– ag féachaint d’Airteagail 225, 295, 310, 311, 312, 323 agus 324 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus d’Airteagail 2, 3 agus 15 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint dá tuarascáil eatramhach an 14 Samhain 2018 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú(1),
– ag féachaint don rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: is mithid freastal ar ionchais na saoránach(2),
– ag féachaint don rún uaithi an 15 Bealtaine 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh(3),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach a glacadh an 21 Iúil 2020,
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí gur cailleadh na mílte duine san Eoraip agus ar domhan mar gheall ar ráig COVID-19 agus gur eascair géarchéim gan fasach aisti a bhfuil iarmhairtí tubaisteacha aici do dhaoine, teaghlaigh, oibrithe agus gnólachtaí, agus go n-éilítear freagra gan fasach léi dá bhrí sin;
B. de bhrí gur cheart go mbeadh téarnamh na hEorpa bunaithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip, an Clár Oibre Digiteach don Eoraip, an Straitéis Thionsclaíoch Nua agus fiontraíocht, ionas go dtiocfaidh ár ngeilleagair as an ngéarchéim seo agus iad níos láidre, níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche;
C. de bhrí go bhfuil AE agus a Bhallstáit tiomanta do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Comhaontú Pháras a chur chun feidhme;
D. de bhrí go bhfuil an margadh aonair i mbaol saobhadh doleigheasta;
E. de bhrí gur ghlac an Chomhairle Eorpach a seasamh thar a bheith déanach, tar éis trí chruinniú mullaigh as a chéile gan chinneadh, ag cur moill, dá bhrí sin, ar na caibidlíochtaí faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI);
F. de bhrí nach féidir tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais a leagtar amach i CAI a thabhairt suas in ainm an téarnaimh;
G. de bhrí gur cheart go mbeadh rannpháirtíocht iomlán ag an bParlaimint i gcur chun feidhme na hionstraime téarnaimh, idir oibríochtaí trína bhfaightear iasachtaí agus oibríochtaí trína dtugtar iasachtaí;
H. de bhrí gurb í an Pharlaimint a ráthóidh téarnamh trédhearcach agus daonlathach agus go gcaithfidh sí a bheith rannpháirteach sa ghrinnscrúdú ex-post agus ex-ante araon ar an bplean téarnaimh;
1. ag caoineadh íospartaigh an choróinvíris agus ag tabhairt ómós do na hoibrithe go léir atá ag comhrac in aghaidh na paindéime; á chreidiúint go bhfuil dualgas comhchoiteann ar dhaoine san Aontas, i bhfianaise imthosca eisceachtúla agus gan fasach den sórt seo;
2. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil glactha ag Cinn Stáit agus Rialtais AE le ciste téarnaimh chun an geilleagar a athdhúisiú faoi mar a mhol an Pharlaimint i mí Bealtaine; á aithint gur cruthaíodh an ionstraim théarnaimh, rud arb ionann é agus gníomh stairiúil don Eoraip; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, laghdú chomhpháirt na ndeontas sa chomhaontú deiridh; á mheabhrú nach dtugann an bunús dlí a roghnaíodh chun an ionstraim théarnaimh a chur ar bun ról foirmiúil d’Fheisirí tofa Pharlaimint na hEorpa;
3. á chur in iúl nach nglacann sí, áfach, leis an gcomhaontú polaitiúil maidir leis an CAI 2021-2027, faoi mar atá sé; á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun dul i mbun caibidlíochtaí fiúntacha leis an gComhairle láithreach chun feabhas a chur ar an togra; ag meabhrú shainordú na Parlaiminte ó mhí na Samhna 2018; á chur i bhfáth nach mór go dtabharfadh an Pharlaimint a toiliú don chomhaontú ar rialachán CAI faoi Airteagal 312 CFAE;
4. á chur in iúl gur saoth léi gur i bhfad ró-mhinic a chuirtear baint amach réiteach coiteann ar mhaithe leis an leas comhchoiteann i mbaol mar gheall ar chloí le leasanna agus seasaimh náisiúnta; ag tabhairt foláirimh go bhfuil na ciorruithe ar CAI ag teacht salach ar chuspóirí AE; á chreidiúint, mar shampla, gur dainséarach na ciorruithe ar chláir shláinte agus thaighde atá molta i gcomhthéacs paindéime domhanda; á chreidiúint go gcuirtear todhchaí na chéad glúine eile d’Eorpaigh i mbaol leis na ciorruithe ar oideachas, claochlú digiteach agus nuálaíocht atá molta; á chreidiúint go dtéitear i gcoinne chlár oibre AE don Chomhaontú Glas leis na ciorruithe atá molta ar chláir lena dtacaítear le haistriú réigiún atá spleách ar charbón; á chreidiúint go gcuireann na ciorruithe ar thearmann, imirce agus bainistiú teorainneacha atá molta seasamh AE i mbaol i ndomhan atá ag éirí níos míshocra agus níos éiginnte;
5. á chreidiúint gur theip ar Chinn Stáit agus Rialtais AE dul i ngleic le saincheist phlean aisíocaíochta na hionstraime téarnaimh; á mheabhrú nach bhfuil ach trí rogha ann ina leith sin: ciorruithe breise ar chláir a bhfuil breisluach AE ag gabháil leo go dtí 2058, méadú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí na mBallstát nó acmhainní dílse nua a chruthú; á chreidiúint gur le cruthú acmhainní dílse amháin is féidir cabhrú le fiachas AE a aisíoc, agus buiséad AE á tharrtháil agus an brú airgeadais ar státchistí náisiúnta agus ar shaoránaigh AE á mhaolú ag an am céanna; á mheabhrú gurb é cruthú acmhainní dílse nua an t-aon mhodh aisíocaíochta a nglacfaidh an Pharlaimint leis;
6. á chur in iúl gurb oth léi gur dhiúltaigh an Chomhairle Eorpach do ‘réiteach an droichid’, a raibh sé i gceist leis freagairt ar dhroch-riachtanais mhaoinithe le haghaidh infheistíochtaí in 2020 chun freagairt láithreach ar an ngéarchéim a chur ar fáil do shaoránaigh AE agus do thairbhithe, agus chun an maoiniú is gá idir na chéadbhearta freagartha agus an téarnamh níos fadtéarmaí a sholáthar;
7. á mheabhrú nach ionann conclúidí na Comhairle Eorpaí maidir le CAI ach comhaontú polaitiúil idir na Cinn Stáit agus Rialtais; á chur i bhfáth nach ndéanfaidh an Pharlaimint fait accompli a fhaomhadh gan cheist agus go bhfuil sí réidh a toiliú do CAI a choimeád siar go dtí go dtiocfar ar chomhaontú sásúil sna caibidlíochtaí atá ar na bacáin idir an Pharlaimint agus an Chomhairle; á mheabhrú go mbeidh ar an bParlaimint, mar chomhreachtóir, aontú le gach ceann de 40 clár AE arna maoiniú faoi CAI;
8. á threorú do na foirne parlaiminteacha ábhartha na comhaid reachtacha ábhartha a chaibidliú i gcomhréir le sainordú faoi seach na Parlaiminte le haghaidh na gcruinnithe tríthaobhacha; á threorú dá foireann chaibidlíochta do CAI/acmhainní dílse caibidlíocht a dhéanamh ar bhonn an tsainordaithe seo a leanas;
Tosaíochtaí Pharlaimint na hEorpa d’fhonn comhaontú foriomlán a bhaint amach
An smacht reachta
9. á chur in iúl gurb oth léi go mór gur lagaigh an Chomhairle Eorpach go suntasach iarrachtaí an Choimisiúin agus na Parlaiminte an smacht reachta, cearta bunúsacha agus an daonlathas a chaomhnú faoi chuimsiú CAI agus Ionstraim Théarnaimh AE; á athdhearbhú go n-éilíonn sí go dtabharfaí chun críche obair an chomhreachtóra maidir le sásra beartaithe an Choimisiúin chun buiséad AE a chosaint i gcás ina bhfuil bagairt shistéimeach roimh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus i gcás ina bhfuil leasanna airgeadais an Aontais i mbaol; á chur i bhfáth gur cheart an sásra sin a ghníomhachtú trí thromlach cáilithe aisiompaithe, ionas go mbeidh sé éifeachtach; á chur i bhfios go láidir nach féidir leis an sásra sin difear a dhéanamh d’oibleagáid na n-eintiteas rialtais nó na mBallstát íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe nó faighteoirí deiridh; á chur i bhfios go láidir go nglacfar an Rialachán maidir leis an Smacht Reachta trí chomhchinnteoireacht;
Acmhainní dílse
10. á athdhearbhú arís nach dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú do CAI gan comhaontú maidir le hathchóiriú chóras acmhainní dílse AE, lena n-áirítear ciseán acmhainní dílse nua a thabhairt isteach faoi dheireadh CAI 2021-2027, ar cheart go mbeadh sé mar aidhm leis na costais a bhaineann le hIonstraim Théarnaimh AE (príomhshuim agus ús) a chumhdach chun inchreidteacht agus inbhuanaitheacht phlean aisíocaíochta Ionstraim Théarnaimh AE a áirithiú; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an gciseán sin freisin sciar na ranníocaíochtaí atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) a laghdú;
11. á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go n-áireofaí ciseán acmhainní dílse nua san athchóiriú sin nach mór dó teacht isteach i mbuiséad an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2021; á chur i bhfáth nach ionann rannchuidiú na bplaisteach agus ach an chéad chéim pháirteach i dtreo ionchas na Parlaiminte seo a chomhlíonadh; á chur in iúl go bhfuil sé i gceist aici féilire a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí a chaibidliú a bheidh le comhaontú ag an údarás buiséadach le haghaidh tabhairt isteach acmhainní dílse nua breise ina dhiaidh sin sa chéad leath den chéad MFF eile, amhail an Córas Trádála Astaíochtaí (agus na hioncaim a thiocfaidh as aon mhéadú amach anseo), an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, cháin dhigiteach, an Cháin ar Idirbhearta Airgeadais agus an Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide; á iarraidh go n-úsáidfear an t-athbhreithniú meántéarmach ar CAI chun acmhainní dílse breise a chur isteach, más gá, sa dara leath de CAI 2021-2027, ionas go n-áiritheofar go mbainfear amach an cuspóir faoi dheireadh CAI 2021-2027;
12. ag cur a seasaimh in iúl an athuair, ar seasamh é atá i bhfabhar deireadh a chur le gach lacáiste agus sásra ceartaitheach ar fad, a luaithe is féidir; á chur in iúl gur saoth léi nach amháin gur choinnigh an Chomhairle Eorpach na lacáistí ach gur mhéadaigh sí iad fiú amháin, rud a chuaigh chun tairbhe do roinnt Ballstát; ag athdhearbhú a seasaimh maidir leis na costais a bhaineann le bailiú na ndleachtanna custaim ar cheart iad a shocrú ag 10 %, ag a ráta bunaidh;
Cláir Shuaitheanta AE
13. á chur in iúl gur saoth léi na ciorruithe atá déanta ar chláir atá dírithe ar an todhchaí in 2021-2027 CAI agus in NGEU araon; á mheas go mbainfeadh siad an bonn d’fhothaí téarnaimh inbhuanaithe agus athléimnigh; á dhearbhú nach bhfuil 2021-2027 CAI faoi bhun thogra ón gCoimisiúin inmharthana ná inghlactha; á chur i bhfáth gur socraíodh leis an togra is déanaí ón gCoimisiún go mbeadh cistiú roinnt de na cláir sin ar leibhéal an-íseal ar an tuiscint go ndéanfadh NGEU breisiú air; á chur in iúl gurb oth léi gur chuir an Chomhairle Eorpach an loighic sin ar neamhní agus gur chuir sí formhór na mbreisithe ar ceal; ag athdhearbhú a seasaimh láidir cistiú leormhaith maidir leis an gcéad CAI eile agus a infheistíochtaí agus a bheartais fhadtéarmacha a chosaint, ar cistiú é nár cheart a chur i gcontúirt mar gheall ar an ngá atá leis an ionstraim théarnaimh a mhaoiniú láithreach; á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici treisithe spriocdhírithe ar chláir shuaitheanta AE a chaibidliú sa chéad CAI eile;
14. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh figiúirí CAI in aghaidh an cheannteidil agus in aghaidh an chláir san áireamh sa chaibidlíocht idirinstitiúideach; á thabhairt chun suntais go bhfuil na cláir shuaitheanta i mbaol anois go dtiocfadh laghdú láithreach ar a maoiniú ó 2020 go 2021; á chur in iúl, thairis sin, go mbeidh buiséad AE ina iomláine, amhail ó 2024, faoi bhun leibhéil 2020 AE, rud a chuirfidh gealltanais agus tosaíochtaí AE i gcontúirt, go háirithe an Comhaontú Glas agus an Clár Oibre Digiteach; á áitiú go gcaithfidh méaduithe spriocdhírithe de bhreis ar na figiúirí a mhol an Chomhairle Eorpach díriú go sonrach ar chláir a bhaineann leis an aeráid, leis an aistriú digiteach, leis an tsláinte, leis an óige, leis an gcultúr, leis an mbonneagar, leis an taighde, leis an mbainistiú teorann agus leis an dlúthpháirtíocht (amhail an Clár Fís Eorpach, InvestEU, Erasmus+ , an Ráthaíocht i dtaobh Leanaí, an Ciste um Aistriú Cóir, an Clár don Eoraip Dhigiteach, an tSaoráid um Chónascadh na Eorpa, LIFE+, EU4health, an Cistiú um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, Eoraip na Cruthaitheachta, an Clár um Chearta agus Luachanna, an Ciste Eorpach Cosanta, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus cabhair dhaonnúil), chomh maith le gníomhaireachtaí ábhartha AE agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh;
Saincheisteanna cothrománacha
15. á chur i bhfáth, chun na tosaíochtaí polaitiúla agus na cláir chaiteachais a ailíniú, go bhfuil sé ríthábhachtach prionsabail chothrománacha a áireamh i rialachán CAI agus NGEU araon, ach freisin i ngach reachtaíocht ábhartha eile, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, saothrú chuspóirí iomaíocha fadtéarmacha AE atá dírithe ar an todhchaí, aistriú atá cothrom agus cuimsitheach go sóisialta, sprioc chaiteachais 30 % a bhaineann leis an aeráid atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus sprioc chaiteachais10 % a bhaineann le bithéagsúlacht; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart modheolaíocht rianaithe thrédhearcach, chuimsitheach agus fhóinteach a ghlacadh go tapa, agus a oiriúnú, más gá, le linn athbhreithniú meántéarmach CAI, don chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus don chaiteachas a bhaineann le bithéagsúlacht araon; á chur in iúl an gá le “prionsabal na neamhdhíobhála” a chumhdach i rialacháin CAI agus NGEU araon”; ag cur béim, thairis sin, ar an ngá le fóirdheontais breoslaí iontaise a chéimniú amach de réir a chéile; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú ar thagairt a dhéanamh don Rialachán maidir le Tacsanomaíocht le haghaidh infheistíochtaí;
16. ag tacú go láidir le príomhshruthú inscne agus oibleagáidí tionchair inscne (buiséadú inscne) a thabhairt isteach i rialachán CAI agus i rialachán NGEU araon; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart modheolaíocht rianaithe thrédhearcach, chuimsitheach agus fhóinteach a ghlacadh go tapa agus a oiriúnú, más gá, le linn athbhreithniú meántéarmach CAI;
17. á éileamh go rachaidh athbhreithniú meántéarmach MFF atá ceangailteach ó thaobh dlí i bhfeidhm faoi dheireadh 2024 ar a dhéanaí; á chur i bhfáth go gcaithfidh baint a bheith ag an athbhreithniú sin leis na huasteorainneacha don tréimhse 2025-2027, le hathdháileadh leithreasaí nár gealladh agus leithreasaí saortha de chuid NGEU, le spriocanna breise a thabhairt isteach agus le cur chun feidhme na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta;
18. á chur i bhfáth go raibh forálacha solúbthachta CAI a comhaontaíodh le linn chaibidlíochtaí CAI a bhí ann roimhe seo ríthábhachtach chun cabhrú leis na húdaráis bhuiséadacha aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna gan fasach agus gan choinne le linn na tréimhse reatha; á mheas, dá bhrí sin, gurb iad forálacha solúbthachta CAI a mhol an Coimisiún an leibhéal is íosta don chéad CAI eile, agus go bhfuil sé ar intinn aici dul i mbun caibidlíochta maidir le tuilleadh feabhsuithe; á chur i gcoinne, sa chomhthéacs sin, aon iarrachtaí a bheith á ndéanamh chun ionstraimí speisialta CAI a laghdú agus a chumasc, agus á chur in iúl gur cheart iad sin a ríomh de bhreis ar uasteorainneacha CAI i dtéarmaí gealltanais agus íocaíochtaí araon; á áitiú, thairis sin, go ndéanfar uasteorainneacha a shocrú ar leibhéal a fhágann go bhfuil corrlaigh neamh-leithdháilte go leor os cionn imchlúdaigh an chláir;
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus prionsabal an daonlathais
19. ag tabhairt dá haire gur ann don chomhaontú maidir le méid foriomlán NGEU; á chur in iúl gur saoth léi na ciorruithe ollmhóra i gcomhpháirteanna na ndeontas a chuireann isteach ar an gcothromaíocht idir deontais agus iasachtaí agus a bhainfidh an bonn de na hiarrachtaí téarnaimh, go háirithe cealú clár nuálach amhail an Ionstraim um Thacaíocht Sócmhainneachta; á chreidiúint go laghdóidh na ciorruithe sin cumas na hionstraime agus a héifeacht chlaochlaitheach don gheilleagar; á chur in iúl gurb oth léi go ndearna roinnt Ballstát caibidlíocht arís de mheon iarmhéideanna buiséadacha a oibriú, agus neamhaird iomlán á tabhairt acu ar na tairbhí foriomlána ó bhallraíocht an mhargaidh aonair agus AE ina iomláine; ag tabhairt dhúslán na Comhairle bonn cirt a thabhairt don laghdú ollmhór ar bhuiséad ReactEU, an Chláir Fís Eorpach, U4health agus NDICI i gcomhthéacs na paindéime agus bhuiséad InvestEU agus an Chiste um Aistriú cóir i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais;
20. á iarraidh go n-áiritheofar go bhfuil leasuithe agus infheistíochtaí na Saoráidí Téarnaimh agus Réitigh (RRF) ag cruthú sineirgí le cistí agus cuspóirí reatha AE agus go ndéanfaidh siad fíorchuspóirí breisluacha agus fadtéarmacha Eorpacha a chur ar fáil;
21. ag cur i gcoinne sheasamh na Comhairle Eorpaí maidir le rialachas RRF a imíonn ón modh Comhphobail agus a thacaíonn le cur chuige idir-rialtasach; á chreidiúint nach mbeidh i gceist sa chur chuige sin ach feidhmiú RRF a dhéanamh níos casta agus a dhlisteanacht a laghdú; á mheabhrú gurb í an Pharlaimint an t-aon institiúid san Aontas a thoghtar go daonlathach; á iarraidh go ndéanfar grinnscrúdú daonlathach agus parlaiminteach ex-ante agus, dá bhrí sin, á éileamh go mbeidh sí bainteach i ngníomhartha tarmligthe, chomh maith leis an bhfíorú ex-post go ndéanfar airgead a sholáthraítear faoi RRF a chaitheamh go maith, go mbeidh sé ar mhaithe le saoránaigh AE agus ar mhaithe le AE agus go soláthróidh sé fíor-bhreisluach AE agus go dtacóidh sé le hathléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta; á éileamh go mbeadh na tairbhithe deiridh go léir go hiomlán trédhearcach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim láidir gur cheart go mbeadh na coimisinéirí atá freagrach as RRF cuntasach go hiomlán don Pharlaimint;
22. á mheabhrú gurb í an Pharlaimint in éineacht leis an gComhairle an t-údarás buiséadach; á éileamh, ina leith sin, a bheith lánpháirteach san ionstraim téarnaimh, i gcomhréir leis an modh Comhphobail; á éileamh go dtíolacfadh an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán Airgeadais agus ar an gComhaontú Idirinstitiúideach ar smacht buiséadach, ar chomhar i gcúrsaí buiséadacha agus ar bhainistíocht fhónta airgeadais, chun ról an údaráis bhuiséadaigh a chumhdach maidir le hioncam seachtrach sannta a údarú faoin nós imeachta buiséadach bliantúil;
23. á chur i bhfáth go bhfuil plean aisíocaíochta soiléir agus réalaíoch ríthábhachtach do rath foriomlán NGEU agus gurb é atá ann ná tástáil inchreidteachta do AE ina iomláine; á chreidiúint nár cheart aisíoc an fhéich a tabhaíodh a dhéanamh ar chostas bhuiséid AE agus na nglúnta Eorpach a bheidh ann amach anseo, agus gur cheart tús a chur leis a luaithe is féidir; á iarraidh go bhfógrófar caiteachas RRF go soiléir mar sin, agus é a bheith faoi réir riachtanais thrédhearcachta iomchuí lena n-áirítear ceanglais foilsithe le haghaidh liosta de na tairbhithe deiridh;
24. á chur i bhfáth gur cheart na costais go léir a bhaineann le NGEU (príomhshuim agus ús) a bhuiséadú de bhreis ar uasteorainneacha CAI;
Líontán sábhála do thairbhithe chláir AE nó ‘plean teagmhasach’
25. á chur in iúl go raibh sí ullamh caibidlíocht a dhéanamh ó 2018 agus á chur i bhfáth nach gcuirfear iachall uirthi glacadh le droch-chomhaontú; á dhearbhú go bhfuil sé ar intinn aici dul i mbun caibidlíocht fhóinteach leis an gComhairle maidir leis na heilimintí go léir thuasluaite d’fhonn a toiliú a thabhairt do Rialachán CAI 2021-2027;
26. á chreidiúint, áfach, go gcaithfí teacht ar aon chomhaontú polaitiúil faoin gcéad CAI eile faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair ar a dhéanaí, ionas nach ndéanfar tús rianúil na gclár nua amhail ón 1 Eanáir 2021 a chur i gcontúirt; á mheabhrú, mura nglacfar CAI nua in am, go ndéantar foráil in Airteagal 312 (4) CFAE maidir le fad sealadach a chur leis an uasteorainn agus le forálacha eile na bliana deiridh den chreat reatha; á chur i bhfios go bhfuil plean teagmhasach CAI, i dtéarmaí polaitiúla agus dlíthiúla, comhoiriúnach go hiomlán leis an bplean téarnaimh agus le glacadh chláir nua CAI;
o o o
27. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gCoimisiún.