála príobháidí agus lena gceadaítear do chuideachtaí cuid de na hiasachtaí a thugann an Ciste a thiontú go cothromas;
   (g) cistiú tiomnaithe a leithdháileadh ar chuideachtaí, go háirithe ar FBManna, micreaghnólachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil pleananna gnó agus oibríochtaí acu a bhfuil nuálaíochtaí, teicneolaíochtaí agus seirbhísí riachtanacha i gceist leo, lena n-áirítear cur chun cinn an claochlaithe dhigitigh agus ghlais, nó a bhfuil a n-oibríochtaí riachtanach do neamhspleáchas straitéiseach an Aontais in earnálacha criticiúla, ag féachaint go sonrach do chiorclaíocht fheabhsaithe, éifeachtúlacht agus coigiltis acmhainní agus fuinnimh agus athrú chuig foinsí inathnuaite fuinnimh; a chabhróidh lenár luachshlabhraí a dhéanamh níos athléimní agus a spleáchas a laghdú trí iad a athlonnú, a éagsúlú agus a neartú, agus idirdhealú á sheachaint léi i gcoinne cuideachtaí atá i ngleic le héigeandáil agus ar gá iad a thionlacan le linn a n-aistrithe;
   (h) cistiú a leithdháileadh ar chuideachtaí móra a bhfuil pleananna inchreidte acu i leith aistriú chuig samhail ghnó aeráidneodrach;
   (i) clár ráthaíochtaí BEI a neartú agus á dhéanamh comhlántach le cláir náisiúnta, ionas gur féidir leis feidhmiú mar bharraíocht luachmhar agus a dtionchar ar bráid a neartú;
   (j) tosaíocht a thabhairt do chuideachtaí a thugann gealltanas i leith trédhearcachta, infheictheacht chistiú AE a áirithiú, córais a chur i bhfeidhm lena spreagfar rannpháirtíocht na n-oibrithe i gcúrsaí na cuideachta, agus a dhéanann a n-oibleagáidí tuairiscithe neamhairgeadais a chomhlíonadh;

47.  ag tabhairt chun suntais an gá atá le tacaíocht a thabhairt do théarnamh inbhuanaithe agus cóir, lena n-áiritheofar dea-bhail na saoránach i ndiaidh ghéarchéim COVID-19; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Chiste cothú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht agus iomaíochas thionscail na hEorpa, mar aon le haistrithe tionsclaíocha digiteacha agus glasa atá cothrom agus cóir a ráthú;

48.  á mheas, i gcomhthráth leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, gur cheart don Aontas an dara céim dá straitéis thionsclaíoch a ullmhú agus a réamh-mheas, lena n-áiritheofar iomaíochas, inbhuaine comhshaoil agus digitiú a chuid tionscal agus as a dtiocfaidh athléimneacht fhadtéarmach a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta; á mheabhrú go mbeidh ról na mBallstát ríthábhachtach do théarnamh rathúil lena ndéanfar giaráil ar acmhainní teoranta AE, agus gur cheart go mbeadh an beartas tionsclaíoch ina chúram cothrománach ag an gCoimisiún;

49.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go dteastaíonn straitéis thionsclaíoch ón Aontas lena gcuimseofar an chosaint ar shláinte agus ar bhithéagsúlacht an chomhshaoil agus ag áitiú an gá atá le dlús a chur faoi chlaochlú aeráidneodrach ár dtionscal; ag cur béim ar an bhfíoras nach foláir d’infheistíochtaí a bheith ag luí le spriocanna aeráidneodrachta 2050, mar mura ndéanfar amhlaidh go bhfuil baol ann go gcruthófar sócmhainní tréigthe agus éifeachtaí glasála i dteicneolaíochtaí iontaise-bhunaithe agus i dteicneolaíochtaí atá díobhálach don chomhshaol;

50.  á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh Straitéis Thionsclaíoch na hEorpa atá éifeachtach go fírinneach agus an beartas gaolmhar a bheith bunaithe ar ghníomhaíocht uaillmhianach agus spriocanna uaillmhianacha maidir leis an aeráid ar bhonn an Dlí Aeráide, a bheidh mar threochlár chun tionscal na todhchaí a mhúnlú leis na hearnálacha uile a rannchuidíonn le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach a luaithe is féidir agus faoi 2050 ar a dhéanaí;

51.  á chur i bhfáth go bhfuil gá leis an Straitéis Thionsclaíoch nua a ailíniú leis an sprioc i dtaobh geilleagar aeráidneodrach a bheith ann faoi 2050, agus fós a chur bhfáth nach foláir do bheartais aeráide na hEorpa a bheith bunaithe ar fhianaise;

52.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann i margaí intíre agus domhanda do theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus teicneolaíochtaí íseal-astaíochtaí, athnuaiteáin, agus táirgí, próisis agus seirbhísí inbhuanaithe ar fud an luachshlabhra iomláin ó amhábhair go tionscail dianfhuinnimh, monaraíocht agus an earnáil seirbhísí tionsclaíocha; á mheas, thairis sin, go rannchuideoidh an Dlí Aeráide go mór le cuíchóiriú a dhéanamh ar na hiarrachtaí ionsar aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, lena leagfar síos spriocanna aeráide 2030 agus 2050 i reachtaíocht an Aontais; á chreidiúint go bhfuil gá freisin le creat beartais níos iomlánaí agus níos córasaí a bheith ann chun a áirithiú go mbeidh ann do chomhleanúnachas beartais ar fud bheartais uile an Aontais mar aon le deimhneacht d’infheisteoirí agus intuarthacht rialála fhadtéarmach agus cur chuige rialachais comhleanúnach, trédhearcach agus cuimsitheach i ngach réimse beartais, lena réiteofar an bealach ionsar straitéis shoiléir agus chobhsaí do thionscail na hEorpa;

53.  á chur in iúl gur geal léi an Fóram Tionsclaíoch atá beartaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún dul ar aghaidh lena bhunú agus idirphlé a chur ar bun laistigh den chreat sin ina mbeidh ionadaíocht chothrom ann idir saineolaithe eolaíochta, eagraíochtaí agus geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, tomhaltóirí, eagraíochtaí agus ceardchumainn, chun faireachán leanúnach agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na hearnálacha tionsclaíocha aonair ar leibhéal AE ionsar na cuspóirí aeráidneodrachta atá le baint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le rannchuidiú agus comhsheasmhacht na n-infheistíochtaí le cuspóirí comhshaoil agus aeráide AE, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh;

54.  á mheas gur cheart do na hearnálacha uile rannchuidiú a dhéanamh le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach agus, ina leith sin, á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don Choimisiún straitéisí earnáilsonracha a fhorbairt lena leagfar amach na bearta is gá chun an cuspóirí sin a bhaint amach agus lena n-áiritheofar comhtháthú beartais; á thathant go ndéanfar breoslaí iontaise a chéimniú amach go mear agus an gá atá le córas fuinnimh an-éifeachtúil agus aeráidneodrach a chur ar bun do thionscail ar phraghsanna a bheidh iomaíoch ar bhonn domhanda; ag tabhairt chun suntais an ról atá ag fuinneamh agus amhábhair atá glan, inbhuanaithe agus inacmhainne san aistriú ionsar gheilleagair atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus aeráidneodrach a bhaint amach; á chur i bhfáth an gá atá lena áirithiú nach bhfuil san úsáid a bhaintear as foinsí fuinnimh amhail gás nádúrtha ach beart idirthréimhseach, i bhfianaise an chuspóra aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á chur i bhfios go láidir go mbeidh ról tábhachtach ag an gcomhtháthú breise a dhéanfar ar mhargadh fuinnimh AE i dtaca le hinacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go bhfuil gá le dlús a chur faoi fhorbairt agus comhtháthú na n-acmhainneachtaí inathnuaite sa mheascán fuinnimh agus le héascú a dhéanamh ar an úsáid a bhainfear as táirgeadh hidrigine atá bunaithe ar athnuaiteáin, mar theicneolaíocht cheannródaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann d’earnálacha a bhfuil astaíochtaí acu nach furasta a mhaolú; á chur in iúl gur geal léi seoladh na Comhghuaillíochta Hidrigine Glaine agus chomhghuaillíocht na dtionscal ísealcharbóin; á chur i bhfáth an gá atá le dlús a chur faoin taighde ar tháirgeadh hidrigine agus breosla ghlais ar mhórscála, ar theicneolaíochtaí dícharbónaithe amhail bonneagar do charbón a ghabháil agus a stóráil i bpróisis thionsclaíocha, i ngléasraí bithfhuinnimh agus i saoráidí monaraíochta, d‘fhonn an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach, agus lena bhfiosraítear freisin an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as foinse gheoiteirmeach fuinnimh; á athdhearbhú go n-éilítear leis sin, infhaighteacht fuinnimh atá inacmhainne agus glan agus bonneagair thacaíochta ar mhórscála, i gcomhréir le riachtanais dhícharbónaithe na dtionscal dianfhuinnimh;

55.  á iarraidh ar institiúidí AE, ar na Ballstáit, ar na réigiúin, ar an earnáil thionsclaíoch agus ar na gníomhaithe ábhartha eile go léir oibriú le chéile chun éifeachtúlacht fuinnimh na hEorpa a fheabhsú, chun príomh-mhargaí i dteicneolaíochtaí atá ábhartha ó thaobh na haeráide de agus nuálaíochtaí san Aontas a chruthú, agus tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i mbonneagair fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbainfear úsáid níos fearr as BEI, mar ‘Bhanc Aeráide’ an Aontais, chun feabhas a chur ar mhaoiniú inbhuanaithe a chuirfear ar fáil do na hearnálacha poiblí agus príobháideacha agus chun cabhrú le cuideachtaí sa phróiseas dícharbónaithe;

56.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní fuinnimh inathnuaite atá iomaíoch ó thaobh costais de a úsáid ar mhórscála in earnálacha uile an gheilleagair; á aithint go bhfuil 40 % de phaitinní fuinnimh inathnuaite ar bhonn domhanda i seilbh an Aontais, agus á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh sé de bheith ar thús cadhnaíochta i dteicneolaíochtaí inathnuaite ceannródaíocha; á chur i bhfáth, ina leith sin, a ríthábhachtaí atá an gá atá le beartas láidir tionsclaíoch a fhorbairt d’fhoinsí inathnuaite lena gcuimsítear beartais atá ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon agus lena gcumasófar comhtháthú na hearnála inathnuaite chun slándáil fhadtéarmach ó thaobh soláthar fuinnimh, ceannaireacht teicneolaíochta agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa de a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt do theicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite mar Luachshlabhra Straitéiseach ríthábhachtach agus mar éiceachóras tionsclaíoch atá incháilithe do mhaoiniú ón tSaoráid Straitéiseach Infheistíochta, mar aon le hionadaíocht leormhaith a bheith acu san Fhóram Tionsclaíochta atá beartaithe. á chur i bhfáth go bhfuil gá le bearta tacaíochta a ullmhú don fhorbairt ar theicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite san Eoraip agus chun machaire comhréidh a áirithiú do mhonaróirí an Aontais agus do mhonaróirí atá lasmuigh den Aontas;

57.  ag tabhairt chun suntais, má tá tionscal na hEorpa chun bheith iomaíoch nach foláir gréasán bonneagair iompair digiteach agus fuinnimh atá éifeachtúil, inbhuanaithe agus lán-idirnasctha a bheith mar thaca leis; á iarraidh go mbeadh beartas infheistíochta fadtéarmaí ann chun bonneagair a ullmhú agus a athchóiriú agus chun laghdú a dhéanamh ar na bacainní riaracháin a chuireann bac ar fhorbairt mhear na ngréasán tras-Eorpach; á iarraidh go gcuirfí tuilleadh cistithe ar fáil do Shaoráid um Chónascadh na hEorpa ina trí earnáil, chun borradh a chur faoin infheistíocht i mbonneagair, in idirnaisc, i ndigitiú agus in eangacha cliste, i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le dlús a chur faoi Thionscadail Leasa Choitinn (PCInna), agus le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis na Gréasáin Fuinnimh Tras-Eorpacha (TEN-E) a luaithe is féidir;

58.  ag tabhairt chun suntais acmhainneacht an gheilleagair chiorclaigh agus truaillithe nialasaigh ó thaobh nuachóiriú a dhéanamh ar gheilleagar an Aontais de, laghdú a dhéanamh ar a thomhaltas fuinnimh agus acmhainní, tosaíocht a thabhairt do dhramhaíl a chosc, dreasachtaí a sholáthar i gcás nuálaíochtaí, agus claochlú a dhéanamh ar earnálacha tionsclaíocha iomlána agus ar a luachshlabhraí, táirgí, próisis táirgthe agus samhlacha gnó, agus cothú á dhéanamh, dá bhrí sin, ar dhí-ábharú agus ar dhíthocsainiú gheilleagar na hEorpa agus spleáchas na hEorpa ar ábhair phríomhúla a laghdú agus dreasú á dhéanamh ar nuálaíocht ag an am céanna, lena n-áirítear margaí i gcomhair réitigh atá nialasach ó thaobh carbóin de, réitigh ísealcharbóin agus inathnuaite a chruthú lena ndéanfar ionadú ar tháirgí agus ábhair atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, agus an fhorbairt ar theicneolaíochtaí agus ar réitigh nua éicea-dheartha chun tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol a chosc; ag tabhairt chun suntais na sineirgí láidre atá ann idir an gníomhú ar son na haeráide agus an geilleagar ciorclach, go háirithe i dtionscail atá dian ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus i dtionscail an athchóirithe, agus á chur i bhfáth go bhfuil conairí dícharbónaithe agus túsphointí éagsúla ag earnálacha; á chur i bhfios go láidir acmhainneacht an bhithgheilleagair chiorclaigh agus an tionscail foraoisbhunaithe chun tionscal iomaíoch agus inbhuanaithe a chur chun cinn;

59.  á mheabhrú go n-éileofar líon ard miotal agus mianraí le beartas aeráide agus fuinnimh na hEorpa dá theicneolaíochtaí straitéiseacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an Eoraip ag brath go mór ar limistéir eile den domhan chun go leor de na miotail agus mianraí sin a sholáthar di, agus go bhfuil sí ag cailleadh, de réir a chéile, an sciar atá aici ar bhonn domhanda fiú i gcás na n-ábhar a bhfuil acmhainneacht thionsclaíoch aici ina leith; á chur i bhfáth nach féidir neamhspleáchas na hEorpa in earnálacha straitéiseacha a bhaint amach gan éiceachóras iomaíoch agus inbhuanaithe de chuid AE a bheith ann i gcás bunábhar, ábhair luachmhara agus ábhair chriticiúla a thagann ó phríomhfhoinsí agus ó fhoinsí tánaisteacha; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, a thábhachtaí atá an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach, ach á chur i bhfáth go bhfuil gá ag an Eoraip le borradh a chur faoina hacmhainneacht i gcás gach céim de luachshlabhra na n-amhábhar, eadhon mianadóireacht, athchúrsáil, agus bruithniú, scagadh agus claochlú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart go mbeadh Plean Gníomhaíochta agus Comhghuaillíocht na nAmhábhar Criticiúil teoranta d’amhábhair chriticiúla agus gur cheart go ndíreofaí leis ar éiceachóras comhtháite a fhorbairt don réimse iomlán ábhar, miotal agus mianraí a éilítear chun aistriú tionsclaíoch a chur i gcrích;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis onnmhairithe agus allmhairithe a fhorbairt do theicneolaíochtaí inathnuaite agus do theicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní agus fuinneamh de;

61.  á chur i bhfios go láidir an acmhainneacht a bhaineann le cúpláil earnála agus le hearnálacha ídithe fuinnimh a idirnascadh amhail earnáil na bhfoirgneamh agus an earnáil iompair, agus á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le comhtháthú córais fuinnimh;

62.  á iarraidh go mbeadh sruth substaintiúil cistithe ann d’athchóirithe fuinnimh a dhéanamh ar fhoirgnimh chun cothú a dhéanamh ar thionscnamh an ‘rabharta athchóirithe’ atá beartaithe trí na hacmhainní airgeadais riachtanacha faoin bPlean Téarnaimh; á chur i bhfáth, i gcomhthéacs an togra atá beartaithe maidir leis an ‘rabharta athchóirithe’ agus leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit i leith straitéisí fadtéarmacha a leagan amach chun stoc foirgneamh atá thar a bheith éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus stoc foirgneamh dícharbónaithe a bhaint amach, gur cheart tosaíocht iomlán a thabhairt don phrionsabal ‘tús áite d’éifeachtúlacht fuinnimh’ agus gur cheart, dá bhrí sin, dlús a chur faoi athchóirithe doimhne agus faoin ionadú ar chórais téimh agus fuaraithe neamhéifeachtúla atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise; á chur i bhfios go láidir gur féidir cláir athchóirithe dhoimhne chomhtháite lena gcumhdaítear bardais nó ceantair iomlána a chur i bhfeidhm ar chostas níos ísle agus ar luas níos airde, rud a théann chun tairbhe do thomhaltóirí agus lena laghdaítear costais fuinnimh;

63.  á chur i bhfios go bhfuil an téamh agus an fuarú a ghintear as gail fós ar na húsáidí fuinnimh is suntasaí atá san earnáil thionsclaíoch; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, chun dlús a chur faoin iarracht maidir le astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) san earnáil thionsclaíoch a laghdú, ní foláir an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de a bhaineann le téamh agus fuarú tionsclaíoch, le húsáid mhéadaitheach a bhaint as athnuaiteáin atá bunaithe ar leictriú, ar theaschaidéil, ar úsáid níos fearr a bhaint as braislí tionsclaíocha, agus as siombóis lena gcuirfear acmhainneacht shuntasach ar fáil chun laghdú a dhéanamh in go leor earnálacha;

64.  ag tabhairt chun suntais acmhainneacht na Soghluaisteachta Glaise i leith poist nua a chruthú, borradh a chur faoi thionscal na hEorpa, agus tacú le hinfheistíochtaí atá dírithe ar bhonneagar iompair inbhuanaithe a leathnú lena bhféadfaí éifeacht iolraitheora a bhaint amach trí orduithe a dhéanamh a bheadh dírithe ar réimse leathan eintiteas - conraitheoirí, fochonraitheoirí, soláthraithe agus a bhfochonraitheoirí - agus ar astaíochtaí ón earnáil iompair a laghdú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dlús a chur faoi chur chun feidhme Chomhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, chun acmhainneacht a luachshlabhra straitéisigh a fhíorú, na féidearthachtaí atá ann i gcás ceallraí nuálacha a tháirgtear go háitiúil agus athchúrsáil miotail san Eoraip a mhéadú, breisluach an Aontais a chruthú, lena rannchuideofar le hiomaíochas thionscal gluaisteán an Aontais, agus éascú a dhéanamh ar an aistriú chuig córas leictreach dícharbónaithe; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh infheistíochta i dtraenacha ardluais agus san athchóiriú ar ghréasáin iarnróid idirchathrach, agus in iompar poiblí ag a bhfuil astaíochtaí nialasacha agus ísle; á chur i bhfáth go bhfuil gá leis an tSoghluaisteacht Ghlas a chur chun cinn trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagair níos fearr amhail stáisiúin luchtaithe a bheith ann ar bhonn níos forleithne; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go lamhálfar do mhargadh na bhfeithiclí leictreacha (EVanna) leathnú suntasach agus níos mire a dhéanamh le dlús níos airde de stáisiúin luchtaithe a bheith ann, ag a mbeidh tionchar dearfach ar ár lorg comhshaoil agus carbóin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún straitéis ar mhórscála a thíolacadh chun bonneagar mearluchtaithe do EVanna a rolladh amach chun daingniú a dhéanamh ar an nglacadh a bheidh ag tomhaltóirí le EVanna, agus deimhneacht á tabhairt dóibh a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht na teicneolaíochta agus le rochtain ar dhlúthlíonra de bhonneagair luchtaithe chomhoiriúnacha, agus tacú le monaraíocht na gcarr atá bunaithe san Eoraip;

65.  á chreidiúint, chun aistriú fuinnimh rathúil a bheith ann, go mbeidh méid suntasach d’fhuinneamh inacmhainne ísealcharbóin/nialasach agus fuinneamh in-athnuaite ag teastáil ón Eoraip, de thionscnamh tríú tíortha freisin agus úsáid á baint as bonneagair thacaíochta; á iarraidh go mbeidh tionscnaimh straitéiseacha ann laistigh de AE agus go ndíreofar ar bheartas fuinnimh i mbeartas eachtrach agus comharsanachta an Aontais, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais do chomhghuaillíochtaí cumhachta hidrigine agus glaise atá bunaithe ar fhoinsí inathnuaite; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do na comhghuaillíochtaí sin a bheith san áireamh i gcomhaontuithe trádála; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhghuaillíochtaí láidre chun díriú ar ghanntanas agus foinsiú inbhuanaithe acmhainní agus amhábhar;

66.  ag meabhrú Mháistirphlean 2019 de chuid AE maidir le claochlú iomaíoch a dhéanamh ar thionscail dianfhuinnimh a dhéanann bainistiú ar an aistriú agus lena gcoimeádtar tionscail na hEorpa iomaíoch ag an am céanna, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh a chur chun feidhme chun cabhrú le hionadú a dhéanamh ar allmhairí ó thríú tíortha nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhshaoil go leordhóthanach agus leibhéil níos airde uaillmhéine ó thaobh na haeráide de ó chomhpháirtithe trádála domhanda an Aontais a dhreasú;

67.  á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar scéim trádála astaíochtaí (ETS) de chuid AE i gcomhréir leis na spriocanna aeráide agus le Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM) chun rannchuidiú le hathlonnú cliste a dhéanamh ar luachshlabhraí monaraíochta agus ar luachshlabhraí níos giorra; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag CBAM i ndáil le sceitheadh carbóin a sheachaint;

68.  á chur i bhfios go bhfuil os cionn an leath de OTI an domhain ag brath ar an dúlra agus ar na seirbhísí a sholáthraítear leis, le roinnt earnálacha atá ag brath go mór ar an dúlra; ag tabhairt dá haire go bhfuil eastóscadh agus próiseáil acmhainní ina siocair le hos cionn 90 % de chailliúint na bithéagsúlachta agus den strus maidir le hacmhainní uisce; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh an beartas tionsclaíoch Eorpach i gcomhréir le cuspóirí straitéis Bhithéagsúlachta 2030;

69.  á chur i bhfáth, ar bhonn chur chuige na hAon Sláinte Amháin, a ríthábhachtaí atá sé na héiceachórais nádúrtha a chaomhnú chun na riachtanais is bunúsaí de chuid an chine dhaonna amhail uisce óil, aer glan agus ithreacha torthúla a áirithiú; á iarraidh go ndéanfar táscairí láidre a fhorbairt go mear chun na tionchair ar an mbithéagsúlacht a mheas agus chun a áirithiú go ndéanfar laghdú de réir a chéile ar thruailliú de réir mar a leagtar amach é i Straitéis Bhithéagsúlachta AE;

70.  á chur i bhfios go rannchuidíonn an earnáil thionsclaíoch go mór fós le truailliú an chomhshaoil agus truailleáin á scaoileadh san aer, san uisce agus san ithir aici; á chur i bhfios go láidir an ról atá ag an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha i dtaca le hoibleagáidí a chur ar bun i gcás fearais mhóra chun íoslaghdú a dhéanamh ar scaoileadh truailleán; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis an bplean gníomhaíochta atá beartaithe maidir le truailliú nialasach i gcás an aeir, an uisce agus na hithreach, agus leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, lenar cheart go mbeadh laghdú suntasach ar thruailliú tionsclaíoch mar thoradh air;

71.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gné réigiúnach an bheartais thionsclaíoch, ós rud é go bhfuil éagothromaíochtaí eacnamaíocha leanúnacha ann idir na réigiúin agus go bhfuil baol ann go n-éireoidh siad níos doimhne leis an tionchar a bheidh ag géarchéim an choróinvíris; á chur i bhfáth, chun meath na réigiún a chosc agus a mhaolú, nach foláir do na pleananna réigiúnacha athfhorbartha dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh straitéisí inbhuanaithe claochlaithe de agus cláir athbheochana eacnamaíche a chomhcheangal le cláir ghníomhacha mhargadh an tsaothair; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú go dlúth leis na Ballstáit chun réamhaisnéisí meántéarmacha agus fadtéarmacha a tharraingt suas maidir leis na scileanna a theastaíonn ó mhargadh na fostaíochta;

72.  á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEnna) i dtacú le poist ardcháilíochta lena ngabhann pá cuibhiúil a chruthú, le hiomaíochas gnó, le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, agus le córais oideachais, oiliúna agus cúraim sláinte a nuachóiriú agus a fheabhsú;

73.  ag tabhairt chun suntais an gá atá le tacaíocht a thabhairt d’aistriú a bheidh cothrom, cuimsitheach agus cóir agus an gá atá le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha nach bhfuil taobh le hathsciliú agus le poist nua a chruthú in earnálacha eacnamaíocha nua amháin, ionas go n-áireofar nach bhfágfar aon duine ar lár agus nach ndéanfar aon oibrí a eisiamh ó mhargadh an tsaothair; á chreidiúint go mbeidh Sásra um Aistriú Cóir (SAC) atá dea-dheartha, lena n-áirítear Ciste um Aistriú Cóir, ina uirlis thábhachtach chun éascú a dhéanamh ar an aistriú déach agus chun spriocanna uaillmhianacha ó thaobh aeráidneodrachta de a bhaint amach; á áitiú, chun aistriú níos cuimsithí a ráthú agus aghaidh a thabhairt ar an tionchar sóisialta a bheidh leis, gur cheart na geallsealbhóirí áitiúla uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus ionadaithe an phobail a áireamh i gcéim dheartha agus chur chun feidhme na bPleananna Críochacha um Aistriú Cóir; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag infheistíochtaí teicneolaíochta inbhuanaithe ina leith sin, trí thacú leis an bhforbairt eacnamaíoch fhadtéarmach ar na geilleagair réigiúnacha; á chur i bhfáth gur príomhghné do chur chun feidhme rathúil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bheadh i maoiniú stóinsithe SAC, lena n-áirítear trí acmhainní buiséadacha suntasacha breise;

74.  á chreidiúint go bhfuil gá le neartú a dhéanamh ar an gcomhar idir-réigiúnach atá dírithe ar chlaochlú inbhuanaithe agus digiteach, amhail atá sna straitéisí Speisialaithe Cliste, chun éiceachórais réigiúnacha a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, tacaíocht a thabhairt don fhorbairt ar uirlisí lenar féidir treochlár soiléir a sholáthar leo do réigiúin lena mbeidh cur chuige saincheaptha i leith ceannaireacht thionsclaíoch a dhaingniú;

75.  á mheas go n-éilítear borradh suntasach in iarrachtaí taighde agus forbartha leis an gclaochlú tionsclaíoch agus go ndéanfar eolas agus nuálaíocht nua a chomhtháthú sna margaí atá cheana ann, mar aon lena n-úsáid chun margaí nua a chruthú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an nuálaíocht ar cheann d’innill na n-éiceachóras tionsclaioch atá ar thús cadhnaíochta agus gur cheart go léireofaí é sin i dtacaíocht neartaithe d’acmhainneacht nuálaíochta agus fiontraíochta ag gach céim den timthriall nuálaíochta; á chur i bhfios go láidir an gá atá le caiteachas ar thaighde a mhéadú, go háirithe ar thaighde ardcháilíochta poiblí agus ar fhorbairt agus nuálaíocht mar phríomhghnéithe chun na haistrithe déacha a bhaint amach, neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a fheabhsú agus iomaíochas fadtéarmach a mhéadú; á iarraidh ar na Ballstáit, ina leith sin, seasamh lena ngealltanais i leith 3 % dá OTI a infheistiú i dtaighde agus forbairt, chun ról ceannasach an Aontais a choimeád i measc iomaitheoirí domhanda; á chur in iúl gurb oth léi an easpa acmhainneachta nuálaí atá ann faoi láthair i dtaca le FBManna i ngeall ar an easnamh atá ann i gcaipiteal riosca riachtanach, na costais agus castachtaí a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin, agus ganntanas scileanna leormhaithe agus easpa rochtana ar fhaisnéis;

76.  á chur i bhfios go láidir an gá atá leis an mbuiséad a mhéadú do chláir lena gcuirfear bonn taca faoi chlaochlú tionsclaíoch an Aontais, agus ag meabhrú, dá bhrí sin, seasamh Pharlaimint na hEorpa a bhí i bhfabhar an buiséad d’Fhís na hEorpa a mhéadú go EUR 120 billiún agus lena n-áirithítear comhsheasmhacht an chláir le spriocanna aeráidneodrachta an Aontais, agus lena dtacaítear le InvestEU agus le hEoraip Dhigiteach trí ionstraimí cistiúcháin iomchuí d’fhorbairt margaidh na dteicneolaíochtaí agus na nuálaíochtaí ceannródaíocha, agus cothú á dhéanamh freisin ar shineirgí idir foinsí airgeadais réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus príobháideacha; á iarraidh go dtabharfar tacaíocht éifeachtach don Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) agus don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus go neartófar a misean; á áitiú gur cheart sciar suntasach de na cistí atá ar fáil do FBManna faoi Fhís na hEorpa a chur chun feidhme trí CNE agus trí na codanna comhoibríocha den chlár, agus é mar aidhm leis réitigh nua a chruthú agus nuálaíocht a chothú, idir incriminteach agus shuaiteach; ag tacú le comhpháirtíochtaí Eorpacha a bhunú faoi Fhís na hEorpa chun infheistíocht ón earnáil phríobháideach a ghiaráil ar mhaithe le heolas, teicneolaíochtaí agus nuálaíocht a aistriú ó ionaid taighde agus ollscoileanna chuig an bpróiseas tionsclaíoch, lena mbainfear leas as scéim na n-éiceachóras tionsclaíoch agus chun go dtacófar leis an téarnamh agus leis an aistriú glas agus digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa bhreis air sin, a áirithiú go mbeidh na comhpháirtíochtaí sin trédhearcach agus cuimsitheach i gcaitheamh a gcur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann lena gclár oibre straitéiseach um thaighde agus lena gcláir oibre bhliantúla; á chur i bhfáth gur cheart do na comhpháirtíochtaí sin freisin gach coinbhleacht leasa a eisiamh agus fíorbhreisluach a ráthú don tsochaí;

77.  á chreidiúint, thairis sin, agus ina leith sin, a ríthábhachtaí atá sochaí a bheidh níos ullmhaithe agus níos athléimní chun déileáil le himeachtaí suaiteacha ar scála Eorpach nó domhanda agus chun freagairtí cuimsitheacha beartais a thabhairt, agus go bhfuil infheistíochtaí comhordaithe T&F ríthábhachtach ina leith sin; chuige sin, á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hionstraim shaincheaptha a chruthú i gcomhair Ullmhacht Phaindéimí agus Athléimneacht Shochaíoch, ós rud é go gcruthófaí leis sin na dálaí chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar leibhéal AE, go sainaithneofaí réimsí tosaíochta agus go ndéanfaí bearta a sheoladh lena n-éilítear taighde ardcháilíochta leighis agus infheistíochtaí comhordaithe T&N;

78.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tionscal cógaisíochta atá bunaithe ar thaighde mar rannchuiditheoir ríthábhachtach chun monaraíocht ardcháilíochta agus soláthar cógas inacmhainne a chosaint do gach othar a bhfuil gá acu leo, lena neartófar nuálaíocht, athléimneacht, inrochtaineacht agus freagrúlacht an Aontais agus lena gcabhrófar le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh ann sa todhchaí; ag athdhearbhú an gá atá le plean maolaithe riosca maidir le ganntanas cógas a chur ar bun chun bainistiú a dhéanamh ar aon leochaileachtaí agus rioscaí don luachshlabhra i gcás cógais chriticiúla, nuálaíocht sa todhchaí a áirithiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais ar ann dóibh agus nár freastalaíodh orthu go fóill, agus tacaíocht a thabhairt d’athléimneacht, freagrúlacht agus ullmhacht na gcóras cúraim sláinte chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa todhchaí lena n-áirítear paindéimí;

79.  á chur i bhfios go láidir an ról a bheidh ag eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin i dtaca le hacmhainneachtaí teicneolaíocha agus nuálacha a fhorbairt ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún Fís na hEorpa agus a straitéis thionsclaíoch a chur in oiriúint d’fhorbairt, uas-scálú agus tráchtálú na dteicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí ceannródaíocha san Aontas, ionas go ndúnfar an bhearna atá ann idir an nuálaíocht agus a húsáid ar an margadh, trí mhaoiniú riosca a sholáthar do thionscadail teicneolaíochta agus taispeántais luathchéime agus trí luathshlabhraí luacha a fhorbairt chun tacú, ar an gcéad dul síos, le scála tráchtálach, glacadh sa mhargadh, astaíochtaí nialasacha agus ísle, teicneolaíochtaí ciorclacha agus táirgí, próisis, seirbhísí agus samhlacha gnó inathnuaite, fuinneamhéifeachtúil agus atá tíosach ar acmhainní, mar aon le tacaíocht a thabhairt don fhorbairt ar bhonneagar taighde, arb é is aidhm leis freisin na bearnaí atá ann faoi láthair idir na Ballstáit a laghdú; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát ionaid ilfhreastail a fhorbairt ina mbeidh faisnéis chuíchóirithe maidir le deiseanna maoinithe do thionscadail taispeántais thionsclaíocha i gcás teicneolaíochtaí ceannródaíocha;

80.  á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar bhearta chun cur i gcoinne an chaillteanais eolais agus nuálaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann le linn na géarchéime atá ann faoi láthair, lena n-áirítear trí ionstraimí chun tacú le cuideachtaí atá ag roinnt oibrithe eolais ar bhonn sealadach le hinstitiúidí taighde poiblí agus le hollscoileanna ionas go bhféadfar taighde poiblí-príobháideach a dhéanamh ar thosaíochtaí poiblí, agus chun acmhainneacht fostaíochta agus nuálaíochta a chaomhnú in am na géarchéime;

81.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, dreasachtaí féideartha cánach a fhorbairt chun borradh a chur faoi infheistíochtaí T&F, ar tháinig laghdú mór orthu de bharr ghéarchéim COVID-19;

82.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do chumas na gcuideachtaí Eorpacha nuálaíocht a dhéanamh ar bhonn córas cuimsitheach maoine intleachtúla (MI), lena bhfeabhsófar solúbthacht i gceadúnú, ionas go ndéanfar cosaint éifeachtach a choimeád dá n-infheistíochtaí T&F, chun luach cothrom a ghnóthú agus, ag an am céanna, leanúint de chaighdeáin teicneolaíochta oscailte a fhorbairt a thacaíonn le hiomaíocht agus le rogha mar aon le rannpháirtíocht thionscal an Aontais san fhorbairt ar phríomhtheicneolaíochtaí;

83.  á aithint go bhfuil creat láidir agus cothrom de chearta MI ina ghné ríthábhachtach lena gcuirfear taca faoi iomaíochas na hEorpa, d’fhonn an spiaireacht thionsclaíoch agus an góchumadh tionsclaíoch a chomhrac, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún an creat sin a chaomhnú agus a neartú; á chur i bhfáth an gá atá le paireacht a áirithiú leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín i ndreasachtaí MI a bhaineann le heolaíocht bheatha chun go mbeidh an Eoraip ina suíomh tarraingteach i gcónaí d’infheistíocht T&F agus don fhorbairt thionsclaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún córas MI na hEorpa den chéad scoth a chothabháil agus a fhorbairt trí chosaint láidir ar MI, dreasachtaí agus sásraí luaíochta a chur chun cinn i gcás T&F chun infheistíocht a mhealladh i bhforbairt na nuálaíochta sa todhchaí chun tairbhe na sochaí; á chur in iúl gur geal léi an fógra maidir le Plean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil lena bhféadfaí rannchuidiú Eorpach leis an bhforbairt ar chaighdeáin a éascú; ag tacú le táirgeadh agus le poist inbhuanaithe agus le feabhas a chur ar tharraingteacht agus ar chlú tháirgeadh ardcháilíochta an Aontais ar fud an domhain; á iarraidh ar an gCoimisiún aistriú teicneolaíochtaí ríthábhachtacha comhshaoil agus aeráide chuig tíortha i mbéal forbartha a spreagadh trí cheadúnais oscailte a dheonú do na teicneolaíochtaí sin;

84.  á iarraidh ar an gCoimisiún an Phaitinn Aonadach Eorpach a chur chun feidhme a luaithe is féidir, dá bhforáiltear sa chomhaontú maidir le dlínse paitinne aontaithe an 19 Feabhra 2013;

85.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rialachas foriomlán cuimsitheach agus éifeachtach don chlaochlú tionsclaíoch lena n-áirithítear comhsheasmhacht le reachtaíocht agus le straitéisí ábhartha AE, go háirithe cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis; á chur in iúl gur geal léi sainaithint 14 éiceachóras ag an gCoimisiún agus an cur chuige cuimsitheach maidir leis na gníomhaithe uile atá ag feidhmiú i luachshlabhra a thabhairt le chéile, chun ceannaireacht Eorpach in earnálacha straitéiseacha agus iomaíochas ar an leibhéal domhanda a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir an gá atá lena áirithiú go mbeidh rath ar FBManna laistigh de gach éiceachóras; á chur i bhfios an gá atá le trédhearcacht a áirithiú sna héiceachórais thionsclaíocha atá sainaitheanta, go háirithe maidir leis na critéir nach foláir a chomhlíonadh chun go measfar iad mar chuid d’éiceachóras, an miondealú beacht de réir an chineáil gníomhaí i ngach éiceachóras sainaitheanta, agus faisnéis maidir leis na torthaí agus na hábhair a pléadh, ag meabhrú freisin ról an Fhóraim Thionsclaíoch agus na gComhghuaillíochtaí i ndáil leis na héiceachórais sin; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh rannpháirtíocht leormhaith ag an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí tomhaltóirí agus ceardchumainn sa sainmhíniú ar na straitéisí tionsclaíocha agus ar na tosaíochtaí tionsclaíocha foriomlána agus earnála araon; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí na naisc go léir leis na héiceachórais, lena n-áirítear FBManna, agus ag cur béim ar an bhfioras go bhfuil ról lárnach ag FBManna maidir le comhghuaillíochtaí tionscail agus a slabhraí táirgthe a chruthú; á thabhairt chun suntais an gá atá le hionstraimí leormhaithe airgeadais a bheith ann do na comhghuaillíochtaí;

86.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeidh éiceachórais ina bpríomhchodanna den chéad réabhlóid thionsclaíoch eile, go mbeidh ardmhonaraíocht chliste á giaráil acu agus go gcuirfidh siad fuinneamh inacmhainne, glan, inbhuanaithe agus slán ar fáil, mar aon leis an mbonneagar fuinnimh, monaraíocht chlaochlaitheach agus na modhanna soláthair seirbhíse is gá; á iarraidh go ndéanfar anailís ar na héiceachórais chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais gach earnála maidir lena n-aistriú agus chun cabhrú le plean aistrithe a bhunú; á chreidiúint, thairis sin, go mbeidh sé ríthábhachtach tacú leis an gcomhar idir an earnáil thionsclaíoch, an saol acadúil, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, ceardchumainn, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí úsáideoirí deiridh agus na geallsealbhóirí eile go léir chun clistí sa mhargadh a réiteach agus chun an bhearna idir an smaoineamh agus cur i gcrích an smaoinimh a dhúnadh agus cosaint d’oibrithe á áirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear i réimsí nach gcumhdaítear go fóill le leasanna tionsclaíocha ach a bhfuil breisluach ard sochaíoch ag baint leo; á iarraidh go ndéanfar rialachas ar na héiceachórais sin ina gcomhtháthaítear na geallsealbhóirí ábhartha uile ó na hearnálacha tionsclaíocha atá ríthábhachtach chun an t-aistriú glas agus digiteach a bhaint amach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart d’éiceachórais ról a bheith acu maidir le sainmhíniú a thabhairt ar réitigh agus bearta atá le glacadh chun straitéis thionsclaíoch na hEorpa a chur chun feidhme agus chun tacú le luachshlabhraí Eorpacha láidre atá ríthábhachtach do na haistrithe déacha glasa agus digiteacha;

87.  á thabhairt chun suntais go mbeidh ról ríthábhachtach ag an infheistíocht i bpríomhshlabhraí luacha chun ár neamhspleáchas straitéiseach sa todhchaí a chaomhnú; á chreidiúint go bhfuil gá le tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht in earnálacha tionsclaíocha atá ríthábhachtach dár neamhspleáchas straitéiseach, amhail an tslándáil, an chosaint, teicneolaíochtaí atá ábhartha ó thaobh na haeráide de, biafhlaitheas agus an tsláinte; á athdhearbhú, go háirithe, a thábhachtaí atá tionscal na cógaisíochta i dtaobh an nuálaíocht a áirithiú sa todhchaí chun go dtabharfar aghaidh ar na riachtanais nár freastalaíodh orthu go fóill, agus i dtacú le hathléimneacht, freagrúlacht agus ullmhacht na gcóras cúraim sláinte chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann sa todhchaí, lena n-áirítear paindéimí;

88.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tionscal an fhuinnimh inathnuaite mar earnáil straitéiseach ar mhaithe le buntáiste iomaíoch AE a neartú, athléimneacht fhadtéarmach a bhaint amach agus slándáil fuinnimh a áirithiú, agus neart tionsclaíoch á fheabhsú ag an am céanna; á thabhairt chun suntais, thairis sin, rannchuidiú earnáil na bhfoinsí inathnuaite le poist nua áitiúla agus deiseanna nua gnó a chruthú, go háirithe do FBManna, agus le borradh a chur faoi mhonaraíocht trealaimh, mar aon le costais fuinnimh a laghdú agus iomaíochas costais a fheabhsú;

89.  á thabhairt chun suntais go raibh an-tionchar ag géarchéim COVID-19 ar earnáil na ngluaisteán, lenar cuireadh d’iallach ar chuideachtaí agus ar oibrithe iad féin a chur in oiriúint go mear do na hathruithe ar an soláthar agus do na ceanglais nua sláinte agus sábháilteachta, anuas ar an bpróiseas claochlaithe a bhí ar siúl cheana féin ag an earnáil roimh an bpaindéim; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an t-aistriú chuig soghluaisteacht chliste agus níos glaine bunriachtanach de réir mar a dhéanaimid éabhlú ionsar gheilleagar aeráidneodrach, digiteach agus níos athléimní, agus gur cheart é sin a mheas freisin mar dheis chun fás glas agus poist ghlasa a ghiniúint bunaithe ar an mbuntáiste iomaíoch domhanda atá ag earnáil thionsclaíoch na hEorpa i dteicneolaíochtaí feithiclí; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíochtaí a leagan síos a bhaineann le taighde agus nuálaíocht, digitiú agus tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear in earnáil na ngluaisteán;

90.  á chur i bhfáth go bhfuil earnáil na turasóireachta thíos go mór freisin le géarchéim COVID-19, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíochtaí a leagan síos a bhaineann le cabhair a thabhairt do théarnamh na hearnála agus lena cur chun cinn, agus a rannchuidiú le OTI AE agus le hiomaíochas an Aontais á chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún an comhar idir na Ballstáit agus na réigiúin a chur chun cinn chun deiseanna d’infheistíochtaí nua agus do nuálaíochtaí breise a chruthú, chun éiceachóras turasóireachta Eorpach a bheidh inbhuanaithe, nuálach agus athléimneach agus a dhéanfaidh cosaint ar chearta oibrithe agus tomhaltóirí a bhaint amach;

91.  á thabhairt chun suntais acmhainneacht earnálacha an chultúir agus na cruthaitheacha i gcur chun cinn na nuálaíochta, ag gníomhú dóibh mar catalaígh don athrú in earnálacha eile agus spreagadh á thabhairt acu d’fhionnachtain agus do dhul chun cinn; ag tabhairt dá haire go mbíonn earnálacha nuálacha eacnamaíocha ag brath ar an gcruthaitheacht ar bhonn níos minice chun a mbuntáiste iomaíoch a choimeád; ag tabhairt dá haire, thairis sin, le teacht chun cinn samhlacha gnó atá ag éirí níos casta, níos cruthaithí agus níos idircheangailte de réir a chéile, go bhfuil earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ag éirí níos tábhachtaí ar bhonn méadaitheach mar chomhchuid de gach táirge agus seirbhís nach mór; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart don Eoraip a sócmhainní cruthaitheacha agus cultúrtha a fhorbairt, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Ballstáit aird leordhóthanach a thabhairt ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san fhorbairt a dhéanfar ar chreat beartais tionsclaíoch atá cuimsitheach, comhleanúnach agus fadtéarmach, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú agus ar chláir chistithe;

92.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá beartas spáis an Aontais, go háirithe ó thaobh feabhas a chur ar acmhainneachtaí spáis tionsclaíocha Eorpacha de agus an acmhainneacht atá ag sineirgí le príomhearnálacha agus príomhbheartais eile a scaoileadh, go háirithe ionas go bhforbrófar teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus an claochlú tionsclaíoch a thionlacan;

93.  ag tabhairt dá haire an rannchuidiú a dhéanann tionscal na gceimiceán le go leor luachshlabhraí straitéiseacha agus le teicneolaíochtaí agus réitigh aeráidneodracha, atá tíosach ar acmhainní agus ciorclacha a sholáthar; á iarraidh go mbeadh beartas ceimiceán inbhuanaithe ann, a bheidh ailínithe leis an Straitéis Thionsclaíoch;

94.  á iarraidh ar an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tuarascáil a ullmhú, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, ar cheimiceáin sa chomhshaol san Eoraip; á chreidiúint gur cheart don tuarascáil measúnú a dhéanamh ar chineál córasach na gceimiceán guaiseach i gcórais táirgthe agus tomhaltais na hEorpa, ar an úsáid a bhaintear astu i dtáirgí, ar a minicíocht i dtimpeallacht na hEorpa agus ar an dochar a dhéantar do shláinte an duine agus d’éiceachórais;

95.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé earnáil na cógasaíochta agus na bhfeistí leighis atá ag feidhmiú go maith agus iomaíoch a bheith ann chun rochtain inbhuanaithe ar chógais d’othair a áirithiú agus cúram sláinte ar ardleibhéal á ráthú d’othair AE; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún idirphlé leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile a éascú trí fhóram cógaisíochta a bhunú, faoi mhaoirseacht na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA), chun go bhféadfar plé cuimsitheach a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann, inter alia, le hinbhuanaitheacht chógaisíochta agus le teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach i gcórais sláinte; á chur i bhfáth gur cheart don fhóram sin na cuir chuige náisiúnta éagsúla i leith praghsáil agus aisíocaíocht a chur san áireamh, mar aon le hinfheistíochtaí agus eagrú cúraim sláinte

96.  á mheas go bhfuil an soláthar poiblí ina spreagthaí bunriachtanach don chlaochlú tionsclaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar conas lánúsáid a bhaint as giaráil an chaiteachais phoiblí agus na n-infheistíochtaí poiblí chun cuspóirí beartais a bhaint amach, lena n-áirítear trí inbhuanaitheacht a neartú agus an soláthar poiblí a bheith lárnach i bplean téarnaimh eacnamaíoch an Aontais trí thosaíocht a thabhairt don éileamh ar earraí agus seirbhísí éiceanuálacha, costéifeachtacha agus inbhuanaithe agus cothú a dhéanamh ar an éileamh sin, mar aon le hathlonnú i bpríomhearnálacha straitéiseacha a chumasú, amhail táirgí a bhaineann leis an tsláinte, an talmhaíocht agus teicneolaíochtaí inathnuaite, lena ndéanfar slabhraí soláthair a bheidh níos giorra agus níos inbhuanaithe a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis phoiblí anailís a dhéanamh ar na dálaí chun inbhuanaitheacht a bheith éigeantach sa soláthar poiblí bunaithe ar chritéir chomhshaoil, shóisialta agus eiticiúla, lena n-áirítear lorg carbóin, inneachar athchúrsála agus dálaí oibre i gcaitheamh na saolré iomláine, mar aon le feasacht a ardú agus úsáid níos fearr a bhaint as na scéimeanna atá cheana ann chun seirbhísí glasa a chur chun cinn; á áitiú go mbeadh deis chothrom ag FBManna a bheith rannpháirteach sa soláthar poiblí; á iarraidh ar na húdaráis chonarthacha úsáid chórasach a bhaint as cur chuige a bheidh bunaithe ar an gcóimheas is fearr idir praghas agus cáilíocht le linn shaolré na dtáirgí agus na seirbhísí; á spreagadh chun úsáid a bhaint as an bhforáil (Airteagal 85 de Threoir na bhFóntas) lena gcuirtear ar a gcumas diúltú do thairiscintí i gcás ina sáraíonn cion na dtáirgí de thionscnamh tríú tíortha 50 % de luach iomlán na dtáirgí arb iad atá sa tairiscint;

97.  ag aithint rannchuidiú an chaighdeánaithe leis an margadh aonair Eorpach agus le dea-bhail eacnamaíoch, shochaíoch agus chomhshaoil mhéadaithe, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus oibrithe; á chur i bhfios go láidir an gá atá le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt, a mheasúnú agus a úsáid chun tacú le tionscadail táirgí a mhonarú ar bhealaí a bheidh éifeachtach, sábháilte, ciorclach, inbhuanaithe agus in-athdhéanta agus go ndéanfar ardcháilíocht a áirithiú leo;

98.  á iarraidh ar an gCoimisiún córas láidir Eochairtháscaire Feidhmíochta (ETF) a ghlacadh chun anailís a dhéanamh ar thionchar ex-ante rialacháin agus ionstraimí an Aontais agus ar na hinfheistíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar thorthaí agus an ghné maidir le FBManna á cur san áireamh; á chur i bhfios go láidir gur cheart do chóras ETF a bheith bunaithe ar chuspóirí atá sonrach, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus dírithe ar am;

99.  á iarraidh ar an gCoimisiún a chleachtas measúnaithe tionchair a neartú agus a áirithiú, sula dtíolacfaidh sé tograí nua le haghaidh reachtaíochta nó sula nglacfaidh sé bearta nua, go ndéanfaidh sé measúnú tionchair mionsonraithe ar na costais chomhlíonta a d‘fhéadfadh a bheith ann, ar an tionchar ar fhostaíocht, agus ar na hualaí agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann do shaoránaigh, earnálacha agus cuideachtaí na hEorpa, lena n-áirítear FBManna; á chreidiúint gur cheart don mheastóireacht ar reachtaíocht agus beartais an Aontais béim níos láidre a chur ar chur chun feidhme sna Ballstáit agus gur cheart go ndéanfaí anailís léi ar an méid a tharlaíonn nuair a dhéantar reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme agus a léirmhíniú ar bhealach lena gcruthaítear constaicí rialála nach bhfuil gá leo agus nach bhfuiltear ag dréim leo do FBManna agus do chuideachtaí móra araon; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le comhleanúnachas rialála agus aitheantas a thabhairt d’iarracht maidir le rialáil chliste atá ceaptha chun ualaí maorlathacha a laghdú gan an bonn a bhaint ó éifeachtacht na reachtaíochta nó ísliú a dhéanamh ar chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil, go háirithe nuair a bhíonn ar an tionscal traidisiúnta oiriúnú a dhéanamh i ngeall ar chinntí rialála; á chreidiúint gur cheart bearta don digitiú agus don dícharbónú a cheapadh sa chaoi is go gcuirfear deiseanna ar fáil do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, agus go n-íoslaghdófaí an t-ualach ar an earnáil atá buailte;

100.  á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis nach gcruthófar ualaí rialála leis an straitéis thionsclaíoch nach bhfuil gá leo do chuideachtaí, go háirithe FBManna, agus go gcuirfear riail an ‘duine aonair’ i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm léi go sainaithneofar, cibé uair a thabharfar costais chomhlíonta isteach le forálacha nua, forálacha atá cheana ann ar gá iad a aisghairm nó a athbhreithniú, lena n-áirithítear, dá bhrí sin, nach dtiocfaidh ardú ar na costais chomhlíonta in earnáil ar leith, gan dochar do shainchumais an chomhreachtóra; á mheas nach foláir do thogra den sórt sin a bheith fianaise-bhunaithe, go rachfar i mbun comhairle go forleathan ina leith, go n-áiritheofar leis éifeachtacht na reachtaíochta agus na gcaighdeán sóisialta agus comhshaoil, agus go léireofar leis na buntáistí soiléire a bhaineann le gníomhaíocht Eorpach; á chreidiúint gur gá do AE a phrionsabail ‘mór ar nithe móra, beag ar nithe beaga’ a threisiú chun comhréireacht a áirithiú ar bhealach níos fearr;

101.  á chur i bhfáth gur cheart ról lárnach a bheith ag an riarachán poiblí i dtaobh timpeallacht eacnamaíoch a thacaíonn le gnó a áirithiú agus lena laghdaítear an t-ualach riaracháin ar fhiontair agus cur i bhfeidhm iomlán ar chaighdeáin eiticiúla, shóisialta, chomhshaoil agus trédhearcachta an Aontais agus ar rialacha maidir le sábháilteacht oibrithe á n-áirithiú ag an am céanna; á chreidiúint gur cheart uirlisí ríomhrialtais, beartais nuálaíochta digití agus feabhsú scileanna digiteacha a chur chun cinn laistigh den earnáil phoiblí agus i measc a cuid fostaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas náisiúnta agus réigiúnach sa réimse a áirithiú, agus tagairt shonrach á déanamh do bhainistiú poiblí an iomaíochais eacnamaíoch;

102.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0124.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0102.
(5) IO C 334, 19.9.2018, lch. 124.
(6) IO C 307, 30.8.2018, lch. 163.
(7) IO C 11, 12.1.2018, lch. 55.
(8) IO C 215, 19.6.2018, lch. 21.
(9) IO C 238, 6.7.2018, lch. 28.
(10) IO C 482, 23.12.2016, lch. 89.

An nuashonrú is déanaí: 21 Lúnasa 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais