Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (COM(2020)0692 – C9-0345/2020 – 2020/0313(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0692),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0345/2020),
— ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Samhain 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Samhain 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/2171.)