Prótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) ***
111k
41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích. (08662/1/2019 – C9-0004/2019 – 2019/0078(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08662/1/2019),
– ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) (08668/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0004/2019),
– ag féachaint dá rún neamhreachtach an 18 Meitheamh 2020(1) ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0024/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Cabo Verde.
Prótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) (Rún)
127k
50k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Prótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích (08662/2019 – C9-0004/2019 – 2019/0078M(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08662/2019),
– ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) (08668/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2), le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C9-0004/2019),
– ag féachaint dá rún reachtach an 18 Meitheamh 2020(1) maidir leis an dréachtchinneadh,
– ag féachaint d’Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI)(2),
– ag féachaint dá rún an 12 Aibreán 2016 maidir le rialacha comhchoiteanna i ndáil le cur i bhfeidhm na gné seachtraí de CBI, lena n-áirítear comhaontuithe iascaigh(3),
– ag féachaint don tuarascáil deiridh ó Feabhra 2018 dar teideal ‘Staidéar meastóireachta ex post agus ex ante ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde’,
– ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0023/2020),
A. de bhrí go bhfuil an Coimisiún agus Rialtas Cabo Verde i ndiaidh comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nua (SFPA idir AE agus Cabo Verde), mar aon le prótacal cur chun feidhme, go ceann tréimhse de shé bliana, a chaibidliú;
B. de bhrí gurb é an aidhm fhoriomlán atá le SFPA idir AE agus Cabo Verde ná méadú a dhéanamh ar an gcomhar idir AE agus Cabo Verde maidir le hiascaigh, chun leasa an dá pháirtí, trí bheartas inbhuanaithe iascaigh agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a chur chun cinn i limistéar eacnamaíoch eisiach (LEE) Cabo Verde;
C. de bhrí go raibh glacadh na ndeiseanna iascaireachta faoin SFPA idir AE agus Cabo Verde a bhí ann roimhe seo idir 58 % agus 68 %, agus bhí úsáid mhaith ann do bháid saighne agus úsáid mheasartha do bháid spiléireachta agus do shoithí cuaille agus dorú;
D. de bhrí gurb ionann siorcanna agus 20 % de ghabhálacha, ach mar gheall ar easpa sonraí eolaíocha, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an figiúr iomlán cruinn agus go bhféadfadh sé a bheith i bhfad níos airde;
E. de bhrí gur cheart do SFPA idir AE agus Cabo Verde forbairt inbhuanaithe níos éifeachtaí ar phobail iascaireachta Cabo Verde agus ar thionscail agus gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear eolaíocht iascaigh, a chur chun cinn; de bhrí nach mór don tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin bPrótacal a bheith comhsheasmhach leis na pleananna forbartha náisiúnta agus leis an bPlean Gníomhaíochta don Fhás Gorm maidir le forbairt laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, a ceapadh i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe chun an táirgeadh san earnáil a mhéadú agus chun an earnáil a dhéanamh níos gairmiúla d’fhonn freastal ar riachtanais bia agus fostaíochta an phobail áitiúil;
F. de bhrí gur cheart go dtacófar freisin faoi SFPA le gealltanais AE faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, eadhon Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna), go háirithe SFI 14, agus de bhrí nach mór do ghníomhaíochtaí AE uile, lena n-áirítear SFPA, rannchuidiú leis na cuspóirí sin;
G. de bhrí go bhfuil AE, tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta, ag cur buiséad ilbhliantúil de EUR 55 mhilliún ar fáil do Cabo Verde, faoina ndírítear ar réimse amháin go príomha, eadhon an Conradh um Dhea-rialachas agus Forbairt (CDRF);
H. de bhrí gur cheart go rannchuideodh SFPA le hearnáil an iascaigh i Cabo Verde a chur chun cinn agus a fhorbairt agus de bhrí gur gá bonneagar bunúsach, amhail calafoirt, láithreáin tuirlingthe, saoráidí stórála agus monarchana próiseála, a thógáil nó a athchóiriú;
I. de bhrí gur gá Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go hiomlán agus láithreach, ag gach céim, faoi nósanna imeachta a bhaineann leis an bPrótacal agus lena athnuachan;
1. den tuairim gur cheart go saothródh an SFPA idir AE agus Cabo Verde dhá sprioc atá chomh tábhachtach le chéile: (1) go soláthrófar deiseanna iascaireachta do shoithí an Aontais i LEE Cabo Verde, bunaithe ar an eolas agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus gan cur isteach ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe atá ar siúl ag eagraíochtaí réigiúnacha ina bhfuil Cabo Verde páirteach – go háirithe an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) – agus gan dul thar an mbarrachas atá ar fáil; agus (2) chun níos mó comhar eacnamaíoch, airgeadais, teicniúil agus eolaíoch idir AE agus Cabo Verde i réimse acmhainní iascaigh inbhuanaithe agus saothrú fónta ar acmhainní iascaigh i LEE Cabo Verde a chur chun cinn, agus ag an am céanna gan an bonn a bhaint de roghanna agus straitéisí ceannasacha Cabo Verde a bhaineann lena fhorbairt féin; á mheas, ag an am céanna agus i bhfianaise ardluacha na bitheolaíochta muirí in uiscí Cabo Verde, gur cheart go ráthófar sa chomhaontú go nglacfar bearta chun iascaireacht thaismeach ag soithí AE i LEE Cabo Verde a mhaolú;
2. den tuairim gur cheart bearta a ghlacadh chun a ráthú nach rachfar thar an tonnáiste tagartha a shonraítear sa chomhaontú;
3. ag tarraingt aird ar thorthaí na measúnaithe siarghabhálacha agus fadbhreathnaitheacha ar an bPrótacal a ghabhann leis an SFPA idir AE agus Cabo Verde, a rinneadh i mí na Bealtaine 2018, agus inar luadh gur léir an Prótacal a bheith, ar an mórgóir, éifeachtach, éifeachtúil, iomchuí do na leasanna lena mbaineann, agus comhsheasmhach le beartas earnálach Cabo Verde agus go raibh na geallsealbhóirí an-toilteanach glacadh leis, agus inar moladh go mbeadh an rogha ann prótacal nua a thabhairt chun críche; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil raon feidhme ann le dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh ó thaobh comhar iascaireachta idir AE agus Cabo Verde de, agus á mheas gur cheart, dá bhrí sin, go rachadh an prótacal nua níos faide ná na prótacail roimhe seo maidir leis an gcomhaontú seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le tacú le hearnáil iascaidh Cabo Verde a fhorbairt;
4. ag tacú leis an ngá atá le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i bhforbairt earnáil an iascaigh i Cabo Verde, lena n-áirítear tionscal na hiascaireachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara, agus á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart is gá a ghlacadh, lena n-áirítear an chuid den chomhaontú atá dírithe ar thacaíocht earnála a threisiú agus b’fhéidir í a athbhreithniú, mar aon le coinníollacha a chruthú chun ráta ionsúcháin na tacaíochta sin a mhéadú;
5. á mheas nach mbainfidh an SFPA idir AE agus Cabo Verde a chuspóirí amach mura rannchuideoidh sé le méadú an bhreisluacha i Cabo Verde mar thoradh a acmhainní iascaigh a shaothrú;
6. ag áitiú nach mór SFPA idir AE, agus Cabo Verde agus an Prótacal a ghabhann leis, a ailíniú leis na pleananna náisiúnta forbartha agus leis an bPlean don Fhás Gorm maidir le forbairt laistigh de theorainneacha éiceolaíocha earnáil an iascaigh i Cabo Verde, ar réimsí tosaíochta iad do thacaíocht AE agus dá bhfuil gá an cúnamh teicniúil agus airgeadais a theastaíonn a chur chun úsáide, agus ba cheart, i dtaca leo sin, na nithe seo a leanas a dhéanamh:
–
acmhainneacht institiúideach a neartú agus rialachas a fheabhsú trí reachtaíocht a dhréachtú, cur le pleananna bainistíochta agus tacú le cur chun feidhme na reachtaíochta agus na bpleananna bainistíochta sin;
–
faireachán, rialú agus faireachas a neartú i LEE Cabo Verde agus sna ceantair máguaird;
–
neartú a dhéanamh ar bhearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac, lena n-áirítear in uiscí intíre;
–
comhpháirtíochtaí a neartú le tíortha eile a bhfuil spéis acu i ngníomhaíochtaí iascaireachta i LEE Cabo Verde, eadhon trí chomhaontuithe iascaigh, agus trédhearcacht a áirithiú trí aon ábhar a ghabhann leis sin a fhoilsiú, agus trí chlár réigiúnach chun breathnóirí a oiliúint agus a úsáid a bhunú;
–
tacaíocht a thabhairt do bhunú agus d’fheabhsú cláir bailithe sonraí a chuireann ar chumas údaráis Cabo Verde tuiscint a fháil ar na hacmhainní atá ar fáil agus tacú le measúnú eolaíoch acmhainní, a mbeidh sé mar thoradh air go mbeidh cinnteoireacht bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil;
–
tógáil agus/nó athchóiriú bonneagar iomchuí le haghaidh iascaigh agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis sin a chumasú, amhail céanna agus calafoirt chun teacht i dtír (ar mhórscála agus ar mhionscála araon, mar shampla ag calafort Mindelo, oileán São Vicente), láithreacha stórála agus próiseála iasc, margaí, bonneagar le haghaidh dáilte agus margaíochta, agus saotharlanna anailíse cáilíochta;
–
tacú le hoibrithe uile agus dálaí oibre a fheabhsú dóibh, go háirithe do mhná a oibríonn i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht, lena n-áirítear tráchtálú ach chomh maith leis sin trasfhoirmiú, bainistiú iascaigh agus eolaíocht;
–
tacú leis an eolas eolaíoch a bhfuil gá leis chun limistéir mhuirí faoi chosaint a bhunú, lena n-áirítear a gcur chun feidhme, agus faireachán agus rialú a dhéanamh orthu;
–
srian a chur le foghabhálacha de speicis íogaire, amhail turtair mhara;
–
treisiú eagraíochtaí ina ndéantar ionadaíocht ar fhir agus ar mhná in earnáil na hiascaireachta a chumasú, go háirithe iad siúd a bhíonn ag plé le hiascaigh ar mhionscála, agus ar an gcaoi sin, a chabhraíonn le hinniúlachtaí teicniúla, bainistíochta agus caibidlíochta a neartú;
–
go rannchuideofar le hionaid oiliúna bhunúsacha agus ghairmoiliúna a chur ar bun agus/nó a athchóiriú, agus ar an gcaoi sin leibhéil scileanna na n-iascairí, na maraithe agus na mban in earnáil an iascaigh agus i ngníomhaíochtaí eile a bhaineann leis an ngeilleagar gorm a ardú;
–
bearta a neartú chun daoine óga a spreagadh chun dul i mbun na hiascaireachta;
–
acmhainneachtaí taighde eolaíoch agus an cumas chun faireachán a dhéanamh ar acmhainní iascaigh agus ar an muirthimpeallacht a fheabhsú;
–
feabhas a chur ar inbhuanaitheacht acmhainní muirí trí chéile;
7. á chur in iúl gur geal léi nach bhfuil éisc bheaga pheiligeacha i gceist leis an gcomhaontú, ar éisc iad atá an-tábhachtach don phobal áitiúil agus nach bhfuil aon bharrachas ann ina leith;
8. á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do líon na siorcanna i LEE Cabo Verde;
9. á mheas go bhfuil gá le measúnú níos sonraí ar na tairbhí a dhéanann cur chun feidhme an Phrótacail do gheilleagair áitiúla (fostaíocht, bonneagar, feabhsuithe sóisialta);
10. á mheas go bhfuil sé inmhianaithe feabhas a chur ar chainníocht agus ar chruinneas na sonraí maidir leis na gabhálacha ar fad (spriocspeicis agus foghabhálacha), ar stádas caomhantais acmhainní iascaigh agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta sa mhuirthimpeallacht, agus chun feabhas a chur ar chistiú tacaíochta earnála a chur chun feidhme chun gur féidir measúnú níos cruinne a fháil ar thionchar an chomhaontaithe ar an éiceachóras muirí, ar acmhainní iascaireachta agus ar phobail áitiúla, lena n-áirítear a thionchar sóisialta agus eacnamaíoch;
11. á mheas, i bhfianaise dhúnadh féideartha na n-iascach nó srian a bheith curtha orthu, gur cheart aghaidh a thabhairt ar riachtanais iascaireachta áitiúla i dtosach, ar bhonn comhairle eolaíoch iontaofa, chun a áirithiú go bhfuil na hacmhainní inbhuanaithe;
12. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis Cabo Verde feabhas a chur ar bhailiú sonraí agus faireachán ar stoic i gcomhthéacs na ró-iascaireachta, agus béim ar leith á leagan ar shiorcanna;
13. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ina gcomhar agus ina mbeartais oifigiúla cúnaimh um fhorbairt atá dírithe ar Cabo Verde, a chur san áireamh gur cheart go mbeadh an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an tacaíocht earnála a leagtar síos san SFPA seo ag tacú lena chéile chun rannchuidiú leis an earnáil iascaigh áitiúil a neartú agus chun a áirithiú go mbeadh ceannasacht iomlán ag an tír ar a hacmhainní féin; á iarraidh ar an gCoimisiún éascú a dhéanamh, trí CEF agus ionstraimí eile iomchuí, ar na céimeanna a bhfuil gá leo chun bonneagar a chur ar fáil, ar rud é mar gheall ar an scála agus na costais a bhaineann leis, nach féidir a thógáil le tacaíocht earnála faoi chreat SFPA agus ar an mbealach sin amháin, mar shampla calafoirt iascaireachta (ar mhórscála agus ar mhionscála araon);
14. ag tacú leis an ngá atá ann ranníocaíocht SFPA a mhéadú chun poist dhíreacha agus indíreacha a chruthú ar leibhéal áitiúil, ar shoithí a oibríonn faoi SFPA nó i ngníomhaíochtaí iascaireachta réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon; á mheas go bhféadfaidh ról tábhachtach a bheith ag na Ballstáit agus go bhféadfaidh siad páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí fothaithe acmhainneachta agus in iarrachtaí oiliúna chun na críche sin;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a gcomhar le Cabo Verde a neartú tuilleadh, chun féidearthachtaí a mheas chun cabhair um fhorbairt a fheabhsú amach anseo, go háirithe faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) a moladh mar chuid de bhuiséad AE do 2021-2027, agus go háirithe dea-úsáid chistí AE i Cabo Verde agus cobhsaíocht pholaitiúil na tíre i gcomhthéacs geopholaitiúil casta, ar nithe iad a bhfuil gá tacú leo agus iad a chúiteamh, á gcur san áireamh;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún a áitiú ar Phoblacht Cabo Verde an ranníocaíocht airgeadais arna cur ar fáil ag an bPrótacal a úsáid chun a earnáil iascaireachta náisiúnta a neartú san fhadtéarma, chun éileamh ar thionscadail infheistíochta agus tionsclaíochta áitiúla a spreagadh, agus chun fás geilleagair ghoirm inbhuanaithe a spreagadh, agus ar an gcaoi sin poist áitiúla a chruthú agus borradh a chur faoi tharraingteacht gníomhaíochtaí iascaireachta i measc na nglúnta níos óige;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún miontuairiscí agus conclúidí chruinnithe an Choiste Chomhpháirtigh dá bhforáiltear in Airteagal 9 den chomhaontú agus torthaí na meastóireachtaí bliantúla, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus a chur ar fáil go poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún cead a thabhairt d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe an Choiste Chomhpháirtigh mar bhreathnóirí agus rannpháirtíocht phobail iascaireachta Cabo Verde agus gheallsealbhóirí gaolmhara a spreagadh;
18. á mheas gur cheart faisnéis a thiomsú ar na tairbhí a dhéanann cur chun feidhme an Phrótacail do gheilleagair áitiúla (fostaíocht, bonneagar, feabhsuithe sóisialta);
19. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, ag gníomhú dóibh laistigh de theorainneacha a gcumhachtaí féin, an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go hiomlán agus láithreach bonn ag gach céim de na nósanna imeachta a bhaineann leis an bPrótacal agus, i gcás inarb infheidhme, a athnuachan, de bhun Airteagal 13(2) den Conradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 218(10) CFAE;
20. ag tarraingt aird an Choimisiúin, agus na Comhairle go háirithe, ar an bhfíoras nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabail threoracha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, leanúint ar aghaidh le cur i bhfeidhm sealadach comhaontaithe idirnáisiúnta sula dtugann Parlaimint na hEorpa a toiliú, go maolaíonn an cleachtas sin stádas Pharlaimint na hEorpa agus í ar an t-aon institiúid de chuid AE a thoghtar go díreach, agus go ndéanann sé damáiste do dhintiúir dhaonlathacha AE ar an iomlán;
21. á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí atá i SFPA idir AE agus Cabo Verde a chomhtháthú ar dhóigh níos fearr, agus iad a chur san áireamh, mar shampla, sna nósanna imeachta a bhaineann le hathnuachan an Phrótacail;
22. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht Cabo Verde.
Prótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Guine Bissau (2019-2024) ***
111k
41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024) a thabhairt i gcrích (08928/2019 – C9-0011/2019 – 2019/0090(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08928/2019),
– ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (08894/2019)
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0011/2019),
– ag féachaint dá rún neamhreachtach an 18 Meitheamh 2020(1) ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0012/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht Ghuine Bissau.
Prótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Guine Bissau (2019-2024) (Rún)
137k
46k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle i dtaca le Prótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024) a thabhairt i gcrích (08928/2019 – C9-0011/2019 – 2019/0090M(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08928/2019),
– ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (08894/2019) (‘an Prótacal’) a thabhairt i gcrích,
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0011/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 , agus(CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (Comhbheartas Iascaigh)(1),
– ag féachaint dá rún an 12 Aibreán 2016 maidir le rialacha comhchoiteanna i ndáil le cur i bhfeidhm na gné seachtraí de CBI, lena n-áirítear comhaontuithe iascaigh(2),
– ag féachaint dá rún reachtach an 18 Meitheamh 2020(3) maidir leis an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0013/2020),
A. de bhrí go bhfuil sé mar chuspóir foriomlán ag Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (SFPA) AE-Guine Bissau comhar iascaigh a fheabhsú idir AE agus Guine Bissau, chun leasa an dá pháirtí, trí bheartas iascaigh inbhuanaithe agus saothrú fónta agus inbhuanaithe acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau a chur chun cinn, chomh maith le forbairt earnála iascaigh Ghuine Bissau agus forbairt a gheilleagair ghoirm;
B. de bhrí go meastar go bhfuil úsáid deiseanna iascaireachta faoin SFPA roimhe sin sásúil ar an iomlán;
C. de bhrí go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le SFPA AE-Guine Bissau i gcomhthéacs na SFPAnna atá curtha i gcrích ag AE le tríú tíortha, agus gurb é sin an tríú ceann is tábhachtaí faoi láthair ó thaobh na gcistí atá i gceist, agus go bhfuil buntáiste eile ag baint leis toisc gur ceann de trí chomhaontú amháin é a ligeann rochtain ar iascach ilspeiceas;
D. de bhrí gur ranníocaíocht an-íseal do shaibhreas na tíre í an iascaireacht (3.5 % de OTI in 2015), cé ndéanfaidh na cistí a gheobhaidh sí faoi SFPA, mar chúiteamh airgeadais ar rochtain ar acmhainní, ranníocaíocht shuntasach dá hairgeadais phoiblí náisiúnta;
E. de bhrí go bhfuil méadú ó EUR 9 milliún go EUR 11.6 milliún in aghaidh na bliana tagtha ar an méid bliantúil le haghaidh rochtain ar acmhainní iascaigh, i gcomparáid leis an bPrótacal roimhe seo, agus méadú EUR 3 mhilliún go EUR 4 mhilliún in aghaidh na bliana maidir le tacaíocht AE do bheartas earnála iascaigh Ghuine Bissau;
F. de bhrí go ndéanfar deiseanna iascaireachta a shainmhíniú ar dhá bhealach dhifriúla laistigh de thréimhse an Phrótacail: sa chéad dá bhliain, ina n-iarracht iascaireachta (arna tomhas in Olltonnáiste cláraithe (OTC)) agus sna trí bliana deireanacha, ina ngabhálacha iomlána incheadaithe (arna dtomhas i dtonaí); de bhrí gur cheart go dtarlódh an t-aistriú seo in éineacht le córas tuairiscithe gabhálacha leictreonach á chur i bhfeidhm agus sonraí gabhálacha á bpróiseáil, i rith na chéad dá bhliain den Phrótacal;
G. de bhrí go ndeonaítear na deiseanna iascaireachta seo a leanas do chabhlaigh AE le linn chéad tréimhse an Phrótacail: 3 700 OTC do reothrálaeir séacla, 3 500 OTC do reothrálaeir iasc eite agus ceifileapód agus 15 000 OTC do thrálaeir le haghaidh peiligigh bheaga, 28 mbád saighne tuinnín ina bhfuil saoráidí reoiteora agus bád spiléireachta agus 13 bhád cuaille agus dorú; de bhrí go ndeonaítear na deiseanna iascaireachta seo a leanas do chabhlaigh AE le linn an dara tréimhse: 2 500 tonna do reothrálaeir séacla, 11 000 do reothrálaeir iasc eite, 1 500 tonna do reothrálaeir ceifileapód agus 18 000 tonna do thrálaeir le haghaidh peiligigh bheaga, 28 mbád saighne tuinnín agus bád spiléireachta, agus 13 bhád cuaille agus dorú;
H. de bhrí go dtéann an chéad chomhaontú iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Guine Bissau siar go 1980; de bhrí gur imigh an prótacal roimhe seo in éag an 23 Samhain 2017; de bhrí nach raibh feidhmiú comhair um fhorbairt atá mar chuid de na comhaontuithe seo (i.e. tacaíocht earnála) sásúil ar an iomlán; de bhrí, d’ainneoin sin, go bhfuil dul chun cinn taifeadta ar fhaireachán iascaigh, rialú agus faireachas agus acmhainneacht imscrúdaithe shláintíoch, agus ar rannpháirtíocht Ghuine Bissau i gcomhlachtaí réigiúnacha iascaigh; de bhrí go bhfuil gá le feabhas a chur ar chomhar earnálach chun forbairt na hearnála iascaigh áitiúla agus na hearnálacha agus gníomhaíochtaí a bhaineann léi a chur chun cinn ar bhealach níos fearr ionas go bhfanfaidh cuid níos mó den bhreisluach a chruthaítear trí shaothrú acmhainní nádúrtha na tíre i nGuine Bissau;
I. de bhrí go bhfuil gá le bonneagar bunúsach nach bhfuil ann fós ionas go bhforbróidh earnáil iascaigh Ghuine Bissau, amhail calafoirt, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, bonneagar stórála agus monarchana próiseála, nach bhfuil ann fós, mar chuid d’iarracht chun tabhairt i dtír iasc a gabhtar in uiscí Ghuine Bissau a tharraingt;
J. de bhrí do dtosóidh Deich mBliana na hEolaíochta Aigéin um Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe (2021-2030) in 2021; de bhrí gur gá tríú tíortha a spreagadh chun páirt lárnach a ghlacadh i sealbhú eolais;
K. de bhrí go bhfuil bac ar thrádáil táirgí iascaigh ó Ghuine Bissau le AE le blianta fada anuas, toisc nach féidir leis an tír na bearta sláintíochta a d’éiligh AE a chomhlíonadh; de bhrí gurb é an mhoill ar phróiseas deimhniúcháin na saotharlainne anailíse (CIPA) an bac is mó ar onnmhairiú táirgí iascaigh ó Ghuine Bissau chuig AE; de bhrí go bhfuil údaráis Ghuine Bissau agus an Coimisiún ag obair le chéile sa phróiseas deimhniúcháin chun an cosc a aisghairm;
L. de bhrí go bhfuil gá lena áirithiú go bhfanann cuid níos mó den bhreisluach a thagann as saothrú acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau sa tír;
M. de bhrí gur beag an fhostaíocht dhíreach in earnáil iascaigh Ghuine Bissau, fiú maidir le baill criú áitiúil a fhostú ar bhord soithí (faoi láthair is lú líon na mball sin ná an líon a bhí ann le linn an phrótacail roimhe sin) nó mná, a bhfuil a slite beatha agus a bpostanna ag brath ar an earnáil iascaigh;
N. de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na mairnéalach le bheith fostaithe i gcabhlaigh AE, i gcomparáid leis an bPrótacal roimhe seo; de bhrí go ndéanfaidh úinéirí soithí AE iarracht chun mairnéalaigh breise Ghuine Bissau a fhostú; de bhrí go ndéanfaidh údaráis Ghuine Bissau liosta táscach mairnéalach cáilithe ar iarrthóirí iad le bheith fostaithe ar shoithí AE agus go ndéanfaidh siad an liosta sin a choinneáil cothrom le dáta;
O. de bhrí go ndearnadh dul chun cinn maidir le hiascaireacht NNN (neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte) a chosc in uiscí críochacha Ghuine Bissau, le tacaíocht ó háiseanna cigireachta i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach Ghuine Bissau (LEE), eadhon iad a bhaineann le FISCAP (Cigireacht agus Rialú ar Ghníomhaíochtaí Iascaireachta), lena n-áirítear grúpa breathnóirí agus soithí patróil tapaigh; de bhrí go bhfuil bearnaí agus easnaimh fós ann a bhfuil gá dul i ngleic leo, lena n-áirítear an Córas um Fhaireachán Soithí’ (VMS);
P. de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh tréithriú ar acmhainní grinnill i limistéar eacnamaíoch eisiach Ghuine Bissau de, go háirithe an ‘tuairisc maidir leis an bhfeachtas meastóireachta ar stoic ghrinnill i limistéar eacnamaíoch eisiach Ghuine Bissau’, in Eanáir 2019;
Q. de bhrí gur ceann de 13 thír í Guine Bissau atá faoi raon feidhme an tionscadail ‘Rialachas réigiúnach iascaigh feabhsaithe san Afraic Thiar (PESCAO)’ arna ghlacadh le Cinneadh C(2017) 2951 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2017, a bhfuil sé mar aidhm aige, i measc spriocanna eile, cosc agus freagraí ar iascaireacht NNN a neartú trí fheabhas a chur ar fhaireachán, rialú agus faireachas ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach;
R. de bhrí nach raibh comhtháthú na moltaí a rinne Parlaimint na hEorpa roimhe sin sa Phrótacal atá ann faoi láthair go hiomlán sásúil;
S. de bhrí gur gá Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go cuí agus in am trátha ag gach céim faoi nósanna imeachta a bhaineann leis an bPrótacal nó lena athnuachan;
1. ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá SFPA AE-Guine Bissau, do chabhlaigh Ghuine Bissau agus AE atá ag oibriú i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau araon; ag cur i bhfios go bhfuil raon le dul chun cinn níos éifeachtúla i dtéarmaí comhar iascaireachta idir AE agus Guine Bissau agus á iarraidh ar an gCoimisiún arís gach céim a bhfuil gá leis a thabhairt chun dul níos faide ná na prótacail roimhe seo maidir le cur i bhfeidhm an chomhaontaithe seo lena áirithiú go mbeidh leibhéil shásúla forbartha ar an earnáil iascaigh áitiúil go domhanda mar gheall ar SFPA, agus ba cheart go mbeadh sin i gcomhréir leis na spriocanna dá dtagraítear i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 14 de chuid na Náisiún Aontaithe chun na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe don fhorbairt inbhuanaithe’;
2. á mheas nach mar an gcéanna a d’éirigh le cuspóirí SFPA AE-Guine Bissau: cé gur chuir agus go gcuireann an comhaontú deiseanna iascaireachta tábhachtacha ar fáil do shoithí AE i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau agus tá na deiseanna sin úsáidte go mór ag longúinéirí Eorpacha, tá na torthaí a fuarthas maidir le forbairt na hearnála iascaigh áitiúla go ginearálta easnamhach nó míshásúil;
3. ag cur i bhfios, in Airteagal 3 de, go bhfuil clásal neamh-idirdhealaithe sa Phrótacal lena gheallann Guine Bissau gan coinníollacha teicniúla níos fabhraí a dheonú do chabhlaigh choigríche eile a oibríonn i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau a bhfuil na saintréithe céanna acu agus a dhíríonn ar na speicis chéanna; á iarraidh ar an gCoimisiún súil ghéar a choinneáil ar chomhaontuithe iascaigh AE le tríú tíortha atá i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau;
4. ag cur in iúl gur díol sásaimh di rannchuidiú soithí AE le slándáil bia i nGuine Bissau trí ghabháil a thabhairt i dtír go díreach, mar a shonraítear i gCaibidil 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal, chun tairbhe na bpobal áitiúil agus chun trádáil agus tomhaltas inmheánach éisc a chur chun cinn;
5. á mheas gur dúshlán don Phrótacal atá ann faoi láthair é an t-athrú ó thaobh bhainistiú na ndeiseanna iascaireachta de (ó bhainistiú bunaithe ar iarracht iascaireachta go bainistiú bunaithe ar ghabháil iomlán incheadaithe); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Ghuine Bissau athrú iomchuí agus éifeachtúil a chur chun cinn, gan mhoill, chun an iontaofacht agus an éifeachtúlacht is gá maidir leis an gcóras tuairiscithe gabhálacha leictreonach (ERS) agus maidir le próiseáil sonraí gabhálacha, a chosaint;
6. ag tacú leis an ngá atá le dul chun cinn suntasach maidir le forbairt earnála iascaigh Ghuine Bissau, lena n-áirítear an tionscal iascaireachta agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis, agus iarrann sí ar an gCoimisiún glacadh le gach beart a bhfuil gá leis – lena n-áirítear athbhreithniú agus méadú b’fhéidir ar an gcuid den chomhaontú atá dírithe ar thacaíocht earnála, chomh maith le bearta ionas go gcuirfear an ranníocaíocht airgeadais sin i bhfeidhm ar bhealach níos fearr – chun an sprioc seo a bhaint amach;
7. á mheas nach mbainfidh SFPA AE-Guine Bissau a chuspóirí amach mura gcuidíonn sé chun córas bainistithe le haghaidh shaothrú inbhuanaithe agus fadtéarmach a hacmhainní iascaigh a chur i bhfeidhm; á mheas go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach na forálacha atá leagtha amach sa Phrótacal maidir le tacaíocht earnála a chomhlíonadh ionas go gcuidíonn sé le cur chun feidhme iomlán na straitéise náisiúnta iascaireachta agus an gheilleagair ghoirm; ag sainaithint, i dtaca leis sin, mar phríomhchuspóirí ar cheart do AE tacú leo, agus an cúnamh teicniúil agus airgeadais a bhfuil gá leo a chur ar fáil chun:
a.
acmhainneacht institiúideach a neartú, go háirithe straitéisí rialachais réigiúnacha agus domhanda, chun iarmhairtí carnacha comhaontuithe iascaigh éagsúla i dtíortha sa réigiún a chur san áireamh;
b.
tacú le limistéir mhuirí faoi chosaint a threisiú chun dul i dtreo bainistithe comhtháite acmhainní iascaigh;
c.
bonneagar iomchuí le haghaidh iascaireachta agus na gníomhaíochtaí a bhaineann léi a fhorbairt, amhail calafoirt (ar mhórscála agus ar mhionscála araon), láithreacha a gcuirtear an t-iasc i dtír agus bonneagar stórála agus próiseála iasc, margaí, struchtúir le haghaidh dáilte agus margaíochta, saotharlanna anailíse cáilíochta, agus é mar aidhm leis gabhálacha éisc a ngabhtar in uiscí Ghuine Bissau a tharraingt;
d.
acmhainneacht na n-oibreoirí áitiúla san earnáil iascaigh a neartú trí thacú le heagraíochtaí iascairí;
e.
oibreoirí iascaireachta a oiliúint;
f.
tacú le hiascaireacht áitiúla ar mhionscála;
g.
cuidiú le dea-dhálaí éiceolaíocha na muirthimpeallachta, go háirithe trí thacú le bailiú dramhaíola agus trealaimh iascaireachta ag gníomhaithe áitiúla;
h.
aitheantas a thabhairt agus feabhas a chur ar an ról atá ag mná agus daoine óga san iascaireacht, chomh maith le heagrú a róil a neartú trí thacú leis na dálaí riachtanacha chun é sin a bhaint amach;
8. á iarraidh ar an gCoimisiúin agus ar na Ballstáit, ina mbeartais oifigiúla cúnaimh um fhorbairt, a chur san áireamh gur gá don Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) agus an tacaíocht earnála atá beartaithe in SFPA AE-Guine Bissau a bheith ag tacú lena chéile agus nasctha go hiomlán, chun cuidiú leis an earnáil iascaigh áitiúil a neartú;
9. ag cur in iúl gur cúis imní di líon na monarchana mine éisc agus ola éisc ar chósta na hAfraice Thiar, a soláthraítear iasc dóibh freisin ó uiscí Ghuine Bissau; ag cur i bhfios go bhfuil iascaireacht foráiste i gcoinne phrionsabal na hinbhuanaitheachta agus foráil acmhainní próitéine don phobal áitiúil; ag cur in iúl gur díol sásaimh di an fhorbairt ar shaoráidí calafoirt nó saoráidí chun gabhálacha a thabhairt i dtír i nGuine Bissau, ach ag an am céanna ag cur in iúl gur cúis imní di go bhféadfadh tógáil monarchana mine éisc nua teacht ina dhiaidh;
10. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis Ghuine Bissau a gcomhar a fheabhsú chun na coinníollacha a bhunú le haghaidh onnmhairiú táirgí iascaigh Ghuine Bissau chuig AE, go háirithe maidir leis na dálaí sláintíocha riachtanacha a fhíorú agus an tsaotharlann anailíse (CIPA) a dheimhniú, chun an bac reatha a shárú, chun borradh a chur faoi fhorbairt na hearnála iascaigh áitiúla agus, mar thoradh air sin, dul chun cinn a dhéanamh chun na spriocanna SFPA a bhaint amach;
11. ag tacú leis an ngá atá ann le ranníocaíocht SFPA a fheabhsú chun poist dhíreacha agus indíreach a chruthú ar leibhéal áitiúil, ó thaobh na soithí a oibríonn faoi SFPA de, nó ó thaobh na ngníomhaíochtaí ar fad a bhaineann leis an iascaireacht; den tuairim go bhféadfaidh ról tábhachtach a bheith ag na Ballstáit agus go bhféadfaidh siad páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí fothaithe acmhainneachta agus in iarrachtaí oiliúna chun an sprioc sin a bhaint amach;
12. ag meabhrú di nádúr uathúil éiceachóras muirí agus chósta Ghuine Bissau, amhail na foraoisí mangróibh, a fheidhmíonn mar ghnáthóga iasclainne d’acmhainní iascaigh, agus a bhfuil gníomhaíocht spriocdhírithe de dhíth uathu chun bithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú;
13. á mheas gur cheart an fhaisnéis ar na tairbhí a dhéanann cur chun feidhme an Phrótacail do gheilleagair áitiúla (e.g. fostaíocht, bonneagar agus feabhsuithe sóisialta) a thiomsú;
14. á mheas go bhfuil gá le feabhas a chur ar mhéid agus cáilíocht sonraí maidir leis na gabhálacha ar fad (spriocghabháil agus foghabháil), stádas caomhantais acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau agus, go ginearálta, ar impleacht SFPA ar éiceachórais, agus gur cheart iarracht a dhéanamh chun acmhainneacht Ghuine Bissau a fhorbairt chun sonraí den chineál sin a fháil; á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú chun a áirithiú gur féidir leis na comhlachtaí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme SFPA, lena n-áirítear an Comhchoiste agus an Coiste Comhpháirteach Eolaíoch, feidhmiú go rialta, i gcomhar le comhlachais iascairí mionscála, le comhlachais mná a oibríonn san earnáil iascaigh, le ceardchumainn, le hionadaithe ó phobail chósta, agus le heagraíochtaí iomchuí na sochaí sibhialta i nGuine Bissau;
15. á mheas go bhfuil gá mór le feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le gabhálacha i nGuine Bissau; á iarraidh, ina theannta sin, feabhas ar tharchur sonraí arna nginiúint ag córais VMA shoithí AE tríd an stát brataí chuig na húdaráis Afracacha; á iarraidh idir-inoibritheacht córais sonraí níos fearr;
16. á áitiú foilsithe tuairiscí maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht faighte acu trí thacaíocht earnála do thrédhearcacht níos fearr;
17. den tuairim, i gcás iascaigh a chosc nó srianta iascaireachta a thabhairt isteach, chun inbhuanaitheacht áiseanna a áirithiú, arna bhunú ag an bPrótacal, gur gá riachtanais na hiascaireachta ar leibhéal áitiúil a chur san áireamh ar dtús, bunaithe ar bhonn comhairle eolaíoch iontaofa;
18. ag cur i bhfios a thábhachtaí atá an riachtanas barrachais do shoithí AE ag iascaireacht in uiscí de chuid tríú tír;
19. ag tacú leis an ngá atá ann chun feabhas a chur ar rialachas, rialú agus faireachas i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau agus chun dul i ngleic le hiascaireacht NNN, idir rudaí eile, trí fhaireachán ar shoithí a neartú (trí chóras VMS) chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht ó thaobh gníomhaíochtaí iascaireachta de;
20. á áitiú forálacha trédhearcachta a áireamh, rud lena mbainfeadh na comhaontuithe ar fad le stáit nó le heintitis phríobháideacha a bhfuil rochtain deonaithe acu do limistéar eacnamaíoch eisiach Ghuine Bissau a fhoilsiú;
21. ag cur i bhfios a thábhachtaí atá sé na deiseanna iascaireachta arna soláthar trí SFPA a leithdháileadh bunaithe ar phrionsabail an chothromais, na cothromaíochta agus na trédhearcachta;
22. ag cur i bhfios a thábhachtaí atá sé go gcuireann na gabhálacha éisc a thugtar i dtír i gcalafoirt Ghuine Bissau le gníomhaíochtaí phróiseála áitiúla agus de shlándáil bia, ó thaobh speiceas agus cáilíochta de araon;
23. á iarraidh ar an gCoimisiún miontuairiscí agus conclúidí chruinnithe an Chomhchoiste, an clár earnála ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 5 den Phrótacal agus torthaí na meastóireachtaí bliantúla, faisnéis maidir le comhordú an chláir sin agus plean straitéiseach um fhorbairt iascaigh i nGuine Bissau (2015-2020), chomh maith le miontuairiscí agus conclúidí chruinnithe an Choiste Comhpháirteach Eolaíoch, agus faisnéis a bhaineann le hiascaireacht NNN i limistéar iascaireachta Ghuine Bissau, cur i bhfeidhm oibreoirí eacnamaíochta AE san earnáil iascaigh i nGuine Bissau (Airteagal 10 den Phrótacal) agus fíorú go bhfuil oibleagáidí na longúinéirí á gcomhlíonadh (e.g. an méid a bhaineann le ranníocaíocht chomhchineáil, dá bhforáiltear i gCaibidil V den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal), a chur chuig Parlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach go gcuirfidh sé tuarascáil iomlán maidir le forfheidhmiú an Phrótacail faoi réir Pharlaimint na hEorpa, le linn bhliain dheireanach chur i bhfeidhm an Phrótacail agus roimh oscailt na gcaibidlíochtaí chun é a athnuachan;
24. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis Ghuine Bissau faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir le forbairt gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht foráiste sa réigiún;
25. á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí arna gcur le chéile in SFPA AE-Guine Bissau a chomhtháthú ar dhóigh níos fearr, agus iad a chur san áireamh sna nósanna imeachta a bhaineann le hathnuachan an Phrótacail;
26. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Ghuine Bissau.
Prótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach ***
111k
41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach a thabhairt i gcrích (12199/2019 – C9-0001/2020 – 2019/0173(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12199/2019),
– ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (12202/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0001/2020),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0001/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail an Phrótacail;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe.
Comhaontú idir AE agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le lamháltais EDT na hEilvéise (Airteagal XXVIII de GATT 1994) a mhodhnú a mhéid a bhaineann le feoil bhlaistithe ***
114k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i bhfoirm Malartú Litreacha i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 maidir le lamháltais EDT na hEilvéise a mhodhnú a mhéid a bhaineann le feoil bhlaistithe (12482/2019 – C9-0194/2019 – 2019/0196(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12482/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i bhfoirm Malartú Litreacha i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 maidir le lamháltais EDT na hEilvéise a mhodhnú a mhéid a bhaineann le feoil bhlaistithe (12483/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0194/2019),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0092/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Chónaidhm na hEilvéise.
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún) (COM(2020)0146 – C9-0112/2020 – 2020/2062(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0146 – C9‑0112/2020),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020(2), agus go háirithe Airteagal 12 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3), agus go háirithe pointe 13 de,
– ag féachaint dá rún an 18 Meán Fómhair 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2019/000 TA 2019 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)(4),
— ag féachaint dá céad léamh ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED)(5),
— ag féachaint don nós imeachta tríthaobhach dá bhforáiltear i bpointe 13 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0109/2020),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh go pras sa mhargadh saothair, ath-imeascadh a bhfuil gá leis;
B. de bhrí gur cheart cúnamh an Aontais d’oibrithe arna gcur ar iomarcaíocht a bheith dinimiciúil agus curtha ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir, i gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún a glacadh le linn chruinniú idir-réitigh an 17 Iúil 2008, agus aird chuí á tabhairt do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 i leith glacadh le cinntí maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) a shlógadh;
C. de bhrí go léiríonn glacadh an Rialacháin (AE) Uimh. 1309/2013 an comhaontú ar tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle air chun critéar a bhaineann le slógadh géarchéime a thabhairt isteach an athuair, chun ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a mhéadú go 60 % de chostas iomlán measta na mbeart atá molta, chun an éifeachtacht a bhaineann leis an gcaoi a gcaitear le hiarratais CED sa Choimisiúin agus ag an bParlaimint agus an Chomhairle a mhéadú tríd an am measúnaithe agus ceadaithe a ghiorrú, chun gníomhaíochtaí incháilithe agus tairbhithe a dhéanamh níos leithne trí dhaoine féinfhostaithe agus daoine óga a thabhairt isteach agus chun dreasachtaí a mhaoiniú ionas gur féidir leo a ngnóthaí féin a bhunú;
D. de bhrí go bhfuil buiséad bliantúil uasta EUR 150 milliún ar fáil don CED i bpraghsanna 2011 agus de bhrí go luann Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 gur féidir suas le 0,5 % den mhéid sin, is é sin EUR 179 264 000 i bpraghsanna 2020, a bheith curtha ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun maoiniú a dhéanamh ar ullmhúchán, faireachán, bailiú sonraí agus cruthú bonn eolais, tacaíocht riaracháin agus teicniúil, gníomhaíochtaí eolais agus cumarsáide chomh maith le gníomhaíochtaí iniúchta, smachta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a chur i bhfeidhm;
E. de bhrí gurb ionann méid molta EUR 345 000 agus thart ar 0,19 % den bhuiséad bliantúil uasta atá ar fáil don CED in 2020;
1. ar aon intinn leis na bearta atá molta ag an gCoimisiún le bheith maoinithe mar chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus (4) le hAirteagal 12(2), (3) agus (4) de Rialachán (EU) Uimh. 1309/2013;
2. ag tabhairt aitheantas don tábhacht a bhaineann le faireachán agus bailiú sonraí; ag meabhrú di an tábhacht a bhaineann le sraitheanna staidrimh láidir atá tiomsaithe i bhfoirm oiriúnach ionas go mbeidh rochtain éasca orthu agus go mbeidh siad sothuigthe; á athdhearbhú an gá atá le taighde nuashonraithe agus anailís ar na dúshláin reatha atá os comhair an mhargadh dhomhanda de dheasca COVID-19;
3. á athdhearbhú an gá atá le suíomh gréasáin tiomanta, inrochtana do shaoránaigh uile an Aontais, ar a mbeidh faisnéis mhionsonraithe maidir le CED;
4. ag cur in iúl gur geal léi an obair leanúnach ar nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh iarratais CED agus go bhfuil an bhainistíocht ag baint úsáid as na feidhmeanna a bhaineann leis an gcóras um malartú sonraí leictreonacha (SFC), lenar féidir próiseáil iarratas a éascú agus a dhéanamh níos tapúla, agus lena mbeidh tuairisciú níos fearr;
5. ag tabhairt dá haire go n-úsáidfidh an Coimisiún an buiséad atá ar fáil chun dhá chruinniú de Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED (ball amháin ó gach Ballstát) a reáchtáil agus, ag an am céanna is dócha, dhá sheimineár a thionól le rannpháirtíocht na gcomhlachtaí cur chun feidhme CED agus comhpháirtithe sóisialta chun líonrú i measc Ballstáit a chur chun cinn;
6. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint go córasach de chuirí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa teacht chuig cruinnithe agus seimineáir den sórt sin i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún;
7. ag leagan béim ar an ngá le feabhas níos mó a chur ar an gcomhar agus cumarsáid idir na daoine ar fad a bhfuil baint acu le hiarratais CED, lena n-áirítear, go háirithe, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, chun an méid is mó sineirgí is féidir a chruthú; ag cur i bhfios gur cheart an idirghníomhaíocht idir an Duine Teagmhála Náisiúnta agus na páirtithe atá i gceannas ar chásanna a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil a neartú agus gur cheart socruithe cumarsáide agus tacaíochta agus sreafaí faisnéise (rannóga inmheánacha, tascanna agus freagrachtaí) a dhéanamh soiléir agus gur cheart na páirtithe ar fad lena mbaineann a bheith ar aon intinn maidir leo;
8. á mheabhrú do na Ballstáit is iarratasóirí an ról lárnach atá acu i bhfógraíocht a dhéanamh go forleathan faoi na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag CED do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal i gcoitinne, mar a leagtar amach in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013;
9. á mheabhrú di, de réir na rialacha reatha, go bhféadfaí CED a slógadh chun tacú le oibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;
10. á iarraidh ar an gCoimisiún dá bhrí sin cúnamh a thabhairt, ar bhealach ar bith, do na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a ullmhú sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht;
11. á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, a dhícheall a dhéanamh chun solúbthacht a léiriú agus an tréimhse mheasúnaithe a ghiorrú a mhéid is féidir nuair a dhéantar measúnú ar a mhéid a chomhlíonann aon iarratas na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar;
12. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
13. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
14. á threorú dá hUachtarán an rún seo, lena n-áirítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/986.)
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Phortaingéil, don Spáinn, don Iodáil agus don Ostair (COM(2020)0200 – C9-0127/2020 – 2020/2068(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0200 – C9‑0127/2020),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020(2), agus go háirithe Airteagal 10 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3), agus go háirithe pointe 11 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0105/2020),
1. á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh mar chomhartha dhlúthpháirtíocht an Aontais le saoránaigh an Aontais agus leis na réigiúin atá buailte ag tubaistí nádúrtha;
2. á chur i bhfáth a dheargriachtanaí is atá sé cúnamh airgeadais a chur ar fáil trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (an ‘Ciste’) do na réigiúin san Aontas ar bhuail tubaistí nádúrtha iad in 2019;
3. á mheas go mbeidh an cúnamh airgeadais a chuirfear ar fáil do na Ballstáit faoi réir dáileadh cothrom ar na réigiúin agus na limistéir is mó atá buailte;
4. á chur i bhfios, mar gheall ar an athrú aeráide, go mbeidh tubaistí nádúrtha ag éirí níos foréigní ná riamh agus go dtarlóidh siad níos minice ná riamh; á iarraidh go ndéanfar an Ciste a athchóiriú sa chreat airgeadais ilbhliantúil atá le teacht chun iarmhairtí an athraithe aeráide amach anseo a chur san áireamh, agus á chur i bhfáth ag an am céanna nach bhfuil sa Chiste ach ionstraim íceach agus go n-éilíonn an t-athrú aeráide go príomha beartas coisctheach i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas;
5. á mheabhrú, de réir Airteagail 174 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go saothróidh an tAontas Eorpach gníomhaíochtaí ar mhaithe lena chomhtháthú críochach a neartú agus saintréithe agus srianta speisialta na réigiún is forimeallaí á gcur san áireamh; á chur i bhfios go bhfuil tionchar sóisialta agus eacnamaíoch níos mó ag an tubaiste nádúrtha céanna i réigiún forimeallach ná mar a bheadh aige in aon réigiún Eorpach eile agus dá bhrí sin go bhfuil an téarnamh níos moille; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go mbainfeadh na réigiúin is forimeallaí tairbhe as cistiú méadaithe faoi raon feidhme an Chiste;
6. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
7. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
8. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN : CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Phortaingéil, don Spáinn, don Iodáil agus don Ostair
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/1076.)
An Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir AE agus an Mholdóiv a thabhairt i gcrích ***
110k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (14205/2019 – C9-0192/2019 – 2012/0006(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14205/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive (08185/2012),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0192/2019),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0084/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht na Moldóive.
Leasú ar an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir AE agus an Mholdóiv (Aontachas na Cróite) ***
111k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche Prótacail, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (07048/2015 – C9-0195/2019 – 2015/0035(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07048/2015),
– ag féachaint don dréachtPhrótacal lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (07047/2015),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0195/2019),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0083/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht na Moldóive.
Leasú ar an gComhaontú Eitlíochta Eora-Meánmhara idir AE agus Maracó (aontachas na Bulgáire agus na Rómáine) ***
114k
44k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Meánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (06198/2013 – C9-0006/2019 – 2007/0181(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06198/2013),
– ag féachaint don dréacht-Phrótacal lena leasaítear an Comhaontú Eura‑Meánmhara Eitlíochta idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh(1),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2), agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(8) an chéad fhomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0006/2019),
– ag féachaint dá seasamh an 12 Nollaig 2007 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Meánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh(2),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0005/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Ríocht Mharacó.
An Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir AE agus an Iordáin a thabhairt i gcrích ***
110k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (14209/2019 – C9-0193/2019 – 2010/0180(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14209/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (14366/2010),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0193/2019),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0086/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Ríocht Haisimíteach na hIordáine.
An Comhaontú maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta idir AE agus an tSín a thabhairt i gcrích ***
110k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne a thabhairt i gcrích (14185/2019 – C9-0191/2019 – 2018/0155(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14185/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (09702/2018),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0191/2019),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0087/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Dhaon-Phoblacht na Síne.
An Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir AE agus an tSeoirsia a thabhairt i gcrích ***
110k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais, maidir leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích (09556/2019 – C9-0013/2019 – 2010/0186(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (09556/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus an tSeoirsia (14370/2010),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0013/2019),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0082/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint na Seoirsia.
An Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir AE agus Iosrael a thabhairt i gcrích ***
111k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais. (14207/2019 – C9-0196/2019 – 2012/0324(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14207/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile (16828/2012),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0196/2019),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0085/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Iosrael.
Moltaí maidir leis na caibidlíochtaí i gcomhair comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
238k
89k
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 maidir leis na caibidlíochtaí i gcomhair comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (2020/2023(INI))
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagal 218 CFAE,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/266 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta(1) agus na treoracha a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis maidir le comhpháirtíocht nua a chaibidliú le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, a cuireadh ar fáil don phobal,
– ag féachaint dá rúin an 5 Aibreán 2017 maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe tar éis fógra a fháil uaithi go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach(2), an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe(3), an 13 Nollaig 2017 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe(4), an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe(5), an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le staid na gcaibidlíochtaí i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach(6), an 15 Eanáir 2020 maidir le cur chun feidhme agus faireachán na bhforálacha maidir le cearta na saoránach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar(7), agus an 12 Feabhra 2020 maidir leis an sainordú beartaithe i gcomhair caibidlíochtaí maidir le comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(8),
– ag féachaint do dhréacht-téacs an Chomhaontaithe maidir leis an gComhpháirtíocht Nua leis an Ríocht Aontaithe an 18 Márta 2020(9);
– ag féachaint dá rún reachtach an 29 Eanáir 2020 ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach(10),
– ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach(11) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus don dearbhú polaitiúil a ghabhann leis, lena leagtar amach an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe(12) (‘an Dearbhú Polaitiúil’),
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Iascach, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Achainíocha,
– ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint do Rialacha 114(4) agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0117/2020),
A. de bhrí gurb é an Dearbhú Polaitiúil an tslat tomhais do na caibidlíochtaí agus go leagtar síos na paraiméadair leis le haghaidh comhpháirtíocht uaillmhianach, fhairsing, dhomhain agus sholúbtha lena gcuimseofar trádáil agus comhar eacnamaíoch le Comhaontú Saorthrádála cuimsitheach agus cothrom mar chroílár ann, forfheidhmiú an dlí agus ceartas coiriúil, beartas eachtrach, slándáil agus cosaint agus réimsí comhair níos leithne; de bhrí gurb ionann sainordú an Aontais Eorpaigh (AE), arna ghlacadh an 25 Feabhra 2020 ar an mbonn sin, agus an creat caibidlíochtaí lena mbeartaítear comhpháirtíocht láidir agus chuimsitheach idir AE agus an Ríocht Aontaithe, lena gcruthaítear struchtúr stuama agus creat rialachais foriomlán; de bhrí nach nglacfaidh AE le cur chuige treallach na Ríochta Aontaithe, lena ndéantar iarracht sraith comhaontuithe neamhspleácha ar leithligh a chaibidliú;
B. de bhrí go bhfuil sainordú AE bunaithe ar threoirlíne na Comhairle Eorpaí an 23 Márta 2018 agus an Dearbhú Polaitiúil;
C. de bhrí nach féidir leis na caibidlíochtaí maidir leis an gcomhpháirtíocht sa todhchaí leis an Ríocht Aontaithe a bheith bunaithe ach amháin ar chur chun feidhme éifeachtach agus iomlán an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus na trí phrótacal a ghabhann leis;
D. de bhrí gur cheart do AE cloí lena iarrachtaí agus a dhiongbháilteacht comhaontú uaillmhianach a chaibidliú, amhail dá bhforáiltear go soiléir leis an Dearbhú Polaitiúil, a shínigh an dá pháirtí, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe san áireamh, an 17 Deireadh Fómhair 2019, agus le sainordú AE; de bhrí gur scoir an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát de AE an 31 Eanáir 2020;
E. de bhrí nach bhfuil sa bhrú ama reatha sna caibidlíochtaí ach toradh roghanna na Ríochta Aontaithe;
F. de bhrí gur cheart go mbeadh an comhaontú sa todhchaí leabaithe i gcreat foriomlán rialachais agus de bhrí gur cheart gurbh í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an t-aon chomhlacht atá freagrach as dlí AE a léirmhíniú;
G. de bhrí, le linn na hIdirthréimhse, go bhfuil feidhm ag dlí AE fós ar fud gach réimse beartais, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus inti, cé is moite d’fhorálacha na gConarthaí agus na ngníomhartha nach raibh ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe nó inti sular tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm; de bhrí, an 14 Bealtaine 2020, gur chuir an Coimisiún Eorpach tús le himeachtaí sáraithe i gcoinne na Ríochta Aontaithe mar gheall ar mhainneachtain rialacha AE maidir le saorghluaiseacht a chomhlíonadh;
H. de bhrí go ndéanfaidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE difear do na milliúin saoránach, idir shaoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí, ag taisteal nó ag obair in AE agus saoránaigh AE atá ina gcónaí, ag taisteal nó ag obair sa Ríocht Aontaithe; agus daoine nach saoránaigh de AE agus den Ríocht Aontaithe iad;
I. de bhrí, mar thríú tír, nach féidir leis an Ríocht Aontaithe na cearta céanna a bheith aici agus atá ag Ballstát, na tairbhí céanna a theachtadh agus a theachtann Ballstát agus a bheith faoi réir na n-oibleagáidí céanna agus atá Ballstát, agus go dtiocfaidh athrú suntasach ar an staid in AE agus sa Ríocht Aontaithe araon dá bhrí sin ag deireadh na hIdirthréimhse; de bhrí go gcomhroinneann AE agus an Ríocht Aontaithe prionsabail agus luachanna bunúsacha; de bhrí gur cheart gaireacht gheografach na Ríochta Aontaithe le AE, a leibhéal idirnascachta leis agus ardleibhéal an ailínithe atá ann cheana agus an idirspleáchais le rialacha AE a chur san áireamh sa chomhaontú comhpháirtíochta sa todhchaí; agus de bhrí, faoi mar atá ráite go soiléir ag AE ó thús, dá mhéad pribhléidí agus cearta a lorgaíonn an Ríocht Aontaithe is ea is mó oibleagáidí a bheidh ceangailte leo;
J. de bhrí gur chomhaontaigh AE agus an Ríocht Aontaithe sa Dearbhú Polaitiúil cruinniú ardleibhéil a reáchtáil i mí an Mheithimh 2020 chun machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta agus é mar aidhm leis teacht ar chomhaontú maidir le gníomhú chun gluaiseacht chun cinn le caibidlíochtaí i dtaca leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí; de bhrí gur eisigh an dá Pháirtí, ag deireadh an Chruinnithe Ardleibhéil a bhí ar siúl an 15 Meitheamh 2020, ráiteas comhpháirteach inar sonraíodh, inter alia, go raibh gá le móiminteam nua;
K. de bhrí gur bunriachtanach aontacht AE agus a Bhallstát le linn na gcaibidlíochtaí ionas go gcosnófar leasanna AE, lena n-áirítear leasanna a shaoránach sa chaoi is fearr is féidir; de bhrí go raibh AE agus a Bhallstáit i gcónaí aontaithe le linn chaibidliú agus ghlacadh an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus ó shin; de bhrí go léirítear an aontacht sin le glacadh an tsainordaithe caibidlíochta arna chur de chúram ar idirbheartaí AE agus Ceann Thascfhórsa AE, Michel Barnier, a bhfuil AE agus a Bhallstáit ag tacú go mór leis;
L. de bhrí gur chomhaontaigh AE agus an Ríocht Aontaithe sa Dearbhú Polaitiúil gur cheart go mbeadh luachanna comhroinnte mar bhonn faoin ngaolmhaireacht sa todhchaí, ar luachanna iad amhail urraim agus coimirciú a thabhairt do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, prionsabail dhaonlathacha, an smacht reachta, ord riailbhunaithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, agus tacaíocht don neamhleathadh, prionsabail na díarmála, síocháin agus slándáil mar aon le forbairt inbhuanaithe agus cosaint an chomhshaoil, agus gur réamhchoinníoll bunriachtanach iad na luachanna sin do chomhar faoi chuimsiú an Dearbhaithe Pholaitiúil, ar cheart é a chur in iúl i dtéarmaí clásail pholaitiúla cheangailteacha agus ar cheart go mbeidís ina n-ábhair muiníne frithpháirtí; de bhrí, fad is a leanfaidh AE de bheith faoi cheangal ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nach mór go mbeadh an comhaontú maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí coinníollach ar thiomantas leanúnach na Ríochta Aontaithe i dtaca le hurraim a thabhairt do chreat an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine (ECHR);
M. de bhrí gur chruthaigh paindéim COVID-19 staid nua atá go hiomlán gan choinne agus gan fasach, a bhfuil iarmhairtí suntasacha á n-imirt aici ar rithim agus éifeachtúlacht na gcaibidlíochtaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe; de bhrí, murar féidir teacht ar chomhaontú, go mbeadh ar an dá thaobh a bheith ullamh d’athruithe suntasacha ina ngeilleagair, a rachaidh in olcas de dheasca phaindéim COVID-19 agus de dheasca na n-iarmhairtí eacnamaíocha a bhfuiltear ag dréim leo ina diaidh; de bhrí, nuair atáthar ag tabhairt aghaidh ar phaindéim dhomhanda agus na hiarmhairtí intuartha geopholaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta a bheidh aici, go dtreisítear an riachtanas sásraí comhair idir comhpháirtithe agus comhghuaillithe a fheabhsú;
Prionsabail ghinearálta
1. á chur in iúl gur oth léi, tar éis ceithre bhabhta caibidlíochta, nach bhfuil aon fhíordhul chun cinn bainte amach, cé is moite de dheiseanna an-bheaga i líon teoranta réimsí; ag tabhairt dá haire go raibh éagsúlachtaí suntasacha ann idir AE agus an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear maidir le raon feidhme agus struchtúr dlíthiúil an téacs atá le caibidliú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di raon feidhme teoranta na comhpháirtíochta sa todhchaí atá beartaithe ag Rialtas na Ríochta Aontaithe mar aon lena chur chuige treallach maidir le gan ach caibidliú a dhéanamh i leith réimsí a théann chun leasa na Ríochta Aontaithe; á athdhearbhú nach féidir le AE glacadh le cur chuige “scothroghnóireachta” den chineál sin; á chur i bhfios gur lú moltaí na Ríochta Aontaithe ná a cuid gealltanas faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin Dearbhú Polaitiúil, lenar aontaigh an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear an fíoras go bhfuil sí ag diúltú comhaontú a chaibidliú maidir le cúrsaí slándála agus cosanta;
2. á athdhearbhú go bhfuil AE diongbháilte maidir lena sheasamh gur gá dul chun cinn inbhraite a bhaint amach i ngach réimse caibidlíochta i gcomhthráth, lena n-áirítear maidir leis an machaire comhréidh, iascach, slándáil inmheánach agus rialachas, mar a leagtar amach sa Dearbhú Polaitiúil; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil na caibidlíochtaí uile doroinnte agus nach n-aontóidh AE le margadh ar ais nó ar éigean, agus nach n-aontóidh sé go háirithe le comhaontú saorthrádála (FTA) gan ráthaíochtaí láidre i dtaca le machaire comhréidh agus comhaontú sásúil maidir le hiascach a bheith aige; ag tacú go hiomlán, dá bhrí sin, leis an gCoimisiún i dtaca le cosaint a thabhairt don ghá atá le dréachtchonradh cuimsitheach faoi mar a mhol AE ar dtús, seachas comhaontuithe ar leithligh a aontú, mar a mhol an Ríocht Aontaithe;
3. á áitiú nach mór d’aon chomhaontú ar an ngaolmhaireacht nua idir AE agus an Ríocht Aontaithe a bheith comhleanúnach agus curtha in oiriúint do ghaireacht gheografach an dá pháirtí lena chéile, agus d’ardleibhéal idirnascachta gheilleagair an dá pháirtí;
4. á chur in iúl gur geal léi foilsiú dhréacht-tograí dlíthiúla na Ríochta Aontaithe, bíodh is gur foilsíodh déanach iad; ag tabhairt dá haire, d’ainneoin a mhaíonn an Ríocht Aontaithe, eadhon go bhfuil fasaigh arb ann dóibh cheana á n-úsáid aici, go dtéann roinnt mhaith de na moltaí sin i bhfad thar an méid atá caibidlithe ag AE in FTAnna eile le tríú tíortha le blianta beaga anuas; á mheabhrú nach mór go mbeadh aon chomhaontú deiridh bunaithe ar chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí;
5. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ardleibhéal cóineasaithe ann idir na cuspóirí caibidlíochta arna gcur in iúl i rún ón bParlaimint an 12 Feabhra 2020 agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/266 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú comhpháirtíochta(13) (‘na treoracha caibidlíochta’); ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil lántacaíocht na Parlaiminte ag an gCoimisiún agus é i mbun caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta, toisc go roinneann na trí institiúid, ar an iomlán, na cuspóirí céanna maidir lenar cheart a bhaint amach leis na caibidlíochtaí sin;
6. á chur in iúl gur geal léi dréacht-téacs AE den Chomhaontú maidir leis an gComhpháirtíocht Nua leis an Ríocht Aontaithe, arna fhoilsiú an 18 Márta 2020, ina moltar comhaontú cuimsitheach le haghaidh dlúth-chomhpháirtíocht dhomhain lena gcumhdófar ní hamháin trádáil saor in aisce in earraí agus seirbhísí ach, chomh maith leis sin, bealaí chun suaití agus buntáistí iomaíochta éagothroma a chosc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hearnáil na talmhaíochta, bearta sláintíochta agus fiteashláintíochta (SPS) agus státchabhair, agus chun timpeallacht fhabhrach a chur ar bun le haghaidh fhorbairt na trádála agus na hinfheistíochta;
7. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint ar aghaidh ag seoladh na gcaibidlíochtaí ar bhealach trédhearcach, toisc go dtéann sé sin chun tairbhe an phróisis caibidlíochta agus go mbaineann saoránaigh agus gnóthaí tairbhe as freisin, óir cuireann sé ar a gcumas ullmhú ar bhealach níos fearr don tréimhse tar éis na hIdirthréimhse; ag tathant ar an gCoimisiún comhairliúchán poiblí a áirithiú i ndáil leis sin, mar aon le hidirphlé leanúnach le comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta, agus leis na parlaimintí náisiúnta freisin; á chur in iúl gur geal léi cleachtas an Choimisiún i ndáil le faisnéis rialta agus thráthúil a sholáthar don Pharlaimint maidir leis na caibidlíochtaí agus ag dréim leis go leanfar leis an gcleachtas sin, i gcomhréir leis an bhfaisnéis arna comhroinnt leis na Ballstáit;
8. á mheabhrú gur gá go mbeadh aon chomhaontú comhlachais sa todhchaí arna thabhairt i gcrích idir AE agus an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 217 CFAE (‘an Comhaontú’) i ndlúth-chomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
(i)
nach féidir na cearta agus tairbhí céanna a bheith ag tríú tír agus atá ag Ballstát de chuid an Aontais, nó ag comhalta de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) nó de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), agus nach gcomhlíonann sí na hoibleagáidí céanna atá acu;
(ii)
cosaint lán-sláine agus fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus an aontais custaim, doroinnteacht na gceithre shaoirse; go háirithe, go mbeadh leibhéal an chomhair sa cholún eacnamaíoch i gcomhréir leis na gealltanais arna ndéanamh chun saorghluaiseacht daoine a éascú, amhail taisteal saor ó víosaí, saorghluaisteacht taighdeoirí, mac léinn, soláthróirí seirbhíse sealadaí agus taistealaithe gnó, agus comhar i réimse na slándála sóisialta;
(iii)
go gcaomhnófaí neamhspleáchas chinnteoireacht AE;
(iv)
go ndéanfaí dlíchóras AE agus ról CBAE mar an comhlacht deiridh atá freagrach as dlí AE a léirmhíniú i ndáil leis sin a choimirciú;
(v)
go gcloífí go leanúnach le prionsabail dhaonlathacha, le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, mar a shainmhínítear go háirithe i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, in ECHR agus na prótacail a ghabhann leis, i gCairt Shóisialta na hEorpa, i Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus i gconarthaí idirnáisiúnta eile maidir le cearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa, agus le hurraim do phrionsabal an smachta reachta; á mheabhrú, go háirithe, gur cheart don ghaolmhaireacht sa todhchaí a bheith coinníollach ar thiomantas leanúnach AE creat ECHR a urramú;
(vi)
go mbeadh ann do mhachaire comhréidh, lena n-áirítear le haghaidh gnó, lena n-áiritheofaí ardchaighdeáin choibhéiseacha i mbeartais shóisialta, saothair, chomhshaoil agus cosanta tomhaltóirí, sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide mar aon le beartais chánachas, iomaíochta agus Státchabhrach, lena n-áirítear trí chreat stóinsithe agus cuimsitheach maidir le hiomaíocht agus rialú Státchabhrach. Ba cheart an machaire comhréidh sin a ráthú trí shásraí éifeachtacha um réiteach díospóidí agus um fhorfheidhmiú, lena n-áirítear maidir leis an gcaibidil a bhaineann le trádáil agus forbairt inbhuanaithe; á mheabhrú, go háirithe, gur cheart aon chomhaontú sa todhchaí a dhéanamh go hiomlán coinníollach ar urraim do Chomhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’);
(vii)
go mbeadh ann do phrionsabal an réamhchúraim, don phrionsabal go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a leigheas ag an bhfoinse agus don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;
(viii)
go ndéanfaí comhaontuithe AE le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a choimirciú, lena n-áirítear Comhaontú LEE, agus go gcaomhnófaí cothromaíocht fhoriomlán na gcaidreamh sin;
(ix)
go ndéanfaí cobhsaíocht airgeadais AE a choimirciú agus caighdeáin agus córas rialála agus maoirseachta AE, agus a gcur i bhfeidhm a urramú;
(x)
gurbh ann don chothromaíocht cheart idir cearta agus oibleagáidí lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh dá réir;
(xi)
gurbh ann do ráthaíocht go mbeidh toradh ann atá cuí agus cóir do gach Ballstát agus chun leasa ár saoránach;
9. á chur i bhfios go láidir go bhfuil tacaíocht láidir agus sheasmhach na Parlaiminte ag Príomh-Idirbheartaí AE i dtaca le háitiú gur gné bhunriachtanach iad ráthaíochtaí maidir leis an machaire comhréidh in aon chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, mar nach dogmatachas nó idé-eolaíocht ar thaobh AE atá i gceist leis sin ach réamhriachtanas chun comhpháirtíocht uaillmhianach agus chothrom a bhunú leis an Ríocht Aontaithe agus chun iomaíochas an mhargaidh aonair agus chuideachtaí AE a chaomhnú, mar aon le hardleibhéil cosanta sóisialta, comhshaoil agus tomhaltóirí a choinneáil agus a fhorbairt amach anseo;
10. ag tabhairt urraim iomlán, i ndáil leis sin, do cheannasacht na Ríochta Aontaithe, nach bhfuil rún ar bith ag AE an bonn a bhaint uaithi sna caibidlíochtaí reatha; á mheabhrú, áfach, nach mbeidh an Ríocht Aontaithe comhionann choíche le tríú tíortha eile, mar gheall ar a stádas mar iar-Bhallstát de AE, a hailíniú rialála iomlán reatha, agus an méid suntasach trádála idir na páirtithe, mar aon lena gaireacht gheografach don Aontas, lena mínítear an gá atá le forálacha láidre agus stóinsithe maidir le machaire comhréidh a bheith sa chomhaontú;
11. á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE leanúint lena iarrachtaí agus a thiomantas chun comhaontú a chaibidliú, mar a thug sé le fios i gcónaí sa Dearbhú Polaitiúil agus sna treoracha caibidlíochta, maidir leis na codanna seo a leanas: an comhar trádála agus eacnamaíoch, forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, an beartas eachtrach, slándáil agus cosaint, agus réimsí téamacha comhair amhail comhar maidir le forbairt inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh cur chuige réadúil agus réasúnta ann ar an dá thaobh;
12. ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le bheith iomlán ullamh do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón margadh inmheánach agus ón aontas custaim ag deireadh na hIdirthréimhse, gan beann ar thoradh na gcaibidlíochtaí; á chur i bhfáth go mbeidh iarmhairtí níos suntasaí fós ann, mura dtiocfar ar chomhaontú; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil AE ullamh do cheachtar den dá chás;
13. á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, ‘fógraí ullmhachta’ earnáilsonracha an Choimisiúin, a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeidh tionscal AE ullamh don suaitheadh dosheachanta a chruthóidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón margadh inmheánach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a threisiú chun saoránaigh agus gnóthaí AE a chur ar an eolas go hiomlán maidir leis an mbaol go bhféadfadh an idirthréimhse teacht chun deiridh sula dtiocfar ar chomhaontú, ionas go mbeifear in ann ullmhú go leormhaith;
14. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bearta ullmhachta agus teagmhais a mhéadú agus a mhaoiniú go cuí i bhfad roimh dheireadh na hidirthréimhse, go háirithe i gcás ina mbeadh na caibidlíochtaí i sáinn; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na bearta teagmhais sin sealadach agus aontaobhach;
15. ag athdhearbhú a cuid tacaíochta do na treoracha caibidlíochta, ina bhforáiltear nach n-áireofar Giobráltar i raon feidhme críochach na gcomhaontuithe a thabharfar i gcrích idir AE agus an Ríocht Aontaithe, agus go n-éileofar comhaontú roimh ré ó Ríocht na Spáinne le haghaidh aon chomhaontú ar leithligh;
16. ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le forálacha an Phrótacail maidir le Giobráltar a chur chun feidhme i dtaca le hoibrithe trasteorann, cánachas, an comhshaol agus iascach; á iarraidh ar Rialtais na Spáinne agus na Ríochta Aontaithe a áirithiú go gcuirfear an comhar is gá i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin;
17. á mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 132 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, gur féidir leis an gComhchoiste cinneadh a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2020 lena gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse i ndiaidh an 31 Nollaig 2020; ag aithint chinneadh na Ríochta Aontaithe, tar éis an chruinnithe den Chomhchoiste a bhí ar siúl an 12 Meitheamh 2020, gan fadú ar an idirthréimhse a bhreithniú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil AE oscailte i gcónaí d’fhadú den sórt sin;
Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar
18. á mheabhrú gurb é an Comhaontú um Tharraingt Siar, atá ceangailteach ó thaobh dlí, an ionstraim chun na socruithe do tharraingt siar ordúil na Ríochta Aontaithe ó AE a chur chun feidhme, ar tarraingt siar í nach bhfuil faoi réir aon athchaibidlíocht agus gurb é an t-aon chuspóir atá ag Comhchoiste AE-na Ríochta Aontaithe ná formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe; á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll bunriachtanach agus bunghné é cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar chun an mhuinín is gá a áirithiú chun comhaontú a thabhairt i gcrích go rathúil leis an Ríocht Aontaithe agus gur tástáil é ar an meon macánta ar thug an Ríocht Aontaithe gealltanas ina leith i dtaca leis an bpróiseas caibidlíochta;
19. á áitiú go mbeadh dul chun cinn inbhraite le feiceáil a luaithe agus is féidir agus go mbeadh ráthaíochtaí daingne ann go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar chun feidhme go héifeachtach agus ina iomláine roimh dheireadh na hIdirthréimhse; á chur i bhfáth gur cuid lárnach d’obair na Parlaiminte é faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus á athdhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 218(10) CFAE, go gcuirfear an Pharlaimint ar an eolas go hiomlán agus láithreach maidir leis na pléití uile arna reáchtáil agus na cinntí uile arna ndéanamh ag an gComhchoiste, agus go mbeidh sí fós ar a hairdeall agus go bhfeidhmeoidh sí a sainphribhléidí go hiomlán; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, ghealltanas Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh do sheisiún iomlánach na Parlaiminte an 16 Aibreán 2019, mar aon leis na hoibleagáidí arna n-eascairt as Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020; á iarraidh ar chomhchathaoirligh an Chomhchoiste ról gníomhach a thabhairt do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina gcuid pléití;
20. á mheabhrú go ndéantar foráil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar maidir le cosaint chómhalartach do shaoránaigh AE agus na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear daoine dá dteaghlaigh, agus gur cheart go soláthrófaí an fhaisnéis uile is gá dóibh a mhéid a bhaineann lena gcearta agus leis na nósanna imeachta nach mór a leanúint chun leanúint ar aghaidh ag cónaí agus ag obair ina dtír chónaithe nó ag taisteal chuici; á mheabhrú go bhfuil saoránaigh a ndéanfaidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe difear dóibh ag brath ar fhaisnéis thráthúil agus iontaofa maidir lena gcearta agus a stádas agus ag tathant ar na Ballstáit agus ar an Ríocht Aontaithe tosaíocht a thabhairt don ábhar sin; ag tathant ar na Ballstáit cearta shaoránaigh RA atá ina gcónaí san Aontas Eorpach faoin gComhaontú um Tharraingt Siar a urramú agus a chosaint go hiomlán agus an fhaisnéis uile atá ag teastáil uathu a thabhairt dóibh agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt dóibh faoina gcás agus faoina gcearta, lena n-áirítear cé acu scéim chónaithe bhunaitheach nó dhearbhaitheach atá á cur chun feidhme acu;
21. á athdhearbhú go mbeidh sár-tosaíocht fós ag cearta saoránach agus á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici a áirithiú go ndéanfar cearta na saoránach a ráthú faoin gComhaontú um Tharraingt Siar do shaoránaigh AE agus na Ríochta Aontaithe araon agus dá dteaghlaigh; ag tathant ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe a ndícheall a dhéanamh maidir le hardleibhéal ceart soghluaisteachta a bhaint amach sa chomhaontú a bheidh ann amach anseo; á chur in iúl gur oth léi nár léirigh an Ríocht Aontaithe mórán uaillmhéine go dtí seo maidir le soghluaisteacht saoránach, ar bhain an Ríocht Aontaithe agus a saoránaigh mórán tairbhe aisti roimhe seo;
22. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí gur diúltaíodh sochair shóisialta do shaoránaigh AE le stádas réamhlonnaithe sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar bhacainní maorlathais; á chur i bhfios go láidir gurb ionann cásanna mar sin agus idirdhealú míchuí agus go mbíonn iarmhairtí suntasacha acu, go háirithe tráth seo na mór-éiginnteachta eacnamaíche agus sóisialta;
23. á chur i bhfáth go bhfuil fadhbanna suntasacha ag saoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe i dtaca le stádas lonnaithe a fháil, lena n-áirítear mar gheall ar phaindéim COVID-19; á mheas go bhfuil an líon cásanna dár deonaíodh stádas réamhlonnaithe díréireach ard i gcomparáid le líon na gcásanna dár deonaíodh stádas lonnaithe; ag tathant ar Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe a bheith solúbtha i nglacadh leis an bhfianaise arna tabhairt ag iarrthóirí lena dtugtar le fios go raibh cónaí orthu sa tír ar feadh na gcúig bliana arna n-éileamh leis an scéim; á chur in iúl freisin gur cúis bhuartha di nach n-eisítear aon chruthúnas fisiceach do na hiarrthóirí den stádas ar deonaíodh dóibh;
24. á iarraidh ar na páirtithe cur chun feidhme docht an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a áirithiú, óir is réamhchoinníoll é sin chun an comhaontú sa todhchaí a thabhairt i gcrích go rathúil; á mheabhrú gur dearadh agus gur glacadh an Prótacal chun an próiseas síochána a urramú agus chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chaomhnú, lena n-áirithítear nach mbeidh teorainn chrua ann ar oileán na hÉirinn, agus sláine an mhargaidh inmheánaigh á cosaint, agus gur ríthábhachtach é do ghnóthaí, go háirithe earnáil an agraibhia, do chosaint saoránach, don chomhshaol agus do bhithéagsúlacht; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá saorghluaiseacht shaoránaigh AE agus saorghluaiseacht seirbhísí ar oileán na hÉireann chun díobháil don gheilleagar uile-oileánda a theorannú agus gur cheart go gcumhdófaí an tsaincheist sin le comhaontú sa todhchaí; ag tathant ar údaráis na Ríochta Aontaithe a áirithiú nach ndéanfar aon laghdú ar chearta saoránach i dTuaisceart Éireann;
25. á chur in iúl gur cúis bhuartha di ráitis phoiblí Rialtas na Ríochta Aontaithe ina léirítear easpa toil pholaitiúil a ghealltanais dhlíthiúla faoin gComhaontú um Tharraingt Siar a chomhlíonadh go hiomlán, eadhon maidir le seiceálacha ar earraí i Muir Éireann;
26. á mheabhrú go bhfuil sé beartaithe ag Comhchoiste AE-na Ríochta Aontaithe cinntí tábhachtacha a dhéanamh i leith chur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann roimh dheireadh na hIdirthréimhse;
27. á chur in iúl go bhfuil súil aici gur féidir teacht ar chomhaontú idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le gach socrú institiúideach amhail cruthú oifige teicniúla de chuid an Choimisiúin Eorpaigh i mBéal Feirste, cé go bhfuil údaráis na Ríochta Aontaithe tar éis diúltú arís agus arís eile údarú a thabhairt an oifig sin a oscailt; á chur i bhfáth gur gá don Ríocht Aontaithe amchlár mionsonraithe a thíolacadh agus leanúint ar aghaidh leis na bearta riachtanacha, amhail ullmhú i gcomhair chur chun feidhme chód custaim an Aontais agus tabhairt isteach nósanna imeachta custaim le haghaidh earraí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór, agus a áirithiú gur féidir na rialuithe uile SPS a bhfuil gá leo mar aon le seiceálacha rialála eile a dhéanamh i leith earraí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh de AE, ar rud é atá riachtanach freisin chun soiléireacht a chruthú do ghnóthaí;
28. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rialacha dlíthiúla soiléire, cur chun feidhme trédhearcach agus sásraí rialaithe éifeachtacha chun rioscaí córasacha do CBL agus calaois chustaim, gáinneáil (smuigleáil) nó mí-úsáid bhréige eile de chreat dlíthiúil a d’fhéadfadh a bheith doiléir a sheachaint, lena n-áirítear ón riosca méadaithe go mbeadh ann do dhearbhuithe míchearta tionscnaimh agus táirgí nach bhfuil ceaptha don mhargadh inmheánach; á iarraidh ar an gCoimisiún seiceálacha agus rialuithe rialta agus éifeachtúla a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint go tráthrialta maidir le staid an rialaithe teorann;
29. ag tabhairt dá haire go bhfuil an frása ‘má tá aon baol ann go n-aistreofar [earraí] isteach san Aontas’ a úsáidtear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann ag brath ar chinntí a dhéanfaidh an Comhchoiste ina dhiaidh sin agus á áitiú go ndéanfaí na cinntí sin faoi ghrinnscrúdú Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh go gcoimeádfaí í go hiomlán ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail sin agus aon tograí le haghaidh cinntí ón gComhchoiste a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail sin, amhail na critéir shonracha a leagan síos lena measfaí go mbeadh earra ‘faoi riosca’, nó leasú ar aon cheann dá chinntí roimhe sin;
30. á mheabhrú go mbeidh sé d’oibleagáid ar an Ríocht Aontaithe, go dtí deireadh na hIdirthréimhse, ranníocaíocht a dhéanamh, inter alia, i dtaca le maoiniú don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, d’Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála, agus do Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh, agus leis na costais a bhaineann le hoibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC), ina bhfuil sí rannpháirteach;
31. á chur i bhfios go láidir go mbeidh ar an Ríocht Aontaithe gach beart sriantach de chuid AE atá ann cheana nó aon bheart sriantach de chuid AE a chinnfear le linn na hIdirthréimhse a chur chun feidhme, tacú le ráitis agus seasaimh AE i dtríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a bheith rannpháirteach de réir an cháis in oibríochtaí míleata agus misin shibhialta AE arna mbunú faoi CBSC, ach gan aon acmhainneacht cheannais a bheith aici laistigh de Chreatchomhaontú Rannpháirtíochta nua, agus uathriail chinnteoireachta AE agus cinntí agus reachtaíocht ábhartha AE á n-urramú ag an am céanna, lena n-áirítear maidir le soláthar agus aistrithe i réimse na cosanta; á thabhairt le fios go bhfuil an comhar sin ag brath ar dhlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus cearta bunúsacha AE a bheith á gcomhlíonadh go hiomlán;
Comhpháirtíocht eacnamaíoch
Trádáil
32. ag tabhairt dá haire gur roghnaigh an Ríocht Aontaithe a comhpháirtíocht eacnamaíoch agus trádála amach anseo le AE a bhunú ar bhonn ‘Comhaontú Cuimsitheach Saorthrádála’ faoi mar atá leagtha síos sa doiciméad arna fhoilsiú ag Rialtas na Ríochta Aontaithe an 27 Feabhra 2020 dar teideal ‘An Ghaolmhaireacht le AE sa Todhchaí – Cur Chuige na Ríochta Aontaithe i leith na gCaibidlíochtaí’; ag cur béim ar an bhfíoras, cé go bhfuil Parlaimint na hEorpa ag tacú le AE i dtaca le FTA cothrom, uaillmhianach, agus cuimsitheach a chaibidliú go cuiditheach leis an Ríocht Aontaithe, nach mbeidh FTA, de thoradh a nádúir, comhionann choíche le trádáil ‘shaoráideach’; ag aontú leis an seasamh arna leagan amach sna treoracha caibidlíochta, arna ghlacadh go comhpháirteach ag na 27 mBallstát, go mbeadh raon feidhme agus uaillmhian FTA lena n-aontódh AE ag brath ar agus nasctha go díreach le haontú na Ríochta Aontaithe le forálacha a bhainfeadh leis an machaire comhréidh a bheadh cuimsitheach, ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe, i bhfianaise na méide, na gaireachta geografaí, an idirspleáchais eacnamaíoch agus na nascachta eacnamaíche, chomhtháthú na margaí, agus ar chomhaontú maidir le hiascach a bheith tugtha i gcrích chomh maith, mar chuid lárnach den chomhpháirtíocht; á athdhearbhú nach féidir aon chomhaontú trádála a thabhairt i gcrích idir AE agus an Ríocht Aontaithe, mura n-áireofar comhaontú iascaigh ann a bheidh iomlán, inbhuanaithe, cothrom agus fadtéarmach, lena gcloífear le leanúint ar aghaidh faoi dhálaí optamacha le rochtain ar uiscí, acmhainní agus margaí atá ann cheana, i gcomhréir le prionsabail an chomhbheartais iascaigh (CFP) agus arna ghlacadh roimh dheireadh na hIdirthréimhse;
33. ag tabhairt dá haire, d’ainneoin a mhaíonn an Ríocht Aontaithe, eadhon go bhfuil sí ag brath ar fhasaigh arb ann dóibh cheana, go dtéann roinnt moltaí i ndréacht-tograí reachtacha na Ríochta Aontaithe i bhfad thar an méid atá caibidlithe ag AE in FTAnna eile le tríú tíortha le blianta beaga anuas, mar shampla i réimse na seirbhísí airgeadais, aitheantas frithpháirteach de cháilíochtaí gairmiúla agus measúnú comhréireachta, comhionannas an chórais SPS, nó carnadh rialacha tionscnaimh; ag tacú le córas carntha déthaobhach, arb é an córas is iomchuí é, ós rud é go mbaineann sé le tacú le comhtháthú idir AE agus an Ríocht Aontaithe, seachas le tríú tíortha lena bhfuil FTAnna tugtha i gcrích ag AE, agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásra ad hoc i gcoinne rioscaí “babhtála”(14);
34. á chur in iúl gur oth léi go mór, i ndáil leis sin, gur dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe go dtí seo plé a dhéanamh, d’ainneoin an ghealltanais a thug sí sa Dearbhú Polaitiúil, mar shampla faoi sholáthar poiblí, iompar muirí agus cosaint tásc geografach (GInna) a bheidh ann sa todhchaí, go háirithe toisc gur chuir an Ríocht Aontaithe cuid de na hábhair sin san áireamh ina sainorduithe caibidlíochta leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSeapáin; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, nár thíolaic an Ríocht Aontaithe togra maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go dtí seo;
35. á mheabhrú gur coinníoll bunriachtanach é an gealltanas leanúnach comhroinnte maidir le cuspóir cuótaí nialais agus taraifí nialais don ghaolmhaireacht trádála chun comhaontú a thabhairt i gcrích go tráthúil taobh istigh den amlíne an-ghairid a d’fhorchuir an Ríocht Aontaithe féin ar na caibidlíochtaí seo, go háirithe ós rud é gur léiríodh le taithí roimhe seo go bhféadfadh na blianta a bheith i gceist le caibidliú de réir na líne taraife; á chur in iúl gur cúis bhuartha di rún Rialtas na Ríochta Aontaithe bogadh ón gcuspóir sin; á thabhairt chun suntais go ndéanfaí an difear is mó d’earraí talmhaíochta, ós rud é go ndéantar difear don earnáil sin de ghnáth le línte taraife neamhnialasacha a bhíonn fágtha in FTAnna; á athdhearbhú i ndáil leis sin, gan beann ar línte taraife 100% nó níos lú a bheith scriosta, nach ndéanfar éileamh AE maidir le coinníollacha stóinsithe i dtaca le machaire comhréidh a athrú; á athdhearbhú nach mór go gcaomhnófaí caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus fostaíochta ar ardleibhéil choibhéiseacha le himeacht ama sna forálacha maidir leis an machaire comhréidh, ag brath ar chaighdeáin iomchuí agus ábhartha AE agus idirnáisiúnta, agus ag cur sásraí iomchuí san áireamh chun cur chun feidhme intíre éifeachtach a áirithiú, agus go n-áireofaí creat stóinsithe agus cuimsitheach iontu le haghaidh iomaíochta agus rialú státchabhrach lena gcuirfí cosc ar shaobhadh míchuí trádála agus iomaíochta seachas tagairt d’fhóirdheontais amháin, mar atá á dhéanamh ag an Ríocht Aontaithe, ar an drochuair;
36. ag tabhairt spreagadh don Choimisiún, i ndáil leis sin, an móiminteam atá cruthaithe ag na caibidlíochtaí seo a thapú chun iomaíochas a fheabhsú do chuideachtaí agus FBManna Eorpacha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an gcomhaontú lamháil do rochtain ar an margadh agus éascú trádála chomh dlúth agus is féidir, ionas go ndéanfar íoslaghdú ar shuaití trádála; ag tabhairt spreagadh do na Páirtithe pointí teagmhála do FBManna a chur ar bun agus á iarraidh, ar an iomlán, go mbeadh creat dlíthiúil cobhsaí, trédhearcach agus intuartha ann nach ndéanfaí ualach míréireach a fhorchur ar FBManna leis;
37. á chur i bhfáth, ionas go gcuirfidh FTA leasanna AE chun cinn i ndáiríre, gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na caibidlíochtaí na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach, faoi mar a leagtar síos i rún ón bParlaimint an 12 Feabhra 2020, go háirithe mír 14 de, a bhfuil a cuid forálacha fós go hiomlán bailí; ag cur béim ar an bhfíoras, sa bhreis air sin, gur cheart na nithe seo a leanas a chumhdach:
(i)
rochtain chomhthairbheach ar an margadh d’earraí, do sheirbhísí, do sholáthar poiblí, d’aithint cáilíochtaí gairmiúla agus do rialacha táirgí; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, an gá atá le slabhraí luacha cobhsaí, iontaofa agus inbhuanaithe;
(ii)
ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le clásail choimirce chun sláine agus cobhsaíocht mhargadh inmheánach AE a chosaint amhail ó bhorradh gan choinne ar allmhairí, calaois agus dul timpeall ar bhearta cosanta trádála;
(iii)
ba cheart do ghealltanais maidir le bearta frithdhumpála agus frithchúitimh dul thar rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) sa réimse sin, de réir mar is iomchuí, agus gealltanais agus deiseanna forfheidhmithe maidir le hiomaíocht agus státchabhair;
(iv)
ba cheart go rachfaí i ngleic le bacainní gan údar ar thrádáil le rialacha maidir le forbairt agus éascú trádála digití trí mhodhanna leictreonacha, lena n-áirítear ceanglais logánaithe sonraí, ba cheart go gcaomhnófaí neamhspleáchas rialála AE leo, agus ba cheart timpeallacht ar líne a áirithiú leo a bheidh oscailte, slán agus iontaofa do ghnóthaí agus tomhaltóirí, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh miondíoltóirí ar líne na Ríochta Aontaithe rialacha ábhartha an mhargaidh inmheánaigh agus ar an gcoinníoll go soláthróidh an Ríocht Aontaithe leibhéal cosanta atá coibhéiseach, go bunúsach, leis an leibhéal a sholáthraítear le creat dlíthiúil AE, lena n-áirítear maidir le haistrithe ar aghaidh chuig tríú tíortha;
(v)
ba cheart go mbeadh aon bhearta SPS bunaithe ar mheasúnuithe riosca, le lán-urraim do phrionsabal an réamhchúraim;
(vi)
níl cosaint GInna arna cumhdach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar inchaibidle; ba cheart don chomhaontú sa todhchaí GInna a chlárófar tar éis dheireadh na hIdirthréimhse a chosaint agus a chaomhnú freisin;
(vii)
díolmhuithe stuamachta stóinsithe a áireamh, ionas go ráthófar na cearta atá ag an dá pháirtí go dlíthiúil i ndáil le rialáil ar mhaithe le leas an phobail;
(viii)
á mheabhrú gur cheart na hiarmhairtí a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE maidir le comhionannas inscne a chur san áireamh, lena n-áirítear trí mhachaire comhréidh a áirithiú do ghníomhaíochtaí AE lena gcosnaítear agus lena gcuirtear chun cinn ról na mban sa gheilleagar, mar shampla maidir le bearta a dhéanann an bhearna phá idir na hinscní a chomhrac;
(ix)
comhpháirtíocht lena mbaintear amach spriocanna aeráide fadteármacha;
(x)
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na hullmhúcháin agus na réamhchúraimí go léir is gá a dhéanamh don chás ina rachadh an Comhaontú um Tharraingt Siar in éag gan comhaontú maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí, agus go háirithe an caidreamh trádála agus eacnamaíoch, a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020, lena n-áirítear bearta teagmhais chun an díobháil d’oibrithe agus fiontair a ndéanfar difear dóibh a laghdú a mhéid is féidir;
(xi)
á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun an tionchar ar thríú tíortha, ar comhpháirtithe trádála de chuid an Aontais iad, a laghdú, go háirithe tíortha atá i mbéal forbartha, i gcás nach féidir teacht ar chomhaontú leis an mBreatain, mar d’fhéadfadh sé gurbh ionann allmhairí Briotanacha agus sciar mór dá n-onnmhairí chuig an Aontas Eorpach;
Machaire comhréidh
38. á chur in iúl gur oth léi seasamh caibidlíochta na Ríochta Aontaithe le AE i dtaca le gan páirt a ghlacadh go dtí seo i gcaibidlíochtaí mionsonraithe maidir leis an machaire comhréidh; á chur i bhfios nach léiriú é an seasamh sin ar mhír 77 den Dearbhú Polaitiúil arna shíniú ag AE agus an Ríocht Aontaithe; ag tathant ar Rialtas na Ríochta Aontaithe, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh go práinneach ar a sheasamh caibidlíochta agus dul i mbun na gcaibidlíochtaí maidir leis an machaire comhréidh ar bhealach tairbheach ós rud é gur coinníoll riachtanach é chun go dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú do chomhaontú trádála leis an Ríocht Aontaithe;
39. á athdhearbhú, i bhfianaise ghaireacht gheografach na Ríochta Aontaithe le AE agus a spleáchas eacnamaíoch ar AE, go mbeidh géarghá le leithead agus doimhneacht an chomhaontaithe maidir le machaire comhréidh chun méid foriomlán na gaolmhaireachta sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe a chinneadh; á mheas, dá bhrí sin, gur gá foráil a dhéanamh do mhachaire comhréidh atá iomchuí i ndáil le leibhéal uaillmhéine agus léirscaoilte an Chomhaontaithe le haghaidh cóineasú rialála atá i gcomhréir leis an Dearbhú Polaitiúil, agus gur gá caighdeáin AE a choimirciú mar choinníoll chun ‘sodar go grinneall’ a sheachaint, mar aon le bearta a ndéanfadh difear díobhálach gan údar agus míréireach do shreafaí trádála, d’fhonn ailíniú dinimiciúil a bhaint amach; lena n-áirítear do státchabhair; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú nach bhfaighidh an Ríocht Aontaithe buntáiste iomaíochta éagórach trí leibhéil chosanta a laghdú agus arbatráiste rialála arna dhéanamh ag oibreoirí margaidh a chosc;
40. á mheabhrú í a bheith diongbháilte cosc a chur le haon chineál ‘dumpála’ faoi chuimsiú na gaolmhaireachta sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe; á chur i bhfios gurb é príomhthoradh na caibidlíochta machaire comhréidh a ráthú chun iomaíochas, ardchaighdeáin shóisialta agus inbhuanaitheachta a chaomhnú, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus cearta saoránach agus oibrithe sa todhchaí trí ghealltanais láidre, forálacha infheidhmithe agus clásail neamh-chúlchéimnithe d’fhonn ailíniú dinimiciúil a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
(i)
iomaíocht agus státchabhair, agus aon bhearta eile rialála ghinearálta nó earnála lenar cheart saobhadh míchuí ar thrádáil agus ar iomaíocht a chosc agus go n-áireofaí forálacha maidir le fiontair faoi úinéireacht an stáit, lena n-áirítear forálacha maidir le bearta chun tacú le táirgeadh talmhaíochta;
(ii)
ábhair ábhartha chánach lena n-áirítear an comhrac in aghaidh imghabháil cánach, seachaint cánach agus sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta chomh maith le seirbhísí airgeadais;
(iii)
lánurraim do chaighdeáin shóisialta agus saothair mhúnla sóisialta AE (lena n-áirítear leibhéil choibhéiseacha chosanta agus coimircí i gcoinne dumpáil shóisialta), ar na hardleibhéil reatha arna soláthar ag na caighdeáin choiteanna atá ann cheana ar a laghad;
(iv)
caighdeáin a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus leis an athrú aeráide, tiomantas leanúint de Chomhaontú Pháras a chur chun feidhme go héifeachtach, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) a chur chun cinn;
(v)
ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, lena n-áirítear cáilíocht sláintíochta táirgí in earnáil an bhia;
(vi)
forbairt inbhuanaithe;
41. á chur i bhfios gur cheart go n-áiritheofaí leis na forálacha seo nach n-ísleofar caighdeáin, agus go ndéanfaí AE agus an Ríocht Aontaithe a chumhachtú chun a ngealltanais a mhodhnú i gcaitheamh na haimsire chun caighdeáin níos airde a leagan síos nó réimsí breise a chur san áireamh agus prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais á gcomhlíonadh go hiomlán; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart gealltanais agus forálacha a bheith in-fhorfheidhmithe trí bhearta idirthréimhseacha uathrialacha, sásra socraithe díospóidí stuama a chuimsíonn gach réimse agus leigheas, lena n-áirítear maoirseacht bhreithiúnach chun an cumas a thabhairt do AE smachtbhannaí a ghlacadh mar rogha dheiridh, lena n-áirítear i ndáil le forbairt inbhuanaithe d’fhonn ailíniú dinimiciúil a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear sásra cothrománach le machaire comhréidh, amhail creat rialachais foriomlán a chuimsíonn gach réimse comhair;
42. ag cur béim go háirithe ar na clásail neamh-chúlchéimnithe sna réimsí seo a leanas: (i) cearta bunúsacha ag an obair; (ii) caighdeáin sábháilteachta agus sláinte ceirde; (iii) dálaí oibre agus caighdeáin fostaíochta chothroma; (iv) cearta faisnéise agus comhairliúcháin ar leibhéal na cuideachta; agus (v) athstruchtúrú;
43. á mheas gur cheart an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, stop a chur le cailleadh bithéagsúlachta agus é a thiontú thart, forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, an comhshaol agus saincheisteanna sláinte móra a bheith ina ngnéithe bunriachtanacha den chomhpháirtíocht bheartaithe; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún gealltanas uaidh ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip i ndáil le gné bhunriachtanach de gach comhaontú cuimsitheach saorthrádála a dhéanamh den urraim do Chomhaontú Pháras;
44. á chur i bhfáth nach leor ‘clásal so-athraitheachta’ le haghaidh leibhéil chosanta sa todhchaí, mar nach ndéantar foráil leis do mhachaire comhréidh ná do dhreasachtaí chun leibhéil uaillmhéine a ardú, agus á mheas, dá ndéanfadh AE nó an Ríocht Aontaithe a leibhéal cosanta aeráide nó comhshaoil a ardú, gur cheart go n-áiritheodh an páirtí eile go ndéanfaí leibhéal coibhéiseach cosanta aeráide nó comhshaoil a sholáthar leis na caighdeáin agus spriocanna atá aige;
45. á chreidiúint go láidir gur cheart don Ríocht Aontaithe cloí leis na caighdeáin i dtaca le cánachas agus le reachtaíocht i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta atá ag teacht chun cinn laistigh d’acquis AE, agus ar fud an domhain, lena n-áirítear trédhearcacht cánach, malartú faisnéise maidir le hábhair chánach agus bearta i gcoinne seachaint cánach chun comhar frithpháirteach torthúil agus iontaoibh-bhunaithe a áirithiú agus gur cheart di aghaidh a thabhairt ar an riocht ina bhfuil a Críocha Thar Lear, a Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus Spleách-chríocha na Corónach agus a mhéid a chomhlíonann siad critéir AE i ndáil le dea-rialachas agus ceanglais trédhearcachta, go háirithe maidir le faisnéis chánach a mhalartú, trédhearcacht cánach, cánachas cóir, bearta seachanta frithchánach agus ar chaighdeáin ECFE i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis; á iarraidh, thairis sin, ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe cloí le caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais; á mheabhrú, maidir le Giobráltar, gur ann do na treoracha caibidlíochta agus na forálacha a leagtar amach i ndréacht-téacs dlíthiúil AE;
46. ag athdhearbhú an gá atá le hardchaighdeáin, inrianaitheacht shoiléir, seirbhísí cigireachta ar ardchaighdeán agus machaire comhréidh a choinneáil i réimse na dtáirgí íocshláinte, na bhfeistí leighis, na sábháilteachta bia agus an lipéadaithe, sláinte ainmhithe agus plandaí, leas ainmhithe agus i mbeartais agus caighdeáin tréidliachta, fíteashláintíochta agus chomhshaoil;
47. á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú, maidir leis na prionsabail agus na huirlisí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo faoi chuimsiú bheartais shóisialta, chomhshaoil agus aeráide AE (e.g bearta frithdhumpála, beartas tionsclaíoch Eorpach, reachtaíocht éigeantach díchill chuí, tacsanomaíocht AE le haghaidh infheistíocht inbhuanaithe, an prionsabal gan aon dochar suntasach a dhéanamh, an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais), nach féidir iad a dhíospóid go dlíthiúil faoi phrionsabal AE-RA-CST agus i gcomhaontuithe trádála amach anseo;
Saincheisteanna earnálacha ar leith agus comhar téamach
An margadh inmheánach
48. á chur i bhfáth go n-éilítear le rochtain ar mhargadh inmheánach AE, mar réamhchoinníoll, go bhfuil reachtaíocht AE a bhaineann leis an margadh inmheánach á comhlíonadh go hiomlán;
49. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ailíniú dinimiciúil rialála agus forálacha lena n-áirithítear faireachas láidir margaidh a chuidíonn leis na rialacha maidir le táirgí a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear iad siúd maidir le sábháilteacht táirgí agus inrianaitheacht, agus a áirithíonn cinnteacht dhlíthiúil do ghnóthaí AE mar aon le leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí AE, ina gcuid bunriachtanach agus neamh-inathraithe d’aon chomhaontú amach anseo atá dírithe ar mhachaire comhréidh a áirithiú;
50. á mheabhrú, i gcás ar bith, go mbeidh seiceálacha agus fíorú custaim mar thoradh ar chomhaontú nua sula rachaidh earraí isteach sa mhargadh inmheánach agus á áitiú go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbíonn earraí ag comhlíonadh rialacha an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú;
51. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlúthchomhar struchtúrtha a choinneáil maidir le hábhair rialála agus mhaoirseachta, ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil, agus córas rialála agus uathriail chinnteoireachta AE á n-urramú;
52. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé socruithe cómhalartacha a áirithiú chun cáilíochtaí agus dioplómaí a aithint agus ag spreagadh an dá pháirtí agus comhlachtaí agus údaráis ghairmiúla go háirithe chun tuilleadh moltaí comhpháirteacha a fhorbairt agus a sholáthar maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, go háirithe i gcomhthéacs na Comhairle Comhpháirtíochta;
Seirbhísí airgeadais
53. den tuairim gur cheart go mbeadh forálacha sonracha maidir le comhar idir na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha agus údaráis mhaoirseachta airgeadais na Ríochta Aontaithe san áireamh sa chomhaontú amach anseo chun ailíniú rialála a chothú, cúiseanna imní maoirseachta agus dea-chleachtais a roinnt, chomh maith le leibhéal rianúil comhair a áirithiú agus margaí caipitil comhtháite a chothabháil;
54. á mheabhrú, a mhéid a bhaineann le cearta i dtaca le nós imeachta an phas, atá bunaithe ar aithint fhrithpháirteach agus rialacha stuamachta comhchuibhithe agus cóineasú faireacháin sa mhargadh inmheánach, nach mbeidh feidhm acu a thuilleadh idir AE agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh na hIdirthréimhse, toisc gur tríú tír a bheidh sa Ríocht Aontaithe; á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeidh rochtain ar an margadh airgeadais Eorpach ina dhiaidh sin bunaithe ar chreat coibhéise uathrialaithí AE; á mheabhrú, áfach, gur teoranta raon feidhme cinntí coibhéise;
55. á thabhairt chun suntais go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar choibhéis rialacháin airgeadais na Ríochta Aontaithe agus nach ndéanfar coibhéis a dheonú ach amháin má bhíonn córas agus caighdeáin rialála agus mhaoirseachta na Ríochta Aontaithe lánchoibhéiseach le córas agus caighdeáin AE: á iarraidh go ndéanfar an measúnú sin chomh luath agus is féidir chun gealltanas an Dearbhaithe Pholaitiúil a chomhlíonadh; á mheabhrú gur féidir le AE stádas na coibhéise a tharraingt siar go haontaobhach uair ar bith;
56. á mheabhrú go ndéantar líon suntasach díorthach arna sloinneadh in euro a imréiteach sa Ríocht Aontaithe agus go bhféadfadh sé sin impleachtaí a bheith aige don Aontas Eorpach i dtaobh cobhsaíocht airgeadais;
Custaim
57. ag tabhairt dá haire go bhfuil de rún ag an Ríocht Aontaithe nach bhféachfar le leanúint lena stádas reatha maidir leis an margadh inmheánach agus leis an aonad custaim; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sláine an aontais custaim agus a nósanna imeachta a chaomhnú, ar ní é lena ndéanfar sábháilteacht agus cosaint na dtomhaltóirí agus leasanna airgeadais AE agus ghnóthais AE a ráthú. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht níos mó a bheith déanta i saoráidí rialaithe custaim ag pointí idirthurais comhchoiteanna ag na comhtheorainneacha agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, tuilleadh comhoibrithe agus malartaithe faisnéise lena chéile agus an fhéidearthacht a bheith san áireamh oifig bhuan AE a bheith i dTuaisceart Éireann a bheidh ag déileáil le comhlíonadh custaim;
58. á thabhairt chun suntais gur cheart le haon chomhaontú a bheidh ann amach anseo go mbunófaí sásraí comhair custaim cuimsitheacha chun trádáil trasteorann chomh maith le sásraí comhair a éascú idir na húdaráis chustaim agus faireachais margaidh; á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, oibriú i dtreo simpliú riachtanas agus foirmiúlachtaí maidir le nósanna imeachta custaim do thrádálaithe nó d’oibreoirí, lena n-áirítear FBManna
59. á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE agus don Ríocht Aontaithe a ndícheall leibhéal ard cóineasaithe a gcuid reachtaíochta agus cleachtas custaim a choinneáil d’fhonn go n-áiritheofaí rialuithe agus imréitigh chustaim éifeachtacha, reachtaíocht chustaim a fhorfheidhmiú agus go gcosnófaí leasanna airgeadais na bpáirtithe a bhfuil sé d’acmhainn acu cánacha agus dleachtanna míchuí a ghnóthú, mar aon le bearta chun sáruithe córasacha ar an reachtaíocht chustaim is infheidhme a choimirciú;
60. á thabhairt chun suntais go mbeadh sé an-inmhianaithe don Ríocht Aontaithe an t-aicmiú táirgí reatha a choinneáil bunaithe ar Tharaif Chomhtháite na gComhphobal Eorpach (TARIC) chun nósanna imeachta a choinneáil simplithe agus chun an t-ualach rialála a laghdú;
Beartas tomhaltóirí
61. á chur i bhfáth go gcaithfidh an dá pháirtí in aon chomhaontú amach anseo caighdeáin chosanta tomhaltóirí agus cearta shaoránaigh AE faoi acquis AE a chaomhnú; á chreidiúint gur cheart don Chomhaontú breisluach a áirithiú do thomhaltóirí AE tríd an gcreat is fearr a sholáthar chun cearta tomhaltóirí a chosaint agus chun oibleagáidí trádálaithe a fhorfheidhmiú;
62. á mheas go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach sábháilteacht na dtáirgí a allmhairítear ón Ríocht Aontaithe a ráthú ar bhealach a fhreagródh do chaighdeáin AE;
63. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar rialála agus riaracháin a ghabhann le maoirseacht pharlaiminteach agus gealltanais neamh-chúlchéimnithe, i gcás inarb ábhartha agus iomchuí, chun dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus chun cuspóirí ar leas an phobail a shaothrú, chun leasanna thomhaltóirí AE a chosaint, lena n-áirítear timpeallacht shlán agus iontaofa a áirithiú do thomhaltóirí agus do ghnóthaí ar líne, chomh maith le cleachtais éagóracha tráchtála a chomhrac
Iascach
64. á athdhearbhú nach féidir aon chomhaontú cuimsitheach a thabhairt i gcrích idir AE agus an Ríocht Aontaithe, mura n-áireofar comhaontú ann a bheidh iomlán, cothrom agus fadtéarmach maidir le hiascach agus ábhair a bhaineann le hiascach, lena gcloífear le leanúint ar aghaidh faoi dhálaí optamacha le rochtain ar uiscí, acmhainní agus margaí na bpáirtithe lena mbaineann, mar aon leis na gníomhaíochtaí iascaireachta atá ann cheana;
65. á mheabhrú go mbainfear amach an tairbhe frithpháirteach is fearr is féidir trí éiceachórais chomhroinnte a chosaint agus trína saothrú a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe, trí rochtain chómhalartach ar uiscí agus acmhainní iascaigh atá ann cheana a chaomhnú agus é mar aidhm leis sin gníomhaíochtaí iascaireachta atá ann cheana a chaomhnú, agus trí phrionsabail agus rialacha comhchoiteanna, stuama, soiléire agus cobhsaí a shainiú, lena gcumasófar rochtain oscailte fhrithpháirteach ar mhargaí do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe gan teannas eacnamaíoch nó sóisialta a chruthú trí iomaíocht éagothrom; á áitiú go bhfuil gá le creat uileghabhálach rialachais chun a áirithiú go bhféadfadh aon sáruithe ar fhorálacha a bhaineann le rochtain chómhalartach ar uiscí agus ar acmhainní a bheith faoi réir smachtbhannaí, lena n-áirítear taraifí fabhracha d’earraí na Ríochta Aontaithe a chur ar fionraí i margadh AE;
66. á chur i bhfáth gur gá go n-áireofar na céatadáin dáilte sa Chomhaontú, ar céatadáin iad a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair ar na stoic a bheidh le roinnt idir an dá pháirtí in Iarscríbhinn FISH-2 (Leithdháileadh deiseanna iascaireachta), i gcomhréir le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta atá i bhfeidhm;
67. á iarraidh ar na páirtithe cloí leis na scaireanna cuótaí atá ann cheana agus le dáileadh cobhsaí agus leanúnach na gceart iascaireachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bainistiú fadtéarmach acmhainní bunaithe ar chomhlíonadh phrionsabail CBI, amhail an uastairgeacht inbhuanaithe (MSY) agus bearta teicniúla, a uirlisí bainistíochta réigiúnacha amhail na Pleananna Ilbhliantúla don Mhuir Thuaidh agus Uiscí an Iarthair, agus an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, arb acmhainní iad a rannchuidigh go dtí seo staid na stoc éisc chun tairbhe chabhlaigh Bhallstáit AE agus na Ríochta Aontaithe araon;
68. á chur i bhfáth nach mór go n-áiritheofaí sa Chomhaontú go mbeadh bearta teicniúla nó limistéir mhuirí faoi chosaint cómhalartach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus nárbh ionann iad agus caoi de facto le hárthaí AE a choinneáil amach as uiscí na Ríochta Aontaithe; á áitiú nach féidir leibhéal chaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta AE a laghdú leis an gComhaontú;
69. ag tathant ar an gCoimisiún forálacha maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (NNN) a chosc agus a chomhrac laistigh d’uiscí AE agus na Ríochta Aontaithe;
70. á chur i bhfáth gur gá sásraí comhair agus comhairliúcháin leormhaithe, cur chuige eolaíoch comhchoiteann, agus ráthaíochtaí go leanfaidh an Ríocht Aontaithe le rannchuidiú le bailiú sonraí agus measúnú eolaíoch ar stoic mar bhonn do chinntí amach anseo do bhainistiú iascaigh comhpháirteach i ngach imchuach farraige comhroinnte; ag tathant ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe leanúint ar aghaidh lena gcomhar gníomhach agus dílis in ábhair a bhaineann le rialú iascaireachta agus leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht NNN;
Cearta na Saoránach agus Saorghluaiseacht Daoine
71. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil cinneadh déanta ag an Ríocht Aontaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag prionsabal na saorghluaiseachta daoine idir AE agus an Ríocht Aontaithe tar éis na hIdirthréimhse; á áitiú gur gá forálacha uaillmhianacha maidir le gluaiseacht daoine a chur san áireamh sa chomhpháirtíocht amach anseo, forálacha a bheidh bunaithe ar chómhalartacht iomlán agus neamh‑idirdhealú i measc na mBallstát; á athdhearbhú go gcaithfidh rochtain na Ríochta Aontaithe ar an margadh inmheánach a bheith i gcomhréir leis na gealltanais a tugadh chun soghluaisteacht daoine a éascú; á chur i bhfáth nár cheart bacainn throm riaracháin nó airgeadais a bheith mar thoradh ar an gcóras trasnaithe teorann;
72. á chur i bhfáth gur gá aird ar leith a thabhairt ar riachtanais leanaí a thagann ó theaghlaigh mheasctha nach bhfuil ach duine amháin de na tuismitheoirí ina shaoránach de chuid AE, agus sásraí iomchuí dlí a sholáthar chun díospóidí idir tuismitheoirí a réiteach, mar shampla i gcás colscaradh;
73. á mheas gur cheart comhaontuithe soghluaisteachta, lena n-áirítear taisteal saor ó víosa le haghaidh gearrfhanachtaí, a bheith bunaithe ar neamh-idirdhealú i measc Bhallstáit AE agus ar chómhalartacht iomlán, agus gur cheart go n-áireofaí iontu acquis AE maidir le soghluaisteacht, na rialacha maidir le postáil oibrithe agus maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta;
74. á mheas, maidir le códú breise chearta na saoránach trí fhorálacha atá ceangailteach ó thaobh dlí de, nach foláir go mbeadh sé sin ina chuid dhílis den téacs de chomhaontú sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe; á mheas nach mór go n-áireofaí staid oibrithe trasteorann leis an méid sin, ar cheart a saoirse gluaiseachta a ráthú, bunaithe ar neamh-idirdhealú agus cómhalartacht; á iarraidh go ndéanfar a mheas gur cheart go ndéanfaí rialáíl níos fearr ar na coinníollacha iontrála agus fanachta chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais, obair au pair agus seirbhíse deonaí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach mar chuid den chomhaontú sa todhchaí agus nach bhfágfaí iad faoi rialáil intíre; á mheabhrú gur léirigh géarchéim COVID-19 an spleáchas atá ag earnálacha ríthábhachtacha sa Ríocht Aontaithe, amhail sláinte phoiblí nó talmhaíocht, ar oibrithe AE, lena n-áirítear an lucht saothair séasúrach;
Comhordú saothair, soghluaisteachta agus slándála sóisialta
75. á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil gealltanas Rialtas na Ríochta Aontaithe comhlíonta aige go fóill i dtaca le Bille Fostaíochta nua agus ag tathant ar an Ríocht Aontaithe é sin a dhéanamh roimh dheireadh na hidirthréimhse; ag tagairt ina leith seo go háirithe do ghníomhartha reachtacha AE a glacadh le déanaí a bhfuil a spriocdhátaí trasuímh ann le linn na hidirthréimhse; á chur i bhfáth go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach aon bhearnaí a sheachaint sa chás nach gcosnaítear cearta oibrithe le dlí reatha AE ná le Bille Fostaíochta na Ríochta Aontaithe;
76. á mheabhrú an tábhacht a bhaineann le cearta slándála sóisialta na ndaoine lena mbaineann a chaomhnú i ngach gné; á iarraidh ar idirbheartaithe an Chomhaontaithe tosaíocht a thabhairt do chearta na saoránach sin maidir le comhordú slándála sóisialta ar gach bealach agus foráil a dhéanamh maidir le rialacha comhordaithe slándála sóisialta a chur i bhfeidhm go leanúnach i ngach caibidil;
77. á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhfuil forálacha speisialta ann le haghaidh sochair dhífhostaíochta d’oibrithe trasteorann agus teorann, agus dá bhrí sin ag tabhairt spreagadh do AE agus don Ríocht Aontaithe forálacha cuí a fhiosrú maidir le sochair dhífhostaíochta le haghaidh oibrithe trasteorann agus teorann;
78. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhaontú dinimiciúil a bheith ann maidir le comhordú slándála sóisialta; á chur i bhfáth nach mór go n-áireofaí cearta i bhforálacha an chomhaontaithe deiridh maidir le saorghluaiseacht daoine, ar cearta iad a bheadh láidir agus ar cóimhéid maidir le comhordú slándála sóisialta i gcomhréir leis an Dearbhú Polaitiúil;
Cosaint sonraí
79. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cosaint sonraí mar cheart bunúsach agus mar phríomhchumasóir araon don gheilleagar digiteach; ag tabhairt dá haire de réir chásdlí CBAE, chun go bhféadfaidh an Coimisiún leormhaitheas chreat cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe a dhearbhú, nach mór dó a léiriú go gcuireann an Ríocht Aontaithe leibhéal cosanta ar fáil atá “coibhéiseach go bunúsach” leis an leibhéal cosanta a thairgtear le creat dlithiúil AE, lena n-áirítear maidir le sonraí a aistriú ar aghaidh chuig tríú tíortha;
80. á mheabhrú go bhforáiltear le hAcht um Chosaint Sonraí na Ríochta Aontaithe do dhíolúine ghinearálta agus leathan ó na prionsabail cosanta sonraí agus ó chearta na n-ábhar sonraí i leith sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch inimirce; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fíoras, nuair a dhéantar sonraí ó shaoránaigh nach saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe iad a phróiseáil faoin díolúine sin, nach gcosnaítear iad ar an gcaoi chéanna le saoránaigh na Ríochta Aontaithe agus go mbeadh sé i gcoinbhleacht le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15); den tuairim nach ndéanann creat dlíthiúil na Ríochta Aontaithe maidir le sonraí leictreonacha teileachumarsáide a choinneáil coinníollacha acquis ábhartha AE a chomhlíonadh de réir mar atá léirmhínithe ag CBAE, agus nach ndéanann sé, dá bhrí sin, na coinníollacha maidir le leormhaitheas a chomhlíonadh faoi láthair;
81. ag cur béim agus ag tacú leis an gcomhpháirtíocht sa todhchaí a mbeidh mar bhonn taca faoi gealltanais chun cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear cosaint leormhaith ar shonraí pearsanta atá mar choinníoll riachtanach don chomhar beartaithe agus tríd an gcomhaontú forfheidhmithe dlí a fhionraí dá ndéanfadh an Ríocht Aontaithe an dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht do ECHR a aisghairm; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar chreat dlí na Ríochta Aontaithe agus a leormhaitheas faoi dlí á measúnú. á mholadh go gcuirfí san áireamh cásdlí CBAE sa réimse sin, amhail cás Schrems mar aon le cásdlí ECHR;
82. ag glacadh an tseasaimh, mura dtugann an Ríocht Aontaithe gealltanas sainráite go ndéanfaidh sí ECHR a fhorfheidhmiú agus mura nglacfaidh sí le ról CBAE, nach mbeifí in ann teacht ar chomhaontú maidir le comhar breithiúnach agus póilíneachta in ábhair choiriúla; á chur in iúl gurb oth léi gur dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe go dtí seo ráthaíochtaí daingne a sholáthar maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí aonair agus gur áitigh sí go ndéanfaí na caighdeáin reatha a laghdú agus go n-imeofaí ó shásraí comhaontaithe cosanta sonraí, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as ollfhaireachas;
83. á iarraidh ar an gCoimisiún na gnéithe thuasluaite a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar leormhaitheas chreat dlíthiúil na Ríochta Aontaithe a mhéid a bhaineann le leibhéal cosanta sonraí pearsanta, agus a áirithiú go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe na fadhbanna arna sainaithint sa rún seo a réiteach sula bhféadfar a dhearbhú go bhfuil dlí cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe i gcomhréir go leormhaith le dlí AE faoi mar atá léirmhínithe ag CBAE ; á iarraidh ar an gCoimisiún comhairle an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a lorg freisin;
Slándáil, forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla
84. á athdhearbhú gur cheart dul chun cinn follasach i réimse na slándála, fhorfheidhmiú an dlí agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a bhaint amach ionas go lamhálfar comhaontú a bheith ann lena dtiocfar ar chomhar cuimsitheach agus éifeachtúil a bheadh comhthairbheach do shlándáil shaoránaigh AE agus na Ríochta Aontaithe;
85. á chur in iúl go bhfuil sí go láidir i gcoinne iarraidh na Ríochta Aontaithe rochtain dhíreach a fháil ar chórais faisnéise sonraí AE i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile; á chur i bhfáth arís eile, i ndáil leis sin, nach féidir leis an Ríocht Aontaithe, mar thríú tír neamh-Schengen, rochtain dhíreach a bheith aici ar shonraí as córais faisnéise AE ; ag tabhairt rabhaidh gur cheart go mbeadh aon chomhroinnt faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, leis an Ríocht Aontaithe faoi réir coimircí diana, iniúchóireachta agus coinníollacha formhaoirseachta, lena n-áirítear leibhéal cosanta sonraí pearsanta atá coibhéiseach leis an leibhéal a bhforáiltear dó le dlí an Aontais;
86. á chur i bhfios go dtoirmeasctar rochtain a bheith ag tríú tíortha ar an gcóras go sainráite le reachtaíocht Córas Faisnéise Schengen (CFS) agus nach féidir leis an Ríocht Aontaithe, mar thríú tír, rochtain a bheith aici ar CFS; á mheabhrú gur eisigh an Chomhairle sraith moltaí an 5 Márta 2020 inar tugadh aghaidh ar sháruithe tromchúiseacha le linn CFS a bheith á chur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe agus gur beag rún i bhfreagra na Ríochta Aontaithe na moltaí sin a chur i bhfeidhm, rud atá ina shárú ar dhlí AE; á mheas gur cheart go mbeadh an comhar idir AE agus an Ríocht Aontaithe sa todhchaí i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an chomhair bhreithiúnaigh bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach; á chur i bhfios go láidir nach féidir teacht ar chomhaontú faoin gcomhar sin mura mbunaítear rialacha láidre maidir le cosaint sonraí agus mura mbeidh sásraí forfheidhmithe láidre i bhfeidhm;
87. á chur i bhfios nár seoladh malartú uathoibrithe sonraí DNA leis an Ríocht Aontaithe faoi Chreat Prüm go dtí 2019 agus go bhfuil an Chomhairle ar tí cinneadh a dhéanamh maidir le cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadófaí don Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i malartuithe uathoibrithe sonraí dachtalascópacha; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, gur dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa faoin nós imeachta speisialta comhairliúcháin an 13 Bealtaine 2020 do bhearta iar-thríú colún, don dréachtchinneadh ón gComhairle toisc go raibh imní uirthi faoi chómhalartacht iomlán do mhalartú sonraí méarloirg, faoi ráthaíochtaí cosanta sonraí agus faoin tréimhse an-ghairid chun é a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an gComhairle breithniú cúramach a dhéanamh ar argóintí na Parlaiminte don diúltú; á chur i gcuimhne do na hidirbheartaithe go rachaidh na cinntí sin ón gComhairle, má ghlactar iad, lena n-údaraítear na malartuithe uathoibrithe sonraí sin in éag ag deireadh na hIdirthréimhse; á chur i bhfáth gur gá socrú tráthúil maidir le socruithe don ghaolmhaireacht sa todhchaí, i bhfianaise thábhacht an mhalartaithe faisnéise sa chomhrac in aghaidh coiriúlacht agus sceimhlitheoireacht trasteorann thromchúiseach agus eagraithe;
88. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil uaillmhian i gceist le sainordú caibidlíochta na Ríochta Aontaithe i réimsí tábhachtacha den chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla; á chreidiúint go bhféadfadh AE agus an Ríocht Aontaithe teacht ar réiteach lena lamhálfaí do leibhéal comhar níos uaillmhianaí ná an réiteach a ndéantar foráil dó faoi Choinbhinsiún um Eiseachadadh Chomhairle na hEorpa;
Imirce, tearmann agus bainistiú teorainneacha
89. á chur i bhfáth gur gá téarmaí comhair a aontú maidir le himirce náisiúnach nach náisiúnaigh de chuid an dá pháirtí iad, agus cearta bunúsacha á n-urramú, dínit an duine á caomhnú agus an gá na daoine is leochailí a chosaint á aithint; á athdhearbhú gur iarr sí gur cheart go mbeadh, ar a laghad ar fad, socruithe sa chomhar sin lena dtreiseofaí conairí sábháilte agus dlíthiúla chun rochtain a fháil ar chosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí athaontú teaghlaigh;
90. á chur i bhfáth gur gá comhar láidir idir na páirtithe chun smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mbeidh feidhm aige fós maidir leis an teorainn idir AE agus an Ríocht Aontaithe;
91. á áitiú nach féidir leis an Ríocht Aontaithe breith an dá rogha a bheith aici maidir leis na gnéithe d’acquis tearmainn agus imirce AE is fearr léi a choimeád;
92. á chur i bhfáth arís eile nach mór plean a ghlacadh maidir le hathaontú teaghlaigh, ar cheart dó a bheith réidh le teacht i bhfeidhm ag deireadh na hIdirthréimhse;
93. Mar chuid den phlean sin, agus ar bhonn níos ginearálta, cuireann an Pharlaimint i gcuimhne do na hidirbheartaithe an oibleagáid atá ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe araon gach leanbh a chosaint ar a gcríoch, agus i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989 (iarrann UNCRC ar na Ballstáit, a luaithe a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe tograí nithiúla, sainordú a thabhairt don Choimisiún plean a chaibidlíú d’iarrthóirí tearmainn maidir le hathaontú teaghlaigh ) ;
94. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige comhordaithe ag AE ar na saincheisteanna sin go léir, toisc go bhfuil baol ann le socruithe déthaobhacha idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit aonair maidir le saincheisteanna amhail athaontú teaghlaigh d’iarrthóirí tearmainn nó dídeanaithe, socruithe athlonnaithe nó athligean isteach, go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann do chomhleanúnachas bheartas tearmainn agus imirce AE; á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe araon cur chuige cothrom agus fiúntach a bheith acu sna cúrsaí sin go léir;
An comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta
95. á iarraidh ar na AE agus ar an Ríocht Aontaithe forálacha a chur san áireamh maidir le beartas faoin gcomhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT) sa chomhaontú comhpháirtíochta sa todhchaí, lena n-áirítear sásra malartaithe faisnéise; á mheabhrú gur gheall AE agus an Ríocht Aontaithe sa Dearbhú Polaitiúil dul níos faide ná caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais maidir le AML/CFT a mhéid a bhaineann le trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla agus deireadh a chur leis an anaithnideacht a bhaineann le húsáid airgeadraí fíorúla, lena n-áirítear trí rialuithe díchill chuí don chustaiméir;
96. á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe forálacha sonracha a chur san áireamh sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le maoirseacht ar eintitis faoi oibleagáidí airgeadais agus neamh-airgeadais i gcomhthéacs an chreata frithsciúrtha airgid;
Cúrsaí cánach
97. á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe tosaíocht a thabhairt do chomhrac comhordaithe i gcoinne imghabháil cánach agus seachaint cánach; á iarraidh ar na Páirtithe aghaidh a thabhairt ar chleachtais dhíobhálacha chánach trí ghníomhaíochtaí comhair a shaothrú faoi Chód Iompair AE maidir le cánachas gnó; ag tabhairt dá haire go bhfuil rangú ard ag an Ríocht Aontaithe, de réir an Choimisiúin, maidir le táscairí lena sainaithnítear tír a bhfuil gnéithe aici ar féidir le cuideachtaí iad a úsáid chun críocha seachanta cánach; á iarraidh go rachfar i ngleic leis an ábhar sin go sonrach sa chomhaontú sa todhchaí; ag tabhairt dá haire go measfar gur tríú tír í an Ríocht Aontaithe ag deireadh na hIdirthréimhse, agus go mbeidh ar an nGrúpa um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó í a scagadh i gcomhréir leis na critéir arna mbunú do liosta AE de dhlínsí neamh-chomhoibríocha; á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe lánchomhar riaracháin a ráthú chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht CBL agus cosaint agus aisghabháil ioncam CBL;
An comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil
98. á mheas gur cheart don Ríocht Aontaithe í féin a ailíniú go hiomlán leis an gcreat beartais aeráide atá ag AE faoi láthair agus a bheidh aige amach anseo lena n-áirítear spriocanna athbhreithnithe 2030, spriocanna agus conairí 2040 chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050;
99. á mheas gur cheart don Ríocht Aontaithe córas praghsála carbóin a chur chun feidhme, a mbeadh an raon feidhme céanna agus an éifeachtacht chéanna aige, ar a laghad, agus atá ag an gcóras dá bhforáiltear le Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) agus gur cheart di na prionsabail chéanna a chur i bhfeidhm maidir le húsáid creidmheasanna seachtracha faoi dheireadh na hIdirthréimhse; á mheas, sa bhreis air sin má iarrann an Ríocht Aontaithe go ndéanfar a córas trádála astaíochtaí féin a nascadh le EU ETS, gur cheart go mbeadh feidhm ag an dá choinníoll seo a leanas chun an iarraidh sin a bhreithniú: níor cheart go mbainfeadh córas trádála astaíochtaí na Ríochta Aontaithe an bonn de shláine EU ETS, go háirithe an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí, agus ba cheart go léireodh sé an méadú leanúnach ar raon feidhme agus éifeachtacht EU ETS; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh córas praghsála carbóin socraithe agus i bhfeidhm cheana féin sula mbeidh an vóta ann sa Pharlaimint maidir lena toiliú a thabhairt don dréacht-Chomhaontú nó gan é a thabhairt;
100. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé faireachán agus measúnú iomchuí a dhéanamh ar cháilíocht an aeir agus an uisce sa Ríocht Aontaithe sa bhreis ar na caighdeáin agus spriocanna comhchoiteanna a ghlacadh; á chur i bhfáth sa bhreis air sin a thábhachtaí atá sé go gcuirfeadh an Ríocht Aontaithe na teorainneacha astaíochtaí agus forálacha eile a comhaontaíodh faoi Threoir AE i bhfeidhm. 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) agus ag ailíniú go dinimiciúil le Treoir 2010/75/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17), lena n-áirítear nuashonruithe ar na Doiciméid Tagartha um na Teicnící is Fearr atá ar Fáil;
Sláinte phoiblí
101. á chur i bhfáth, más mian leis an Ríocht Aontaithe go n-áireofaí í ar liosta na dtíortha a gceadaítear dóibh earraí a onnmhairiú chuig AE, agus ar tíortha iad atá faoi réir bhearta SPS, go gcaithfidh sí ceanglais AE maidir leis na hearraí sin a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear ceanglais a bhaineann le próisis táirgeachta; á chur i bhfáth sa bhreis air sin gur cheart rialacha tionscnaimh go háirithe maidir le táirgí bia a chomhlíonadh go hiomlán agus gur cheart rialacha soiléire a ghlacadh maidir le claochlú táirgí bia sa Ríocht Aontaithe chun go gcoiscfear dul timpeall ar cheanglais AE, go háirithe i gcomhthéacs comhaontuithe saorthrádála féideartha idir an Ríocht Aontaithe agus tíortha eile;
102. á chur i bhfáth go gcaithfidh an Ríocht Aontaithe a bheith i gcomhréir le reachtaíocht AE a bhaineann le horgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí; á mheas gur cheart don dá Pháirtí an aidhm a bheith acu úsáid agus rioscaí lotnaidicídí a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil gá ann, dá bhrí sin, go ndéanfadh an dá Pháirtí a ndícheall úsáid frithbheathach i dtáirgeadh ainmhithe a laghdú agus leanúint leis an gcosc ar a n-úsáid mar spreagadh fáis agus a n-úsáid ag an duine nach bhfuil iomchuí nó riachtanach a laghdú;
103. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé easnaimh de tháirgí agus feistí leighis a chosc; ag tathant ar údaráis agus geallsealbhóirí náisiúnta a áirithiú go ndéanfar próiseas athsheachadta táirgí íocshláinte arna n-údarú go náisiúnta a thabhairt i gcrích roimh dheireadh na hIdirthréimhse; á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe comhoibriú go fadtéarmach chun bagairtí ar an tslándáil sláinte, a bhfuil fianaise ina dtaobh, nó bagairtí atá ag teacht chun cinn, a chosc agus a bhrath agus chun iad féin a ullmhú do na bagairtí sin agus freagairt orthu; á iarraidh, ina leith sin, comhar leanúnach a bheith idir AE agus an Ríocht Aontaithe dul i ngleic go héifeachtach le paindéim COVID-19; á mheas, mura ndéanfaidh ceann de na Páirtithe bearta leordhóthanacha chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt sláinte, go bhféadfaidh an Páirtí eile bearta aontaobhacha a ghlacadh chun an tsláinte phoiblí a chosaint;
104. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé seasamh le reachtaíocht AE maidir le cógais, feistí leighis, sábháilteacht ceimiceán, lena n-áirítear suaiteoirí inchríneacha, agus rochtain leanúnach ar chógais agus ar fheistí leighis a áirithiú agus á chur i bhfios go láidir go mbeadh cuideachtaí na Ríochta Aontaithe faoi réir na n-oibleagáidí céanna a bhfuil feidhm acu i leith cuideachtaí lasmuigh de LEE i gcás ar bith: á chur i bhfáth, ina theannta sin, gur gá coinníollacha láidre a leagan amach maidir le bearta SPS a théann níos faide ná comhaontú EDT chun margadh inmheánach AE, agus go háirithe tomhaltóirí, a chosaint ar aon rioscaí a bhaineann le hallmhairiú nó le honnmhairiú táirgí leis an Ríocht Aontaithe;
Iompar
105. á chur i bhfáth gur cheart go soláthrófaí nascacht leanúnach agus gan bhac leis an gcomhpháirtíocht bheartaithe, atá bunaithe ar na dlúthnaisc eacnamaíocha agus ar chomhleasanna, le haghaidh gach modha iompair, faoi réir na cómhalartachta, agus gur cheart go n-áiritheofaí machaire comhréidh, go háirithe maidir le caighdeáin shóisialta, fostaíochta agus chomhshaoil agus cearta paisinéirí; á mheabhrú di gur cheart go n-áireofaí cás sonrach thollán Mhuir nIocht sa chomhpháirtíocht bheartaithe freisin, go háirithe a mhéid a bhaineann le gnéithe den chóras sábháilteachta agus údarúcháin;
106. á mheas gur cheart go mbeadh tionscadail leasa choitinn i réimse an iompair mar chuid den chomhar amach anseo leis an Ríocht Aontaithe, agus gur cheart go spreagfaí dea-thrádáil trasteorann agus dea-choinníollacha gnó leis freisin, go háirithe á dhéanamh níos éasca do ghnóthaí FBManna, agus ag cuidiú leo, aon ualach riaracháin breise a sheachaint;
107. á chreidiúint gur cheart rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir thaighde agus forbartha thrasteorann de chuid AE i réimse an iompair a bheartú ar bhonn leasanna coiteanna;
108. á mheabhrú di a thábhachtaí atá sé gurb é an Coimisiún an t-aon idirbheartaí ar thaobh AE le linn na gcaibidlíochtaí agus gur gá nach rachadh na Ballstáit i mbun caibidlíochtaí déthaobhacha ar bith; ag tathant ar an gCoimisiún, áfach, leasanna gach Ballstáit a chur i láthair sa chomhaontú cuimsitheach deiridh;
109. ag cur béim ar an bhfíoras go mbíonn oibleagáidí ag baint le cearta agus pribhléidí agus gur cheart go mbeadh leibhéal na rochtana ar mhargadh aonair AE ag comhfhreagairt go hiomlán do mhéid an chóineasaithe rialála agus do na gealltanais arna gcomhaontú i ndáil le machaire comhréidh a urramú agus gur cheart go mbeadh sé bunaithe ar na comhchaighdeáin íosta is infheidhme in AE;
110. á mheabhrú di gurb í an eitlíocht an t-aon mhodh iompair nach bhfuil cúltaca dlíthiúil aige faoin Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) i gcás nach dtiocfaí ar chomhaontú roimh dheireadh na hidirthréimhse;
111. á mheas gur cheart caibidil uaillmhianach agus chuimsitheach maidir le haeriompar a áireamh sa chomhpháirtíocht bheartaithe, lena n-áiritheofaí leasanna straitéiseacha AE agus ina mbeadh forálacha iomchuí maidir le rochtain ar an margadh, infheistíocht agus solúbthacht oibríochtúil agus tráchtála (e.g. códroinnt), agus cearta agus oibleagáidí cothromaithe á gcur san áireamh, agus gur cheart go n-áireodh sé dlúthchomhar sa tsábháilteacht eitlíochta agus sa bhainistiú aerthráchta;
112. á chur i bhfáth gur cheart aon deonú féideartha de ghnéithe áirithe den ‘chúigiú saoirse’ mar a thugtar uirthi (saoirse an aeir) a theorannú ina raon feidhme agus gur gá go n-áireofaí ann cothromú le hoibleagáidí comhfhreagracha ar mhaithe le leas AE;
113. ag tabhairt dá haire nach bhfuil creat reatha Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair, atá bunaithe ar líon teoranta ceadanna, oiriúnach do chaidreamh AE-na Ríochta Aontaithe, agus méid an lastais arna iompar de bhóthar idir AE agus an Ríocht Aontaithe á chur san áireamh; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur cheart bearta iomchuí a chur ar bun chun bagairtí don ord poiblí a sheachaint agus chun suaití a chosc i gcás sreafaí tráchta d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé bealaí mara feabhsaithe díreacha a chur ar fáil ó Éirinn chuig an mór-roinn, lena laghdófaí, dá bhrí sin, spleáchas ar dhroichead talún na Ríochta Aontaithe;
114. ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir an leibhéal céanna ceart agus tairbhí a dheonú d’oibreoirí iompair lastais na Ríochta Aontaithe agus atá ag oibreoirí iompair lastais AE a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí iompair lastais de bhóthar;
115. á mheas gur cheart go n-áireofaí an ceart idirthurais sa chomhpháirtíocht bheartaithe i gcás turais ualaithe agus neamhualaithe ó chríoch pháirtí amháin go dtí críoch an pháirtí chéanna trí chríoch an pháirtí eile;
116. á mheas gur cheart go n-áireofaí machaire comhréidh sa chomhpháirtíocht bheartaithe go háirithe sna réimsí seo a leanas: am oibre, tiomána agus sosa, postú tiománaithe, tacagraif, meáchain agus toisí feithiclí, iompar traschórais agus oiliúint pearsanra, chomh maith le forálacha sonracha chun leibhéal cosanta inchomparáide a áirithiú maidir le hoibreoirí agus tiománaithe;
117. ag tathant go dtabharfaí tús áite do leachtacht thrádáil muirí AE-na Ríochta Aontaithe, saorghluaiseacht paisinéirí, maraithe agus foirne ar tír agus amach ón gcósta; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur cheart do AE agus don Ríocht Aontaithe a áirithiú go mbeidh na córais teorann agus chustaim iomchuí i bhfeidhm chun moilleanna agus suaití a chosc;
Cultúr agus Oideachas
118. á mheas gur cheart go soiléireofaí sa Chomhaontú go ndéanfar éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch a urramú ann i gcomhréir le Coinbhinsiún UNESCO maidir le hÉagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn;
119. á chur in iúl gur geal léi an ráiteas soiléir sna treoracha caibidlíochta gur cheart go gcuimseofaí idirphlé agus malartú i réimsí an oideachais agus an chultúir sa chaidreamh idir AE agus an Ríocht Aontaithe amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún cineál sonrach na hearnála cultúir a chur san áireamh agus é ag caibidlíocht forálacha soghluaisteachta ábhartha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, nach ndéanann na forálacha lena rialaítear teacht isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha chun críocha gnó riachtanais na hearnála cultúrtha agus cruthaithí, mar atá sonraithe i ndréacht-téacs an chomhaontaithe ón gCoimisiún, a chomhlíonadh agus gur baol leo go ndéanfaí malartú cultúrtha leanúnach a shrianadh;
120. ag tacú amach is amach leis an tsoiléireacht atá sna treoracha caibidlíochta gur cheart seirbhísí closamhairc a eisiamh ó raon feidhme na comhpháirtíochta eacnamaíche agus ag tathant ar an gCoimisiún fanacht diongbháilte i dtaca leis an seasamh sin;
121. á chur i bhfáth nach féidir rochtain ar an margadh a ráthú do sheirbhísí closamhairc san Aontas ach amháin má chuirtear Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18)chun feidhme go hiomlán, ionas go ndeonófar na cearta atarchurtha céanna don dá thaobh; á mheabhrú di go n-aicmeofar inneachar arb í an Ríocht Aontaithe a áit tionscnaimh fós mar ‘shaothair Eorpacha’ tar éis dheireadh na hidirthréimhse, fad is go mbeidh saothair san áireamh i gcuóta inneachair na ‘saothar Eorpach’, arb iad a n-áit tionscnaimh tíortha nach Ballstáit iad agus nach cuid de LEE iad, ar páirtithe iad i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Theilifís Trasteorann;
122. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil saincheisteanna san áireamh a bhaineann le réada cultúrtha a tógadh go neamhdhleathach a thabhairt ar ais nó a aiseag dá dtíortha tionscnaimh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar leanúnach leis an Ríocht Aontaithe sa réimse sin;
Creat rialachais airgeadais agus grinnscrúdaithe
123. á iarraidh go ndéanfaí an ceart rochtana ar sheirbhísí an Choimisiún, Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a áirithiú agus a urramú, mar aon le ceart grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa; á mheabhrú di nach mór go nglacfaí le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar an chúirt inniúil i gcásanna a bhaineann le hurraim do dhlí AE agus lena léirmhíniú;
Rannpháirtíocht i gcláir an Aontais
124. á mholadh go dtabharfadh an Coimisiún aird ar leith ar na prionsabail agus coinníollacha is infheidhme seo a leanas a bhaineann le ‘Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais’ agus ‘Socruithe cothrománacha agus rialachas’ araon;
(a)
an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh foráil sna prionsabail, téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá le bunú mar chuid den chomhpháirtíocht bheartaithe i ndáil le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir AE a chuirfidh de cheangal uirthi ranníocaíocht airgeadais atá cothrom agus iomchuí, ó thaobh táille rannpháirtíochta agus ranníocaíocht oibríochtúil de, a dhéanamh le haon chlár ina nglacann sí páirt;
(b)
a áirithiú go mbeidh an riail ghinearálta le haghaidh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in aon chlár i gcomhréir leis na coinníollacha caighdeánacha is infheidhme do rannpháirtíocht tríú tíortha agus go mbeidh sí rannpháirteach sa chlár ina iomláine, ach amháin sa chás go bhfuil bonn cirt le rannpháirtíocht pháirteach ar chúiseanna amhail rúndacht; á mholadh go n-áirithítear intuarthacht do gach rannpháirtí i gcláir AE atá bunaithe in AE mar aon le cobhsaíocht ó thaobh leithdháiltí buiséadacha é;
(c)
a áirithiú nach mbeidh glanaistriú uilíoch ó bhuiséad AE chuig an Ríocht Aontaithe ag gabháil le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir de chuid AE agus go mbeidh ar chumas AE rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár ar bith a fhionraí nó a fhoirceannadh go haontaobhach mura bhfuil na coinníollacha don rannpháirtíocht á gcomhall nó mura n-íocann an Ríocht Aontaithe a ranníocaíocht airgeadais;
(d)
a áirithiú go bhfuil na bearta is gá sa Chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe chun go bhféadfar dul i ngleic le neamhrialtachtaí, calaois, sciúradh airgid agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, agus a áirithiú go gcosnaítear leasanna airgeadais AE;
125. á chreidiúint, go háirithe, go bhfuil rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir an Aontais i gcláir trasteorann, chultúrtha, forbartha, oideachais agus thaighde amhail Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta, Fís, an Chomhairle Eorpach um Thaighde, Clár LIFE, an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T), an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), an tAerspás Eorpach Aonair (SES), Interreg, tionscnaimh chomhpháirteacha teicneolaíochta amhail Spéir Ghlan I agus II, Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR), ERICanna, Galileo, Copernicus, Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS), Creat Tacaíochta Spáis, Faireachais agus Rianaithe (SST), agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, ina rannpháirtíocht thábhachtach;
126. ag dréim leis go dtabharfar aghaidh sa chomhaontú ar ghaol na Ríochta Aontaithe le Euratom agus le tionscadal ITER agus leis an tionchar a bheidh ag aistarraingt ar shócmhainní agus ar dhliteanais; ag dréim leis, thairis sin, go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach agus cosaint ar radaíocht a chomhlíonadh;
127. á mheas, más mian leis an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach sa mhargadh inmheánach ar deireadh, gur cheart di ranníocaíocht a dhéanamh leis na cistí comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027, mar is amhlaidh do thíortha LEE;
128. á chreidiúint gur cheart d’aon chomhaontú nua riachtanais na réigiún AE a chur san áireamh ar réigiúin iad a ndéanann tarraint siar na Ríochta Aontaithe ó AE difear dóibh;
129. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfaidh clár PEACE de bheith ag feidhmiú i dTuaisceart Éireann agus i réigiúin teorann na hÉireann, agus é á riar go neamhspleách ag Comhlacht na gClár Speisialta AE;
130. á mheas gur cheart leanúint ar aghaidh le comhar idir réigiúin is forimeallaí AE agus tíortha agus críocha thar lear, ar thaobh amháin, agus Tíortha agus Críocha thar lear na Ríochta Aontaithe (OCTanna), ar an taobh eile, go háirithe i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin; á iarraidh go mbeadh forálacha speisialta ann lena gceadófaí comhthionscadail sa todhchaí faoin gCiste Eorpach Forbraíochta agus faoi na cistí comhtháthaithe, de réir mar is iomchuí; agus don ghá atá le leibhéal imleor tacaíochta a choinneáil do na OCTanna atá fágtha;
131. á chur i bhfios go láidir gur léiriú follasach ar dhlúthpháirtíocht é Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) trí acmhainní airgeadais a chur ar fáil trí bhuiséad AE, nuair a dhéanann iarmhairtí tromchúiseacha ar, inter alia, an ngeilleagar difear do réigiún amháin nó níos mó de chuid AE nó do thír atá ag déanamh iarratas ar aontachas;
132. á chur i bhfios go láidir an gá atá leis an rannpháirtíocht i gcláir a nascadh le hailíniú le beartais ghaolmhara, amhail beartais aeráide nó cibearbheartais;
133. á mheas go mbeadh comhaontú maidir le comhar fuinnimh, i gcomhréir leis an gcomhaontú foriomlán maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí, bunaithe ar rialachas stóinsithe agus machaire comhréidh, chun leasa fhrithpháirtigh an dá pháirtí;
134. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le acquis fuinnimh AE a chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach i dTuaisceart Éireann chun leanúnachas a áirithiú don Mhargadh Leictreachais Aonair ar oileán na hÉireann tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe;
135. den tuairim go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe leanúint de bheith ina comhpháirtí tábhachtach i mbeartas spáis AE, á chur i bhfios go láidir nach foláir aghaidh a thabhairt sa chaibidlíocht ar an rochtain a bheidh ag an Ríocht Aontaithe ar Chlár Spáis AE amach anseo agus leasanna AE á gcaomhnú ag an am céanna agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha i gClár Spáis AE;
Maoin Intleachtúil
136. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh san áireamh sa chomhaontú beartaithe bearta láidre agus in-fhorfheidhmithe lena gcumhdaítear aithint agus cosaint ardleibhéil ceart maoine intleachtúla, amhail cóipcheart agus cearta gaolmhara, trádmharcanna agus dearaí tionscail, paitinní agus rúin cheirde, bunaithe ar chreat dlíthiúil reatha agus todhchaíoch AE gan rochtain ar chógais inacmhainne, amhail cógas cineálach, a chur i gcontúirt; á mheas gur cheart go n-áiritheofaí an fhéidearthacht ann go mbeadh dlúthchomhar déthaobhach ann idir Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus na hOifigí Maoine Intleachtúla sa Ríocht Aontaithe;
Dlí na gcuideachtaí
137. ag tabhairt dá haire, ionas go seachnófar ísliú caighdeán agus go n-áiritheofar seasamh dlí sa Ríocht Aontaithe agus in AE, gurb inmhianaithe go n-áireofaí íoschaighdeáin chomhchoiteanna sa chomhaontú beartaithe maidir le hoibríochtaí a chur ar bun agus a dhéanamh, le cosaint do scairshealbhóirí, creidiúnaithe nó fostaithe, le rialacha tuairiscithe, iniúchóireachta agus trédhearcachta do chuideachtaí, mar aon le haitheantas frithpháirteach cinntí breithiúnacha maidir le hathstruchtúrú agus féimheacht nó dócmhainneacht;
Comhar i réimse an cheartais shibhialta, lena n-áirítear i gcúrsaí teaghlaigh
138. á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá an comhar breithiúnach sibhialta chun trádáil agus idirghníomhú gnó idir saoránaigh agus cuideachtaí amach anseo a áirithiú agus chun go soláthrófaí deimhneacht agus cosaint leordhóthanach de pháirtithe in idirbhearta trasteorann agus gníomhaíochtaí eile; den tuairim gur cheart, dá bhrí sin, a mheas go cúramach freisin, cibé an mbeadh Coinbhinsiún Lugano ina réiteach leordhóthanach a chuirfeadh ar chumas AE cothromaíocht fhoriomlán a chuid gaolmhaireachtaí le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chaomhnú, nó cibé an mbeadh réiteach nua, lena bhféadfaí ‘ailíniú dinimiciúil’ a áirithiú idir an dá pháirtí, níos iomchuí;
139. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-aimseofaí réiteach fiúntach agus cuimsitheach leis an gcomhaontú beartaithe a mhéid a bhaineann le freagracht pósta, tuismitheora agus ábhair theaghlaigh eile go háirithe; ag tabhairt dá haird, sa chomhthéacs sin, gur cheart go mbeadh aon fhorálacha maidir le forfheidhmiú cómhalartach i dtaca le hábhair theaghlaigh sa chomhaontú beartaithe bunaithe ní hamháin ar phrionsabal mhuinín fhrithpháirteach na gcóras breithiúnach, ach freisin ar ráthaíochtaí bunreachtúla áirithe agus caighdeáin chomhchoiteanna i dtaca le cearta bunúsacha a bheith ann;
Comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil
140. ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ríocht Aontaithe fós ar cheann de na deontóirí déthaobhacha is mó ar domhan agus á chur i bhfios gur gá do AE aghaidh a thabhairt ar na deiseanna chun comhar leis an Ríocht Aontaithe a bheith ann i meon na comhpháirtíochta; á chur in iúl gurb oth léi go bhfágfar bearnaí i gcomhar forbartha foriomlán agus i mbeartas cabhrach daonnúla AE i ngeall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe;
141. ag cur béim ar róil lárnacha an Aontais agus na Ríochta Aontaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhchoiteanna trí bheartas forbartha agus trí chabhair dhaonnúil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an Comhtháthú Beartais ar mhaithe le Forbairt a shaothrú i ndáil leis sin;
142. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhpháirtíocht láidir lena gcumhdaítear cur chuige cearta-bhunaithe agus tiomantas agus comhoibriú leanúnach á áirithiú chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, cearta an duine, díothú na bochtaineachta a ghnóthú, agus comhaontú Pháras a chur chun feidhme; á chur i bhfios, thairis sin, a thábhachtaí atá freagairtí comhchuibhithe do ghéarchéimeanna daonnúla agus do bhunphrionsabail na cabhrach daonnúla;
143. á chur in iúl go bhfuil sí cinnte gur féidir comhpháirtíocht iar-Cotonou agus Straitéis AE-na hAfraice a threisiú trí chomhoibriú éifeachtach leis an Ríocht Aontaithe agus trí chur le láithreacht láidir na Ríochta Aontaithe san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin; á chur i bhfáth gur cheart do AE, an Ríocht Aontaithe agus Stáit ACC comhoibriú ar gach leibhéal i gcomhréir le prionsabail na comhpháirtíochta, na dlúthpháirtíochta agus na comhlántachta;
Slándáil agus gnóthaí eachtracha
144. ag tabhairt dá haird gur luaigh cuspóirí caibidlíochta na Ríochta Aontaithe arna bhfoilsiú an 27 Feabhra 2020 go gcinnfear an beartas eachtrach faoi chuimsiú idirphlé agus comhar cairdiúil níos leithne idir an Ríocht Aontaithe agus AE, agus air sin amháin, ag tabhairt céim síos don réimse tábhachtach seo go stádas caidrimh neamhinstitiúidigh a aontófar níos déanaí;
145. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil sé sin contrártha le forálacha an Dearbhaithe Pholaitiúil, lena mbeartaítear comhpháirtíocht uaillmhianach, leathan, dhomhain agus sholúbtha i réimse an bheartais eachtraigh, na slándála agus na cosanta agus lena n-iarrtar go mbunófar comhpháirtíocht slándála idir AE agus an Ríocht Aontaithe a bheidh leathan, cuimsitheach agus cothrom, agus ar chomhaontaigh an Ríocht Aontaithe léi;
146. á mheabhrú di seasamh AE gur cheart go mbeadh an beartas eachtrach, slándáil agus cosaint mar chuid de chomhaontú cuimsitheach lena rialaítear an ghaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe;
147. ag cur in iúl gur saoth léi nach bhfuil aon uaillmhian á léiriú ag an Ríocht Aontaithe i dtaca le caidreamh le AE i réimse an bheartais eachtraigh, na slándála agus na cosanta, agus nár cumhdaíodh na nithe sin go sainráite le sainordú na Ríochta Aontaithe agus, dá bhrí sin, nach cuid iad de na 11 thábla caibidlíochta;
148. á mheabhrú di go gcomhroinneann AE agus an Ríocht Aontaithe araon prionsabail, luachanna agus leasanna; á chur i bhfáth gur chun leasa an dá thaobh é dlúthchomhar uaillmhianach agus marthanach a choimeád lena n-urramófar neamhspleáchas AE i bhfoirm comhchreata maidir le beartas eachtrach agus slándála bunaithe ar Airteagal 21 CAE, agus Cairt na Náisiún Aontaithe agus ECAT á gcur san áireamh sna réimsí seo a leanas:
(a)
an tsíocháin a chur chun cinn;
(b)
cur chuige comhroinnte i leith dúshláin slándála choiteanna, agus na cobhsaíochta domhanda lena n-áirítear an chomharsanacht Eorpach;
(c)
ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha a chur chun cinn;
(d)
an daonlathas agus an smacht reachta a chomhdhlúthú;
(e)
cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint;
(f)
an rathúnas domhanda, forbairt inbhuanaithe, comhrac an athraithe aeráide agus maolú chailliúint na bithéagsúlachta a chur chun cinn;
149. á thabhairt faoi deara go mbeadh an-tairbhe don dá pháirtí agus don ord domhanda ag baint le comhar idirnáisiúnta dlúth-lánpháirtithe agus dlúthchomhordaithe idir AE agus an Ríocht Aontaithe, i bhfianaise go bhfuil cuir chuige chomhchosúla acu i leith iltaobhachas éifeachtach, choimirciú na síochána, na slándála agus na hinbhuanaithe, agus i leith cearta an duine a chosaint agus a chur chun feidhme; ag moladh go mbeadh an comhordú sin rialaithe ag ardán córasach le haghaidh comhairliúcháin ardleibhéil agus comhordú i leith saincheisteanna beartas eachtraigh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí is atá luach breise an chomhair idirpharlaimintigh i leith saincheisteanna domhanda;
150. á chur i bhfáth go bhfuil gá le freagairtí comhchoiteanna chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta amhail an sceimhlitheoireacht, cibearchogaíocht, géarchéim sa chomharsanacht, urraim do chearta an duine, feachtais bhréagaisnéise agus bagairtí hibrideacha don dá thaobh; ag spreagadh idirphlé, comhairliúchán agus comhordú éifeachtach, tráthúil agus cómhalartach agus malartú faisnéise agus fainéisíochta; faoi réir rialú daonlathach ag an Ríocht Aontaithe agus ag institiúidí AE; á mheabhrú di nach mór malairtí faisnéise rúnaicmithe a eagrú laistigh de chreat sonrach;
151. ag cur béim ar an bhfíoras go measfar gur tríú tír í an Ríocht Aontaithe, amhail ón dheireadh na hIdirthréimhse, gan aon creat sonrach a bheith ann maidir le caidreamh, ar staid í a mbeidh tionchar aici ar an gcomhar atá ann cheana maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála;
152. á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe araon an tsíocháin agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a neartú trí chomhstraitéisí forbartha chun iarrachtaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe a neartú; á iarraidh ar an dá pháirtí cultúr na síochána agus an idirphlé a chur chun cinn mar bhealach chun cosc a chur ar choinbhleacht, chun coinbhleacht a bhainistiú agus a réiteach, agus maidir le mná agus cearta inscne; ag tacú leis an gcomhar reatha leanúnach sna réimsí sin; á iarraidh go mbeach comhar fabhrach córasach ann in oibríochtaí síochánaíochta; á iarraidh go bhfeabhsófaí an comhar idir AE agus an Ríocht Aontaithe i gcúrsaí a bhaineann le forbairt dhaonlathach, próisis an athchóirithe agus cleachtais pharlaiminteacha dhaonlathacha i dtríú tíortha, lena n-áirítear breathnóireacht toghchán;
153. ag cur in iúl go bhfuil leas láidir ag AE i ngnóthaí eachtracha agus i gcomhpháirtíocht slándála, i bhfianaise na dtairbhí frithpháirteacha ag eascairt ó shuíomh buan na Ríochta Aontaithe agus na Fraince ar an gComhairle Slándála, ardfheidhmíocht sheirbhís taidhleoireachta na Ríochta Aontaithe agus AE, agus an fíoras gurb ag an Ríocht Aontaithe atá na fórsaí armtha is cumhachtaí san Eoraip;
154. á mholadh go mbunófaí an chomhpháirtíocht amach anseo ar chomhar agus comhordú rialta atá an-dlúth sna Náisiúin Aontaithe, go háirithe Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine;
155. á chur i bhfáth a thábhachtaí go frithpháirteach atá an tslándáil agus an fhorbairt; ag spreagadh AE agus an Ríochta Aontaithe araon comhoibriú go dlúth maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an gcabhair dhaonnúil; á mheabhrú don dá pháirtí a thábhachtaí atá sé a bheith tiomanta don sprioc 0.7 % ODA/OIN a ghnóthú agus tacú le prionsabal an Chomhtháthaithe Beartais ar mhaithe le Forbairt; á chreidiúint go bhféadfaidh comhpháirtíocht iar-Cotonou agus Straitéis AE-na hAfraice tairbhe a bhaint as comhar éifeachtach leis an Ríocht Aontaithe lena dtugtar aghaidh ar ardchaighdeáin cosanta sóisialta, chearta an duine agus chomhshaoil, chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus comhaontú Pháras a ghnóthú;
156. á chur i bhfáth gurb é leas frithpháirteach na Ríochta Aontaithe agus AE é, atá treisithe ag a ngaireacht gheografach, go mbeadh comhar eatarthu i leith forbairt acmhainneachtaí cosanta atá éifeachtach agus idir-inoibritheach i bhfírinne, lena n-áirítear leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, lena bhféadfaí socrú riaracháin a thabhairt i gcrích, agus go leanfaí leis na comhpháirtíochtaí sárluachmhara taobh istigh de chláir ECAT agus AE maidir le cosaint agus slándáil sheachtrach, cláir chibearshlándála Galileo agus an comhrac in aghaidh feachtais spriocdhírithe bhréagaisnéise agus cibearionsaithe, mar a léirigh an phaindéim reatha COVID-19; á mheabhrú di, maidir le rannpháirtíocht i Seirbhís Phoiblí Rialáilte Galileo, gur féidir agus gur gá comhaontú sonrach a dhéanamh; ag tabhairt dá haire freisin, maidir leis an gCiste Eorpach Cosanta atá ar na bacáin, go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe a bheith comhlachaithe faoi na coinníollacha a leagtar síos do thríú tíortha; á iarraidh ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe araon cur chuige comhpháirteach a fhorbairt i leith chaighdeánú na teicneolaíochta cosanta;
157. ag dréim leis go mbeidh an Ríocht Aontaithe in ann leanúint den chomhar seanbhunaithe agus de mhalartú faisnéise le húdaráis náisiúnta i réimse na cibearshlándála;
158. á mheabhrú di go bhfuil roinnt beart sriantach (córais smachtbhannaí) i bhfeidhm faoi láthair sa Ríocht Aontaithe faoi reachtaíocht AE; ag aithint úsáid éifeachtach smachtbhannaí le haghaidh chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfios go láidir go mbeidh sé fós de cheangal ar an Ríocht Aontaithe córais smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm tar éis di tarraingt siar agus á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe leanúint de bheith ag ailíniú a beartais smachtbhannaí le cinn AE; agus á iarraidh go gcuirfí sásra comhordúcháin cuí le haghaidh smachtbhannaí ar bun idir an dá pháirtí, agus dlúthchomhar maidir le smachtbhannaí i bhfóraim dhomhanda, chun uasmhéadú a dhéanamh ar a dtionchar agus chun cóineasú a áirithiú agus chun a áirithiú freisin go saothrófar leasanna frithpháirteacha agus go gcomhlíonfar iad trí chur chun cinn luachanna coiteanna;
159. ag spreagadh na Ríochta Aontaithe páirt a ghlacadh i ngníomhaireachtaí ábhartha AE agus ról tosaíochta a ghlacadh in oibríochtaí bainistithe géarchéimeanna an Aontais agus i misin agus oibríochtaí CBSC, lena n-áirítear misin dhaonnúla agus tarrthála, coinbhleacht a chosc agus síochánaíocht, comhairle mhíleata agus cúnamh míleata agus cobhsaíocht iarchoinbhleachta agus i dtionscadail faoin mBuanchomhar Struchtúrtha (PESCO), nuair a iarrtar orthu a bheith rannpháirteach, agus, á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an rannpháirtíocht sin faoi réir coinníollacha dochta lena n-urramaítear neamhspleáchas cinnteoireachta AE agus ceannasacht na Ríochta Aontaithe, prionsabal na gceart cothromaithe agus na n-oibleagáidí cothroma agus bunaithe ar chómhalartacht éifeachtach, lena n-áirítear ranníocaíocht airgeadais atá cóir agus iomchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an Pharlaimint a chur ar an eolas go rialta faoi phróiseas an idirphlé pholaitiúil leis an Ríocht Aontaithe agus faoi phríomhghnéithe na malartuithe faisnéise maidir le CBSC agus bainistiú géarchéime;
160. á mheabhrú di gur cloch choirnéil sa tslándáil dhomhanda agus Eorpach iad córais éifeachtacha rialaithe arm, dí-armála agus neamhleata arm ar bhonn idirnáisiúnta; á mheabhrú di a thabhachtaí atá straitéis Eorpach chomhleanúnach agus inchreidte le haghaidh caibidlíochtaí iltaobhacha ar an leibhéal domhanda, agus maidir le bearta réigiúnacha ar mhaithe le maolú agus le forbairt muiníne; á mheabhrú di an ról tábhachtach a bhí ag an Ríocht Aontaithe maidir le noirm, institiúidí agus eagraíochtaí den sórt sin a fhorbairt agus a bhunú; á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe straitéis chomhpháirteach a fhorbairt le AE maidir leis an réimse beartais sin, go háirithe i gcomhréir le clár oibre dí-armála na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe gealltanas a thabhairt go bhfanfaidh sí faoi cheangal ag na critéir atá coibhéiseach leis na critéir a bhailítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES(19) agus, i gcomhpháirt le AE, uilíochas agus cur chun feidhme dian an Chonartha Trádála Arm, an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm (NPT) agus athnuachan START Nua a chur chun cinn;
161. ag cur béim ar a thábhachtaí atá an comhar consalach agus taidhleoireachta idir AE agus an Ríocht Aontaithe, ós rud é go n-áiritheofaí cúnamh éifeachtúil leis sin do shaoránaigh a chéile agus go ligfí don Ríocht Aontaithe agus AE araon an deis a thabhairt dá saoránaigh tairbhe a bhaint ó chosaint chonsalach i dtríú stáit i gcás nach bhfuil ionadaíocht taidhleoireachta ag ceann amháin den dá pháirtí, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 20 CFAE;
162. á thabhairt chun suntais gur léiríodh le paindéim COVID 19 a thábhachtaí atá acmhainní agus sócmhainní míleata, agus ról ríthábhachtach ag fórsaí armtha na hEorpa chun tacú leis na hiarrachtaí sibhialta chun dul i ngleic leis an bpaindéim, agus a gcroí-mhisin á gcomhlíonadh ag an am céanna; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé léirithe ag an bpaindéim sin a thábhachtaí atá neamhspleáchas straitéiseach AE agus an chomhair Eorpaigh i réimse na cosanta chun pobail Eorpacha a chosaint i gcásanna éigeandála agus chun stóinseacht na mBallstát a chothú; á mheas gur cheart sásraí a chur ar bun chun comhar pras a chumasú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfianaise géarchéimeanna den chineál céanna agus den scála céanna a bheidh ann amach anseo; den tuairim gur cheart do sheirbhísí míleata leighis Eorpacha malartú faisnéise agus líonra tacaíochta a chur ar bun chun stóinseacht leathan Eorpach a chothú in aimsir éigeandála agus géarchéime, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID19 á dtarraingt suas; á mheas go mbeadh tairbhe fhrithpháirteach le baint as rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in aon líonra leighis míleata Eorpach den sórt sin a bheidh ann amach anseo;
Forálacha institiúideacha agus Rialachas
163. á chur i bhfios gur cheart go n-áireofaí sa Chomhaontú iomlán leis an Ríocht Aontaithe, mar thríú tír, lena n-áirítear forálacha maidir leis an machaire comhréidh, saincheisteanna earnálacha sonracha agus réimsí téamacha an chomhair agus iascaigh, bunú córais rialachais aonair atá comhleanúnach agus daingean a fheidhmeoidh mar chreat foriomlán a chuimsíonn maoirsiú agus bainistiú leanúnach comhpháirteach an Chomhaontaithe chomh maith le sásraí um réiteach díospóidí agus um fhorfheidhmiú le smachtbhannaí agus bearta idirthréimhseacha, i gcás inar gá, i dtaca le forálacha an Chomhaontaithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm;
164. den tuairim gur cheart go mbeadh sásra rialachais aonair cuimsitheach agus cothrománach infheidhme maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí leis an Ríocht Aontaithe ina hiomláine, lena n-áirítear aon chomhaontuithe forlíontacha a d’fhéadfaí a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí, agus comhsheasmhacht le forálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar á háirithiú agus neamhéifeachtúlachtaí á seachaint; á chur in iúl gur gá don sásra um réiteach díospóidí a bheith stóinsithe agus gur cheart go bhforálfaí leis do smachtbhannaí céimnitheacha mar aon le leigheasanna nuair a chinnfear go bhfuil ceann de na páirtithe ag sárú an Chomhaontaithe, agus go mbeidh gá le sásra den sórt sin chun réitigh éifeachtacha, inghníomhaithe agus athchomhairleacha a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras go leanfaidh an Pharlaimint de bheith ar an airdeall maidir le cur chun feidhme na bhforálacha uile; á mheabhrú di go bhfuil struchtúir thábhachtacha don chomhar institiúideach agus don idirphlé forbartha ag an Ríocht Aontaithe le AE, mar iar-Bhallstát, ar cheart go n-éascófaí leo na socruithe cothrománacha sin a chur i mbun oibríochta; á athdhearbhú go bhfuil AE ag súil le níos mó uaillmhéine ón Ríocht Aontaithe maidir le rialachas chun comhpháirtíocht dhaingean amach anseo a chruthú;
165. á áitiú go bhfuil sé dearbhriachtanach go ndéanfadh an córas rialachais sin uathriail chinnteoireacht agus ord dlíthiúil agus breithiúnach AE a chosaint go hiomlán, fad is a urramófaí uathriail an dá pháirtí, lena n-áirítear ról Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar chomhreachtóirí, agus ról CBAE mar an t-aon léirmhínitheoir ar dhlí AE agus Cairt um Chearta Bunúsacha AE; á mheas, i gcás forálacha arna mbunú ar choincheapa dhlí AE, gur cheart go bhforálfaí leis na socruithe rialachais do tharchur a dhéanamh chuig CBAE;
166. á chur in iúl gur geal léi an moladh maidir le Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta a bhunú d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, leis an gceart faisnéis a fháil ón gComhairle Comhpháirtíochta agus moltaí a chur faoina bráid agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go bhforálfaí leis an gComhaontú maidir le bunús dlíthiúil d’fhorálacha a chumasaíonn bunú institiúideach an chomhlachta sin;
167. á éileamh go ndéanfar ról Pharlaimint na hEorpa a urramú i gcomhthéacs chur chun feidhme na bhforálacha maidir le comhar rialála chun a áirithiú go mbeidh ar a cumas formhaoirseacht pholaitiúil chuí a fheidhmiú, agus go ndéanfar a cearta agus sainphribhléidí mar chomhreachtóir a ráthú; á mheabhrú di cearta na Parlaiminte a bheith ar an eolas faoi na socruithe maidir le hathbhreithniú ar an gComhaontú;
168. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an Comhaontú ina iomláine a chumhdach le forálacha maidir leis an idirphlé leis an tsochaí shibhialta, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus le comhairliúchán an dá pháirtí, i gcomhréir le mír 125 den Dearbhú Polaitiúil, ar cheart, go háirithe, comhpháirtithe sóisialta a chuimsiú ann, lena n-áirítear eagraíochtaí agus comhlachais fostaithe a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh AE atá ina gcónaí agus atá ag obair sa Ríocht Aontaithe agus ar shaoránaigh na Ríochta Aontaithe in AE; ag áitiú go mbunófaí grúpaí comhairleacha intíre a dhéanfadh cur chun feidhme an Chomhaontaithe a mhaoirsiú;
169. ag tacú le rannpháirtíocht leanúnach na Ríochta Aontaithe mar thríú tír is breathnadóir, gan aon ról cinnteoireachta i ngníomhaireachtaí neamhrialála AE, amhail i réimsí an iompair, an chomhshaoil nó na fostaíochta, chomh maith le socruithe féideartha comhair ag an Ríocht Aontaithe le piarghníomhaireachtaí rialála amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, chun malartú sonraí, dea-chleachtais agus eolas eolaíoch a chomhroinnt; á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh ar an gCoimisiún, agus stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír nach bhfuil in Schengen agus mar chomhpháirtí lárnach sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe á chur san áireamh, machnamh a dhéanamh ar chomhar praiticiúil a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo idir údaráis na Ríochta Aontaithe agus gníomhaireachtaí AE i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile;
o o o
170. á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus, mar eolas, chuig an gComhairle, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
Ní mór go n-áireofaí sásra ad hoc sa chomhaontú sa todhchaí i gcoinne rioscaí “babhtála” chun an margadh inmheánach a chosaint ar chás ina roghnódh an Ríocht Aontaithe earraí a allmhairiú ar chostas íseal ó thríú tíortha (chun a tomhaltas baile a shásamh) agus a táirgeadh baile a onnmhairiú saor ó dhleachtanna chuig margadh AE atá níos éadálaí. Leis an bhfeiniméan sin, a rachadh chun tairbhe na Ríochta Aontaithe agus tríú tíortha agus nach bhféadfaí é a chosc le rialacha tionscnaimh, dhéanfaí earnálacha talmhaíochta AE a dhíchobhsú agus dá bhrí sin tá gá le sásraí oibríochtúla sonracha ina leith.
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán atmaisféarach áirithe san aer a laghdú (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit a bhaineann leis an soláthar ar sheirbhísí meán closamhairc (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc nó AVMSD), (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: tacaíocht d’earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus d’earnáil an fhíona i dtaca le paindéim COVID-19
114k
44k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gan aon agóid a dhéanamh in aghaidh rialachán tarmligthe an Choimisiúin an 4 Bealtaine 2020 lena maolaítear i ndáil leis an mbliain 2020 ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún maidir le hearnáil an fhíona i dtaca le paindéim COVID-19 (C(2020)02908 – 2020/2636(DEA))
– ag féachaint don rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (C(2020)02908),
– ag féachaint don litir ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 ina n-iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú nach ndéanfaidh sí aon agóid in aghaidh an rialacháin tharmligthe,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe chuig Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí an 2 Meitheamh 2020,
– ag féachaint d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008(1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 62(1), Airteagal 64(6) agus Airteagal 115(5) de,
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007(2) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 37, 53 agus 173 agus Airteagal 227(5) de,
– ag féachaint do Riail 111(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh le haghaidh cinneadh ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
A. de bhrí, i ngeall ar phaindéim COVID-19 atá ann faoi láthair agus na srianta fairsinge gluaiseachta a d’eascair as, go bhfuil deacrachtaí eisceachtúla ag na Ballstáit uile agus ag feirmeoirí i ngach Ballstát maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm scéimeanna cabhrach a leagtar síos in Airteagal 32 go hAirteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in Airteagal 39 go hAirteagal 54 d’earnáil an fhíona de;
B. de bhrí go bhfuil deacrachtaí airgeadais, fadhbanna sreafa airgid, suaitheadh sa mhargadh agus suaitheadh tromchúiseach ar fheidhmiú shlabhra an tsoláthair mar thoradh ar an staid sin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil an fhíona;
C. de bhrí gur thángthas ar dheacrachtaí eisceachtúla sna Ballstáit uile maidir le cláir oibríochtúla a phleanáil, a bhainistiú agus a chur chun feidhme i gcás eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus i mBallstáit a tháirgeann fíon maidir le hoibríochtaí a phleanáil, a bhainistiú agus a chur chun feidhme faoi chláir thacaíochta in earnáil an fhíona;
D. de bhrí, i bhfianaise chineál gan fasach na n-imthosca comhcheangailte sin, gur ghlac an Coimisiún forálacha lena bhforáiltear do sholúbthacht agus chun maoluithe a cheadú ó rialacháin tharmligthe is infheidhme in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil an fhíona;
E. de bhrí go bhfuil cur chun feidhme mear na solúbthachta agus na maoluithe sin bunriachtanach dá n-éifeachtacht agus dá n-éifeachtúlacht agus iad ag dul i ngleic le deacrachtaí sa dá earnáil maidir leis na scéimeanna cabhrach a reáchtáil, lena gcoisctear tuilleadh caillteanas eacnamaíoch agus lena dtugtar aghaidh ar staid an mhargaidh agus ar shuaitheadh ar fheidhmiú an tslabhra soláthair in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil an fhíona;
1. á dhearbhú nach bhfuil aon agóidí á dhéanamh aici in aghaidh an rialacháin tharmligthe;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: caighdeáin theicniúla rialála do luacháil stuama
115k
43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa gan aon agóidí a dhéanamh in aghaidh rialachán tarmligthe ón gCoimisiúin an 28 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 an 26 Deireadh Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála do luacháil stuama faoi Airteagal 105 (14) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (C(2020)03428 - 2020/2668(DEA))
– ag féachaint don Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (C(2020)03428),
– ag féachaint don litir ón gCoimisiúin an 29 Bealtaine 2020 ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú nach ndéanfaidh sí aon agóidí i gcoinne an rialacháin tharmligthe,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta chuig Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí an 9 Meitheamh 2020,
– ag féachaint d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012(1), agus go háirithe Airteagal 105(14 ) de,
– ag féachaint d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún(2),
– ag féachaint don dréachchaighdeán rialála teicniúil arna chur isteach ag an Údarás Baincéireacht Eorpach (ÚBE/RTS/2020/04) an 22 Aibreán 2020 de bhun Airteagal 105(14) de Rialachán (AE) Uimh.575/2013,
– ag féachaint do Riail 111(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh le haghaidh cinneadh ón gCoiste um Ghnóthais Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta,
A. de bhrí go ndéantar leis an ngníomh tarmligthe an creat baincéireachta stuamachta a leasú go sealadach mar fhreagairt ar ráig COVID-19; go háirithe chun maolú a dhéanamh ar thionchair na luaineachta ollmhóire sa mhargadh ar an gcreat luachála stuama, méadaítear, leis an ngníomh tarmligthe, an factóir comhiomlánaithe a úsáidtear chun méid na gcoigeartuithe luachála breise iomlána (AVA) faoin ‘gcur chuige lárnach’ a ríomh ó 50% go 66% go dtí an 31 Nollaig 2020 chun ligint do na hinstitiúidí an ceann is fearr a fháil ar an luaineacht ollmhór reatha sa mhargadh; laghdódh sé sin méid iomlán na AVAnna, agus dá bhrí sin laghdófaí an méid a d’asbhainfí ó chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (CETI) na in-institiúidí;
B. de bhrí gur cheart an gníomh tarmligthe teacht i bhfeidhm chomh luath agus is féidir chun faoiseamh caipitil tapa a áirithiú d'institiúidí le linn na ráithe seo go fóill, agus go dtí deireadh na bliana;
1. á dhearbhú nach bhfuil aon agóidí aige in aghaidh an rialacháin tharmligthe;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 maidir le coigeartuithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (COM(2020)0310 – C9-0122/2020 – 2020/0066(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0310),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0122/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Bealtaine 2020(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Meitheamh 2020(2),
– ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Meitheamh 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0113/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Meitheamh 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 maidir le coigeartuithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/873.)
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 101 go 109 de,
– ag féachaint do na rialacha, na treoirlínte, na rúin, na comhairliúcháin phoiblí, na teachtaireachtaí agus na doiciméid ábhartha ón gCoimisiún maidir leis an iomaíocht,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Iúil 2019 maidir le Beartas Iomaíochta 2018 (COM(2019)0339) chomh maith leis an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ón dáta céanna atá ag gabháil leis,
– ag féachaint dá rún an 31 Eanáir 2019 ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Bheartas Iomaíochta an Aontais Eorpaigh(1),
– ag féachaint do litir mhisin an 10 Meán Fómhair 2019 ón Uachtarán toghaí Ursula von der Leyen chuig Margrethe Vestager,
– ag féachaint do na freagraí i scríbhinn agus ó bhéal ón gCoimisinéir ainmnithe Margrethe Vestager ag an éisteacht a thug Parlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2019,
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún – fógra ón gCoimisiún maidir le státchabhair atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach(2) ,
— ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú(3),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne(4),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Nollaig 2019 ar an tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Iúil 2019 maidir le Beartas Iomaíochta 2018,
— ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2019 ar an tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Iúil 2019 maidir le Beartas Iomaíochta 2018,
— ag féachaint do thuarascáil an 4 Aibreán 2019 ó shaineolaithe ardleibhéil an Choimisiúin dar teideal ‘Beartas iomaíochta don ré dhigiteach’,
— ag féachaint do Réamhthuairim an 26 Márta 2014 ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dar teideal ‘Príobháideachas agus iomaíochas i ré na mórshonraí: An t-idirghníomhú idir cosaint sonraí, dlí na hiomaíochta agus cosaint an tomhaltóra sa Gheilleagar Digiteach’ agus Tuairim 8/2016 an 23 Meán Fómhair 2016 ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dar teideal ‘Forfheidhmiú comhleanúnach ar chearta bunúsacha i ré na mórshonraí’,
— ag féachaint do Ráiteas an 29 Lúnasa 2018 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir leis na tionchair atá ag cosaint sonraí ar dhlúthú eacnamaíoch,
— ag féachaint don litir an 4 Feabhra 2020 a sheol airí eacnamaíocha agus airgeadais na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile agus na Polainne chuig an gCoimisinéir Margrethe Vestager, agus freisin don aighneacht chomhpháirteach ón Ostair, ón tSeicia, ón Eastóin, ón bhFionlainn, ón Ísiltír, ón Laitvia, ón Liotuáin, ó Lucsamburg, ó Mhálta, ón Ísiltír, ón bPolainn, ón bPortaingéil, ón tSlóvaic, ón tSlóivéin, ón Spáinn agus ón tSualainn a rinneadh a dhréachtú mar ullmhúchán don Chomhairle Eorpach a bheidh ann i Márta 2020,
— ag féachaint don togra ón bhFrainc, ón nGearmáin agus ón bPolainn an 4 Iúil 2019 dar teideal ‘Le haghaidh Beartas Iomaíochta Eorpach atá nuachóirithe’,
— ag féachaint don tuarascáil ó 2019 ó Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí dar teideal ‘Ról an Bheartais Iomaíochta i nDea-Bhail Tomhaltóirí sa Ré Dhigiteach’,
— ag féachaint do chinneadh an Choimisiúin an 7 Eanáir 2019 na seacht sraith de rialacha státchabhrach an Aontais (tionscnamh i dtaca le Nuachóiriú a dhéanamh ar Státchabhair 2014-2020) a fhadú go dtí deireadh 2022 agus chun meastóireachtaí a sheoladh idir an dá linn,
— ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 Márta agus an 27 Bealtaine 2019,
— ag féachaint don ráiteas ó 18 mBallstát le linn an séú cruinniú aireachta a bhí ag “Meitheal Chairde an Tionscail” an 18 Nollaig 2018,
— ag féachaint don tuarascáil ón bhFóram Straitéiseach le haghaidh Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne dar teideal ‘Luachshlabhraí straitéiseach a neartú le haghaidh tionscal AE atá ullamh don todhchaí’,
— ag féachaint don athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar na treoirlínte maidir le comhar cothrománach,
— ag féachaint don chomhairliúchán poiblí atá ar bun faoi láthair maidir le rialacháin chothrománacha blocdhíolúine,
— ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meitheamh 2019 dar teideal “I dtreo creat dlíthiúil iomchuí Eorpach d’fhiontair an gheilleagair shóisialta”,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0022/2020),
A. de bhrí go gcaithfidh an iomaíocht agus forfheidhmiú éifeachtach ar an mbeartas iomaíochta a bheith thairbhiúil do shaoránaigh uile AE, go háirithe iad sin atá i staid lag tomhaltóra, agus fós go gcaithfidh sé nuáil agus iomaíocht chothrom a chur chun cinn i measc gnólachtaí atá ag oibriú sa mhargadh aonair, go háirithe trína áirithiú go mbeidh an deis ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) dul in iomaíocht ar bhonn cothrom;
B. de bhrí go gcaithfear an beartas iomaíochta a oiriúnú chun dul i ngleic le dúshláin dhigiteacha, éiceolaíocha, geopholaitiúla, tionsclaíocha agus sóisialta agus go gcaithfidh sé a bheith ag teacht leis na tosaíochtaí a bhfuil cuntas orthu sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i gcuspóirí Chomhaontú Pháras, chun machaire comhréidh a áirithiú sna hearnálacha uile mar chloch choirnéil de chuid gheilleagar margaidh sóisialta an Aontais agus fós fiontair sa gheilleagar sóisialta a chur san áireamh;
C. de bhrí go gcuidíonn comhar domhanda i dtaca le forfheidhmiú na hiomaíochta le neamhréireachtaí a sheachaint sna leigheasanna agus na torthaí a bhíonn i gceist de dhroim gníomhaíochtaí forfheidhmithe agus go gcuidíonn sé le gnólachtaí a gcostais chomhlíontachta a laghdú;
D. de bhrí, i margaí digiteacha atá ag gluaiseacht go mear, go bhféadfadh an beartas iomaíochta a bheith fíormhall i gcásanna áirithe agus dá bhrí sin go mbeadh an baol ann go mbeidís neamhéifeachtach a mhéid a bhaineann le leigheas a fháil ar chlistí sistéamacha sa mhargadh agus le hiomaíocht a thionscnamh an athuair; de bhrí go bhféadfadh rialáil agus faireachán ex ante a bheith tairbhiúil chun formhaoirseacht níos éifeachtaí a áirithiú;
E. de bhrí gur cheart go mbeadh na húdaráis iomaíochta Eorpacha chomh hairdeallach céanna ar mhaithe le fo-fhorfheidhmiú sna margaí digiteacha a sheachaint, mar go bhfuil na margaí digiteacha faichilleach faoin ró-fhorfheidhmiú;
F. de bhrí gurb é cuspóir príomha bheartas iomaíochta AE é saobhadh iomaíochta a sheachaint chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus chun tomhaltóirí a chosaint;
G. de bhrí go bhfuil sé léirithe i scannail, imscrúduithe agus fianaise a bhaineann le sonraí agus a tháinig chun solais le déanaí cén chaoi a bhfuil sonraí pearsanta á mbailiú, á n-úsáid agus á ndíol le tríú páirtithe ag ardáin éagsúla agus an chaoi a raibh imreoirí agus ardáin atá ceannasach ó thaobh na teicneolaíochta de ag rianú na dtomhaltóirí go córasach ar líne;
Ról an bheartais iomaíochta sna margaí domhandaithe
1. á chur in bhfios, i ndomhan domhandaithe, go bhfuil comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tionchar atá ag beartas iomaíochta AE sa domhan, go háirithe trí leanúint d’idirphlé ábhartha agus trí dhlús a chur leis an gcomhar le SAM, leis an tSín, leis an tSeapáin agus le tríú tíortha eile, i gcás inar féidir, trí chomhaontuithe comhair den dara glúin a cheadaíonn malartú faisnéise ar bhonn níos éifeachtaí idir na húdaráis iomaíochta; ag tacú le páirteachas gníomhach an Choimisiúin agus na n-údarás iomaíochta náisiúnta sa Líonra Idirnáisiúnta um Iomaíocht; ag spreagadh an Choimisiúin féachaint le rialacha iomaíochta (ag clúdach Státchabhair chomh maith) a áireamh i gcónaí i gcomhaontuithe saorthrádála AE (CTSanna) agus san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (ETS), chun meas frithpháirteach ar iomaíocht chothrom a áirithiú; ag tabhairt dá haire gurb oth léi an éifeacht dhiúltach ar an gCoimisiún a bhí ag an bparailís laistigh den Comhlacht um Réiteach Díospóidí in ETS;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí a fhorbairt a dhéanfaidh éascú ar fhaireachán níos fearr ar infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) sna Ballstáit go léir, cur chun feidhme mear an tsásra scagthástála do IDCanna a áirithiú agus uirlis a mholadh chun an sásra reatha a neartú, agus fós á áirithiú go mbeidh an tAontas Eorpach fós oscailte agus tarraingteach do IDC; ag tarraingt aird an Choimisiúin ar an bhfíoras go dtairbhíonn cuideachtaí i dtríú tíortha de chóir fhabhrach ina margadh baile agus go bhféadfadh sé sin a bheith ina shaobhadh ar iomaíocht nuair a bhítear ag infheistiú sa mhargadh aonair;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún cómhalartacht le tríú tíortha a áirithiú sa soláthar poiblí, i státchabhair agus sa bheartas infheistíochta, lena n-áirítear dumpáil shóisialta agus chomhshaoil a chur san áireamh; á mheabhrú go bhfuil gá ann margaí soláthair phoiblí a oscailt suas i dtríú tíortha nach bhfuil rochtain ar na margaí sin fós iontu; ag tathant ar an gCoimisiún oibriú ionsar aontachas tríú tíortha lárnacha, amhail an tSín, ar an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais de chuid EDT agus tairiscint tosaigh inghlactha a bheith ann dó sin; á chur i bhfáth i gcás aon ionstraime atá dírithe ar oscailt an mhargaidh idirnáisiúnta a fheabhsú, amhail Ionstraimí Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta de chuid an Aontais atá le tabhairt i gcrích faoi 2021, go gcaithfidh siad maorlathas breise agus aon saobhadh nua margaidh a mbeadh éifeachtaí díobhálacha acu do chuideachtaí AE a sheachaint;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún iomaíocht chothrom a ráthú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i ndiaidh imeacht na Ríochta Aontaithe ó AE ar mhaithe le machaire comhréidh a áirithiú agus dumpáil a sheachaint;
5. ag tacú go hiomlán le Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI), amhail Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún mór-IPCEInna sna teicneolaíochtaí bunathraitheacha a spreagadh tuilleadh, a bhforálacha ábhartha a dhéanamh níos simplí agus na ceanglais a ghabhann leo a shruthlíniú ionas go ndéanfar tionscadail taighde thionsclaíocha ar scála níos lú a fhormheas freisin;
6. á mheabhrú go gcaithfidh an Coimisiún rialú státchabhrach a chur i bhfeidhm go comhionann i leith oibreoirí AE agus oibreoirí neamh-AE chun go seachnófar neamhshiméidreachtaí le hiomaitheoirí coigríche agus go gcaithfidh sé aird níos mó a thabhairt ar chuideachtaí faoi úinéireacht stáit atá lonnaithe ar an gcoigríoch agus atá ag fáil fóirdheontais óna rialtais ar shlite atá toirmiscthe d’eintitis AE le rialacha margaidh aonair AE; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar an moladh a rinne Rialtas na hÍsiltíre le déanaí agus fiosrú a dhéanamh an féidir colún a chur le dlí iomaíochta AE lena dtugtar na huirlisí imscrúdaitheacha iomchuí don Coimisiún i gcásanna ina meastar go bhfuil cuideachta tar éis a bheith ag ghabháil d’iompraíocht shaobhach mar gheall ar fhóirdheontais rialtais nó go bhfuil brabús iomarcach déanta aici bunaithe ar staid cheannasach sa mhargadh ina tír bhaile (e.g. trí sheiceálacha státchabhrach a thabhairt isteach i rialacha soláthair phoiblí AE le haghaidh cuideachtaí ó thríú tíortha);
7. á athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh an bhfuil saobhadh iomaíochta féideartha ag eascairt as an gclár ceannaigh le haghaidh tacaíocht chorparáideach, go háirithe idir FBManna agus corparáidí ilnáisiúnta;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige níos fabhraí a ghlacadh i leith bheartas tionsclaíoch láidir AE chun cumas iomaíochta ard sna margaí domhanda a áirithiú agus a choinneáil; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tionscadail AE a bhfuil leas straitéiseach ag roinnt leo a chur chun cinn agus tacú leo, chomh maith le bacainní agus constaicí a bhaint, chun go bhféadfaidh ceannairí nuálacha AE in earnálacha tosaíochta sonracha teacht chun cinn don Aontas, agus fós urraim a léiriú do chur i bhfeidhm neamhspleách a bheith á dhéanamh ar na rialacha iomaíochta trína ndéantar machaire comhréidh a choimirciú; á shoiléiriú nár cheart go rachadh an cur chuige seo chun dochair do leasanna FBManna agus na dtomhaltóirí, agus gur cheart go ndíreodh sé isteach ar an aistriú ionsar gheilleagar níos inbhuanaithe agus ionsar thionscal sonraí agus bonneagar digiteach iomaíoch san Aontais, amhail 5G a fhorbairt;
9. á iarraidh ar an gCoimisiún an deis a thapú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte le haghaidh comhaontuithe comhair cothrománacha chun creat oibre níos solúbtha a chruthú agus chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do chuideachtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún cumarsáid a dhéanamh níos tráthúla agus níos éifeachtúla le sealbhóirí tionscadal comhair a bhfuil méid áirithe iontu, agus am a thabhairt le go bhféadfar ceisteanna nua a chur air mar chuid de nós imeachta fógartha mear ar bhonn deonach;
10. á chur in iúl gur díol sásaimh di an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún ina fhógra ón 9 Nollaig 1997(5) go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar an sainmhíniú atá aige ar an margadh ábhartha ionas go ndéanfar fís ar bhonn níos fadtéarmaí a chur san áireamh a chuimseoidh an ghné dhomhanda, digiteáil agus iomaíocht fhéideartha sa todhchaí; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint air de bheith ag brath ar phrionsabail fhónta eacnamaíocha agus dlíthiúla ina chuid imscrúduithe, trí phrionsabal na comhréireachta agus próis chuí a leanúint, nuair a bhíonn sé ag breathnú isteach i gcineálacha nua margaí;
11. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil margadh comhréidh idirnáisiúnta i gcóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus a choimircíonn scóip déanta cinntí na stát lárnach don Eoraip, lena n-áirítear cuideachtaí Eorpacha agus go háirithe FBManna, chomh maith lena bheith lárnach d’oibrithe agus do thomhaltóirí; á mheas go rannchuidíonn sé sin le borradh a chur faoi fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, rud a áirithíonn timpeallacht chobhsaí agus intuartha, a shaothraíonn iomaíochas agus cómhalartacht fheabhsaithe, a chinntíonn agus a chruthaíonn poist chuibhiúla in AE agus i dtríú tíortha, agus a áirithíonn ardchaighdeáin saothair agus comhshaoil, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an líon post atá spleách ar luachshlabhraí domhanda; á chur i bhfáth ina leith sin a thábhachtaí atá trédhearcacht, inbhuanaitheacht agus cuntasacht chorparáideach mhéadaithe i luachshlabhraí domhanda, agus á iarraidh ar AE go mbreithneofaí, i measc beart eile, creat dlíthiúil a bhunú le haghaidh dícheall cuí éigeantach i luachshlabhraí domhanda mar chéim riachtanach chun an méid sin a bhaint amach;
12. á iarraidh ar an gCoimisiún, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an díospóireacht, na rialacha iomaíochta, an beartas tionsclaíoch agus an trádáil idirnáisiúnta atá mar réimsí cúraim ag AE a thabhairt le chéile agus go gcaithfidh siad sin a bheith ag dul bonn ar bhonn le hinbhuanaitheacht agus le hurraim don chomhshaol; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá ann le maoiniú a dhéanamh ar thaighde mar bhonn don nuálaíocht agus don fhorbairt ag gnólachtaí Eorpacha agus mar ghné lárnach chun borradh a chur faoin trádáil agus faoin iomaíochas;
13. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag FBManna sa trádáil idirnáisiúnta, ós rud é go seasann siad do 30 %, a mheastar, d’onnmhairithe earraí AE chuig an gcuid eile den domhan(6); á mheas go leanann an margadh inmheánach de bheith, go mór fada, ar an margadh is tábhachtaí do FBManna; á mheabhrú, chun go gcuideofar le FBManna déileáil leis na dúshláin mhéadaithe a ghabhann le dul isteach i margaí nua agus chun a chur ar a gcumas a bheith iomaíoch de réir a dtuillteanas féin, gur cheart do bheartas trádála agus iomaíochta an Aontais rannchuidiú leis an éagsúlacht eacnamaíoch agus le timpeallacht trádála atá oiriúnach do FBManna, agus gur cheart go mbeadh ar áireamh sa mhéid sin smaoineamh ar an sainmhíniú atá ag AE ar FBManna a nuachóiriú, go háirithe trí chritéir cháilitheacha a chur leis an sainmhíniú sin;
14. ag tacú go hiomlán le dícheall an Choimisiúin i gcomhthéacs an athchóirithe leanúnaigh ar EDT, lena n-áirítear ar a Chomhlacht Achomhairc, chun nuashonrú a dhéanamh ar na rialacha iltaobhacha maidir le fóirdheontais nó tionscnaimh earnálacha, agus na rialacha sin a bheith infheidhmithe go héifeachtúil, chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar cheist na bhfóirdheontas ar an leibhéal idirnáisiúnta, ag féachaint go sonrach d’fhóirdheontais thionsclaíocha, d’fhiontair faoi úinéireacht stáit agus d’aistrithe éigeantacha teicneolaíochta, agus ag tacú freisin le dícheall an Choimisiúin gníomhú chun seasamh i gcoinne beartais agus cleachtais i dtríú tíortha nach bhfuil dírithe ar an margadh; á iarraidh ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit a rannpháirtiú go hiomlán sa réimse sin;
15. á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht le forfheidhmiú éifeachtach ar na forálacha um fhorbairt inbhuanaithe atá i gcomhaontuithe trádála chun iomaíocht chothrom mar aon le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a áirithiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di, óna thaobh seo de, go bhfuil critéir chomhshaoil agus shóisialta á dtabhairt isteach san athchóiriú ar bhearta frith-fhóirdheontas agus frith-dhumpála; á mheas go bhféadfaí a fhiosrú freisin a mhéid is féidir croíchaighdeáin bheachta agus inbhreithnitheacha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Dlí (ILO) faoi dhlí EDT a chur san áireamh i gcomhthéacs an athchóirithe leanúnaigh ar EDT agus chun rannchuidiú le machaire comhréidh domhanda a bhaint amach;
16. á chur in iúl gur díol sásamh di, sa chomhthéacs seo, na caibidlíochtaí iltaobhacha atá ar siúl faoi láthair in EDT maidir le r-thráchtáil agus á iarraidh go mbeadh sraith rialacha atá cuimsitheach agus uaillmhianach ann, a thabharfaidh aghaidh ar bhacainní trádála digiteacha, a áirithíonn gur féidir le cuideachtaí dul san iomaíocht ar fud an domhain ar mhachaire comhréidh agus a fheabhsaíonn iontaobhas na dtomhaltóirí i dtimpeallacht ar líne nach dtéann chun dochair do chaighdeáin cosanta sonraí na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh ról ceannasaíochta ag AE sna caibidlíochtaí idirnáisiúnta sin, agus go mbeadh dlúthcomhairliúcháin ann a mbeadh Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, páirteach iontu;
17. á mheas go bhfuil rochtain ar mhargadh inmheánach AE le bheith ag brath ar chaighdeáin sláintíochta, fíteashláintíochta agus chomhshaoil a bheith á gcomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún á áirithiú nach ndéanann beartas trádála agus iomaíochta AE an bonn a bhaint den urraim do chaighdeáin shóisialta agus éiceolaíochta AE agus nach ndéanann sé an bonn a bhaint den mhian caighdeáin níos uaillmhianaí a fhorbairt;
18. á iarraidh ar an gCoimisiún anailís agus staidéar cuí a dhéanamh ar na margaí soláthair poiblí sna tríú tíortha lena bhfuil comhaontú saorthrádála caibidlithe aige nó a bhfuil comhaontú saorthrádála á chaibidliú aige leo chun na dálaí rochtana is fearr do chuideachtaí Eorpacha a chaibidliú;
19. á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht a bheidh ar na hArdstiúrthóireachtaí atá i gceist – AS na Trádála agus AS na hIomaíochta – a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanann na rialacha iomaíochta agus a gcur chun feidhme iomaíocht chothrom a ráthú do chuideachtaí Eorpacha i margaí tríú tíortha, agus a mhalairt;
20. á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar an ról atá ag caighdeáin a shocrú ar bhonn idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le hiomaíocht chothrom; á áitiú gur cheart do AE a chur chuige iltaobhach i leith socrú caighdeán a neartú, go háirithe i gcomhthéacs na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) agus an Choimisiúin Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC); ag tabhairt foláirimh in aghaidh náisiúnú a dhéanamh ar aon chur chuige i leith socrú caighdeán, go háirithe i gcomhthéacs Thionscnamh Chrios agus Ród na Síne agus straitéisí eile a fheabhsaíonn lúdracht; á iarraidh ar an gCoimisiún comhordaitheoir ardleibhéil le haghaidh an bheartais um chaighdeánú a bhunú sa chomhthéacs seo;
21. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé gné inscne-bhunaithe a ionchorprú ar an leibhéal iltaobhach agus ar an leibhéal déthaobhach, lena n-áirítear sna caibidlí inscne i gcomhaontuithe trádála agus i mbearta deartha atá inscne-íogair (e.g. a áirithiú go mbíonn an tionchar inscne atá ag beartas agus comhaontuithe trádála AE san áireamh i measúnuithe tionchair ex ante agus ex post), chun borradh a chur faoin iomaíocht agus chun fás eacnamaíoch atá cuimsitheach a chur chun cinn;
An iomaíocht a oiriúnú don ré dhigiteach
22. á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint arís ar na rialacha maidir le cumaisc agus éadáil chomh maith leis an ngníomhaíocht in aghaidh trustaí a neartú, agus na héifeachtaí atá ag cumhacht mhargaidh agus cumhacht líonraí a bhaineann le sonraí pearsanta agus sonraí airgeadais á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, breith a thabhairt ar rialú na sonraí sin mar chumhacht ionadaíochta i bhfianaise gur ann do chumhacht mhargaidh atá faoina riar de réir Airteagal 102 CFAE; á iarraidh ar an gCoimisiún foghlaim ón gcumasc idir Facebook agus WhatsApp agus a chuid critéar a oiriúnú dá réir; ag moladh, dá réir sin, gur cheart dearbhú neamhfhoirmiúil a dhéanamh roimh ré i gcás gach cumaisc sa mhargadh do na sonraí sin;
23. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcoincheap ‘mí-úsáid cheannasachta’ agus ar dhúnghaois na ‘saoráidí bunriachtanacha’ chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm sa ré dhigiteach; ag moladh go ndéanfaí anailís níos leithne ar chumhacht an mhargaidh i dtaca le héifeachtaí ceirtleán agus geatóra sa chomhrac in aghaidh mí-úsáid cheannasachta ag oibreoirí móra agus easpa idir-inoibritheachta; á iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúchán geallsealbhóirí a dhéanamh mar léiriú ar an éabhlú atá ag teacht ar an ngeilleagar digiteach, lena n-áirítear an nádúr iltaobhach atá leis;
24. á iarraidh ar an gCoimisiún smaoineamh ar athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha atá ann le haghaidh athbhreithniú ar chumaisc chun tosca amhail an líon tomhaltóirí a ndéantar difear dóibh agus luach na n-idirbhearta gaolmhara a chur san áireamh mar chuid den mheastóireacht leanúnach ar an Rialachán um Chumaisc(7);
25. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na leibhéil is airde de chomhchruinniú atá ag tarlú mar gheall ar úinéireacht chothrománach ag cuideachtaí móra bainistithe sócmhainní mar chuid dá mheastóireacht leanúnach ar an Rialachán um Chumaisc agus smaoineamh ar threoirlínte a eisiúint maidir le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a úsáid ina leith sin;
26. ag tabhairt dá haire i gcás roinnt margaí sonracha le haghaidh sonraí airgeadais (e.g. trádáil gnáthscaireanna, rátálacha agus tagarmharcanna) go bhféadfadh cásanna de mhí-úsáid cheannasachta ag soláthróirí ó thaobh sonraí airgeadais infheisteoirí agus tomhaltóirí leanúint as comhchruinniú olagaplach; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht dhiongbháilte a dhéanamh in aghaidh mí-úsáidí ceannasachta den sórt sin, atá díobhálach do shreabhántacht na margaí airgeadais agus a théann i gcoinne leasanna na forbartha inbhuanaithe;
27. á chur i bhfáth, cé go gcruthaítear roinnt cuideachtaí nuathionscanta le súil agus go ndéanfaidh gnólacht níos mó iad a éadáil, go bhféadfadh ceannach cuideachtaí nuathionscanta ag gníomhaithe ceannasacha, lena n-áirítear cuideachtaí agus ardáin na mórtheicneolaíochta, nuálaíocht a phlúchadh agus a bheith ina bhagairt ar státcheannasacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta féachaint isteach sna cleachtais atá ann le haghaidh éadálacha den sórt sin agus na héifeachtaí atá acu ar an iomaíocht, go háirithe i ndáil le ‘díoth-éadálacha’, de réir mar atá sainmhínithe ina thuarascáil saineolaí ardleibhéil an 4 Aibreán 2019 dar teideal ‘An beartas iomaíochta don ré digiteach’; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a sheoladh i dtaobh aisiompú an ualaigh cruthúnais mar atá san Acht Digiteála i nDlí Iomaíochta na Gearmáine (‘GWB-Digitalisierungsgesetz’) a foilsíodh i nDeireadh Fómhair 2019;
28. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir córais rochtana sonraí níos déine, lena n-áirítear idir-inoibritheacht sonraí, a fhorchur go háirithe nuair a fhágann rochtain ar shonraí go ndéantar margaí tánaisteacha a oscailt suas do sheirbhísí comhlántacha nó nuair a bhíonn sonraí coinnithe dóibh féin ag gnólachtaí ceannasacha;
29. á chur i bhfáth go ndéanann eintitis áirithe, a thairbhíonn de stádas dúbailte mar ardán agus mar sholáthróir, mí-úsáid a bhaint as an staid atá acu chun téarmaí agus coinníollacha éagóracha a fhorchur ar iomaitheoirí, gan spleáchas ar iad a bheith gníomhach ar líne nó iad a bheith as líne; á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú isteach i shaincheist na féintosaíochta, agus na dlíthe is gá a fhorfheidhmiú chomh maith le húsáid a bhaint as na hionstraimí riachtanacha i leith na n-eintiteas sin a bhfuil an fhéintosaíocht mar chleachtas acu; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí oibleagáidí rialála ex ante a fhorchur sa chás nach leor dlí na hiomaíochta chun iniomaíocht sna margaí sin a áirithiú, agus ar an tslí sin go seachnófaí foriamh ar na hiomaitheoirí agus go n-áiritheofaí nach ndéantar scroigeanna atá ag teacht chun cinn a bhuanú trí mhonaplú ar nuáil sa todhchaí;
30. ag tabhairt dá haire go bhfuil a mharana á déanamh ag an gCoimisiún ar an ngá atá le rialáil ex ante spriocdhírithe i leith saincheisteanna sistéimeacha ar leith a d’fhéadfadh teacht chun cinn sna margaí digiteacha; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún lárchóras faireacháin ex ante ar na margaí a thabhairt isteach (ach fós torthaí ó mheasúnú tionchair a chur san áireamh), na meáin is gá chun sonraí a bhailiú i ndíth ainm a sholáthar d’údaráis iomaíochta agus rialála AE agus náisiúnta ionas go mbeidh siad in ann clistí sa mhargadh a bhrath níos fearr agus in am trátha, agus – i gcás inarb iomchuí – rialáil spriocdhírithe a thabhairt isteach nuair a thiocfaidh cleachtais áirithe chun bheith sistéimeach;
31. á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún na gníomhaithe digiteacha lárnacha a shainaithint agus sraith de tháscairí a leagan síos chun a nádúr sistéimeach a shainiú; á chur i bhfáth go bhféadfaí na táscairí seo a leanas a mheas: mí-úsáid cleachtais ag líonraí fairsinge áirithe, rialú ar thoirt shuntasach de shonraí nach bhfuil in-mhacasamhlaithe, staid dhosheachanta ar mhargadh ilghnéitheach nó cumas an ghníomhaí rialacha an mhargaidh a shainiú iad féin;
32. ag tarraingt aird an Choimisiúin ar an bhfíoras go mbíonn monaplachtaí eachtrannacha ag éadáil oibreoirí sonraí digiteacha, lena n-áirítear sonraí sláinte, airgeadais agus oideachais, agus go bhfuil rioscaí príobháideachta i gceist a théann thar na héifeachtaí díobhálacha atá ag na hidirbhearta sin cheana féin ar iomaíocht den sórt sin; á iarraidh ar an gCoimisiún na gnéithe sin a chur san áireamh i ndáil leis an straitéis Eorpach le haghaidh sonraí atá ar na bacáin agus imscrúdú a dhéanamh i dtaobh tras-úsáid sonraí, sa chás go mbaintear úsáid as sonraí a thionscnaíonn ó sheirbhís amháin chun an tairiscint ar sheirbhísí nua na n-ardán a leathnú;
33. á chur in iúl gur díol sásaimh di straitéis Eorpach um shonraí an Choimisiúin a rinneadh a thíolacadh an 19 Feabhra 2020, agus a bhfuil sé mar aidhm léi feabhas a chur ar úsáid sonraí ar shlí atá tairbhiúil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí; ag tacú leis an bhfíoras go bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún reachtaíocht a thabhairt isteach maidir le húsáid sonraí agus rochtain ar shonraí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cosaint a thabhairt do shonraí pearsanta tomhaltóirí agus don chaoi a roinntear iad chun go méadófaí leibhéal sábháilteachta agus iontaofachta na dtomhaltóirí; á chur i bhfáth go gcaithfear a chur in iúl go lándearfa do na tomhaltóirí go bhfuil a gcuid sonraí coinnithe slán, agus go gcaithfear tosaíocht a thabhairt dá bhrí sin don chomhar ar fud gach earnála i dtaobh slándáil sonraí; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh clásal a dhearbhaíonn nach ndíolfar sonraí pearsanta le tríú páirtithe gan toiliú a fháil ón té is ábhar do na sonraí lena mbaineann ina chuid lárnach freisin den straitéis;
34. á chur i bhfáth, cé go bhfuil ról mór ag ardáin idirghabhála i rochtain ar sheirbhísí ar líne a sholáthar do thomhaltóirí, go bhfuil cuid acu a bhaineann mí-úsáid as a staid phribhléideach trí ghníomhú mar gheatóirí, lena n-áirítear in eiceachórais iata agus i láithreacha margaidh ar líne; á iarraidh ar an gCoimisiún aird léir a thabhairt ar na geatóirí sin ina bheartas iomaíochta agus na himscrúduithe atá ar siúl faoi láthair aige a thabhairt i gcrích a luaithe agus is féidir;
35. ag tathant ar an gCoimisiún an saor-rogha atá ag tomhaltóirí a mhéadú agus an ról atá ag Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC-Net) a neartú agus staidéar a dhéanamh ar an bhfuil gá le húdarás tomhaltóirí de chuid AE a bheith ann; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, nach é amháin gur praghsanna cothroma do thomhaltóirí a áirithiú atá i gceist le beartas iomaíochta, ach go bhfuil cáilíocht, éagsúlacht agus nuáil a sholáthar i gceist leis freisin;
36. á chur i bhfáth gur chun leasa an Aontais Eorpaigh é go mbeadh córas íocaíochta uile-Eorpach ann; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tionscnaimh a chomhlíonann an cuspóir seo agus a aithint go bhfuil rath na dtionscnamh ag brath ar nádúr nuálach an chórais do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí agus ar inmharthanacht a shamhail eacnamaíoch;
Éifeachtacht ionstraimí an bheartais iomaíochta
37. á chur i bhfáth gur féidir le fíneálacha tionchar a bheith acu ar dhea-cháil na gcuideachtaí a ngearrtar pionós orthu; á chur i bhfios, mar sin féin, fiú amháin nuair a fhorchuirtear fíneálacha troma nach leor iad go minic mar bheart athchomhairleach agus go bhféadfadh sé i ndeireadh thiar go mbuailfí anuas ar na tomhaltóirí iad; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint freisin as leigheasanna malartacha iompraíochta agus, má gá, struchtúrtha chun éifeachtacht bheartas iomaíochta AE a áirithiú go hiomlán; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ordú stad agus staonadh i bhfad níos forordaithí sna leigheasanna atá ar na bacáin;
38. á mheabhrú gur féidir le mí-úsáid na cumhachta sa mhargadh tarlú fiú amháin nuair a dhéantar táirgí nó seirbhísí a sholáthar saor in aisce; á chreidiúint go mbíonn sonraí príobháideacha á dtabhairt anonn do thríú páirtithe le haghaidh críocha margaíochta nó tráchtála go minic gan toiliú cuí a fháil ón tomhaltóir, ós rud é nach bhfuil roghanna malartacha ar chomhroinnt sonraí á soláthar go minic; á mheas, sa gheilleagar digiteach, go mbíonn cliseadh sa mhargadh, tógáil cíosa iomarcach agus blocáil ar iontrálaithe nua ag leanúint as comhchruinniú sonraí i líon beag cuideachtaí;
39. á mheabhrú go bhfuil tábhacht ar leith le margadh cuardaigh ar líne nuair a bhíonn dálaí iomaíocha sa mhargadh aonair digiteach á áirithiú; á thabhairt ar aird go bhfuil inneall cuardaigh amháin, a bhfuil os cionn 92 % de sciar an mhargaidh aige i bhformhór na mBallstát, tagtha chun bheith ina gheatóir ar an Idirlíon; á iarraidh go ndéanfar ionchur ó na geallsealbhóirí uile, ag clúdach na naoi mbliana seo caite de stair na bhfritrustaí, a úsáid chun measúnú práinneach a dhéanamh féachaint an mbeadh na leigheasanna atá molta in ann dul chun tairbhe go fírinneach do thomhaltóirí, d’úsáideoirí idirlín agus do ghnólachtaí ar líne san fhadtéarma; á iarraidh ar an gCoimisiún smaoineamh ar thogra a thabhairt isteach a bheadh – mar atá molta sa rún óPharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2014 maidir le tacú le cearta an tomhaltóra sa mhargadh aonair digiteach(8) – dírithe ar innill chuardaigh a dhíchuachadh óna gcuid seirbhísí tráchtálach ionas go gcuirfear deireadh leis an status quo, agus go bhféadfadh an gníomh sin a bheith ina bhealach fadtéarmach chun iomaíocht chothrom agus éifeachtach a ghnóthú a mhargadh digiteach Eorpach;
40. á chur i bhfáth a mhoille atá imscrúduithe fritrusta, amhail cás Google Shopping, i gcomparáid leis an luas atá faoi na margaí digiteacha; á chur i bhfáth go bhfuil éifeacht damáisteach ann a thagann as an staid seo agus gur ann freisin do rioscaí airgeadais agus struchtúracha do pháirtithe áirithe má tionscnaíonn siad nósanna imeachta fada agus costasacha; á chur i bhfáth go gcaithfear an phróis chuí a urramú, ach á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na nósanna imeachta luathaithe le haghaidh fritrusta chomh maith le dreasachtaí nua a aimsiú, amhail clár trócaire, chun a thabhairt ar chuideachtaí a bheith níos comhoibrithí ó thaobh cairtéil ar fud an Aontais a aimsiú;
41. á chur i bhfáth go gcaithfear féachaint go tráthrialta ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as bearta eatramhacha chun stop a chur le haon chleachtas a dhéanfadh díobháil thromchúiseach don iomaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún na critéir a bhaineann leis na bearta sin a mhaolú, agus fós an smacht reachta a urramú, chun gach damáiste doleigheasta a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an bhFógra um Leigheasanna(9) trí na forbairtí agus an éabhlú san earnáil dhigiteach le blianta beaga anuas a chur san áireamh;
42. á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí leanúnacha atá ann chun aghaidh a thabhairt ar iompar dhrochúsáideach ag ardáin mhóra; á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú arís ar chásanna inar léir go raibh na leigheasanna a tairgeadh neamhéifeachtach chomh fada agus a bhaineann leis an iomaíocht a athshuíomh, mar a bhí i gcás Google Shopping; á cur i bhfáth, in éagmais leigheasanna iompraíochta spriocdhírithe agus éifeachtúla a rinneadh a réamhthástáil leis an ngnóthas a ndearnadh difear dó, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le deighilt struchtúrach iomlán idir na seirbhísí cuardaigh ginearálta agus speisialaithe; á chur i bhfios go láidir, i gcomparáid le leigheasanna struchtúracha, go bhféadfadh leigheasanna iompraíochta réiteach atá éifeachtúil ó thaobh ama de a thairiscint, rud a mhaolódh an fhéidearthacht atá ann go mbeadh ar iomaitheoirí imeacht as an margadh le linn pléite fada a bheith ar siúl maidir le dífheistiú;
43. á chur i bhfios gur gá don Choimisiún acmhainní leormhaithe a leithdháileadh chun gur éifeachtúla a bheifear in ann rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an gá ann saineolas sonrach a áirithiú, go háirithe maidir le saincheisteanna méadaitheacha amhail ceannasacht na n-ardán ar líne nó intleacht shaorga;
44. á iarraidh ar an gCoimisiún treoraíocht a eisiúint maidir leis an léirmhíniú ar ‘bhac suntasach ar iomaíocht éifeachtach’, mar a leagtar amach sa Rialachán um Chumaisc, ionas – i gcásanna ina dtarlaíonn cumaisc – nach é amháin go mbeidh an Coimisiún ag breathnú ar phraghsanna, aschur agus nuálaíocht ach go mbeidh aird freisin aige ar chostais shóisialta agus chomhshaoil na n-idirbheart sin de réir phrionsabail CFAE, agus go mbeidh aird ar leith aige ar chosaint an chomhshaoil;
45. á iarraidh ar an gCoimisiún fiosrú a dhéanamh faoin tseirbhís nua le haghaidh cuntais reatha a bheith á sholáthar do thomhaltóirí ag na cuideachtaí teicneolaíochta is mó ar domhan sna blianta amach romhainn; ag tathant ar an gCoimisiún díriú isteach go sonrach ar iontráil na gcuideachtaí sin sa mhargadh airgeadais digiteach nua agus ar an lear ollmhór sonraí a bhaileoidh siad óna dtomhaltóirí agus ar an gcaoi a bhféadfadh siad úsáid a bhaint astu;
Na rialacha iomaíochta ag tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip
46. á chur in iúl gur díol sásaimh di an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus na cuspóirí a leagtar amach inti chun tacú le haistriú costéifeachtach chuig neodracht aeráide faoi 2050 agus chun breoslaí iontaise a dhíothú de réir a chéile; ag tacú leis an tiomantas i leith treoirlínte AE maidir le Státchabhair a athbhreithniú faoi 2021 chun na cuspóirí sin a léiriú;
47. ag tacú le hathbhreithniú an Choimisiúin ar na treoirlínte maidir le státchabhair sna hearnálacha ábhartha go léir, amhail iompar, lena n-áirítear aeriompar agus muiriompar, i gcomhréir leis na cuspóirí sa Chomhaontú Glas don Eoraip trí phrionsabal an aistrithe chóir a chur i bhfeidhm agus aitheantas a thabhairt don ról comhlántach atá ag rialtais na mBallstát chun tacú le hinfheistíochtaí i ndícharbónú agus i bhfuinneamh glan agus fós a áirithiú gur ann do mhachaire comhréidh agus nach bhfuil aon saobhadh margaidh ar siúl; á iarraidh ar an gCoimisiún a scrúdú, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh(10), cibé an bhforálann na díolúintí cánach reatha do dhálaí iomaíochta trasearnála atá míchothrom; á iarraidh ar an gCoimisiún a scrúdú cibé an ann dó saobhadh iomaíochta a théann chun tairbhe earnáil an aeriompair mar thoradh ar an díolúine cánach ar cheirisín;
48. á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid den athbhreithniú atá ar na bacáin ar na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus d’fhuinneamh, foráil a dhéanamh maidir le níos mó solúbthachta a bheith ann i gcás na cabhrach a dheonaítear d’fhuinneamh inathnuaite arna ghiniúint ag an saoránach, i gcomhréir le gealltanais aeráide an Aontais;
49. á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún aon iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc sa chás gur le haghaidh cuspóirí eile ar nós a gceannasacht in earnáil ar leith a atreisiú a bhíonn cuideachtaí móra ag úsáid na cabhrach poiblí a dheonaítear dóibh ar mhaithe lena samhlacha gnó a ‘ghlasú’;
50. á iarraidh ar an gCoimisiún treoraíocht bhreise a thabhairt agus creat cumasúcháin a chruthú le haghaidh infheistíocht bhreise in éifeachtúlacht fuinnimh agus in athchóiriú foirgneamh, agus freisin maidir le hathchumhachtú, tionscadail hibrideacha agus stóráil leictreachais;
51. á chur i bhfios go láidir ina leith sin, ionas go mbeadh rath ar an gComhaontú Glas don Eoraip, go gcaithfidh go mbeidh na buntáistí a ghabhann leis soiléir do tháirgeoirí táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe san Eoraip agus nach mbeidh orthu dul i ngleic le hiomaíocht mhíchothrom ó chuideachtaí i dtríú tíortha;
52. á thabhairt dá haire nach mór comhleanúnachas beartas maidir le talmhaíocht, gníomhú ar son na haeráide agus trádáil a áirithiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip;
Beartais earnála
53. á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúduithe a dhéanamh ar bhealach níos córasaí sna hearnálacha atá riachtanach do shaol laethúil na saoránach sa ré dhigiteach, amhail sláinte, soghluaisteacht, fógraíocht ar líne, fuinneamh, turasóireacht, lena n-áirítear faireachán ar uasphraghsanna na n-ardán cóiríochta ar líne, cultúr, seirbhísí airgeadais agus íocaíochta, agus na meáin, agus fós ardchaighdeáin AE a chothabháil;
54. á iarraidh ar an gCoimisiún a thabhairt dá haire go bhféadfadh sé gur comhartha de laige sa mhargadh aonair nó gur bacainní ar iomaíocht chothrom atá i monaplachtaí agus olagaplachtaí náisiúnta a bheith ann;
55. á iarraidh ar an gCoimisiún réamhstaidéar a dhéanamh i dtaobh chomhchruinniú úinéireacht na meán san Eoraip, agus freisin i gcomhthéacs corparáidí ilnáisiúnta a bhíonn ag ceannach amach soláthraithe meán san Eoraip;
56. ag athdhearbhú go n-úsáidtear cánachas uaireanta chun státchabhair indíreach a thabhairt, rud a chruthaíonn dálaí iomaíochta éagothroma sa mhargadh inmheánach; á iarraidh ar an gCoimisiún a chuid treoirlínte reatha i dtaobh na tuisceana ar státchabhair a nuashonrú chun a áirithiú nach mbíonn státchabhair i bhfoirm buntáiste chánach á dheonú ag na Ballstáit; á chur in iúl gur saoth léi an drochúsáid atá á dhéanamh de rialuithe cánach agus ag cur in iúl gur díol sásaimh di na breithiúnais a rinneadh le déanaí sa Chúirt Ghinearálta ag deimhniú nach comhchuibhiú cánach atá i gceist le scrúdú ag an gCoimisiún ar rialú cánach ó thaobh na státchabhrach de; á thabhairt faoi deara gur minic go ndéantar rialuithe an Choimisiúin a agóid sa chúirt, agus dá bhrí sin go gcaithfear iad a ullmhú go críochnúil; á áitiú gur cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis a mhalartaítear idir údaráis chánach na mBallstát ionas gur fearr a bheifear in ann sáruithe ar rialacha iomaíochta a bhrath; á iarraidh go nglacfar an togra maidir leis an gComhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide (CCCTB) agus go ndéanfar tuairisciú poiblí de réir tíre;
57. á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú isteach san fhéidearthacht go gcuirfí fíneáil ar thíortha a fhaightear a bheith ag sárú na rialacha maidir leis an státchabhair;
58. á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh go mear ar na neamhréireachtaí idir na rialacha maidir le státchabhair a bhaineann le cabhair faoi choinne leachtaithe agus an córas réitigh faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc(11) (Treoir BRR), agus ansin athbhreithniú a dhéanamh dá réir ar a Teachtaireacht maidir leis an Earnáil Baincéireachta an 30 Iúil 2013(12), lena n-áirítear i bhfianaise cásanna a bhí ann le déanaí, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cáiníocóirí a chosaint;
59. á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint go cúramach ar chásanna san earnáil baincéireachta a bhfuil ábharthacht iomaíochta féideartha acu i mBallstáit áirithe ina bhfuil rátaí úis arda ar thomhaltóirí faoi láthair(13) agus ar an easpa trédhearcachta atá ann a mhéid a bhaineann le hiasachtaí, a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh mar gheall ar chomhchruinniú úinéireachta san earnáil baincéireachta agus a bhféadfadh cleachtais díolacháin morgáistí atá meabhlach leanúint as;
60. á iarraidh ar an gCoimisiún athmheastóireacht a dhéanamh ar bhonn bliantúil lena fháil amach an leanann an earnáil airgeadais de bheith ag comhall na gceanglas chun Airteagal 107(3)(b) CFAE a chur i bhfeidhm;
61. á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún imscrúdú críochnúil a dhéanamh agus bearta breise a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar an gcuasa-mhonaplacht atá ag an ‘Mór-Cheathrar’ de chuideachtaí cuntasaíochta a dhéanann iniúchóireacht ar na cuideachtaí liostaithe is mó atá ann, amhail seirbhísí comhairliúcháin agus iniúchóireachta a scaradh óna chéile agus go ndéanfaí ‘iniúchóireacht chomhpháirteach’ éigeantach a chur ar bun lena gcuirfí ar chumas gnólachtaí lasmuigh den Mhór-Cheathrar an acmhainneacht a bhfuil gá leis chun athbhreithniú a dhéanamh ar na cuideachtaí is mó a fhorbairt;
62. á iarraidh ar an gCoimisiún iomaíocht chothrom agus tuilleadh trédhearcachta a ráthú i gcleachtais tráchtála na n-ardán as líne, lena n-áirítear ollmhargaí agus hipearmhargaí, ionas go n-áiritheofar go bhfaigheann táirgeoirí AE dálaí agus praghsanna cothroma ar a gcuid táirgí; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá ghrinnanailís ar mhéid agus éifeacht comhghuaillíochtaí ceannaigh, a mhéid a bhaineann le straitéisí praghsála agus le straitéisí neamhphraghsála, ar fheidhmiú eacnamaíoch an tslabhra soláthair talmhaíochta agus bia, agus aird ar leith á tabhairt ar na héifeachtaí atá acu ar sholáthróirí agus feirmeoirí beagscála; á chur in iúl gurb oth léi an fíoras nach bhfuil díol faoina luach curtha ar an liosta de chleachtais atá toirmiscthe ar leibhéal AE; á thabhairt chun suntais nach mór, sa straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus i ndlí iomaíochta AE, aitheantas a thabhairt don rannchuidiú tábhachtach a dhéanann táirgeoirí príomhúla nuair a bhíonn bia ardcháilíochta á sholáthar acu agus earraí poiblí á seachadadh don tsochaí acu;
63. á iarraidh go mbeadh cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta i leith táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí (ETanna) níos soiléire, níos solúbtha agus níos intuartha chun go méadófar an deimhneacht dhlíthiúil; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Comheagrú Aonair na Margaí (CEM)(14), agus go ndéanfaí forálacha an Rialacháin sin a shoiléiriú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na heisceachtaí ar rialacha iomaíochta a dheonaítear i leith comhaontuithe agus cleachtais áirithe d’fheirmeoirí i gcomhlachas; ag spreagadh go ndéanfar tuilleadh ETanna a bhunú mar bhealach d’fheirmeoirí chun a staid a neartú agus caibidliú éifeachtach a dhéanamh ar phraghsanna chomh maith le dul i ngleic le éagothromaíochtaí cumhachta laistigh den slabhra soláthair bia;
64. á iarraidh ar an gCoimisiún na forálacha cánach atá tugtha isteach go sonrach ag na Ballstáit chun feirmeoirí a spreagadh le coigilteas réamhchúraim deonach a chur ar bun a dhíolmhú ó rialacha maidir le Státchabhair, d’fhonn deileáil ar bhealach níos fearr leis an mborradh atá ag teacht faoi rioscaí faoi thionchar aeráide agus rioscaí sláinte, chomh maith le géarchéimeanna eacnamaíocha; á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-athbhreithniú ar an Rialachán de minimis(15), a chuideoidh le feirmeoirí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide agus fós aon saobhadh margaidh a sheachaint; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá ar leith le treoirlínte shoiléire a bheith ann don earnáil talmhaíochta mar gheall ar cheanglais chomhshaoil agus inbhuanaitheachta; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tseiceáil oiriúnachta atá á déanamh ar phacáiste nuachóirithe 2012 don Státchabhair agus an t-athbhreithniú atá á dhéanamh ar an Rialachán Blocdhíolúine Talmhaíochta(16);
65. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 209 den Rialachán maidir le CEM Aonair, agus a raon feidhme a shoiléiriú, go sonrach maidir leis na heisceachtaí ar rialacha iomaíochta a dheonaítear do chomhaontuithe áirithe agus do chleachtais áirithe de chuid feirmeoirí i gcomhlachais, chun níos mó soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann nuair a dhéantar an tAirteagal sin a chur chun feidhme, agus níos mó solúbthachta a thabhairt don Choimisiún maidir leis an Airteagal sin a chur chun feidhme;
66. ag aithint an róil atá ag eagraíochtaí idirchraoibhe sa slabhra, a fhónann mar ardán don idirphlé, don taighde agus don fhorbairt, do dhea-chleachtais agus do thrédhearcacht an mhargaidh;
67. á iarraidh go ndéanfaí ról na n-eagraíochtaí idirchraoibhe a neartú chun caidreamh níos cothroime a chur chun cinn sa bhiashlabhra, agus ag tacú le leathnú an chlásail comhroinnte luacha chun na hoibreoirí uile, seachas an chéad cheannaitheoir amháin, a chumhdach, i gcomhréir leis an dréacht-tuarascáil a ghlac an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe i bPharlaimint na hEorpa i mí Aibreán 2019 maidir le comheagrú nua na margaí i dtáirgí talmhaíochta mar chuid den chéad athchóiriú eile ar an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT);
68. á iarraidh go ndéanfaí foráil do dhíolúine uathoibríoch shainráite ó Airteagal 101 CFAE faoi Airteagal 210 den Rialachán maidir le CEM Aonair, faoi réir phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, lena gceadófaí d’eagraíochtaí idirchraoibhe talmhaíochta na cúraimí a shanntar dóibh leis an Rialachán maidir le CEM Aonair a chur i gcrích, d’fhonn aidhmeanna Airteagal 39 CFAE a chur chun cinn;
69. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar forálacha Airteagal 222 den Rialachán maidir le CEM Aonair a ghníomhachtú go pras chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh tromchúiseach sa mhargadh;
70. á chur in iúl gur díol sásaimh di rath na mbeart bainistithe soláthair a tugadh isteach do cháis agus liamhás ardcháilíochta arna iarraidh sin do ETanna, d’eagraíochtaí idirchraoibhe agus do ghrúpaí oibreoirí; á iarraidh go ndéanfaí forálacha an Rialacháin maidir le CEM Aonair lena n-údaraítear tabhairt isteach rialacha rialaithe soláthair a leathnú chun na táirgí uile a thairbhíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) nó de thásc geografach faoi chosaint (TGFC) a chumhdach chun cothromaíocht níos fearr idir soláthar agus éileamh a bhaint amach;
71. á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir le feidhmiú an tslabhra soláthair talmhaíochta agus bia, agus beartas iomaíochta AE a oiriúnú i gcomhréir leis na forbairtí is déanaí sa timpeallacht trádála;
72. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh Treoir (AE) 2019/633 an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia(17), rud ar céim thosaigh thábhachtach í chun cothroime idir oibreoirí a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothroime na cumhachta margála laistigh den slabhra soláthair bia; ag tathant ar na Ballstáit an treoir a thrasuí gan mhoill agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an trasuite agus comhroinnt na ndea-chleachtas idir na Ballstáit a chur chun cinn; ag spreagadh na mBallstát chun cleachtais éagóracha bhreise a liostú mar chleachtais thoirmiscthe agus caighdeáin níos airde a leagan síos;
73. á mheabhrú go bhfuil athstruchtúrú suntasach cothrománach agus ingearach déanta, as ar tháinig comhdhlúthú breise sna hearnálacha seo a leanas: síolta, agraiceimiceach, leasachán, géineolaíocht ainmhithe agus innealra feirme, ar earnálacha iad a bhí comhchruinnithe cheana, agus i bpróiseáil agus miondíol; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar chumaisc sna hearnálacha sin, breithniú a dhéanamh ar thionchair eile chomh maith leis na praghsanna do thomhaltóirí; á chur i bhfáth nach mór leasanna feirmeoirí, saoránach agus an chomhshaoil in AE a chosaint, trí mheasúnú cuimsitheach agus iomlánaíoch a dhéanamh, ar leibhéal na feirme, ar thionchar na gcumasc agus na n-éadálacha i measc soláthróirí ionchuir talmhaíochta, lena n-áirítear táirgeoirí táirgí cosanta plandaí;
74. á mheas go bhfuil sé bunriachtanach go leanfadh an Coimisiún den fhaireachán mionsonraithe a dhéanann sé ar mhargadh AE na lotnaidicídí, na síolta agus na dtréithe, agus d’fhaireachán a dhéanamh ar thionchar na digiteála ar an earnáil talmhaíochta;
75. ag tathant ar an gCoimisiún ardán buan faisnéise ar leibhéal an Aontais a chur ar bun maidir le huirlisí bainistithe riosca chun cabhrú le feirmeoirí déileáil le neamhchinnteacht aeráide, le luaineacht sa mhargadh agus le rioscaí eile, ar ardán é inar féidir le geallsealbhóirí dea-chleachtais a mhalartú, mar a leagtar amach ina theachtaireacht ó mhí na Samhna 2017 maidir le todhchaí an bhia agus na feirmeoireachta;
76. á chur i bhfios go gcuireann éagothromaíochtaí móra maidir le híocaíochtaí díreacha bac ar thionscnaimh inbhuanaithe feirmeoirí don aeráid agus don chomhshaol agus go ndéanann siad iomaíocht in AE a shaobhadh; ag meabhrú an ghealltanais a thug an Chomhairle Eorpach an 7-8 Feabhra 2013 go ndéanfaí íocaíochtaí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais faoi 2020;
77. ag tarraingt aird ar líon méadaitheach agóidí na bhfeirmeoirí agus á thabhairt dá haire go bhfuil an tionchar carnach atá ag comhaontuithe saorthrádála (CSTanna) ar earnáil agraibhia AE ar cheann de na hábhair imní atá aici; ag ceistiú an bhfuil táirgeoirí agraibhia AE faoi mhíbhuntáiste iomaíoch mar gheall ar CSTanna, i bhfianaise difríochtaí sna caighdeáin shóisialta, sláinte, saothair agus leasa ainmhithe atá ann i dtríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an tuarascáil is déanaí uaidh maidir leis an tionchar carnach atá ag comhaontuithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a thíolacadh a luaithe is féidir, agus á iarraidh go ndéanfaí prionsabail na cómhalartachta agus an chomhlíonta do tháirgí talmhaíochta a chur i bhfeidhm agus go dtabharfaí cosaint d’earnálacha leochaileacha sa chaibidlíocht trádála a bheidh ann amach anseo agus sa chaibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair, ag áirithiú go ndéanfar na cigireachtaí uile is gá;
78. á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra le haghaidh rialachán maidir le clár an mhargaidh aonair, agus, go sonrach, na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbiashlabhra a dtugtar tacaíocht dóibh ann, amhail bearta tréidliachta agus fíteashláintíochta, chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte ainmhithe agus plandaí; ag tathant ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa an chaibidlíocht a thabhairt chun críche go pras agus an rialachán a ghlacadh;
79. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá conclúidí tráthúla maidir leis an dá thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin idirthréimhseacha, chun moilleanna agus castachtaí a sheachaint a bhféadfadh éagobhsaíocht sa mhargadh a bheith mar thoradh orthu;
80. á mheas go bhfuil sé bunriachtanach na hinniúlachtaí uile a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagail 209 agus 210 den Rialachán maidir le CEM Aonair agus a bhaineann le státchabhair le haghaidh forbairt na n-earnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta a choinneáil laistigh de AS AGRI, agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú gur ann don saineolas is gá chun aghaidh a thabhairt ar ábhair sa réimse sin agus iad a chomhordú, rud atá riachtanach i bhfianaise chineál sonrach na n-earnálacha sin agus atá go hiomlán comhsheasmhach leis na cuspóirí agus an tacaíocht a sholáthraítear faoi CBT;
81. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar sholáthar seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SLEG) nuair a bhíonn rialacha státchabhrach á gcur i bhfeidhm, go háirithe i gcomhthéacs réigiúin agus oileáin scoite, iargúlta nó forimeallacha san Aontas; ag tabhairt dá haire go bhfuil deacrachtaí áirithe ann maidir le rialacha phacáiste Almunia a chur i bhfeidhm i gcás SLEGanna áirithe, amhail an earnáil poist, a bhféadfadh a gcuid cúraimí seirbhíse poiblí, i gcomhréir le dlí an Aontais, a bheith sainithe agus eagraithe ar an leibhéal náisiúnta;
82. á mheabhrú go bhfuil gá le treochlár le haghaidh spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh ar státchabhair, go háirithe i gcás seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sheachadadh, lena n-áirítear seirbhísí fuinnimh, iompair nó teileachumarsáide;
83. á athdhearbhú gur iarr sí go ndéanfaí réigiúin ghuail a shainaithint mar limistéir fóirithinte ionas go bhféadfaí rialacha cabhrach AE a oiriúnú chun go bhféadfaí bearta a ghlacadh lena ndéileáiltear leis na hathruithe struchtúrtha is gá, go dtí go bhfaighfí gealltanais shoiléire ó na cuideachtaí atá ag feidhmiú sna réigiúin sin gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh i dtreo neodrachta carbóin agus i dtreo chuspóirí aeráide AE; á mheabhrú nár cheart na gníomhaíochtaí sin atá riamh anall ina gcuid den fhreagracht shóisialta chorparáideach a bheith faoi réir cóir phribhléidithe Státchabhrach;
84. á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an Coimisiún tar éis leathnú na scéime blocdhíolúine go dtí tionscadail a bhaineann le Comhar Críochach Eorpach (ar a dtugtar Interreg freisin) a áireamh ina athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine (GBER)(18);
85. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chóir aisiméadrach a chuirtear ar oibríochtaí a fhaigheann cistiú AE ag brath ar an gcás cibé acu an dtugtar tacaíocht dóibh ar thaobh an Aontais le hacmhainní ón mbeartas comhtháthaithe nó le cistí nó cláir AE eile amhail Fís 2020/Fís Eorpach nó EFSI2.0/ InvestEU mar atá molta ag an gCoimisiún ina athbhreithniú ar GBER; á chreidiúint gur cheart machaire comhréidh a choimeád le haghaidh tionscadail a bhfuil an nádúr céanna leo, ach a bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh na bhfoinsí maoinithe, mar go dtabharfadh sé sin tosaíocht do scéimeanna cistithe áirithe agus ag an am céanna go ndéanfaí plódú ar scéimeanna eile;
Cuimsiú níos fearr a dhéanamh ar na saoránaigh tríPharlaimint na hEorpa
86. á iarraidh, d’uireasa aon leasú ar na Conarthaí, go mbainfí úsáid rialta as an ngnáthnós imeachta reachtach sa bheartas iomaíochta, ar an dóigh chéanna leis an nós imeachta a úsáideadh don Treoir um Dhamáistí Fritrustaí(19) agus do Threoir ECN+;
87. á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa go rialta maidir le cur chun feidhme agus faireachán na gcomhaontuithe comhair i ndáil le hiomaíocht, agus ar an scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche; á iarraidh ar an gCoimisiún ardchaighdeáin trédhearcachta a choimeád;
88. á chur i bhfáth gur mian léi go mbeadh ról níos mó ag Parlaimint na hEorpa a mhéid a bhaineann le creat ginearálta don bheartas iomaíochta a shainiú agus a fhorbairt; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa níos rannpháirtí i ngníomhachtaí na meithleacha agus na sainghrúpaí, amhail an Líonra Idirnáisiúnta um Iomaíocht (LII), mar bhreathnóir chun eolas níos fearr a fháil ar an ábhar agus chun go mbeadh sí cothrom le dáta i dtaobh forbairtí chun go mbeadh sí níos ullmhaithe dá ról mar chomhreachtóir; á iarraidh ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa go háirithe a thabhairt ar bord nuair a bhíonn ionstraimí sa dlí bog á gceapadh aige, amhail fógraí agus treoirlínte;
89. á iarraidh ar an gCoimisiún fóraim ilearnálacha agus idirinstitiúideacha a eagrú leis an tionscal, leis na rialtóirí náisiúnta, lena n-áirítear údaráis cosanta sonraí, le grúpaí náisiúnta tomhaltóirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun deireadh a chur leis an ilroinnt atá sa bheartas iomaíochta;
90. á chur i bhfáth go n-iarrtar go leor mionsonraí sonracha faoin uair a tugadh an státchabhair san fhoirm ghearáin reatha le haghaidh cásanna státchabhrach, agus nach bhfuil bealach ar bith go mbeadh a fhios sin ag na gnáthshaoránaigh; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún an fhoirm ghearáin a shimpliú chun go mbeadh sé indéanta ag gnáthshaoránaigh gearáin a sheoladh isteach;
91. ag tabhairt dá haire, agus gur oth léi é, a laghad faisnéise a cuireadh ar fáil le linn imscrúdú an Choimisiúin ar ghearáin a cuireadh isteach; á iarraidh ar an gCoimisiún deimhniú fála a thabhairt don ghearánach mar aon le fógra nuair a chuirtear tús le himscrúdú, lena n-áirítear faisnéis faoin méid ama a mheastar a mhairfidh an t-imscrúdú;
92. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé comhordú a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta iomaíochta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht ar choinníollacha cur chun feidhme Threoir ECN+ a chur faoi bhráid Pharlaiminte na hEorpa; á mheabhrú go ndearna an Coimisiún ‘bearta idirlinne’ a shainaithint san iarscríbhinn a ghabhann le Treoir ECN+ mar ‘uirlis lárnach do na húdaráis iomaíochta chun a áirithiú nach ndéantar díobháil don iomaíocht fad a bhíonn imscrúdú ar siúl’; á mheabhrú go bhfuil gá le measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil bealach ann chun glacadh na mbeart idirlinne san ECN a shimpliú agus go ndéanfaí é sin laistigh de dhá bhliain ó dháta trasuí na Treorach chun go gcumasófar do na húdaráis iomaíochta déileáil ar bhonn níos éifeachtaí le forbairtí i margaí atá ag athrú go tapa;
93. á chur i bhfios go bhfuil ríthábhacht le neamhspleáchas polaitiúil na n-údarás iomaíochta chun neamhchlaontacht agus inchreidteacht an bheartais iomaíochta a áirithiú; á aithint go bhfuil gá le grinnscrúdú poiblí ar an mbrústocaireacht in institiúidí uile AE chun saobhadh iomaíochta a sheachaint; á athdheimhniú, dá bhrí sin, gur iarr sí go mbeadh Rolla Trédhearcachta feabhsaithe AE ann; á áitiú go mbeadh malartú níos rialta ann leis an gCoimisiún, i gcomhréir leis an gcomhaontú idirinstitiúideach leParlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Iomaíocht fanacht i ndlúth-theagmháil le coiste ECON agus leis an Meitheal um Iomaíocht sa choiste sin, ós rud é gurb í an Mheitheal sin an áit iomchuí d’idirphlé níos rialta;
94. á mheabhrú go ndearna Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Eoraip atá Oiriúnach don Aois Dhigiteach, le linn na héisteachta le haghaidh daingniú an Choimisinéara an 8 Deireadh Fómhair 2019, gealltanas go gcoinneodh sí a cúram i leith an bheartais dhigitigh agus a cúram i leith na hiomaíochta scartha óna chéile;
Freagairtí beartais iomaíochta ar COVID-19
95. á chur in iúl gur díol sásaimh di an fhreagairt phras ón gCoimisiún Creat Sealadach maidir le tacaíocht Státchabhrach agus a dhá leasú a ghlacadh agus na coinníollacha a chuirtear ar fáil leis chun cuidiú le cuideachtaí atá thíos leis an ngéarchéim; ag tacú leis an gCoimisiún agus na Ballstáit le cur i bhfeidhm na solúbthachta iomlán dá bhforáiltear leis an gCreat Státchabhrach Sealadach le linn ghéarchéim COVID-19;
96. ag tacú le cur i bhfeidhm an Chreata Státchabhrach Sealadaigh fad is atá gá leis le linn thréimhse an téarnaimh; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh in am trátha ar cheart síneadh a chur leis an gCreat Sealadach sin i ndiaidh dheireadh 2020 más gá;
97. ag cur in iúl gur díol sásaimh di na coinníollacha atá leagtha amach ag an dara leasú ar an gCreat Sealadach maidir le hathchaiptliú cúnaimh do chuideachtaí go háirithe maidir leis an toirmeasc ar dhíbhinní a íoc, ar scaireanna a cheannach ar ais agus bónais a íoc, do bhainc agus do chuideachtaí eile mar aon le coimircí in aghaidh gníomhaíochtaí creachacha i dtaobh gnólachtaí eile de chuid AE i gcoinne gnólachtaí a bhfuil Státchabhair faighte acu;
98. ag cur in iúl gur geal léi, leis an Státchabhair a dheonaítear ar bhainc laistigh den Chreat Státchabhrach Sealadach, go ndéantar maoiniú an gheilleagair a áirithiú agus go gcuidítear le cobhsaíocht airgeadais a ráthú, agus na bainc ag oibriú laistigh den chreat reachtach láidir atá ann cheana féin dá bhforáiltear leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus le rialacha réitigh;
99. á chur i bhfios go láidir an riosca a bhaineann le saobhadh margaidh agus le héagothromaíocht iomaíochta a ghiniúint mar gheall ar éagsúlachtaí méadaithe idir leibhéil na tacaíochta Státchabhrach arna deonú ag na Ballstáit; ag tabhairt dá haire an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Sócmhainneachta atá ina cuid de Phlean Téarnaimh AE ‘Chéad Ghlúin Eile AE’, aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis na héagsúlachtaí sin do shláine an mhargaidh aonair;
100. á chur in iúl gur geal léi na hacmhainní airgeadais urghnácha agus an Státchabhair atá ar fáil chun tacú le gnólachtaí agus oibrithe maidir le cur i gcoinne dhrochiarmhairtí eacnamaíocha na paindéime; á iarraidh ar an gCoimisiún íoschaighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos chun an ceanglas atá ar chuideachtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais a shonrú maidir le a bheith i gcomhréir le critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) agus trédhearcacht cánachais, chun a sheachaint go mbeadh critéir náisiúnta éagsúla ann a bheadh ina gcúis le tuilleadh neamhréireachtaí, agus a léiriú conas a úsáidtear an tacaíocht phoiblí a fhaightear chun a n-oibríocht a ailíniú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil AE agus le Comhaontú Pháras; á mheabhrú nár cheart cúnamh a dheonú ach amháin chun caillteanais a thabhaítear de dheasca COVID-19 a chumhdach; á chur i bhfios go láidir nár cheart Státchabhair a dheonú ach amháin do chuideachtaí atá ag tabhairt aghaidh ar éifeachtaí láithreacha COVID-19, agus ní dóibh siúd a raibh drochbhail orthu ó thaobh airgeadais de roimh an ngéarchéim; ag tathant gur cheart cuideachtaí atá cláraithe i dtearmainn chánacha a thoirmeasc rochtain a fháil ar Státchabhair nó ar phacáistí tacaíochta airgeadais mura dtugann siad gealltanas go n-athróidh siad a n-iompraíocht;
101. ag cur in iúl gur díol sásaimh di teachtaireacht an Choimisiúin maidir le Creat Sealadach chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna in aghaidh trustaí a bhaineann le comhar gnó mar fhreagairt ar an ráig reatha de COVID-19; á chur i bhfios go láidir gur eisigh an Coimisiún a chéad litir sóláis ó 2003; ag tabhairt chun suntais gur cuireadh béim leis an ngéarchéim seo ar an ngá atá le freagraí gasta agus éifeachtacha i dtimpeallacht atá ag gluaiseacht go mear agus á chur i bhfios go láidir a thairbhí atá gníomhaíocht rannpháirtíoch in aghaidh trustaí agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do chuideachtaí, agus iad ag dul i mbun comhar gnó in earnálacha straitéiseacha lárnacha;
102. Maidir le tionchar na paindéime, á thabhairt chun suntais gur gá athléimneacht eacnamaíoch na n-earnálacha Eorpacha lárnacha a threisiú, lena gcuirtear borradh faoinár dtéarnamh eacnamaíoch trí thaighde agus nuálaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige níos dinimiciúla a ghlacadh agus athbhreithniú á dhéanamh ar Chumarsáid 1997 ar shainmhíniú an mhargaidh, lena ndéanfar gné lárnach den chritéir nuálaíochta den anailís margaidh ábhartha maidir le rialú cumasc Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, mar chuid dá athbhreithniú oiriúnachta, an fhéidearthacht cur chuige níos fabhraí a ghlacadh i leith comhaontuithe comhair agus taighde agus forbartha;
103. á chur i bhfios go láidir go bhfuil cuideachtaí i mbaol tairiscintí eachtracha de dheasca na paindéime; ag tabhairt dá haire gur léirigh géarchéim COVID-19 easnaimh i slabhraí soláthair AE agus easpa cheannasacht straitéiseach AE i réimsí amhail táirgí leighis nó bia, agus gur gá cuideachtaí agus sócmhainní criticiúla AE a choimirciú ó tháthcheangail naimhdeacha arna ndéanamh ag imreoirí ceannasacha móra;
104. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé go mór ina ábhar tosaíochta dlús a chur le hiarrachtaí AE chun cur go láidir i gcoinne iomaíocht éagórach agus iompar naimhdeach ó eintitis eachtracha faoi úinéireacht stáit (SOEnna) nó ó chuideachtaí atá nasctha le rialtas (GLCanna) i gcoinne cuideachtaí Eorpacha leochaileacha, atá ag streachailt chun teacht slán as an gcor chun donais eacnamaíoch mar thoradh ar phaindéim COVID-19, mar go bhfuil mar aidhm leis an iompar sin smacht a fháil ar theicneolaíochtaí, bonneagar agus saineolas lárnach Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a mholadh láithreach go gcuirfí toirmeasc sealadach ar tháthcheangail eachtracha a bheith á dhéanamh ar chuideachtaí Eorpacha ag SOEnna nó ag GLCanna ó thríú tíortha;
105. á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscnaimh arna ndéanamh ag ardáin na meán sóisialta chun bréagnuacht a chomhrac agus an fhaisnéis oifigiúil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le COVID-19 a scaipeadh trína n-ardáin; ag tabhairt rabhaidh, áfach, i gcoinne na n-ardán sin, a raibh cumhacht shuntasach sa mhargadh acu cheana féin roimh an ngéarchéim; ag tacú leis an iarraidh ón gCoimisiún i leith staidéar a dhéanamh ar ardáin a ghníomhaíonn mar gheatóirí agus a bhfuil éifeachtaí suntasacha ar an líonra acu, mar chuid den togra maidir leis an gcreat-rialachán ex ante atá beartaithe, ar choinníoll nach mbeidh sé ina shiocair le tuilleadh moille; á iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí toirmeasc ar ardáin ó fhógraí micri-spriocdhírithe a léiriú agus go ndéanfaí trédhearcacht d’úsáideoirí a mhéadú; ag formhuiniú an chomhair maidir leis an bhforbairt ar aipeanna rianaithe teagmhála na ngníomhaithe suntasacha neamh-Eorpacha i margadh oibriúcháin an chórais fóin chliste;á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh bailiú sonraí an chumhacht atá sa mhargadh ag roinnt gníomhaithe ceannasacha a dhaingniú tuilleadh;
106. á chur i bhfios go láidir gur riosca eisiach is ea COVID-19 do líon gnólachtaí gan fasach ar fud AE agus gurb é is siocair leis an rabharta ollmhór atá sna rátaí dífhostaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhfuil an coincheap “gnólacht a bhfuil ag cliseadh air” atá i bhfeidhm faoi láthair oiriúnach don fheidhm i gcás na géarchéime reatha; á chreidiúint go láidir gur féidir le beartas iomaíochta agus beartas tionsclaíoch i gcomhair le chéile rannchuidiú le ceannasacht Eorpach a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe; á chur in iúl gur díol sásaimh di an Straitéis Beartais Tionscail ón gCoimisiún;
107. ag aithint na hoibre éifeachtúla agus éifeachtaí a rinne an Coimisiún le linn ghéarchéim COVID-19; á chur i bhfios go láidir gurbh éigean líon suntasach acmhainní daonna a athleithdháileadh chun faireachán a dhéanamh ar Státchabhair i bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla; á iarraidh go mbeadh tuilleadh faisnéise ar fáil maidir le staid acmhainní foirne Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta agus a n-éabhlóid le linn an tsainordaithe seo;
108. ag tathant ar an gCoimisiún go ndéanfar Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas ar bhonn níos fearr maidir lena chuid oibre, go háirithe an t-athbhreithniú maidir leis an sainmhíniú ar an margadh ábhartha agus an t-athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le Státchabhair; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht mhionsonraithe a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa lena gcuirfear i láthair an athdheighilt ar mhéid foriomlán na Státchabhrach arna údarú laistigh den Chreat Státchabhrach Sealadach de réir Ballstáit, earnála agus cineálacha cabhrach údaraithe (deontais, ráthaíochtaí, etc.) chomh maith le haon choinníollacha breise a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm; á chreidiúint go ndéanfadh meastóireacht fhoriomlán agus mhionsonraithe forléargas a thabhairt d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa ar na bearta eacnamaíocha a cuireadh i gcrích ag an leibhéal náisiúnta chomh maith le sonraí sonracha ar an gcineál cabhrach, na cineálacha tairbhithe agus an modh formheasta, más ann dá leithéid; á chur i bhfios go láidir go mba cheart go ndéanfaí scórchlár na Státchabhrach, lena n-áirítear roinnt táblaí agus grafaicí maidir le Státchabhair agus an tionchar atá acu aran margadh inmheánach, a nuashonrú in am trátha;
109. á iarraidh ar an gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, i ndiaidh na géarchéime, maidir le héifeachtaí phaindéim COVID-19 ar iomaíocht sa mhargadh agus forfheidhmiú dhlí na hiomaíochta, sláine an mhargaidh aonair agus an méid atá i ndán do bheartas iomaíochta;
110. á iarraidh ar an gCoimisiún é a dhéanamh éigeantach do bhainc a fhaigheann Státchabhair a seirbhísí baincéireachta miondíola/tomhaltóra iomlána a choinneáil agus a áirithiú nach mbeidh cead ag bainc géarchéim COVID-19 a úsáid mar leithscéal chun na seirbhísí sin a laghdú go buan;
o o o
111. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig na húdaráis náisiúnta iomaíochta.