Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0035(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0191/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0191/2020

Díospóireachtaí :

PV 14/12/2020 - 23
CRE 14/12/2020 - 23

Vótaí :

PV 15/12/2020 - 9

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0345

Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 43k
Dé Máirt, 15 Nollaig 2020 - Brussels
Bliain Eorpach an Iarnróid (2021) ***I
P9_TA(2020)0345A9-0191/2020
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid (2021) (COM(2020)0078 – C9-0076/2020 – 2020/0035(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0078),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0076/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an.16 Iúil 2020(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2020,(2)

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Samhain 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus don tuairim freisin ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0191/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 364, 28.10.2020, lch. 149.
(2) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Nollaig 2020 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid (2021)
P9_TC1-COD(2020)0035

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/2228.)

An nuashonrú is déanaí: 16 Márta 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais