Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 8 Iúil 2020 - Brussels
Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais ***II
 Ainmniú Helga Berger mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí
 Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) a cheapadh
 Ag leasú Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ***I
 Rialachán (AE) 2017/2454 a leasú a mhéid a bhaineann leis na dáta cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19 *
 Cearta daoine faoi mhíchumas intleachta agus a dteaghlaigh i ngéarchéim COVD-19

Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais ***II
PDF 114kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (05142/1/2020 – C9-0103/2020 – 2018/0140(COD))
P9_TA(2020)0177A9-0119/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (05142/1/2020 – C9-0103/2020),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0279),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint do Rialacha 67 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0119/2020),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 265.
(2) Téacsanna arna nglacadh an 12.3.2019, P8_TA(2019)0139.


Ainmniú Helga Berger mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí
PDF 107kWORD 41k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 maidir le hainmniú Helga Berger mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0129/2020 – 2020/0802(NLE))
P9_TA(2020)0178A9-0126/2020

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0129/2020),

–  ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0126/2020),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir an ainmní, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

B.  de bhrí, ag an gcruinniú a bhí aige an 25 Meitheamh 2020, gur thug an Coiste um Rialú Buiséadach éisteacht d’ainmní na Comhairle le haghaidh comhaltas sa Chúirt Iniúchóirí;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Helga Berger ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.


Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) a cheapadh
PDF 112kWORD 42k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 ar an togra le haghaidh cheapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (C9-0080/2020 – 2020/0905(NLE))
P9_TA(2020)0179A9-0132/2020

(Formheas)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do thogra ó Bhord Maoirseoirí an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh an 5 Márta 2020 (C9‑0080/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 51(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún(1),

–  ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),

–  ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc(3),

–  ag féachaint dá chinneadh an 30 Eanáir 2020 ar an togra le haghaidh cheapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh(4),

–  ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, (A9-0132/2020),

A.  de bhrí gur éirigh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh roimhe seo as an bpost amhail ón 31 Eanáir 2020;

B.  de bhrí, an 5 Márta 2020, gur mhol Bord Maoirseoirí an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte, François-Louis Michaud a cheapadh mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar feadh téarma oifige cúig bliana, i gcomhréir le hAirteagal 51(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

C.  de bhrí, an 29 Meitheamh 2020, go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le François-Louis Michaud, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag formheas cheapachán François-Louis Michaud mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0023.


Ag leasú Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ***I
PDF 120kWORD 44k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh an leithdháilte shonraigh don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (COM(2020)0206 – C9-0145/2020 – 2020/0086(COD))
P9_TA(2020)0180A9-0111/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0206),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0145/2020),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Meitheamh 2020(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 17 Meitheamh 2020, go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0111/2020),

A.  de bhrí, ar chúiseanna práinne, go bhfuil údar cuí ann le dul ar aghaidh chuig an vótáil roimh dhul in éag an spriocdháta ocht seachtaine a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Iúil 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

P9_TC1-COD(2020)0086


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/1041.)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Rialachán (AE) 2017/2454 a leasú a mhéid a bhaineann leis na dáta cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19 *
PDF 143kWORD 44k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19 (COM(2020)0201 – C9-0136/2020 – 2020/0084(CNS))
P9_TA(2020)0181A9-0123/2020

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0201),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0136/2020),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0123/2020),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Cé go bhfuil fíordheacrachtaí á gcruthú ag ráig COVID-19 do riarachán náisiúnta, níor cheart í a úsáid mar leithscéal chun moill bhreise a chur ar chur chun feidhme na rialacha a comhaontaíodh go comhchoiteann. Sula raibh an ráig ann, thug roinnt Ballstát le fios go mbeadh moilleanna acu an córas nua a chur chun feidhme. Taobh amuigh de na deacrachtaí láithreacha a bhaineann le ráig COVID-19, ba cheart do na rialtais gach dícheall a dhéanamh chun an córas nua a chur chun feidhme. Maidir le Ballstáit a bhfuil saincheisteanna acu a d’fhéadfadh moill a chur ar chur chun feidhme iomlán na rialacha, ba cheart dóibh an cúnamh teicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún a úsáid chun cur chun feidhme ceart agus iomlán an phacáiste ríomhthráchtála a áirithiú. Le cuspóirí an phacáiste ríomhthráchtála chun iomaíochas domhanda FBManna Eorpacha a éascú, chun an brú riaracháin ar dhíoltóirí an Aontais a laghdú agus chun a áirithiú go rannchuidíonn ardáin ar líne le córas bailithe CBT atá níos córa, agus calaois chánach á comhrac, is príomhghnéithe iad den mhachaire comhréidh do ghnólachtaí uile, ar rud é a bhfuil tábhacht ar leith leis i gcomhthéacs an téarnaimh tar éis COVID-19.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na forálacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm, ionas go n-áiritheofar bailiú agus tarchur faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe, sé riachtanach dátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar mhí. Is iomchuí iad a chur siar sé mhí, mar gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir ar mhaithe le caillteanais bhuiséadacha bhreise do na Ballstáit a íoslaghdú.
(5)  Agus na dúshláin nua atá le sárú ag na Ballstáit mar thoradh ar ráig COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na forálacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm, ionas go n-áiritheofar bailiú agus tarchur faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach dátaí trasuí agus dátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar trí mhí. Níl sé inmhianaithe na dátaí a chur siar, mar go n-eascróidh caillteanas ioncaim agus bearna mhéadaithe CBL as, agus cuirfidh sé fad le hiomaíocht éagórach idir díoltóirí neamh-AE agus díoltóirí an Aontais. D’fhéadhfadh sé a bheith iomchuí iad a chur siar trí mhí, áfach, mar go mbeadh sé ailínithe le tréimhse na dianglasála i bhformhór na mBallstát. Dá gcuirfí siar iad ar feadh tréimhse níos faide, chuirfí leis an riosca de chalaois CBL tráth ba cheart go ndéanfaí an t-airgeadas poiblí a athshlánú chun comhrac i gcoinne na paindéime agus a hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta. Le cur siar níos faide de shé mhí, d’fhéadfadh caillteanas ioncaim do Bhallstáit idir EUR 2,5 billiún agus EUR 3,5 billiún eascairt as. I bhfianaise na géarchéime arbh í ráig COVID-19 ba chúis léi, tá sé ríthábhachtach tuilleadh caillteanais ioncaim a sheachaint.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a
Rialachán (AE) 2017/2454
Airteagal 1 – pointe 7 – pointe a – ceannteideal – roinn 2
Forálacha is infheidhme ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 30 Meitheamh 2021
Forálacha is infheidhme ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Márta 2021
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b – pointe i
Rialachán (AE) 2017/2454
Airteagal 1 – pointe 7 – pointe b – ceannteideal – roinn 3
Forálacha is infheidhme ón 1 Iúil 2021
Forálacha is infheidhme ón 1 Aibreán 2021
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2017/2454
Airteagal 2 – mír 2
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.
Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2021.

Cearta daoine faoi mhíchumas intleachta agus a dteaghlaigh i ngéarchéim COVD-19
PDF 123kWORD 47k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachta agus a dteaghlaigh i ngéarchéim COVD-19 (2020/2680(RSP))
P9_TA(2020)0183B9-0204/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus d’Airteagail 2, 9, 10, 19, 165, 166, 168, agus 216(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (CCB), go háirithe Airteagail 1, 3, 14, 20, 21, 26 agus 35 di,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD), go háirithe Airteagail 4(3), 11, 24, 25 agus 28 de i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas(1),

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabal 17 de maidir le cuimsiú daoine faoi mhíchumas, prionsabal 3 de maidir le comhdheiseanna, agus prionsabal 10 de maidir le timpeallacht oibre atá sláintiúil, sábháilte agus oiriúnaithe agus cosaint sonraí,

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus dá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna), a bhfuil an tAontas tiomanta dá gcur chun feidhme,

–  ag féachaint dá rún an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(2),

–  ag féachaint do Riail 227(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí go bhfuair an Coiste um Achainíocha achainí Uimh. 0470/2020 ina n-ardaítear ábhair imní maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus a dteaghlach i ngéarchéim COVID-19 agus ag iarraidh ar AE a áirithiú go mbeidh na bearta a rinneadh le linn ghéarchéim COVID-19 agus a hiarmhairtí ag teacht le CRPD agus le CCB araon;

B.  de bhrí go ndéantar a shuí, le hAirteagal 11 de CRPD, mar an chéad chonradh idirnáisiúnta um chearta an duine a daingníodh ag AE agus a 28 mBallstát, go ndéanfaidh na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún gach beart is féidir a ghlacadh chun cosaint agus sábháilteacht daoine faoi mhíchumas a áirithiú i gcásanna riosca agus éigeandálaí daonnúla;

C.  de bhrí gur cheart go n-urramófaí i gcónaí leis na bearta a ghlac rialtais le linn imthosca eisceachtúla amhail mórghéarchéim sláinte, éigeandálaí daonnúla agus tubaistí nádúrtha, cearta bunúsacha gach duine aonair agus nach féidir idirdhealú a dhéanamh ar ghrúpaí áirithe amhail daoine atá faoi mhíchumas;

D.  de bhrí gur mó an baol atá ann go bhfulaingeoidh daoine faoi mhíchumas intleachta ó COVID-19 mar gheall ar na bacainní ar rochtain a fháil ar fhaisnéis choisctheach agus ar shláinteachas, an spleáchas ar theagmháil fhisiciúil le daoine tacaíochta, a mhaireann go minic in institiúidí agus i seirbhísí pobalbhunaithe, chomh maith le riochtaí sláinte eile a bhaineann le míchumais áirithe;

E.  de bhrí go mbíonn tionchar ar leith ag bearta dianghlasála ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta;

F.  de bhrí go léirítear le géarchéim COVID-19 agus leis na bearta dianghlasála an leithscaradh sóisialta leanúnach agus an t-idirdhealú leanúnach a dhéantar ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta;

G.  de bhrí nach bhfuil ach fáil theoranta ar shonraí imdhealaithe a d’fhéadfadh cuidiú le tionchar éifeachtaí na paindéime ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta a chinneadh;

H.  de bhrí gur tuairiscíodh i roinnt Ballstát gur diúltaíodh cóireáil leighis do dhaoine faoi mhíchumas intleachta, gur cuireadh faoi ghlas iad in institiúidí agus go raibh orthu aghaidh a thabhairt ar scaradh sóisialta agus gan aon chuairt a fháil ó bhaill teaghlaigh gan aon aon deis acu filleadh ar a ngaolta, agus gur tugadh isteach treoirlínte idirdhealaitheacha triáise;

I.  de bhrí gur dúnadh síos go sealadach struchtúir do dhaoine faoi mhíchumas intleachta, amhail ionaid chúraim lae nó scoileanna, agus gur tháinig éigeandálaí chun cinn a cheangail ar theaghlaigh aire a thabhairt dá ngaolta le míchumais intleachta;

J.  de bhrí gur léirigh an ghéarchéim COVID-19 nach bhfuil coincheap an oideachais ionchuimsithigh ina réaltacht go fóill; de bhrí nach raibh foghlaimeoirí atá faoi mhíchumas intleachta i roinnt mhaith Ballstát in ann leanúint dá gcuid foghlama le linn na dianghlasála; de bhrí nach bhfuil tacaíocht ag teaghlaigh chun oideachas a chur ar fhoghlaimeoirí faoi mhíchumas intleachta, lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálacha inrochtana agus feidhmchláir don chianfhoghlaim;

K.  de bhrí gur féidir ról ríthábhachtach a bheith ag teicneolaíocht na tacaíochta ardchaighdeáin do dhaoine faoi mhíchumas, dá dtuismitheoirí, dá dteagascóirí agus dá soláthraithe seirbhísí cúraim;

L.  de bhrí gur tuairiscíodh go raibh easpa mhór trealaimh cosanta ann do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe dóibh siúd atá ina gcónaí in institiúidí, dá ndaoine tacaíochta agus dá bhfoireann;

M.  de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 4(3) de CRPD ar Stáit is Páirtithe dul i ndlúthchomhairle le daoine faoi mhíchumas agus a bheith rannpháirteach go gníomhach leo, lena n-áirítear leanaí faoi mhíchumas, trína n-eagraíochtaí ionadaíocha, i ngach próiseas cinnteoireachta a dhéanann difear dóibh;

N.  de bhrí gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit dul i gcomhairle le heagraíochtaí daoine faoi mhíchumas agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, rud a d’fhéadfadh glacadh beart a sháraíonn a gcearta bunúsacha a bheith mar thoradh air ar shlí eile;

O.  de bhrí gur sheol an tOmbudsman Eorpach tionscnamh, a bhí dírithe ar an gCoimisiún Eorpach, chun faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a ndeachaigh an ghéarchéim COVID-19 i bhfeidhm ar bhaill foirne faoi mhíchumas agus ar na bearta cóiríochta réasúnta a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas agus a chinneadh cibé an féidir aon cheann de na réitigh a aimsíodh agus atá beartaithe a úsáid chun idirghníomhaíocht níos éasca a chur chun cinn le riarachán AE do bhaill den phobal atá faoi mhíchumas;

1.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di é an tionchar díréireach atá ag géarchéim COVID-19 ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta agus ar dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte eile acu agus ar a dteaghlaigh, rud a chruthaíonn ualaí breise do bhaill teaghlaigh, ar mná iad go leor acu; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart nach ndéanfaí leithlisiú níos mór fós ar dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag teacht amach as céim na dianghlasála, agus gur cheart caitheamh leo mar thosaíocht sa chéim sin;

2.  á mheabhrú di go raibh an dianghlasáil ina fadhb thromchúiseach, ní hamháin do dhaoine faoi mhíchumas intleachta, ach do gach duine a bhfuil fadhb mheabhairshláinte acu, mar go ndéanann an dianghlasáil na fadbhanna níos measa;

3.  á mheas go mbíonn tionchar diúltach ar leith ag bearta dianghlasála ar dhaoine faoi mhíchumas agus go bhfuil gá le níos mó solúbthachta ó na húdaráis;

4.  ag cáineadh go láidir aon idirdhealú leighis ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta; á mheabhrú di nach mór do bhearta ábhartha arna nglacadh ag na Ballstáit a bheith i gcomhréir le CRPD, lena n-áirithítear rochtain chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta; á chur i bhfáth go bhfuil an chóir leighis chéanna dlite do dhaoine faoi mhíchumas intleachta nó do dhaoine a bhfuil meabhairghalar orthu agus atá d’aon duine eile le COVID-19, lena n-áirítear dianchúram leighis;

5.  á mheabhrú di nach mór do threoirlínte leighis a bheith neamh-idirdhealaitheach agus nach mór dóibh cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus leis na treoirlínte eiticiúla atá ann cheana maidir le cúram i gcás éigeandála, géarchéime sláinte agus tubaistí nádúrtha;

6.  á mheabhrú di nach mór rochtain ar sheirbhísí tacaíochta, ar chúnamh pearsanta, ar inrochtaineacht fhisiceach agus chumarsáide a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas intleachta le linn na dianghlasála trí mhodhanna nuálacha cúraim sláinte a ghlacadh;

7.  á iarraidh go ndéanfaí sonraí a bhailiú i ngach Ballstát maidir le cóireáil daoine faoi mhíchumas intleachta in ospidéil, in institiúidí agus i seirbhísí pobalbhunaithe agus maidir le rátaí báis daoine faoi mhíchumas chomh maith le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil daoine faoi mhíchumas ag fáil cosaint , cúram sláinte agus tacaíocht leordhóthanach le linn na géarchéim COVID-19;

8.  á chur i bhfios go láidir go gcuireann bearta leithlisithe isteach go mór ar mheabhairshláinte daoine faoi mhíchumas intleachta agus a ngaolta agus gur cheart bearta gaolmhara a chur in oiriúint do riachtanais daoine faoi mhíchumas intleachta chun a bhfolláine agus a mbeatha neamhspleách a áirithiú;

9.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé de cheart ag gach duine maireachtáil go neamhspleách, faisnéis láithreach agus cheart faoin bpaindéim agus na bearta a dhéanann difear dóibh agus dá muintir a fháil i bhformáid inrochtana; ag éileamh go mbeadh gach cumarsáid sláinte poiblí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus go gcuirtear ar fáil í i dteanga shimplí agus i roinnt formáidí traidisiúnta agus digiteacha agus ina dteangacha comharthaíochta náisiúnta;

10.  á aithint gur oscailt súl é an chaoi ina raibh cúrsaí le linn COVID-19 i ndáil leis an aird a tugadh ar an gcomharghrúpa seo; á aithint nach mór aird a thabhairt trí sheirbhísí sláinte poiblí láidre; á iarraidh go ndéanfaí breithniú a neartú a dhéanamh orthusan trí mhaoiniú ar leibhéal AE i gcás inarb iomchuí agus inar féidir; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé beartais sláinte iomchuí a bheith ag na Ballstáit;

11.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bacainní a bhaint a mbíonn ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta dul i ngleic leo agus iad ag rochtain seirbhísí sláinte agus táirgí sláinteachais, chomh maith lena thábhachtaí atá sé breithniú a dhéanamh ar bhearta cóiríochta réasúnta a chuirfeadh ar an gcumas a bheith ag teilea-obair;

12.  á chur i bhfáth go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis bearnaí móra a nochtadh sna córais tacaíochta do roinnt mhaith grúpaí ardbhaoil sa tsochaí; á chur i bhfios go láidir gur cheart gur tosaíocht a bheadh ann infheistiú san aistriú diaidh ar ndiaidh ó chúram institiúideach go seirbhísí pobalbhunaithe do dhaoine faoi mhíchumas; á chur i bhfios go láidir gur cheart do chistí infheistíochta tacú le soláthar seirbhísí tacaíochta pearsantaithe, ós rud é gur fhulaing go leor de sholáthraithe na seirbhísí sin go mór le linn agus i ndiaidh na paindéime agus go bhfuil siad i mbaol dúnadh síos go brách;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí nua a dhéanamh chun infheistíochtaí agus acmhainní riachtanacha a shlógadh chun leanúnachas seirbhísí cúraim agus tacaíochta a ráthú, i gcomhréir le prionsabail CRPD agus le prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit prótacail choiteanna a áirithiú do chásanna a d’fhéadfadh a bheith i mbaol nó d’éigeandálaí daonnúla agus do thubaistí nádúrtha amach anseo, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn ghéarchéim COVID-19, lena n-áirítear an trealamh cosanta is gá, na hábhair faisnéise agus oiliúint a chur ar fáil do ghairmithe cúraim sláinte agus cúraim shóisialta mar aon le comhlachtaí rialála, agus riachtanais agus dálaí sonracha daoine atá faoi mhíchumas á gcur san áireamh i gcónaí;

15.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha faoi seachas ón tús agus bearta á nglacadh acu chun freagairt do ghéarchéim amach anseo;

16.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar cibé an bhfuil seirbhísí sláinte agus sóisialta ina seirbhísí inbhuanaithe ar féidir iad a chur in oiriúint do chineálacha nua soláthair seirbhíse; á iarraidh go ndéanfaí fíorchuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus maoiniú AE á leithdháileadh ar na seirbhísí sin, ag díriú orthusan a dhéanann maireachtáil phobalbhunaithe a thairiscint seachas iadsan a chuireann daoine in institiúidí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach bhfuil aon bhacainní i mbealach na rochtana ar chúram sláinte;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis Eorpach um Míchumas a bheidh cuimsitheach, uaillmhianach agus fadtéarmach a chur ar aghaidh tar éis 2020 (an Straitéis iar-2020) lena n-áirítear na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim COVID-19;

18.  á chur i bhfáth gur gá déanamh de réir phrionsabal an deartha uilíoch, agus na féidearthachtaí a chuireann teicneolaíochtaí agus feidhmeanna digiteacha agus nuálacha ar fáil á gcur san áireamh agus acmhainní atá inrochtana d’fhoghlaimeoirí faoi mhíchumas intleachta á bhforbairt agus gníomhaíochtaí cianfhoghlama;

19.  á chur i gcuimhne don Choimisiún acmhainneacht neamhshaothraithe na dteicneolaíochtaí digiteacha agus na bhfeidhmchlár chun maireachtáil neamhspleách daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn; á éileamh go mbainfí úsáid níos fearr as na teicneolaíochtaí agus as na feidhmchláir sin le linn cásanna baoil féideartha amach anseo nó éigeandálaí daonnúla, agus tubaistí nádúrtha; á chur i bhfáth a thábhachtaí is atá sé go mbeadh acmhainní ceadúnaithe oscailte ar fáil ar líne chomh maith le huas-sciliú do mhúinteoirí maidir le húsáid teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide;

20.  á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht shíceolaíoch a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas intleachta chun tionchar na mbeart dianghlasála a mhaolú;

21.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeadh cosaint dlí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas intleachta trí aird ar leith a thabhairt ar chásanna a shainaithint go réamhghníomhach ar cásanna iad de dhaoine faoi mhíchumas intleachta nach bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil acu nó rochtain leordhóthanach ar a gcaomhnóir dlí chun a gcearta a ráthú;

22.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 23, 27.1.2010, lch. 35.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais