Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 13 Bealtaine 2020 - Brussels
Lipéadú bonn: éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile ***II
 Íoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce ***II
 Comhaontú Stádais AE-Mhontainéagró maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró ***
 Comhaontú stádais AE-na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa tSeirbia ***
 Comhaontú AE-na hIndia le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta a athnuachan ***
 Comhaontú AE-na hÚcráine le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a athnuachan ***
 Comhaontú AE-na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach ***
 Comhaontú AE-na Bealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú ***
 Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) a leasú (ICCAT) - Prótacal ***
 Líontán sábhála chun tairbhithe chláir AE a chosaint: plean teagmhasach CAI a chur ar bun
 Seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus sna réigiúin teorann: oibríochtaí cabatáiste idir an Ghearmáin agus an Eilvéis ***I
 Seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus sna réigiúin teorann: oibríochtaí cabatáiste idir an Iodáil agus an Eilvéis ***I
 Malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Ríocht Aontaithe *

Lipéadú bonn: éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile ***II
PDF 114kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (14649/2/2019 – C9-0078/2020 – 2018/0148(COD))
P9_TA(2020)0055A9-0094/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (14649/2/2019 – C9‑0078/2020),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(1) ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0296),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0094/2020),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Téacsanna arna nglacadh an 26.3.2019, P8_TA(2019)0230.


Íoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce ***II
PDF 118kWORD 44k
Rún
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (15301/2/2019 – C9-0107/2020 – 2018/0169(COD))
P9_TA(2020)0056A9-0098/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (15301/2/2019 – C9‑0107/2020),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0337),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0098/2020),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo;

3.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;

4.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

6.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le micreaphlaistigh

Aithníonn an Coimisiún gur substaintí iad na micreaphlaistigh a bhfuil imní ag éirí fúthu maidir le cáilíocht an uisce. I bhfianaise an mhéid sin, agus ó mheastar gur saincheist ghinearálta é sin nach bhfuil teoranta don uisce athshlánaithe, geallann an Coimisiún cur lena iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist thábhachtach seo.

(1) IO C 110, 22.3.2019, lch. 94.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 353.
(3) Téacsanna arna nglacadh an 12.2.2019, P8_TA(2019)0071.


Comhaontú Stádais AE-Mhontainéagró maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró ***
PDF 112kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (06847/2019 – C9-0138/2019 – 2019/0043(NLE))
P9_TA(2020)0057A9-0018/2020

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06847/2019),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (06846/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 77(2), pointí (b) agus (d), Airteagal 79(2), pointe (c), agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0138/2019),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0018/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Mhontainéagró.


Comhaontú stádais AE-na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa tSeirbia ***
PDF 111kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (15581/2018 – C9-0180/2019 – 2018/0409(NLE))
P9_TA(2020)0058A9-0019/2020

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15581/2018),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (15579/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 77(2), pointí (b) agus (d), Airteagal 79(2), pointe (c), agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0180/2019),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0019/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Seirbia.


Comhaontú AE-na hIndia le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta a athnuachan ***
PDF 110kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (06104/2020 – C9-0090/2020 – 2020/0015(NLE))
P9_TA(2020)0059A9-0096/2020

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06104/2020),

–  ag féachaint do Chinneadh 2002/648/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia(1),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 186 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0090/2020),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0096/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe d’athnuachan an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na hIndia.

(1) IO L 213, 9.8.2002, lch. 29.


Comhaontú AE-na hÚcráine le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a athnuachan ***
PDF 109kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (06101/2020 – C9-0091/2020 – 2020/0016(NLE))
P9_TA(2020)0060A9-0095/2020

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06101/2020),

–  ag féachaint do Chinneadh 2003/96/CE ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin(1),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 186 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0091/2020),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0095/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe d’athnuachan an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na hÚcráine.

(1) IO L 36, 12.2.2003, lch. 31.


Comhaontú AE-na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach ***
PDF 110kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (12158/2019 – C9-0004/2020 – 2019/0181(NLE))
P9_TA(2020)0061A9-0097/2020

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12158/2019),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (12160/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 79(3) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0004/2020),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0097/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Bealarúise.


Comhaontú AE-na Bealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú ***
PDF 110kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú (12362/2019– C9-0013/2020 – 2019/0182(NLE))
P9_TA(2020)0062A9-0090/2020

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12362/2019),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú (12363/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 77(2), pointe (a), agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0013/2020),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0090/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Bealarúise.


Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) a leasú (ICCAT) - Prótacal ***
PDF 110kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh (13447/2019 – C9-0187/2019 – 2019/0225(NLE))
P9_TA(2020)0063A9-0089/2020

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13447/2019),

–  ag féachaint don Phrótacal lena leasaítear Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (13446/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0187/2019),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0089/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Ardrúnaíocht Fheidhmiúcháin an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).


Líontán sábhála chun tairbhithe chláir AE a chosaint: plean teagmhasach CAI a chur ar bun
PDF 133kWORD 50k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le líontán sábhála chun tairbhithe chláir AE a chosaint: plean teagmhasach CAI a chur ar bun (2020/2051(INL))
P9_TA(2020)0065A9-0099/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagail 311 agus 312(4) CFAE,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020(1),

–  ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021 go 2027, a thíolaic an Coimisiún an 2 Bealtaine 2018(2),

–  ag féachaint dá rún an 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad CAI eile: Ag ullmhú sheasamh na Parlaiminte maidir le CAI tar éis 2020(3).

–  ag féachaint dá tuarascáil eatramhach an 14 Samhain 2018 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú(4),

–  ag féachaint dá rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: in am freastal ar ionchais na saoránach(5),

—  ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh na tacaíochta ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sa bhliain 2021 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus lena leithdháileadh i leith na bliana 2021 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann lena n-acmhainní agus lena gur i bhfeidhm sa bhliain 2021(6),

–  ag féachaint do phointe 16 de Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach(7),

–  ag féachaint do phointe 10 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(8),

–  ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0099/2020),

A.  de bhrí gur cheart go raibh an togra le haghaidh CAI nua tíolactha ag an gCoimisiún roimh an 1 Eanáir 2018, i gcomhréir le hAirtegal 25 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, ach gur chinn sé, ina ionad sin, é a chur ar atráth cúpla mí;

B.  de bhrí go raibh an Pharlaimint, an 14 Márta 2018, ar an gcéad institiúid de chuid an Aontais a seasamh a ghlacadh agus a tosaíochtaí a leagan síos maidir le CAI tar éis 2020;

C.  de bhrí gur thíolaic an Coimisiún, an 2 Bealtaine 2018, sraith tograí reachtacha maidir le CAI 2021-2027 agus Acmhainní Dílse an Aontais, agus ansin tograí reachtacha maidir le bunú clár agus ionstraimí nua de chuid an Aontais; de bhrí go raibh uasteorainn fhoriomlán CAI i gceist leis an togra sin de EUR 1 134.6 billiún i bpraghsanna 2018, nó 1,11 % de OIN EU-27 roimh an ngéarchéim(9) (lena n-áirítear 0,03 % ón gCiste Eorpach Forbraíochta), lenar bhain laghdú suntasach i gcomparáid leis an 1,16 % measta de CAI 2014-2020 i ndáil le OIN EU-27, leis an gcuspóir sonraithe bonn a sholáthar don chaibidlíocht ghasta le tabhairt i gcrích roimh thoghcháin na Parlaiminte in 2019;

D.  de bhrí gur ghlac an Pharlaimint, an 14 Samhain 2018, a tuarascáil eatramhach le figiúirí sonracha, arb ionann iad agus uasteorainn fhoriomlán CAI de EUR 1 324,1 billiún i bpraghsanna 2018 (1,3 % de OIN EU-27), agus leasuithe a dhéanann suas a sainordú caibidlíochta agus go raibh sí ullamh, ó shin i leith, dul i mbun caibidlíochta leis an gComhairle ar mhaithe le teacht ar chomhaontú go tráthúil; go bhrí go ndearnadh athdhearbhú ar an sainordú caibidlíochta an 10 Deireadh Fómhair 2019;

E.  de bhrí, idir mí na Samhna 2018 agus mí Aibreáin 2019, gur ghlac an Pharlaimint sainorduithe caibidlíochta maidir le seasaimh ar an gcéad léamh go han-ghasta, ar seasaimh iad maidir le nach mór gach clár earnála, agus gur chomhaontaigh sí caibidlíocht a dhéanamh ar roinnt comhaontuithe páirteacha leis an gComhairle chun nach gcuirfí moill ar phróiseas bhunú na gclár nua; de bhrí gur chuir modheolaíocht na Comhairle boscaí caibidlíochta CAI a ullmhú, a áiríonn líon suntasach d'fhorálacha earnála a thagann faoin ngnáthnós imeachta reachtach, cosc ar an gComhairle caibidlíocht a dhéanamh leis an bParlaimint ar ghnéithe tábhachtacha de na gníomhartha reachtacha agus ar an togra maidir leis an smacht reachta;

F.  de bhrí gur chuir an Chomhairle Eorpach síneadh cheana féin leis an tréimhse ama chun teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le CAI, rud a laghdaíonn de facto an fhéidearthacht aistriú rianúil ó CAI 2014-2020 go CAI 2021-2027 a áirithiú;

G.  de bhrí nár chuir Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle na chéad fhigiúirí faoi bhráid na Comhairle Gnóthaí Ginearálta agus faoi bhráid na Comhairle Eorpaí go dtí mí na Nollag 2019, sin breis is 18 mí tar éis na dtograí ón gCoimisiún; de bhrí go ndearnadh neamhaird iomlán de sheasamh na Parlaiminte i dtogra Uachtaránacht na Fionlainne;

H.  de bhrí nár tháinig an cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach maidir le CAI an 20-21 Feabhra 2020, a thionóil Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ar chonclúid;

I.  de bhrí, tar éis don chruinniú mullaigh speisialta cliseadh, go bhfuil an Chomhairle Eorpach i bhfad ar gcúl anois le tréimhse ama 2013 don chaibidlíocht maidir le CAI 2014-2020, nuair a tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú polaitiúil an 8 Feabhra 2013; de bhrí, tar éis na gcaibidlíochtaí a bhí ann ina dhiaidh sin idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, gur glacadh CAI agus na gníomhartha reachtacha earnála ag céim an-déanach, rud a d’fhág go rabhthas go mór chun ar gcúl leis an aistriú chuig CAI 2014-2020 agus maidir le seoladh chláir an Aontais chun dochair do thairbhithe agus do shaoránaigh, go háirithe i gcláir bainistíochta roinnte;

J.  de bhrí, i bhfianaise na sraithe moilleanna agus gan beann ar cathain a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach conclúidí ar deireadh, go bhfuil baol inbhraite ann anois nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an gcéad CAI eile in am le teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 agus nach mbeidh aon aistriú rianúil ann ó CAI 2014-2020 go CAI 2021-2027, agus aird á tabhairt freisin ar an mbaol go mbeidh seasaimh an-éagsúil ann idir an Pharlaimint agus an Chomhairle agus ar an ngá atá le dianchaibidlíocht idirinstitiúideach i gcreat nós imeachta an toilithe agus an ghnáthnós imeachta reachtaigh araon;

K.  de bhrí gur chuir ráig Covid-19 moill bhreise ar an gcaibidlíocht agus ar an gcomhaontú maidir leis an gcéad CAI eile sa Chomhairle Eorpach agus go bhfuil tionchar aici ar na coinníollacha ina bhféadfaí caibidlíocht idirinstitiúideach a dhéanamh, in ainneoin béim a leagan ar an tábhacht agus ar an acmhainneacht a bhaineann le buiséad láidir an Aontais chun freagairt chuimsitheach agus láithreach a áirithiú;

L.  de bhrí, mura nglacfar CAI nua in am, go bhforáiltear in Airteagal 312(4) CFAE do líontán sábhála chun tairbhithe chláir an Aontais a chosaint i bhfoirm síneadh uathoibríoch agus sealadach ar uasteorainneacha agus ar fhorálacha eile na bliana deiridh den chreat reatha, a mbeadh uasteorainn fhoriomlán EUR 162 243 milliún i bpraghsanna 2018 nó EUR 172 173 milliún i bpraghsanna reatha mar thoradh air, in 2021, arb ionann é agus 1,15 % de OIN AE-27;

M.  de bhrí go bhfuil dátaí éaga sna gníomhartha bunúsacha de líon suntasach de na cláir chaiteachais reatha, áfach, a d’fhéadfadh an bonn a bhaint, i dteannta le heaspa ullmhachta oibríochtúla, den líontán sábhála dá bhforáiltear le CFAE; de bhrí go mbeadh gá síneadh a chur leis na dátaí éaga sin nó iad a bhaint chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na prionsabail atá mar bhonn agus mar thaca le hAirteagal 312(4) CFAE agus chun dúnadh síos na gclár lena mbaineann a sheachaint, rud a bheadh chun dochair dá thairbhithe agus don Aontas ina iomláine, go háirithe le linn géarchéime;

N.  de bhrí gur áitigh an Pharlaimint, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún ina rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 tús a chur le hullmhú phlean teagmhasach CAI, arb é is aidhm dó tairbhithe a chosaint agus leanúnachas an chistithe a áirithiú, a thíolacfar ag tús 2020 chun gur fusa don Pharlaimint agus don Chomhairle é a ghlacadh go mear;

O.  de bhrí gur aithin an Coimisiún cheana féin na rioscaí a bhaineann le dul in éag ionchasach gníomhartha reachtacha áirithe nó gan iad a ghlacadh don chéad CAI eile, eadhon trí rialachán idirthréimhseach a mholadh lena ndírítear ar chinnteacht agus leanúnachas a sholáthar do na tairbhithe deiridh;

P.  de bhrí gur ullmhaíodh an Pharlaimint i bhfad roimh ré agus gur tugadh rabhadh arís agus arís eile di i gcoinne dhúnadh chláir an Aontais agus í á dhearbhú ag an am céanna nár cuireadh brú uirthi glacadh le droch-chomhaontú CAI de bharr brú ama;

Q.  de bhrí go bhfuil cás níos láidre fós ann, mar thoradh ar ráig Covid-19 agus ar an tionchar socheacnamaíoch, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ar shaol na saoránach, chun deireadh a chur le haon bhaol go mbeadh míleanúnachas ann nó go gcuirfí síneadh mí-ordúil le CAI reatha agus leis na cláir atá ann faoi láthair; de bhrí go bhfuil sé ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí a ráthú go mbeidh an tAontas in ann a chuid oibríochtaí a chur i gcrích agus freagairt uaillmhianach géarchéime agus straitéis téarnaimh a sholáthar in ainneoin nach bhfuil dáta theacht i bhfeidhm CAI nua cinnte fós; de bhrí gur cheart don Choimisiún teachtaireacht aonchiallach ina leith sin a thabhairt do gheallsealbhóirí;

R.  de bhrí gur cheart go leanfadh buiséad an Aontais do 2021 d’aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha láithreacha éigeandáil Covid-19; de bhrí go bhféadfadh plean teagmhasach CAI a bheadh uaillmhianach, freagrach agus dírithe ar an dlúthpháirtíocht bonn níos fearr a chur ar fáil ná CAI déanach agus neamhleor chun freagairt ar ghéarchéimeanna, straitéis téarnaimh agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a sholáthar, ag tógáil ar na cláir atá ann cheana féin leis na hathchoigeartuithe, na tiontuithe, agus na solúbthachtaí iomchuí, chomh maith leis na bearta dearfacha a rinneadh faoi bhuiséad 2020; de bhrí go mbeadh caibidlíocht maidir leis an gcéad CAI eile práinneach i gcónaí, agus machnamh á dhéanamh freisin ar an am a bheadh ag teastáil ina dhiaidh sin chun na cláir nua a sheoladh, an cinneadh nua maidir le hAcmhainní Dílse a mhodhnú agus a dhaingniú;

S.  de bhrí gur gá anois don Choimisiún na tograí reachtacha agus na forálacha oibríochtúla ábhartha is gá a chur ar aghaidh, ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí agus mar shealbhóir an chirt tionscnaimh, agus i gcomhréir leis an ngealltanas ó bhéal agus i scríbhinn a thug Uachtarán toghaí an Choimisiúin an 16 Iúil 2019, chun freagra a thabhairt le gníomh reachtach nuair a ghlacann an Pharlaimint, ag gníomhú di trí thromlach a comhaltaí, rúin ina n-iarrtar ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh;

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh, faoin 15 Meitheamh 2020, bunaithe ar na bunúis dlí ábhartha do gach clár caiteachais(10) agus i bhfianaise Airteagal 312(4) CFAE, maidir le plean teagmhasach CAI chun líontán sábhála a chur ar fáil chun tairbhithe chláir an Aontais a chosaint, de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

2.  á iarraidh go ndéanfadh plean teagmhasach CAI an méid seo a leanas:

   na teorainneacha ama a leagtar síos sna gníomhartha bunúsacha a bhaineann le cláir chaiteachais ábhartha uile CAI a chur ar ceal nó síneadh a chur leo;
   i gcás inar gá ó thaobh an dlí de, go háirithe faoi chláir bainistíochta roinnte, na méideanna airgeadais ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn síneadh teicniúil a chur le leibhéil 2020;
   athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha agus ar na cuspóirí lena rialaítear na cláir ábhartha chaiteachais ionas gur féidir iad a athdhíriú ar bhonn sealadach ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí láithreacha eacnamaíocha agus sóisialta ráig Covid-19 agus chun chabhrú leis an téarnamh;
   athneartuithe spriocdhírithe a cheadú chuige sin, ag tógáil ar na bearta dearfacha a rinneadh cheana faoi bhuiséad 2020; agus na hionstraimí agus na tionscnaimh nua is práinní a chur ar bun mar chuid den phacáiste atógála agus téarnaimh tar éis Covid-19;

3.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN

MOLTAÍ Á N-IARRAIDH MAIDIR LE hINNEACHAR AN TOGRA

A.  PRIONSABAIL AGUS AIDHMEANNA AN TOGRA

1.  Is é is aidhm do phlean teagmhasach CAI líontán sábhála a chur ar fáil chun tairbhithe chláir an Aontais a chosaint i gcás nach bhféadfar CAI 2021-2027 a chomhaontú in am le teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021. Ba cheart go n-áiritheodh plean teagmhasach CAI leibhéal sásúil intuarthachta agus leanúnachais i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas an Aontais freagairt a thabhairt ar iarmhairtí láithreacha sóisialta agus eacnamaíocha ráig Covid-19 agus obair a dhéanamh ar an téarnamh;

2.  Áireofar i bplean teagmhasach CAI togra reachtach amháin nó roinnt tograí reachtacha chun na teorainneacha ama a leagtar síos i ngníomhartha bunúsacha na gclár caiteachais uile lena mbaineann a chur i leataobh nó a shíneadh agus, i gcás inar gá sin ó thaobh an dlí de go háirithe faoi chláir bainistíochta roinnte, na méideanna airgeadais ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn síneadh teicniúil a chur le leibhéil 2020. Ba cheart athdhíriú sealadach ar chuspóirí na gclár caiteachais ábhartha go léir a bheith sa togra reachtach/sna tograí reachtacha freisin, ionas gur fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí láithreacha ráig Covid-19. Chun na críche céanna, i gcás inarb ábhartha, ba cheart a áireamh sa togra/sna tograí athchoigeartú ar na rialacha chun an tsolúbthacht is mó is féidir a cheadú maidir le cur chun feidhme clár bainistíochta roinnte go háirithe, lena n-áirítear síneadh a chur leis na bearta reachtacha uile a tugadh isteach in 2020 agus an obair leantach a ghabhann leo chun tacú leis na Ballstáit agus leis na tairbhithe tionchar ráig Covid-19 a mhaolú;

3.  Le plean teagmhasach CAI, ba cheart go mbeifí in ann atreisiú spriocdhírithe a dhéanamh ar na cláir ábhartha chaiteachais i mbuiséad 2021 agus na hionstraimí, na bearta agus na cláir nua reachtacha is práinní a bhunú, mar chuid den phacáiste atógála agus téarnaimh is gá tar éis ráig Covid-19;

4.  Ba cheart plean teagmhasach CAI a chur síos faoin 15 Meitheamh 2020, mura mbeidh comhaontú polaitiúil ann roimh an dáta sin mar thoradh ar chaibidlíocht CAI idir an Pharlaimint agus an Chomhairle. Leis an amchlár seo chun an plean teagmhasach a chur síos, tabharfar aghaidh ar riachtanas dúbailte: a) a áirithiú go dtosóidh an nós imeachta buiséadach don bhliain 2021 leis an bhfaisnéis go léir is gá maidir le pleanáil theagmhasach; b) a áirithiú go bhféadfaidh na comhreachtóirí na tograí reachtacha ábhartha a ghlacadh roimh idir-réiteach bhuiséad 2021. Seo an uair a bheidh ar an údarás buiséadach cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le buiséad an Aontais don bhliain seo chugainn ar bhonn CAI nua 2021-2027 nó ar bhonn síneadh a chur le huasteorainneacha 2020;

5.  Ba cheart na bearta is gá chun an plean teagmhasach a chur chun feidhme a mhaoiniú tríd an mbuiséad bliantúil, laistigh de theorainneacha uasteorainneacha CAI do 2020 agus laistigh de theorainneacha fhorálacha solúbthachta CAI 2014-2020 mar a síntear iad i gcomhréir le Airteagal 312(4) CFAE, ar bhonn síneadh teicniúil a chur leis na méideanna a chomhaontaigh an t-údarás buiséadach cheana féin in 2020, arna méadú faoin díbhoilsceoir 2 % agus faoi na méideanna breise is gá chun an pacáiste atógála agus téarnaimh tar éis Covid-19 a chur chun feidhme. Leis an síneadh teicniúil sin, ba cheart na clúdaigh náisiúnta faoi na cláir bainistíochta roinnte a chinneadh freisin.

B.  GNÍOMHAÍOCHT ATÁ LE MOLADH

1.  Togra reachtach amháin nó roinnt tograí reachtacha chun:

–  na teorainneacha ama a leagtar síos sna gníomhartha bunúsacha a bhaineann le cláir chaiteachais ábhartha uile CAI a chur ar ceal nó síneadh a chur leo,

–  i gcás inar gá ó thaobh an dlí de, go háirithe faoi chláir bainistíochta roinnte, na méideanna airgeadais ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn síneadh teicniúil a chur le leibhéil 2020, agus

–  athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha agus ar na cuspóirí lena rialaítear na cláir ábhartha chaiteachais ionas gur féidir iad a athdhíriú ar bhonn sealadach ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí láithreacha eacnamaíocha agus sóisialta ráig Covid-19 agus chun cabhrú leis an téarnamh, lena n-áirítear síneadh a chur leis na bearta reachtacha uile a thugtar isteach in 2020 agus obair leantach a dhéanamh orthu chun na críche sin.

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(2) COM(2018)0322.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0075.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0449.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0032.
(6) COM(2019)0581.
(7) IO L 304, 20.11.2010, lch. 47.
(8) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(9) Ollioncam Náisiúnta de réir na réamhaisnéise tráth a tíolacadh togra CAI an 2 Bealtaine 2018, gan na forbairtí a tharla ina dhiaidh sin agus atá ar na bacáin á gcur san áireamh, go háirithe mar thoradh ar ghéarchéim Covid-19.
(10) Airteagail 19(2), 21(2), 33, 42, 43(2), 46(d), 77(2), 78(2), 79(2), 79(4), 81(1), 81(2), 82(1), 84, 87(2), 91(1), 100(2), 113, 114, 149, 153(2)(a), 164, 165(4), 166(4), 167(5), 168(4)(b), 168(5), 169, 172, 173(3), 175, 177, 178, 182(1), 182(4), 183, 188, 189(2), 192(1), 194(2), 195(2), 196, 197, 203, 207(2), 209(1), 212(2), 214(5), 325, 338(1), 349, 352 CFAE agus Airteagail 7(1) agus 203 de Chonradh Euratom.


Seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus sna réigiúin teorann: oibríochtaí cabatáiste idir an Ghearmáin agus an Eilvéis ***I
PDF 125kWORD 46k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann anois idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin na teorann idir an dá thír (COM(2019)0221 – C9-0001/2019 – 2019/0107(COD))
P9_TA(2020)0066A9-0006/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0221),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 2(1) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0001/2019),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0006/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Bealtaine 2020 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bheith á soláthar sna réigiúin teorann idir an dá thír

P9_TC1-COD(2019)0107


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/853.)

(1) IO C 14, 15.1.2020, lch. 118.


Seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus sna réigiúin teorann: oibríochtaí cabatáiste idir an Iodáil agus an Eilvéis ***I
PDF 119kWORD 43k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír (COM(2019)0223 – C9-0002/2019 – 2019/0108(COD))
P9_TA(2020)0067A9-0007/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0223),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 2(1) agus 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9‑0002/2019),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0007/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Bealtaine 2020 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Eilvéis lena n-údaraítear oibríochtaí cabatáiste le linn seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bheith á soláthar i réigiúin teorann an dá thír

P9_TC1-COD(2019)0108


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/854.)

(1) IO C 14, 15.1.2020, lch. 118.


Malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Ríocht Aontaithe *
PDF 111kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Ríocht Aontaithe (14247/2019 – C9-0198/2019 – 2019/0819(CNS))
P9_TA(2020)0068A9-0100/2020

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréacht ón gComhairle (14247/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 39(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna leasú le Conradh Amstardam, agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0198/2019),

–  ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac(1), agus go háirithe Airteagal 33 de,

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0100/2020),

1.  ag diultú don dréacht ón gComhairle;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais