Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 17 Meán Fómhair 2020 - Brussels
Cineálcheadú mótarfheithiclí (Astaíochtaí Fíorthiomána) ***I
 An Ciste um Aistriú Cóir ***I
 Onnmhairiú arm: Comhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun feidhme
 Riosca soiléir a chinneadh go ndéanfaidh an Pholainn sárú tromchúiseach ar an smacht reachta
 Uasmhéadú ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le stoc foirgneamh AE
 Ganntanas táirgí íocshláinte - conas déileáil le fadhb atá ag teacht chun cinn
 Cur chun feidhme Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romanaí san Eoraip a chomhrac
 Margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 ***I
 COVID-19: comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair

Cineálcheadú mótarfheithiclí (Astaíochtaí Fíorthiomána) ***I
PDF 176kWORD 57k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (COM(2019)0208 – C9-0009/2019 – 2019/0101(COD))(1)
P9_TA(2020)0222A9-0139/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ceanglaítear ar fheithiclí saothair éadroim nua teorainneacha astaíochta áirithe (caighdeáin Euro 5 agus Euro 6) a chomhlíonadh agus leagtar síos ceanglais bhreise maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí. Na forálacha teicniúla sonracha ba ghá chun an Rialachán sin a chur chun feidhme, is i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008, ón gCoimisiún4 a leagadh amach iad agus ina dhiaidh sin i Rialachán (AE) Uimh. 2017/1151 ón gCoimisiún5.
(2)  Le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ceanglaítear ar fheithiclí saothair éadroim nua teorainneacha astaíochta áirithe (caighdeáin Euro 5 agus Euro 6) a chomhlíonadh agus leagtar síos ceanglais bhreise maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, arna leasú agus arna chomhdhlúthú tuilleadh le Rialachán (AE) 2018/8583a a bhfuil feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2020. Na forálacha teicniúla sonracha ba ghá chun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ón gCoimisiún a chur chun feidhme leagadh amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún4 agus ina dhiaidh sin, i Rialachán (AE)  2017/1151 ón gCoimisiún.5
__________________
__________________
3a Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
4 Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).
4 Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).
5 Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).
5 Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  De réir a chéile, tá géaraithe go mór ar na ceanglais chineálcheadaithe a bhaineann le hastaíochtaí ó mhótarfheithiclí trí chaighdeáin Euro a thabhairt isteach agus a athbhreithniú ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil laghduithe móra bainte amach ag feithiclí i gcoitinne ó thaobh astaíochtaí na dtruailleán rialáilte de, níorbh amhlaidh cás na n-astaíochtaí NOx ó innill díosail ná cáithníní ó innill ghásailín insteallta dhírigh, arna suiteáil i bhfeithiclí saothair éadroim go háirithe. Is gá, dá bhrí sin, bearta a dhéanamh chun an scéal sin a réiteach.
(3)  De réir a chéile, tá géaraithe go mór ar na ceanglais chineálcheadaithe a bhaineann le hastaíochtaí ó mhótarfheithiclí trí chaighdeáin Euro a thabhairt isteach agus a athbhreithniú ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil laghduithe móra bainte amach ag feithiclí i gcoitinne ó thaobh astaíochtaí na dtruailleán rialáilte de, níorbh amhlaidh cás na n-astaíochtaí NOx ó innill díosail ná cáithníní ó innill ghásailín insteallta dhírigh, arna suiteáil i bhfeithiclí saothair éadroim go háirithe. Is gá, dá bhrí sin, gníomhaíochtaí a dhéanamh chun an cás sin a réiteach.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
(3a)  Measadh i dTuarascáil 2019 maidir le Cáilíocht Aeir1d a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) gurb nochtadh fadtéarmach ar thruailliú aeir ba chúis le níos mó ná 506 000 bás anabaí in AE-28 in 2016. Deimhníodh sa tuarascáil freisin gur lean an t-iompar de bhóthar de bheith mar phríomhfhoinse astaíochtaí NOxx in AE-28 in 2017, arb ionann é agus thart ar 40 % d’astaíochtaí NOx iomlána AE, agus gur feithiclí arna gcumhachtú ag díosal a ghineann thart ar 80 % d’astaíochtaí NOx iomlána ó iompar de bhóthar;
__________________
1a EEA Air Quality in Europe 2019 report. [Cáilíocht an Aeir san Eoraip – tuarascáil 2019].
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 b (nua)
(3b)  Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí chun iontaoibh tomhaltóirí a athbhunú.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 c (nua)
(3c)  Tá sé léirithe ag sáruithe a rinne monaróirí le déanaí ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, lena n-áirítear sáruithe ar na hoibleagáidí dlíthiúla atá orthu faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, a laige atá na sásraí rialaithe agus forfheidhmithe. Níor tugadh cúiteamh sásúil do thomhaltóirí, mar fiú i gcásanna inar deonaíodh cúiteamh, is annamh a tugadh feithiclí i gcomhréir le caighdeáin Euro 5 agus Euro 6. Ós rud é go bhfuil líon na dtoirmeasc ar fheithiclí díosail i gcathracha na hEorpa ag dul i méid agus go bhfuil tionchar aige sin ar shaol laethúil na saoránach, d’fhéadfaí bearta cúitimh leormhaithe a ghlacadh, amhail teicneolaíocht oiriúnaithe chun gáis sceite a chóireáil (athrú crua-earraí) a shuiteáil i bhfeithiclí neamhchomhlíontacha nó, i gcás inar mian leis an tomhaltóir feithicil a ceannaíodh a mhalartú ar mhúnla níos glaine, préimheanna tiontaithe a thairiscint.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Mar thoradh air sin, cheap an Coimisiún modheolaíocht nua le tástáil a dhéanamh ar astaíochtaí ó fheithiclí faoi dhálaí fíorthiomána, an nós imeachta tástála astaíochtaí fíorthiomána (RDE). Tugadh isteach an nós imeachta tástála RDE le Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún6 agus le Rialachán (AE) 2016/6467 ón gCoimisiún19, rud a tugadh isteach ina dhiaidh sin i Rialachán (AE) 2017/1151 agus a feabhsaíodh tuilleadh le Rialachán (AE) 2017/1154 ón gCoimisiún8.
(5)  Mar thoradh air sin, cheap an Coimisiún modheolaíocht nua le tástáil a dhéanamh ar astaíochtaí ó fheithiclí faoi dhálaí fíorthiomána, an nós imeachta tástála astaíochtaí fíorthiomána (RDE). Tugadh isteach an nós imeachta tástála RDE le Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún6 agus le Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún7, rud a tugadh isteach ina dhiaidh sin agus a feabhsaíodh tuilleadh i Rialacháin (AE) 2017/1151, (AE) 2017/11548 agus (AE) 2018/1832 ón gCoimisiún8a.
__________________
__________________
6 Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún an 10 Márta 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 82, 31.03.2016, lch. 1).
6 Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún an 10 Márta 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 82, 31.03.2016, lch. 1).
7 Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch. 1).
7 Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch. 1).
8 Rialachán (AE) 2017/1154 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí fíorthiomána ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 175, 07.07.2017, lch. 708).
8 Rialachán (AE) 2017/1154 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí fíorthiomána ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 175, 07.07.2017, lch. 708).
8a Rialachán (AE) 2018/1832 an 5 Samhain 2018 ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún chun na tástálacha agus na nósanna imeachta cineálcheadaithe i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála a fheabhsú, lena n-áirítear na tástálacha agus na nósanna imeachta sin a bhaineann le comhréireacht inseirbhíse agus astaíochtaí fíorthiomána agus chun gairis a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla agus fuinnimh leictrigh, IO L 301, 27.11.2018, lch. 1.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Le Rialachán (AE)21 2016/6469 tugadh isteach na dátaí a chuirfear an nós imeachta tástála RDE i bhfeidhm, chomh maith leis na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE. Chun na críche sin, úsáideadh fachtóirí comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith chun aird a thabhairt ar neamhchinnteachtaí staitistiúla agus teicniúla na dtomhas a rinneadh trí bhíthin Córais Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS).
(6)  Le Rialachán (AE) 2016/6469 tugadh isteach na dátaí a chuirfear an nós imeachta tástála RDE i bhfeidhm, chomh maith leis na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE. Roghnaíodh tabhairt isteach na ndátaí le haghaidh feithiclí paisinéirí agus feithiclí saothair éadroim i seicheamh bliantúil chun pleanáil thráthúil a áirithiú do mhonaróirí gach grúpa feithiclí. Chun na críche sin, tugadh isteach fachtóirí comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith chun aird a thabhairt ar neamhchinnteachtaí staitistiúla agus teicniúla na dtomhas a rinneadh trí bhíthin Córais Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS).
__________________
__________________
9. Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch. 1).
9. Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch. 1).
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 a (nua)
(6a)  De réir thuarascáil EEA ó 2016, bhí trí fhachtóir go príomha ann ba chúis leis an mbearna idir fíor-astaíochtaí agus astaíochtaí saotharlainne: nós imeachta tástála as dáta, solúbthachtaí sa nós imeachta reatha agus fachtóirí atá in úsáid atá spleách ar an tiománaí. Tá staidéar ag teastáil chun an lámháil atá ann mar gheall ar an stíl tiomána agus ar an teocht taobh amuigh a bhunú. Ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na fachtóirí, an lámháil a bhaineann le feiste agus lámháil an fhachtóra le linn úsáide atá spleách ar an tiománaí agus ar an teocht.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  An 13 Nollaig 2018, thug an Chúirt Ghinearálta breithiúnas sna Cásanna Uamtha T-339/16, T-352/16 agus T-391/1622 maidir le caingean le haghaidh neamhniú Rialachán (AE) 2016/646. Neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an chuid sin de Rialachán (AE) 2016/646 lenar bunaíodh na fachtóirí comhréireachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na teorainneacha astaíochta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 á gcomhlíonadh ag torthaí tástálacha RDE. Shuigh an Chúirt gurb é an reachtóir agus é sin amháin a d’fhéadfadh na fachtóirí comhréireachta sin a thabhairt isteach óir bhain siad le heilimint riachtanach de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
(7)  An 13 Nollaig 2018, thug an Chúirt Ghinearálta breithiúnas sna Cásanna Uamtha T-339/16, T-352/16 agus T-391/1622 maidir le caingean le haghaidh neamhniú Rialachán (AE) 2016/646. Neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an chuid sin de Rialachán (AE) 2016/646 lenar bunaíodh na fachtóirí comhréireachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na teorainneacha astaíochta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 á gcomhlíonadh ag torthaí tástálacha RDE. Shuigh an Chúirt gurb é an reachtóir agus é sin amháin a d’fhéadfadh na fachtóirí comhréireachta sin a thabhairt isteach óir bhain siad le heilimint riachtanach de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus "mar thoradh ar leasú de facto ar na teorainneacha ar astaíochtaí ocsaídí nítrigine atá leagtha síos do chaighdeáin Euro 6, cé go mbeidh feidhm ag na teorainneacha sin maidir leis na tástálacha sin”.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Níor cheistigh an Chúirt Ghinearálta an chúis theicniúil atá leis na fachtóirí comhréireachta. Dá bhrí sin, agus ó tharla go bhfuil neamhréireacht ann fós idir na hastaíochtaí a thomhaistear le linn na fíorthiomána agus na hastaíochtaí a thomhaistear sa tsaotharlann, is iomchuí na fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
(8)  D’ardaigh an Chúirt Ghinearálta amhras faoi “an bhfuil bunús maith le spleáchas an Choimisiúin ar earráidí staidrimh a d’fhéadfadh a bheith ann”, go háirithe maidir le fachtóir comhréireachta sealadach 2,1 agus dúirt sí “go gceartaítear éiginnteachtaí staidrimh trí ionadaíochas an tsampla nó na tástála nó de réir mhéid na tástála”. Ina theannta sin, maidir leis an lámháil éiginnteachta teicniúla a tugadh isteach, dhearbhaigh an Chúirt “go bhfuil sé dodhéanta a chinneadh, tar éis tástáil RDE, an gcomhlíonann an fheithicil atá á tástáil na teorainneacha dlíthiúla nó an bhfuil sí gar dóibh féin fiú”. Tá lámháil éiginnteachta teicniúla ag aon trealamh tomhais, agus maidir le trealamh PEMS, mar gheall ar úsáid an trealaimh sin i ndálaí athraitheacha, fuarthas amach go bhfuil lámháil beagán níos mó aige i gcomparáid le trealamh saotharlainne nach bhfuil soghluaiste, cé gur féidir astaíochtaí ró-mheasta agus gannmheasta a bheith i gceist leis sin i ndáiríre. Ó tharla go bhfuil neamhréireacht ann fós idir na hastaíochtaí a thomhaistear le linn na fíorthiomána agus na hastaíochtaí a thomhaistear sa tsaotharlann, is iomchuí na fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach go sealadach i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
(8a)  Ina rún an 28 Márta 2019 maidir leis na forbairtí is déanaí i scannal 'Dieselgate' chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur geal léi rialú na Cúirte Ginearálta, agus d’iarr sí go sainráite ar an gCoimisiún gan aon fhachtóir nua comhréireachta a thabhairt isteach chun a áirithiú nach ndéanfar caighdeáin Euro 6 a mhaolú tuilleadh agus go gcomhlíonfar iad ina ionad sin faoi ghnáthchoinníollacha úsáide, dár foráladh ar dtús i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Chun caoi a thabhairt do dhéantóirí ar na teorainneacha astaíochta Euro 6 a chomhlíonadh i gcomhthéacs nós imeachta tástála RDE, ba cheart na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE a thabhairt isteach in dhá chéim. Le linn na chéad chéime, arna iarraidh sin don déantóir, ba cheart fachtóir comhréireachta a bheith i bhfeidhm, ach ní úsáidfear ach an fachtóir comhréireachta deiridh mar an dara céim. Ba cheart don Choimisiún na fachtóirí comhréireachta deiridh a choimeád faoi athbhreithniú i bhfianaise an dul chun cinn teicniúil.
(9)  Chun caoi a thabhairt do dhéantóirí ar na teorainneacha astaíochta Euro 6 a chomhlíonadh i gcomhthéacs an nós imeachta tástála RDE, ba cheart na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE a thabhairt isteach in dhá chéim. Le linn na chéad chéime, arna iarraidh sin don déantóir, ba cheart fachtóir comhréireachta a bheith i bhfeidhm, ach ní úsáidfear ach an fachtóir comhréireachta deiridh mar an dara céim. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhfachtóir comhréireachta deiridh le linn idirthréimhse agus ba cheart lamháil a bheith san áireamh ann lena léirítear an éiginnteacht bhreise tomhais a bhaineann le tabhairt isteach PEMS. Ba cheart don Choimisiún measúnú leanúnach a dhéanamh ar an bhfachtóir comhréireachta sin i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus é a choigeartú síos go bliantúil ar bhonn fianaise eolaíoch, cruinneas feabhsaithe an nós imeachta tomhais agus dul chun cinn teicniúil PEMS. Ba cheart an fachtóir comhréireachta a ísliú de réir a chéile agus scor d’fheidhm a bheith aige faoin 30 Meán Fómhair 2022.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
(9a)   Ba cheart don Choimisiún ceanglais níos déine a bhunú faoi mhí an Mheithimh 2021 ar a dhéanaí maidir le trealamh tomhais PEMS a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh tástálacha RDE. Ba cheart a chur san áireamh leis na caighdeáin a bhunaítear, i gcás inar féidir, aon eilimintí ábhartha den chaighdeánú arna bhforbairt ag CEN bunaithe ar an trealamh PEMS is fearr atá ar fáil.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 b (nua)
(9b)  Cé go ndéileáiltear sa togra seo leis an bhfachtóir comhréireachta, tá sé tábhachtach a chur i dtreis go bhfuiltear le déileáil le saincheist na gcaighdeán teorainneacha astaíochta i gcomhthéacs an togra atá beartaithe maidir le hiar-Euro 6. Chun dul chun cinn tapa a áirithiú i dtreo luachanna teorantacha astaíochta agus cáilíocht fheabhsaithe aeir do shaoránaigh an Aontais amach anseo a ghlacadh (iar – Euro 6), tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun na críche sin a luaithe is féidir agus faoi mhí an Mheithimh 2021 ar a dhéanaí, mar a fógraíodh sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 maidir le “Margadh Glas na hEorpa”, lena gcuirtear béim ar an ngá atá le hathrú go soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste agus lena n-áirithítear bealach i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha. Níor cheart aon fhachtóirí comhréireachta a úsáid i gcur chun feidhme na gcaighdeán iar-Euro 6.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 c (nua)
(9c)  Chun táirgeoirí a spreagadh dearcadh réamhghníomhach ar son an chomhshaoil a bheith acu, ba cheart na nuálaíochtaí teicneolaíochta nua atá ceaptha NOx a ionsú a thástáil, a chainníochtú agus a mheas san athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chaighdeáin Euro.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Le Conradh Liospóin tugadh deis don reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. I bprionsabal, freagraíonn na bearta is féidir a chumhdach le tarmligean cumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 290(1) CFAE, dóibh sin a chumhdaítear leis an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú a bhunaítear le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle11. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach, na forálacha sin de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú a chur in oiriúint d’Airteagal 290 CFAE.
(10)  Le Conradh Liospóin tugadh deis don reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. I bprionsabal, freagraíonn na bearta is féidir a chumhdach le tarmligean cumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 290(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), dóibh sin a chumhdaítear leis an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú a bhunaítear le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle11. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach, na forálacha sin de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú a chur in oiriúint d’Airteagal 290 CFAE.
_________________
_________________
11 Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).
11 Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chion a dhéanamh le cuspóirí an Aontais ó thaobh cháilíocht an aeir de a bhaint amach agus le hastaíochtaí ó fheithiclí a laghdú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais shonracha le haghaidh cineálcheadú. Ba cheart a áireamh ar an tarmligean sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a fhorlíonadh trí na rialacha athbhreithnithe sin agus ar na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas; na ceanglais le haghaidh chur chun feidhme an toirmisc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí; na bearta is gá le haghaidh chur chun feidhme na hoibleagáide atá ar dhéantóir rochtain neamhshrianta chaighdeánaithe a chur ar fáil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí; nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní a ghlacadh. Ba cheart a áireamh thairis sin ar an tarmligean Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú chun na fachtóirí comhréireachta deiridh a athbhreithniú chun íslithe chun an dul chun cinn teicniúil i PEMS a léiriú, agus na luachanna teorantacha atá bunaithe ar mhais na gcáithníní a athchalabrú agus luachanna teorantacha atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach. Tá sé ríthábhachtach an Coimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Thar gach ní, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(11)  Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chion a dhéanamh le cuspóirí an Aontais ó thaobh cháilíocht an aeir de a bhaint amach agus le hastaíochtaí ó fheithiclí a laghdú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais shonracha le haghaidh cineálcheadú. Ba cheart a áireamh ar an tarmligean sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a fhorlíonadh trí na rialacha athbhreithnithe sin agus ar na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas; na ceanglais le haghaidh chur chun feidhme an toirmisc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí; agus nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní a ghlacadh. D’ainneoin na tréimhse giorra idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aisghairm na bhforálacha maidir le faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil (FDC) le Rialachán (AE) 2018/858, chun críocha na deimhneachta dlíthiúla agus chun a áirithiú go mbeidh gach rogha ar fáil don reachtóir, ba cheart a áireamh sa tarmligean freisin na bearta is gá chun oibleagáid an mhonaróra rochtain neamhshrianta agus chaighdeánaithe a sholáthar ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a chur chun feidhme. Ba cheart a áireamh thairis sin ar an tarmligean Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú chun an fachtóir comhréireachta a athbhreithniú anuas go bliantúil chun cáilíocht fheabhsaithe an nós imeachta tomhais nó an dul chun cinn teicniúil maidir le PEMS a léiriú, agus na teorainnluachanna atá bunaithe ar mhais na gcáithníní a athchalabrú agus teorainnluachanna atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr1a. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
_________________
1a IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 3 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2
Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh, déanfar na luachanna astaíochta a shuitear in aon tástáil bhailí astaíochtaí fíorthiomána (RDE) a roinnt ar an bhfachtóir comhréireachta infheidhme a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I. Beidh an toradh fós faoi bhun na dteorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn sin.
Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh, déanfar na luachanna astaíochta a shuitear in aon tástáil bhailí astaíochtaí fíorthiomána (RDE) a roinnt ar an bhfachtóir comhréireachta infheidhme mar a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I. Beidh an toradh fós faoi bhun na dteorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn sin. Déanfar an fachtóir comhréireachta a ísliú de réir a chéile trí athbhreithnithe anuas bliantúla, bunaithe ar mheasúnuithe ó JRC. Scoirfidh an fachtóir comhréireachta d’fheidhm a bheith aige faoin 30 Meán Fómhair 2022.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 4 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Airteagal 5 – mír 1
1.  Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’astaíochtaí deartha, déanta agus cóimeáilte sa chaoi gur féidir leis an bhfeithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo a chomhlíonadh.;
1.  Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’astaíochtaí deartha, déanta agus cóimeáilte sa chaoi gur féidir leis an bhfeithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ráthóidh an déantóir iontaofacht na bhfeistí rialaithe truaillithe freisin agus beidh sé mar aidhm aige an riosca a laghdú a bhaineann le goid na bhfeistí nó iad a úsáid ar bhealach míchuí.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Airteagal 8 – mír 1
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun Airteagal 6 agus Airteagal 7 a fhorlíonadh. Áireofar leis sin sonraíochtaí teicniúla a shainmhíniú a bhaineann leis an dóigh ina soláthrófar faisnéis DAB agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus na sonraíochtaí sin a thabhairt cothrom le dáta, agus aird faoi leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun Airteagail 6 agus 7 a fhorlíonadh. Áireofar leis sin sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an gcaoi a soláthrófar faisnéis OBD agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a shainiú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus aird faoi leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna, micrifhiontar agus oibreoirí féinfhostaithe.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Airteagal 10 – mír 4 – fomhír 2
Le linn aon tástáil bhailí RDE, is tríd an bhfachtóir comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith, agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(1), a chur san áireamh a thabharfar chun feasa na luachanna teorantacha Euro 6 a bheith á gcomhlíonadh nó a mhalairt.
Le linn aon tástáil bhailí RDE, is tríd an bhfachtóir comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith, agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(1), a chur san áireamh a shuífear an bhfuil na luachanna teorantacha Euro 6 á gcomhlíonadh. Déanfar an fachtóir comhréireachta a ísliú de réir a chéile trí athbhreithnithe anuas bliantúla, bunaithe ar mheasúnuithe ó JRC. Scoirfidh an fachtóir comhréireachta d’fheidhm a bheith aige faoin 30 Meán Fómhair 2022.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Airteagal 10 – mír 5 – fomhír 2
Le linn aon tástáil bhailí RDE, is tríd an bhfachtóir comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith, agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(1), a chur san áireamh a thabharfar chun feasa na luachanna teorantacha Euro 6 a bheith á gcomhlíonadh nó a mhalairt.
Le linn aon tástáil bhailí RDE, is tríd an bhfachtóir comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith, agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(1), a chur san áireamh a shuífear an bhfuil na luachanna teorantacha Euro 6 á gcomhlíonadh. Déanfar an fachtóir comhréireachta a ísliú de réir a chéile trí athbhreithnithe anuas bliantúla, bunaithe ar mheasúnuithe ó JRC. Scoirfidh an fachtóir comhréireachta d’fheidhm a bheith aige faoin 30 Meán Fómhair 2022.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Airteagal 14 – mír 3 agus mír 3 a (nua)
3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a:
3.  Déanfaidh an Coimisiún,tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2021, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena bhforlíontar an Rialachán seo chun na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais a oiriúnú chomh maith leis na timthriallta tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas chun léiriú leordhóthanach a thabhairt ar fhíorastaíochtaí tiomána faoi ghnáthchoinníollacha úsáide, lena n-áirítear inter alia coinníollacha teochta agus teorann, laghdú a dhéanamh ar an sruth freagairt nialasach agus aghaidh a thabhairt ar cháithníní guaiseacha i gcáithníní a bheidh mar thoradh ar ghlanadh scagtha, agus aon ghnéithe caighdeánaithe ábhartha arna bhforbairt ag CEN agus atá bunaithe ar an trealamh is fearr atá ar fáil á gcur san áireamh.
(a)  lena bhforlíontar an Rialachán seo chun na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais, chomh maith leis na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas, a oiriúnú chun go léireofar astaíochtaí fíorthiomána go leormhaith;
(b)  an Rialachán seo a leasú chun na fachtóirí comhréireachta deiridh a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil.
3a.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena leasaítear an Rialachán seo a leasú chun na fachtóirí comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus chun iad a athbhreithniú anuas.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn– mír 1
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Iarscríbhinn I – tábla 2a – ró 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

CF truailleán-deiridh (2)

1,43

1,5

-

-

-

(2)   Is é CF truailleán-deiridh an fachtóir comhréireachta a úsáidtear chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 á gcomhlíonadh trí aird a thabhairt ar na héiginnteachtaí teicniúla a ghabhann le húsáid na gCóras Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS).

Leasú

CF truailleán-deiridh (2)

1 + lámháil (lámháil = 0,32*)

1 + lámháil (lámháil = 0,5*)

-

-

-

* le hathbhreithniú anuas ar bhonn mheasúnú an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde ar a laghad uair sa bhliain

(2)   Is é CF truailleán-deiridh an fachtóir comhréireachta a úsáidtear chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 faoi idirthréimhse á gcomhlíonadh trí aird a thabhairt ar na héiginnteachtaí teicniúla breise a ghabhann le tabhairt isteach na gCóras Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS). Déantar é a shloinneadh mar 1 + lamháil tomhais éiginneachta. Faoin 30 Meán Fómhair 2022 beidh an lámháil ag nialas, agus scoirfidh an fachtóir comhréireachta d’fheidhm a bheith aige.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0139/2020).


An Ciste um Aistriú Cóir ***I
PDF 209kWORD 72k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (COM(2020)0022 – C9-0007/2020 – 2020/0006(COD))(1)
P9_TA(2020)0223A9-0135/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Leis an gcreat rialála lena rialaítear beartas comhtháthaithe an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027, i gcomhthéacs an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, rannchuidítear le comhlíonadh ghealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme trí chistiú an Aontais a dhíriú ar chuspóirí glasa. Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (“An Comhaontú Glas don Eoraip”)11 agus is cuid é den Phlean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe12 lena gcuirtear maoiniú tiomnaithe ar fáil faoin Sásra um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar na costais eacnamaíocha agus shóisialta a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ina ndéantar aon astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fágtha a chúiteamh le hionsúcháin choibhéiseacha.
(1)  Leis an gcreat rialála lena rialaítear beartas comhtháthaithe an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027, i gcomhthéacs an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, rannchuidítear le comhlíonadh ghealltanais an Aontais Comhaontú Pháras, lena ndéantar an méadú teochta domhanda a theorannú faoi bhun 1,5 °C, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme trí chistiú an Aontais a dhíriú ar chuspóirí glasa. Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (‘An Comhaontú Glas don Eoraip’)11 agus is cuid é den Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe12 lena gcuirtear maoiniú tiomnaithe ar fáil faoin Sásra um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar na costais eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ina ndéantar aon astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fágtha a chúiteamh le hionsúcháin choibhéiseacha, agus tionchar phaindéim COVID-19 á chur san áireamh.
__________________
__________________
11 COM(2019)0640, 11.12.2019.
11 COM(2019)0640, 11.12.2019.
12 COM(2020)0021, 14.1.2020.
12 COM(2020)0021, 14.1.2020.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Tá an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na aeráide de ar cheann de na cuspóirí beartais is tábhachtaí atá ag an Aontas. An 12 Nollaig 2019, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cuspóir Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Cé go mbainfidh gach réigiún agus gach Ballstát leas as an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil san fhadtéarma agus go gcuirfidh sin deiseanna agus dúshláin ar fáil do chách sa mheántéarma, ní thosaíonn gach ceann acu ar a n-aistriú ón bpointe céanna agus níl an cumas freagartha céanna acu. Tá roinnt acu sin níos forbartha ná cinn eile, ach bíonn tionchar sóisialta agus eacnamaíoch níos leithne ag an aistriú ar na réigiúin sin a bhíonn ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise, go háirithe gual, lignít, móin agus sceall ola, nó ar thionscail atá dian ar gháis cheaptha teasa. I gcás den sórt sin, cruthaítear an baol go mbeidh aistriú ar luasanna éagsúla san Aontas i dtaca leis an ngníomhú ar son na haeráide, ach an baol freisin go dtiocfadh méadú ar na bearnaí idir na réigiúin, rud a dhéanfadh dochar do chuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh.
(2)  Tá an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na aeráide de ar cheann de na cuspóirí beartais is tábhachtaí atá ag an Aontas. An 12 Nollaig 2019, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cuspóir Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Cé go mbainfidh gach réigiún agus gach Ballstát leas as an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil san fhadtéarma agus go gcuirfidh sin deiseanna agus dúshláin ar fáil do chách sa mheántéarma, ní thosaíonn gach ceann acu ar a n-aistriú ón bpointe céanna agus níl an cumas freagartha céanna acu. Tá roinnt acu sin níos forbartha ná cinn eile, ach bíonn tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil níos leithne ag an aistriú ar na réigiúin sin a bhíonn ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise, go háirithe gual, lignít, móin le haghaidh úsáid fuinnimh agus sceall ola, nó ar thionscail atá dian ar gháis cheaptha teasa. I gcás den sórt sin, cruthaítear an baol go mbeidh aistriú ar luasanna éagsúla san Aontas i dtaca leis an ngníomhú ar son na haeráide, ach an baol freisin go dtiocfadh méadú ar na bearnaí idir na réigiúin, go háirithe do na réigiúin is forimeallaí, limistéir iargúlta, limistéir oileánacha agus limistéir atá faoi mhíbhuntáiste geografach, agus do limistéir ina bhfuil fadhbanna dídhaonraithe, rud a dhéanfadh dochar do chuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Chun go n-éireoidh leis an aistriú, ní mór dó a bheith cothrom agus inghlactha go sóisialta ag cách. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit araon na himpleachtaí eacnamaíocha agus sóisialta a bheidh aige a chur san áireamh ón tús, agus leas a bhaint as gach ionstraim a d’fhéadfadh a bheith ann chun drochiarmhairtí a mhaolú. Tá ról tábhachtach ag buiséad an Aontais i ndáil leis sin.
(3)  Chun go n-éireoidh leis an aistriú, ní mór dó a bheith cothrom, cuimsitheach agus inghlactha go sóisialta ag cách. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas, do na Ballstáit agus dá réigiúin araon na himpleachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige a chur san áireamh ón tús, agus leas a bhaint as gach ionstraim a d’fhéadfadh a bheith ann chun drochiarmhairtí a mhaolú. Tá ról tábhachtach ag buiséad an Aontais i ndáil leis sin chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine i leataobh.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Phlean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe, ba cheart go mbeadh Sásra um Aistriú Cóir comhlántach do na gníomhaíochtaí eile faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse ó 2021 go 2027. Ba cheart dó rannchuidiú le dul i ngleic leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíoch a bhainfeadh leis an aistriú chuig neodracht ó thaobh na haeráide de san Aontas Eorpach tríd an gcaiteachas ó bhuiséad an Aontais ar chuspóirí aeráide agus sóisialta a thabhairt le chéile ar an leibhéal réigiúnach.
(4)  Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, ba cheart go mbeadh Sásra um Aistriú Cóir comhlántach do na gníomhaíochtaí eile faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse ó 2021 go 2027. Ba cheart dó rannchuidiú le dul i ngleic leis na hiarmhairtí sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a bhainfeadh leis an aistriú chuig neodracht ó thaobh na haeráide de san Aontas Eorpach faoi 2050, go háirithe d’oibrithe a ndéanann an próiseas sin difear dóibh, tríd an gcaiteachas ó bhuiséad an Aontais ar chuspóirí aeráide agus sóisialta a thabhairt le chéile ar an leibhéal réigiúnach, agus geilleagar inbhuanaithe, poist ghlasa agus an tsláinte phoiblí a chur chun cinn.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) atá ar cheann de cholúin an tSásra um Aistriú Cóir a chuirtear chun feidhme faoin mbeartas comhtháthaithe. Is é an aidhm atá le CUAC maolú a dhéanamh ar dhrochiarmhairtí an aistrithe aeráide trí thacaíocht a thabhairt sna críocha is mó a n-imríonn siad tionchar orthu agus do na hoibrithe lena mbaineann. I gcomhréir le cuspóir sonrach CUAC, ba cheart do na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC rannchuidiú go díreach chun laghdú a dhéanamh ar thionchar an aistrithe trí mhaoiniú a dhéanamh ar éagsúlú agus nuachóiriú an gheilleagair áitiúil agus trí mhaolú a dhéanamh ar na iarmhairtí diúltacha ar an bhfostaíocht. Léirítear sin i gcuspóir sonrach CUAC, a bhunaítear ar an leibhéal céanna agus a liostaítear in éineacht leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal [4] de Rialachán AE [RFC nua].
(5)  Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (‘CUAC’) atá ar cheann de cholúin an tSásra um Aistriú Cóir a chuirtear chun feidhme faoin mbeartas comhtháthaithe. Is é an aidhm atá le CUAC maolú agus cúiteamh a dhéanamh ar dhrochiarmhairtí an aistrithe aeráide trí thacaíocht a thabhairt sna críocha is mó a n-imríonn siad tionchar orthu agus do na hoibrithe lena mbaineann agus aistriú socheacnamaíoch cothrom a chur chun cinn a dhéanann éiginnteacht shóisialta agus timpeallacht gnó éagobhsaí a chomhrac. I gcomhréir le cuspóir sonrach CUAC, ba cheart do na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC rannchuidiú go díreach chun laghdú a dhéanamh ar thionchar an aistrithe trí mhaoiniú a dhéanamh ar éagsúlú agus nuachóiriú an gheilleagair áitiúil trí acmhainní nádúrtha a athghiniúint agus trí mhaolú a dhéanamh ar na iarmhairtí diúltacha ar an bhfostaíocht agus ar chaighdeáin mhaireachtála. Léirítear sin i gcuspóir sonrach CUAC, a bhunaítear ar an leibhéal céanna agus a liostaítear in éineacht leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal [4] de Rialachán AE [RFC nua].
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, an gealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus an méadú ar uaillmhian an Aontais mar atá beartaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, ba cheart do CUAC a bheith ina rannchuidiú tábhachtach chun gníomhaíochtaí aeráide a phríomhshruthú. Is acmhainní breise iad na hacmhainní ó imchlúdach airgeadais CUAC féin a chuirtear leis na hinfheistíochtaí is gá chun an sprioc foriomlán go mbeadh 25 % den chaiteachas as buiséad an Aontais ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide a bhaint amach. Rannchuideoidh acmhainní arna n-aistriú ó CFRE agus ó CSE+ go hiomlán chun an sprioc sin a bhaint amach.
(6)  I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, an gealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus an méadú ar uaillmhian an Aontais mar atá beartaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, ba cheart do CUAC a bheith ina rannchuidiú tábhachtach chun gníomhaíochtaí aeráide agus comhshaoil a phríomhshruthú. Is acmhainní breise iad na hacmhainní ó imchlúdach airgeadais CUAC féin a chuirtear leis na hinfheistíochtaí is gá chun an sprioc foriomlán go mbeadh 30 % den chaiteachas as buiséad an Aontais ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide a bhaint amach. D’fhéadfadh acmhainní arna n-aistriú ar bhonn deonach ó CFRE agus ó CSE+ rannchuidiú go hiomlán chun an sprioc sin a bhaint amach.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Ba cheart na hacmhainní ó CUAC a bheith ina gcomhlánú ar na hacmhainní a bheidh ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe.
(7)  Ba cheart na hacmhainní ó CUAC a bheith ina gcomhlánú ar na hacmhainní a bheidh ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe. Níor cheart go dtiocfadh ciorruithe ar na cistí comhtháthaithe eile, nó aistrithe éigeantacha uathu, as bunú CUAC.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Is dúshlán le haghaidh na mBallstát uile é an t-aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Beidh sé ina dhúshlán ar leith do na Ballstáit sin a bhíonn ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha atá dian ar gháis cheaptha teasa ar gá deireadh a chur leo go céimnitheach nó ar gá iad a oiriúnú i ngeall ar an aistriú agus nach bhfuil na hacmhainní airgeadais acu chun é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin ba cheart go gcumhdódh CUAC gach Ballstát, ach ba cheart go léireodh dáileadh a acmhainní airgeadais cumas na mBallstát na hinfheistíochtaí atá riachtanach chun déileáil leis an aistriú i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de a mhaoiniú.
(8)  Is dúshlán le haghaidh na mBallstát uile é an t-aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Beidh sé ina dhúshlán ar leith do na Ballstáit sin a bhíonn ag brath go mór, nó a bhí ag brath go mór go dtí le déanaí, ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha atá dian ar gháis cheaptha teasa ar gá deireadh a chur leo go céimnitheach nó ar gá iad a oiriúnú i ngeall ar an aistriú agus nach bhfuil na hacmhainní airgeadais acu chun é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin ba cheart go gcumhdódh CUAC gach Ballstát, ach ba cheart le dáileadh a acmhainní airgeadais go ndíreofar ar na críocha ina mbeidh an tionchar is mó, agus go léireofar cumas na mBallstát na hinfheistíochtaí atá riachtanach chun déileáil leis an aistriú i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de a mhaoiniú, agus aird ar leith á díriú ar na réigiúin is lú forbartha, na réigiúin is forimeallaí, limistéir shléibhtiúla, oileáin, limistéir inar tearc an daonra, thuaithe, iargúlta agus atá faoi mhíbhuntáiste geografach ina bhfuil sé níos deacra an t-aistriú san fhuinneamh i dtreo neodracht aeráide a chur chun feidhme de bharr a ndaonra beag, agus túsphointe gach Ballstát á chur san áireamh.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CUAC, ba cheart don Choimisiún miondealú bliantúil a leagan amach de na leithdháiltí atá le fáil in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, bunaithe ar chritéir oibiachtúla.
(9)  Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CUAC, ba cheart don Choimisiún miondealú bliantúil a leagan amach de na leithdháiltí atá le fáil in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain dhíreach ag bardais agus cathracha ar acmhainní CUAC a bheidh le cur ar fáil dóibh de réir a riachtanas oibiachtúil.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Leis an Rialachán seo sainaithnítear na cineálacha infheistíochtaí lenar féidir tacú le caiteachas ina leith le CUAC. Ba cheart tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais a urramú go hiomlán agus gach gníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht á saothrú. Ba cheart d’infheistíochtaí a thacaíonn le geilleagair áitiúla agus atá inbhuanaithe san fhadtéarma, agus cuspóirí uile an Chomhaontaithe Ghlais á gcur san áireamh, a bheith san áireamh sa liosta infheistíochtaí. Ba cheart do na tionscadail a dtugtar maoiniú dóibh rannchuidiú le haistriú go geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de. I gcás earnálacha atá ag dul i léig, cosúil le táirgeadh fuinnimh atá bunaithe ar ghual, lignít, móin agus sceall ola nó gníomhaíochtaí eastósctha le haghaidh na mbreoslaí iontaise soladacha sin, ba cheart an tacaíocht a nascadh le céimniú amach na gníomhaíochta agus an laghdú comhfhreagrach ar leibhéal na fostaíochta. I dtaca le hearnálacha ina bhfuil athrú ó bhonn ar siúl a bhfuil leibhéil arda astaíochtaí gás ceaptha teasa acu, ba cheart gníomhaíochtaí nua a chur chun cinn leis an tacaíocht trí theicneolaíochtaí nua, próisis nua nó táirgí nua a chur in úsáid, a mbeidh laghdú suntasach ar astaíochtaí mar thoradh leo, i gcomhréir le cuspóirí aeráide AE 2030 agus neodracht ó thaobh na haeráide de san Aontas Eorpach faoi 205013 fad agus a dhéantar fostaíocht a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus díghrádú an chomhshaoil a sheachaint ag an am céanna. Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar ghníomhaíochtaí lena ndéantar nuálaíocht agus taighde in ardteicneolaíochtaí agus i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a fheabhsú, agus i réimsí an digitithe agus na nascachta chomh maith, ar choinníoll go gcabhraíonn bearta den sórt sin chun na fo-iarmhairtí diúltacha a bhaineann le haistriú i dtreo geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de a mhaolú, agus go rannchuidíonn siad leis.
(10)  Leis an Rialachán seo sainaithnítear na cineálacha infheistíochtaí lenar féidir tacú le caiteachas ina leith le CUAC. Ba cheart gealltanais agus tosaíochtaí aeráide, comhshaoil agus sóisialta an Aontais a urramú go hiomlán nuair a bhíonn gach gníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht á saothrú. Ba cheart infheistíochtaí a thacaíonn le daoine, pobail agus geilleagair áitiúla agus atá inbhuanaithe san fhadtéarma, agus cuspóirí uile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bheith san áireamh sa liosta infheistíochtaí. Ba cheart do na tionscadail a dtugtar maoiniú dóibh rannchuidiú le haistriú de réir a chéile agus iomlán go geilleagar inbhuanaithe agus ciorclach atá saor ó thruailliú agus neodrach ó thaobh na haeráide de. I gcás earnálacha atá ag dul i léig, cosúil le táirgeadh fuinnimh atá bunaithe ar ghual, lignít, móin agus sceall ola nó gníomhaíochtaí eastósctha le haghaidh na mbreoslaí iontaise soladacha sin, ba cheart an tacaíocht a nascadh le céimniú amach na gníomhaíochta agus an laghdú comhfhreagrach ar leibhéal na fostaíochta. I dtaca le hearnálacha ina bhfuil athrú ó bhonn ar siúl a bhfuil leibhéil arda astaíochtaí gás ceaptha teasa acu, ba cheart gníomhaíochtaí nua a chur chun cinn leis an tacaíocht trí theicneolaíochtaí nua, próisis nua nó táirgí nua a chur in úsáid, a mbeidh laghdú suntasach ar astaíochtaí mar thoradh leo, i gcomhréir le cuspóirí aeráide AE 2030 agus neodracht ó thaobh na haeráide de san Aontas Eorpach faoi 205013 fad agus a dhéantar fostaíocht oilte a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus díghrádú an chomhshaoil a sheachaint ag an am céanna. Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar ghníomhaíochtaí lena ndéantar nuálaíocht agus taighde in ardteicneolaíochtaí agus i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a fheabhsú, agus i réimsí an digitithe, na nascachta agus na soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe, ar choinníoll go gcabhraíonn bearta den sórt sin chun na fo-iarmhairtí diúltacha a bhaineann le haistriú i dtreo geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de a mhaolú, agus go rannchuidíonn siad leis, agus gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus fuinnimh gach Ballstát á gcur san áireamh. Ba cheart go dtabharfar aghaidh freisin ar an tábhacht atá ag an cultúr, an oideachas agus cothú an phobail don phróiseas aistrithe trí thacú le gníomhaíochtaí a théann i ngleic le hoidhreacht na mianadóireachta.
__________________
__________________
13 Mar a leagtar amach in “A Clean Planet for all A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy” [Pláinéad Glan do Chách Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach], Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún, agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta [COM(2018)0773].
13 Mar a leagtar amach in “A Clean Planet for all A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy” [Pláinéad Glan do Chách Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach], Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún, agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta [COM(2018)0773].
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Chun na saoránaigh is leochailí ó thaobh an aistrithe aeráide de a chosaint, ba cheart go gcumhdódh CUAC uas-sciliú agus athsciliú na n-oibrithe a n-imrítear tionchar orthu freisin, agus é mar aidhm leis cabhrú leo iad féin a chur in oiriúint do dheiseanna nua fostaíochta, chomh maith le cúnamh chun post a chuardach a sholáthair do chuardaitheoirí poist agus iad a chuimsiú go gníomhach sa mhargadh saothair.
(11)  Chun na saoránaigh is leochailí ó thaobh an aistrithe aeráide de a chosaint, ba cheart go gcumhdódh CUAC uas-sciliú, athsciliú agus oiliúint na n-oibrithe agus na gcuardaitheoirí poist, go háirithe mná, a n-imrítear tionchar orthu freisin, agus é mar aidhm leis cabhrú leo iad féin a chur in oiriúint do dheiseanna nua fostaíochta agus cáilíochtaí nua atá oiriúnach don gheilleagar glas a bhaint amach, chomh maith le cúnamh chun post a chuardach a sholáthair do chuardaitheoirí poist agus iad a chuimsiú go gníomhach sa mhargadh saothair. Ba cheart cur chun cinn an chomhtháthaithe shóisialta a bheith ina threoirphrionsabal chun tacaíocht a chur ar fáil faoi CUAC.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  Chun feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch a n-imríonn an t-aistriú tionchar orthu, ba cheart do CUAC tacaíocht a thabhairt don infheistiú táirgiúil i FBManna. Ba cheart infheistíocht tháirgiúil a thuiscint mar infheistíocht i gcaipiteal seasta nó sócmhainní neamhábhartha fiontar, i bhfianaise earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, rud a chuirfidh, dá bhrí sin, leis an oll-infheistíocht agus le fostaíocht. I gcás fiontair eile nach FBManna iad, níor cheart tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla ach amháin má tá siad riachtanach chun caillteanais post a bhíonn ann mar thoradh ar an aistriú a mhaolú, trí líon suntasach post a chruthú nó a chosaint, agus nach mbeidh athlonnú ann mar thoradh orthu ná dá mbarr. Ba cheart infheistíochtaí i saoráidí tionsclaíocha atá ann cheana, lena n-áirítear iad sin a chumhdaítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, a cheadú má rannchuidíonn siad leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 agus má théann siad cuid mhaith faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14 agus má dhéantar líon suntasach post a chosaint mar thoradh orthu. Ba cheart réasúnú a thabhairt le haon infheistíocht den sórt sin dá réir sa phlean críochach um aistriú cóir ábhartha. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh agus an bheartais chomhtháthaithe a chosaint, ba cheart don tacaíocht do ghnóthais rialacha an Aontais maidir le státchabhair mar a leagtar amach in Airteagal 107 agus in Airteagal 108 CFAE a chomhlíonadh agus, go háirithe, ba cheart tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla de chuid fiontar nach FBManna iad a bheith teoranta d’fhiontair atá lonnaithe i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fhóirithinte chun críocha phointí (a) agus (c) d’Airteagal 107(3) CFAE.
(12)  Chun feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch a n-imríonn an t-aistriú tionchar orthu, ba cheart do CUAC tacaíocht a thabhairt don infheistiú táirgiúil in FBManna. Ba cheart infheistíocht tháirgiúil a thuiscint mar infheistíocht i gcaipiteal seasta nó sócmhainní neamhábhartha fiontar, i bhfianaise earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, rud a chuirfidh, dá bhrí sin, leis an oll-infheistíocht agus le fostaíocht. I gcás fiontair eile nach FBManna iad, níor cheart tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla ach amháin má tá siad riachtanach chun caillteanais post ar toradh iad ar an aistriú a mhaolú, trí líon suntasach post a chruthú nó a chosaint, agus nach mbeidh athlonnú ann mar thoradh orthu ná dá mbarr. Ba cheart infheistíochtaí i saoráidí tionsclaíocha atá ann cheana, lena n-áirítear iad sin a chumhdaítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, a cheadú má rannchuidíonn siad leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 agus má théann siad cuid mhaith faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14 agus má dhéantar líon suntasach post a chruthú agus a choinneáil mar thoradh orthu. Ba cheart réasúnú a thabhairt le haon infheistíocht den sórt sin dá réir sa phlean críochach um aistriú cóir ábhartha, ba cheart don infheistíocht a bheith inbhuanaithe, agus i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh agus an bheartais chomhtháthaithe a chosaint, ba cheart go gcomhlíonfadh an tacaíocht do ghnóthais rialacha an Aontais maidir le státchabhair mar a leagtar amach in Airteagal 107 agus in Airteagal 108 CFAE.
__________________
__________________
14 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
14 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
(12a)  Ba cheart tacaíocht d’infheistíocht tháirgiúil i bhfiontair, seachas FBManna, trí CUAC a bheith teoranta do réigiúin níos lú forbartha agus do réigiúin trasdula mar a leagtar amach in Airteagal 102(2) de Rialachán Uimh. .../...[RFC].
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Chun solúbthacht a sholáthar le haghaidh clársceidealú acmhainní CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, ba cheart go mbeadh sé indéanta clár neamhspleách CUAC a ullmhú nó acmhainní CUAC a chlársceidealú i dtosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó laistigh de chlár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) nó ón gCiste Comhtháthaithe. I gcomhréir le hAirteagal 21a de Rialachán (AE) [CFR nua], ba cheart acmhainní CUAC a threisiú le maoiniú comhlántach ó CFRE agus ó CSE+. Ba cheart do na méideanna faoi seach a aistrítear ó CFRE agus ó CSE+ a bheith ag teacht leis na cineálacha oibríochtaí a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir.
(13)  Chun solúbthacht a sholáthar le haghaidh clársceidealú acmhainní CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, ba cheart go mbeadh sé indéanta clár neamhspleách CUAC a ullmhú nó acmhainní CUAC a chlársceidealú i dtosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó laistigh de chlár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) nó ón gCiste Comhtháthaithe. I gcomhréir le hAirteagal 21a de Rialachán (AE) [CFR nua], féadfar acmhainní CUAC a threisiú ar bhonn deonach le maoiniú comhlántach ó CFRE agus ó CSE+. Ba cheart do na méideanna faoi seach a aistrítear ó CFRE agus ó CSE+ a bheith ag teacht leis na cineálacha oibríochtaí a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach ar phróiseas aistrithe i gcríoch sonrach chun geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach a bheith ina choinníoll le haghaidh tacaíocht CUAC. Ar an ábhar sin, ba cheart do na Ballstáit pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus le tacaíocht ón gCoimisiún, ina mbeidh mionsonraí an phróisis aistrithe, ag teacht lena bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún Ardán um Aistriú Cóir a chur ar bun, a thógfadh ar an ardán atá ann cheana féin le haghaidh na réigiún guail atá i mbun aistrithe le gur féidir malartuithe taithí déthaobhacha agus iltaobhacha a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na dea-chleachtais, thar gach earnáil a ndéantar difear di.
(14)  Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach agus intomhaiste ar phróiseas aistrithe i gcríoch sonrach chun geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach a bheith ina choinníoll le haghaidh tacaíocht CUAC. Ina leith sin, ba cheart do na Ballstáit, in idirphlé sóisialta agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta a bunaíodh le Airteagal 6 de Rialachán (AE).../... [RFC nua] agus le tacaíocht ón gCoimisiún, pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú, ina mbeidh mionsonraí an phróisis aistrithe, ag teacht lena bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, agus ag dul níos faide ná iad, b’fhéidir. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún Ardán um Aistriú Cóir a chur ar bun, a thógfadh ar an ardán atá ann cheana féin le haghaidh na réigiún guail atá i mbun aistrithe le gur féidir malartuithe taithí déthaobhacha agus iltaobhacha a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na dea-chleachtais, thar gach earnáil a ndéantar difear di.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Sna pleananna críochacha um aistriú cóir, ba cheart na críocha ina mbeidh an tionchar is diúltaí a shainaithint, críocha is ceart tacaíocht CUAC a dhíriú orthu agus tuairisc a thabhairt ar ghníomhaíochtaí sonracha atá le déanamh chun geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach, go háirithe i ndáil le saoráidí ina bhfuil táirgeadh breoslaí iontaise nó gníomhaíochtaí eile atá dian ar gháis cheaptha teasa ar siúl a thiontú nó a dhúnadh. Ba cheart do na críocha sin a bheith sainmhínithe go beacht agus ag freagairt do réigiúin NUTS leibhéal 3 nó a bheith ina gcodanna díobh. Ba cheart mionsonraí a bheith sna pleananna ar dhúshláin agus riachtanais na gcríoch sin agus na cineálacha oibríochtaí atá de dhíth a shainaithint ar dhóigh a áiritheoidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha a fhorbairt ar bhonn comhleanúnach atá ag teacht leis an aistriú chuig neodracht ó thaobh na haeráide de agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais freisin. Níor cheart ach d’infheistíochtaí atá i gcomhréir leis na pleananna um aistriú tacaíocht airgeadais a fháil ó CUAC. Ba cheart do na pleananna críochacha um aistriú cóir a bheith mar chuid de na cláir (a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CUAC, de réir an cháis) atá formheasta ag an gCoimisiún.
(15)  Sna pleananna críochacha um aistriú cóir, ba cheart na críocha ina mbeidh an tionchar is diúltaí a shainaithint, na críocha is ceart tacaíocht CUAC a dhíriú orthu, agus tuairisc a thabhairt ar ghníomhaíochtaí sonracha atá le déanamh chun spriocanna aeráide an Aontais do 2030 agus geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 a bhaint amach, go háirithe i ndáil le saoráidí ina bhfuil táirgeadh breoslaí iontaise nó gníomhaíochtaí eile atá dian ar gháis ceaptha teasa ar siúl a thiontú nó a dhúnadh, agus san am céanna, deiseanna fostaíochta á gcoinneáil agus á leathnú sna críocha sin a ndéanann sé difear dóibh chun an t-eisiamh sóisialta a sheachaint. Ba cheart go dtabharfar imthosca géaraitheacha amhail rátaí dífhostaíochta agus treochtaí dídhaonraithe san áireamh. Ba cheart do na críocha sin a bheith sainmhínithe go beacht agus ag freagairt do réigiúin NUTS leibhéal 3 nó a bheith ina gcodanna díobh. Ba cheart mionsonraí a bheith sna pleananna ar dhúshláin, riachtanais agus deiseanna na gcríoch sin agus na cineálacha oibríochtaí atá de dhíth a shainaithint ar dhóigh a áiritheoidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha a fhorbairt ar bhonn comhleanúnach atá ag teacht leis an aistriú chuig neodracht ó thaobh na haeráide de agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip freisin. Níor cheart tacaíocht airgeadais ó CUAC a thabhairt d’infheistíochtaí seachas iad siúd atá i gcomhréir leis na pleananna aistrithe. Ba cheart na pleananna críochacha um aistriú cóir a bheith ina gcuid de na cláir (a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CUAC, de réir an cháis) atá formheasta ag an gCoimisiún.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
(19)  Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacaíocht a thabhairt do chríocha a bhfuil athrú eacnamaíoch agus sóisialta ó bhonn rompu chun aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar. Is iad na príomhchúiseanna leis sin ná, ar thaobh amháin, méid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, chomh maith leis an teorainn le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na gcríoch agus, ar an taobh eile, an gá le creat cur chun feidhme comhsheasmhach lena gcumhdaítear roinnt cistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ós rud é gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
(19)  Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacaíocht a thabhairt do dhaoine, geilleagar agus comhshaol na gcríoch a bhfuil athrú eacnamaíoch agus sóisialta ó bhonn rompu chun aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar. Is iad na príomhchúiseanna leis sin ná, ar thaobh amháin, méid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, chomh maith leis an teorainn le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na gcríoch agus, ar an taobh eile, an gá le creat cur chun feidhme comhsheasmhach lena gcumhdaítear roinnt cistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus a áirithiú go gcomhlíonfar ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil agus go gcuirfear rannpháirtíocht oibrithe chun cinn . Ós rud é gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
1.  Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (“CUAC”) chun tacaíocht a chur ar fáil do chríocha a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha acu a thagann ón bpróiseas aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de san Aontas faoi 2050.
1.  Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (‘CUAC’) chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine, geilleagar agus comhshaoil na gcríoch a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha rompu a thagann ón bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna 2030 an Aontais maidir le fuinneamh agus an aeráid, agus geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de san Aontas faoi 2050.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1
I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua], rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach aonair maidir le “réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de.
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua], rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach aonair maidir le ‘réigiúin, daoine, fiontair agus geallsealbhóirí eile a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 agus ar na spriocanna idirthréimhseacha do 2030, i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 1
2.  Na hacmhainní le haghaidh CUAC faoin infheistíocht le haghaidh sprioc na bpost agus an fháis atá ar fáil le haghaidh gealladh buiséadach le haghaidh na tréimhse 2021-2027, EUR 11 270 459 000 i bpraghsanna reatha a bheidh iontu, agus féadfar an tsuim sin a mhéadú, de réir an cháis, le hacmhainní breise arna leithdháileadh i mbuiséad an Aontais, agus le hacmhainní eile i gcomhréir leis an mbunghníomh is infheidhme.
2.  EUR 25 358 532 750 i bpraghsanna 2018 (‘príomhshuim’) a bheidh sna hacmhainní do CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach do thréimhse 2021-2027, agus ní bheidh sé mar thoradh ar aistriú acmhainní ó na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE).../... [RFC nua]. Féadfar an phríomhshuim a mhéadú, de réir mar a bheidh, trí acmhainní breise a leithdháileadh i mbuiséad an Aontais, agus trí acmhainní eile i gcomhréir leis an mbunghníomh is infheidhme.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3a – mír 3
3.  Beidh an miondealú bliantúil ar an méid dá dtagraítear i mír 1 de réir an Bhallstáit ina chuid den Chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
3.   Arna iarraidh sin ag Ballstát, cuirfear an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo ar fáil freisin le haghaidh na mblianta 2025-2027. Do gach tréimhse, beidh na miondealuithe bliantúla faoi seach ar an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag Ballstáit san áireamh sa Chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 b (nua)
Airteagal 3b
Sásra Luaíochta Ghlais
Déanfar 18 % d’iomlán na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 3a(1) a leithdháileadh i gcomhréir leis an luas ar lena linn a laghdaíonn na Ballstáit a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa, arna roinnt ar a meán-OIN is déanaí.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 c (nua)
Airteagal 3c
Leithdháiltí sonracha do na réigiúin is forimeallaí agus oileáin
Beidh 1 % d’iomlán na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 3a(1) ina leithdháileadh sonrach d’oileáin, agus beidh 1 % ina leithdháileadh sonrach do na réigiúin is forimeallaí, dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, a thabharfar do na Ballstáit lena mbaineann.
Leasú 66
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 3 d (nua)
Airteagal 3d
Rochtain ar CUAC
Beidh rochtain ar CUAC ar an gcoinníoll go nglacfaí le cuspóir náisiúnta maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050.
I gcás na mBallstát sin nach bhfuil gealltanas tugtha acu go fóill do chuspóir náisiúnta maidir le neodracht aeráide, ní fhorscaoilfear ach 50 % dá leithdháileadh náisiúnta agus cuirfear an 50% eile ar fáil a thúisce a bheidh an sprioc sin glactha acu.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a
(a)  infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a mbeidh éagsúlú eacnamaíoch agus ath-thiontú mar thoradh orthu;
(a)  infheistíochtaí táirgiúla agus inbhuanaithe i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus turasóireacht inbhuanaithe, a mbeidh cruthú post, nuachóiriú, éagsúlú eacnamaíoch agus ationtú mar thoradh orthu;
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b
(b)  infheistíochtaí i ngnólachtaí nua a chruthú, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin;
(b)  infheistíochtaí i ngnólachtaí nua a chruthú agus forbairt na ngnólachtaí atá ann cheana, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin, a mbeidh cruthú post mar thoradh orthu;
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  infheistíochtaí i mbonneagar sóisialta, a mbeidh cruthú post agus éagsúlú eacnamaíoch mar thoradh orthu;
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c
(c)  infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus chun aistriú teicneolaíochtaí nua a chothú;
(c)  infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear in ollscoileanna agus institiúidí taighde poiblí, agus chun aistriú ardteicneolaíocht agus teicneolaíochtaí atá réidh don mhargadh a chothú;
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d
(d)  infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus bonneagar le haghaidh fuinneamh glan inacmhainne, le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú, agus don éifeachtúlacht fuinnimh agus don fhuinneamh in-athnuaite a úsáid;
(d)  infheistíochtaí in úsáid na dteicneolaíochtaí agus bonneagar le haghaidh fuinneamh glan inacmhainne agus a chórais, i laghdú astaíochtaí gáis ceaptha teasa agus san éifeachtúlacht fuinnimh, i dteicneolaíochtaí stórála fuinnimh agus i bhfuinneamh in-athnuaite inbhuanaithe, i gcás ina gcruthófar poist agus ina gcoinneofar fostaíocht inbhuanaithe ar scála suntasach dá bharr;
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
(da)  infheistíochtaí sa tsoghluaisteacht chliste agus inbhuanaithe agus i mbonneagar iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d b (nua)
(db)  infheistíochtaí i dtionscadail lena gcomhraictear an bhochtaineacht fuinnimh, go háirithe i dtithíocht shóisialta, agus lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh, cur chuige aeráidneodrach agus téamh ceantair íseal-astaíochta chun cinn sna réigiún is mó a ndéantar difear dóibh;
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e
(e)  infheistíochtaí i ndigitiú agus i nascacht dhigiteach;
(e)  infheistíochtaí i ndigitiú, nuálaíocht dhigiteach agus i nascacht dhigiteach, lena n-áirítear an fheirmeoireacht dhigiteach agus an fheirmeoireacht bheacht;
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe f
(f)  infheistíochtaí in athghiniúint agus i ndí-éilliú láithreán, in athchóiriú talún agus i dtionscadail athrú cuspóra;
(f)  infheistíochtaí i mbonneagar glas agus in athghiniúint agus i ndí-éilliú láithreán, i láithreáin athfhorbraíochta agus i dtionscadail athrú cuspóra, nuair nach féidir an prionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ a chur i bhfeidhm;
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fómhír 1 – pointe g
(g)  infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, lena n‑áirítear trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, deisiú, athúsáid agus athchúrsáil;
(g)  infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, deisiú, athúsáid agus athchúrsáil;
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe g a (nua)
(ga)  seirbhísí sóisialta agus poiblí chun leasa cách a chruthú agus a fhorbairt;
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe g b (nua)
(gb)  infheistíochtaí i gcultúr, an oideachas agus i dtógáil pobail, lena n-áirítear an oidhreacht mhianadóireachta agus moil phobail inláimhsithe agus doláimhsithe a luachshocrú;
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe h
(h)  uas-sciliú agus athsciliú oibrithe;
(h)  uas-sciliú, athsciliú agus oiliúint oibrithe agus cuardaitheoirí poist;
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe i
(i)  cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist;
(i)  cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist, tacaíocht ghníomhach don aosú agus tacaíocht ioncaim d’oibrithe san idirthréimhse idir poist;
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe j
(j)  cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist;
(j)  cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist, go háirithe mná, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí leochaileacha;
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 2
Ina theannta sin, féadfaidh CUAC tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fóirithinte i gcomhréir le pointí (a) agus (c) d’Airteagal 107(3) CFAE, ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis atá riachtanach faoi phointe (h) d'Airteagal 7(2). Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an phlean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.
Ina theannta sin, féadfaidh CUAC tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, i réigiúin níos lú forbartha agus i réigiúin trasdula mar a leagtar amach in Airteagal 102(2) de Rialachán Uimh. .../...[RFC nua], ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis atá riachtanach faoi phointe (h) d’Airteagal 7(2). Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an phlean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme, chun poist nua a chruthú, agus i gcás ina gcomhlíonann siad spriocanna sóisialta le haghaidh cruthú post, comhionannas inscne agus pá comhionann agus spriocanna comhshaoil, agus i gcás ina n-éascaíonn siad an t-aistriú go geilleagar aeráidneodrach gan tacú le hathshocru, i gcomhréir le hAirteagal 60(1) de Rialachán Uimh. .../... [RFC nua].
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 3
Féadfaidh CUAC tacú freisin le hinfheistíochtaí chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (i) d'Airteagal 7(2). Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an phlean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.
Féadfaidh CUAC tacú freisin le hinfheistíochtaí chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (i) d’Airteagal 7(2) den Rialachán seo agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha eile a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin más tá gá leo chun an phlean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe c
(c)  gnóthais atá i gcruachás faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(18) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún16;
(c)  gnóthais atá i gcruachás faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(18) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún16, ach amháin i gcásanna ina dtagann an cruachás ó phróiseas an aistrithe fuinnimh nó i gcás inar thosaigh na deacrachtaí tar éis an 15 Feabhra 2020 agus go dtagann siad ó ghéarchéim COVID-19;
__________________
__________________
16 Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
16 Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe d
(d)  infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise;
(d)  infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, iompar, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise;
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe e
(e)  infheistíocht sa bhonneagar leathanbhanda i gceantair ina bhfuil ar a laghad dhá líonra leathanbhanda i gcatagóir coibhéiseach.
(e)  infheistíocht sa bhonneagar leathanbhanda i gceantair ina bhfuil réitigh choibhéiseacha á soláthar ag an margadh faoi dhálaí iomaíocha do chustaiméirí;
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe e a (nua)
(ea)  infheistíochtaí i bhfiontair nach FBManna iad, a bhfuil aistriú post agus próiseas táirgthe ó Bhallstát amháin go ceann eile nó go tríú tír i gceist leo;
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe e b (nua)
(eb)  oibríochtaí i réigiúin NUTS 2 ina bhfuil sé sceidealaithe le linn an chláir go ndéanfar mianach guail, ligníte nó scealla ola nó gort baint móna a oscailt nó mianach guail, ligníte nó scealla ola nó gort baint móna a díchoimisiúnaíodh go sealadach a ath-oscailt.
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 a (nua)
De mhaolú ar phointe (d) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo, do na réigiúin a bhíonn ag brath go mór ar bhaint agus dóchán guail, ligníte, scealla ola nó móna, féadfaidh an Coimisiún pleananna críochacha um aistriú cóir a fhormheas a bhfuil infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí a bhaineann le gás nádúrtha san áireamh leo, ar choinníoll go gcáilíonn gníomhaíochtaí den sórt sin mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/85216a agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha carnacha seo a leanas:
(a)  go n-úsáidtear iad mar theicneolaíocht idirlinne a rachadh in ionad guail, ligníte, móna nó scealla ola;
(b)  go dtagann siad faoi theorainneacha na hinfhaighteachta inbhuanaithe nó go bhfuil siad comhoiriúnach le hidrigin ghlan, bithghás agus bithmheatán glan a úsáid;
(c)  go rannchuidíonn siad le cuspóirí comhshaoil an Aontais maidir le maolú agus oiriúnú ar an athrú aeráide, trí dhlús a chur le céimniú amach iomlán de ghual, lignít, móin nó sceall ola;
(d)  go soláthraíonn siad laghduithe suntasacha astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar truaillithe aeir agus méadú ar an éifeachtúlacht fuinnimh;
(e)  go rannchuidíonn siad le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh;
(f)  nach gcuireann siad bac ar fhorbairt na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite sna críocha lena mbaineann agus go bhfuil siad comhoiriúnach agus i sineirge le húsáid an fhuinnimh inathnuaite ina dhiaidh sin.
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí neamhcháilithe a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, más rud é go gcomhlíonann siad na coinníollacha uile eile a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, agus má tá an Ballstát in ann réasúnú a thabhairt, sa phlean críochach um aistriú cóir, maidir leis an ngá le tacú leis na gníomhaíochtaí sin agus má dhéanann sé comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí sin le cuspóirí agus reachtaíocht fuinnimh agus aeráide an Aontais, agus lena Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, a léiriú.
______________
16a Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1
Déanfar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gcomhair na gcatagóirí réigiún ina bhfuil na críocha lena mbaineann, ar bhonn na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus arna bhformheas ag an gCoimisiún mar chuid de chlár nó de leasú ar chlár. Beidh na hacmhainní arna gclársceidealú i bhfoirm cláir shonraigh amháin nó níos mó nó i bhfoirm tosaíochta amháin nó níos mó laistigh de chlár.
Déanfar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gcomhair na gcatagóirí réigiún ina bhfuil na críocha nó na gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann, ar bhonn na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus arna bhformheas ag an gCoimisiún mar chuid de chlár nó de leasú ar chlár. Beidh na hacmhainní arna gclársceidealú i bhfoirm cláir shonraigh amháin nó níos mó nó i bhfoirm tosaíochta amháin nó níos mó laistigh de chlár.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 2
Ní dhéanfaidh an Coimisiún clár a fhormheas ach i gcás ina bhfuil réasúnú cuí le sainaithint na gcríoch is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean críochach um an aistriú cóir ábhartha, agus go bhfuil an plean críochach um aistriú cóir ag teacht leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide sa Bhallstát lena mbaineann.
Ach amháin i gcás ina dtugann sé údar cuí lena fhormheas a choimeád siar, déanfaidh an Coimisiún clár a fhormheas ina ndéantar na críocha is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean críochach um an aistriú cóir ábhartha a shainaithint go cuí, agus ina bhfuil an plean críochach um aistriú cóir ag teacht leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide sa Bhallstát lena mbaineann, le cuspóir na haeráidneodrachta do 2050, lena chéimeanna idirthréimhseacha do 2030 agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
2.  Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear do na Ballstáit agus na hacmhainní a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal [21a] de Rialachán (AE) [RFC nua]. Beidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ a aistreofar chuig tosaíocht CUAC cothrom ar a laghad le hoiread go leith mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin cé is moite de na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 3a ach ní bheidh sé os cionn trí oiread an mhéid sin.
2.  Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear do na Ballstáit. Féadfar na hacmhainní sin a chomhlánú leis na hacmhainní a leithdháiltear ar bhonn deonach i gcomhréir le hAirteagal [21a] de Rialachán (AE) [RFC nua]. Ní rachaidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ atá le haistriú chuig tosaíocht CUAC thar oiread go leith mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin. Na hacmhainní a aistreofar ó CFRE agus ó CSE+, coinneoidh siad a gcuspóirí bunaidh agus áireofar iad ar leibhéil dhíriú téamach CFRE agus CSE+.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 a (nua)
2a.  Tá CUAC ceaptha do na pobail is leochailiú laistigh de gach réigiún, agus dá bhrí sin, tionscadail incháilithe arna maoiniú faoi CUAC a rannchuidíonn leis an gcuspóir sonrach in Airteagal 2, tairbheoidh siad de chómhaoiniú suas le 85 % de na costais ábhartha.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
1.  In éineacht le húdaráis ábhartha na gcríoch is infheidhme, ullmhóidh na Ballstáit plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, críoch a chomhfhreagraíonn do leibhéal 3 d'aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (“réigiúin NUTS leibhéal 3”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 868/2014 ón gCoimisiún17 nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir le caillteanas post a d'fhéadfadh bheith ann i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le hathrú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.
1.  In éineacht le húdaráis ábhartha réigiúnacha agus áitiúila na gcríoch lena mbaineann, agus i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) .../... [RFC nua] agus, i gcás inarb ábhartha, le cúnamh BEI agus CEI, ullmhóidh na Ballstáit plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, críoch a chomhfhreagraíonn do leibhéal 3 d’aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (‘réigiúin NUTS leibhéal 3’) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú ag Rialachán (AE) 2016/206617 nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir le caillteanas post a d’fhéadfadh bheith ann i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le hathrú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.
__________________
__________________
17 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
17 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe a
(a)  tuairisc ar an bpróiseas aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céimeanna aistrithe tábhachtacha atá comhsheasmhach leis an leagan is déanaí den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (“NECP”);
(a)  tuairisc ar an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ar an leibhéal náisiúnta faoi 2050, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céimeanna aistrithe tábhachtacha atá comhsheasmhach leis an leagan is déanaí den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (‘NECP’);
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe b
(b)  réasúnú le críocha a shainaithint a bheith faoin tionchar is diúltaí de dheasca an phróisis aistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus atá le tacaíocht a fháil ó CUAC, i gcomhréir le mír 1;
(b)  réasúnú le críocha a shainaithint a bheith faoin tionchar is diúltaí de dheasca an phróisis aistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus atá le tacaíocht a fháil ó CUAC, i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear táscairí amhail an ráta dífhostaíochta agus an ráta dídhaonraithe;
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe c
(c)  measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ina sainaithnítear líon na bpost a ndéanfar difear dóibh agus na gcaillteanas post a d'fhéadfadh bheith ann, na riachtanais agus na cuspóirí forbartha atá le baint amach faoi 2030, nasctha le hathrú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí a bhfuil lorg mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ag baint leo sna críocha sin;
(c)  measúnú tionchair ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ina sainaithnítear líon na bpost a ndéanfar difear dóibh agus na gcaillteanas post a d’fhéadfadh bheith ann, riosca dídhaonraithe na réigiún atá buailte, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar ioncaim an rialtais, na riachtanais agus na cuspóirí forbartha atá le baint amach faoi 2030 atá nasctha le hathrú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí a bhfuil lorg mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ag baint leo sna críocha sin agus na dúshláin a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh;
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe d
(d)  tuairisc ar rannchuidiú measta na tacaíochta CUAC maidir le dul i ngleic le tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de;
(d)  tuairisc ar rannchuidiú measta na tacaíochta CUAC maidir le dul i ngleic le tionchair shóisialta, dhéimeagrafacha, eacnamaíocha, sláinte agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de;
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe e
(e)  measúnú ar a chomhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile;
(e)  measúnú ar a chomhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile, i gcás inarb ábhartha;
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe h
(h)  i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'infheistíochtaí táirgiúla d'fhiontair nach FBManna iad, liosta uileghabhálach na n-oibríochtaí agus na bhfiontar den sórt sin agus réasúnú ar an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí ina léirítear go rachadh na caillteanais post a d'fhéadadh a bheith ann thar líon na bpost a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;
(h)  i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'infheistíochtaí táirgiúla d’fhiontair nach FBManna iad, liosta táscach na n-oibríochtaí agus na bhfiontar den sórt sin agus réasúnú ar an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí ina léirítear go rachadh na caillteanais post a d'fhéadadh a bheith ann thar líon na bpost a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3
3.  Beidh na páirtithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal [6] den Rialachán (AE) [RCF nua] rannpháirteach in ullmhúchán agus cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir.
3.  Beidh na páirtithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal [6] den Rialachán (AE) [RCF nua] agus i gcás inarb ábhartha, BEI agus CEI, rannpháirteach in ullmhúchán agus cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir.
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2
2.  Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach. Ní dhéanfar athbhreithniú ar na spriocanna tar éis don iarraidh ar an leasú ar chlár a chur isteach de bhun Airteagal [14(2)] den Rialachán (AE) [RFC nua] a bheith formheasta ag an gCoimisiún.
2.  Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach.
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, bunaithe ar thuarascáil deiridh ar fheidhmíocht an chláir, nár baineadh amach ar a laghad [65 %] den sprioc a leagtar síos maidir le ceann amháin nó níos mó de tháscairí aschuir nó toraidh d'acmhainní CUAC, féadfaidh sé ceartúcháin airgeadais a dhéanamh de bhun Airteagal [98] den Rialachán (AE) [RFC nua] trí thacaíocht ó CUAC don tosaíocht sin a laghdú i gcoibhéis leis an méid atá bainte amach.
Bunaithe ar thuarascáil deiridh ar fheidhmíocht an chláir, féadfaidh an Coimisiún ceartúcháin airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) [RFC nua].
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 a (nua)
Airteagal 10a
Forálacha idirthréimhseacha
Bainfidh na Ballstáit tairbhe as idirthréimhse go dtí... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun na pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú agus a ghlacadh. Beidh gach Ballstát incháilithe go hiomlán do chistiú faoin Rialachán seo le linn na hidirthréimhse sin, agus ní chuirfidh an Coimisiún í sin san áireamh nuair a bheidh cinneadh maidir le saoradh nó caillteanas cistiúcháin á bhreithniú aige.
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 b (nua)
Airteagal 10b
Athbhreithniú
Faoi dheireadh athbhreithniú meántéarma an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme CUAC agus ar a iomchuí a bheadh sé a raon feidhme a leasú i gcomhréir le hathruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar Rialachán (AE) 2020/852, ar chuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/... [An Dlí Aeráide Eorpach] agus i gcomhréir le héabhlóid chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a bhféadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabhail léi.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0135/2020).


Onnmhairiú arm: Comhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun feidhme
PDF 177kWORD 63k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le hOnnmhairiú arm: Comhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun feidhme (2020/2003(INI))
P9_TA(2020)0224A9-0137/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 346(1)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le hairm a tháirgeadh nó a thrádáil, in Airteagal 42(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) maidir le ‘beartas Eorpach chumas agus armálacha a shainiú’, agus in Airteagal 21 CAE, go háirithe an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn, an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú,

–  ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Comhsheasamh 2008/944/CBES (‘an Comhsheasamh’) lena sainítear rialacha comhchoiteanna lena rialaítear an rialú a dhéantar ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata(1), agus do na conclúidí ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019 lena leagtar amach athbhreithniú na Comhairle ar an gComhsheasamh,

–  ag féachaint don Fhichiú Tuarascáil Bhliantúil arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Chomhsheasamh(2),

–  ag féachaint don Chéad Tuarascáil Bhliantúil is Fiche arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Chomhsheasamh(3),

–  ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2018/101 ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn(4) agus do Chinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana de chuid an Aontais chun tacú le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm(5),

–  ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/2191 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 chun tacú le sásra tuairiscithe domhanda ar ghnáth-airm aindleathacha mar aon lena n-armlón chun an baol a bhaineann lena n-atreorú agus a n-aistriú aindleathach a laghdú (iTrace IV)(6),

–  ag féachaint do Liosta Comhchoiteann Míleata nuashonraithe an Aontais Eorpaigh, a ghlac an Chomhairle an 17 Feabhra 2020(7) ,

–  ag féachaint don Treoir d’Úsáideoirí a ghabhann leis an gComhsheasamh,

–  ag féachaint do Chomhshocraíocht Wassenaar an 12 Bealtaine 1996 maidir le Rialuithe Onnmhairiúcháin le haghaidh Gnáth-Arm agus le haghaidh Earraí agus Teicneolaíochtaí Dé-Úsáide, mar aon leis na liostaí, a tugadh cothrom le dáta i mí na Nollag 2019, de na hearraí, na teicneolaíochtaí agus na muinisin sin,

–  ag féachaint don Chonradh Trádála Arm (CTA) a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Aibreán 2013(8), a tháinig i bhfeidhm an 24 Nollaig 2014,

–  ag féachaint do Threoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal(9), agus do Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha, soláthair agus seirbhíse áirithe ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE(10),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, aistriú agus bróicéireacht earraí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras(11), arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1969 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2016(12), agus do liosta na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí dé-úsáide in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (‘an Rialachán maidir le Dé-Úsáid’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP) lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais(13),

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2018 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (EDF) (COM(2018)0476),

–  ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le tacaíocht ón gCoimisiún, chuig an gComhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach (EPF) (HR(2018)94),

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, go háirithe Sprioc 16, lena gcuirtear chun cinn sochaithe córa, síochánta agus cuimsitheacha ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe,

–  ag féachaint do Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le trádbhac arm ar Éimin, agus do Thuarascáil A/HRC/39/43 ó Oifig Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine (OHCHR) maidir le staid chearta an duine in Éimin, lena n-áirítear sáruithe agus mí-úsáidí ó mhí Mheán Fómhair 2014,

–  ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir ((EUNAVFOR MED IRINI)(14),

–  ag féachaint do Rún 2473 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a glacadh an 10 Meitheamh 2019, a rinne na bearta arna gceapadh chun an trádbhac arm a chur chun feidhme in aghaidh na Libia a athnuachan, agus do ráiteas ó Mhisean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia (UNSMIL) an 25 Eanáir 2020 maidir le sáruithe leanúnacha ar an trádbhac arm sa Libia,

–  ag féachaint do Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena bhforchuirtear an trádbhac arm ar an Libia agus do rúin uile ina dhiaidh sin ón gComhairle Slándála faoin ábhar sin, mar aon le Rúin 2292 (2016), 2357 (2017), 2420 (2018) agus 2473 (2019) maidir leis an trádbhac arm a chur chun feidhme go docht,

–  ag féachaint d’fhoilsiú na Náisiún Aontaithe ó 2018 ‘Ár dTodhchaí Choiteann a Dhaingniú: Clár Oibre don Dí-armáil’,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach(15),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 16 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an Tuirc, inar formhuiníodh conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Tuirce i dtuaisceart na Siria agus in oirthear na Meánmhara,

–  ag féachaint do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16 de na Náisiúin Aontaithe, lena ndírítear ar shochaithe síochánta agus cuimsitheacha ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn (16)

–  ag féachaint don Tuarascáil ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine don Chomhairle um Chearta an Duine maidir leis an tionchar a bhíonn ag aistrithe arm ar theachtadh chearta an duine(17),

–  ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir le honnmhairiú arm agus cur chun feidhme an Chomhsheasaimh, go háirithe rúin an 14 Samhain 2018(18), an 13 Meán Fómhair 2017(19) agus an 17 Nollaig 2015(20),

–  ag féachaint dá moladh an 28 Márta 2019 chuig an gComhairle agus chuig an Leasuachtarán de chuid an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le tacaíocht ón gCoimisiún, chuig an gComhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach(21),

–  ag féachaint dá rúin maidir leis an staid dhaonnúil in Éimin an 25 Feabhra 2016(22), an 15 Meitheamh 2017(23) agus an 30 Samhain 2017(24),

–  ag féachaint dá rún an 27 Feabhra 2014 maidir le húsáid ladrann armtha(25),

–  ag féachaint don cheardlann dar teideal ‘Cur chun feidhme chóras AE um rialú ar onnmhairiú arm’ a tionóladh ag an gcruinniú a bhí ag a Fochoiste um Shlándáil agus um Chosaint an 12 Aibreán 2017,

–  ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Moltaí le haghaidh córas tuairiscithe trédhearcach mionsonraithe maidir le honnmhairiú arm laistigh de AE agus chuig tríú tíortha’ a choimisiúnaigh a Fo-Choiste um Shlándáil agus um Chosaint,

–  ag féachaint don Chonradh idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le Comhar agus Lánpháirtiú Franc-Ghearmánach an 22 Eanáir 2019 (Conradh Franc-Ghearmánach Aachen),

–  ag féachaint do chonclúidí ó Chomhairle Gnóthaí Eachtracha AE an 21 Lúnasa 2013 maidir leis an Éigipt,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0137/2020),

A.  de bhrí go léirítear sna figiúirí is déanaí ó SIPRI(26) gurbh ionann an t-onnmhairiú arm ó AE-28 agus thart ar 26 % den iomlán domhanda in 2015 go 2019, rud a fhágann gurb iad na 28 mBallstát le chéile an dara soláthróir arm is mó ar domhan, i ndiaidh na Stát Aontaithe (36 %) agus an Rúis ina ndiaidh (21 %); de bhrí go bhfanann, faoi Airteagal 346 CAE, táirgeadh nó trádáil arm leis na Ballstáit;

B.  de bhrí go léirítear leis na figiúirí is déanaí ó SIPRI gurb iad na 28 mBallstát le chéile an dara soláthróir arm chuig an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (UAE) araon; de bhrí, de réir Ghrúpa Saineolaithe Iomráiteacha Idirnáisiúnta agus Réigiúnacha na Náisiún Aontaithe, go bhfuil páirtithe sa choinbhleacht armtha in Éimin a bhfuil coireanna déanta acu ag sárú ar an dlí idirnáisiúnta, agus go leanann siad ar aghaidh á ndéanamh;

C.  de bhrí le honnmhairiú arm, armán agus trealaimh go bhfeabhsaítear cumas an tionscail cosanta chun taighde agus forbairt a dhéanamh go héifeachtach ar theicneolaíochtaí cosantacha, agus, dá bhrí sin, go ndaingnítear cumas Bhallstáit AE chun iad féin agus a saoránaigh a chosaint;

D.  de bhrí go bhfuil rás arm nua ar domhan ag méadú agus nach mbraitheann na príomhchumhachtaí míleata tuilleadh ar rialú arm agus ar dhí-armáil chun teannas idirnáisiúnta a laghdú agus chun an timpeallacht slándála dhomhanda a fheabhsú;

E.  de bhrí gur ionstraim bhunriachtanach é an comhsheasamh ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 do chomhar feabhsaithe agus d’ailíniú níos dlúithe ar bheartais onnmhairiúcháin na mBallstát;

F.  de bhrí go n-aithníonn na Ballstáit an fhreagracht speisialta a d’fhéadfadh teacht ó theicneolaíocht mhíleata agus ó threalamh míleata a onnmhairiú chuig tríú tíortha ó thaobh tionchar a bheith acu ar theannas agus ar choinbhleachtaí atá ann cheana nó iad a ghéarú;

G.  de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí geostraitéiseacha suntasacha a bheith ag an bpaindéim dhomhanda a chruthaigh paindéim COVID-19 agus léirítear, thairis sin, an gá atá le fíor-neamhspleáchas straitéiseach Eorpach a fhorbairt;

H.  de bhrí gur luadh i gconclúidí ó Chomhairle Gnóthaí Eachtracha AE an 21 Lúnasa 2013 gur ‘aontaigh na Ballstáit freisin go ndéanfaidh siad ceadúnais onnmhairiúcháin chuig an Éigipt a fhionraí i ndáil le haon trealaimh a d'fhéadfaí a úsáid chun brú faoi chois inmheánach a dhéanamh agus i ndáil le trealamh a chuimsítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES agus go ndéanfaidh siad an cúnamh slándála atá acu leis an Éigipt a athbhreithniú’; de bhrí gur lean cuideachtaí atá bunaithe i roinnt Ballstát AE airm, teicneolaíocht faireachais agus trealamh slándála eile a onnmhairiú chuig an Éigipt agus, dá bhrí sin, haiceáil agus bogearraí mailíseacha a éascú mar aon le cineálacha ionsaithe eile ar chosantóirí chearta an duine agus ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta, go fisiciúil agus ar líne araon; de bhrí go bhfuil saoirse tuairimí a nochtadh ar líne a bhrú faoi chois mar thoradh ar an ngníomhaíocht sin;

I.  de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach don Aontas Eorpach, i ndomhan ilpholach atá ag éirí níos míshocra ina bhfuil fórsaí náisiúnacha, seineafóibeacha agus frithdhaonlathacha á méadú, a bheith ina ghníomhaí tábhachtach ar an leibhéal domhanda agus a ról ceannaireachta mar ‘chumhacht bhog’ dhomhanda a choinneáil, atá tiomanta do dhí-armáil maidir le gnáth-airm agus airm núicléacha, agus infheistiú a dhéanamh ar chosc coinbhleachtaí, ar bhainistiú géarchéime agus ar idirghabháil sula ndéanfar roghanna míleata a mheas;

J.  de bhrí go bhfuil onnmhairiú arm bunriachtanach maidir le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch an tionscail cosanta Eorpaí a neartú, ar tionscal é atá tiomanta go príomha chun cosaint agus slándáil Ballstáit AE a áirithiú agus rannchuidiú le CBES a chur chun feidhme;

K.  de bhrí go lagaíonn éagsúlacht in iompraíocht onnmhairithe arm cumas an Aontais a chuspóirí beartais eachtraigh a bhaint amach ó am go chéile, mar aon le bonn a bhaint óna chreidiúnacht mar ghníomhaí ag labhairt d’aon ghuth ar an leibhéal idirnáisiúnta;

L.  de bhrí go bhfuil athrú mór tagtha ar an timpeallacht slándála dhomhanda agus réigiúnach araon, go háirithe maidir le comharsanacht deiscirt agus oirthir an Aontais;

M.  de bhrí go gcuireann bearta trédhearcachta míleata amhail tuairisciú ar onnmhairiú arm le muinín trasteorann a chothú;

An 20ú agus an 21ú tuarascáil bhliantúil AE maidir le honnmhairiú arm

1.  á chur i bhfios go láidir go bhfeidhmíonn tionscal cosanta a choinneáil mar chuid d’fhéinchosaint an Aontais agus gur cuid dá neamhspleáchas straitéiseach é; ag tabhairt dá haire nach féidir é seo dhéanamh ach amháin má thugann na Ballstáit tosaíocht do tháirgí Eorpacha ina gcláir trealaimh; á chur i bhfáth go laghdódh margadh Eorpach inmharthana spleáchas ar onnmhairiú arm chuig tríú tíortha;

2.  ag tabhairt dá haire go bhforáiltear leis an gcomhsheasamh do nós imeachta trédhearcachta a bhaineann le foilsiú na dtuarascálacha bliantúla AE maidir le honnmhairiú arm; á chur in iúl gur díol sásamh di gur foilsíodh an 20ú agus an 21ú tuarascáil, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chomhsheasamh 2008-944/CBES ón gComhairle, arna dtiomsú ag Meitheal na Comhairle um Onnmhairiú Gnáth-Arm (COARM) agus arna bhfoilsiú san Iris Oifigiúil, cé go raibh moill ann; á chreidiúint go léirítear le foilsiú an dá thuarascáil céim chun cinn chuig comhsheasamh AE i réimse onnmhairithe arm, faoi chuimsiú comhthéacs idirnáisiúnta atá níos dúshlánaí ná riamh, atá léirithe ag méideanna onnmhairí atá ag méadú agus leibhéil trédhearcachta atá ag laghdú; á mheas go gcuireann an dá thuarascáil, ar bhealach fiúntach, le tuarascálacha na Náisiún Aontaithe maidir le trédhearcacht onnmhairithe arm dhomhanda agus réigiúnaigh;

3.  ag tabhairt dá haire iarrachtaí na mBallstát Airteagal 346(1)(b) CFAE maidir le táirgeadh nó trádáil arm a chomhlíonadh;

4.  ag tabhairt dá haire go ndearna 19 mBallstát aighneachtaí iomlána maidir leis an 20ú tuarascáil bhliantúil, agus go ndearna 19 mBallstát amhlaidh maidir leis an 21ú tuarascáil bhliantúil; ag tathant ar na Ballstáit uile a n-oibleagáidí a chomhlíonadh go hiomlán, mar a leagtar amach sa Chomhsheasamh tráth a raibh trédhearcacht dhomhanda sa trádáil arm ag laghdú, go háirithe ar pháirt roinnt de na príomhthíortha a dhéanann airm a onnmhairiú; á chur i bhfios go gciallaíonn aighneacht iomlán ná cainníocht agus luach iomlán na gceadúnas arna ndeonú agus na n-onnmhairí iarbhír araon a thíolacadh, de réir thír chinn scríbe agus chatagóir an Liosta Mhíleata; ag tabhairt dá haire go ndearna 27 mBallstát, cé is moite den Ghréig, aighneachtaí páirteacha ar a laghad maidir leis an 20ú tuarascáil bhliantúil, agus maidir leis an 21ú tuarascáil bhliantúil thíolaic an 28 mBallstát uile sonraí, cé go raibh aon tríú neamhiomlán ina gcuid aighneachtaí; á chur in iúl gur díol sásamh di, áfach, an fhaisnéis bhreise a sholáthair na rialtais trí thuarascálacha náisiúnta; á athdhearbhú a hiarraidh go ndéanfaidh na Ballstáit uile nach bhfuil aighneachtaí iomlána déanta acu faisnéis bhreise maidir lena n-onnmhairí roimhe seo a sholáthar d’fhonn an chéad tuarascáil bhliantúil eile;

5.  á chur in iúl gur ábhar imní di go n-úsáideann Ballstáit faisnéis atá an-éagsúil chun sonraí a ghiniúint maidir le luach na gceadúnas, rud a dhéanann níos casta an cumas chun sonraí comhleanúnacha agus comparáideacha a úsáid go héifeachtach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé onnmhairí arm iarbhír a thuairisciú, lena n-áirítear a luach agus cainníocht iomlán, faoi cheadúnais dhomhanda agus ghinearálta de réir chatagóirí an Liosta Mhíleata agus de réir thír chinn scríbe;

6.  á iarraidh ar na Ballstáit a gcomhordú a mhéadú agus dea-chleachtais chomhchoiteanna do bhailiú agus do phróiseáil faisnéise agus sonraí a shainiú, chun tuarascálacha bliantúla níos comhchuibhithe a dhéanamh agus, mar sin de, trédhearcacht agus inúsáidteacht na dtuarascálacha a fheabhsú;

7.  ag tabhairt dá haire go bhfuil tíortha an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh, réigiún ina bhfuil roinnt coinbhleachtaí armtha, fós ar an gceann scríbe réigiúnach is mó le haghaidh onnmhairí de réir an dá thuarascáil bhliantúla dheireanacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil na réigiúin sin ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin slándála shuntasacha agus leanúnacha agus nach mór onnmhairí ar fad a mheasúnú ar bhonn cás ar chás i gcoinne na n-ocht gcritéar den Chomhsheasamh;

8.  ag tacú le tiomantas na Comhairle chun an rialú a dhéantar ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata a neartú; ag tabhairt dá haire toilteanas na mBallstát chun comhar a atreisiú agus cóineasú a chur chun cinn sa réimse sin laistigh de chreat CBES; á chur in iúl gur díol sásamh di na hiarrachtaí sin toisc go bhfuil siad i gcomhréir le cuspóirí foriomlána an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE agus le tosaíochtaí réigiúnacha mar a leagtar amach i Straitéis Dhomhanda AE (2016); ina leith sin, á iarraidh ar na Ballstáit caighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chaomhnú maidir le bainistiú aistrithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata;

9.  á mheabhrú go bhfuil roinnt trádbhac á gcur chun feidhme ag an Aontas, lena n-áirítear trádbhaic uile na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le cuspóirí CBES, maidir le tíortha amhail an Bhealarúis, Phoblacht na hAfraice Láir, an tSín, an Iaráin, an Libia, Maenmar, an Chóiré Thuaidh, Cónaidhm na Rúise, an tSomáil, an tSúdáin Theas, an tSiria, Veiniséala, Éimin agus an tSiombáib; ag tabhairt dá haire de bhrí go bhféadfadh na trádbhaic sin acmhainní míleata a bhaint de thír, i roinnt cásanna rannchuidíonn siad le síocháin agus cobhsaíocht réigiúnach; ag tabhairt dá haire go n-áirithíonn trádbhaic den sórt sin nach rannchuidíonn an t-Aontas le géarchéimeanna daonnúla, le mí-úsáidí ar chearta an duine agus le hainghníomhartha; á iarraidh ar an Aontas cuidiú le hinniúlachtaí Ballstát a neartú chun nósanna imeachta láidre chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na mBallstát uile le trádbhaic arm AE a chur chun feidhme, agus na torthaí ábhartha a phoibliú(27);

10.  á mheabhrú ina rún maidir leis an staid in Éimin an 4 Deireadh Fómhair 2018; ag tathant ar Ballstáit AE uile, sa chomhthéacs sin, staonadh ó airm agus ó aon trealamh míleata a dhíol chuig an Araib Shádach, chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus chuig aon chomhalta den chomhghuaillíocht idirnáisiúnta, chuig Rialtas Éimin agus chuig páirtithe eile den choinbhleacht chomh maith;

11.  á chur in iúl gur díol sásamh di cinntí rialtas na Beilge, rialtas na Danmhairge, rialtas na Fionlainne, rialtas na Gearmáine, rialtas na Gréige, rialtas na hIodáile agus rialtas na hÍsiltíre srianta a ghlacadh maidir lena n-onnmhairí arm chuig tíortha ar comhaltaí iad den chomhghuaillíocht atá faoi stiúir na hAraibe Sádaí agus atá bainteach leis an gcogadh in Éimin; ag tabhairt dá haire i roinnt cásanna, mar atá tuairiscithe ag ENRanna, gur úsáideadh na hairm a onnmhairíodh chuig na tíortha sin in Éimin, áit ina bhfuil cabhair dhaonnúil agus cosaint de dhíth ar 22 milliún duine; á mheabhrú gur léir go ndéanann onnmhairí den sórt sin an Comhsheasamh a shárú; ag tabhairt dá haire an síneadh athnuaite ar an moratóir maidir le honnmhairiú arm chuig an Araib Shádach ag an nGearmáin suas go deireadh 2020, mar aon le cinntí ó roinnt Ballstát chun srianta iomlána a fhorfheidhmiú; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint idir 25 Feabhra 2016 agus 14 Feabhra 2019, trí bhíthin rúin sa suí iomlánach, ar an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí deich n-uaire ar a laghad próiseas a chur ar bun ina mbeadh trádbhac arm AE ar an Araib Shádach mar thoradh air, lena n-áirítear in 2018 freisin maidir le comhaltaí eile den chomhghuaillíocht atá faoi stiúir na hAraibe Sádaí in Éimin; á athdhearbhú an iarraidh sin arís eile;

12.  á iarraidh ar na Ballstáit sampla na Gearmáine, na Fionlainne agus na Danmhairge a leanúint, inar ghlac siad srianta maidir lena n-onnmhairí arm chuig an Araib Shádach tar éis mharú Jamal Khashoggi;

13.  á iarraidh an athuair ar na Ballstáit chun obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí ón gComhairle maidir leis an Éigipt an 21 Lúnasa 2013 trí fhionraí a fhógairt ar cheadúnais onnmhairiúcháin d’aon trealamh a d’fhéadfaí a úsáid chun brú faoi chois inmheánach a dhéanamh, i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES, agus ag cáineadh neamhchomhlíonadh leanúnach na mBallstát leis na tiomantais sin; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, stop a chur le hairm, teicneolaíocht faireachais agus trealamh slándála eile a onnmhairiú chuig an Éigipt, ar nithe iad ar féidir ionsaithe ar chosantóirí chearta an duine agus ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta a éascú, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta, mar aon le haon chineál brú faoi chois inmheánach eile; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tuairisciú a dhéanamh ar an staid atá ann faoi láthair ar chomhar mhíleata agus slándála na mBallstát leis an Éigipt; á iarraidh ar AE a rialuithe ar onnmhairiú maidir leis an Éigipt a chur chun feidhme go hiomlán i ndáil le hearraí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh phianós an bháis;

14.  á athdhearbhú a hiarrataí le déanaí chun deireadh a chur le honnmhairiú teicneolaíochta faireachais agus trealaimh eile ar féidir leo brú faoi chois inmheánach a éascú, chuig roinnt tíortha lena n-áirítear an Éigipt, Bairéin, an Araib Shádach, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Vítneam;

15.  ag tabhairt dá haire go dtugann an tAontas faoi mhisin faoi chuimsiú CBSC, lena n-áirítear misean an trádbhac arm sa Libia a fhorfheidhmiú, leis an aidhm síocháin agus cobhsaíocht réigiúnach a neartú; á chur in iúl gur oth léi na sáruithe follasacha leanúnacha ar an trádbhac arm sa Libia, fiú tar éis na tiomantais a thug tíortha lena mbaineann ina leith sin i rith na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir leis an Libia a reáchtáladh i mBeirlín an 19 Eanáir 2020; á iarraidh ar na Ballstáit uile stop a chur le gach aistriú armán, trealaimh agus ábhar faireachais agus faisnéise chuig na páirtithe uile atá bainteach leis an gcoinbhleacht Libiach;

16.  á chur in iúl gur díol sásamh di cuspóir Oibríocht IRINI chun trádbhac arm na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go docht trí shócmhainní aeir, satailíte agus muirí a úsáid i gcigireachtaí a dhéanamh ar shoithí ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia a bhfuil amhras ann go bhfuil airm nó ábhar gaolmhar á n-iompar acu chuig an Libia agus amach aisti, i gcomhréir le Rúin 2292 (2016), 2357 (2017), 2420 (2018) agus 2473 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

17.  ag cáineadh go láidir síniú an dá Mheabhrán Tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le teorannú na limistéar muirí agus maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata, ar meabhráin iad atá idirnasctha agus ar sárú glan iad ar an dlí idirnáisiúnta agus ar rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena bhforchuirtear trádbhac arm ar an Libia; á mheabhrú an cinneadh déanta ag roinnt Ballstát chun stop a chur le ceadúnú an onnmhairithe arm chun na Tuirce; á mheabhrú gur gheall na Ballstáit go nglacfadh siad le seasaimh náisiúnta láidre maidir lena mbeartas onnmhairithe arm chun na Tuirce ar bhonn Chomhsheasamh 2008/944/CFSP, lena n-áirítear cur i bhfeidhm docht ar chritéar 4 maidir le cobhsaíocht réigiúnach; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/ Ardionadaí, chomh fada agus a leanann an Tuirc ar aghaidh lena gníomhaíochtaí reatha neamhdhleathacha aontaobhacha sa Mheánmhuir Thoir atá contrártha le ceannasacht aon Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (go háirithe an Ghréig agus an Chipir) agus leis an dlí idirnáisiúnta agus chomh fada agus nach mbíonn sí i mbun idirphlé bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta, tionscnamh a thabhairt isteach sa Chomhairle chun go gcuirfeadh Ballstáit uile de chuid an Aontais Eorpaigh stop le ceadúnú an onnmhairithe arm chun na Tuirce i gcomhréir leis an gComhsheasamh; á iarraidh ar na fóraim iomchuí laistigh de ECAT, agus go háirithe an Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le Rialú Gnáth-Arm, rialú arm sa Mheánmhuir Thoir a phlé mar ábhar práinne;

18.  á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil le rialuithe ar onnmhairiú, níos mó aird a thabhairt ar earraí a d’fhéadfaí a úsáid chun críocha sibhialtacha agus míleata araon;

19.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil sásraí smachtbhanna curtha i bhfeidhm i gcás go rachadh Ballstát i mbun onnmhairí ar follasach nach bhfuil siad ag luí leis an ocht gcritéar;

Athbhreithniú na Comhairle ar an gComhsheasamh

20.  á chur in iúl gur díol sásamh di intinn na Comhairle cóineasú agus trédhearcacht a mhéadú, ar príomhchuspóirí iad dá hathbhreithniú deireanach den Chomhsheasamh, mar aon le conclúidí ón gComhairle maidir le hathbhreithniú ar an gComhsheasamh agus a ráiteas gur cheart comhar agus cóineasú níos dlúithe i réimse an rialaithe ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata a bheith ag gabháil le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú(28);

21.  á chur in iúl gur díol sásamh di tiomantas athnuaite na mBallstát don Chomhsheasamh, ar comhsheasamh é atá ceangailteach ó thaobh dlí de, arna leasú le Cinneadh 2019/1560 ón gComhairle (CBES) agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú críochnúil a dhéanamh ar iarratais ar cheadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh teicneolaíocht mhíleata agus trealamh míleata de réir na gcritéar a shonraítear ann; á chur i bhfios go léiríonn Cinneadh 2019/1560 ón gComhairle (CBES) agus na conclúidí ábhartha an 16 Meán Fómhair 2019 feasacht atá ag dul i méid i measc Ballstát don ghá atá le níos mó trédhearcachta agus cóineasaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal AE sa réimse onnmhairithe arm agus don ghá atá le maoirseacht phoiblí a neartú sa réimse slándála náisiúnta íogair sin; á chur i bhfáth go bhféadfadh na cinntí sin a áirithiú go gcuirfí faisnéis níos fearr ar fáil do chomhlachtaí maoirseachta náisiúnta, do pharlaimintí agus do shaoránaigh faoi na cinntí straitéiseacha a dhéanann rialtas a dtíre, i réimse a dhéanann difear díreach dá slándáil agus a mhéid a chloíonn an tír le luachanna agus le noirm;

22.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di é an rás arm ar domhan atá ag dul in méid; á mheabhrú uaillmhian AE a bheith ina ghníomhaí domhanda don tsíocháin; dá bhrí sin, á iarraidh ar an AE ról gníomhach a bheith aige i réimsí neamhleata arm agus dí-armála domhanda; á chur in iúl gur díol sásamh di go gcuireann nuashonrú an Chomhsheasaimh na forbairtí ábhartha ina leith sin san áireamh, amhail glacadh an Chonartha Trádála Arm (CTA), a bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtithe ann; á chur in iúl gur díol sásamh di gníomhaíochtaí AE ina bhfuil sé mar aidhm acu uiliú an Chonartha Trádála Arm a thacú, go háirithe an cúnamh do thríú tíortha córais éifeachtacha um rialú arm a fheabhsú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gComhsheasamh; á iarraidh ar na príomhthíortha a dhéanann airm a onnmhairiú, amhail na Stáit Aontaithe, an tSín agus an Rúis, an Chonradh Trádála Arm a shíniú agus a dhaingniú;

23.  ag tacú le hathdhearbhú ón gComhairle gur cheart trealamh míleata agus teicneolaíocht mhíleata a thrádáil ar bhealach freagrach agus cuntasach; á chur in iúl gur díol sásamh di tiomantas athnuaite na Comhairle don chomhar agus don chóineasú a chur chun cinn tuilleadh i mbeartais na mBallstát chun cosc a chur le honnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach nó forrántacht idirnáisiúnta, nó lena gcuirfí le héagobhsaíocht réigiúnach;

24.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go moillíonn éagsúlachtaí idir beartais agus cleachtais na mBallstát maidir le honnmhairiú arm cóineasú na rialacha AE sa réimse sin; ag tabhairt dá haire an gá atá le hionstraimí nua a thabhairt isteach ina leith sin; ag tabhairt dá haire go rannchuideoidh na gníomhaíochtaí todhchaíocha arna gcistiú ag an gCiste Eorpach Cosanta le teicneolaíochtaí míleata nua agus trealamh míleata nua a fhorbairt;

25.  ag tabhairt dá haire, agus gur díol sásamh di, go n-aithníonn an Chomhairle a thábhachtaí atá beartas comhsheasmhach maidir le rialú ar onnmhairiú i ndáil le hábhar agus earraí dé-úsáide a bhaineann le cosaint; á chreidiúint gur cheart don AE critéir agus treoirlínte soiléire a bhunú maidir le honnmhairiú earraí den sórt sin;

26.  á chur in iúl gur díol sásamh di tabhairt isteach bearta nithiúla atá ceaptha chun tuairisciú ceart, comhleanúnach agus tráthúil ar onnmhairiú arm na mBallstát a éascú; ag tacú go háirithe le cinneadh ón gComhairle spriocdháta tuairiscithe soiléir d’aighneachtaí náisiúnta, caighdeáin shoiléire d’fhormáid na tuarascála, agus tuilleadh treoirlínte maidir le bunús agus próiseas an tuairiscithe a thabhairt isteach; ag spreagadh na Ballstáit chun a sonraí a thíolacadh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná mí na Bealtaine tar éis na bliana tuairiscithe chun lamháil do dhíospóireacht phoiblí thráthúil; ag cur in iúl gur díol sásamh di na bearta atá déanta i dtreo cur chuige ar líne agus tá sí ag moladh go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar an gcur chuige sin; á chur in iúl gur díol sásamh di freisin tacaíocht na Comhairle do threoirlínte soiléire maidir le roinnt agus malartú faisnéise idir Ballstáit i ndáil lena mbeartais maidir le honnmhairiú arm; á chur in iúl gur díol sásamh di na bearta atá déanta i dtreo cur chuige digiteach leis an gCóras COARM Ar Líne, agus tá sí ag moladh go ndéanfaí tuilleadh leathnaithe ar an gcur chuige sin;

An comhar atá ag dul i méid idir na Ballstáit i ndáil le táirgeadh arm

27.  ag tabhairt dá haire, ó glacadh an Comhsheasamh atá ceangailteach ó thaobh dlí in 2008, gur chuir na Ballstáit dlús lena bhfaireachán ar onnmhairiú arm; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil líon na gcóras armán arna dtáirgeadh san Eoraip comhdhéanta de chomhpháirteanna ó Bhallstáit iomadúla ag dul in méid agus go mbaineann comhar déthaobhach agus iltaobhach leo ar chúiseanna teicniúla, tionsclaíocha agus polaitiúla; á chur i bhfios go láidir an ról dearfach atá ag an gcineál comhair sin cothú muiníne i measc Ballstát agus tríú tíortha a chur chun cinn;

28.  á chur i bhfáth nach ceadmhach an uaillmhian chun iomaíochas a mhéadú san earnáil cosanta Eorpaí an bonn a bhaint ó chur i bhfeidhm ocht gcritéar an Chomhshesaimh, toisc go bhfuil tosaíocht acu thar aon leas eacnamaíoch, sóisialta, tráchtála nó tionsclaíoch na mBallstát;

29.  ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar an aistriú eolais agus teicneolaíochta, faoinar féidir le tríú tíortha teicneolaíocht mhíleata Eorpach a tháirgeadh ar bhonn ceadúnaithe; á chreidiúint nár cheart don phróiseas sin teorainn a chur le cumas AE táirgeadh armán, arm agus trealaimh mhíleata a rialú, ach gur cheart dó cóineasú na maoirseachta poiblí agus caighdeáin trédhearcachta i dtáirgeadh cosanta a chothú agus dlús a chur le rialacha a aithnítear agus a urramaítear go hidirnáisiúnta maidir le táirgeadh agus onnmhairiú arm a chruthú;

30.  ag tabhairt dá haire go bhfuil líon comhpháirteanna i gcórais armán de thionscnamh sibhialtach nó de chineál dé-úsáide atá ag dul i méid; dá bhrí sin, á mheas go bhfuil sé riachtanach córas comhleanúnach um rialú ar aistriú do na comhpháirteanna sin idir Ballstáit uile a bhunú;

31.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil leagtha amach ag formhór na mBallstát comhbheartas lena rialaítear aistriú comhpháirteanna arm chuig Ballstát eile lena n-áiritheofaí go mbeadh aon onnmhairiú chuig tríú tíortha ón mBallstát cóimeála comhsheasmhach le beartas onnmhairiúcháin an Bhallstáit a sholáthraíonn na comhpháirteanna; ag tabhairt dá haire go leanann Ballstát dá mheas gur cosúil iad aistrithe arm agus táirgí a bhaineann le cosaint laistigh de AE agus oibríochtaí onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha; á mheas go bhfuil dúshláin ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs na n-éagsúlachtaí idir na cleachtais cheadúnúcháin ar fud AE atá ag dul i méid; ag tabhairt dá haire nach bhfuil Treoir 2009/43/CE maidir le haistrithe laistigh den Chomhphobal, ina foirm reatha, ceaptha chun caighdeáin chomhchoiteanna is airde do rialuithe ar onnmhairiú arm chuig tríú tíortha a bhaint amach agus aistrithe i margadh Eorpach armán a éascú;

32.  ag tabhairt dá haire gurb é comhaontú comhchuibhithe Schmidt-Debré idir an Fhrainc agus an Ghearmáin an chéad iarracht aistrithe laistigh den Eoraip a rialáil leis an riail ‘de minimis’; ag tabhairt dá haire ina leith sin an Comhaontú Franc-Ghearmánach maidir le rialuithe ar onnmhairiú trealaimh cosanta;

33.  ag tabhairt dá haire go bhféadfadh beartais gach Ballstát maidir le honnmhairiú arm bac a chur ar thionscadail chomhair; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh éagsúlacht den sórt sin a bheith ina cúis le comhaontuithe déthaobhacha agus sonracha maidir le córais armán faoinar féidir, i roinnt cásanna, onnmhairí a chur chuig tríú tíortha bunaithe ar na caighdeáin is lú srian, seachas cur chuige comhpháirteach, ar fud AE; á mheabhrú gurb é an cuspóir a bhí agus atá ag an gComhsheasamh ón gComhairle maidir le honnmhairiú arm ná éagsúlachtaí den sórt sin a chosc agus comhbheartas comhleanúnach maidir le honnmhairiú arm a bhunú; ag tabhairt dá haire an nasc idir éagsúlachtaí i mbeartais onnmhairiúcháin agus deacrachtaí comhair laistigh den AE, ilroinnt leanúnach an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí a bhaineann le cosaint, agus dúbailtí tionsclaíocha a bheith ann; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit leibhéal cistithe leormhaith a sholáthar chun gur féidir ilroinnt an mhargaidh a laghdú agus comhdhlúthú tionsclaíoch a chur chun cinn agus na cumais mhíleata a bheidh ag teastáil ag an AE agus a Bhallstáit a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme éifeachtach ar Threoracha 2009/81/CE agus 2009/43/CE a áirithiú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí forfheidhmithe i ndáil le soláthar;

34.  ag tabhairt dá haire go mbíonn comhaontuithe maidir le rialú ar onnmhairiú mar thoradh ar chomhar déthaobhach maidir le tionscadail thionsclaíocha a bhaineann le cosaint, ar comhaontuithe iad ar féidir leo bunlíne a sholáthar do AE ina iomláine;

35.  á chur i bhfáth gur cheart comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha an bealach a réiteach chuig cóineasú agus comhchuibhiú feabhsaithe na mbeartas onnmhairiúcháin ar an leibhéal Eorpach toisc go bhféadfadh an easpa cóineasaithe agus trédhearcachta i gcinntí maidir le honnmhairiú chuig tríú tíortha tionchar diúltach a bheith acu ar chumas AE labhairt d’aon ghuth agus údarás a bheith aige ar an leibhéal idirnáisiúnta, i ndáil le cearta an duine, an dlí idirnáisiúnta agus síocháin agus cobhsaíocht réigiúnach a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an éagsúlacht sin saobhadh margaidh a ghiniúint agus bac a chur ar phleanáil thionsclaíoch straitéiseach, ar bharainneachtaí scála agus ar mhachaire comhréidh;

Tábhacht an leibhéal AE atá ag dul i méid maidir le táirgeadh arm

36.  á chur i bhfáth gur bealach tábhachtach é trealamh oiriúnach a fhorbairt chun taca a chur faoi bhunchlocha tionsclaíocha agus teicneolaíocha na hearnála cosanta Eorpaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionscnaimh AE amhail Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta (PADR), an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP) agus an Ciste Eorpach Cosanta (EDF), mar aon leis an mBuanchomhar Struchtúrtha (PESCO), an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD) agus an tSaoráid Síochána Eorpach (EPF), reachtaíocht amhail treoracha 2009 maidir le haistrithe laistigh den Chomhphobal agus soláthar trealaimh cosanta, agus cruthú acmhainní riaracháin amhail Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um an Tionscal Cosanta agus an Spás (AS DEFIS) ag cuidiú le comhar chun táirgeadh arm agus cumas forbartha ar an leibhéal Eorpach a fheabhsú; á chreidiúint gur cheart comhar agus cóineasú níos dlúithe i réimse an rialaithe ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata a bheith ag gabháil le Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a neartú, leis an aidhm éifeachtacht CBES agus CBSC ach go háirithe a fheabhsú;

37.  á iarraidh ar na Ballstáit an easpa éifeachtúlachta atá ann faoi láthair i gcaiteachas sa réimse cosanta mar gheall ar dúbláil, ilroinnt agus easpa idir-inoibritheachta a shárú, agus go mbeadh sé mar aidhm an tAontas a bheith ina sholáthraí slándála freisin trí onnmhairiú arm a rialú níos fearr;

38.  ag tabhairt dá haire go bhfuil sé curtha in iúl ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu córais phríomharmán a fhorbairt go páirteach amhail tancanna catha, scairdeitleáin trodaíochta agus ladrainn armtha;

39.  á chur i bhfios go láidir go dtugtar údarás don Choimisiún leis an gcomhaontú idirinstitiúideach sealadach maidir le bunú EDF a mheas an sáraíonn aistriú úinéireachta nó deonú ceadúnais eisiach le haghaidh teicneolaíocht mhíleata atá cómhaoinithe ag EDF leasanna slándála agus cosanta AE agus a Bhallstát agus cuspóirí an chiste mar a leagtar amach iad in Airteagal 3 den rialachán atá beartaithe; ag tabhairt dá haire go mbunaítear leis an reachtaíocht nua sin, i measc nithe eile, cúram maoirseachta sibhialtaí don Choimisiún i ndáil le catagóir sonrach onnmhairithe teicneolaíochta míleata chuig tríú tíortha, agus, ar an gcaoi sin trédhearcacht a fheabhsú tuilleadh agus riosca mí-úsáide na gcistí AE a laghdú, gan dochar d’inniúlacht údaráis um rialú ar onnmhairiú arm na mBallstát ceadúnais onnmhairiúcháin a dheonú, áfach;

40.  ag tabhairt dá haire na tiomantais idirnáisiúnta atá déanta ag na páirtithe Eorpacha chun an soláthar faisnéise maidir lena scéimeanna ar rialú náisiúnta agus lena n-aistrithe arm a leathnú; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh na Ballstáit agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), faoi EPF, tríú tíortha a fheistiú go míleata, ar rud é a bheidh faireachán ar leibhéal AE ag teastáil; á chur in iúl go bhféadfadh EPF, i gcomhthéacs ionstraime nua ar an leibhéal Eorpach measúnú riosca comhpháirteach a sholáthar roimh aon chinneadh a dhéanamh chun airm agus armlón a aistriú chuig tríú tíortha i gcomhthéacs cholún fothaithe acmhainneachta míleata EPF, bearta aonair a mheas in aghaidh na n-ocht gcritéar den Chomhsheasamh, agus coimircí agus smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an úsáideoir deiridh a bhunú;

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas go cuí maidir le húsáid chistí AE in aon tionscadal taighde agus forbartha a bhaineann le tógáil ladrann; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí cosc a chur ar fhorbairt, ar tháirgeadh agus ar úsáid armán lán-uathrialaitheach, lenar féidir ionsaithe a dhéanamh gan aon idirghabháil ó dhaoine;

42.  á chur i bhfios go bhfuil taighde agus forbairt maidir le harmáin, airm agus trealamh cosanta tábhachtach chun bealaí a dhaigniú do na Ballstáit chun iad féin a chosaint agus do thionscail cosanta dul chun cinn teicneolaíoch a bhaint amach;

An Comhsheasamh a chur chun feidhme i bhfianaise thábhacht an leibhéal AE atá ag dul i méid maidir le táirgeadh arm

43.  ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa cóineasaithe na mbeartas agus na cinnteoireachta náisiúnta maidir le honnmhairiú arm i gcomhthéacs thábhacht an leibhéal AE atá ag dul i méid maidir le táirgeadh arm agus i gcomhthéacs na n-uaillmhianta agus na bpleananna a luadh chun é a fhorbairt tuilleadh; ag tabhairt dá haire easpa cóineasaithe na rioscaí náisiúnta maidir le honnmhairiú arm lena gcruthaítear saobhadh margaidh breise agus constaicí a bhaineann leis do phleanáil straitéiseach na gcuideachtaí ábhartha agus na bhfórsaí armtha, agus go mbeidh cóineasú forásach na mbeartas agus na cinnteoireachta náisiúnta maidir le honnmhairiú arm ag teastáil; á mheabhrú di a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na mBallstát i bpróisis den sórt sin; á chur in iúl gur oth léi na héagsúlachtaí atá ann faoi láthair idir na beartais náisiúnta agus próisis chinnteoireachta na mBallstát maidir le honnmhairiú arm; á iarraidh ar an gComhairle leanúint dá hiarrachtaí i bhfabhar cóineasú beartas agus cinnteoireachta maidir le honnmhairiú arm;

44.  ag moladh gur cheart onnmhairiú táirgí arna maoiniú faoi EDIDP agus/nó faoin gCiste Eorpach Cosanta a liostú go leithleach sna sonraí arna dtíolacadh go COARM, chun go n-áiritheofar dlúthfhaireachán ar na táirgí sin a bhfuair maoiniú ón mbuiséad Eorpach agus cur i bhfeidhm docht ar chritéir an Chomhsheasaimh maidir leis na táirgí arna maoiniú faoi EDIDP agus EDF;

45.  á chur in iúl gur díol sásamh di neartú chomhar cosanta AE faoi chuimsiú CBSC; á chreidiúint gur gá tábhacht an leibhéal AE atá ag dul i méid maidir le táirgeadh arm a bheith i dteannta trédhearcacht mhéadaithe; á chreidiúint go bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur ar an réimse sin, go háirithe maidir le cáilíocht agus aonfhoirmeacht na sonraí a dhéanann na Ballstáit a thíolacadh; den tuairim gur gá an sainmhíniú ar ‘bheartas Eorpach chumas agus armálacha’, mar a fhoráiltear in Airteagal 42(3) CAE a bheith i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES; á chreidiúint go ndéanann cóineasú méadaithe na rialacha agus caighdeáin chomhchoiteanna trédhearcacht maidir le honnmhairiú arm agus teicneolaíochta muinín a chothú i measc Ballstát agus páirtithe tríú tíortha; á chur in iúl gur díol sásamh di iarrachtaí COARM, go háirithe an treoir maidir le cur chun feidhme an Chomhsheasaimh ag na Ballstáit ó thaobh comhair, comhordaithe agus cóineasaithe de; ag tabhairt dá haire gur uirlisí laethúla úsáideacha d’údaráis rialaithe iad an córas malartaithe faisnéise de chuid COARM agus an treoir maidir le cur chun feidhme an Chomhsheasaimh; á chur i bhfios go láidir iarrachtaí na mBallstát chun tacú le hobair COARM malartuithe dea-chleachtais a chur chun cinn; ag moladh do COARM:

   (a) na catagóirí breise seo a leanas a chur i dteimpléad tuairiscithe athbhreithnithe, i gcomhréir le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta, chun na Conclúidí ón gComhairle i mí Mheán Fómhair 2019 a chur chun feidhme: cineál beacht an armáin agus an chainníocht a onnmhairíodh, ainmníocht na n-armlón, méid na luchtóige agus an t-úsáideoir deiridh sonrach, ceadúnais chúlghairthe, agus luach agus fad na gconarthaí maidir le seirbhísí iarsheachadta amhail oiliúint agus cothabháil; an sainmhíniú AE ar mhionairm a ailíniú le sainiú níos leithne na Náisiún Aontaithe;
   (b) sainmhínithe a aithnítear ar an leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a fhorbairt amhail luach ceadúnaithe agus onnmhairí iarbhír chun inchomparáideacht na sonraí idir na Ballstáit a éascú;

46.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh bunachar sonraí ar líne atá idirghníomhach, iontaofa agus inchuardaithe a dhéanamh den tuarascáil bhliantúil, agus tá sí ag dréim go mbeidh sé faoi lánseol sula bhfoilseofar na sonraí onnmhairiúcháin le haghaidh 2019; á iarraidh ar SEGS Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoin dáta beacht a rachaidh an bunachar sonraí sin ar líne; ag tathant ar COARM réiteach atá so-úsáidte agus a bhfuil rochtain éasca ag saoránaigh Eorpacha agus ag an tsochaí shibhialta air, lenar féidir sonraí a easpórtáil i bhformáid shábháilte agus struchtúrtha;

47.  á iarraidh ar COARM leanúint lena iarrachtaí mol fógra agus faisnéise a thabhairt isteach do Bhallstáit faisnéis beartais a roinnt maidir le honnmhairí chuig triú tíortha agus maidir lena gcinntí iarratais do na ceadúnais riachtanacha a dhiúltú; á iarraidh, thairis sin, ar COARM, mar atá luaithe in Airteagal 7 den Chomhsheasamh, oibriú i dtreo malartú feabhsaithe i dtaca le ‘faisnéis ábhartha, lena n-áirítear faisnéis faoi fhógraí diúltaithe agus beartais maidir le honnmhairiú arm’ agus ‘bearta eile chun cóineasú a mhéadú tuilleadh’; ag moladh chuige sin measúnuithe náisiúnta a mhalartú agus oibriú i dtreo measúnú comhpháirteach san Aontas ar chásanna tíre nó ar fhaighteoirí ionchasacha onnmhairiúcháin i bhfianaise phrionsabail agus chritéir an Chomhsheasaimh faoi chuimsiú CBES agus i gcomhairle le geallsealbhóirí seachtracha, lena n-áirítear Parlaimint na hEorpa; á iarraidh ar nuashonrú rialta ar an liosta de thríú tíortha a bhfuil na critéir mar a leagtar síos sa Chomhsheasamh á gcomhlíonadh acu;

48.  á chreidiúint gur cheart d’institiúidí AE athbhreithnithe piaraí a mholadh d’fhonn na húdaráis náisiúnta a spreagadh chun dea-chleachtais maidir le sonraí a bhailiú agus a phróiseáil a chomhroinnt, tuiscint níos fearr a chothú maidir le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta, difríochtaí a shainaithint maidir le léirmhíniú na n-ocht gcritéar, agus plé a dhéanamh ar shlite agus bealaí chun comhchuibhiú, comhsheasmhacht agus cóineasú i measc Ballstát a fheabhsú;

49.  á chreidiúint go láidir gur ríthábhachtach é cur chun feidhme níos comhsheasmhaí Chomhsheasamh AE ar mhaithe le creidiúnacht AE mar ghníomhaí domhanda luachbhunaithe, agus, le leibhéal cóineasaithe i bhfad níos airde maidir le cur i bhfeidhm iomlán na gcritéar, go n-áiritheofar urraim do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta ag na páirtithe uile atá bainteach leis an trádáil arm ar bhealach níos éifeachtaí, go rannchuideofar le síocháin agus cobhsaíocht a chur chun cinn, agus go ndéanfar leasanna slándála straitéiseacha agus neamhspleáchas straitéiseach AE a dhaigniú; á chreidiúint go neartóidh sé sin cur chun feidhme CBES;

50.  á mheas nár cheart ceadúnais do tháirgeadh i dtríú tíortha a dheonú tuilleadh más rud é go lamhálfaí do dhul timpeall ar ocht gcritéar an Chomhsheasaimh nó ar threoracha eile AE maidir le honnmhairiú arm;

51.  á chur i bhfáth go bhfuil beartas onnmhairiúcháin níos freagraí mar thoradh ar rialuithe éifeachtacha úsáide deiridh agus go bhféadfadh siad an riosca atreoraithe a laghdú go háirithe; á chur in iúl gur díol sásamh di an tionscadal iTrace arna mhaoiniú ag AE ina leith sin agus go leanfar ar aghaidh leis, agus molann sí uirlis cosúil leis a úsáid chun onnmhairí arm dleathacha ó Bhallstáit AE go tríú tíortha a rianú; á iarraidh ar an gComhairle, ar na Ballstáit agus ar SEGS clár oiliúna agus fothaithe acmhainneachta a chur ar bun d’oifigigh náisiúnta agus d’oifigigh AE maidir le rialuithe ar onnmhairiú arm le béim láidir ar thuiscint fhrithpháirteach den ocht gcritéar a chothú, ar mheasúnuithe riosca comhpháirteacha, ar choimircí a chur ar bun, agus ar fhíorú roimh agus i ndiaidh ceadúnúcháin; ag spreagadh do rialtais na mBallstát bearta a dhéanamh chun comhlíonadh níos fearr lena rialacháin úsáide deiridh a áirithiú, lena n-áirítear rialuithe tar éis a loingsithe a chur chun feidhme; ag cur béim ar an ngá le cistiú AE leordhóthanach a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní foirne is gá leo ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE agus ag toscaireachtaí agus ambasáidí i dtíortha allmhairiúcháin chun measúnuithe riosca inmharthana, rialuithe úsáide deiridh agus fíoruithe tar éis a loingsithe a chur chun feidhme; á iarraidh ar SEGS agus ar COARM tuairisciú a dhéanamh ar iTrace faoi aon atreorú sainaitheanta earraí de thionscnamh AE mar chuid den tuarascáil bhliantúil;

52.  á chreidiúint gur cheart tábhacht an leibhéal AE atá ag dul i méid maidir le táirgeadh arm, na conclúidí ón gComhairle le déanaí maidir leis an gcóineasú san onnmhairiú arm agus bunú EPF a chomhlánú le sásra faireacháin agus rialaithe ar an leibhéal AE atá bunaithe ar chomhlíonadh iomlán na n-ocht gcritéar; á mheabhrú an sainmhíniú ar ‘bheartas Eorpach chumas agus armálacha’, mar a fhoráiltear in Airteagal 42(3) CAE; á chreidiúint nach féidir ‘comhthiomsú agus comhroinnt’ agus níos mó comhair i mbeartas arm agus beartas soláthair a bhaint amach ach amháin má tá rialuithe láidre ar onnmhairiú, socruithe faisnéise frithpháirtí agus grinnscrúdú parlaiminteach rialta curtha ar bun, agus má tá sásraí smachtbhanna láidre maidir le tionscail arna maoiniú ag AE infhorfheidhmithe i gcás nach gcomhlíontar na rialacha comhchoiteanna; á éileamh tuilleadh go bhféadfadh Parlaimint na hEorpa - in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta - rialú parlaiminteach ar chomhbheartas slándála agus cosanta AE agus a bhuiséid a ráthú;

53.  á iarraidh ar COARM saincheist na trédhearcachta in onnmhairiú arm a scrúdú in éineacht le saincheist na trédhearcachta i gceadúnú onnmhairiúcháin dé-úsáide, agus baint amach cuir chuige chomhchoiteanna maidir le trédhearcacht thar an dá ionstraim a mheas; á chreidiúint gur cheart rialú an Choimisiúin ar thrádáil earraí dé-úsáide atá ag dul i méid, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Rialachán AE athbhreithnithe maidir le Dé-Úsáid, a bheith cothromaithe ag rannpháirtíocht feabhsaithe agus ag ról forléargais do Pharlaimint na hEorpa chun cuntasacht a áirithiú;

54.  á chur i bhfáth an tionchar díobhálach ar féidir a bheith ag onnmhairiú teicneolaíochtaí cibearfhaireachais neamhrialaithe ag cuideachtaí AE ar shlándáil bhonneagar digiteach AE agus ar chearta an duine; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid teicneolaíochtaí dé-úsáide cibearfhaireachais áirithe i gcoinne polaiteoirí, gníomhaithe agus iriseoirí atá ag dul i méid i gcónaí; ag cáineadh go láidir líon na gcosantóirí cearta an duine atá ag tabhairt aghaidh ar bhagairtí digiteacha atá ag dul i méid, lena n-áirítear sonraí i mbaol trí choigistiú trealaimh, cianfhaireachán agus sceitheadh sonraí; á éileamh, ina leith sin, a thábhachtaí atá nuashonrú tapa, éifeachtach, cuimsitheach ar Rialachán AE maidir le Dé-Úsáide; á athdhearbhú seasamh Pharlaimint na hEorpa maidir le hathmhúnlú an Rialacháin maidir le Dé-Úsáide, ina bhfuil sé mar aidhm cosc a chur ar threalamh cibearshlándála a onnmhairiú, a dhíol, a thabhairt cothrom le dáta agus a choinneáil, ar trealamh é ar féidir a úsáid chun brú faoi chois inmheánach a dhéanamh, lena n-áirítear faireachas ar an idirlíon; á chur in iúl gur díol sásamh di, ina leith sin, iarrachtaí na n-institiúidí Eorpacha atá ar siúl faoi láthair i gcomhthéacs na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha atá ar siúl faoi láthair atá dírithe ar rialachán AE maidir le rialú ar onnmhairiú earraí dé-úsáide a nuashonrú;

55.  á mheas gur fabhrach iad comhairliúcháin rialta le Parlaimint na hEorpa, le parlaimintí náisiúnta, le húdaráis um rialú ar onnmhairiú arm, le comhlachais tionscail agus leis an tsochaí shibhialta chuig trédhearcacht fhiúntach; á iarraidh ar pharlaimintí náisiúnta dea-chleachtais tuairiscithe agus maoirseachta is fearr a mhalartú chun ról grinnscrúdaithe na bparlaimintí uile a fheabhsú i gcinntí maidir le rialú um onnmhairiú arm; á iarraidh ar COARM leanúint lena idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus leis na tionscail ábhartha, mar aon lena chomhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa agus le húdaráis um rialú ar onnmhairiú arm; ag spreagadh don tsochaí shibhialta agus don lucht acadúil chun a rannpháirtíocht agus a n-idirphlé le COARM a mhéadú agus grinnscrúdú neamhspleách ar onnmhairiú teicneolaíochta agus trealaimh cosanta a dhéanamh; á iarraidh ar Bhallstáit agus ar SEGS gníomhaíochtaí den sórt sin a thacú, lena n-áirítear trí níos mó acmhainní airgeadais;

56.  á chur in iúl an gá atá le forléargas parlaiminteach fiúntach, de mheon chonclúidí an 16 Meán Fómhair 2019 ón gComhairle, agus freagra bliantúil a thabhairt ar thuarascáil bhliantúil COARM le tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa chun íosmhéid grinnscrúdaithe pharlaimintigh a áirithiú;

57.  ag spreagadh do Bhallstáit chun cuidiú le tríú tíortha córais seiceála arm a chruthú, a fheabhsú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gComhsheasamh;

o
o   o

58.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leasuachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Ardrúnaí ECAT, agus chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe.

(1) IO L 239, 17.9.2019, lch. 16.
(2) IO C 453, 14.12.2018, lch. 1.
(3) IO C 437, 30.12.2019, lch. 1.
(4) IO L 17, 23.1.2018, lch. 40.
(5) IO L 139, 30.5.2017, lch. 38.
(6) IO L 330, 20.12.2019, lch. 53.
(7) IO C 85, 13.3.2020, lch. 1.
(8) An Conradh Trádála Arm, na Náisiúin Aontaithe, 13-27217.
(9) IO L 146, 10.6.2009, lch. 1.
(10) IO L 216, 20.8.2009, lch. 76.
(11) IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.
(12) IO L 307, 15.11.2016, lch. 1.
(13) IO L 200, 7.8.2018, lch. 30.
(14) IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.
(15) IO L 30, 31.1.2019, lch. 1.
(16) https://sustainabledevelopment.un.org/sdg16
(17) A/HRC/35/8.
(18) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0451.
(19) IO C 337, 20.9.2018, lch. 63.
(20) IO C 399, 24.11.2017, lch. 178.
(21) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0330.
(22) IO C 35, 31.1.2018, lch. 142.
(23) IO C 331, 18.9.2018, lch. 146.
(24) IO C 356, 4.10.2018, lch. 104.
(25) IO C 285, 29.8.2017, lch. 110.
(26) Institiúid Idirnáisiúnta Stócólm um Thaighde ar an tSíocháin (SIPRI), bileog eolais mhí an Mhárta 2020 dar teideal ‘Treochtaí in aistrithe idirnáisiúnta arm, 2019’.
(27) https://www.sanctionsmap.eu/#/main?checked=
(28) Conclúid 11 de chonclúidí ón gComhairle maidir le hathbhreithniú ar Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le rialú ar onnmhairiú arm, mar a ghlac an Chomhairle (Gnóthaí Ginearálta), Comhairle an Aontais Eorpaigh, 12195/95, COARM 154, an Bhruiséal, an 16 Meán Fómhair 2019.


Riosca soiléir a chinneadh go ndéanfaidh an Pholainn sárú tromchúiseach ar an smacht reachta
PDF 222kWORD 75k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go ndéanfaidh poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar an smacht reachta (COM(2017)08352017/0360R(NLE))
P9_TA(2020)0225A9-0138/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2017)0835),

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe d’Airteagal 2 agus d’Airteagal 7(1) de,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus do na Prótacail a ghabhann leis,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

–  ag féachaint do chonarthaí idirnáisiúnta chearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl),

–  ag féachaint don rún reachtach uaithi an 20 Aibreán 2004 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtaca le hAirteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach: Urramú agus cur chun cinn na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe(1),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2003 chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le hAirteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach - Urramú agus cur chun cinn na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe(2),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ‘Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú’(3),

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Aibreán 2016 maidir leis an staid sa Pholainn(4),

–  ag féachaint don rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis na forbairtí le déanaí sa Pholainn agus a dtionchar ar chearta bunúsacha mar a leagtar síos iad i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh(5),

–  ag féachaint don rún uaithi an 15 Samhain 2017 maidir le staid an smachta reachta agus an daonlathais sa Pholainn(6),

–  ag féachaint do ghníomhachtú an Choimisiúin den idirphlé struchtúrtha faoin gCreat um an Smacht Reachta i mí Eanáir 2016,

–  ag féachaint do Mholadh (AE) 2016/1374 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2016 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn(7),

–  ag féachaint do Mholadh (AE) 2017/146 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2016 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn atá ina chomhlánú ar Mholadh (AE) 2016/1374(8),

–  ag féachaint do Mholadh (AE) 2017/1520 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2017 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn atá ina chomhlánú ar Mholtaí (AE) 2016/1374 agus (AE) 2017/146 ón gCoimisiún(9),

–  ag féachaint do Mholadh (AE) 2018/103 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn atá ina chomhlánú ar Mholtaí (AE) 2016/1374, (AE) 2017/146 agus (AE) 2017/1520 ón gCoimisiún(10),

–  ag féachaint don rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú maidir leis an staid sa Pholainn(11),

–  ag féachaint don rún uaithi an 14 Samhain 2019 maidir le coiriúlú gnéasoideachais sa Pholainn(12),

–  ag féachaint don rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le hidirdhealú poiblí agus fuathchaint i gcoinne daoine LADTI, lena n-áirítear saorlimistéir LADTI(13),

–  ag féachaint don rún uaithi an 16 Eanáir 2019 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2017(14),

–  ag féachaint don rún uaithi an 3 Bealtaine 2018 maidir le hiolrachas sna meáin agus saoirse na meán san Aontas Eorpach(15),

–  ag féachaint don rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir(16),

–  ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(17),

–  ag féachaint don rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le sásra AE a bhunú um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha(18),

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE(19),

–  ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac(20),

–  ag féachaint don rún reachtach uaithi an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit(21),

–  ag féachaint don rún reachtach uaithi an 17 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár um Chearta agus Luachanna(22),

–  ag féachaint do na ceithre nós imeachta um shárú a sheol an Coimisiún i gcoinne na Polainne i ndáil le hathchóiriú chóras breithiúnach na Polainne, arb é a tháinig as an gcéad dá cheann ná breithiúnais ón gCúirt Breithiúnais(23) inar cinneadh go ndearnadh sáruithe ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach lena gcumhdaítear prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí, fad is atá an dá nós imeachta eile fós ar feitheamh,

–  ag féachaint do na trí éisteacht sa Pholainn a thionóil an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta in 2018 faoi chuimsiú nós imeachta Airteagal 7(1) CAE,

–  ag féachaint don tuarascáil ó mhisean an 3 Nollaig 2018, tar éis chuairt an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar Vársá ón 19 go dtí an 21 Meán Fómhair 2018, agus ar na héisteachtaí ar staid an smachta reachta sa Pholainn a tionóladh sa Choiste sin an 20 Samhain 2018 agus an 23 Aibreán 2020;

–  ag féachaint do na tuarascálacha bliantúla ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise,

–  ag féachaint do mholtaí 2018 EDS maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe do dhéagóirí,

–  ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 24 Iúil 2014, Al Nashiri v. an Pholainn (iarratas Uimh. 28761/11),

–  ag féachaint do Rialacha 89 agus 105(5) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

–  ag féachaint don tuarascáil eatramhach ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0138/2020),

A.  de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus mar a léirítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus atá neadaithe i gconarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine;

B.  de bhrí, i gcodarsnacht le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach bhfuil raon feidhme Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach teoranta do réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, mar a léirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiúin an 15 Deireadh Fómhair 2003, agus de bhrí gur féidir leis an Aontas, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar riosca soiléir a bheith ann go ndéanfar sárú tromchúiseach ar na comhluachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní hamháin i gcás ina mbeidh sárú ann sa réimse teoranta sin ach freisin i gcás ina mbeidh sárú ann i réimse ina ngníomhaíonn na Ballstáit go féinrialaitheach;

C.  de bhrí nach mbaineann aon riosca soiléir go sáróidh Ballstát go tromchúiseach na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach leis an mBallstát aonair amháin ina dtagann an riosca chun cinn ach go bhfuil tionchar diúltach aige ar na Ballstáit eile, ar an muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus ar bhun-nádúr an Aontais;

D.  de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit, faoi shaoirse agus go deonach, i dtaca leis na comhluachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 de;

1.  á dhearbhú go mbaineann ábhair imní Pharlaimint na hEorpa leis na saincheisteanna seo a leanas:

   feidhmiú an chórais reachtaigh agus toghcháin,
   neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta na mbreithiúna,
   cosaint do chearta bunúsacha;

2.  ag athdhearbhú a seasaimh, a cuireadh in iúl i roinnt dá rúin maidir le staid an smachta reachta agus an daonlathais sa Pholainn, gur bagairt chórasach ar luachanna Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad na fíricí agus na treochtaí i dteannta a chéile a luaitear sa rún seo agus gur riosca soiléir iad go ndéanfar sárú tromchúiseach ar an Airteagal sin;

3.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, in ainneoin gur reáchtáladh trí éisteacht le húdaráis na Polainne sa Chomhairle, an iliomad malartuithe tuairimí sa Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i bParlaimint na hEorpa agus údaráis na Polainne i láthair, tuairiscí scanrúla ó na Náisiúin Aontaithe, ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus ó Chomhairle na hEorpa, agus ceithre nós imeachta um shárú a sheol an Coimisiún, nach amháin nár tugadh aghaidh ar staid an smachta reachta sa Pholainn ach go bhfuil meath mór tagtha uirthi ó tionscnaíodh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) CAE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach raibh pléití sa Chomhairle faoi chreat an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) CAE rialta ná struchtúrtha, agus nach ndeachaigh siad i ngleic go leordhóthanach leis na saincheisteanna suntasacha arb iad ba chúis le gníomhachtú an nós imeachta ná nach ndearna siad mapáil leormhaith ar an tionchar atá ag gníomhaíochtaí rialtas na Polainne ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE;

4.  ag tabhairt dá haire i ndáil leis an togra réasúnaithe ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den TEU maidir le smacht reachta sa Pholainn: togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta,(24) go bhfuil raon feidhme teoranta aige, eadhon staid an smachta reachta sa chiall is beaichte maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna; ag aithint go bhfuil géarghá le raon feidhme an togra réasúnaithe a leathnú trí rioscaí soiléire a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha ar bhunluachanna eile an Aontais, go háirithe an daonlathas agus urraim ar chearta an duine, a chur san áireamh;

5.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go leagtar béim an athuair leis na forbairtí is déanaí sna héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE ar an ngá atá le sásra comhlántach agus coisctheach Aontais a bheith ann maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha mar a cuireadh chun cinn sa rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016;

6.  ag athdhearbhú a seasaimh maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, lena n-áirítear an gá atá le cearta tairbhithe a chosaint, agus á iarraidh ar an gComhairle caibidlíocht idirinstitiúideach a thosú a luaithe is féidir;

7.  ag athdhearbhú a seasaimh a mhéid a bhaineann leis an imchlúdach buiséadach don Chlár nua um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna laistigh den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún a áirithiú go soláthrófar cistiú leormhaith d’eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla de chuid na sochaí sibhialta chun tacaíocht a fhothú ar leibhéal an phobail don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha sna Ballstáit, lena n-áirítear sa Pholainn;

****

Feidhmiú an chórais reachtaigh agus toghcháin sa Pholainn

Cumhachtaí an athbhreithnithe bhunreachtúil a bheith á n-úsáid ag Parlaimint na Polainne

8.  ag cáineadh an fhíorais gur ghlac parlaimint na Polainne chuici cumhachtaí an athbhreithnithe bhunreachtúil nach raibh aici nuair a ghníomhaigh sí mar ghnáth-reachtas agus í ag glacadh Ghníomh an 22 Nollaig 2015 lena leasaítear an Gníomh maidir leis an mBinse Bunreachtúil(25) agus Gníomh an 22 Iúil 2016 maidir leis an mBinse Bunreachtúil(26), arna chinneadh ag an mBinse Bunreachtúil sna breithiúnas uaidh an 9 Márta(27), an 11 Lúnasa(28) agus an 7 Samhain 2016(29)(30);

9.  á chur in iúl gurb oth léi, thairis sin, gur ghlac parlaimint na Polainne go leor gníomhartha reachtacha an-íogair ag am nuair nach féidir athbhreithniú bunreachtúil neamhspleách ar dhlíthe a ráthú go héifeachtach a thuilleadh, amhail Gníomh an 30 Nollaig 2015 lena leasaítear an Gníomh maidir leis an tSeirbhís Shibhialta agus gníomhartha áirithe eile(31), Gníomh an 15 Eanáir 2016 lena leasaítear an Gníomh maidir leis na póilíní agus gníomhartha áirithe eile(32), Gníomh an 28 Eanáir 2016 maidir leis an oifig ionchúisimh phoiblí(33) agus Gníomh an 28 Eanáir 2016 - rialacháin lena gcuirtear chun feidhme an Gníomh maidir le hoifig an ionchúisimh phoiblí(34), Gníomh an 18 Márta 2016 lena leasaítear an Gníomh maidir leis an Ombudsman agus gníomhartha áirithe eile(35), Gníomh an 22 Meitheamh 2016 maidir le Comhairle Náisiúnta na Meán(36), Gníomh an 10 Meitheamh 2016 maidir le gníomhartha frithsceimhlitheoireachta(37) agus roinnt gníomhartha eile lena ndéantar an córas breithiúnach a athrú go bunúsach(38);

Nósanna imeachta reachtacha brostaithe a úsáid

10.  á chur in iúl gur saoth léi go n-úsáideann parlaimint na Polainne nósanna imeachta reachtacha brostaithe go minic chun reachtaíocht ríthábhachtach a ghlacadh lena ndéantar athdhearadh ar eagrú agus ar fheidhmiú na mbreithiúna, gan dul i gcomhairle ar bhonn fiúntach le geallsealbhóirí, lena n-áirítear an pobal breithiúnach(39);

An dlí toghcháin agus eagrú toghchán

11.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurbh é a bhain ESCE de thátal as ná gurbh ábhar mór imní iad claontacht na meán agus bladhmann éadulaingte san fheachtas le haghaidh thoghcháin pharlaiminteacha 2019(40) agus, cé go raibh na hiarrthóirí go léir in ann dul i mbun feachtais gan bhac, gur úsáid oifigigh shinsearacha stáit imeachtaí a bhi cistithe ar bhonn poiblí le haghaidh teachtaireachtaí feachtais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur mhéadaigh ceannas an pháirtí rialaithe sna meáin phoiblí a bhuntáiste a thuilleadh(41); á chur in iúl gurb oth léi gur baineadh de phróiseas thoghchán uachtaránachta na Polainne i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020(42) leis an naimhdeas, na bagairtí i gcoinne na meán, an reitric éadulangach agus na cásanna inar baineadh mí-úsáid as acmhainní stáit;

12.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di, maidir le Seomra nua um Rialú Urghnách agus um Ábhair Phoiblí na Cúirte Uachtaraí (an ‘Seomra Urghnách’ anseo feasta), atá comhdhéanta den chuid is mó de dhaoine aonair arna n-ainmniú ag Comhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna agus a bhfuil baol ann nach mbeidh sé cáilithe mar bhinse neamhspleách sa mheasúnú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an ‘Chúirt Bhreithiúnais’ anseo feasta), gurb é an seomra sin a dhéanfaidh bailíocht na dtoghchán a fhionnadh agus díospóidí toghcháin a scrúdú; ag tabhairt dá haire gur cúis mhór bhuartha é sin maidir le scaradh na gcumhachtaí agus feidhmiú dhaonlathas na Polainne, sa mhéid go gcuirtear athbhreithniú breithiúnach ar dhíospóidí toghcháin go mór i mbaol tionchar polaitiúil agus go bhféadfaí neamhdheimhneacht dhlíthiúil a chruthú i dtaca le bailíocht an athbhreithnithe sin(43);

13.  ag tabhairt dá haire, ina Chód Dea-Chleachtais maidir le hÁbhair Thoghcháin ó 2002(44), cuireann Coimisiún na Veinéise treoirlínte soiléire ar fáil maidir le holltoghcháin a reáchtáil le linn géarchéimeanna poiblí, lena n-áirítear eipidéimí; ag tabhairt dá haire, cé go ndéantar foráil leis an gCód don fhéidearthacht socruithe vótála eisceachtúla a bheith ann, ní mheasfar go mbeadh aon leasuithe lena dtabharfaí isteach socruithe den sórt sin i gcomhréir le dea-chleachtais Eorpacha ach amháin ‘má ráthaítear prionsabal na saorvótála’; á mheas nach bhfuil an méid sin i gceist leis na leasuithe ar an gcreat toghcháin do na toghcháin uachtaránachta a bhí le tarlú an 10 Bealtaine 2020, ós rud é go bhféadfaí cur isteach ar na toghcháin leo, ar bhealach go bhfágfaí nach seolfaí iad go cóir, go rúnda agus go cothrom, le lán-urraim don cheart chun príobháideachais(45) agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(46); ag tabhairt dá haire, thairis sin go bhfuil na leasuithe sin contrártha le cásdlí Bhinse Bunreachtúil na Polainne a forbraíodh agus athbhreithniú bunreachtúil fós éifeachtach, agus a shonraigh nach bhféadfaí an cód toghcháin a mhodhnú 6 mhí roimh thoghchán ar bith; ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha di nár fógraíodh go gcuirfí na toghcháin uachtaránachta ar athló ach 4 lá roimh an dáta sceidealaithe;

Neamhspleáchas na mbreithiúna agus institiúidí eile agus cearta na mbreithiúna sa Pholainn

Athchóiriú an chórais ceartais – breithnithe ginearálta

14.  á aithint, cé gur inniúlacht náisiúnta é eagrú an chórais ceartais, tá dearbhaithe arís agus arís eile ag an gCúirt Bhreithiúnais go gcaithfidh na Ballstáit cloí lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu; á athdhearbhú gur breithiúna Eorpacha iad breithiúna náisiúnta freisin, a chuireann dlí an Aontais chun feidhme, ar rud é a fhágann gur cúram coiteann a neamhspleáchas don Aontas, an Chúirt Bhreithiúnais san áireamh, nach mór di urraim don smacht reachta a fhorfheidhmiú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 19 CAE agus in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’ anseo feasta) i réimse chur i bhfeidhm dhlí an Aontais; á iarraidh ar údaráis na Polainne cloí le neamhspleáchas chúirteanna na Polainne agus é a chaomhnú;

Comhdhéanamh agus feidhmiú an Bhinse Bhunreachtúil

15.  á mheabhrú gur baineadh an bonn go mór ó neamhspleáchas agus dlisteanacht an Bhinse Bhunreachtúil le Gníomhartha maidir leis an mBinse Bunreachtúil an 22 Nollaig 2015 agus an 22 Iúil 2016, mar aon leis an bpacáiste de thrí ghníomh arna ghlacadh ag deireadh 2016(47), agus gur dhearbhaigh an Binse Bunreachtúil an 9 Márta 2016 agus an 11 Lúnasa 2016 faoi seach go raibh Gníomhartha an 22 Nollaig 2015 agus an 22 Iúil 2016 míbhunreachtúil; á mheabhrú nár foilsíodh na breithiúnais sin ag an am ná nár chuir údaráis na Polainne chun feidhme iad; á chur in iúl gur saoth léi go mór an fíoras nach féidir bunreachtúlacht dhlíthe na Polainne a ráthú go héifeachtach a thuilleadh sa Pholainn, ó tháinig na hathruithe thuasluaite i bhfeidhm(48); á iarraidh ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar nós imeachta um shárú a sheoladh i ndáil leis an reachtaíocht maidir leis an mBinse Bunreachtúil, a chomhdhéanamh mídhleathach agus a ról i dtaca le cosc a chur ar chomhlíonadh réamhrialú na Cúirte Breithiúnais an 19 Samhain 2019(49);

Na córais scoir, cheapacháin agus araíonachta do bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí

16.  á mheabhrú gur fhág athruithe, in 2017, sa mhodh ina n-ainmnítear iarrthóirí d’oifig Chéad Uachtarán na Cúirte Uachtaraí (an ‘Chéad Uachtarán’ anseo feasta), go héifeachtach nach raibh aon tábhacht le rannpháirtíocht bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí sa phróiseas roghnúcháin; ag cáineadh an fhíorais go ndéanann Gníomh an 20 Nollaig 2019 lena leasaítear an Gníomh maidir le heagrú na gcúirteanna coiteanna, an Gníomh maidir leis an gCúirt Uachtarach agus gníomhartha áirithe eile(50) (‘Gníomh an 20 Nollaig 2019’) rannpháirtíocht na mbreithiúna i bpróiseas roghnaithe an Chéad Uachtaráin a laghdú tuilleadh trí phost mar Chéad Uachtarán Gníomhach na Cúirte Uachtaraí (an ‘Chéad Uachtarán Gníomhach’ anseo feasta) arna cheapadh ag Uachtarán Phoblacht na Polainne a thabhairt isteach agus tríd an gcóram sa tríú babhta a laghdú go 32 as 125 breitheamh, agus go dtí sin amháin, agus ar an gcaoi sin an tsamhail roinnte cumhachta idir Uachtarán Phoblacht na Polainne agus an pobal breithiúnach a chumhdaítear in Airteagal 183(3) de Bhunreacht na Polainne a thréigean a bheag nó a mhór(51);

17.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, na neamhrialtachtaí a bhain le hainmniú an Chéad Uachtaráin Ghníomhaigh agus a ghníomhaíochtaí ina dhiaidh sin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach ndearna próiseas thoghadh na n-iarrthóirí d’oifig an Chéad Uachtaráin Airteagal 183 de Bhunreacht na Polainne a chomhlíonadh ná Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Uachtaraí agus gur sáraíodh bunchaighdeáin idirphlé i measc na gcomhaltaí de Chomhthionól Ginearálta Bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí (an ‘Comhthionól Ginearálta’ anseo feasta); ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis díomá di, go bhféadfadh amhras maidir le bailíocht an phróisis toghcháin sa Chomhthionól Ginearálta mar aon le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an Chéad Uachtaráin Ghníomhaigh le linn an phróisis toghcháin an bonn a bhaint tuilleadh ó scaradh na gcumhachtaí agus ó dhlisteanacht an Chéad Uachtaráin nua arna ainmniú ag Uachtarán Phoblacht na Polainne an 25 Bealtaine 2020, agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, amhras a tharraingt ar neamhspleáchas na Cúirte Uachtaraí; á mheabhrú gur tharla sáruithe comhchosúla ar an dlí ag Uachtarán Phoblacht na Polainne nuair a bhí Uachtarán an Bhinse Bhunreachtúil á ainmniú;

18.  ag roinnt imní an Choimisiúin go bhféadfadh cumhacht Uachtarán Phoblacht na Polainne (agus cumhacht an Aire Dlí agus Cirt i gcásanna áirithe) tionchar a imirt ar imeachtaí araíonachta i gcoinne bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí trí oifigeach araíonachta a cheapadh a dhéanfaidh imscrúdú ar an gcás, agus oifigeach araíonachta na Cúirte Uachtaraí a eisiamh ó imeachtaí atá ar siúl, go gcruthaítear ábhair imní maidir le prionsabal an scartha cumhachtaí agus go bhféadfaí difear a dhéanamh do neamhspleáchas breithiúnach(52);

19.  á mheabhrú gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, sa bhreithiúnas uaithi an 24 Meitheamh 2019(53), go bhfuil ísliú aois scoir bhreithiúna reatha na Cúirte Uachtaraí contrártha do dhlí an Aontais agus go sáraíonn sé an prionsabal i dtaca le do-inaistritheacht breithiúna agus, dá bhrí sin, prionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, tar éis di iarraidh níos luaithe an Choimisiúin le haghaidh bearta eatramhacha ar an ábhar a dheonú le hordú an 17 Nollaig 2018(54); ag tabhairt dá haire gur rith údaráis na Polainne Gníomh an 21 Samhain 2018, lena leasaítear an Gníomh maidir leis an gCúirt Uachtarach(55) chun ordú na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh, an t-aon uair go dtí seo inar chealaigh siad athruithe ar an gcreat reachtach lena rialaítear an córas breithiúnais i gcomhréir le cinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais;

Comhdhéanamh agus feidhmiú an Seomra Araíonachta agus an Seomra Urghnách sa Chúirt Uachtarach

20.  á mheabhrú gur cruthaíodh dhá sheomra nua laistigh den Chúirt Uachtarach in 2018, eadhon an Seomra Araíonachta agus an Seomra Urghnách, a raibh foireann acu le breithiúna nuacheaptha a roghnaigh Comhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna agus gur cuireadh cumhachtaí speisialta de chúram orthu – lena n-áirítear cumhacht an tSeomra Urghnách chun breithiúnais chríochnaitheacha arna nglacadh ag cúirteanna íochtaracha nó ag an gCúirt Uachtarach féin a neamhniú trí athbhreithniú urghnách, agus cumhacht an tSeomra Araíonachta smacht a chur ar bhreithiúna eile de chuid na Cúirte Uachtaraí agus na gcúirteanna coiteanna agus “Cúirt Uachtarach laistigh den Chúirt Uachtarach” a chruthú de facto;(56)

21.  á mheabhrú go ndearna an Chúirt Bhreithiúnais, sa rialú uaithi an 19 Samhain 2019(57), agus í ag freagairt ar iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Seomra Dhlí an tSaothair agus an Árachais Shóisialta, ‘an Seomra Saothair’ feasta) maidir leis an Seomra Araíonachta, rialú go bhfuil sé de dhualgas ar chúirteanna náisiúnta neamhaird a thabhairt ar fhorálacha den dlí náisiúnta a fhorchoimeádann dlínse chun cás a éisteacht sa chás ina bhféadfar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar chomhlacht nach gcomhlíonann riachtanais an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta;

22.  ag tabhairt dá haire, gur chinn an Chúirt Uachtarach (Seomra an tSaothair) ina dhiaidh sin sa bhreithiúnas uaithi an 5 Nollaig 2019(58) nach gcomhlíonann an Seomra Araíonachta ceanglais binse neamhspleách agus neamhchlaonta de réir bhrí dhlí na Polainne agus an Aontais, agus gur ghlac an Chúirt Uachtarach (an Seomra Sibhialta, Coiriúil agus Saothair) rún an 23 Eanáir 2020(59) ag athdhearbhú nach cúirt é an Seomra Araíonachta mar gheall ar a easpa neamhspleáchais agus, dá bhrí sin, nach féidir a mheas gurb ionann a bhreithiúnais agus breithiúnais a thugann cúirt arna ceapadh go hiomchuí; ag tabhairt dá haire agus é ina cúis mhór imní di gur dhearbhaigh údaráis na Polainne nach bhfuil aon tábhacht dhlíthiúil ag na cinntí sin a mhéid a bhaineann le feidhmiú leanúnach an tSeomra Araíonachta agus Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna, agus gur dhearbhaigh an Binse Bunreachtúil go raibh an rún ón gCúirt Uachtarach míbhunreachtúil an 20 Aibreán 2020(60), rud a chruthaigh dúbailteacht bhreithiúnach chontúirteach sa Pholainn atá ina sárú oscailte ar thosaíocht dhlí an Aontais agus go háirithe Airteagal 19(1) CAE faoi mar atá léirmhínithe ag an gCúirt Bhreithiúnais, sa chaoi ina gcuireann sé cosc ar éifeachtacht agus cur i bhfeidhm rialú na Cúirte Breithiúnais an 19 Samhain 2019(61) ag cúirteanna na Polainne(62);

23.  ag tabhairt ordú na Cúirte Breithiúnais an 8 Aibreán 2020(63) dá haire, lena dtreoraítear don Pholainn cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta maidir le cumhachtaí an tSeomra Araíonachta a chur ar fionraí láithreach agus á iarraidh ar údaráis na Polainne an t-ordú a chur i bhfeidhm go tapa; á iarraidh ar údaráis na Polainne an t-ordú a chomhlíonadh go hiomlán agus á iarraidh ar an gCoimisiún iarraidh bhreise a thíolacadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais, ina n-iarrfar go n-íocfar fíneáil a ordófar i gcás neamhchomhlíonadh leanúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh go práinneach i ndáil leis na forálacha náisiúnta i dtaobh chumhachtaí an tSeomra Urghnách, ós rud é go bhfuil na lochtanna céanna aige agus atá ag an Seomra Araíonachta.

Comhdhéanamh agus iompar Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna;

24.  á mheabhrú gur faoi na Ballstáit atá sé comhairle do na breithiúna a bhunú, ach sa chás ina mbunaítear comhairle den sórt sin, nach mór a neamhspleáchas a ráthú i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha agus le bunreacht an Bhallstáit; á mheabhrú, tar éis athchóiriú Chomhairle Náisiúnta na mBreithiúna, arb í an comhlacht atá freagrach as neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 186(1) de Bhunreacht na Polainne, trí bhíthin Ghníomh an 8 Nollaig 2017 lena leasaítear an Gníomh maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna agus gníomhartha áirithe eile(64), gur chaill pobal breithiúnach na Polainne an chumhacht ionadaithe a chur ar thoscaireacht chuig Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, agus a thionchar i dtaca le breithiúna a earcú agus ardú céime a thabhairt dóibh dá bhrí sin; á mheabhrú gur bhreithiúna arna gceapadh ag a bpiaraí iad 15 as 25 chomhalta de Chomhairle Náisiúnta na mBreithiúna roimh an athchóiriú, agus gurb í parlaimint na Polainne a thoghann na breithiúna sin ó athchóiriú 2017 i leith; á chur in iúl gurb oth léi go mór, i gcomhar leis an bhfoirceannadh luath a rinneadh go luath in 2018 ar shainorduithe na gcomhaltaí uile a ceapadh faoi na sean-rialacha, gurbh é a lean as an mbeart sin ná polaitiú forleathan ar Chomhairle Náisiúnta na mBreithiúna(65);

25.  á mheabhrú go ndearna an Chúirt Uachtarach, agus na critéir a leag an Chúirt Bhreithiúnais amach sa bhreithiúnas uaithi an 19 Samhain 2019 á gcur chun feidhme aici, a fhionnadh ina breithiúnas an 5 Nollaig 2019 agus ina cinntí an 15 Eanáir 2020(66), agus freisin sa rún uaithi an 23 Eanáir 2020, go ndéanann ról cinntitheach Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna maidir le breithiúna an tSeomra Araíonachta nuacheaptha a roghnú an bonn a bhaint ó neamhspleáchas agus ó neamhchlaontacht an tseomra sin(67); á chur in iúl gur cúis bhuartha di stádas dlíthiúil na mbreithiúna a cheap Comhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna nó ar thug sí ardú céime dóibh, sa chomhdhéanamh reatha atá aici, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a rannpháirtíocht sa bhreithniú ar bhailíocht agus dlíthiúlacht na n-imeachtaí;

26.  á mheabhrú gur chuir Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna Comhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna ar fionraí an 17 Meán Fómhair 2018 ós rud é nach raibh na ceanglais maidir le bheith neamhspleách ar an bhfeidhmeannas agus ar an reachtas á gcomhlíonadh aici a thuilleadh agus gur chuir sé tús leis an bpróiseas díbeartha i mí Aibreáin 2020(68);

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh in aghaidh Ghníomh an 12 Bealtaine 2011 maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna(69), arna leasú an 8 Nollaig 2017, agus iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais gníomhaíochtaí Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna a fhionraí trí bhíthin bearta eatramhacha;

Na rialacha lena rialaítear eagrú na gcúirteanna coiteanna agus ceapadh uachtaráin na gcúirteanna agus an córas scoir do bhreithiúna na gcúirteanna coiteanna

28.  á chur in iúl gurb oth léi go bhfuair an tAire Dlí agus Cirt, arb é an tIonchúisitheoir Ginearálta freisin é i gcóras na Polainne, an chumhacht uachtaráin chúirte na gcúirteanna íochtaracha a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost dá lánrogha féin le linn idirthréimhse 6 mhí agus, le linn thréimhse 2017-2018, go ndearna an tAire Dlí agus Cirt in 2017-2018 os cionn 150 uachtarán agus leasuachtarán cúirte a ionadú; ag tabhairt dá haire, tar éis na tréimhse sin, gur fhan cur as oifig na n-uachtarán cúirte i lámh an Aire Dlí agus Cirt, agus gur ar éigean a bhí aon seiceálacha éifeachtacha ceangailte leis an gcumhacht sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuair an tAire Dlí agus Cirt cumhachtaí “araíonachta” eile i leith uachtaráin chúirte, agus uachtaráin cúirteanna níos airde, a bhfuil cumhachtaí móra riaracháin acu anois, ar a seal, i leith uachtaráin na gcúirteanna íochtaracha(70); á chur in iúl gurb oth léi an buille mór sin don smacht reachta agus don neamhspleáchas breithiúnach sa Pholainn(71);

29.  á chur in iúl gurb oth léi go ndearnadh athrú le Gníomh an 20 Nollaig 2019 a tháinig i bhfeidhm an 14 Feabhra 2020 ar chomhdhéanamh thionóil na mbreithiúna agus gur aistríodh leis an nGníomh sin cuid de na cumhachtaí féinrialachais bhreithiúnaigh ó na comhlachtaí sin go dtí coláistí uachtaráin na gcúirteanna arna gceapadh ag an Aire Dlí agus Cirt(72);

30.  á mheabhrú gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, sa bhreithiúnas uaithi an 5 Samhain 2019(73), maidir le forálacha Ghníomh an 12 Iúil 2017 lena leasaítear an Gníomh maidir le heagrú na gcúirteanna coiteanna agus gníomhartha áirithe eile(74), lenar íslíodh aois scoir bhreithiúna na gcúirteanna coiteanna, agus ag an am céanna, lenar ceadaíodh don Aire Dlí agus Cirt cinneadh a dhéanamh maidir le fadú a seirbhís ghníomhach, agus lenar socraíodh aois scoir dhifriúil ag brath ar a n-inscne, go raibh siad contrártha le dlí an Aontais;

Cearta agus neamhspleáchas na mbreithiúna, lena n-áirítear an córas araíonachta nua do bhreithiúna

31.  ag cáineadh na bhforálacha nua lena dtugtar isteach cionta agus smachtbhannaí araíonachta breise i leith breithiúna agus uachtaráin chúirte, ar an ábhar go bhfuil riosca tromchúiseach do neamhspleáchas na mbreithiúna ag roinnt leo(75); ag cáineadh na bhforálacha nua lena gcuirtear cosc ar aon ghníomhaíocht pholaitiúil ag breithiúna, lena gcuirtear d’oibleagáid ar bhreithiúna comhaltas i gcomhlachais a nochtadh go poiblí agus lena gcuirtear srian substainteach le pléití chomhlachtaí féinrialaitheacha na mbreithiúna, ar forálacha iad a théann thar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, an riachtanais agus na comhréireachta maidir le srian a chur le saoirse na mbreithiúna a dtuairimí a nochtadh(76);

32.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na himeachtaí araíonachta arna dtionscnamh in aghaidh breithiúna agus ionchúisitheoirí sa Pholainn i dtaca lena gcinntí breithiúnacha lenar cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, nó lena ráitis phoiblí inar chosain siad neamhspleáchas na mbreithiúna agus an smachta reachta sa Pholainn; go háirithe, ag cáineadh na bagartha a bhaineann le himeachtaí araíonachta(77) i gcoinne níos mó ná 10% de na breithiúna as litir a shíniú a seoladh chuig ESCE maidir le reáchtáil chuí na dtoghchán uachtaránachta agus as tacaíocht a thabhairt do bhreithiúna atá á gcur faoi chois; ag cáineadh an fheachtais clúmhillte i gcoinne bhreithiúna na Polainne agus rannpháirtíocht na bhfeidhmeannach poiblí ann; á iarraidh ar údaráis na Polainne staonadh ón úsáid mhí-úsáideach d’imeachtaí araíonachta agus ó ghníomhaíochtaí eile lena mbaintear an bonn ó údarás na mbreithiúna;

33.  á iarraidh ar údaráis na Polainne na forálacha nua (maidir le cionta araíonachta agus nithe eile) a bhaint, ar forálacha iad lena gcuirtear cosc ar na cúirteanna scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht breithiúna eile ó thaobh dhlí an Aontais de agus ó thaobh an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR) de, agus, sa chaoi sin, lena bhfágtar nach mbíonn breithiúna in ann a ndualgas a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais chun forálacha náisiúnta atá i neamhréir le dlí an Aontais a chur i leataobh(78);

34.  á chur in iúl gur geal léi imeachtaí um shárú a bheith á dtionscnamh ag an gCoimisiún i ndáil leis na forálacha nua thuasluaite; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ó 29 Aibreán 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún déileáil leis an gcás mar ábhar tosaíochta agus a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais úsáid a bhaint as an nós imeachta brostaithe agus bearta eatramhacha a dheonú, a mhéid a bhaineann leis an gcás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais;

Stádas an Phríomh-Ionchúisitheora agus seirbhísí ionchúisimh a eagrú

35.  ag cáineadh chumasc oifig an Aire Dlí agus Cirt agus oifig an Phríomh-Ionchúisitheora, chumhachtaí méadaithe an Phríomh-Ionchúisitheora maidir leis an gcóras ionchúisimh, chumhachtaí méadaithe an Aire Dlí agus Cirt i leith na mbreithiúna (Gníomh an 27 Iúil 2001 maidir le heagrú cúirteanna coiteanna(79), arna leasú) agus na staide laige ina bhfuil na srianta ar na cumhachtaí sin (Comhairle Náisiúnta na nIonchúisitheoirí Poiblí), ar rudaí iad is cúis le barraíocht cumhachtaí a bheith á gcarnadh d’aon duine amháin agus a bhfuil iarmhairtí diúltacha díreacha acu ar neamhspleáchas an chórais ionchúisimh ó thaobh na réimse polaitiúla de, mar a luaigh Coimisiún na Veinéise(80);

36.  á mheabhrú gur fhionn an Chúirt Bhreithiúnais, ina breithiúnas an 5 Samhain 2019, go bhfuil ísliú aois scoir ionchúisitheoirí poiblí contrártha do dhlí an Aontais mar gheall gur bhunaigh sé aois scoir éagsúil d’ionchúisitheoirí poiblí fireanna agus baineanna sa Pholainn;

Measúnú foriomlán ar staid an smachta reachta sa Pholainn

37.  ag aontú leis an gCoimisiún, le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus leis an nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta agus Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Neamhspleáchas Breithiúna agus Dlíodóirí gurb ionann na hathruithe ar leithligh thuasluaite ar an gcreat reachtach a rialaíonn córas na mbreithiúna, i bhfianaise a n-idirghníomhaíochta agus an tionchair fhoriomláin atá acu, agus sárú tromchúiseach, marthanach agus córasach ar an smacht reachta, lena gcuirtear ar chumas na gcumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin cur isteach ar struchtúr agus aschur iomlán an chórais cheartais ar bhealach atá ar neamhréir leis na prionsabail scaradh cumhachtaí agus leis an smacht reachta, agus, sa chaoi sin, neamhspleáchas na mbreithiúna sa Pholainn a laghdú go suntasach(81); ag cáineadh tionchar díchobhsaíochta na mbeart agus na gceapachán a rinne údaráis na Polainne ó 2016 ar dhlíchóras na Polainne;

Cosaint ar chearta bunúsacha sa Pholainn

Coimisinéir na Polainne um Chearta an Duine

38.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hionsaithe polaitiúla ar neamhspleáchas Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine(82); á thabhairt chun suntais go raibh an Coimisinéir um Chearta an Duine criticiúil go poiblí, laistigh dá réimse freagrachta, faoi bhearta éagsúla a ghlac an rialtas reatha; á mheabhrú go bhfuil reacht an Choimisinéara um Chearta an Duine cumhdaithe i mBunreacht na Polainne agus go mbeidh deireadh ag teacht le téarma oifige an Choimisinéara um Chearta an Duine reatha i mí Mheán Fómhair 2020 á mheabhrú, de réir Bhunreacht na Polainne, gur cheart don Sejm an Coimisinéir a thoghadh le toiliú an tSeanaid;

An ceart chun triail chóir a fháil

39.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuarascálacha ina líomhnaítear go mbíonn moilleanna míchuí ar imeachtaí cúirte, go mbíonn deacrachtaí ann maidir le cúnamh dlíthiúil a rochtain le linn gabhála, agus gurb ann do chásanna nach ndéantar urraim leordhóthanach do rúndacht na cumarsáide idir an comhairleoir agus an cliant(83); á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid maidir le dlíodóirí sa Pholainn; á mheabhrú an ceart atá ag gach saoránach comhairle, cosaint agus ionadaíocht a fháil ó dhlíodóir neamhspleách i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48 den Chairt;

40.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ó tháinig Gníomh an 20 Nollaig 2019 i bhfeidhm an 14 Feabhra 2020, gurb é an Dlísheomra Urghnách amháin, a bhfuil a neamhspleáchas agus neamhchlaontacht féin i gceist, ar féidir leis a chinneadh an bhfuil breitheamh, binse nó cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta agus, dá bhrí sin, go ndéantar gné thábhachtach d’athbhreithniú breithiúnach a bhaint de shaoránaigh i ngach cás eile(84); á mheabhrú, tar éis chásdlí na Cúirte Breithiúnais, go gcuireann an ceart chun triail chóir a fháil d’oibleagáid ar gach cúirt a sheiceáil, ar a tionscnamh féin, an gcomhlíonann sí critéir an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta(85);

An ceart chun faisnéise agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear saoirse na meán agus iolrachas

41.  á athdhearbhú go bhfuil saoirse na meán agus iolrachas na meán doscartha ón daonlathas agus ón smacht reachta agus go bhfuil an ceart a chur ar an eolas agus an ceart a bheith ar an eolas mar chuid bhunúsach de luachanna daonlathacha ar a bhfuil an tAontas fothaithe; á mheabhrú, ina rún an 16 Eanáir 2020, gur iarr Parlaimint na hEorpa ar an gComhairle aghaidh a thabhairt sna héisteachtaí faoi Airteagal 7(1) CAE ar aon fhorbairtí nua i réimse na saoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear saoirse na meán;

42.  á mheabhrú, gur chuir Parlaimint na hEorpa in iúl, ina rún an 14 Meán Fómhair 2016, gur cúis bhuartha di athruithe a glacadh roimhe sin agus athruithe nuamholta ar dhlí na meán sa Pholainn; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht a glacadh maidir lena comhoiriúnacht le dlí an Aontais, go háirithe le hAirteagal 11 den Chairt agus le dlí an Aontais i dtaobh na meán poiblí;

43.  á chur in iúl gur cúis mhór buartha di na gníomhaíochtaí a rinne údaráis na Polainne le blianta beaga anuas maidir leis an gcraoltóir poiblí, lena n-áirítear an craoltóir poiblí a athmhúnlú go craoltóir atá ar son an rialtais, cosc a chur ar na meáin phoiblí agus a gcomhlachtaí rialaithe guthanna neamhspleácha agus easaontacha a léiriú agus smacht ar ábhar craoltóireachta a fheidhmiú(86); á mheabhrú le hAirteagal 54 de Bhunreacht na Polainne go ráthaítear saoirse tuairimí a nochtadh agus cuirtear cosc ar chinsireacht;

44.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an úsáid iomarcach a bhaineann roinnt polaiteoirí as cásanna clúmhillte i gcoinne iriseoirí, lena n-áirítear trí fhíneálacha coiriúla a fhorchur agus iriseoirí a fhionraí óna ngairm a fheidhmiú; á chur in iúl gurb eagal di go mbeidh éifeacht mhór dhiúltach ar lucht ghairm na hiriseoireachta agus na meán agus ar a neamhspleáchas(87); á iarraidh ar údaráis na Polainne go ndéanfaí rochtain ar leigheasanna dlí iomchuí a ráthú d’iriseoirí agus dá dteaghlaigh a thagann faoi réir cás dlí ina bhfuil sé i gceist na meáin neamhspleácha a chur ina dtost nó a imeaglú; á iarraidh ar údaráis na Polainne Moladh ó Chomhairle na hEorpa an 13 Aibreán 2016 maidir le cosaint na hiristeoireachta agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhartha meáin eile a chur chun feidhme ina iomláine(88); á chur in iúl gurb oth léi nár tháinig an Coimisiún ar reachtaíocht fhrith-SLAPP (cás dlí straitéiseach i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí) a chosnódh iriseoirí agus meáin na Polainne ó chásanna dlí cráiteacha, freisin;

45.  á chur in iúl gur chúis bhuartha di na cásanna tuairiscithe d’iriseoirí a choinneáil de bharr a bpost a dhéanamh agus iad ag tuairisciú ar agóidí frith-dianghlasála le linn eipidéim COVID-19(89);

Saoirse acadúil

46.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid agus bagairt na dlithíochta clúmhillte i gcoinne acadóirí; á iarraidh ar údaráis na Polainne saoirse cainte agus saoirse acadúil a urramú, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;(90)

47.  á iarraidh ar Pharlaimint na Polainne Caibidil 6c de Ghníomh an 18 Nollaig 1998 maidir leis an Institiúid um Chuimhneachán Náisiúnta – an Coiste le haghaidh Coireanna i gcoinne Náisiún na Polainne a Ionchúiseamh(91) – a aisghairm, ar Caibidil í lena ndéantar saoirse cainte agus taighde neamhspleách a chur i gcontúirt trí chion sibhialta atá inghníomhaithe os comhair cúirteanna sibhialta a dhéanamh de dhochar a dhéanamh do chlú na Polainne agus a pobail, amhail trí aon chomhpháirteachas san Uileloscadh a chur i leith na Polainne nó na bPolannach(92);

Saoirse comhthionóil

48.  á iarraidh an athuair ar rialtas na Polainne an ceart chun saoirse comhthionóil a urramú trí na forálacha lena dtugtar tosaíocht do thionóil ‘thimthriallacha’(93) arna bhformheas ag an rialtas a bhaint den Ghníomh reatha amhail an 24 Iúil 2015 maidir le comhthionóil phoiblí(94), arna leasú an 13 Nollaig 2016(95); á áitiú ar údaráis na Polainne staonadh ó smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhíonn rannpháirteach i gcomhthionóil shíochánta nó i bhfrithléirsithe agus á áitiú orthu cúisimh choiriúla i gcoinne agóideoirí síochánta a tharraingt siar; á áitiú ar údaráis na Polainne, de bhreis air sin, chun comhthionóil shíochánta a chosaint go leormhaith agus iad siúd a dhéanann ionsaí go foréigneach ar dhaoine a ghlacann páirt i gcomhthionóil shíochánta a thabhairt faoi réim an cheartais;

49.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an toirmeasc an-sriantach ar chomhthionóil phoiblí(96) a bhí i bhfeidhm i rith phaindéim COVID-19 gan staid tubaiste nádúrtha a thabhairt isteach mar a leagtar síos in Airteagal 232 de Bhunreacht na Polainne agus ag áitiú ar an ngá atá le prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus srian a chur ar an gceart chun tionóil;

Saoirse comhlachais

50.  á iarraidh ar údaráis na Polainne an Gníomh an 15 Meán Fómhair 2017 maidir leis an Institiúid Náisiúnta um Shaoirse - Ionad um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta(97),(98) a mhodhnú, chun rochtain ar chistiú stáit do ghrúpaí ríthábhachtacha na sochaí sibhialta ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, agus dáileadh cóir, neamhchlaonta agus trédhearcach cistí poiblí ar an tsochaí shibhialta a áirithiú, rud lena n-áiritheofar ionadaíocht iolraíoch(99); á iarraidh an athuair ar chistiú leormhaith a chur ar fáil do na heagraíochtaí lena mbaineann trí ionstraimí cistiúcháin éagsúla ar an leibhéal Eorpach, amhail sraith luachanna an Aontais den Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus treoirthionscadail an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil Comhaltaí na Polainne de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar bhrú polaitiúil do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chúram a sainorduithe(100);

51.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an preasráiteas ón Aire Dlí agus Cirt agus ón Aire Comhshaoil i ndáil le heagraíochtaí neamhrialtasacha ar leith, leis an aidhm míchlú a tharraingt orthu as bheith ag saothrú ar mhaithe le leasanna gníomhaithe eachtracha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tionscadal atá beartaithe maidir le dréachtdlí i dtaca le clár poiblí ar mhaoiniú eagraíochtaí neamhrialtasacha a chruthú lena gcuirtear d’oibleagáid orthu aon fhoinsí eachtracha maoinithe a dhearbhú(101);

Príobháideacht agus cosaint sonraí

52.  ag cur a conclúide in iúl an athuair a leagtar amach ina rún an 14 Meán Fómhair 2016 nach bhfuil na coimircí nós imeachta agus coinníollacha ábhartha a leagtar síos i nGníomh an 10 Meitheamh 2016 maidir le gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta agus i nGníomh an 6 Aibreán 1990 maidir leis na póilíní(102), arna leasú, le haghaidh chur chun feidhme faireachais rúnda leordhóthanach chun a úsáid iomarcach nó cur isteach gan údar ar phríobháideachas agus cosaint sonraí daoine aonair a chosc, lena n-áirítear an freasúra agus ceannairí na sochaí sibhialta(103); á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin maidir lena comhoiriúnacht le Dlí an Aontais, agus á áitiú ar údaráis na Polainne príobháideachas na saoránaigh uile a urramú go hiomlán;

53.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur aistrigh Aireacht Gnóthaí Digiteacha na Polainne sonraí pearsanta ón gCóras Leictreonach Uilíoch do Chlárú an Daonra (an ‘clár PESEL’ anseo feasta) go dtí an t-oibritheoir poist an 22 Aibreán 2020, chun eagrú an toghcháin uachtaránachta an 10 Bealtaine 2020 trí phostbhallóid a éascú, gan an bunús dlí ceart chun é sin a dhéanamh, ós rud é nár ghlac parlaimint na Polainne le bille ag ceadú do thoghchán atá go hiomlán tríd an bpost go dtí an 7 Bealtaine 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach comhionann clár PESEL agus an clár toghthóirí agus, freisin, le clár PESEL áirítear sonraí pearsanta saoránach ó Bhallstáit eile, agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh an t-aistriú thuasluaite a bheith ina shárú féideartha ar Rialachán (AE) 2016/679; á mheabhrú gur luaigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go bhféadfadh udaráis phoiblí faisnéis faoi dhaoine aonair atá ar liostaí na dtoghthóirí a nochtadh, ach amháin nuair atá sé údaraithe go sonrach ag dlí náisiúnta(104); ag tabhairt dá haire gur rinne Coimisinéir na Polainne um Chearta an Duine gearán leis an gCúirt Riaracháin Chúigeach i Vársá ar bhonn shárú féideartha ar Airteagail 7 agus 51 de Bhunreacht na Polainne ag Aireacht Gnóthaí Digiteacha na Polainne;

Oideachas cuimsitheach gnéasachta;

54.  á chur in iúl an athuair, mar a rinne sí cheana ina rún an 14 Samhain 2019, gur cúis mhór bhuartha di, agus gur cúis mhór bhuartha do Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine(105), an dréacht-dlí lena leasaítear Airteagal 200b de Chód Pionósach na Polainne, a tíolacadh leis an tionscnamh ‘Cuir Deireadh le Péidifilia’, mar gheall ar na forálacha an-doiléire, an-leathana agus an-neamhréireacha atá ann, lena bhféachtar, de facto, le scaipeadh an ghnéasoideachais do mhionaoisigh a choiriúlú, rud a bhféadfadh sé go mbeadh a raon feidhme ina bhagairt ar gach duine, go háirithe tuismitheoirí, múinteoirí agus gnéasoideoirí, agus téarma príosúnachta suas le trí bliana á ghearradh as bheith ag múineadh faoi ghnéasacht an duine, faoin tsláinte agus faoi dhlúthchaidrimh;

55.  á chur i bhfáth go bhfuil oideachas gnéasachta agus caidrimh atá cuimsitheach, oiriúnach ó thaobh aoise de agus fianaise-bhunaithe ríthábhachtach chun scileanna daoine óga a thógáil chun caidrimh fholláine, chomhionanna, chothaitheacha agus shábháilte a chruthú, ar caidrimh iad atá saor ó idirdhealú, ó chomhéigean agus ó fhoréigean; á chreidiúint go bhfuil tionchar dearfach, freisin, ag oideachas gnéasachta atá cuimsitheach ar thorthaí a bhaineann le comhionannas inscne, lena n-áirítear trí noirm agus dearcthaí díobhálacha inscne a athrú ó bhonn i leith foréigin inscnebhunaithe, lena gcuidítear cosc a chur ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh agus ar chomhéigean gnéis, ar homafóibe agus ar trasfóibe, labhairt amach faoi fhoréigean gnéasach, teacht i dtír nó mí-úsáid ghnéasach, agus cumhacht a thabhairt do dhaoine óga chun cabhair a lorg; á iarraidh ar Pharlaimint na Polainne staonadh ón dréacht-dlí atá beartaithe arna leasú Airteagal 200b de Chód Pionósach na Polainne agus á iarraidh go láidir ar údaráis na Polainne rochtain ar oideachas gnéasachta atá cuimsitheach, fianaise-bhunaithe agus cruinn do leanaí scoile uile a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus go dtacófar leo siúd a sholáthraíonn oideachas agus faisnéis den sórt sin ar bhealach fíorasach agus oibiachtúil;

Sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe

56.  á mheabhrú, i gcomhréir leis an gCairt, leis an ECHR agus le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, go mbaineann sláinte ghnéis agus atáirgthe na mban le hiliomad de chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun beatha agus dínit, saoirse ó íde atá mídhaonna agus táireach, an ceart chun rochtain ar chúram sláinte, an ceart chun príobháideachais, an ceart chun oideachais agus toirmeasc ar idirdhealú, mar a léirítear i mBunreacht na Polainne, freisin; á mheabhrú gur cháin Parlaimint na hEorpa go láidir ina rún an 15 Samhain 2017, aon togra reachtach lena ndéanfaí ginmhilleadh a chosc i gcásanna dianlagaithe nó lagaithe féatais, rud a chuirfeadh teorainn ollmhór nó cosc beagnach go hiomlán ó thaobh na praiticiúlachta de ar rochtain ar chúram ginmhillte sa Pholainn ós rud é gur ar an bhforas sin a dhéantar an chuid is mó de ghinmhilltí dleathacha(106), agus leagadh béim ar an bhfíoras gur ceart bunúsach de chuid an duine í rochtain uilíoch ar chúram sláinte, lena n-áirítear cúram sláinte gnéis agus atáirgthe agus na cearta bainteacha(107); á chur in iúl gurb oth léi na leasuithe atá molta(108) ar an Gníomh an 5 Nollaig 1996 maidir le dochtúirí agus fiaclóirí(109), faoi nach mbeadh dualgas dlíthiúil ar dhochtúirí a thuilleadh saoráid nó cleachtóir eile a chur in iúl i gcás seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe a dhiúltú mar gheall ar chreideamh pearsanta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid an chlásail choinsiasa, lena n-áirítear easnamh sásraí atreoraithe iontaofa agus easpa achomharc tráthúil do mhná a ndiúltaítear seirbhísí den sórt sin dóibh; á iarraidh ar Pharlaimint na Polainne staonadh ó aon iarrachtaí eile a dhéanamh chun srian a chur ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe na mban; á athdhearbhú go láidir gur cineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní is ea séanadh na seirbhísí agus cearta sláinte gnéis agus atáirgthe; á iarraidh ar údaráis na Polainne bearta a dhéanamh chun go gcuirfí na breithiúnais a thug Cúirt Eorpach um Chearta an Duine i gcásanna i gcoinne na Polainne chun feidhme go hiomlán, ar cúirt í a rialaigh roinnt mhaith uaireanta go ndéanann dlíthe sriantacha maidir le ginmhilleadh agus easpa cur chun feidhme cearta an duine do mhná a shárú(110);

57.  á mheabhrú, maidir le hiarrachtaí roimhe seo chun an ceart chun ginmhillte a theorannú tuilleadh, ar cheart é a bhfuil an Pholainn ar cheann na tíortha is mó ina bhfuil sé srianta, gur cuireadh stop leis na hiarrachtaí sin in 2016 agus in 2018 mar thoradh ar chur i gcoinne na n-iarrachtaí sin ag líon mór saoránach de chuid na Polainne, mar a cuireadh in iúl é sna ‘Mórshiúlta Dubha’; á iarraidh go láidir go mbreathnódh udaráis na Polainne ar an dlí lena gcuirtear teorainn ar rochtain na mban agus na gcailíní ar an bpiollaire frithghiniúnach éigeandála a aisghairm;

Fuathchaint, idirdhealú poiblí, foréigean i gcoinne na mban, foréigean baile agus iompar éadulangach i gcoinne mionlach agus grúpaí leochaileacha eile, lena n-áirítear daoine LADTI

58.  ag tathant ar údaráis na Polainne na bearta is gá a dhéanamh chun dul i ngleic go láidir le fuathchaint chiníoch agus gríosú chun foréigin, ar líne agus as líne, agus fuathchaint chiníoch ó phearsanra poiblí, lena n-áirítear polaiteoirí agus oifigigh na meán(111), a cháineadh go poiblí agus fanacht amach ón gcaint sin, chun aghaidh a thabhairt ar chlaontachtaí agus dearcthaí diúltacha do mhionlaigh náisiúnacha agus eitneacha (Romacha san áireamh), imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn agus chun go n-áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach na ndlíthe a chuireann cosc ar pháirtithe nó eagraíochtaí a dhéanann idirdhealú ciníoch a chur chun cinn nó a ghríosú(112); á iarraidh ar údaráis na Polainne go gcomhlíonfar le moltaí 2019 ó Choiste na Náisiún Aontaithe maidir le Deireadh a chur le hIdirdhealú Ciníoch(113);

59.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cinneadh(114) ó Leas-Aire Dlí agus Cirt na Polainne le déanaí tús oifigiúil a chur le tarraingt siar na Polainne ó Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) a shéanadh; á mholadh d’údaráis na Polainne cur i bhfeidhm praiticiúil agus éifeachtach a thabhairt don Choinbhinsiún sin, lena n-áirítear trí chur i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann cheana ar fud na tíre a áirithiú, agus trí líon agus cáilíocht leordhóthanach d’ionaid dídine a sholáthar do mhná arb íospartaigh foréigin iad agus dá leanaí á chur in iúl go bhfuil eagla uirthi go bhféadfadh sé gur buille mór don chomhionannas inscne agus do cearta na mban a bheadh sa chéim sin;

60.  ag tabhairt dá haire go dtugann Suirbhé II LADTI, mí na Bealtaine 2020, a rinne an Ghníomhaireacht um Cheart Bunúsacha, chun suntais an méadú atá tagtha ar an éadulaingt agus ar an bhforéigean sa Pholainn i gcoinne daoine LADTI nó i gcoinne daoine a mheastar gur daoine LADTI iad agus easpa iomlán creidimh na bhfreagróirí LADTI ón bPolainn i gcomhrac an rialtais i gcoinne na claontachta agus na héadulaingthe, lena ndéantar taifead ar an gcéatadán is ísle ar fud an Aontais (gan ach 4 % ann), agus an céatadán is airde freagróirí a sheachnaíonn áiteanna áirithe ar eagla go ndéanfaí iad a ionsaí, a chiapadh nó a bhagairt (79 %);

61.  á mheabhrú, i gcomhthéacs an fheachtas uachtaránachta 2020 freisin, a seasamh mar a léirítear ina rún an 18 Nollaig 2019, lena gcáintear aon idirdhealú i gcoinne daoine LADTI agus sárú ar a gcearta bunúsacha ag na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear fuathchaint ó údaráis phoiblí agus ó oifigigh thofa, an cosc ar mhórshiúlta Pride, agus cosaint neamhleor ar ionsaithe ina leith, agus ar chláir múscailte feasachta, na dearbhuithe go raibh limistéir sa Pholainn saor ó ‘idé-eolaíocht LADT’ mar a thugtar uirthi agus glacadh na ‘gCairteacha Réigiúnacha um Chearta Teaghlaigh’, lena ndéantar idirdhealú go háirithe i gcoinne teaghlaigh aontuismitheora agus LADTI; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa feabhais tagtha ar staid daoine LADTI sa Pholainn ó glacadh an rún sin agus go bhfuil meabhairshláinte agus sábháilteacht fhisiciúil daoine LADTI na Polainne go háirithe i mbaol; á mheabhrú an cáineadh ar ghníomhaíochtaí den sórt seo ó Choimisinéir um Chearta an Duine na Polainne, a rinne naoi ngearán leis na cúirteanna riaracháin ag áitiú go bhfuil na limistéir atá saor ó LADTI ag sárú dlí an Aontais, ón gCoimisiún agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta; á mheabhrú nár cheart caiteachas faoi na cistí comhtháthaithe idirdhealú bunaithe ar an treoshuíomh gnéasach a dhéanamh agus gur cheart do bhardais atá ag gníomhú mar fhostóirí Treoir 2000/78/CE ón gComhairle(115) a urramú, ar treoir í a chuireann cosc ar idirdhealú agus ciapadh ar fhorais an treoshuímh ghnéasaigh(116); i bhfianaise an mhéid sin, á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt tacaíocht airgeadais do na bardais sin a eisíodh ó chlár nasctha na hEorpa toisc gur glacadh dearbhuithe ‘limistéir atá saor ó LADT’; ina theannta sin, is ábhar mór imní di go ndeonófar tacaíocht airgeadais ó Chiste Dlí agus Cirt na hAireachta, a cruthaíodh chun tacú le híospartaigh coireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’iarratais ar chistiú ón Aontas a dhiúltú ó údaráis a ghlac na rúin sin; á iarraidh ar údaráis na Polainne cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme agus sa chomhthéacs sin aghaidh a thabhairt ar staid céilí agus tuismitheoirí comhghnéis d’fhonn a áirithiú a gceart chun neamh-idirdhealaithe i dlí agus i bhfíoras(117); ag cáineadh na cásanna dlí i gcoinne ghníomhaithe na sochaí sibhialta a d’fhoilsigh ‘Atlas an Fhuatha’ mar a thugtar air a dhéanann cásanna homafóibe sa Pholainn a dhoiciméadú; á iarraidh go láidir ar rialtas na Polainne cosaint dlí do dhaoine LADTI i gcoinne cineálacha fuathchoireachta agus fuathchainte uile a áirithiú;

62.  á chur in iúl gur saoth léi go mór ollghabháil 48 ngníomhaí LADTI, “Stonewall na Polainne”, an 7 Lúnasa 2020, ar comhartha imní é maidir leis an tsaoirse cainte agus tionóla sa Pholainn; á chur in iúl gur saoth léi an chaoi ar caitheadh le daoine faoi choinneáil, mar a tuairiscíodh sa Sásra Coisctheach Náisiúnta chun Céastóireacht a Chosc(118); á iarraidh go ndéanfaidh gach institiúid Eorpach foréigean póilíneachta i gcoinne daoine LADTI sa Pholainn a cháineadh láithreach;

63.  á chur in iúl gur saoth go mór léi seasamh oifigiúil(119) Easpagóideacht na Polainne lena n-iarrtar “teiripe tiontaithe” do dhaoine LGBTI; ag athdhearbhú sheasamh na Parlaiminte(120) lena spreagtar na Ballstáit chun cleachtais den sórt sin a choiriúlú agus á mheabhrú gur ann do thuarascáil Bhealtaine 2020 ó Shaineolaí Neamhspleách na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint i gcoinne foréigin agus idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne, ina n-iarrtar ar na Ballstáit toirmisc ar chleachtais “ teiripe tiontaithe”(121) a ghlacadh;

****

64.  á thabhairt dá haire go bhfuil difear á dhéanamh cheana ag easpa neamhspleáchais na mbreithiúna sa Pholainn ar iontaoibh fhrithpháirteach idir an Pholainn agus Ballstáit eile, go háirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla; ós rud é gur dhiúltaigh cúirteanna náisiúnta nó go raibh siad idir dhá chomhairle faoi amhrastaigh Pholannacha a thabhairt suas faoi nós imeachta an Bharántais Gabhála Eorpaigh mar gheall ar amhras domhain faoi neamhspleáchas breithiúna na Polainne; á mheas gur tromchúiseach go háirithe í an bhagairt ar aonfhoirmeacht dlí an Aontais atá i meath an smacht reachta sa Pholainn á chur i bhfios nach féidir an iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit a athbhunú ach amháin nuair a áiritheofar go bhfuil na luachanna chumhdaítear in Airteagal 2 CAE á n-urramú;

65.  á iarraidh ar rialtas na Polainne na forálacha uile a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí, sa Chairt, in ECHR agus sna caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine a chomhlíonadh, agus dul i mbun idirphlé ionraic leis an gCoimisiún; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hidirphlé den sórt sin a dhéanamh ar bhealach neamhchlaonta, fianaise-bhunaithe agus comhoibritheach; á iarraidh ar rialtas na Polainne chun comhoibriú leis an gCoimisiún de bhun phrionsabal an chomhair dhílis mar a leagtar amach sa CAE; á iarraidh ar rialtas na Polainne rialuithe na Cúirte Breithiúnais a chur chun feidhme go mear agus go hiomlán agus tosaíocht dhlí an Aontais a urramú; ag tathant ar rialtas na Polainne aird iomlán a thabhairt ar mholtaí Choimisiún na Veinéise maidir le heagrú an chórais ceartais, lena n-áirítear nuair atá tuilleadh leasuithe á ndéanamh ar an gCúirt Uachtarach;

66.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún staonadh ó phrionsabal an smacht reachta a léirmhíniú go róchúng, agus chun lánacmhainneacht a bhaint as an nós imeachta faoi Airteagal 7(1) CAE trí aghaidh a thabhairt ar impleachtaí gníomhaíochta rialtas na Polainne do na prionsabail uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear an daonlathas agus cearta bunúsacha mar a léirítear sa tuarascáil seo;

67.  á iarraidh ar an gComhairle tús a chur an athuair leis na héisteachtaí foirmiúla - ar tionóladh an ceann deireanach díobh chomh fada siar le mí na Nollag 2018 - a luaithe is féidir agus chun gach ceann de na forbairtí is déanaí agus de na forbairtí móra diúltacha a áireamh i réimsí an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach; ag tathant ar an gComhairle gníomhú faoi dheireadh faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE trína chinneadh go bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaidh Poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, ós rud é go bhfuil faisnéis dhobhréagnaithe ann gurb amhlaidh an cás mar a léirítear sa rún seo agus san oiread sin tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha, i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais agus i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus i dtuarascálacha ó eagraíochtaí sochaí sibhialta; á mholadh go láidir go ndéanfadh an Chomhairle aghaidh a thabhairt ar mholtaí nithiúla don Pholainn, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) CAE, mar obair iardain i leith na n-éisteachtaí, agus go ndéanfadh sí spriocdhátaí a léiriú le haghaidh chur chun feidhme na moltaí sin; á iarraidh, thairis sin, ar an gComhairle gealltanas a thabhairt chun cur chun feidhme na moltaí sin a mheasúnú go tráthúil; á iarraidh ar an gComhairle leanúint de Pharlaimint na hEorpa a choimeád ar an eolas go rialta agus dlúthbhaint a choimeád aici lena bhfuil air siúl agus oibriú ar bhealach trédhearcach, chun lamháil do rannpháirtíocht agus maoirseacht fhónta ó na hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha uile agus ó eagraíochtaí sochaí sibhialta;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún lán-úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dó, chun aghaidh a thabhairt ar riosca soiléir go ndéanfaidh an Pholainn sárú tromchúiseach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe nósanna imeachta brostaithe um shárú agus iarratais ar bhearta idirthréimhseacha os comhair na Cúirte Breithiúnais, chomh maith le huirlisí buiséadacha; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de Pharlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas agus dlúthbhaint a choinneáil aici lena bhfuil ar siúl;

o
o   o

69.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an Uachtarán, chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht na Polainne, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

(1) IO C 104 E, 30.4.2004, lch. 408.
(2) COM(2003)0606.
(3) COM(2014)0158.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2016)0123.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2016)0344.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0442.
(7) IO L 217, 12.8.2016, lch. 53.
(8) IO L 22, 27.1.2017, lch. 65.
(9) IO L 228, 2.9.2017, lch. 19.
(10) IO L 17, 23.1.2018, lch. 50.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0055.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0058.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0101.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0032.
(15) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0204.
(16) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0014.
(17) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(18) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2016)0409.
(19) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0111.
(20) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0080.
(21) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0349.
(22) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0407.
(23) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 24 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Pholainn, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Samhain 2019, an Coimisiún v an Pholainn, C-192/18, ECLI:EU:C:2019:924.
(24) COM(2017)0835.
(25) Ustawa z dnia 22 grudnia 2015 r. o zmianie ustawy o Trybunale Konstytucyjnym (Dz.U. 2015 poz. 2217).
(26) Ustawa z dnia 22 lipca 2016 r. o Trybunale Konstytucyjnym (Dz.U. 2016 poz. 1157).
(27) Breithiúnas ón mBinse Bunreachtúil an 9 Márta 2016, K 47/15.
(28) Breithiúnas ón mBinse Bunreachtúil an 11 Lúnasa 2016, K 39/16.
(29) Breithiúnas ón mBinse Bunreachtúil an 7 Samhain 2016, K 44/16.
(30) Féach an Tuairim ó Choimisiún na Veinéise an 14 Deireadh Fómhair 2016 i ndáil le Dlí an 22 Iúil 2016 maidir leis an mBinse Bunreachtúil, Tuairim uimh. 860/2016, mír 127; Togra Réasúnaithe ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017, míreanna 91 agus ar lean.
(31) Ustawa z dnia 30 grudnia 2015 r. o zmianie ustawy o służbie cywilnej oraz niektórych innych ustaw (Dz.U. 2016 poz. 34).
(32) Ustawa z dnia 15 stycznia 2016 r. o zmianie ustawy o Policji oraz niektórych innych ustaw (Dz.U. 2016 poz. 147).
(33) Ustawa z dnia 28 stycznia 2016 r. Prawo o prokuraturze (Dz.U. 2016 poz. 177).
(34) Ustawa z dnia 28 stycznia 2016 r. Przepisy wprowadzające ustawę - Prawo o prokuraturze (Dz.U. 2016 poz. 178).
(35) Ustawa z dnia 18 marca 2016 r. o zmianie ustawy o Rzeczniku Praw Obywatelskich oraz niektórych innych ustaw (Dz.U. 2016 poz. 677).
(36) Ustawa z dnia 22 czerwca 2016 r. o Radzie Mediów Narodowych (Dz.U. 2016 poz. 929).
(37) Ustawa z dnia 10 czerwca 2016 r. o działaniach antyterrorystycznych (Dz.U. 2016 poz. 904).
(38) Féach Togra Réasúnaithe ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017, míreanna 112-113.
(39) ENCJ, Dearbhú Vársá an 3 Meitheamh 2016.
(40) ESCE/ODIHR, Ráiteas maidir le Réamhthorthaí agus Conclúidí tar éis a Misin Theoranta Breathnóireachta Toghchán, 14 Deireadh Fómhair 2019.
(41) ESCE/ODIHR, Tuarascáil Deiridh ón Misean Teoranta Breathnóireachta Toghchán maidir le toghcháin pharlaiminteacha an 13 Deireadh Fómhair 2019, Vársá, 14 Feabhra 2020.
(42) ESCE/ODIHR, Misean Speisialta Measúnaithe Toghchán, Ráiteas maidir le réamhthorthaí agus conclúidí i dtaca leis an dara babhta toghchán uachtaránachta an 12 Iúil 2020, Vársá, 13 Iúil 2020.
(43) Coimisiún na Veinéise, Tuairim an 8-9 Nollaig 2017, CDL-AD(2017)031, mír 43; Moladh (AE) 2018/103 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn atá ina chomhlánú ar Mholtaí (AE) 2016/1374, (AE) 2017/146 agus (AE) 2017/1520 (IO L 17, 23.1.2018, lch. 50), mír 25.
(44) Coimisiún na Veinéise, CDL-AD (2002) 23, Tuairim uimh. 190/2002, Cód dea-chleachtais maidir le hábhair thoghcháin. Treoirlínte agus tuarascáil mhínitheach, 30 Deireadh Fómhair 2002; Féach, freisin, Coimisiún na Veinéise, CDL-PI(2020)005rev-e, Tuarascáil ar Urraim don Daonlathas, do Chearta an Duine agus don Smacht Reachta le linn Staideanna Éigeandála - Ábhair Mhachnaimh, lch. 23.
(45) Féach, freisin, ESCE/ODIHR, Tuairim ar an dréachtghníomh maidir le rialacha speisialta i ndáil le holltoghchán Uachtarán Phoblacht na Polainne arna ordú in 2020 a sheoladh (Páipéar Seanaid Uimh. 99), 27 Aibreán 2020.
(46) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(47) Ustawa z dnia 30 listopada 2016 r. o organizacji i trybie postępowania przed Trybunałem Konstytucyjnym (Dz.U. 2016 poz. 2072); ustawa z dnia 30 listopada 2016 r. o statusie sędziów Trybunału Konstytucyjnego (Dz.U. 2016 poz. 2073); Ustawa z dnia 13 grudnia 2016 r. - Przepisy wprowadzające ustawę o organizacji i trybie postępowania przed Trybunałem Konstytucyjnym oraz ustawę o statusie sędziów Trybunału Konstytucyjnego (Dz.U. 2016 poz. 2074).
(48) Coimisiún na Veinéise, Tuairim an 14-15 Deireadh Fómhair 2016, mír 128; Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Breithnithe deiridh maidir leis an seachtú tuarascáil thréimhsiúil faoin bPolainn, 31 Deireadh Fómhair 2016, míreanna 7 -8; Moladh (AE) 2017/1520 ón gCoimisiún.
(49) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Samhain 2019, A.K. agus Eile v Sąd Najwyższy, C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, ECLI:EU:C:2019:982.
(50) Ustawa z dnia 20 grudnia 2019 r. o zmianie ustawy - Prawo o ustroju sądów powszechnych, ustawy o Sądzie Najwyższym oraz niektórych innych ustaw (Dz.U. 2020 poz. 190).
(51) Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, CDL-PI(2020)002, míreanna 51-55.
(52) Féach Togra Réasúnaithe ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017, COM(2017)0835, mír 133. Féach freisin ESCE-ODIHR, Tuairim ar Fhorálacha Áirithe den Dréacht-Ghníomh maidir le Cúirt Uachtarach na Polainne (amhail ón 26 Meán Fómhair 2017), 13 Samhain 2017, lch. 33.
(53) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 24 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Pholainn, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531.
(54) Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Nollaig 2018, an Coimisiún v an Pholainn, C-619/18, ECLI:EU:C:2018:1021.
(55) Ustawa z dnia 21 listopada 2018 r. o zmianie ustawy o Sądzie Najwyższym (Dz.U. 2018 poz. 2507).
(56) ESCE/ODIHR, Tuairim an 13 Samhain 2017, lgh. 7-20; Coimisiún na Veinéise, Tuairim an 8-9 Nollaig 2017, mír 43; Moladh (AE) 2018/103 ón gCoimisiún, mír 25; GRECO, Aguisín a ghabhann leis an gCeathrú Babhta de Tuarascáil Mheastóireachta ar an bPolainn (Riail 34) an 18-22 Meitheamh 2018, mír 31; Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, mír 8.
(57) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Samhain 2019, A.K. agus Eile v Sąd Najwyższy, C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, ECLI:EU:C:2019:982.
(58) Breithiúnas ón gCúirt Uachtarach an 5 Nollaig 2019, III PO 7/19.
(59) Rún ó Sheomraí Comhpháirteacha Sibhialta, Coiriúla agus Saothair na Cúirte Uachtaraí an 23 Eanáir 2020, BSA I-4110-1/2020.
(60) Breithiúnas ón mBinse Bunreachtúil an 20 Aibreán 2020, U 2/20.
(61) Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, mír 38.
(62) Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, mír 38.
(63) Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn, C-791/19 R, ECLI:EU:C:2020:277.
(64) Ustawa z dnia 8 grudnia 2017 r. o zmianie ustawy o Krajowej Radzie Sądownictwa oraz niektórych innych ustaw (Dz.U. 2018 poz. 3).
(65) Comhairle Chomhairleach na mBreithiúna Eorpacha, Tuairimí ón mBiúró an 7 Aibreán 2017 agus an 12 Deireadh Fómhair 2017; ESCE/ODIHR, Tuairim Dheiridh ar Dhréacht-Leasuithe ar an nGníomh maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, 5 Bealtaine 2017; Coimisiún na Veinéise, Tuairim an 8-9 Nollaig 2017, lgh. 5-7; GRECO, Tuarascáil ad hoc ar an bPolainn (Riail 34) an 19-23 Márta 2018 agus Aguisín an 18-22 Meitheamh 2018; Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, míreanna 42 agus 61.
(66) Cinneadh ón gCúirt Uachtarach an 15 Eanáir 2020, III PO 8/18. Cinneadh ón gCúirt Uachtarach an 15 Eanáir 2020, III PO 9/18.
(67) Ar an ábhar sin, féach, freisin, na cásanna seo a leanas atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine: Reczkowicz agus beirt Eile v. an Pholainn (iarratas Uimh. 43447/19, 49868/19 agus 57511/19), Grzęda v. an Pholainn (uimh. 43572/18), Xero Flor w Polsce sp. z o.o. V. an Pholainn (uimh. 4907/18), Broda v. an Pholainn agus Bojara v. an Pholainn (uimh. 26691/18 agus 27367/18), Żurek v. an Pholainn (uimh. 39650/18) agus Sobczyńska agus Eile v. an Pholainn (uimh. 62765/14, 62769/14, 62772/14 agus 11708/18).
(68) ENCJ, Litir an 21 Feabhra 2020 ó Bhord Feidhmiúcháin ENCJ. Féach freisin litir an 4 Bealtaine 2020 ó Chomhlachas Eorpach na mBreithiúna ag tacú le ENCJ.
(69) Ustawa z dnia 12 maja 2011 r. o Krajowej Radzie Sądownictwa (Dz.U. 2011 nr 126 poz. 714).
(70) Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, mír 45.
(71) Féach freisin Comhairle na hEorpa, Biúró Chomhairle Chomhairleacha na mBreithiúna Eorpacha (CCJE-BU), CCJE-BU(2018)6REV, 18 Meitheamh 2018.
(72) Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, míreanna 46 go 50.
(73) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Samhain 2019, an Coimisiún v an Pholainn, C-192/18, ECLI:EU:C:2019:924.
(74) Ustawa z dnia 12 lipca 2017 r. o zmianie ustawy - Prawo o ustroju sądów powszechnych oraz niektórych innych ustaw (Dz.U. 2017 poz. 1452).
(75) ESCE/ODIHR, Tuairim Eatramhach Phráinneach ar an mBille lena Leasaítear an Gníomh maidir le hEagrú na gCúirteanna Coiteanna, an Gníomh maidir leis an gCúirt Uachtarach agus Gníomhartha Áirithe Eile de chuid na Polainne (amhail ón 20 Nollaig 2019), 14 Eanáir 2020, lgh. 23-26; Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, míreanna 44-45.
(76) ESCE/ODIHR, Tuairim Eatramhach Phráinneach, 14 Eanáir 2020, lgh. 18-21; Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, míreanna 24-30;
(77) Teachtaireacht ó Leas-Ionchúisitheoir Araíonachta Bhreithiúna na gCúirteanna Coiteanna, Iúil 2020,.http://rzecznik.gov.pl/wp-content/uploads/2020/07/KomunikatFWS.pdf.
(78) ESCE/ODIHR, Tuairim Eatramhach Phráinneach, 14 Eanáir 2020, lgh. 13-17; Coimisiún na Veinéise agus DGI Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpháirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, míreanna 31-43.
(79) Ustawa z dnia 27 lipca 2001 r. Prawo o ustroju sądów powszechnych (Dz.U. 2001 nr 98 poz. 1070).
(80) Tuairim ó Choimisiún na Veinéise an 8-9 Nollaig 2017 i dtaca leis an nGníomh maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí, arna leasú, CDL-AD(2017)028, mír 115.
(81) Moladh (AE) 2018/103 ón gCoimisiún; Na Náisiúin Aontaithe, Rapóirtéir Speisialta maidir le neamhspleáchas breithiúna agus dlíodóirí, Ráiteas an 25 Meitheamh 2018; An Coimisiún Eorpach, Seimeastar Eorpach 2019: Tuarascáil tíre - an Pholainn, an 27 Feabhra 2019, SWD(2019)1020 final, lch. 42; Uachtaráin Ghréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Uachtaracha den Aontas Eorpach agus Comhlachas na mBreithiúna Eorpacha, litir an 20 Meán Fómhair 2019; GRECO, Obair leantach ar an Aguisín a ghabhann leis an gCeathrú Babhta de Thuarascáil Mheastóireachta (riail 34) – an Pholainn, 6 Nollaig 2019, mír 65; PACE, Rún 2316 (2020) an 28 Eanáir 2020 maidir le feidhmiú institiúidí daonlathacha sa Pholainn, mír 4.
(82) Féach, freisin, Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, Litir chuig Príomh-Aire na Polainne, 19 Eanáir 2018; Ráiteas Comhpháirteach ag Tacú le Coimisinéir um Chearta an Duine na Polainne, sínithe ag ENNHRI, Equinet, GANHRI, IOI, OHCHR na hEorpa, Meitheamh 2019.
(83) Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (HRC), Breithnithe deiridh maidir leis an seachtú tuarascáil thréimhsiúil faoin bPolainn, 23 Samhain 2016, mír 33.
(84) Coimisiún na Veinéise agus DGI de Chomhairle na hEorpa, Tuairim Chomhpáirteach Phráinneach an 16 Eanáir 2020, mír 59.
(85) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Márta 2020, Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún, Cásanna Uamtha Cás C-542/18 RX-II agus C-543/18 RX-II, ECLI:EU:C:2020:232, mír 57.
(86) Féach, freisin, an tInnéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa, ar dá réir go bhfuil an Pholainn tar éis titim ón 18ú háit go dtí an 62ú háit sa rangú ó 2015.
(87) Ardán Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint Iriseoireachta agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chur Chun Cinn, Tuarascáil Bhliantúil 2020, Márta 2020, lch. 42.
(88) Comhairle na hEorpa, Moladh CM/Rec(2016)4 an 13 Aibreán 2016 ó Choiste na nAirí do na Ballstáit maidir le cosaint iriseoireachta agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhartha meán eile.
(89) Rianaire Institiúid Idirnáisiúnta an Phreasa (IPI) maidir le Sáruithe ar Shaoirse an Phreasa Nasctha le Tuairisciú COVID-19, https://ipi.media/covid19-media-freedom-monitoring/.
(90) Comhairle na hEorpa, Eagraíocht na Stát Meiriceánach et al., Dearbhú an Fhóraim Dhomhanda maidir le Saoirse Acadúil, Neamhspleáchas Institiúideach agus Todhchaí an Daonlathais, an 21 Meitheamh 2019
(91) Ustawa z dnia 18 grudnia 1998 r. o Instytucie Pamięci Narodowej - Komisji Ścigania Zbrodni przeciwko Narodowi Polskiemu (Dz.U. 1998 nr 155 poz. 1016).
(92) Féach, freisin, an Ráiteas an 28 Meitheamh 2018 ó Ionadaí ESCE maidir le Saoirse na Meán.
(93) Féach, freisin, Teachtaireacht an 23 Aibreán 2018 ó Shaineolaithe na Náisiún Aontaithe ag tathant ar an bPolainn rannpháirtíocht shaor agus iomlán ag cainteanna aeráide a áirithiú.
(94) Ustawa z dnia 24 lipca 2015 r. - Prawo o zgromadzeniach (Dz.U. 2015 poz. 1485).
(95) Ustawa z dnia 13 grudnia 2016 r. o zmianie ustawy - Prawo o zgromadzeniach (Dz.U. 2017 poz. 579).
(96) Coimisinéir na Polainne um Chearta an Duine, litir chuig an Aireacht Gnóthaí Baile agus Riaracháin, an 6 Bealtaine 2020.
(97) Ustawa z dnia 15 września 2017 r. o Narodowym Instytucie Wolności - Centrum Rozwoju Społeczeństwa Obywatelskiego (Dz.U. 2017 poz. 1909).
(98) ESCE/ODIHR, Tuairim maidir le Dréacht-Ghníomh na Polainne i ndáil le hInstitiúid Náisiúnta um Shaoirse - Ionad um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta, Vársá, 22 Lúnasa 2017.
(99) CESE, Tuarascáil maidir le cearta Bunúsacha agus an smacht reachta: forbairtí náisiúnta ó dhearcadh na sochaí sibhialta 2018-2019, Meitheamh 2020, lch. 41-42.
(100) CESE, Preasráiteas “Brú imníoch ar an tsochaí shibhialta: Díoltas rialtais dírithe ar chomhalta Polannach de CESE agus níl ENRanna in ann a n-iarrthóirí féin a roghnú a thuilleadh”, an 23 Meitheamh 2020.
(101) Preaseisiúint ón Aire Comhshaoil, i gcomhar leis an Aire Dlí agus Cirt, 7 Lúnasa 2020, https://www.gov.pl/web/srodowisko/nowe-prawo-wzmocni--przejrzystosc-finansowania-organizacji-pozarzadowych.
(102) Ustawa z dnia 6 kwietnia 1990 r. o Policji (Dz.U. 1990 nr 30 poz. 179).
(103) Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (HRC), Breithnithe deiridh maidir leis an seachtú tuarascáil thréimhsiúil faoin bPolainn, 23 Samhain 2016, míreanna 39 -40. Féach, freisin, an Teachtaireacht ó Shaineolaithe na Náisiún Aontaithe ag tathant ar an bPolainn rannpháirtíocht shaor agus iomlán ag cainteanna aeráide a áirithiú, an 23 Aibreán 2018.
(104) EDPB, litir maidir le nochtadh sonraí thoghchán uachtaránachta na Polainne, an 5 Bealtaine 2020.
(105) Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, Ráiteas an 14 Aibreán 2020.
(106) In 2017, b’ionann ginmhilleadh de bharr máchailí féatais agus 97.9 faoin gcéad de chóireálacha ar fad: an tIonad do Chórais Faisnéise Sláinte, tuarascálacha Clár Taighde Staitistiúil de Staidreamh Poiblí MZ-29, mar a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Sejm na Polainne. Sprawozdanie Rady Ministrów z wykonywania oraz o skutkach stosowania w 2016 r. ustawy z dnia 7 stycznia 1993 r. o planowaniu rodziny, ochronie płodu ludzkiego i warunkach dopuszczalności przerywania ciąży (Dz. U. poz. 78, z późnn. zm.).
(107) Féach, freisin, an páipéar saincheiste ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine dar teideal ‘Sláinte agus Cearta gnéis agus atáirgthe na mBan san Eoraip’, Nollaig 2017; Ráiteas an 22 Márta 2018 ó Shaineolaithe na Náisiún Aontaithe arna mholadh do Mheitheal NA maidir le hidirdhealú i gcoinne na mban, agus Ráiteas an 14 Aibreán 2020 ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine.
(108) Ustawa z dnia 16 lipca 2020 r. o zmianie ustawy o zawodach lekarza i lekarza dentystyoraz niektórych innych ustaw (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)
(109) Ustawa z dnia 5 grudnia 1996 r. o zawodach lekarza i lekarza dentysty (Dz.U. 1997 nr 28 poz. 152).
(110) Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 20 Márta 2007, Tysiac v An Pholainn (uimh. iarratais 5410/03); Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 20 Márta 2007, R. R v An Pholainn (uimh. iarratais 27617/04); Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 30 Deireadh Fómhair 2012, P agus S v An Pholainn (uimh. iarratais 57375/08);
(111) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2017, mír 18; PACE, Rún 2316 (2020) an 28 Eanáir 2020 maidir le feidhmiú institiúidí daonlathacha sa Pholainn, mír 14; Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (HRC), Breithnithe deiridh maidir leis an seachtú tuarascáil thréimhsiúil faoin bPolainn, 23 Samhain 2016, CCPR/C/POL/CO/7, míreanna 15 -18.
(112) Coiste na Náisiún Aontaithe maidir le Deireadh a chur le hIdirdhealú Ciníoch, Breithnithe deiridh maidir leis an dara is fiche agus ceathrú is fiche tuarascáil chomhcheangailte thréimhsiúil faoin bPolainn, Lúnasa 2019.
(113) Ibid.
(114) An Aireacht Dlí agus Cirt, preaseisiúint ‘Togra chun Coinbhinsiún Iostanbúl a shéanadh’, 25 Iúil 2020, https://www.gov.pl/web/sprawiedliwosc/ministerstwo-sprawiedliwosci-konwencja-stambulska-powinna-zostac-wypowiedziana-poniewaz-jest-sprzeczna-z-prawami-konstytucyjnymi.
(115) Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).
(116) An Coimisiún Eorpach, DG REGIO, litir chuig údaráis réigiúin Lublin, Łódź, na Polainne Bige, Podkarpackie agus Świętokrzyskie sa Pholainn, an 27 Bealtaine 2020. Féach, freisin, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 23 Aibreán 2020, Associazione Avvocatura per i diritti LGBTI,C-507/18, ECLI:EU:C:2020:289.
(117) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 5 Meitheamh 2018, Coman, C-673/16, ECLI:EU:C:2018:385; Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 2 Márta 2010, Kozak v. An Pholainn (uimh. iarratais 13102/02); Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 22 Eanáir 2008, E.B v An Fhrainc (uimh. iarratais 43546/02); Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 19 Feabhra 2013, X agus Eile v An Ostair (uimh. iarratais 19010/07); Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 30 Meitheamh 2016, Taddeucci agus McCall v. An Iodáil (uimh. iarratais 51362/09); Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 21 Iúil 2015, Oliari agus Eile v. An Iodáil (uimh. iarratas 18766/11 agus 36030/11); Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 14 Nollaig 2017, Orlandi agus Eile v An Iodáil (uimh. iarratas 26431/12, 26742/12, 44057/12 agus 60088/12); Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 14 Eanáir 2020, Beizaras agus Levickas v. An Liotuáin (uimh. iarratais 41288/15);
(118) Coimisinéir na Polainne um Chearta an Duine, Preaseisiúint, ‘An Sásra Coisctheach Náisiúnta chun Céastóireacht a Chosc (KMPT) agus cuairt á tabhairt aige ar ionaid choinneála de chuid na bpóilíní tar éis dóibh daoine a choinneáil thar oíche i Vársá’, 11 Lúnasa 2020, https://www.rpo.gov.pl/en/content/national-preventive-mechanism-prevention-torture-kmpt-visits-police-places-detention-after-overnight.
(119) Seasamh Easpagóideacht na Polainne maidir le saincheisteanna LGBT +, Lunasa 2020, https://episkopat.pl/wp-content/uploads/2020/08/Stanowisko-Konferencji-Episkopatu-Polski-w-kwestii-LGBT.pdf.
(120) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0032.
(121) Saineolaí Neamhspleách na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint i gcoinne foréigin agus idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne, Tuarascáil ar theiripe tiontaithe, Bealtaine 2020, https://undocs.org/A/HRC/44/53.


Uasmhéadú ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le stoc foirgneamh AE
PDF 216kWORD 72k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le huasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le stoc foirgneamh AE (2020/2070(INI))
P9_TA(2020)0227A9-0134/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 194 de,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás in Göteborg an 17 Samhain 2017,

–  ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal ‘Pláinéad Glan do Chách - Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de’ (COM(2018)0773),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip’ (COM(2020)0102),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach — I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche’ (COM(2020)0098),

—  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2011 dar teideal ‘Treochlár i dtreo Eoraip atá Tíosach ar Acmhainní’ (COM(2011)0571) agus don lorg comhshaoil do tháirgí a fógraíodh inti,

—  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 11/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 28 Aibreán 2020 dar teideal ‘Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh: gá fós le béim níos mó ar chost-éifeachtúlacht’,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le todhchaí na gcóras fuinnimh san Aontas Fuinnimh d’fhonn an t-aistriú fuinnimh a áirithiú agus d’fhonn cuspóirí fuinnimh agus aeráide as seo go 2030 agus ina dhiaidh sin a bhaint amach,

—  ag féachaint do ‘Chomhshocrú Amstardam – an Clár Oibre Uirbeach do AE’ a comhaontaíodh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag airí AE atá freagrach as cúrsaí uirbeacha an 30 Bealtaine 2016,

—  ag féachaint do Chairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe a glacadh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag airí AE atá freagrach as forbairt uirbeach an 24 agus an 25 Bealtaine 2007,

–  ag féachaint do Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh(1),

–  ag féachaint do Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh(2),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn(3),

—  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE(5),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas(6),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle(7),

–  ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas(8),

–  ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce(9),

–  ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú(10),

–  ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(11),

–  ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(12),

–  ag féachaint don rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir leis an athrú aeráide – fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras(13),

–  ag féachaint don rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le himscaradh bonneagar i gcomhair breoslaí malartacha san Aontas Eorpach: tá sé in am gníomhú!(14),

–  ag féachaint don rún uaithi an 6 Feabhra 2018 maidir le dlús a chur le nuálaíocht an fhuinnimh ghlain(15),

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2016 maidir le Dul i dTreo Dearadh Nua don Mhargadh Fuinnimh(16),

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2016 maidir le Straitéis de chuid AE maidir le Téamh agus Fuarú(17),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0134/2020),

A.  de bhrí gurb iad foirgnimh is cúis le tuairim is 40 % d’ídiú fuinnimh agus 36 % d’astaíochtaí CO2 san Aontas agus, dá bhrí sin, go bhfuil athchóiriú domhain orthu, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach, ríthábhachtach chun cuspóir 2050 AE maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) glan nialasacha a bhaint amach;

B.  de bhrí gurb í earnáil na bhfoirgneamh an tomhaltóir fuinnimh aonair is mó in AE, agus nach bhfuil 97 % de stoc foirgneamh AE tíosach ar fhuinneamh, agus nach bhfuil ach 0,2 % d‘fhoirgnimh chónaithe AE faoi réir athchóiriú domhain, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach, gach bliain, agus de bhrí go mbeidh os cionn 94 % d’fhoirgnimh an lae inniu fós ann in 2050, agus go mbeidh formhór na dtithe, na scoileanna agus na n-oifigí ina mbeimid ag cur fúinn tógtha cheana féin;

C.  de bhrí gurb ionann téamh spáis agus uisce agus thart ar 80 % d’ídiú fuinnimh teaghlaigh, go bhfuil coirí aonair ag leath d’fhoirgnimh AE a suiteáladh roimh 1992, agus éifeachtúlacht 60 % nó níos lú acu, agus de bhrí go bhfuil 22 % de choirí gáis aonair, 34 % de théitheoirí leictreacha díreacha, 47 % de choirí ola agus 58 % de choirí guail níos sine ná a saolré theicniúil;

D.  de bhrí go bhféadfaí suas le 2 mhilliún post(18) a chruthú trí rátaí athchóirithe a mhéadú go dtí beagnach 3 % agus trí athchóiriú a dhéanamh ar 210 milliún foirgneamh atá ann cheana in earnáil na tógála, arb ionann í agus thart ar 9 % d’OTI an Aontais agus ar cuid thábhachtach í den straitéis téarnaimh tar éis ghéarchéim COVID-19, agus a d’fhéadfadh rannchuidiú le geilleagar glan mar cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip;

E.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag Faireachlann Stoc Foirgneamh AE (BSO) i dtaca le faireachán agus feabhsú a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán fuinnimh foirgneamh in AE trí shonraí atá iontaofa, comhsheasmhach agus éasca a chur i gcomparáid le chéile;

F.  de bhrí gur féidir feabhas a chur ar cháilíocht saoil gach saoránaigh trí bhearta a dhéanamh lena bhfeabhsófar éifeachtúlacht fuinnimh stoc foirgneamh AE agus, dá bhrí sin, gurb é an príomhdhúshlán atá ann ná maolú ar an ualach atá ar an 50 milliún teaghlach in AE a mheastar atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, billí fuinnimh a laghdú agus tithíocht chompordach, inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh a sholáthar do chách;

G.  de bhrí go measann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go gcaitheann daoine thart ar 90 % dá gcuid ama taobh istigh i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe agus go bhfaigheann os cionn leathmhilliún Eorpach bás anabaí gach bliain mar gheall ar dhroch-chaighdeán aeir laistigh(19), agus de bhrí go gcuireann aerú cuí trí fhuinneoga a oscailt feabhas ar cháilíocht an aeir i dtithe daoine, mar aon le solas nádúrtha a sholáthar, ar rud é a dhéanann níos sláintiúla iad agus ar rud ríthábhachtach anois é, go háirithe le linn ghéarchéim reatha COVID-19;

H.  de bhrí go bhfuil éileamh déanta aici go ndéanfaí ‘athbhreithniú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (EED) agus an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Foirgneamh (EEBD) i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe AE agus go ndéanfaí a gcur chun feidhme a atreisiú, trí spriocanna náisiúnta ceangailteacha’(20);

I.  de bhrí go bhfuil gá le breis is EUR 282 bhilliún ó thaobh na hinfheistíochta de in athchóiriú stoc foirgneamh na hEorpa, mar aon le teaglaim chliste de chur chun feidhme na mbeartas atá ann cheana, de thionscnaimh bheartais nua chun fáil réidh de réir a chéile leis na foirgnimh leis an bhfeidhmíocht fuinnimh is measa, sásraí maoinithe breise agus leordhóthanacha, agus infheistíocht i réitigh nuálacha, ionas go mbainfear amach stoc foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh, mar aon le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030;

J.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag cláir athchóirithe chomhtháite (IRPanna) a bheith iomlánaíoch, agus tús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh, go bhfuil siad dírithe ar na héiceachórais chomharsanachta i gcoitinne, le spriocanna arda laghdaithe fuinnimh le haghaidh foirgnimh aonair, agus go bhfuil siad bunaithe ar dhea-chleachtais agus go meastar go bhfuil siad comhdhéanta de thrí phríomhcholún;

   (a) tíopeolaíocht tógála agus ábhair thógála, lena n-éilítear mioneolas ar aois, úsáid agus modh tógála foirgneamh, agus ar an acmhainneacht coigiltis fuinnimh dá seasann siad, chomh maith le cur síos ar na cineálacha ábhar a bheidh le húsáid i rith an athchóirithe, lena n-áirítear an tionchar a bheidh acu ar an saolré;
   (b) soláthar foinsí fuinnimh inbhuanaithe agus rochtain orthu, eadhon foinsí in-athnuaite ar an láthair agus in aice láimhe, lena n-áirítear córais téite nó fuaraithe ceantar, nó úsáid a bhaint as acmhainneacht stórála teirmí foirgneamh, seirbhísí feithicle-go-X agus roghanna solúbthachta eile lena gcumasaítear comhtháthú earnála;
   (c) tairbhí pobail nó sochaíocha, eadhon pobail áitiúla a lánpháirtiú sna tionscadail agus cláir athchóirithe fuinnimh go léir chun dul i ngleic le saincheisteanna amhail bochtaineacht fuinnimh, easpa acmhainní teicniúla agus/nó airgeadais agus bearnaí faisnéise;

K.  de bhrí go n-áirithítear le cur chun feidhme an chur chuige trí cholún sin go ndeartar agus go gcuirtear chun feidhme IRPanna ar bhealach lena ndírítear ar na tairbhí níos leithne is féidir a sholáthar trí athchóiriú fuinnimh do dhaoine agus do phobail, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, iomaíochas tionsclaíoch, inbhuanaitheacht, cuimsiú sóisialta agus inrochtaineacht;

Comharsanachtaí agus pobail

1.  ag tabhairt chun suntais ról na gcomharsanachtaí agus na bpobal, chomh maith le gníomhaithe eile amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus FBManna, in IRPanna, mar chur chuige iomlánaíoch i leith an athchóirithe, i dtaca le hearnáil tógála atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 i gcomhréir leis an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (EPBD);

2.  á éileamh go mbeidh beartais tógála agus athchóirithe iomlánaíoch agus cuimsitheach, go rannchuideoidh siad le spriocanna aeráide AE, go n-áireofar IRPanna iontu lena gcomhtháthófar slabhraí luacha áitiúla, seirbhísí sóisialta agus inacmhainneacht, ullmhacht chliste, aeráid laistigh agus cáilíocht chomhshaoil atá leordhóthanach agus sláintiúil, soghluaisteacht, feidhmeanna foirgneamh atá teicniúil, tionsclaíoch agus tíosach ar fhuinneamh, agus go gcumasófar leo foinsí in-athnuaite fuinnimh a tháirgeadh agus a mhalartú ar an láthair nó in aice láimhe, agus solúbthacht ó thaobh an éilimh de, chomh maith le barrachas teasa agus fuachta ó shaoráidí tionsclaíocha, córais iompair áitiúla, nó uiscebhealaí in aice láimhe a úsáid i gcás inar rogha inbhuanaithe é sin;

3.  ag tabhairt chun suntais ról tábhachtach na saoránach in athchóiriú stoc foirgneamh cónaithe agus a thábhachtaí atá sé uirlisí éifeachtúla agus dea-chleachtais a chruthú agus an fhaisnéis agus an t-eolas uile is féidir a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear deiseanna a bhaineann le teicneolaíochtaí (i.e. méadair chliste); ag aithint, thairis sin, an spreagtha atá tugtha ag pobail fuinnimh trí shaoránaigh a thabhairt le chéile, a chur ar an eolas agus páirt a thabhairt dóibh maidir le tús a chur lena n-athchóiriú féin agus/nó lena nginiúint fuinnimh in-athnuaite, agus á iarraidh go mbeidh pacáiste cuimsitheach de bhearta beartais ann chun cur leis na cineálacha cur chuige sin;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar uaisliú comharsanachtaí agus daoine a dhíbirt astu ar mhaithe le hathchóiriú a dhéanamh, chomh maith le héagothromaíochtaí inscne agus staid na saoránach leochaileach; á mheas go bhféadfaí na pobail atá ann cheana a chaomhnú trí chur chuige pobail, chomh maith le coimircí ar an leibhéal rialála, agus go bhféadfaí dreasachtaí a chruthú atá bunriachtanach chun an éifeachtúlacht fuinnimh a uasmhéadú agus chun na hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí is gá a ghiaráil; á chur i bhfáth gur gá tacú leis na saoránaigh is leochailí tríd an rochtain atá acu ar dhálaí maireachtála díniteacha, ar chompord agus ar shláinte a chumasú, agus ag tabhairt ról tábhachtach na tithíochta sóisialta chun suntais;

5.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil éagsúlacht ann ar fud na mBallstát maidir le húinéireacht foirgneamh, dlíthe tionóntachta agus líon na n-úinéirí tí agus na dtionóntaí, chomh maith le deiseanna infheistíochta agus scéimeanna tacaíochta tithíochta, dálaí aimsire agus córais fuinnimh; á chreidiúint go gcaithfear na himthosca éagsúla atá ábhartha do gach Ballstát a chur san áireamh i straitéis maidir le ‘rabharta nuálaíochta’, i gcomhréir freisin leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna); á chur i bhfios go láidir go háirithe nár cheart go mbeadh ualach maidir le costas cíosa ar thionóntaí nach féidir leo a sheasamh mar thoradh ar athchóirithe;

6.  á chur i bhfios go láidir a fhorleithne atá an bhochtaineacht fuinnimh ar fud an Aontais, rud a meastar go bhfuil tionchar aige ar suas le 50 milliún teaghlach(21); á chreidiúint gur cheart go mbeadh deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus dálaí maireachtála sláintiúla agus sábháilte a áirithiú do chách i measc na bpríomhchuspóirí a bheidh ag an rabharta athchóirithe agus ag na tionscnaimh ghaolmhara atá le teacht; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar athchóiriú a dhéanamh ar theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bearta coigilte fuinnimh a ghlacadh, nósanna tomhaltais atá tíosach ar fhuinneamh agus athrú iompraíochta a chur chun cinn; á chur i bhfáth go gcaithfidh an earnáil phoiblí a bheith ar thús cadhnaíochta sa réimse sin;

7.  ag tabhairt chun suntais go raibh rath láithreach ar ‘ionaid ilfhreastail’ maidir le hathchóiriú fuinnimh foirgneamh mar uirlisí comhairleacha trédhearcacha agus inrochtana ó thaobh na gcliant de, lenar cothaíodh comhiomlánú tionscadal agus samhlacha inmhacasamhlaithe, soláthar faisnéise maidir le maoiniú tríú páirtí, lena ndearnadh athchóiriú a chomhordú agus a thionlacan, chomh maith le fothú acmhainneachta a chur ar fáil do bhardais, agus rannpháirtíocht ghníomhach gníomhaithe áitiúla amhail pobail fuinnimh, eagraíochtaí tomhaltóirí, comhlachais ghnó áitiúla, lena n-áirítear ó thionscal na tógála, agus comharchumainn tithíochta le linn an phróisis;

8.  á mheabhrú go bhfuil gá le hiarrachtaí poiblí agus príobháideacha araon chun torthaí nithiúla a bhaint amach i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh don stoc foirgneamh atá ann faoi láthair; á chur i bhfios go láidir gur gá ní hamháin ionaid ilfhreastail le seirbhísí comhairleacha a chruthú, ach iad a choinneáil ar bun freisin, chun an margadh a fhothú go leanúnach trí shraith tionscadal, lena n-áirítear tionscadail ar scála níos lú; á chreidiúint go gcuirfear rochtain níos fearr ar shásraí maoinithe ar fáil trí ionad ilfhreastail a chruthú ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil;

9.  á chur in iúl gur geal léi an togra de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le hardáin oscailte; á chur i bhfáth nach mór dóibh a bheith trédhearcach, il-leibhéil agus cuimsitheach, lena gcuimseofar raon leathan geallsealbhóirí agus lena lamhálfar druidim na hilroinnte in earnáil na tógála; á mheabhrú nach mór do na hardáin freastal ar an gcuspóir maidir le stoc foirgneamh atá an-tíosach ar fhuinneamh agus atá dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050, agus á chreidiúint gur cheart go mbeidís ina n-uirlis chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar athchóiriú agus chun saoránaigh a spreagadh chun teacht ar chomhthoil ar bhonn riachtanais an phobail;

10.  á chur i bhfios go láidir gur cheart d’ardáin réigiúnacha spriocanna intomhaiste a shocrú, obair a dhéanamh i dtreo treochláir agus malartuithe rialta a bheith acu le hardáin gníomhaíochta comhbheartaithe a bhaineann le EED, EPBD agus leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED)(22) atá ann cheana, chomh maith le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí atá ann cheana sna Ballstáit chun a dtionchar a uasmhéadú; á chur in iúl go bhfuil sí cinnte de gur uirlis thábhachtach iad na hardáin chun cláir chomhtháite athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme agus chun tacú leis na Ballstáit a gcuid straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a fhorghníomhú;

11.  ag tabhairt Cairt Nua Leipzig dá haire, ar cairt í atá le glacadh le linn Uachtaránacht na Gearmáine agus á chur in iúl go bhfuil sí ag teacht leis an tuairim go bhfuil ról lárnach ag cathracha maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú go suntasach agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh; á mheas go gcuirfidh athchóiriú foirgneamh go mór leis na cuspóirí sin, agus cathracha atá cóir, glas agus táirgiúil á gcur chun cinn ag an am céanna trí chomharsanachtaí athléimneacha; á iarraidh ar Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle AE, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na hacmhainní cistithe riachtanacha agus inrochtana go díreach ag cathracha le haghaidh bearta athchóirithe, go háirithe i bhfianaise an ghá atá le téarnamh eacnamaíoch;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún beartas a ghlacadh chun IRPanna a éascú ar leibhéal an phobail agus ar an leibhéal réigiúnach sna Ballstáit lena bhforálfar d’athchóirithe doimhne, lena n-áirítear athchóirithe doimhne céimneacha, agus riachtanais foirgneamh á gcur san áireamh ar bhealach cuimsitheach agus idirghníomhach; á chur i bhfáth go bhfuil deis ann chun níos mó réitigh fuinnimh in-athnuaite ar an láthair agus in aice láimhe a dhaingniú nó chun sásraí freagartha don éileamh a áirithiú trí IRPanna; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an obair ar Chúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh agus ar Shaoráid um Chathracha AE; ag tabhairt chun suntais tuilleadh, sa chomhthéacs sin, mhórthábhacht an chláir oibre uirbigh agus na comhpháirtíochta uirbí;

13.  á iarraidh ar na Ballstáit a n-údaráis riaracháin áitiúla a chumhachtú d’fhonn IRPanna a chur i bhfeidhm ar leibhéal na comharsanachta agus ar leibhéal an phobail, agus saoránaigh á gcur i lár baill agus athchóirithe á dtabhairt chun réitigh le caomhnú oidhreacht stairiúil inláimhsithe na hEorpa (séadchomharthaí agus foirgnimh), lena gceanglaítear ar údaráis áitiúla aiseolas a chur ar fáil maidir leis na torthaí a bhaintear amach, chomh maith leis na cleachtais is fearr do cheapadh beartais amach anseo ar an leibhéal náisiúnta;

14.  á iarraidh ar na Ballstáit creat a chruthú chun dreasachtaí scoilte a shárú, mar shampla trí fhaisnéis chruinn, dreasachtaí iomchuí agus forfheidhmiú éifeachtach a chur ar fáil(23), agus aird leordhóthanach a thabhairt ar theaghlaigh agus ar phobail atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh trí chreat rialála chun díbirt ar mhaithe le hathchóiriú a sheachaint, mar shampla, trína éileamh go ndéanfaí sciar iomchuí d’achar urláir foirgneamh a bheidh athchóirithe go domhain a chur in áirithe dóibh, nó trí thosaíocht a thabhairt d’fhoirgnimh a bhfuil tomhaltas fuinnimh níos airde nó dramhaíl fuinnimh níos airde acu agus IRPanna á ndearadh, agus trí theorainneacha éifeachtúlachta ar mhéaduithe cíosa, ar an gcoinníoll nach gcuirfear srian leis sin ar an acmhainneacht dul i mbun athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh;

15.  á iarraidh ar an gCoimisiún seirbhís tacaíochta a chur ar bun do thionscadail athchóirithe faoi stiúir saoránach, chomh maith le treoirlínte cur chun feidhme a eisiúint do na Ballstáit maidir leis na coincheapa a bhaineann le creat cumasúcháin agus machaire comhréidh do phobail fuinnimh arna dtabhairt isteach leis an Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais(24) agus le RED, chun cur chun feidhme rathúil a áirithiú agus chun na tairbhí a bhaineann le tionscadail fuinnimh faoi stiúir saoránach a aithint go hiomlán;

16.  á iarraidh ar an gCoimisiún ardáin a sheoladh láithreach, mar a léiríodh ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus na hardáin sin a áireamh mar phríomhthosaíocht in IRPanna; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh tionscnaimh AE ag gabháil le IRPanna, ar tionscnaimh iad lena scaiptear dea-chleachtais maidir le hinmhacasamhlú clár, scaipeadh acmhainneachtaí, comhtháthú earnála, agus coimircí do phobail atá i mbochtaineacht fuinnimh, i gcomhréir le gealltanais EPBD;

Maoiniú

17.  á thabhairt chun suntais gur bacainní suntasacha ar infheistíochtaí iad costais infheistíochta tosaigh, scéimeanna casta airgeadais, dreasachtaí scoilte (aincheist tionónta-úinéara), agaí aisíocaíochta meántéarmacha/fadtéarmacha, bacainní rialála agus riaracháin, lena n-áirítear le haghaidh foirgnimh le húinéirí iomadúla, dearadh na tacaíochta atá ann cheana agus easpa creat beartais fadtéarmach intuartha;

18.  ag cur béim ar an bhfíoras, i gcomhthéacs an téarnaimh tar éis COVID-19 agus i gcomhthéacs an tionchair atá aige ar an airgeadas poiblí agus príobháideach, gur cheart do scéimeanna maoiniúcháin athchóirithe doimhne, lena n-áirítear athchóirithe doimhne céimneacha, a dhreasú agus tús áite a thabhairt dóibh, ar athchóirithe iad arb é is aidhm dóibh spriocanna 2050 maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, le dreasachtaí leordhóthanacha, chomh maith le spriocanna, chun stoc foirgneamh atá an-tíosach ar fhuinneamh agus atá dícharbónaithe a bhaint amach; á chreidiúint gur réamhchoinníoll é sin chun athchóirithe foirgneamh a mheas mar infheistíochtaí fadtéarmacha inbhuanaithe; ag cur ról táscairí éifeachtachta costais i bhfios go láidir, lena n-áirítear comhthairbhí i ndáil leis sin;

19.  á thabhairt chun suntais gur cheart do na Ballstáit treoirlínte soiléire a sholáthar agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe intomhaiste a leagan amach, mar aon le rochtain chothrom ar mhaoiniú a chur chun cinn, lena n-áirítear do na codanna den stoc náisiúnta foirgneamh a bhfuil an fheidhmíocht is measa acu, tomhaltóirí i mbochtaineacht fuinnimh, tithíocht shóisialta, agus teaghlaigh atá faoi réir aincheisteanna dreasachta deighilte, agus inacmhainneacht á cur san áireamh ag an am céanna;

20.  á chur i bhfáth gur cheart tacú le húinéirí tí, go háirithe úinéirí tí ísealioncaim agus úinéirí tí atá bocht ó thaobh fuinnimh de, comhlachais tithíochta agus comharchumainn, soláthróirí tithíochta poiblí agus údaráis áitiúla lena stoc foirgneamh agus an timpeallacht thógtha a dhéanamh aeráid-díonach, mar shampla trí dheontais nó ionstraimí airgeadais atá bunaithe ar bhreisíocht ar chistiú an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI), ar bhuiséid náisiúnta agus ar fhoinsí san earnáil phríobháideach;

21.  á mheas gur gá tosaíocht a thabhairt do chistiú d’athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh i ngach ciste ábhartha Eorpach, chomh maith le comhordú láidir chun sineirgí a aimsiú, cumasc a éascú, tionscadail a thabhairt le chéile agus píblínte tionscadal a fhorbairt, chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí go tráthúil; á iarraidh ar institiúidí airgeadais acmhainní suntasacha a chur ar fáil d’fhothú acmhainneachta agus do chúnamh teicniúil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le EUR 75 bhilliún ar a laghad in aghaidh na bliana i ndreasachtaí AE, chomh maith le maoiniú leanúnach agus cobhsaí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach, chomh maith le hinfheistíocht phríobháideach, chun athchóirithe doimhne a áirithiú i dtreo stoc foirgneamh atá an-tíosach ar fhuinneamh agus atá dícharbónaithe faoi 2050; á iarraidh ar na comhreachtóirí an cistiú is gá a áirithiú laistigh de phlean téarnaimh eacnamaíoch na hEorpa, go háirithe chun cabhrú leo siúd sa tsochaí is mó a bhainfeadh tairbhe as athchóirithe;

22.  á chur in iúl gur geal léi na torthaí lena léirítear go bhfuil préimh praghsanna ann d’fhoirgnimh atá an-tíosach ar fhuinneamh(25), lena n-áirithítear go mbíonn toradh ar infheistíocht ag úinéirí foirgneamh, ach á aithint gur gá costas tithíochta, tógála agus athchóirithe i gcoitinne a laghdú;

23.  á thabhairt chun suntais gur gá rochtain leordhóthanach agus shimplí ar chreidmheas agus ar mhaoiniú a áirithiú chun cabhrú le FBManna, pobail agus teaghlaigh tabhairt faoi na hathchóirithe is gá ar an stoc foirgneamh atá ann cheana;

24.  á chur in iúl gur geal léi na deiseanna maoinithe atá ar fáil d’athchóirithe foirgneamh amhail fóirdheontais ghlasa, dreasachtaí cánach agus iasachta; ag aithint ról Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) i maoiniú tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus i sainiú na héifeachtúlachta fuinnimh mar chuspóir sonrach don fhorbairt réigiúnach sa tréimhse 2021-2027; ag leagan béim ar an ról atá ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta maidir le hiasachtaí, ráthaíochtaí agus ionstraimí airgeadais a sholáthar, amhail Maoiniú Príobháideach le haghaidh Éifeachtúlacht Fuinnimh (PF4EE), an tSaoráid um Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste, agus ciste InvestEU, lena lamháltar freisin maoiniú tionscnamh athchóirithe tithíochta sóisialta;

25.  ag tarraingt aird ar dhea-chleachtais na mBallstát amhail úsáid a bhaint as ioncam chóras trádála astaíochtaí an Aontais, cumasc, a áirithiú go n-aithnítear riachtanais teaghlach ar ioncam íseal agus cistí réigiúnacha an Aontais a úsáid mar ráthaíochtaí agus mar chistí imrothlacha; á chur i bhfáth gur féidir an oiliúint a mhaoiniú i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite, agus in éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, faoin gCiste um Aistriú Cóir;

26.  á chur i bhfios go láidir gur gá rátaí ionsúcháin cistí a mhéadú trí bhacainní a bhaint, go háirithe trí chúnamh teicniúil, critéir nach bhfuil chomh casta sin agus simpliú ar chumasc le cistí eile; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil méid na dtionscadal faoin tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh (ELENA) fós mór, agus go bhfuil gá le tacaíocht agus comhiomlánú breise do thionscadail níos lú agus do thionscadail a bhíonn ag déileáil le pobail; á mheas gur sásra tacaíochta an-chumhachtach do chathracha IRPanna a fhorbairt í Saoráid um Chathracha AE, ar sásra é ar cheart leanúint de agus ar cheart dó tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail bheaga;

27.  ag aithint ról tábhachtach na ndeontas don taighde agus don nuálaíocht; á mheas gur gá maoiniú leanúnach agus cobhsaí a chur ar fáil do IRPanna, ó fhoinsí Eorpacha agus ó fhoinsí náisiúnta araon, gan briseadh isteach a tharlaíonn mar gheall ar bhearta éagsúla pleanála buiséid;

28.  á mheas nach mór do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na IRPanna cistí i leataobh chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, inrochtaineacht agus bacainní teicniúla agus bonneagair do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal, lena lamhálfar dóibh tairbhe a bhaint as tithíocht atá leordhóthanach, sláintiúil agus tíosach ar fhuinneamh agus a bheith mar chuid de chláir athchóirithe comharsanachta; á iarraidh go ndéanfaí dea-chleachtais a fhorbairt agus a chomhroinnt le hionstraimí airgeadais nuálacha amhail sásraí agus scéimeanna maoinithe comhtháite, lena n-áirítear morgáistí atá tíosach ar fhuinneamh, iasachtaí EuroPACE agus iasachtaí RenOnBill;

29.  ag tabhairt dá haire ról na n-údarás réigiúnach agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta araon maidir le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil trí iasachtaí ón earnáil phoiblí a spreagfaidh bainc thráchtála, cistí pinsin agus an earnáil phríobháideach, go háirithe FBManna, chun infheistíocht bhreise a dhéanamh in athchóiriú foirgneamh, mar shampla trí ráthaíochtaí creidmheasa poiblí agus modhanna nuálacha maoinithe;

30.  ag aithint an róil a d’fhéadfadh a bheith ag samhlacha nua gnó amhail conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, athchóirithe faoi stiúir saoránach, pobail fuinnimh agus cuideachtaí seirbhíse fuinnimh in athchóirithe agus, go háirithe, maoiniú lasmuigh den chlár comhardaithe le haghaidh tithíocht shóisialta, corparáidí tithíochta agus páirceanna gnó; á chur i bhfios go láidir gur gá déine an mhaoinithe a nascadh leis an leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh a bhaintear amach, mar a éilítear le EPBD, agus ag moladh go gcuirfí préimh le foirgnimh atá dearfach ó thaobh fuinnimh; ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte cur chun feidhme a eisiúint maidir leis na forálacha ábhartha laistigh den phacáiste ‘fuinneamh glan do gach Eorpach’, go háirithe chun creat cumasúcháin a chruthú trí chomhairliúcháin rialta a éileamh chun riachtanais an mhargaidh a thuiscint, agus spreagadh a thabhairt do chumasc cistí príobháideacha agus poiblí, úsáid teimpléad soiléir le haghaidh conarthaí agus nósanna imeachta sonracha soláthair le soiléirithe breise maidir le cuntasaíocht cheart a dhéanamh chun infheistíochtaí poiblí a bhaineann le héifeachtúlacht a chothú;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus iad a ardú, mar a cheanglaítear le EED, ag tosú tríd an bpríomhsprioc a mhéadú do 2030 bunaithe ar mheasúnú tionchair cuí agus ar bhealach intuartha, agus rátaí íosta bliantúla athchóirithe a mholadh d’fhoirgnimh agus bearta beartais lena n-áiritheofar athchóirithe doimhne, lena n-áirítear athchóirithe doimhne céimneacha, lena gcruthófar truicir airgeadais agus cobhsaíocht infheistíochta;

32.  á iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha a áirithiú go dtabharfar tosaíocht, le cistí faoi seach an CAI nua, do shuimeanna tiomnaithe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus athchóirithe foirgneamh, le coinníollacha agus amchláir shoiléire, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, chun rátaí ionsúcháin leordhóthanacha a áirithiú; ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ráthaíochtaí AE le haghaidh infheistíochtaí, cumasc foinsí cistiúcháin, chomh maith le comhpháirteanna deontais, chun athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh cónaithe a spreagadh; ag aithint ról agus shamhail rathúil an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (a dtiocfaidh InvestEU ina ionad); á iarraidh go dtabharfaí tosaíocht do chistiú le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh laistigh d’ionú bonneagair inbhuanaithe InvestEU agus go bhforchoimeádfaí suimeanna tiomnaithe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh mar chuspóir sonrach le haghaidh forbairt réigiúnach, rud nach mór a léiriú i gComhaontuithe Comhpháirtíochta faoi seach na mBallstáit a síníodh leis an gCoimisiún;

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur leis na bacainní airgeadais agus neamhairgeadais ar rátaí ionsúcháin níos airde na gcistí réigiúnacha atá curtha i leataobh le haghaidh athchóiriú comhtháite foirgneamh faoi 2021;

34.  á iarraidh go ndéanfaí cumas shaoráid ELENA agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a mhéadú chun cúnamh airgeadais agus teicniúil saincheaptha agus díreach a thabhairt d’údaráis áitiúla, chomh maith le treoir shonrach do na Ballstáit i gcomhthéacs na bpleananna téarnaimh tar éis COVID-19;

35.  á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé ioncaim ETS a dhíriú isteach i ngníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh amhail athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear sásraí a chosaint i gcoinne luaineachtaí, agus a indéanta atá sé cuid den ioncam ceantála a chur ar leataobh ar leibhéal AE; á iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ar institiúidí airgeadais náisiúnta tacaíocht a thabhairt d’fhorbróirí tionscadail le linn thimthriall an tionscadail agus cion seasta deontais a shocrú chun athchóirithe a dhéanamh tarraingteach agus inacmhainne do shaoránaigh;

36.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit samhlacha solúbtha a chruthú do shineirgí idir na cláir airgeadais éagsúla agus na hionstraimí airgeadais éagsúla chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú i bhfoirgnimh; á iarraidh, thairis sin, i gcomhréir leis an tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa(26), go nglacfaí cur chuige cost-éifeachtachta i gcomhair athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh foirgneamh; á spreagadh go ndéanfaí faireachán críochnúil ar chost-éifeachtúlacht na gclár oibríochtúil bunaithe ar na costais in aghaidh aonad CO2 arna shábháil; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart don Choimisiún a áirithiú go n-urramóidh riaracháin náisiúnta prionsabail na cost-éifeachtúlachta agus na héifeachtachta chun críche coigilte fuinnimh agus airgead AE á dheonú acu do thionscadail athchóirithe;

37.  á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh éascú a dhéanamh ar úsáid comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha (PPPanna), amhail PF4EE, ar comhpháirtíochtaí iad a bhaineann le maoiniú cliste agus inbhuanaithe, agus coincheapa infheistíochta áitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint;

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha AE maidir le Státchabhair a athbhreithniú, lena n-áirítear le haghaidh infheistíochtaí ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), chun creat cumasúcháin a chruthú do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus IRPanna a chothú, lena n-áirítear córais téite ceantar a shuiteáil nó a athchóiriú trí nósanna imeachta simplithe agus tairseacha leordhóthanacha, chomh maith le scéimeanna diúscartha d’fheistí téimh breosla iontaise agus fearais neamhéifeachtúla nuair a ghabhann téamh atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite aonair nó comhchoiteanna ina n-ionad, nó téamh iomarcach; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór d’aon athbhreithniú ar rialacha AE maidir le Státchabhair rannchuidiú go príomha le cóir chomhionann agus le hiomaíocht mhéadaithe;

Teicneolaíochtaí foirgníochta agus ábhair thógála

39.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá ann costais a laghdú agus dlús a chur le ré, éifeachtacht, iontaofacht agus comhtháthú chun CACanna a mhéadú trí bhíthin margaí athchóirithe oscailte agus iomaíochta a chruthú, mar aon le heilimintí réamhdhéanta inbhuanaithe atá táirgthe ar bhonn tionsclaíoch, chomh maith lena aithint gur féidir teicneolaíochta atá cheana ann a úsáid nuair atá athnuaiteáin á gcomhtháthú in ábhair thógála, agus gur féidir iad sin a úsáid mar eilimintí cumhdaigh ilfheidhmeacha chun an stoc foirgneamh atá cheana ann a athchóiriú agus chun tabhairt faoi athchóirithe de réir a chéile agus de réir ceantair; ag leagan béim ar an ról atá ag comhpháirteanna a réamhdhéanamh seachtrach ón láthair ar mhaithe le luathú, scála agus costéifeachtúlacht; á thabhairt dá haire gur ann do dhea-chleachtais um athchóiriú foirgneamh i rannáin foirgneamh éagsúla sna Ballstáit agus go bhfuil gá anois leis na dea-chleachtais sin a mhacasamhlú agus a uas-scálú chun go bhfaighfear torthaí níos fearr; á chur i bhfáth go bhfuil tairbhe ag gabháil le hiarrachtaí taighde méadaithe sa réimse seo;

40.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá solúbthacht sa rogha teicneolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh athnuachan agus foirgníocht; á chreidiúint gur cheart na teicneolaíochtaí go léir atá ar fáil a chur i bhfeidhm de réir cur chuige atá faoi thionchar a gcuspóra ar mhaithe le dlús a chur le dícharbónú an stoic foirgneamh; ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach ag úsáid an fhuinnimh inathnuaite sa dícharbónú sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá téamh agus fionnuarú ceantair atá dícharbónaithe le stóras comhtháite le haghaidh pobail níos nasctha agus níos comhtháite; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lán-chomhtháthú na bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tógála a chur chun cinn go gníomhach agus dreasachtaí a chruthú lena aghaidh;

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cláir taighde agus forbartha (R&F) le haghaidh ábhair foirgníochta éifeachtúla agus, ag cur na staide sóisialta san áireamh, á iarraidh go ndéanfar córas téimh ísealchostais bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite a chur chun feidhme i limistéir tuaithe agus iargúlta; ag tarraingt aird ar dhea-chleachtas na Danmhairge i dtaca le dícharbónú teasa trí líonraí téimh ceantair faoi úinéireacht an phobail atá cumhachtaithe le teas gréine, le teaschaidéil agus le bithmhais;

42.  á thabhairt chun suntais gur gá tomhaltóirí a chur ar an eolas agus dreasacht a thabhairt dóibh chun go ndéanfaidís réitigh nua-aimseartha, ardéifeachtúil agus inathnuaite a chur in ionad seanteicneolaíochtaí téimh agus fionnuaraithe neamhéifeachtúla, go háirithe nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi athsholáthar acu, ach fós á aithint go bhfuil ról ag breoslaí iontaise, go háirithe gás nádúrtha, faoi láthair i gcórais téimh d’fhoirgnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit scéimeanna scartála a mholadh i gcomhréir leis an ngeilleagar ciorclach agus úsáid a bhaint as lipéadú agus comhairle i dtaobh éifeachtúlacht le linn seiceálacha gnáthaimh chun dlús a chur le hathsholáthairtí; á iarraidh ar an Ballstáit treochlár a bhunú chun deireadh a chur de réir a chéile le teicneolaíochtaí téimh agus fionnuaraithe bunaithe ar bhreoslaí iontaise mar chuid dá PNFAnna;

43.  á chur in iúl go bhfuil ról ceannasach ag an Eoraip in ábhair fhótavoltacha comhtháite san fhoirgneamh; á mholadh go ndéanfar teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite a aithint tríd is tríd mar phríomhshlabhra luacha straitéiseach agus á mholadh thairis sin clár Eorpach griandíonta a bheith ann don rabharta athchóirithe atá ar na bacáin;

44.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a shruthlíniú isteach i ngach beartas agus beart, agus freisin i riachtanais fuinnimh le haghaidh téamh, fionnuarú agus uisce te a laghdú mar aon le húsáidí fuinnimh le haghaidh soilsiú agus aerú, ach fós leictriú an éilimh iarmharaigh a thabhairt i gcrích trí fhuinneamh inathnuaite i dteaglaim le teaschaidéil nó trí chórais éifeachtúla téimh agus fionnuaraithe ceantair ina n-úsáidtear fuinneamh inathnuaite, chomh maith lena dhéanamh i lódbhainistiú agus i lódsolúbthacht;

45.  á chur in iúl gur gá bacainní a dhíchur, rochtain ar an eangach a fheabhsú, lena n-áirítear, inter alia, gur gá comhchuibhiú agus simpliú a dhéanamh ar cheadanna le haghaidh FBManna, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le CACanna a phleanáil chun sinéirgí a bhaint amach, mar shampla, in inrochtaineacht foirgneamh, i sábháilteacht sheismeach agus dóiteáin, i leictrea-shoghluaisteacht (lena n-áirítear réamhcháblú agus pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha), i bhfeabhsú athléimneacht aeráide i bhfoirgnimh, lena n-áirítear trí spásanna, díonta agus ballaí glasa a chruthú a fheabhsaíonn bainistiú uisce agus trí bhithéagsúlacht uirbeach a mhéadú;

46.  á mheabhrú gur cheart gnéithe sábháilteachta dóiteáin a mheas le linn dearadh, roghnú ábhar, foirgniú, athnuachan agus oibriú foirgneamh chun feabhas a chur ar chosc, brath, luathshochtú, éalú, urrannú, dianseasamh struchtúrtha agus comhrac dóiteáin, mar aon le hinniúlachtaí ábhartha gairmithe atá rannpháirteach i rith na gcéimeanna deartha, tógála agus athchóirithe;

47.  á mheas gur cheart d’fhoirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh a bheith sláintiúil, inacmhainne, sábháilte agus inbhuanaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá fuinneamh corpraithe, inbhuanaitheacht i bhfoirgnimh, éifeachtúlacht acmhainní, compord theirmeach, cáilíocht fheabhsaithe aeir, aeráid shláintiúil faoi dhíon, chomh maith le cur chuigí timthriallacha atá ag teacht leis an ngeilleagar ciorclach, agus an gá atá le straitéis le haghaidh timpeallacht thógtha inbhuanaithe má táthar le cur chuige iomlánaíoch agus comhtháite a ghlacadh; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs seo, a thábhachtaí atá sé eilimintí éighníomhacha agus nádúrtha a chur i ndearadh foirgneamh agus an poitéinseal ollmhór atá ag gabháil leis an leas is fearr is féidir a bhaint as dromchlaí aghaidh na bhfoirgneamh trína ndéantar an timpeallacht thógtha a thiontú isteach i dtáirgeoir díláraithe fuinnimh in-athnuaite agus fós go bhfuil limistéir thalún agus thírdhreacha á spáráil;

48.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le bainistiú agus laghdú leormhaith ar an dramhaíl foirgníochta agus scartála; á thabhairt dá haire gur cheart scéimeanna bailithe agus aisghabhála mar aon le saoráidí sórtála a chruthú chun a áirithiú go ndéantar láimhseáil iomchuí agus shábháilte ar an dramhaíl foirgníochta go léir, agus le haghaidh athchúrsáil nó athúsáid a dhéanamh ar ábhair thógála agus le haghaidh substaintí guaiseacha i sruthanna dramhaíola a láimhseáil, a dhíchur agus a ionadú go sábháilte chun sláinte na n-áitritheoirí agus na n-oibrithe a chosaint agus chun an comhshaol a chosaint; á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart córas lipéadaithe don gheilleagar ciorclach a bhunú, córas a bheadh bunaithe ar chaighdeáin chomhshaoil agus ar chritéir chomhshaoil le haghaidh ábhair atá nasctha le chomh éasca atá sé iad athbhunú sa slabhra luach agus leis an leibhéal ísealfhuinnimh atá acu, go háirithe agus an ról atá ag amhábhair thánaisteacha á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire nach mór an cur chuige atá ann cheana maidir leis an Dearbhú ar Tháirgí Comhshaoil a leathnú agus gur cheart é a úsáid mar ionchur le haghaidh measúnuithe tógála amhail an creat Leibhéil/Leibhéal; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a mholadh maidir leis na saincheisteanna sin mar chuid den phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach agus den straitéis do thimpeallacht thógtha inbhuanaithe;

49.  á thabhairt chun suntais go mbeidh teochtaí níos airde ann sna cathracha i rith an tsamhraidh de bharr athrú aeráide; ag leagan béim thairis sin ar na tairbhí iomadúla a bhaineann le réitigh bhonneagair ghlais, ar féidir leo feabhas a chur ar cháilíocht an aeir, ar chompord agus ar athléimneacht i leith na haeráide, ar féidir leo ceanglais fuinnimh a laghdú go mór, cabhrú le timthriall an uisce a athbhunú agus tacú leis an mbithéagsúlacht uirbeach, agus cur le prionsabail na ciorclaíochta ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid ábhar tógála nádúrtha agus ísealcharbóin, imlonnú díonta agus ballaí glasa, dromchlaí fionnuara agus teicneolaíochtaí éighníomhacha eile a dhreasú le linn mór-athchóirithe foirgneamh agus nuair a bhíonn foirgnimh nua á dtógáil; á iarraidh ar an gCoimisiún na nithe sin a chur san áireamh agus réitigh bhonneagair ghlais mar aon le gnéithe bithéagsúlachta a chur chun cinn i dtionscnamh an rabharta athchóirithe;

50.  á mheabhrú go bhfuil ábhair thógála inbhuanaithe, amhail adhmad, deimhnithe mar nithe bunriachtanacha chun stoc foirgneamh ísealcharbóin agus fadmharthanach a bhaint amach agus go dtugann an fhoirgníocht deis nua chun carbón a stóráil i dtáirgí tógála bithbhunatihe laistigh de theorainneacha na hinfhaighteachta inbhuanaithe;

51.  á thabhairt chun suntais cé chomh tábhachtach atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe atá cheana ann ionas go gclúdóidh siad feidhmíocht inbhuanaithe táirgí tógála ar cheart dóibh a bheith comhleanúnach leis an gcur chuige coiteann Eorpach maidir le ríomh saolré agus leis na caighdeáin Eorpacha atá cheana ann i.e. EN 15978 le haghaidh foirgneamh agus EN 15804 le haghaidh táirgí foirgníochta; á chur i bhfáth, nuair a bhíonn athchóirithe á ndearadh, gur cheart tionchar fuinnimh agus aeráide shaolré iomlán an fhoirgnimh a optamú i gcomhréir le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh, agus aird á tabhairt ar éifeachtaí na monaraíochta, na húsáide agus an dearaidh ar chumas athchúrsála, ar athchúrsáil táirgí agus dramhaíl foirgníochta agus ar an trealamh atá ag teastáil le haghaidh deisiúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an na nithe sin ina straitéis geilleagair chiorclaigh agus, faoi 2021, athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú(27) ionas go bhféadfaidh an margadh inmheánach feidhmiú go maith do na táirgí sin agus chun go dtabharfar luach saothair as taighde agus nuálaíocht theicneolaíoch atá dírithe ar thacú le hathchóiriú agus foirgníocht foirgneamh a bhfuil leibhéal ard éifeachtúlachta fuinnimh acu;

52.  á iarraidh ar an gCoimisiún na dea-chleachtais le haghaidh CACanna a shainaithint tuilleadh chun foirgnimh stairiúla agus oidhreachtúla a áireamh iontu freisin; ag aithint a shainiúla agus a leochailí atá foirgnimh oidhreachtúla agus á chreidiúint, i bhformhór mór na gcásanna, gur féidir cosaint na bhfoirgneamh agus feidhmíocht mhéadaithe fuinnimh a thabhairt ag réiteach le chéile, ach fós á chur in iúl go láidir gur cheart aon athchóiriú ar fhoirgnimh oidhreachtúla a dhéanamh i gcónaí de réir na rialacha náisiúnta maidir le caomhnú, de réir Chairt na Veinéise 1964 um Chaomhnú agus Athchóiriú Séadchomharthaí agus Láithreán agus de réir na hailtireachta bunaidh;

53.  á chur i bhfios go láidir gur gá fíorchoigealtas fuinnimh a dhéanamh trí fhíorú ag saineolaithe deimhnithe agus trí fhaireachán ar fheidhmíocht fuinnimh i ndiaidh an athchóirithe, mar go ndéanfaidh an méid sin ardcháilíocht na n-athchóirithe a áirithiú, mar aon le deiseanna infheistíochta feabhsaithe agus costéifeachtúlacht níos airde(28);

54.  á iarraidh ar na Ballstáit an úsáid is mó is féidir a bhaint as athúsáid, athchúrsáil agus athghabháil ábhair, agus iad sin a chur chun cinn, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh ina straitéisí soláthair agus ina dtionscadal athchóireála agus foirgníochta atá maoinithe go poiblí, mar shampla trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna don soláthar poiblí glas (SPG)(29) agus trí shruthlíniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar chritéir chomhshaoil agus ar chritéir shóisialta le aghaidh athchóireálacha foirgneamh, agus fós machaire comhréidh a áirithiú i dtairiscintí poiblí; á mheabhrú a thábhachtaí atá ábhair thógála atá foinsithe go háitiúil chun traidisiúin tógála a chaomhnú, chun na hábhair is oiriúnach do dhálaí aeráide gach réigiúin a áirithiú agus chun astaíochtaí agus costais iompair a chiorrú;

Caighdeáin, scileanna agus foirgnimh shláintiúla

55.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na tairbhí dearfacha atá ag ceanglais athchóireála ag pointí tionscanta, mar go leanann coigilteas fuinnimh as na ceanglais sin ach, ní hamháin sin, méadaíonn siad luach na maoine agus is taca iad chun an ceann is fearr a fháil ar bhacainní ar nós dreasachtaí atá scoilte; á chreidiúint gur cheart tosaíocht a thabhairt d’athchóiriú domhain, lena n-áirítear athchóiriú domhain ina chéimeanna, ar na foirgnimh is measa feidhmíochta, go sonrach trí chaighdeáin íosta i bhfeidhmíocht fuinnimh (CIFF) a shocrú, rud atá bunriachtanach don infheistíocht san athchóiriú agus gur cheart an méid sin a chur i bhfeidhm go cothrománach ach fós iad a bheith bunaithe ar na lipéid fuinnimh náisiúnta atá cheana ann; á mheas go dtéann bearta den sórt sin chun tairbhe d’áitritheoirí agus go bhféadfadh sé cuidiú le saoránaigh a thabhairt amach as an mbochtaineacht fuinnimh(30); á thabhairt chun suntais go bhfuil leibhéil ísle d’athchóirithe doimhne ann agus go bhfuil siad sin ag an ráta tuartha de 0,2 %; á mholadh go scrúdófar ráta athchóirithe íosta, agus go dtabharfar isteach rátaí den sórt sin, chun go bhféadfar spriocanna aeráidneodrachta 2050 a chomhlíonadh;

56.  á chur i bhfios go láidir gur féidir le MEPS, a dhéanfar a fháisceadh de réir a chéile, cuidiú le straitéisí athchóirithe a thabhairt i bhfeidhm san fhadtéarma, má dhéantar iad a pleanáil i gceart agus a thabhairt isteach de réir a chéile, agus go gcruthaíonn sé sin slándáil infheistíochta don mhargadh, go háirithe má bhíonn tógáil acmhainneachta, comhairle shainoiriúnaithe, cúnamh teicniúil agus tacaíocht airgeadais ag gabháil leo;

57.  á iarraidh go mbeidh cur chuige láidir fianaise-bhunaithe ann trína bhféadfar, trí úsáid a bhaint as sonraí iontaofa agus neartaithe, éifeachtacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus bearta costéifeachtacha a mheas go beacht agus machaire comhréidh a chothú le haghaidh ‘dea-chleachtais’ i réitigh chostéifeachtacha san Aontas;

58.  á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de má dhéantar pas d’athchóirithe le haghaidh foirgneamh a thabhairt isteach go mbeifear in ann feabhsúcháin leanúnacha a chothú, a chomhordú agus a rianú agus faireachán a dhéanamh ar dhoimhneas an athchóirithe agus ar fheidhmíocht fuinnimh a rachaidh chun tairbhe d’úinéirí tithe, d’oibreoirí foirgneamh agus do thionóntaí, ar cheart dóibh siúd uile rochtain a bheith acu ar an bpas d’athchóirithe; á chur i bhfáth gur cheart don phas d’athchóirithe seo a bheith ina uirlis chomónta AE a bheadh curtha in oiriúint do shonraíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá á gcothú ag ilchineálacht an stoic foirgneamh agus go mbeadh sé ailínithe leis na deimhniú feidhmíochta fuinnimh atá ann cheana le haghaidh foirgnimh;

59.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an fhaisnéis ar fhoirgnimh a chomhdhlúthú in aon uirlis dhigiteach aonair; á mheas gur cheart go n-áireofaí leis sin acmhainneacht chiorclaigh ábhar, meastóireacht ar thosca cáilíochta aeir faoi dhíon, lena n-áirítear ón taobh sláinte agus sábháilteachta de, agus táscairí láidre bunaithe ar na huirlisí agus na caighdeáin chomhshaoil atá ann cheana;

60.  á chur i bhfáth an tábhacht agus an fhéidearthacht atá ag gabháil leis an gCiste um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an phlean téarnaimh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 le haghaidh oiliúint agus cáilíocht oibrithe sna hearnálacha foirgníochta agus athchóirithe, agus chun uas-sciliú agus athsciliú a sholáthar d’oibrithe i réigiúin atá buailte leis an ngalar, lena n-áirítear digiteáil na gcuideachtaí don aistriú go dtí geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de;

61.  á thabhairt chun suntais gur cheart gur foirgnimh shláintiúla agus saor ó ghrán dubh a bheadh mar thoradh ar thionscadail atógála foirgneamh, agus cáilíocht na timpeallachta faoi dhíon (IEQ) á cur san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil athbhreithniú ar chaighdeáin don cháilíocht aeir, do dhálaí teirmeacha agus do ghnéithe sláinte agus compoird eile a bhaineann leis an áit istigh, lena n-áirítear dóthain solais lae agus aerú meicniúil, ag rannchuidiú le sláinte agus táirgiúlacht úsáideoirí na bhfoirgneamh agus go bhfeabhsaíonn sé a gcuid oibre nó a gcumas foghlama, chomh maith lena áirithiú go ndéantar coigilteas leasa suntasach, agus ar an gcaoi sin go laghdaítear speansais phoiblí agus na mBallstát agus go dtéann sé sin chun tairbhe do gheilleagar an Aontais agus dá shaoránaigh ina n-iomláine;

62.  á chur i bhfáth go gcaithfear leibhéal leormhaith saineolais i gcothabháil agus úsáid foirgneamh ag saineolaithe agus ag áitritheoirí foirgneamh a áirithiú, lena n-áirítear athrú iompraíochta, chun go mbainfear lánbhuntáiste as na tairbhí ag ghabhann le feidhmíocht fuinnimh mhéadaithe;

63.  á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh scileanna agus faisnéise AE a sheoladh maidir le leis an earnáil athchóirithe agus tógála, ina n-áireofar toise inscne, chun go bhféadfar a bheith páirteach go gníomhach le geallsealbhóirí a mhéid a bhaineann le hathoiliúint, uas-sciliú agus forbairt acmhainneachta, le fócas ar leith ar fhostaíocht, go háirithe chun daoine óga a mhealladh le bheith ag obair san earnáil athchóirithe; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn áirithiú cáilíochta, comhlíontachta agus sábháilteachta go mbeidh na hinniúlachtaí agus scileanna leormhaithe ag gairmithe atá páirteach sna céimeanna dearaidh agus foirgníochta/athchóirithe, agus go n-áiríonn sé sin idirghabhálaithe amhail suiteálaithe, ailtirí nó conraitheoirí; á iarraidh ar na Ballstáit straitéis náisiúnta a fhorbairt chun scileanna a fheabhsú san earnáil foirgníochta, ag díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar inbhuanaitheacht agus ciorclacht ábhar, ar theicnící éighníomhacha agus ar comhtháthú athnuaiteáin, lena n-áirítear féintomhaltas agus réitigh dhigiteacha, agus chun tacaíocht shonrach a thabhairt d’oibrithe i micreaghnóthais agus i ngnóthais bheaga agus mheánmhéide;

64.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le scileanna agus nuálaíocht do CACanna tríd an gCiste um Aistriú Cóir, trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe Marie Skłodowska-Curie agus trí chlár Erasmus+, agus misean mar chuid de Fís Eorpach a bhunú a bheidh ag déileáil le pobail agus comharsanachtaí a athnuachan, mar aon le tacaíocht a thabhairt don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) chun comhghuaillíocht scileanna straitéiseacha a chur chun cinn agus a chur chun feidhme don earnáil foirgníochta agus é sin dírithe ar inneachar comónta oiliúna a dhearadh agus a fhorbairt chun dul i ngleic leis na bearnaí scileanna atá anois ann; á iarraidh ar dhaoine aonair, ar fhiontair agus ar eagraíochta, chomh maith lena chéile, úsáid a bhaint as an Treoirchlár um Ráthaíocht Scileanna agus Oideachais agus as scéimeanna comhchosúla le haghaidh oiliúint, uasghrádú scileanna agus oideachas sna hearnálacha athchóirithe;

65.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair cuimsitheacha maidir le típeolaíochtaí foirgneamh, áitritheoirí agus tionachta a fhoilsiú faoi 2022 chomh maith le creat reachtach a fhorbairt chun MEPS a thabhairt isteach le haghaidh foirgnimh atá cheana ann agus go mbeidh na MEPS sin le fáisceadh de réir a chéile in imeacht ama i gcomhréir le cuspóir 2050; á chur i bhfios go láidir go gcabhródh caighdeáin den sórt sin le hoibríochtúlú a dhéanamh ar an gconair ionsar stoc foirgneamh le leibhéal ard éifeachtúlachta fuinnimh agus dícharbónú a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí agus gur féidir leo infheictheacht agus slándáil a thabhairt sa mhargadh i dtaobh chlaochlú an stoic foirgneamh atá cheana ann; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh pacáiste cuimsitheach de bhearta beartais ag gabháil le MEPS ar an leibhéal náisiúnta, agus go mbeadh, ar a laghad, faisnéis agus soláthar comhairle sainoiriúnaithe do shaoránaigh mar aon leis an tacaíocht maoinithe iomchuí ar áireamh sa phacáiste sin;

66.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pasanna d’athchóirithe foirgneamh i bhfoirm dhigiteach a thabhairt isteach trí phróiseas mear faoi 2025, lena n-áirítear roinn a bheith sna pasanna ina dtugtar faisnéis maidir le cáilíocht fheabhsaithe an aeir faoi dhíon agus maidir le foirgnimh shláintiúla;

67.  á iarraidh ar an gCoimisiún ‘áireamhán aeráide AE’ (ECC) a fhorbairt mar chuid dá ‘rabharta athchóirithe’ lena n-áiritheofar lipéadú beacht agus sothuisceana le haghaidh ábhair thógála, táirgí agus seirbhísí atá bainteach leis an athchóiriú ar stoc foirgneamh AE as seo go dtí 2050; á chur i bhfáth gur cheart don ECC machaire comhréidh a áirithiú do na príomhghníomhaithe atá mar chuid de lorg GCT an CAC laistigh de stoc foirgneamh AE, nó atá gaolmhar leis, agus go mbeadh ‘cur chuige iomlánaíoch’ den sórt sin in ann an bealach a réiteach le haghaidh éifeachtaí iompraíochta dearfacha ag saoránaigh, tionscail agus FMBanna AE; á chur i bhfáth go gcaithfidh an coincheap sin a bheith bunaithe ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus saolré chun go bhféadfar an t-éileamh ar earraí atá neamhdhíobhálach don aeráid agus atá ‘déanta san Eoraip’ a bhrú chun cinn, rud a neartóidh cumas iomaíochta earnáil tógála AE; á mholadh don Choimisiún úsáid a bhaint as modhanna eolaíochta is feasach dúinn cheana féin nuair a bheidh meastacháin á dhéanamh aige ar astaíochtaí GCT, mar shampla trí inspioráid a fháil óna ‘lorg comhshaoil táirge’;

68.  á iarraidh go ndéanfar leibhéal méadaithe uaillmhéine in Airteagail 3, 5 agus 18 a áireamh san athbhreithniú ar EED atá ar na bacáin agus go bhforbrófar cur chuige nua maidir le sainiú na gcaighdeán foirgnimh a chomhlíonann spriocanna fuinnimh agus aeráide AE nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an EPBD;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na nDeimhnithe Feidhmíochta Fuinnimh (DFFanna) ar fud na mBallstát agus na forálacha atá cheana ann a neartú; ag tabhairt dá haire gur cheart iontaofacht, comhleanúnachas agus inchomparáideacht DFFanna ar fud AE a fheabhsú ionas go dtiocfaidh DFFanna chun bheith ina n-uirlis mhargaidh iontaofa chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar cháilíocht foirgneamh, go háirithe don earnáil airgeadais;

Digiteáil agus sonraí iontaofa

70.  á mheas gur cumasóir le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach sa chóras fuinnimh trí ghiniúint dháilte, stóráil, solúbthacht agus comhtháthú agus cúpláil earnála atá sa digiteáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag digiteáil agus sonraí i luathú a dhéanamh ar phleanáil, chur chun feidhme, rialú agus fhaire torthaí pleananna athchóirithe, chomh maith le ról a bheith acu le haghaidh pleanáil agus bainistiú fuinnimh ar bhonn níos éifeachtúla;

71.  á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú isteach in iontaofacht sonraí a bhaineann le foirgnimh agus san fhíoras go bhfuil easpa sonraí den sórt sin ann agus a chur san áireamh cén chaoi a bhféadfadh tuilleadh úsáide as an digiteáil rannchuidiú go dearfach le cur chuige fianaisebhunaithe láidir a áirithiú nuair a bheidh beartais a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le hathchóirithe á nglacadh; á aithint gur gá digitiú a dhéanamh ar bhunachair náisiúnta DFF, ar shonraí foirgnimh agus ar fhaisnéis foirgníochta eile chun go mbeidís ar fáil nuair a chuirtear isteach ar phas foirgnimh digiteach agus le haghaidh feidhmchláir foirgnimh cliste eile;

72.  á mheas gur bealach é ‘Idirlíon na Rudaí Nithiúla’ chun fíorthionchar an athchóirithe ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas agus gur cumasóir é do straitéisí athchóirithe ar mhórscála agus costéifeachtach; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról a bheith ag intleacht shaorga comhtháite in anailís sonraí agus i bhfaire, bainistiú agus coigeartú na tomhailte fuinnimh i bhfoirgnimh;

73.  a mheas gur treallús lárnach le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe atá i ndigiteáil na dteicneolaíochtaí foirgnimh agus foirgníochta; á iarraidh ar an gníomhaithe áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha bainteacha go léir páirt fhorghníomhach a bheith acu i gcur chun cinn na digiteála;

74.  á thabhairt chun suntais go bhfuil tairgí ag gabháil le líonraí fíor-ardtoillis le haghaidh an bhonneagair cumarsáide chun tithe cliste a chothú, a dtuigtear leis sin gur tithe iad atá comhtháite in éiceachóras fuinnimh dhigitigh níos leithne a chumasaíonn foirgnimh le tairbhiú d’fheidhmiúlachtaí cliste, agus na feidhmiúlachtaí sin a sholáthar, agus a cheadaíonn comhtháthú agus coigilt fuinnimh in earnálacha éagsúla den gheilleagar, lena n-áirítear freagairt ar thaobh an éilimh de agus optamú na húsáide fuinnimh laistigh den fhoirgneamh amhail fearais cliste, uathfhearais tí, teaschaidéil leictreacha, stóráil ceallraí, pointí luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha agus méadair chliste i measc teicneolaíochtaí digiteacha eile; á chur in iúl gur díol sásaimh di an aidhm atá le EPBD athbhreithnithe chun teicneolaíochtaí foirgnimh cliste a chur chun cinn tuilleadh, trí tháscaire ullmhachta cliste (SRI) mar uirlis tacaíochta i rátú ullmhacht chliste na bhfoirgneamh agus chun feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus áitritheoirí foirgnimh i dtaobh luach na gcóras uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh (BACSanna) le haghaidh feidhmíocht fhoriomlán na bhfoirgneamh, ar cheart a bhfeidhmiú faoi Airteagail 14 agus 15 a leathnú;

75.  ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá eangacha cliste mar chumasóirí le haghaidh comhtháthú éifeachtach athnuaiteáin sna heangacha leictreachais agus á spreagadh go lorgófaí deiseanna nua chun comhéadanú a dhéanamh le hoibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) agus le hoibreoirí córais dáileacháin (OCDanna) ar mhaithe le seirbhísí feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus leictreachais; á chur i bhfáth gur féidir le foirgnimh chliste atá nasctha le nanai-eangacha nó le micri-eangacha cobhsaíocht fheabhsaithe an tsoláthair leictreachais agus infhaighteacht na gcóras téimh/fionnuaraithe a áirithiú;

76.  á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn coimircí sóisialta, cosaint sonraí, urraim don phríobháideacht agus toiliú, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), a mhéid a bhaineann le cearta tithíochta agus tomhaltóirí; á chur i bhfáth gur cheart do na réitigh digiteacha a sholáthraítear le linn athchóirithe a bheith iomasach, simplí augs idiroibritheach, agus go gcaithfidh an oiliúint, an fhaisnéis agus tacaíocht d’áitritheoirí, ar an leibhéal is gá, a bheith ag gabháil lena suiteáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil féidearthachtaí ag gabháil le teicneolaíochtaí digiteacha neamhsháiteacha ina leith sin;

77.  á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais don bhonneagair luchtaithe in EPBD; á chur i bhfáth go bhfuil bonneagar luchtaithe cliste ina réamhchoinníoll d’aon mhéadú i leictrea-shoghluaisteacht ghlan;

An rabharta athchóirithe

78.  á chur in iúl go bhféachann sí ar an rabharta athchóirithe mar dheis chun stoc foirgneamh atá éifeachtach ar fhuinneamh agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 trí phlean gníomhaíochta le haghaidh CACanna le fócas ar phobail, go háirithe iad sin atá i mbochtaineacht fuinnimh, agus chun foirgnimh shláintiúla, chuibhiúla, inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh a sholáthar, ar foirgnimh iad inar féidir le daoine a lánchumas a bhaint amach, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an sprioc astaíochtaí ar leibhéal glan-nialasach do 2050, agus gur féidir an rabharta sin a chur chun feidhme le lánshinéirge freisin leis an straitéis nua tionsclaíoch don Eoraip, le straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach, leis an straitéis geilleagair chiorclaigh, leis an Sásra um Aistriú Cóir agus le hionstraimí téarnaimh agus freisin le straitéisí maidir leis an Eoraip a dhéanamh oiriúnach don aois dhigiteach;

79.  á chur in iúl gur deimhin léi gur féidir leis an rabharta athchóirithe an tionchar atá ag géarchéim COVID-19 a mhaolú trí gheilleagair náisiúnta agus áitiúla a spreagadh agus, mar shampla, trí phoist ardcháilíochta agus bhunriachtanacha san fhoirgníocht agus sna tionscail fuinnimh inathnuaite a chothú agus tacú le hoibrithe micreaghnóthas agus gnóthas beag agus meánmhéide (FBM) arb ionann iad agus 97 % den earnáil, agus faoi dheoidh go spreagfar go leor deiseanna agus tairbhí éagsúla a d’fhéadfaí a fháil trí éifeachtúlacht fuinnimh feabhsaithe i stoc foirgneamh na hEorpa, lena n-áirítear tairbhí deimhneacha sóisialta agus comhshaoil; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis an rabharta athchóirithe ról tábhachtach a bheith aige i dtéarnamh inbhuanaithe agus gur féidir leis a bheith lárnach ó thaobh aon phleananna téarnaimh a bheidh ann i ndiaidh COVID-19; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nár cheart don Choimisiún moill a chur ar an togra seo agus gur cheart dó a bheith i gceannas ar fhorléargas a thabhairt ar na roghanna cistithe ar fad atá ar fáil;

80.  ag éileamh go mbeidh cur chun feidhme uaillmhianach ann i leith Phacáiste an Fhuinnimh Ghlain; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag PNFAnna ó thaobh uasmhéadú a dhéanamh ar na deiseanna atá ar fáil san earnáil tógála; á dhearbhú go bhfuil sé tiomanta do chur chun feidhme na forála seo agus gach forála eile a leanúint go dlúth, agus á iarraidh ar an gCoimisiún forfheidhmiú na mbeart atá sa EPBD athbhreithnithe a áirithiú;

81.  á iarraidh ar an gCoimisiún a chinntiú go mbeidh éifeachtúlacht fuinnimh ar an gcéad phrionsabal atá lárnach do phróiseas athchóirithe stoc foirgneamh AE i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh;

82.  á chur in iúl gur díol sásaimh di straitéisí athchóirithe fadtéarmacha na mBallstát (LTRSanna) ó thaobh clochmhílte ionsar an chuspóir aeráidneodrachta a leagan amach do 2030 agus do 2040; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na moilleanna suntasacha atá ar go leor Ballstát ó thaobh a gcuid LTRSanna a chur isteach; á iarraidh ar an Ballstáit sin an deis a thapú chun a gcuid oibleagáidí dlíthiúla faoi EPBD a chomhlíonadh agus a gcuid LTRSanna, a bhfuil moill cheana orthu, a chur isteach; ag spreagadh na rialtas chun beartais nuálacha a chur chun feidhme ar mhaithe le saoránaigh a pháirtiú go gníomhach i gcláir éifeachtúlachta fuinnimh; á mheas gur cheart go ndéanfaí LTRSanna a aithint mar ionstraimí lárnacha do phleanáil, thomhas dul chun cinn agus ghnóthachan cuspóirí éifeachtúlachta fuinnimh;

83.  á thabhairt chun suntais gur cheart stoc foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh agus dícharbónaithe go dtí leibhéal ard a bhaint amach trí laghdú suntasach a dhéanamh ar thomhailt fuinnimh trí bhíthin beartais éifeachtúlachta fuinnimh atá láidir agus inchumasaithe a chur chun feidhme, agus fós go gclúdaítear na riachtanais iarmharacha le fuinneamh inathnuaite; á chur i bhfios go láidir gur cheart athchóirithe foirgneamh a chomhtháthú le hiarrachtaí níos leithne dícharbónú a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh agus go rachadh sé sin bonn ar bhonn le hinfheistíochtaí in, mar shampla, líonraí fuinnimh cheantair éifeachtacha agus teaschaidéil éifeachtacha trí chur chuige córais/ceantair a ghlacadh ina ndéantar gach beart éifeachtúlachta féideartha, amhail aisghabháil barrachais teasa, a chomhtháthú ann; á chur i bhfáth gur gá gníomhaíochtaí nithiúla a shainiú chun poitéinsil shainaitheanta le haghaidh comhghiniúint agus teas ceantair ardéifeachtúil a thabhairt chun fíre; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leis an gcur chuige córasach seo chun an t-aistriú ionsar gheilleagar ard-tíosach ar fhuinneamh agus bunaithe go hiomlán ar athnuaiteáin a bhaint amach agus chun ailíniú leis an gcuspóir go ndéanfar téamh domhanda a theorannú go dtí faoi bhun 1,5oC a áirithiú;

84.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra a rinne an Coimisiún go bhfuil sé le hathchóirithe i scoileanna, in ospidéil agus i dtithíocht do dhaoine i ngátar a chur chun cinn, go háirithe i gcás an stoic foirgnimh phoiblí, ar minic an stoc sin a bheith sa riocht is measa; ach fós á thabhairt chun suntais go mbaineann dúshlán le haghaidh a thabhairt ar an stoc mór foirgneamh cónaitheach, a sheasann do 75% den spás urláir tógtha san Aontas;

85.  á chur in iúl go n-aontaíonn sí leis an anailís a deir go bhfuil lear mór tairbhí ag gabháil le hathchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh, amhail foghlaim fheabhsaithe, biseach níos tapa agus daoine a thabhairt amach as an mbochtaineacht fuinnimh; ag tarraingt aird ar cháilíocht aeir feabhsaithe faoi dhíon agus faoin aer, laghduithe ar astaíochtaí, méaduithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, compord teirmeach feabhsaithe agus laghdú ar an spleáchas ar allmhairithe; á iarraidh go mbeadh na tairbhí sin á gcur san áireamh go córasach in CACanna;

86.  á iarraidh ar na Ballstáit feachtais chumarsáide trasearnála, tírshonracha agus sainoiriúnaithe a sheoladh, ar feachtais iad a bheidh ag déileáil leis na deiseanna iolracha agus na tairbhí éagsúla a fhaightear trí éifeachtúlacht fuinnimh feabhsaithe an stoic foirgneamh, agus go dtabharfaí faisnéis faoi ionaid ilfhreastail agus faoi dheiseanna maoinithe atá ar fáil, lena n-áirítear ar leibhéal AE;

87.  á iarraidh ar an gCoimisiún bearta don rabharta athchóirithe a chumhdach i reachtaíocht nua agus athbhreithnithe an Aontais agus athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030, ach fós lánurraim a thabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus do chostéifeachtúlacht, ionas go bhféadfar sinéirgí idir na píosaí éagsúlachta reachtaíochta a chumasú agus iad a chur ar an mbealach ceart ionsar neodracht aeráide, ach ag an am céanna a áirithiú go ndéantar bearta éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear athchóiriú foirgneamh, a chomhtháthú mar bheartas lárnach chun an bhearna i spriocanna 2030 a líonadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais chun inacmhainneacht tithíochta d’úinéirí agus do thionóntaí a áirithiú;

88.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na LTRSanna agus moltaí a eisiúint do na Ballstáit ina dtarraingítear aird ar na bearnaí atá cheana ann agus ar na dea-chleachtais; á iarraidh ar na Ballstáit faireachas a dhéanamh ar chur chun feidhme a gcuid LTRSanna, agus iad a athbhreithniú gach cúig bliana de réir an chiogail stocáirimh agus an struchtúir céim-ardaithe atá ag Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCC) chun deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar an cuspóir i dtaobh stoc foirgneamh atá ardtíosach ar fhuinneamh agus aeráidneodrach; á iarraidh ar na Ballstáit LTRSanna a ghabháil chucu féin mar uirlis chun spreagadh eacnamaíoch agus conair téarnaimh a leagan amach, a mbeidh tabhairt i gcrích uaillmhianach, mionsonraithe agus práinneach óna dtaobh siúd de riachtanach lena aghaidh; á iarraidh ar na Ballstáit sin nach ndearnadh amhlaidh go fóill a gcuid LTRSanna a thíolacadh mar ábhar práinne;

89.  á iarraidh go ndéanfar na hearnálacha tógála agus athchóirithe, go háirithe micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, a chur san áireamh i bpacáistí téarnaimh; á iarraidh go dtabharfar tosaíocht sa phlean spreagtha eacnamaíoch d’infheistíochtaí in athchóirithe foirgneamh ionsar stoc foirgneamh atá ardtíosach ar fhuinneamh agus bunaithe ar athnuaiteáin;

o
o   o

90.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig gach ceann d’institiúidí an Aontais agus chuig na Ballstáit.

(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 210.
(2) IO L 156, 19.6.2018, lch. 75.
(3) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.
(4) IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.
(5) IO L 158, 14.6.2019, lch. 125.
(6) IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.
(7) IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.
(8) IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.
(9) IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.
(10) IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0217.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0438.
(15) IO C 463, 21.12.2018, lch. 10.
(16) IO C 204, 13.6.2018, lch. 23.
(17) IO C 204, 13.6.2018, lch. 35.
(18) Ürge-Vorsatz, Diana, Tirado-Herrero, Sergio, Fegyverneky, Sándor, Arena, Daniele, Butcher, Andrew agus Telegdy, Almos, Employment Impacts of a Large-Scale Deep Building Energy Retrofit Programme in Hungary2010; Janssen, Rod agus Staniaszek, Dan, How Many Jobs? A Survey of the Employment Effects of Investment in Energy Efficiency of Buildings, An Foram Tionsclaíoch um Éifeachtúlacht Fuinnimh, 2012.
(19) An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte: Over half a million premature deaths annually in the European Region attributable to household and ambient air pollution [Os cionn leathmhilliún bás anabaí gach bliain i Réigiún na hEorpa mar gheall ar thruailliú teaghlaigh agus truailliú an aeir chomhthimpeallaigh], 2018.
(20) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(21) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640).
(22) Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210); Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75); Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(23) Castellazzi, L., Bertoldi, P., Economidou, M., Overcoming the split incentive barrier in the building sectors: unlocking the energy efficiency potential in the rental & multifamily sectors, Lucsamburg, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2017, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/bitstream/JRC101251/ldna28058enn.pdf
(24) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(25) Hyland, Marie, Lyons, Ronan, Lyons, Sean, The value of domestic building energy efficiency - evidence from Ireland, Energy Economics, Iml. 40, 2012; Mangold, Mikael, Österbring, Magnus, Wallbaum, Holger, Thuvander, Liane, Femenias, Paula, Socio-economic impact of renovation and retrofitting of the Gothenburg building stock, Energy and Buildings, Iml. 123, 2016.
(26) Tuarascáil Speisialta 11/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 28 Aibreán 2020 dar teideal ‘Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh: gá fós le béim níos mó ar chost-éifeachtúlacht’, https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=53483
(27) Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
(28) Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, op. cit.
(29) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2008 dar teideal ‘Soláthar Poiblí le haghaidh comhshaol níos fearr’ (COM(2008)0400).
(30) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair a ghabhann leis an doiciméad “Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh” (SWD(2016)0414).


Ganntanas táirgí íocshláinte - conas déileáil le fadhb atá ag teacht chun cinn
PDF 222kWORD 81k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 maidir leis an nganntanas táirgí íocshláinte – conas déileáil le fadhb atá ag teacht chun cinn (2020/2071(INI))
P9_TA(2020)0228A9-0142/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);

–  ag féachaint d’Airteagal 6(1) CAE agus d’Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart chun cúraim sláinte choiscthigh atá ag saoránaigh uile na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus d’Airteagal 36 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagail 101 agus 102 CFAE agus do Phrótacal Uimh. 27 maidir leis an margadh inmheánach agus an iomaíocht,

–  ag féachaint d’fhorálacha Airteagail 107 agus 108 CFAE maidir leis an Státchabhair,

–  ag féachaint d’Airteagal 168 CFAE, lena bhforáiltear go ndéanfar ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais,

–  ag féachaint do Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine(1), do na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 81 di maidir le soláthar iomchuí agus leanúnach táirgí íocshláinte a choinneáil ar siúl, agus d’Airteagal 23a di maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil má scoirtear de tháirge a chur ar an margadh ar bhonn sealadach nó buan,

–   ag féachaint don tuarascáil mheasúnachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 59(4) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (COM(2017)0135),

–   ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2010 maidir leis an gcothromas agus an tsláinte i ngach beartas: an dlúthpháirtíocht sa tsláinte;

–  ag féachaint do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE(2),

–   ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE(3),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme(4),

–  ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/161 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2015 lena bhforlíontar Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na gnéithe sábháilteachta a bhíonn ar phacáistíocht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine(5),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle(6),

–   ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis, a mhéid a bhaineann le dátaí cur chun feidhme forálacha áirithe de(7),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/5 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta, agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phéidiatraice agus Treoir 2001/83/CE maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine(8),

–  ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE (COM(2018)0051), agus do sheasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh an 14 Feabhra 2019 maidir leis an togra sin,

–  ag féachaint don Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) agus do Dhearbhú Doha maidir le Comhaontú TRIPS agus an tSláinte Phoiblí;

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2020 dar teideal ‘Treoir chun táirgí íocshláinte a sholáthar ar bhealach barrmhaith agus réasúnach chun ganntanas a sheachaint le linn phaindéim COVID-19’ (C(2020)2272),

–   ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile’ (COM(2020)0456),

–   ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 maidir leis an bPlean Téarnaimh don Eoraip a bheith á chumhachtú ag buiséad AE (COM(2020)0442),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip’ (COM(2020)0102),

–   ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta AE don bhliain 2030 (COM(2020)0380),

–  ag féachaint don rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(9),

–  ag féachaint do rún an 18 Nollaig 2019 uaithi maidir le claochlú digiteach na seirbhísí sláinte agus an chúraim sa Mhargadh Aonair Digiteach a chumasú: cumhacht a thabhairt do na saoránaigh agus sochaí níos sláintiúla a thógáil(10),

–  ag féachaint don rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Márta 2017 maidir leis na roghanna atá ag AE ó thaobh rochtain ar tháirgí íocshláinte a fheabhsú(11),

–  ag féachaint do threoirlínte an Tascfhórsa maidir le hinfhaighteacht táirgí íocshláinte atá údaraithe lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta, lena dtugtar le chéile an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus Stiúrthóirí na nGníomhaireachtaí Leigheasra (HMA), go háirithe treoirlínte an 1 Iúil 2019 dar teideal ‘Guidance on detection and notification of shortages of medicinal products for Marketing Authorisation Holders (MAHs) in the Union (EEA)’ (EMA/674304/2018) (treoir maidir le ganntanais táirgí íocshláinte do Shealbhóirí Údaraithe Margaíochta san Aontas (LEE) a bhrath agus fógra a thabhairt fúthu), agus do threoirlínte an 4 Iúil 2019 dar teideal ‘Good practice guidance for communication to the public on medicines: availability issues’ (EMA/632473/2018) (treoir um dhea-chleachtais maidir le cumarsáid leis an bpobal i dtaobh táirgí íocshláinte: saincheisteanna infhaighteachta),

–   ag féachaint do na hardáin nuachruthaithe i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair, amhail córas an Phointe Teagmhála Aonair don Tionscal (I-SPOC) de chuid EMA, lena ndéantar cuíchóiriú ar an bpróiseas le haghaidh ganntanais cógas a d‘fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú chun iad a chosc agus chun na ganntanais sin a mharcáil chomh luath agus is féidir; ag féachaint don fhíoras gurbh fhéidir idirphlé a dhéanamh idir geallsealbhóirí sa slabhra soláthair cógaisíochta agus rialtóirí de bharr na n-ardán sin agus gur éascaigh na hardáin an t-idirphlé sin,

–  ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) dar teideal ‘Táirgí íocshláinte riachtanacha a roghnú. Tuarascáil ó Choiste Saineolaithe EDS [cruinniú sa Ghinéiv ón 17 go dtí an 21 Deireadh Fómhair 1977]’ (Uimh. 615 den tSraith de Thuarascálacha Teicniúla ó EDS), tuarascáil ó Ardrúnaíocht EDS an 7 Nollaig 2001 dar teideal ‘Straitéis chógaisíochta EDS: nós imeachta athbhreithnithe chun nuashonrú a dhéanamh ar Liosta Eiseamlárach EDS de na Cógais Riachtanacha’ (EB109/8), an tuarascáil ó EDS ó Mhárta 2015 dar teideal ‘Rochtain ar Chógais Nua san Eoraip ’ agus an tuarascáil ó EDS an 9 Iúil 2013 dar teideal ‘Priority Medicines for Europe and the World’ (Táirgí Íocshláinte Tosaíochta don Eoraip agus don Domhan),

–  ag féachaint do chur chuige EDS ‘Domhan Amháin, Sláinte Amháin’,

–  ag féachaint do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Uimh. 3 na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘Beatha shláintiúil a áirithiú agus an fholláine a chur chun cinn do chách ag gach aois’,

–  ag féachaint do Thuarascáil Uimh. 737 ó Sheanad na Fraince an 27 Meán Fómhair 2018 maidir le ganntanas cógas agus vacsaíní – ina ndírítear ar bhealach níos cruinne ar shaincheisteanna sláinte poiblí sa slabhra soláthair cógas, a dhréachtaigh Jean-Pierre Decool thar ceann mhisean aimsithe fíoras an tSeanaid maidir le ganntanas cógas agus vacsaíní,

–   ag féachaint don Treoir ón gCoimisiún maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche agus saorghluaiseacht chaipitil ó thríú tíortha, agus do shócmhainní straitéiseacha na hEorpa a chosaint i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, sula ndéanfar Rialachán (AE) 2019/452 (an Rialachán maidir le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche a Scagadh) a chur i bhfeidhm, a bheidh i bhfeidhm go hiomlán amhail ón 11 Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint do chonclúidí chruinniú na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí an 9 agus an 10 Nollaig 2019,

–   ag féachaint do Thuarascáil 2016 ó Phainéal Ardleibhéil Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Rochtain ar Chógais dar teideal ‘An nuálaíocht agus an rochtain ar theicneolaíochtaí sláinte a chur chun cinn’,

–   ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–   ag féachaint do rún an 15 Eanáir 2020 uaithi maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(12),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0142/2020),

A.  de bhrí go bhfuil an fhadhb atá ann le fada an lá maidir le ganntanas cógas in AE tar éis dul in olcas go mór le blianta beaga anuas; de bhrí go bhfuil na ganntanais cógas imithe in olcas de dheasca an mhéadaithe ar an éileamh domhanda agus phaindéim COVID-19, rud a bhaineann an bonn de na seirbhísí sláinte sna Ballstáit agus lena mbaineann rioscaí suntasacha do shláinte agus cúram othar, lena n-áirítear dul chun cinn galar agus/nó dul in olcas na siomptóm, méadú ar mhoilleanna nó briseadh i gcúram nó i dteiripe, sealanna níos faide san ospidéal, méadú ar an nochtadh do chógais fhalsaithe, earráidí sa réim cógas nó teagmhais dhíobhálacha a tharlaíonn nuair a chuirtear cógas eile in ionad an chógais atá ar iarraidh, tarchur galar tógálach is féidir a sheachaint, anacair shíceolaíoch shuntasach, agus caiteachas níos airde don chóras cúraim sláinte; de bhrí go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit teacht ar réitigh thapa agus nithiúla, lena n-áirítear trí chomhordú agus gníomhaíocht chomhchoiteann Eorpach;

B.  de bhrí go luaitear sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go mbeidh rochtain ag gach duine ar chúram sláinte coisctheach maille leis an gceart tairbhe a bhaint as cóireáil leighis faoi na coinníollacha arna mbunú ag dlíthe agus cleachtais náisiúnta; de bhrí gur cheart an ceart sin a fhorfheidhmiú do gach saoránach, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu sna Ballstáit bheaga agus sna réigiúin is forimeallacha san Aontas; de bhrí gur bagairt sláinte poiblí atá ag dul i méid é an ganntanas cógas, bagairt a bhfuil tionchar tromchúiseach aici ar chórais cúraim sláinte agus ar an gceart atá ag gach othar in AE rochtain a fháil ar chóireáil leighis iomchuí;

C.  de bhrí go bhfuil sé ar cheann de phríomhchuspóirí AE agus EDS, agus mar chuid de Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3, go n-áiritheofaí go bhfuil rochtain ag othair ar chógais bhunriachtanacha; de bhrí go mbraitheann an rochtain uilíoch ar chógais ar iad a bheith ar fáil go tráthúil agus ar a n-inacmhainneacht do chách, gan aon idirdhealú geografach ann;

D.  de bhrí gur cheart rochtain a bheith ag othair ar a rogha cúraim sláinte agus cóireála leighis;

E.  de bhrí go bhfuil an rochtain ar thástálacha diagnóiseacha agus vacsaíní oiriúnacha agus inacmhainne chomh tábhachtach céanna leis an rochtain ar chógais shábháilte, éifeachtacha agus inacmhainne;

F.  de bhrí go bhfuil bunchúiseanna casta lena mbaineann tosca éagsúla le ganntanais cógas; de bhrí gur minic gurb iad cinntí áirithe a dhéanann an tionscal cógaisíochta, amhail deireadh a chur le táirgí agus tarraingt siar ó mhargaí Ballstát nach bhfuil chomh brabúsach sin, is cúis le ganntanas cógas;

G.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach ganntanais cógas a chosc agus maolú a dhéanamh ar na éifeachtaí a bhaineann leo i gcás ina dtarlaíonn siad;

H.  de bhrí gur cheart go gcumhdófaí le straitéis éifeachtúil bearta chun ganntanais cógas a mhaolú, ach bearta chun a áirithiú nach dtarlóidh a leithéid sa chéad áit freisin, ag féachaint ar na bunchúiseanna éagsúla a bhíonn le ganntanais;

I.  de bhrí nach ann do shainmhínithe comhchuibhithe i measc na mBallstát ar ‘ghanntanas’, ‘teannas’, ‘suaitheadh soláthair’, ‘anás stoic’ agus ‘róstocáil’; de bhrí gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir ‘táirgí íocshláinte lena mbaineann mórleas teiripeach’ (MITManna) agus ‘cógais lena mbaineann leas sláinte agus straitéiseach’ (MISSanna);

J.  de bhrí go gcuireann ganntanais cógas costais shuntasacha ar gheallsealbhóirí sláinte poiblí agus príobháideacha araon;

K.  de bhrí go bhfuil an chógaisíocht ar cheann de cholúin an chúraim sláinte, agus de bhrí gur bagairt thromchúiseach ar shláinte an phobail agus ar inbhuanaitheacht na gcóras náisiúnta cúraim sláinte iad an rochtain neamhleor ar tháirgí íocshláinte bunriachtanacha agus na praghsanna arda ar chógais nuálacha;

L.  de bhrí, i mórán cásanna, go bhfuil méadú tagtha i gcaitheamh na mblianta ar na praghsanna ar chógais nua, go háirithe cóireálacha ailse, agus nach bhfuil cuid mhór saoránach de chuid AE in acmhainn íoc astu anois;

M.  de bhrí gurb é tionscal na gcógas cineálach agus bithshamhlach a sholáthraíonn formhór na gcógas d’othair AE (beagnach 70 % de na hearraí cógaisíochta a dháiltear);

N.  de bhrí gur bealach tábhachtach é chun iomaíocht a mhéadú, praghsanna a laghdú agus inbhuanaitheacht na gcóras cúraim sláinte a áirithiú go dtiocfadh táirgí cineálacha agus bithshamhlacha isteach sa mhargadh; de bhrí nár cheart moill a chur ar a dteacht isteach sa mhargadh;

O.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach le himirt ag monaróirí táirgí cineálacha atá bunaithe in AE ó thaobh an fás atá ag teacht ar an éileamh ar chógais inacmhainne sna Ballstáit a shásamh;

P.  de bhrí gurb ionann na cógais chun cóireáil in aghaidh ailse, diaibéitis, ionfhabhtuithe agus neamhoird an chórais néaróg agus níos mó ná leath de na ganntanais cógas sin; de bhrí go ndealraíonn sé gurb iad na sainearraí cógaisíochta in-insteallta is mó atá i mbaol ó thaobh ganntanas cógas de mar gheall ar chastacht a bpróiseas monaraíochta;

Q.  de bhrí go bhféadfadh ganntanais cógas rath na dtionscnamh sláinte de chuid an Aontais agus na mBallstát a chur i mbaol, amhail Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac;

R.  de bhrí, i mBallstáit ina bhfuil margaí beaga, gur minic nach mbíonn na cógais in aghaidh galair neamhchoitianta ar fáil nó nach mbíonn siad ar fáil ach ar phraghsanna atá i bhfad níos airde ná mar atá i margaí atá níos mó;

S.  de bhrí go bhfuil sé léirithe ag paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá margadh inmheánach dea-fheidhmiúil agus slabhraí soláthair láidre le haghaidh cógas agus trealamh leighis; de bhrí go bhfuil gá le hidirphlé Eorpach faoin gcaoi ar féidir é sin a áirithiú;

T.  de bhrí nach réiteach cuí iad tionscnaimh neamhchomhordaithe ar an leibhéal náisiúnta, amhail stoc-charnadh cógas agus pionóis, agus go bhféadfadh baol níos mó a bheith ann ó thaobh ganntanais cógas de mar thoradh orthu;

U.  de bhrí go bhfuil nasc idir caillteanas neamhspleáchas sláinte na hEorpa agus athshuíomh an táirgthe, agus go bhfuil 40 % de tháirgí deiridh íocshláinte a bhíonn á margú in AE ag teacht ó thríú tíortha anois; de bhrí go bhfuil an slabhra soláthair fós ag brath go mór ar fhochonraitheoirí chun amhábhair chógaisíochta a tháirgeadh lasmuigh de AE, áit a mbíonn costais an tsaothair agus na caighdeáin chomhshaoil níos ísle go minic, d’ainneoin go bhfuil bonneagar láidir monaraíochta ag an Eoraip, agus go dtáirgtear 60 % go 80 % de chomhábhair ghníomhacha cheimiceacha lasmuigh de AE, go príomha sa tSín agus san India; de bhrí gur 20 % a bhí sa chionmhaireacht sin 30 bliain ó shin; de bhrí go dtuairiscítear go dtáirgeann an dá thír sin 60 % de pharaicéiteamól, 90 % de pheinicillin agus 50 % d’iobúpróifein an domhain; de bhrí, go dtí seo, nach gá lipéad ná lipéadú atá infheicthe ag na hothair agus ag na custaiméirí a bheith ar tháirgí íocshláinte agus ar chomhábhair ghníomhacha chógaisíochta (APInna) i dtaca lena n-áit tionscnaimh agus a dtír mhonaraíochta; de bhrí go bhfuil dúshlán ar leith ag baint le rochtain theoranta ar APInna a theastaíonn chun cógais chineálacha a tháirgeadh; de bhrí go bhfuil sé léirithe ag an mbriseadh sa slabhra soláthair dhomhanda de dheasca phaindéim COVID-19 a spleáiche atá an tAontas ar thriú tíortha san earnáil sláinte; de bhrí go bhfuil sé léirithe ag paindéim an choróinvíris nua go bhfuil ganntanais feistí leighis, táirgí leighis agus trealamh cosanta ann;

V.  de bhrí go bhfuil earnáil láidir táirgthe cógaisíochta ag AE i gcónaí, go háirithe san earnáil nuálach, agus gurb é an t-onnmhaireoir táirgí cógaisíochta is mó ar domhan é, mar chuid de thrádáil dhomhanda in earraí cógaisíochta; de bhrí go n-íslítear an praghas atá ar chógais nuair a sholáthraítear cógais chineálacha ar chostas níos ísle lena mbaineann monarú lasmuigh de AE, rud a imríonn tionchar ar bhuiséid cúraim sláinte na mBallstát agus ar rochtain na n-othar;

W.  de bhrí go bhfuil géarchéim eacnamaíoch i ndán do AE, de dheasca ghéarchéim sláinte COVID-19, a mbeidh tionchar aici ar ghanntanais cógas agus ar iomaíochas an tionscail cógaisíochta in AE;

X.  de bhrí go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna na láithreáin táirgthe atá ann cheana in AE a chosaint agus a chothú agus tírdhreach taighde na hEorpa a neartú;

Y.  de bhrí gurb iad na torthaí a bhíonn ar an éileamh méadaitheach i dteannta brú praghsanna ná comhchruinniú an tsoláthair i gcás APInna, laghdú ar líon na monaróirí ceimiceán agus easpa réitigh mhalartacha i gcás fadhbanna, mar atá léirithe ag géarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair;

Z.  de bhrí nach leor na stoic táirgí íocshláinte lena mbaineann mórleas teiripeach agus a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo, go bhfuil APInna saor agus éasca lena dtáirgeadh, agus go bhfuil cógais aibí, atá riachtanach don tsláinte phoiblí, gann go háirithe; de bhrí go n-oibríonn gnólachtaí cógaisíochta de réir an mhodha ‘díreach in am’, rud a fhágann gur féidir le monaróirí a bheith i mbaol suaití soláthair i gcás ina bhfuil briseadh sa táirgeadh nó sa slabhra soláthair nó luaineachtaí in éileamh an mhargaidh nach bhfuiltear ag súil leo;

AA.  de bhrí go ndéantar ‘onnmhairí comhthreomhara’ chuig tíortha ina bhfuil an cógas i dtrácht níos daoire a éascú mar thoradh ar an bpraghsáil dhifreálach sna Ballstáit; de bhrí go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh neamhbheartaithe ar onnmhairí comhthreomhara, i gcásanna áirithe, go gcuirfí isteach ar an soláthar ar fud na mBallstát, rud a rannchuideodh, ar an gcaoi sin, le héagothromaíochtaí sa mhargadh; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa i rún an 2 Márta 2017 uaithi ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle measúnú a dhéanamh ar thionchar na trádála comhthreomhaire agus na gcuótaí soláthair;

AB.  de bhrí, in éagmais comhordú éifeachtach ar leibhéal AE, go bhfuil éagothromaíocht sa mhargadh mar thoradh ar stoc-charnadh míchuí i roinnt Ballstát, rud a chuireann le ganntanais cógas agus a laghdaíonn an rochtain atá ag othair ar chóireáil ar fud AE;

AC.  de bhrí go bhfuil sé léirithe go bhfuil bearta neamhchomhordaithe ar an leibhéal náisiúnta neamhéifeachtach ó thaobh géarchéim COVID-19 a chomhrac, agus go bhfuil gá le comhordú agus idirphlé uile-Eorpach;

AD.  de bhrí go bhfuil sé tugtha chun suntais ag paindéim COVID-19 go bhfuil comhordú i measc institiúidí AE, rialtóirí agus saineolaithe ar an slabhra soláthair cógaisíochta ríthábhachtach chun freagairt do ghéarchéimeanna sláinte agus do bhriseadh soláthair amhail ganntanais cógas; de bhrí go bhfuil sé léirithe ag an bpaindéim freisin a thábhachtaí atá an comhordú idir beartais agus seirbhísí AE chun freagairt go pras agus go héifeachtúil d’éigeandálaí agus chun ganntanais cógas a chosc, agus chun iad a mhaolú i gcás ina dtarlaíonn siad;

AE.  de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mBallstát atá ag iarraidh stoc-chairn náisiúnta soláthairtí leighis a bhunú, agus go mbeadh an t-éileamh ina dhiaidh sin dá thoradh sin níos mó ná na réamhaisnéisí éilimh atá ann faoi láthair bunaithe ar an riachtanas eipidéimeolaíoch; de bhrí gur féidir soláthróirí a chur faoi bhrú suntasach mar thoradh ar mhéadú tobann ar an éileamh agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh dúshláin a bheith ann ó thaobh freastal ar an éileamh i dtíortha eile;

AF.  de bhrí gur chuir géarchéim airgeadais 2009 faoi deara do thíortha na hEorpa bearta teorannaithe costas neamh-inbhuanaithe a thabhairt isteach amhail forálacha aisghlámtha agus sásraí soláthair neamhéifeachtúla chun an caiteachas cógaisíochta a laghdú, agus, dá bharr sin, gur tarraingíodh táirgí agus cuideachtaí den mhargadh;

AG.  de bhrí go bhfuil bac á chur ar ghluaiseacht cógas laistigh den mhargadh aonair mar gheall ar an easpa rialacha comhchuibhithe i measc na mBallstát;

AH.  de bhrí go bhfuil sé léirithe ag géarchéim COVID-19 go bhfuil baol níos mó ann go ndéanfaí iarracht acmhainneachtaí cúraim sláinte a fháil trí infheistíocht dhíreach choigríche agus gur gá comhroinnt na n-acmhainneachtaí luachmhara sin laistigh den mhargadh aonair a choinneáil agus a fheabhsú;

AI.  de bhrí gur chun leas bunúsach AE agus a Bhallstát é go mbeadh tionscal cógaisíochta san Eoraip atá láidir, nuálach agus iomaíoch;

AJ.  de bhrí go bhfuil an creat dlíthiúil cuí ag teastáil ón tionscal cógaisíochta chun gur féidir leis dul i mbun taighde, forbartha agus táirgthe ar earraí cógaisíochta laistigh de AE;

AK.  de bhrí go gcruthaíonn cosaint phaitinne creat dlíthiúil, rud atá tábhachtach don nuálaíocht chógaisíochta, mar go dtugann sé dreasachtaí airgeadais do chuideachtaí chun na costais taighde agus forbartha (T&F) a bhaineann le cógais nua a chumhdach;

AL.  de bhrí go bhfuil cead ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le forais bhreise chun ceadúnais éigeantacha a dheonú, agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh céard is éigeandáil náisiúnta ann;

AM.  de bhrí go bhfuil na sásraí um fhógra a thabhairt d’oibreoirí an tslabhra soláthair, agus go háirithe do chógaiseoirí, maidir le ganntanas cógas sna Ballstáit an-ilroinnte faoi láthair; de bhrí go bhféadfadh sé sin cosc a chur le faireachán agus cumarsáid leormhaith idir údaráis na mBallstát maidir le ganntanais cógas;

AN.  de bhrí go n-iarrtar le hAirteagal 81 de Threoir 2001/83/CE go ndéanfaí bearta chun ganntanais táirgí íocshláinte nó fadhbanna dáileacháin ina leith sna Ballstáit a chosc; de bhrí gur eisigh an Coimisiún treoirlínte maidir le cógais a sholáthar ar bhealach barrmhaith agus réasúnach chun ganntanais a sheachaint le linn phaindéim COVID-19; de bhrí go n-aithníonn an Coimisiún sna treoirlínte sin nach bhfuil aon tír neamhthuilleamaíoch ó thaobh amhábhar, APInna, táirgí idirmheánacha nó cógais chríochnaithe de atá riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an córas sláinte go cuí;

AO.  de bhrí, mar a luaigh an Coimisiún, gur tháinig méadú suntasach ar tháirgeadh APInna agus táirgí íocshláinte araon in AE mar gheall ar fhreagairt na mBallstát ar ghéarchéim phaindéim COVID-19, faoinar ghá slabhraí soláthair agus línte táirgthe a atheagrú dá bharr; de bhrí gur leag an Coimisinéir Stella Kyriakides béim sna ráitis a rinne sí le linn chruinniú an 22 Aibreán 2020 le comhaltaí an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (ENVI) i bParlaimint na hEorpa ar an ngá atá le táirgeadh cógas agus an leibhéal nuálaíochta laistigh de AE a mhéadú; de bhrí gur acmhainn iad na saotharlanna cógaisíochta beaga agus meánmhéide go léir nach mór a chaomhnú agus go gcothaítear taighde agus fionnachtana ann a gcaithfear tacú leo, ós rud é gur féidir leo rannchuidiú le ganntanais drugaí a chosc;

AP.  de bhrí gur leag Parlaimint na hEorpa, ina rún an 8 Márta 2011(13), agus an Chomhairle, ina conclúidí an 13 Meán Fómhair 2010, araon béim ar an ngá atá le nós imeachta comhchoiteann a thabhairt isteach le haghaidh soláthar comhpháirteach frithbheart leighis, agus go háirithe vacsaíní paindéime; de bhrí go dtugtar spreagadh le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) do na Ballstáit leas a bhaint as nósanna imeachta um sholáthar comhpháirteach ar choinníoll go mbeidh Comhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach ann roimh ré idir na Ballstáit rannpháirteacha;

AQ.  de bhrí gur fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige, faoi dheireadh 2020, moltaí a fhoilsiú maidir le straitéis chógaisíochta de chuid AE amach anseo;

AR.  de bhrí go bhfuil an bainistiú iompair agus lóistíochta ríthábhachtach chun cógais, táirgí cógaisíochta, trealamh leighis, trealamh cosanta pearsanta, soláthairtí leighis agus amhábhair eile a sholáthar, go háirithe toisc gur mó castacht a bhaineann leis an slabhra iompair i gcónaí; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh trasnuithe teorann ‘lána ghlais’ éifeachtacha ann i dteannta lánaí meara chun sreabhadh cógas gan bhac a áirithiú, bacainní riaracháin a laghdú agus an rochtain ar sheirbhísí iompair a éascú;

AS.  de bhrí gur cheart ardchaighdeáin sábháilteachta agus caomhnú dálaí oibre cuibhiúla d’oibrithe a ráthú; de bhrí gur cheart, leis an rialáil chógaisíochta, cáilíocht, caighdeán, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an tsoláthair cógas idir na Ballstáit a áirithiú;

AT.  de bhrí go mbíonn othair ag brath ar rochtain chothrom agus éifeachtúil a bheith acu ar chógais, rud atá bunaithe ar mhargadh aonair inbhuanaithe, iomaíoch, ilfhoinsí agus dea-fheidhmiúil, an Limistéar Iompair Eorpach Aonair san áireamh;

AU.  de bhrí go bhfuil sé léirithe ag ráig COVID-19 go bhfuil cúrsaíocht cógas laistigh de AE agus lasmuigh de ríthábhachtach chun na srianta atá ann a shárú agus chun tús áite a thabhairt do chúrsaíocht earraí bunriachtanacha;

AV.  de bhrí gur gá ráig COVID-19 a chosc chun nach rachaidh an staid shocheacnamaíoch agus dálaí maireachtála na saoránach leochaileach in olcas;

AW.  de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide, in éineacht leis an domhandú, an t-uirbiú agus an méadú ar thaisteal, ar cheann de na tosca is cúis le hiomadú eipidéimí, chomh maith lena leathnú geografach agus le méadú ar an tionchar a bhíonn acu; de bhrí gur neartaíodh an faireachas Eorpach a dhéantar ar ghalair veicteoir-iompartha amhail an mhaláire, an fiabhras deinge, fiabhras Chikungunya, víreas Zika agus víreas na Níle Thiar;

AX.  de bhrí go bhfuil comhghaol níos mó ann idir díothú na bithéagsúlachta, an trádáil neamhdhleathach i bhfiadhúlra, leathadh na ngnáthóg saorga agus an damáiste a dhéantar do cheantair nádúrtha ina bhfuil dlúthdhaonra, mar aon le modhanna neamh-inbhuanaithe sa táirgeadh bia agus leathadh ‘zónóisí’, i.e. pataiginí ainmhithe a bheith á dtarchur chuig daoine agus iad a bheith ag scaipeadh go tapa; de bhrí gur foinse thábhachtach í an bhithéagsúlacht le haghaidh cógais atá ann cheana agus le haghaidh na forbartha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar dhrugaí amach anseo;

1.  á chur i bhfáth go bhfuil gá geostraitéiseach ann go mbainfeadh an tAontas neamhspleáchas amach arís ó thaobh cúram sláinte de, go n-áiritheodh sé soláthar inacmhainne cógas, trealaimh leighis, feistí leighis, substaintí gníomhacha, uirlisí diagnóiseacha agus vacsaíní go tapa agus go héifeachtúil, agus go ndéanfadh sé aon ghanntanais ina dtaobh a chosc, ar bhealach lena dtugtar tús áite do leas agus sábháilteacht othar; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ag na Ballstáit ar fad ar an slabhra soláthair; á thabhairt chun suntais, chun na críche sin, gur gá do thionscal cógaisíochta an Aontais slabhra soláthair éagsúlaithe agus plean maolaithe riosca maidir le ganntanas cógas a bheith aige chun dul i ngleic le haon leochaileachtaí agus aon bhaol dá slabhra soláthair;

2.  á chur i bhfios, cé gurb iad na Ballstát atá freagrach as a gcuid beartas sláinte poiblí a shainiú agus a eagrú, gurb é an tAontas atá freagrach as an reachtaíocht chógaisíochta mar aon le beartais éagsúla na sláinte poiblí agus gur faoi AE atá sé bearta náisiúnta a chomhordú agus a chomhlánú chun rochtain ar sheirbhísí sláinte inacmhainne agus ardcháilíochta a áirithiú do shaoránaigh agus cónaitheoirí uile AE;

3.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leasanna agus sábháilteacht na n-othar a chur i gcroílár na mbeartas sláinte i gcónaí gan aon idirdhealú a dhéanamh sa rochtain ar chógais agus ar chóireálacha, go bhfuil gá le comhar agus comhordú níos dlúithe idir na Ballstáit agus gur gá malartú dea-chleachtas a éascú; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí díobháil a dhéanamh d’othair de dheasca ganntanais cógas agus feistí leighis; á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit comhordú go dlúth chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht shlabhra soláthair an chúraim sláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil leanúnach ar chógais;

4.  á chur i bhfáth gur bagairt thromchúiseach é an ganntanas cógas ar an gceart atá ag othair in AE cóireáil leighis riachtanach a fháil, rud as a dtagann neamhionannais idir othair ag brath ar a dtír chónaithe agus a d’fhéadfadh cur isteach ar an margadh aonair;

5.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sainmhíniú comhchuibhithe ar leibhéal AE ar ‘ghanntanas’, ‘teannas’, ‘suaitheadh soláthair’, ‘anás stoic’ agus ‘róstocáil’; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i dtreo na sainmhínithe comhchuibhithe sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear eagraíochtaí othar; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, an sainmhíniú ar ‘ghanntanas’ mar a mhol tascfhórsa comhpháirteach na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) agus Stiúrthóirí na nGníomhaireachtaí Leigheasra (HMA) in 2019 a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún idirdhealú a dhéanamh idir ‘táirgí íocshláinte lena mbaineann mórleas teiripeach’ (MITManna), i.e. cógais ar dócha go ndéanfadh briseadh ina n-úsáid mar chóireáil prognóis riachtanach na n-othar a chur i mbaol sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma nó seans an othair a laghdú go suntasach ó thaobh an dul chun cinn a d’fhéadfadh an galar a dhéanamh, nó i gcás galar nach bhfuil roghanna teiripeacha oiriúnacha ann ina leith i gcainníocht leordhóthanach, agus ‘táirgí íocshláinte a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo’ (MISSanna) lena mbainfeadh baol láithreach do bheatha an othair dá mbeadh briseadh ina n-úsáid mar chóireáil;

6.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí measúnú ar na bunchúiseanna lena mbaineann tosca éagsúla atá le ganntanais cógas agus go dtabharfaí aghaidh orthu; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an glao ar thairiscintí a sheol an Coimisiún le haghaidh staidéar ar na cúiseanna a bhíonn le ganntanas cógas san Aontas agus á iarraidh go bhfoilseofaí an staidéar faoi dheireadh na bliana; á iarraidh, áfach, go ndéanfaí staidéar eile ar an tionchar a bhíonn ag ganntanais cógas ar chúram, cóireáil agus sláinte na n-othar;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhachtaí uaillmhianacha agus nithiúla a mholadh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin sa straitéis chógaisíochta atá beartaithe aige; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta don earnáil cógaisíochta a ionchorprú sa togra maidir le dlí an díchill chuí le haghaidh cuideachtaí, 2021;

8.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh clár sláinte Eorpach nua (EU4Health) agus gurb é ceann dá chuspóirí sonraithe go ndéanfaí infhaighteacht agus inrochtaineacht cógas agus trealaimh leighis a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chomhpháirteach maidir le ganntanas cógas a chosc, a mhaoineofar faoin gclár sláinte a bheidh ann amach anseo;

9.  á mheabhrú gur dúshlán domhanda é an ganntanas cógas; á chur i bhfáth gurb iad na tíortha atá i mbéal forbartha, amhail roinnt tíortha san Afraic, na tíortha is mó atá thíos leis na ganntanais sin; á iarraidh go rachfaí i ngleic leis an rochtain ar chógais i dtíortha atá i mbéal forbartha i gcomhthéacs níos leithne i gcreat EDS; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tacaíocht a thugann siad do thíortha atá i mbéal forbartha a mhéadú, go háirithe tríd an gcúlchiste straitéiseach RescEU;

10.  ag cur béim ar an gceart bunúsach atá gach duine caighdeán maireachtála a theachtadh atá leormhaith dá sláinte agus dá ndea-bhail féin agus do shláinte agus dea-bhail a dteaghlaigh, mar a chumhdaítear in Airteagal 25 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine; á mheabhrú, ina leith sin, go bhfuil AE tiomanta d’ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú ina bheartais agus ina ghníomhaíochtaí uile, i gcomhréir le hAirteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus prionsabal an Chomhtháthaithe Beartais ar mhaithe le Forbairt, i gcomhréir iomlán le gealltanais idirnáisiúnta, go háirithe Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3 ‘Beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois’;

Soláthairtí a áirithiú chun leas na n-othar, rochtain ar chóireáil leighis a áirithiú do gach othar, agus neamhspleáchas sláinte AE a athbhunú

11.  á mheabhrú go mbíonn tionchar díreach ag ganntanais cógas ar shláinte agus sábháilteacht othar agus ar a bheith in ann leanúint dá gcóireáil; á chur i bhfáth, i gcás na n-othar, gurb iad seo a leanas iarmhairtí na nganntanas cógas: dul chun cinn an ghalair agus/nó dul in olcas na siomptóm mar gheall ar mhoill ar an gcóireáil, tarchur galar tógálach is féidir a sheachaint, méadú ar an nochtadh do chógais fhalsaithe, agus anacair shíceolaíoch shuntasach d’othair agus dá dteaghlach; á mheabhrú nach bhfuil aon Bhallstát neamhthuilleamaíoch ó thaobh amhábhar, táirgí idirmheánacha, APInna nó cógais chríochnaithe de atá riachtanach chun feidhmiú cuí an chórais sláinte a áirithiú;

12.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an baol an-ard i measc daoine leochaileacha amhail leanaí, daoine scothaosta, mná torracha, daoine atá faoi mhíchumas, othair a bhfuil galair ainsealacha nó ailse orthu, nó daoine atá in aonad dianchúraim;

13.  á mheabhrú go bhfuil ganntanais ann ó thaobh na hormón a thugtar do mhná le haghaidh frithghiniúna agus teiripe athsholáthair hormón (TAH); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur bagairt iad na ganntanais sin ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe na mban agus na gcailíní; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an rialú agus an bainistiú a dhéantar ar mhonarú, stoc-charnadh agus margú na gcógas sin chun leanúnachas sna slabhraí soláthair, praghsáil chothrom agus infhaighteacht do mhná a áirithiú;

14.  á chur i bhfios go láidir, maidir le praghas níos airde ar an gcógas ionaid a mholtar don othar, ráta aisíocaíochta níos ísle nó cás nach ann d’aisíocaíocht, gurb ionann an méid sin, i roinnt Ballstát, agus constaic mhór ar an rochtain ar chógais do dhaoine ar ioncam íseal nó dóibh siúd a bhfuil galair ainsealacha orthu; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain a áirithiú ar chógais ionaid ar phraghas coibhéiseach nó ar chógais ionaid atá faoi réir aisíocaíocht chomhchosúil i gcás ganntanas soláthair;

15.  á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí faoi riachtanais fhéintuairiscithe nach bhfuiltear ag freastal orthu maidir leis an rochtain ar chógais a áireamh i Staidreamh AE ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (EU-SILC), ós rud é nach ndéantar an rochtain ar chógais a thomhas in EU-SILC faoi láthair;

16.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit an ghníomhaíocht mhear is gá a dhéanamh chun slándáil an tsoláthair táirgí leighis a áirithiú, chun spleáchas AE ar thríú tíortha a laghdú agus chun tacú leis an táirgeadh áitiúil cógaisíochta, le haghaidh cógais lena mbaineann mórleas teiripeach, agus tosaíocht á tabhairt do tháirgí íocshláinte a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo i ndlúthchomhar leis na Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, léarscáil a tharraingt suas de shuíomhanna táirgthe AE i dtríú tíortha mar aon le léarscáil forbartha, a úsáidfear mar thagairt, de na suíomhanna táirgthe atá ann cheana agus a d‘fhéadfadh a bheith ann in AE, chun gur féidir a n-acmhainneacht a chothú, a nuachóiriú agus a neartú, i gcás inar gá agus inar féidir sin agus ina bhfuil sé inmharthana; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh an tionscal cógaisíochta in ann aghaidh a thabhairt ar mhéadú tobann ar an éileamh i gcásanna criticiúla;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt, ina chuid straitéisí cógaisíochta agus tionsclaíochta atá ar na bacáin, ar shaincheisteanna a bhaineann le hinfhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht cógas, leis an gcomhar idir údaráis rialála náisiúnta, agus le spleáchas AE ar thríú tíortha ó thaobh acmhainneacht mhonaraíochta, soláthar APInna agus ábhair thosaigh de; á chreidiúint nach mór go n-áireofaí bearta rialála sna straitéisí sin agus nach mór go dtabharfaí spreagadh leo do tháirgeadh APInna agus cógas in AE atá bunriachtanach ionas go mbeidh cógais ar fáil, go mbeidh praghas réasúnta orthu, go mbeidh siad inbhuanaithe agus go mbeidh rochtain ag cách orthu;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún colún sa straitéis chógaisíochta atá ar na bacáin a dhéanamh den ghanntanas cógas agus fóram cógaisíochta a chruthú, faoi mhaoirseacht EMA, faoina dtabharfaí le chéile lucht ceaptha beartas, rialtóirí, íocóirí, eagraíochtaí othar agus tomhaltóirí, ionadaithe ón tionscal agus geallsealbhóirí ábhartha eile i slabhra soláthair an chúraim sláinte chun ganntanais a chosc, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta cógaisíochta agus iomaíochas thionscal cógaisíochta na hEorpa a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, an t-idirphlé leis na geallsealbhóirí ábhartha agus leis na gníomhaithe idirnáisiúnta a neartú tuilleadh chun measúnú a dhéanamh ar chóireálacha agus vacsaíní nua agus le EMA chun teacht ar bhealaí chun measúnuithe eolaíocha idir gníomhaireachtaí náisiúnta a ailíniú go mear, lena n-áirítear maidir le comhoibriú sa chéim réamh-mheasúnaithe sula gcuirfear sonraí cliniciúla riachtanacha ar fáil, maidir le hailíniú ghiniúint na sonraí tar éis an fhormheasta, agus maidir le cineálacha cur chuige solúbtha le haghaidh dlús a chur le táirgeadh cóireálacha agus vacsaíní;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ráthófar lena straitéis chógaisíochta go ndéanfar cleachtais ghnó neamh-inghlactha a chomhrac áit ar bith ar an slabhra soláthair cógas a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den trédhearcacht agus den chaidreamh cothrom idir na heintitis phoiblí agus phríobháideacha éagsúla a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le comhlíonadh na bunseirbhíse poiblí ó thaobh rochtain ar chógais a áirithiú;

20.  ag tathant ar an gCoimisiún agus na Ballstáit, i gcás inar gá chun leas an phobail, breithniú a dhéanamh ar bhearta a thabhairt isteach mar aon le dreasachtaí airgeadais i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair agus beartais inbhuanaithe mar mhalairt ar ghealltanais, bonn láidir tionsclaíoch na hEorpa sa chógaisíocht a chosaint agus an tionscal a spreagadh chun a chuid oibríochtaí a lonnú in AE, ó tháirgeadh APInna go monarú, pacáistiú agus dáileadh cógas; ag tathant ar na Ballstáit na hoibríochtaí atá ann cheana a choinneáil, mar shampla trí luach saothair a thabhairt as infheistíocht a dhéanamh i gcáilíocht na gcógas agus i slándáil an tsoláthair; ag cur béim ar thábhacht straitéiseach na hearnála sin agus ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí Eorpacha chun acmhainní a éagsúlú agus chun forbairt teicneolaíochtaí táirgthe nuálacha a spreagadh lenar féidir feabhas a chur ar fhreagrúlacht na línte táirgthe ina n-iomláine; á mheabhrú nár cheart aon chistiú poiblí a thabhairt ach ar choinníoll go bhfuil trédhearcacht agus inrianaitheacht iomlán sna hinfheistíochtaí, go bhfuil na hoibleagáidí soláthair ar an margadh Eorpach á gcomhlíonadh, agus go ndéantar an toradh is fearr a éascú d’othair, lena n-áirítear ó thaobh inrochtaineacht agus inacmhainneacht na gcógas táirgthe de;

21.  ag tathant ar an gCoimisiún agus na Ballstáit an creat eacnamaíoch cuí a chur i bhfeidhm chun na hacmhainneachtaí monaraíochta atá ann cheana maidir le cógais, an teicneolaíocht agus APInna san Eoraip a choinneáil agus a nuachóiriú, mar shampla trí luach saothair a thabhairt as infheistíocht a dhéanamh i gcáilíocht na gcógas agus i slándáil an tsoláthair;

22.  á chur i bhfáth gur crann taca tábhachtach sa tionscal i gcónaí í an earnáil chógaisíochta agus go gcruthófar go leor post inti amach anseo freisin;

23.  á mheas gur deis mhór atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip chun monaróirí cógaisíochta a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phlean téarnaimh ghlais faoina mbeidís ag táirgeadh i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil agus éiceolaíocha;

24.  á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sé nach féidir gach slabhra soláthair leighis a aisdúichiú go hiomlán i ngeilleagar domhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún, na Ballstáit agus comhpháirtithe iltaobhacha AE, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), creat idirnáisiúnta a bhunú chun cáilíocht agus sláine na slabhraí soláthair domhanda a áirithiú chun teorainn a chur le húsáid na mbeart cosantach díobhálach, agus na caighdeáin saothair agus chomhshaoil is airde á gcomhlíonadh sa táirgeadh ar fud an domhain ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, bearta a áireamh sa straitéis chógaisíochta nua chun dul i ngleic le haon bhriseadh sna slabhraí soláthair domhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le soláthar cógas, lena n-áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá le déanamh ar an mbeartas trádála;

25.  ag tabhairt dá haire, i gcás táirgí íocshláinte bitheolaíocha áirithe amhail iad siúd a dhíorthaítear ó fhuil agus ó phlasma, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh an Eoraip in ann cur lena hacmhainneacht ó thaobh fuil agus plasma a bhailiú chun a spleáiche atá sí ar allmhairí plasma ó thríú tíortha a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le fuil, fíocháin agus cealla (Treoir 2002/98/CE(15) agus Treoir 2004/23/CE(16)) chun an baol a laghdú go mbeadh ganntanais ann maidir leis na táirgí íocshláinte tarrthála bunriachtanacha sin;

26.  á mheabhrú gur leagadh oibleagáidí ginearálta síos in Airteagail 81 agus 23a de Threoir 2001/83/CE maidir le soláthar táirgí íocshláinte atá le comhlíonadh ag sealbhóirí údaraithe margaíochta agus dáileoirí, mar aon le hoibleagáid fógra a thabhairt i gcás briseadh sealadach nó buan sa soláthar; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, na héagothromaíochtaí atá tugtha faoi deara ag an gCoimisiún sa chaoi a dtrasuitear na hoibleagáidí sin sa reachtaíocht náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann sealbhóirí údaraithe margaíochta agus dáileoirí mórdhíola ceanglais Threoir 2001/83/CE chun a áirithiú go mbeidh soláthar iomchuí agus leanúnach cógas ann; á iarraidh ar an gCoimisiún na hoibleagáidí atá ar shealbhóirí údaraithe margaíochta faoi Threoir 2001/83/CE a shainiú tuilleadh agus á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go dtuairisceoidh siad ganntanais cógas laistigh de na tréimhsí ama atá leagtha síos; á chur i bhfáth gur gá smachtbhannaí athchomhairleacha agus comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí dlíthiúla sin i gcomhréir leis an gcreat reachtach atá ann cheana;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit féachaint an bhféadfaí pleananna comhchuibhithe um chosc agus bainistiú ganntanas a bhunú lena gceanglófaí ar tháirgeoirí cógais a shainaithint lena mbaineann mórleas teiripeach agus ar cheart bearta coisctheacha agus ceartaitheacha a dhéanamh ina leith chun aon bhriseadh sa soláthar a sheachaint nó a mhaolú; á chur i bhfios gur cheart a áireamh sna pleananna sin réitigh maidir le stóráil straitéiseach cógas chun gur féidir soláthar ar feadh tréimhse réasúnta ama a áirithiú mar aon le sásraí cumarsáide trédhearcacha agus buana trínar féidir le hothair agus gairmithe cúraim sláinte ganntanais a thuairisciú agus a thuar; ag tathant ar an gCoimisiún treoir a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh tionscnaimh náisiúnta maidir le stoc-charnadh comhréireach leis an ngá atá ann agus nach gcruthófar aon iarmhairtí neamhbheartaithe i mBallstáit eile dá mbarr;

28.  ag tabhairt dá haire gur gné riachtanach í slándáil an tsoláthair maidir le ganntanais a chomhrac agus gur cheart í a úsáid mar chritéar cáilíochtúil i gcomhthéacs na gconarthaí le haghaidh cógaslanna poiblí agus na nglaonna ar thairiscintí a bhaineann le soláthar táirgí íocshláinte, mar a mholtar in Airteagal 67 de Threoir 2014/24/AE; ag cur béim ar a thábhachtaí atá soláthar éagsúlaithe agus cleachtais soláthair le haghaidh cógas; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs Threoir 2014/24/AE, treoirlínte a mholadh go pras do na Ballstáit, go háirithe maidir le cur chun feidhme chritéir na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch (MEAT), ag féachaint ar níos mó ná an critéar a bhaineann leis an bpraghas is ísle; á mholadh gur cheart infheistíochtaí i monarú comhábhar gníomhach agus táirgí íocshláinte críochnaithe in AE a choinneáil mar chritéar, mar aon le líon agus suíomh na láithreán táirgthe, iontaofacht an tsoláthair, na brabúis a athinfheistiú in T&F agus caighdeáin shóisialta, chomhshaoil, eiticiúla agus cháilíochta a chur i bhfeidhm;

29.  á thabhairt dá haire go bhféadfadh nósanna imeachta um sholáthar nach dtagann ach aon tairiscint amháin astu agus/nó nach bhfuil ach láithreán táirgthe amháin acu le haghaidh na substainte bunúsaí a bheith ina gcúis leochaileachta i gcás briseadh sa soláthar; á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta um sholáthar a thabhairt isteach faoinar féidir conarthaí a bhronnadh ar roinnt tairgeoirí a n-éiríonn lena dtairiscint, lena n-áirítear tairgeoirí comhpháirteacha, trí bheith ag díriú ar tháirgeadh in AE agus trí dhá fhoinse éagsúla ar a laghad a ráthú le haghaidh na substainte bunúsaí, chun an iomaíocht a choinneáil sa mhargadh agus chun an baol ganntanais a laghdú, agus cóireáil leighis ardcháilíochta agus inacmhainne d’othair á ráthú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, chun na críche sin, scrúdú a dhéanamh ar an deis atá ann creat reachtach a chruthú lena spreagfaí córais cúraim sláinte chun tairiscintí a chur i gcrích, agus lena gcuirfí ar a gcumas déanamh amhlaidh, ar tairiscintí iad lena dtugtar luach saothair do chuideachtaí cógaisíochta a áirithíonn go soláthraítear earraí cógaisíochta in imthosca deacra;

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de ghnóthais chógaisíochta neamhbhrabúsacha Eorpacha a chruthú a bhíonn ag oibriú chun leas an phobail chun táirgí íocshláinte a mhonarú a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo le haghaidh cúram sláinte, in éagmais táirgeadh tionsclaíoch atá ann cheana, chun slándáil an tsoláthair a chomhlánú agus a ráthú agus chun aon ghanntanais cógas a d’fhéadfadh a bheith ann i gcásanna éigeandála a chosc; á mheabhrú go bhféadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag teicneolaíochtaí nua, an digitiú agus an intleacht shaorga ó thaobh a chur ar chumas taighdeoirí ó shaotharlanna na hEorpa oibriú i líonra agus a gcuid cuspóirí agus torthaí a chomhroinnt, agus lánurraim á tabhairt don Chreat Eorpach um Chosaint Sonraí;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht chúramach a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an intleacht shaorga rannchuidiú ar bhealach dearfach chun soláthairtí leighis a sholáthar go tapa agus go hiontaofa;

32.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí amhail an Tionscnamh Eorpach um Chógais Leighis Nuálacha (IMI), faoi chuimsiú na gclár taighde agus nuálaíochta; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar shamhail Eorpach den Biomedical Advanced Research and Development Authority sna Stáit Aontaithe a chruthú;

33.  á chur i bhfáth nach féidir gurb é is ciall leis an ngá práinneach atá le cógais agus trealamh leighis go rachaidh sé chun dochair do cháilíocht, sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cost-éifeachtúlacht na gcógas lena n-úsáid ag an duine agus na dtáirgí sláinte;

34.  á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne cógais fhalsaithe a bheith á scaipeadh ó shuíomhanna gréasáin agus díoltóirí neamhúdaraithe, ar cúis bhuartha iad faoi láthair; á mheas go bhféadfadh an cleachtas sin dochar tromchúiseach a dhéanamh agus go bhféadfadh fadhbanna tromchúiseacha sláinte a bheith mar thoradh air nó go bhféadfadh sé sláinte shaoránaigh AE a dhéanamh níos measa; á chur i bhfáth go bhfuil comhordú AE maidir le cógais ghóchumtha a rianú agus a chomhrac ríthábhachtach;

35.  á iarraidh go mbeadh idirphlé feabhsaithe ann idir an tionscal cógaisíochta agus earnálacha táirgthe eile, amhail an talmhaíocht, an ghairneoireacht agus an fhoraoiseacht, chun táirgeadh comhábhar gníomhach in AE a fhorbairt; á iarraidh go ndéanfaí róspeisialtóireacht in earnálacha áirithe a chomhrac agus go ndéanfaí infheistíocht ollmhór sa taighde, sa bhithgheilleagar agus sa bhiteicneolaíocht chun acmhainní a éagsúlú; á mheas, ar mhaithe le téarnamh tionsclaíoch na hEorpa, gur gá tús áite a thabhairt don chlaochlú déach éiceolaíoch agus digiteach ar an tsochaí agus d’fhorbairt na hathléimneachta i gcoinne suaití seachtracha;

36.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an taighde agus nuálaíocht leighis ar ardcháilíocht, lena n-áirítear sa réimse iarphaitinne; á iarraidh go mbunófaí fíorlíonra Eorpach chun tacú leis an taighde teiripeach agus leighis agus á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfaí dochar do cháilíocht an taighde leighis de thoradh phraghas an athlonnaithe; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag córas cobhsaí taighde agus forbartha ar acmhainneachtaí táirgthe agus ar chobhsaíocht an tsoláthair;

37.  ag aithint gur earnáil bhunriachtanach é an tionscal cógaisíochta atá bunaithe ar thaighde agus go rannchuidíonn sé le monarú agus soláthar cógas ar ardcháilíocht a áirithiú, le nuálaíocht sa todhchaí a áirithiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais atá fós ann agus nach bhfuiltear ag freastal orthu, agus le tacú le hathléimneacht, freagrúlacht agus ullmhacht na gcóras cúraim sláinte chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo, paindéimí san áireamh;

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún timpeallacht a sholáthar ina ndéantar an tionscal cógaisíochta atá bunaithe ar thaighde a dhreasú chun réitigh inacmhainne a fhorbairt do riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, amhail an comhrac i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha; á iarraidh ar an gCoimisiún córas láidir Eorpach um maoin intleachtúil a choinneáil faoin straitéis chógaisíochta atá ar na bacáin, chun taighde agus forbairt agus an mhonaraíocht a spreagadh san Eoraip agus a áirithiú go mbeidh an Eoraip fós ina nuálaí agus ina ceannródaí domhanda, agus, ar deireadh, neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a chosaint agus a neartú i réimse na sláinte poiblí;

39.  ag tathant ar an gCoimisiún, ina theannta sin, bearta a mholadh chun cuimsiú níos mó fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) AE sa slabhra soláthair cógas a dhreasú i bhfianaise a róil lárnaigh sa taighde agus sa nuálaíocht agus a gcumais a bhfócas táirgthe a oiriúnú, d’fhonn dul i ngleic le suaithí gan choinne ar bhealach níos fearr;

40.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit timpeallacht a chruthú lena n-áiritheofar gur suíomh tarraingteach í an Eoraip i gcónaí d’infheistíocht taighde agus forbartha, chun tionscal cógaisíochta gníomhach agus iomaíoch atá bunaithe ar thaighde a chaomhnú, a mbeidh tuilleadh infheistíochta in acmhainní agus i mbonneagar taighde agus forbartha mar bhonn taca leis, lena n-áirítear ollscoileanna, agus é á chur san áireamh go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta i gcónaí ar an leibhéal domhanda maidir le comhábhair ghníomhacha le haghaidh cógais phaitinne a mhonarú; á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní airgeadais leormhaithe a sholáthar, faoin gclár Fís Eorpach agus faoi chláir eile de chuid AE, chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Aontais lena dtacaítear leis an monaraíocht i bpríomhearnálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear an tionscal cógaisíochta, a neartú, agus cothromaíocht gheografach á háirithiú i gcónaí, agus a áirithiú go mbeidh na Ballstáit ar íseal a bhfeidhmíocht i dtaobh taighde agus nuálaíochta rannpháirteach i dtionscadail agus cláir chomhoibríocha de chuid AE agus prionsabal an bharr feabhais á chomhlíonadh i gcónaí;

41.  á thabhairt chun suntais go bhfuil Fís Eorpach tar éis líon suntasach gníomhachtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann leis an tsláinte a mhaoiniú cheana féin; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh cistiú ar thaighde a bhaineann leis an gcoróinvíreas difear do thosaíochtaí eile sláinte ag an gclár Fís 2020; á iarraidh go gcuirfí tuilleadh cistithe ar fáil tríd an gclár Fís Eorpach chun éiceachórais taighde agus nuálaíochta atá dírithe ar an leigheas a chruthú agus chun tacú leo, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus tacaíocht do thaighde poiblí in earnálacha lena mbaineann breisluach ard agus in earnálacha nuálacha; á chur i bhfáth go bhfuil scileanna, líonraí agus naisc acadúla, bonneagar sonraí sláinte, creat rialála a fheidhmíonn, agus beartais maoine intleachtúla lena gcothaítear nuálaíocht ag teastáil chun éiceachóras taighde leighis atá ar thús cadhnaíochta a bhaint amach; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na dreasachtaí a cuireadh ar bun chun taighde ar ‘chógais dílleachta’ a chur chun cinn chun a chinntiú go bhfuil rath orthu, agus á iarraidh go mbeadh dreasachtaí nua ann más rud é nach amhlaidh an cás; á chur i bhfios go láidir gur gá don chlár Fís Eorpach agus do chláir eile de chuid an Aontais tacú le taighde ar ghalair neamhchoitianta agus nach mór taighde, dea-chleachtais, trialacha cliniciúla agus cógais a bhaineann le galair neamhchoitianta a chur ar fáil do shaoránaigh na mBallstát uile; á mheabhrú di a thábhachtaí atá sé go mbeadh ceadúnú neamheisiach ann maidir le ganntanais a mhaolú agus praghsanna cógas a chobhsú, go háirithe le linn éigeandáil sláinte;

42.  á iarraidh ar an gCoimisiún an tionchar atá ag an gcoróinvíreas ar an tionsclaíocht agus ar FBManna a mheas, agus straitéis thionsclaíoch athnuaite de chuid an Aontais a thíolacadh lena dtabharfaí tús áite don aistriú déach sa réimse éiceolaíochta agus sa réimse digiteach den tsochaí agus d’fhorbairt athléimneachta i leith suaití seachtracha; ag tathant ar an gCoimisiún a chur ar chumas na mBallstát gach iarracht is gá a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh cuideachtaí cógaisíochta beaga agus meánmhéide dá ngníomhaíochtaí taighde nó go dtosóidh siad orthu arís agus go gcuideoidh siad le héagsúlacht an táirgthe agus leis na poist lena ngabhann a áirithiú, agus béim á leagan freisin ar a thábhachtaí atá an mhonaraíocht inbhuanaithe eiticiúil ar ardchaighdeán le haghaidh post, fáis agus iomaíochais;

43.  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh baint níos mó ag cumainn othar le straitéisí taighde le haghaidh trialacha cliniciúla poiblí agus príobháideacha a shainiú chun a áirithiú go sásóidh siad riachtanais othair na hEorpa nach bhfuiltear ag freastal orthu;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún an trédhearcacht a chur chun cinn in infheistíochtaí poiblí sna costais a bhaineann le taighde agus forbairt ar chógais chun na hinfheistíochtaí sin a léiriú san infhaighteacht agus an socrú praghsanna don phobal i gcoitinne; á mheabhrú gur ghlac sí seasamh maidir le Treoir 89/105/CE(17) agus á iarraidh ar an gCoimisiún bearta iomchuí a dhéanamh sa straitéis chógaisíochta atá ar na bacáin i ndáil leis sin, lena n-áirítear athbhreithniú ar an treoir a mheas;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéantar i monarchana monaraíochta cógaisíochta, atá mar chuid de bhonneagar sláinte criticiúil na hEorpa;

46.  á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfuil rochtain ag gairmithe sláinte agus an pobal i gcoitinne ar chógais agus táirgí sláinte atá sábháilte, éifeachtach agus ar ardcháilíocht trí fhaireachán agus rialáil a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach na ndea-chleachtas cliniciúil maidir le húdarú trialacha cliniciúla agus an chaoi a gcuirtear i gcrích iad, i gcomhréir leis na caighdeáin cosanta sláinte is airde;

47.  á iarraidh go neartófaí margadh na gcógas Eorpach chun dlús a chur leis an rochtain atá ag othair ar chógais, chun go mbeidh praghas níos réasúnta ar chúram, chun an tsábháil airgid sna buiséid náisiúnta sláinte a uasmhéadú agus chun ualaí riaracháin ar chuideachtaí cógaisíochta a sheachaint;

48.  á chur i bhfios go mbíonn níos mó iomaíochta ann, go laghdaítear praghsanna agus go sábháiltear airgead i gcórais cúraim sláinte mar thoradh ar chógais chineálacha agus bhithshamhlacha, agus go gcuirtear feabhas ar an gcaoi sin ar an rochtain atá ag othair ar chógais;

49.  á chur i bhfáth gur cheart anailís a dhéanamh ar bhreisluach na gcógas bithshamhlach agus ar an tionchar eacnamaíoch a bhíonn acu ar inbhuanaitheacht na gcóras cúraim sláinte, nár cheart moill a chur ar a dteacht isteach sa mhargadh, agus, i gcás inar gá, gur cheart scrúdú a dhéanamh ar bhearta chun tacú lena dtabhairt isteach sa mhargadh;

50.  á chur in iúl gur saoth léi na cásanna dlíthíochta arb é is aidhm dóibh moill a chur ar theacht isteach na gcógas cineálach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcloífear le deireadh thréimhse an eisiachais thráchtálaigh de chuid an nuálaí;

51.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ar sholáthar cógas, go háirithe in Éirinn; á iarraidh go n-áireofaí sa chomhaontú caidrimh a bheidh ann amach anseo leis an Ríocht Aontaithe forálacha spriocdhírithe, amhail comhaontuithe aitheantais fhrithpháirtigh, lenar féidir leis an dá thaobh freagairt do bhagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn agus a áirithiú go mbeidh rochtain leanúnach agus thapa ag othair ar chógais agus feistí leighis sábháilte agus go mbeadh pleananna teagmhais ann i gcás nach ndéanfar aon mhargadh;

An ghníomhaíocht Eorpach a threisiú chun beartais sláinte na mBallstát a chomhordú agus a fhorlíonadh ar bhealach níos fearr

52.  á mholadh go n-oibreodh an Coimisiún, na Ballstáit agus an tionscal, faoi cheannaireacht EMA, i gcomhar le chéile chun tuilleadh trédhearcachta a thabhairt isteach i slabhra táirgthe agus dáilte na gcógas agus chun aonad Eorpach a chruthú chun ganntanais a chosc agus a bhainistiú;

53.  á iarraidh ar na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus geallsealbhóirí eile a ndéantar difear dóibh, iniúchadh a dhéanamh go comhuaineach ar chineálacha malartacha cur chuige ó thaobh stoic leordhóthanacha a áirithiú, amhail na ceanglais rialála atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtach i leith gach gníomhaí sa slabhra soláthair ar an leibhéal náisiúnta, mar aon le bearta chun an trédhearcacht a mhéadú laistigh den slabhra soláthair;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéisí sláinte a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach ar bhonn bascaed coiteann drugaí le haghaidh cóireáil in aghaidh ailse, ionfhabhtuithe, galair neamhchoitianta agus galair eile a ndéanann ganntanais difear dóibh go háirithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag othair ar chóireáil leighis, agus na héagsúlachtaí sna cineálacha cur chuige ar fud na mBallstát á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh freisin an bhféadfaí critéir phraghsála chomhchuibhithe a chur i bhfeidhm chun go mbeidh praghas níos réasúnta ar na cógais sin chun dul i ngleic le ganntanais a tharlaíonn arís agus arís eile, agus an phaireacht cumhachta ceannaigh sna Ballstáit ar fad á cur san áireamh;

55.  á iarraidh ar an gCoimisiún an tsaincheist maidir leis an nganntanas cógas ailse a chur i gcroílár na coda cóireála de Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac atá le teacht;

56.  á iarraidh go dtabharfaí reacht sonrach isteach le haghaidh cógais aibí áirithe lena ngabhfadh dreasachtaí do mhonaróirí chun go leanfaidís dá gcur ar an margadh Eorpach agus chun éagsúlú an táirgthe Eorpaigh a áirithiú;

57.  á iarraidh ar an gCoimisiún cúlchiste teagmhasach Eorpach a chruthú le haghaidh táirgí íocshláinte a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo (MISSanna) agus a bhfuil baol mór ganntanais ag baint leo, ar aon dul le sásra ‘RescEU’, chun ganntanais a tharlaíonn arís agus arís eile a mhaolú agus chun cógaslann éigeandála Eorpach a chruthú; á áitiú go gcaithfidh an cúlchiste sin a bheith comhréireach leis an gcuspóir atá leis agus gur cheart é a úsáid ar bhealach atá trédhearcach, cuntasach agus cothrom do na Ballstáit uile; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an sásra sin a bhainistiú go cúramach agus aird ar leith á tabhairt ar an tseilfré agus ar dhramhaíl a sheachaint;

58.  á iarraidh go n-ainmneofaí údarás rialála Eorpach chun tabhairt faoin gcúram, in éineacht leis an gCoimisiún, sásra a leagan síos chun go leithdháilfí cógais go cothrom ón gcúlchiste teagmhasach Eorpach ar na Ballstáit sin a ndéanann briseadh sa soláthar nó ganntanas soláthair difear dóibh; á iarraidh ar an údarás rialála Eorpach ainmnithe sin athbhreithnithe neamhspleácha agus trédhearcacha a phleanáil chun a áirithiú go gcaithfear ar bhonn comhionann leis na Ballstáit uile;

59.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit straitéisí nuálacha agus comhordaithe a fhorbairt agus malartú an dea-chleachtais maidir le stoic a neartú; á mheas gurb é EMA an comhlacht is oiriúnaí le hainmniú ina údarás rialála a mbeidh sé de chúram air ganntanais cógas ar leibhéal AE a chosc le linn éigeandálaí agus ina ndiaidh, agus gur cheart sainordú níos leithne a thabhairt dó mar aon le hacmhainní breise; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an reachtaíocht atá ann cheana a leasú chun acmhainneachtaí EMA a neartú; á chur i bhfios go láidir, san fhadtéarma, gur cheart go mbeadh EMA in ann údaruithe margaíochta a chur ar fáil ar choinníoll go bhfuil na ceanglais soláthair agus inrochtaineachta á gcomhlíonadh ag monaróirí, gan na ceanglais sin a bheith ina gcúis le ganntanas cógas; á chur in iúl go bhfuil súil aici, mar thoradh ar athneartú a chuid acmhainní, go mbeidh EMA in ann an córas atá ann faoi láthair chun cigireacht a dhéanamh ar láithreáin táirgthe atá bunaithe i dtríú tíortha trí chomhordú na gcigirí náisiúnta a choinneáil;

60.  á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta(18) chun an ‘dualgas cruthúnais’ maidir leis an gclásal eisiachais margaidh 10 mbliana a aisiompú ionas go mbeidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta a chruthú nach bhfuil brabús leordhóthanach ag gabháil leis an táirge chun na costais T&D a chumhdach;

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar chiste le haghaidh cógais dílleachta, agus é a bhunú, a mhaoineodh na Ballstáit chun na cógais dílleachta a sholáthar le chéile thar ceann na mBallstát do AE ar fad;

62.  á iarraidh go seolfaí tuilleadh nósanna imeachta um sholáthar comhpháirteach de chuid AE ar an leibhéal Eorpach chun dul i ngleic le ganntanais, go háirithe le linn géarchéimeanna sláinte, mar a rinneadh tar éis bhriseadh amach COVID-19, trí nósanna imeachta simplithe agus trédhearcacha chun feabhas a chur ar na hagaí freagartha; á iarraidh, go háirithe, go mbunófaí soláthar comhpháirteach de chuid AE le haghaidh cógas chun cóireáil in aghaidh galair neamhchoitianta chun a áirithiú go mbeidh na cógais sin ar fáil i ngach Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht phráinneach a dhéanamh, mar aon le hathbhreithniú le rialachán más gá, ar Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE maidir le bagairtí sláinte trasteorann, lena mbunaítear an Sásra um Sholáthar Comhpháirteach, i gcomhréir leis na Conarthaí;

63.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit breathnú arís ar an smaoineamh go mbeadh tuilleadh trédhearcachta ann a mhéid a bhaineann le glanphraghsáil agus le haisíoc cóireálacha éagsúla, ionas go mbeidh na Ballstáit ar an gcothrom céanna nuair a bheidh caibidlíocht ar siúl le cuideachtaí cógaisíochta le haghaidh cóireálacha nach ndéantar a sholáthar go comhpháirteach;

64.  á iarraidh ar an gCoimisiún a chuid rannpháirtíochta a mhéadú ó thaobh tacaíocht a thabhairt do chosaint an bhonneagair sláinte chriticiúil sna Ballstáit agus tús a chur le cur i bhfeidhm an Chláir Eorpaigh um Chosaint an Phríomhbhonneagair in earnáil an bhonneagair sláinte;

65.  á iarraidh go ndéanfaí Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go mear; á mheas go n-éascófaí leis an rialachán sin seoladh trialacha cliniciúla móra a dhéanfaí ar bhealach comhchuibhithe agus comhordaithe ar leibhéal AE;

66.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar EMA oibriú i gcomhar leis an tionscal chun a áirithiú go mbeidh cógais a chuirtear ar fáil i mBallstát amháin ar fáil sna Ballstáit eile ar fad, go háirithe sna Ballstáit bheaga;

67.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na trádála comhthreomhaire ar ghanntanas cógas sna Ballstáit agus dul i ngleic ar bhealach leormhaith le fadhbanna trí na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun a áirithiú go sroicheann cógais gach othar san Aontas ar bhealach tráthúil; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur gá taithí na n-othar, na ngrúpaí tomhaltóirí agus na ngairmithe sláinte a chur san áireamh;

68.  á chur i bhfios a thábhachtaí atá cumhachtú othair agus cur chuige atá dírithe ar an othar ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ionadaíocht agus ionchur othair sa phróiseas cinnteoireachta a fheabhsú i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann a mbeadh tionchar acu ar a gcógais;

69.  á iarraidh ar na Ballstáit comhsheasamh a ghlacadh agus tús a chur le caibidlíocht le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE;

Comhar idir na Ballstáit a neartú

70.  á iarraidh ar an gCoimisiún ardán digiteach atá nuálach, soláimhsithe, trédhearcach agus láraithe a chur ar bun chun tuairisciú a dhéanamh agus fógra a thabhairt maidir le faisnéis chomhchuibhithe arna soláthar ag gníomhaireachtaí náisiúnta agus ag gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear monaróirí, mórdhíoltóirí agus cógaiseoirí, maidir le stoic atá ar fáil agus ganntanais cógas agus trealaimh leighis, agus chun dúbailt a sheachaint; is díol sásaimh di an obair atá á déanamh ag Tascfhórsa comhpháirteach EMA-HMA maidir le hinfhaighteacht cógas agus tabhairt isteach chórais an Phointe Teagmhála Aonair agus an Phointe Teagmhála Aonair don Tionscal (i-SPOC) ag EMA; á iarraidh go ndéanfaí na córais faisnéise atá ann cheana a mheasúnú agus a neartú chun forléargas soiléir a sholáthar maidir le cásanna struis, ganntanais agus riachtanas i ngach Ballstát chun cleachtais ‘róstocála’ a sheachaint; á mholadh don Choimisiún, sa chomhthéacs sin, úsáid a bhaint as na huirlisí digiteacha agus teileamaitice agus iad a chur chun feidhme ar an leibhéal uile-Eorpach, agus machnamh a dhéanamh ar leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le modhnuithe(19) agus ar na Treoirlínte maidir le haicmiú modhnuithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit córas réamhrabhaidh a bhunú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon chun an oibleagáid a neartú maidir le fógra a thabhairt do chuideachtaí cógaisíochta i dtaca le haon bhriseadh nó teannas i soláthar cógas;

71.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an luathchumarsáid le gairmithe cúraim sláinte agus le hothair maidir le hinfhaighteacht cógas, trí uirlisí digiteacha nuálacha lenar féidir suíomh, cainníocht agus praghas cógas ar leith a fhionnadh i bhfíor-am agus sonraí atá cothrom le dáta a fháil ina leith, i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí; á mheabhrú go gcaithfidh rochtain a bheith ag gairmithe cúraim sláinte ar fhaisnéis atá cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann freagairt go leordhóthanach do ghanntanais a thagann chun cinn agus do ghanntanais atá ann cheana; á chur i bhfáth go bhféadfaí sábháilteacht othar a neartú le feasacht luath ar fhadhb soláthair agus le sainaithint luath roghanna teiripeacha féideartha; ag moladh, dá bhrí sin, go gcuimseofaí faisnéis do ghairmithe cúraim sláinte maidir leis na roghanna malartacha atá ar fáil;

72.  á mheas gur cheart do na Ballstáit faisnéis a roinnt leis na gníomhaithe go léir lena mbaineann, faisnéis amhail réamhaisnéisí eipidéimeolaíocha chun cabhrú leo a gcuid gníomhaíochtaí a phleanáil níos fearr nuair is ag géarú atá an t-éileamh agus chun go mbeifear in ann freagairt níos fearr do riachtanais má tá ganntan ann;

73.  á mheabhrú go bhféadfadh úsáid mhíchuí cógas agus stoc-charn neamhriachtanach a bheith mar thoradh ar mhífhaisnéis;

74.  ag tabhairt dá haire sa chaoi sin go bhfuil cógais á stoc-charnadh ag daoine ar eagla go mbeadh na soláthairtí ídithe; á iarraidh ar rialtais cur i gcoinne na himní sin tríd an oideachas agus trí dhaoine a chur ar a suaimhneas chun deireadh a chur le tomhaltas iomarcach acmhainní;

75.  á iarraidh go bhforlíonfaí an fógra faisnéise ar páipéir le fógra leictreonach ina bhfuil faisnéis faoin táirge, a chuirfear le chéile i ngach teanga do na tíortha go léir ina margaítear an cógas d’fhonn gluaiseacht agus díolacháin cógas laistigh den mhargadh aonair a éascú agus ar an gcaoi sin ganntanais a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann cead a thabhairt do mhonaróirí, ar bhonn deonach agus gan ualach breise a chur orthu, córas lipéadaithe a thabhairt isteach – ar córas é ar cheart a bheith infheicthe agus inaitheanta ag na hothair agus ag na custaiméirí – maidir le háit tionscnaimh agus láthair táirgthe táirgí íocshláinte agus comhábhar gníomhach;

76.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú chun deireadh a chur le bacainní ar rochtain ar chógais, ar fheistí leighis agus ar threalamh cosanta do gach saoránach, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit, a bhíonn ag brath go mór ar allmhairí i ngeall ar a méid bheag nó a suíomh iargúlta, agus nach éasca dóibh rochtain a fháil ar an slabhra soláthair;

77.  á mholadh go ndéanfaí catalóg ar na ganntanais i ngach Ballstát a fhorbairt, lena gcuirfí ar chumas EMA nuashonrú ar dhéanamh, gan dua, ar a chatalóg phoiblí ar ghanntanais, arna measúnú ag a Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine (CHMP) agus/nó ag a Choiste um Measúnú Riosca maidir le Faireachas (PRAC);

78.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go nglacfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun dul i ngleic le hamhantraíocht, calaois agus mí-úsáid praghsanna sa trádáil i substaintí leighis riachtanacha;

79.  ag cáineadh go bhfuil ganntanais á saothrú chun críocha coiriúla; á mheabhrú go ndéantar géarú ar an teannas sa soláthar i ngeall ar ghóchumadh agus falsú cógas agus táirgí leighis; á iarraidh go neartófaí bearta chun na cleachtais sin a chomhrac trí na hardáin ar líne a thairgeann drugaí a rialú, tríd an gcomhar idir na gníomhaireachtaí ábhartha AE agus na gníomhaireachtaí ábhartha náisiúnta a neartú, agus trína áirithiú go n-urramaítear cearta íospartach;

Cosc a chur ar ghanntanais agus freagairt orthu i gcás géarchéim sláinte

80.  is mór an t-ábhar imní é ganntanas roinnt cógas a tharla le linn ghéarchéim COVID-19, lena n-áirítear ganntanas cógas a úsáidtear i ndianchúram; á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le táirgeadh, soláthar, dáileadh agus forbairt a choinneáil agus rochtain chomhionann a bheith ann ar chógais leighis ardchaighdeáin, arna chomhordú ag EMA; ag tabhairt dá haird gur cúis bhuartha di é na toirmisc ar onnmhairiú roinnt cógas leighis ar fud an domhain agus á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin soláthar cógas a áirithiú; á chur i bhfios go láidir nár cheart, mar thoradh ar úsáid thrialach cógas leighis chun COVID-19 a chóireáil, go mbeadh ganntanais ann d’othair a bhfuil riochtaí eile orthu, a bhíonn ag brath ar na cógais leighis sin;

81.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, plean Eorpach maidir le hullmhacht chun paindéime a ghlacadh chun go mbeidh freagairt chomhordaithe agus éifeachtach ann; is díol sásaimh di, i ndáil leis sin, gur chruthaigh an Coimisiún teach imréitigh do threalamh leighis maidir le COVID-19; á iarraidh an athuair mar a d’iarr sí ina rún an 17 Aibreán 2020 go gcruthófaí sásra Eorpach um fhreagairt sláinte chun freagairt do gach cineál géarchéime sláinte;

82.  ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart a áireamh i bplean Eorpach maidir le hullmhacht chun paindéime go ndéanfaí faisnéis a chomhordú i dtaca le dáileadh agus tomhaltas táirgí íocshláinte sna Ballstáit agus sainmhíniú leordhóthanach a thabhairt ar sholúbthachtaí rialála chun aghaidh a thabhairt ar theannas sa soláthair; á mheas gur cheart a áireamh i bplean den sórt sin úsáid fhorleathan sásraí géarchéime comhoibritheacha ar leibhéal an Aontais a dhíríonn ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, amhail RescEU agus an Comhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach, chun tacú go héifeachtach le cumais freagartha na mBallstát;

83.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach córas iltaobhach riailbhunaithe trádála atá oscailte, saor, cothrom, trédhearcach agus infhorfheidhmithe a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh fáil ar tháirgí míochaine ar fud an domhain agus chun nach mbeimid chomh leochaileach céanna in éigeandálaí amach anseo;

84.  á chur in iúl gur geal léi tabhairt isteach rialacha níos solúbtha le linn ghéarchéim COVID-19 mar iarracht chun ganntanais a mhaolú agus chun cúrsaíocht cógas leighis a éascú idir na Ballstáit, lena n-áirítear glacadh le formáidí pacáistíochta éagsúla, nós imeachta athúsáide chun sealbhóirí údaruithe margaíochta a chumasú chun formheas a fháil i mBallstát eile, síneadh ar bhailíocht deimhnithe dea-chleachtais monaraíochta, tréimhsí éaga níos faide, agus úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta, etc.; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán dian a dhéanamh ar úsáid na réiteach sin, lena áirithiú nach gcuirfear sábháilteacht othar i mbaol, agus a leanúnachas á áirithiú i gcás struis nó ganntanais; á chur in iúl gur geal léi freisin, i ndáil leis sin, an síneadh sealadach a cuireadh le dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis; á iarraidh, chun na críche sin, go mbeadh cur chuige sonrach ann do tháirgí íocshláinte dílleachta;

85.  ag tabhairt dá haire gur príomhdhreasacht í an chosaint paitinne do chuideachtaí chun infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht agus chun cógais nua a tháirgeadh; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, go bhféadfadh soláthar teoranta margaidh agus rochtain laghdaithe ar chógais agus ar tháirgí cógaisíochta a bheith mar thoradh ar éifeacht eisiatach paitinní; á chur i bhfáth gur cheart cothromaíocht a bhaint amach idir nuálaíocht a spreagadh trí éifeacht eisiatach paitinní agus rochtain ar chógais a áirithiú agus an tsláinte phoiblí a chosaint; á mheabhrú go bhféadfaidh cuideachta a mhargaíonn leigheas leas a bhaint as eisiachas sonraí ar feadh tréimhse ocht mbliana amhail ón gcéad údarú margaíochta de bhun Airteagal 14(11) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004; á iarraidh ar an gCoimisiún moladh a dhéanamh go ndéanfaí athbhreithniú ar an rialachán sin chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht ceadúnais éigeantacha a dheonú ar bhonn sealadach i gcás géarchéim sláinte chun go bhféadfaí leaganacha cineálacha de chógais tarrthála a tháirgeadh; á mheabhrú go bhfuil sé sin ar cheann de na solúbthachtaí don tsláinte phoiblí i réimse na cosanta paitinne a áirítear cheana i gComhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), arna athdhearbhú tuilleadh le Dearbhú Doha; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach gcuirfidh cur chun feidhme chomhaontuithe saorthrádála AE (FTAnna) isteach ar na féidearthachtaí a bhaineann le solúbthachtaí a agairt a chuirtear ar fáil faoi Chomhaontú TRIPS agus treoir a chur ar fáil do na Ballstáit d’fhonn ceadúnú deonach a chur chun cinn thar cheadúnú éigeantach láithreach;

86.  á mheabhrú go gcomhchuibhítear le Rialachán (CE) Uimh. 816/2006(20) an nós imeachta maidir le ceadúnais éigeantacha a dheonú i ndáil le paitinní agus deimhnithe forlíontacha cosanta maidir le táirgí cógaisíochta a mhonarú agus a dhíol, i gcás ina mbeartaítear táirgí den sórt sin a onnmhairiú chuig tíortha is allmhaireoirí incháilithe a bhfuil gá acu le táirgí den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sláinte poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs na straitéise cógaisíochta don Eoraip atá ar na bacáin, féachaint an bhféadfadh rialacha comhchuibhithe a bheith ann maidir le ceadúnú éigeantach táirgí íocshláinte, amhail vacsaíní, lena gcuirfí ar chumas na mBallstát freagairt níos tapúla agus níos éifeachtaí do ghéarchéim sláinte poiblí san Eoraip amach anseo;

87.  á chur i bhfáth nach mór scéimeanna ceadúnas éigeantach a bheith mar chuid de ghníomhaíocht níos leithne ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le rochtain ar chógais; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta Eorpach a mholadh i ndáil leis sin;

88.  ag cur béim ar an bhfíoras le cosaint paitinne gur cheart go dtabharfaí aird chuí ar leasanna na sochaí, eadhon cearta an duine agus tosaíochtaí sláinte poiblí a choimirciú; á mheabhrú, ar an dul céanna, nár cheart go gcuirfeadh cosaint paitinne isteach ar an gceart chun sláinte agus nár cheart go méadófaí an bhearna idir saoránaigh níos saibhre agus níos boichte i dtaca le rochtain ar chógais; á mheas gur cheart a áirithiú le cur chuige an Aontais i leith na saincheiste sin comhchuibhiú agus comhchuibheas i measc na mbeart éagsúil atá ar fáil do na Ballstáit;

89.  ag cur béim ar an bhfíoras gurb iad líonra leathan de chomhaontuithe saorthrádála arna gcur chun feidhme go maith lena ngabhann forálacha cothroma maidir le maoin intleachtúil agus comhar rialála mar aon le córas iltaobhach trádála lánfheidhmiúil, a bhfuil an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus Comhlacht Achomhairc oibríochtúil ina chroílár, an bealach is fearr chun a ráthú go mbeidh foinsí iomadúla monaraíochta do chógais bhunriachtanacha ar fáil, agus go mbeidh caighdeáin rialála ag teacht le chéile ar fud an domhain, lena n-áiritheofar creat láidir nuálaíochta domhanda lena gcomhlánófar táirgeadh na hEorpa; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé roghanna a bheith ann chun a áirithiú go mbeidh fáil leormhaith ar chógais a bhfuil gá leo, lena n-áirítear trí ullmhacht, más gá sin, chun allmhairiú cógas a tháirgtear thar lear faoi cheadúnais éigeantacha a údarú; á mheabhrú gur féidir le héagsúlachtaí i gcreataí rialála agus caighdeáin le haghaidh tairgí íocshláinte a bheith ina mbacainn nach gá ar an trádáil; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta Eorpacha; ag moladh go nglacfar caighdeáin idirnáisiúnta, agus ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach táirge íocshláinte deiridh nó idirmheánach atá ceaptha don mhargadh Eorpach na caighdeáin cáilíochta agus sábháilteachta Eorpacha is infheidhme, agus nach táirgí góchumtha iad; ag tabhairt dá haire gur slí eile chun uathriail straitéiseach an Aontais sa tsláinte a áirithiú is ea táirgeadh cógaisíochta táirgí áirithe a áireamh i gclár IPCEI (Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne);

90.  ag moladh go láidir do gach tír a bheith páirteach i gComhaontú um Dhíchur Taraife Cógaisíochta EDT; ag áitiú go ndéanfar a raon feidhme a leathnú chuig gach táirge cógaisíochta agus míochaine agus fós spás beartais na dtíortha uile a urramú agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag a saoránaigh ar chógais;; á chur i bhfáth gur cheart táirgí leighis agus cógais, lena n-áirítear ina bhfoirmeacha idirmheánacha, a dhíolmhú i gcónaí ó fhrithbheart i ndíospóidí trádála, agus gur cheart rochtain a bheith orthu go héasca; ag áitiú, thairis sin, deireadh láithreach, aontaobhach agus sealadach a chur le taraifí ar tháirgí leighis agus cógaisíochta chun allmhairiú na n-earraí sin a éascú; á chur i bhfáth go gcaithfidh forbairt táirgí leighis a bheith i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, agus nach mór cearta saothair Chroíchoinbhinsiúin EIS a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire obair an Choimisiúin maidir le reachtaíocht an díchill chuí;

91.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an Rialachán maidir le scagadh FDI a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán – agus, más gá, a athbhreithniú – inar cheart cúram sláinte a áireamh mar earnáil straitéiseach;

92.  á mheabhrú go bhfuil géarchéim COVID-19 tar éis promhadh a chur ar athléimneacht na gcóras sláinte poiblí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, trí thástálacha struis a thabhairt isteach chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na gcóras sláinte i gcás géarchéime, go bhféadfaí tosca riosca struchtúracha a shainaithint agus modh éifeachtach a chur ar fáil chun cur in aghaidh ganntanais i gcás paindéimí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, ar bhonn thorthaí na dtástálacha sin, moltaí a chur le chéile a bheidh dírithe ar na Ballstáit, d’fhonn a gcórais sláinte a neartú agus d’fhonn aon bhunriachtanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás éigeandáil sláinte a chumhdach;

93.  á chreidiúint go bhfuil caighdeáin níos coitinne agus idir-inoibritheacht níos fearr de dhíth ar chórais cúraim sláinte AE chun ganntanas cógas a sheachaint agus cúram sláinte ar ardchaighdeán a sholáthar do chách sa tsochaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, treoir a mholadh lena leagfaí síos íoschaighdeáin do chórais cúraim sláinte ar ardchaighdeán, bunaithe ar thorthaí na dtástálacha struis;

94.  á mheas, i gcás géarchéim sláinte, nach bhféadfaidh dúnadh na dteorainneacha agus stad a chur le rialuithe custaim a bheith ina bhac ar ghluaiseacht trasteorann táirgí íocshláinte ar díol mór spéise iad laistigh den Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit nósanna imeachta slána agus gasta a bhunú chun táirgí a sheiceáil ag an teorainn le linn géarchéim sláinte i gcomhréir le dlí AE;

95.  ag tabhairt dá haire gur léirigh ráig COVID-19 a thábhachtaí atá an comhar agus an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus a thábhachtaí atá sé cógais a sheachadadh go tráthúil in imthosca práinneacha agus eisceachtúla, a d’fhéadfadh tarlú arís amach anseo; á chur i bhfáth, ina theannta sin, go bhfuil beartas nua tionsclaíoch agus iompair agus infheistíochtaí taighde agus forbartha ríthábhachtach chun a áirithiú go bhféadfaidh an tionscal cógaisíochta freagairt do riachtanais an lae amárach;

96.  á chur i bhfáth gur gá líonra iompair agus lóistíochta níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe a bheith ann agus fad na mbealaí iompair a laghdú, rud a dhéanfaidh astaíochtaí a laghdú, an tionchar ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a mhaolú, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus na bacainní riaracháin a laghdú;

97.  á iarraidh ar na Ballstáit na ‘lánaí glasa’ a mhol an Coimisiún ina threoirlínte maidir le bearta bainistithe teorann chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí bunriachtanacha chun go bhfeidhmeoidh an t-iompar go rianúil ní hamháin nuair a bhíonn cógais á n-iompar, ach nuair a bhíonn amhábhair, táirgí idirmheánacha agus ábhar gaolmhar, lena n-áirítear pacáistíocht, á n-iompair freisin; ag cur i bhfios go láidir an gá atá le teorainneacha oscailte a choinneáil trí lánaí glasa chun gur féidir iad a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar eachtraí gan choinne amach anseo;

98.  á mheas gur gá scrogaill tráchta a bhaint agus dul i ngleic leis na bacainní atá ann faoi láthair ar Limistéar Iompair Eorpach Aonair lán-chomhtháite agus dea-fheidhmiúil do gach modh iompair; á chur i bhfáth go gcaithfear borradh a chur faoin idirmhódúlacht – agus fós an t-aistriú chuig iarnród a chothú – na príomh-mhoil a mhaoiniú agus a áirithiú go ndéanfar cineálacha éagsúla earraí a sheachadadh gan bhac, lena n-áirítear earraí contúirteacha, atá ríthábhachtach do tháirgeadh thionscal na gceimiceán agus na cógaisíochta; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar saoráidí leighis agus baill foirne leighis a threisiú chun go mbeidh siad ullamh don mhéadú a thiocfaidh ar an méid tráchta i ngeall ar dheireadh a chur le srianta;

99.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá córais TF chun inrianaitheacht, maoirseacht agus seachadadh tráthúil cógas agus malartú faisnéise a éascú idir na gníomhaithe éagsúla atá rannpháirteach i slabhra lóistíochta an iompair, lena n-áirítear na húdaráis chustaim;

100.  á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit, chun iompar tapa agus sábháilte a áirithiú maille le maoirseacht níos fearr ar iompar agus stoc-charnadh cógas, eadhon plean teagmhasach a thabhairt isteach lena n-áiritheofar go ndéanfar cógais a iompar gan bhac nuair a chuirtear isteach ar earnáil an iompair, mar aon le pleananna dáilte neamhghnácha e.g. seachadtaí atá íogair ó thaobh ama de trí thrácht measctha sceidealaithe;

101.  ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin sábháilteachta neamh-idirdhealaitheacha a ráthú don bhonneagar iompair agus d’fhostaithe iompair araon, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí méideanna suntasacha sa slabhra soláthair a bhainistiú gan cur isteach ar an soláthar agus fós cead a thabhairt do na húdaráis inniúla bearta comhréireacha oiriúnaithe a ghlacadh chun na rioscaí don tsláinte a íoslaghdú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dálaí maithe oibre a chaomhnú do thiománaithe;

102.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-údarófar d’oibrithe cúraim sláinte teorainneacha inmheánacha a thrasnú má tá siad ag obair i dtír chomharsanach;

103.  ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé go ndéantar bainistiú cúramach ar acmhainn chomhthimpeallach agus slabhra fhuair trádstórais i mbonneagar iompair isteach agus amach;

104.  á chur i bhfáth gur cheart deireadh a chur le bacainní ar rochtain ar chógais, ar fheistí leighis agus ar threalamh cosanta do gach saoránach, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit, a bhíonn ag brath go mór ar allmhairí i ngeall ar a méid bheag nó a suíomh iargúlta, agus nach éasca dóibh rochtain a fháil ar an slabhra soláthair;

105.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé freastal ar riachtanais iompair shonracha ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i réigiúin fhorimeallacha, thuaithe, shléibhtiúla, na limistéir is teirce daonra agus limistéir oileánacha agus na limistéir is forimeallaí a bhfuil sé níos deacra dul chucu agus ina bhfuil costais seachadta arda; á chreidiúint gur cheart gníomhaíochtaí nithiúla do na réigiúin sin a áireamh sna pleananna straitéiseacha chun bonneagar a uasghrádú sna Ballstáit; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé a áirithiú go sroichfidh an t-aistriú digiteach na ceantair sin agus gur gá dlús a chur le glacadh réiteach nua atá oiriúnaithe dá riachtanais, lena gcuirfí feabhas ar nascacht, ar inrochtaineacht agus ar inacmhainneacht; á chur i bhfáth nár cheart bac a chur ar rochtain ar chógais sna ceantair sin ar bhealach ar bith;

106.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht eagraíochtúil agus airgeadais a chur ar fáil, lena n-áirítear trí na cláir oibre arna nglacadh laistigh de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, do na Ballstáit agus d’oibreoirí iompair i gcás éigeandála, amhail paindéimí, agus tús áite a thabhairt do spás forchoimeádta i ngach lastas le haghaidh earraí riachtanacha, amhail cógais, APInna agus trealamh leighis, agus é sin a áirithiú.

107.  á iarraidh go gcuirfí chun feidhme réitigh mheara nuálacha chun an ganntanas cógas a mhaolú go tráthúil agus chun iompar sábháilte drugaí atá íogair ó thaobh teochta de a chumasú, agus na táirgí a rianú trí chianfhaireachán leanúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún inniúlachtaí an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) i réimse na sláinte poiblí a leathnú agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn;

108.  á iarraidh ar ECDC sonraí samhaltaithe a eisiúint faoin gcaoi ar dócha a thitfeadh paindéim COVID-19 amach i ngach Ballstát chomh maith le sonraí maidir le riachtanas othair agus sonraí maidir le hacmhainneacht ospidéil sna Ballstáit chun gur fearr a bheifear in ann an t-éileamh a réamh-mheas agus cógais leighis a sholáthar más gá; á mheas gur cheart do EMA oibriú i gcomhar le ECDC chun gur fearr a chuirfear cosc ar ghanntanais cógas agus drugaí a úsáidtear go coitianta i bhfianaise eipidéimí agus paindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo;

109.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar EMA agus ar na húdaráis rialála náisiúnta leas a bhaint as na hiarrachtaí pragmatacha uile a rinneadh le linn ghéarchéim COVID-19 agus leanúint de sholúbthacht rialála a cheadú do MAHanna, trí, mar shampla, nósanna imeachta a chumhdach maidir le hathruithe ar sholáthraithe APInna, suíomhanna nua monaraíochta a ainmniú agus údaruithe allmhairithe níos tapúla a bheith ann, d’fhonn ganntanas cógas a mhaolú ar bhealach níos fearr;

110.  ag aithint go ndéantar cuótaí soláthair arna gcur i bhfeidhm ag MAHanna ar dháileadh táirgí cúraim sláinte a shocrú i gcomhréir le roinnt paraiméadar, lena n-áirítear meastacháin ar riachtanais náisiúnta othar; á iarraidh ar an gCoimisiún a mharana a dhéanamh, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ón tionscal cógaisíochta, ar an méid stoic cógas atá ar fáil; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur minic a bhíonn na cuótaí maidir leis an méid stoic a chuireann dáileoirí i bhfeidhm docht agus a bhíonn moilliú agus ganntanais ann dá mbarr, agus gur tugadh easpa trédhearcachta maidir le stoc faoi deara i gcodanna áirithe den slabhra dáileacháin;

111.  ag cur béim ar an bhfíoras nach bhféadfaidh, beartais praghsála cógaisíochta nach bhfuil ach caiteachas amháin iontu, coigeartuithe a dhéanamh ar phraghsanna chun athruithe ar chostas earraí, ar mhonaraíocht, ar nósanna imeachta rialúcháin agus ar dháileadh a léiriú, agus go mbíonn tionchar diúltach acu ar iontaofacht an tsoláthair; ag tabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di go bhféadfadh sé go dtiocfadh méadú ar an riosca go dtarlódh cleachtais éagóracha praghsála i gcás ganntanas cógas a bheith ann i réigiúin, agus i gcásanna ina bhféadfar táirgí malartacha cógaisíochta a chur in ionad na dtáirgí sin;

112.  ag tagairt do shamplaí de ghanntanais a bhaineann leis an am is gá chun na ceanglais rialála a chomhlíonadh, lena n-áirítear aga moille rialála agus ceanglais náisiúnta, ach idir an dá linn ag cur i bhfáth go láidir nach bhféadfaidh sé gurb é a thiocfaidh as an éileamh ar chógais agus ar threalamh leighis go rachaidh sé chun dochair do cháilíocht, do shábháilteacht, d’éifeachtúlacht nó do chost-éifeachtúlacht cógas, lena n-úsáid ag an duine agus táirgí sláinte, lena n-áirítear feistí leighis; á mheabhrú nach mór leanúint de na rialacha is infheidhme maidir le húdarú trialacha cliniciúla ar chógais a chomhlíonadh, mar aon le hurramú dea-chleachtas cliniciúil agus iad á ndéanamh, a rialú agus a mhaoirsiú i gcomhréir leis na caighdeáin is airde maidir le cosaint na sláinte poiblí; á mheabhrú, ina theannta sin, gur cheart tús áite a thabhairt do na próisis rialála a bharrfheabhsú agus ardchaighdeáin eolaíocha á gcoinneáil ag an am céanna, chun na cúraimí riaracháin simplithe a bhaineann le táirgí íocshláinte a choinneáil ar an margadh a chumasú trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Modhnuithe atá ann cheana, trí rochtain níos fearr ar fhaisnéis d’othair agus do ghairmithe cúraim sláinte, agus trí shreabhadh simplithe cógas ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i gcás ganntanas; ag moladh don Choimisiún, an leas is fearr a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise le haghaidh próisis rialála, lena n-áirítear uirlisí digiteacha agus uirlisí teileamaitice, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht rialála ar fud an Aontais agus ag an am céanna cloí le caighdeáin phríobháideachta sonraí mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí/RGCS)(21);

113.  ag tathant ar an gCoimisiún, ag féachaint don Straitéis Eorpach maidir le Sonraí agus don chlaochlú digiteach ar chúram sláinte agus ag cur san áireamh an acmhainneacht ollmhór atá ag sonraí sláinte chun cáilíocht cúraim sláinte agus torthaí othar a fheabhsú, chun cur chun feidhme teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha a spreagadh in earnálacha sláinte na mBallstát lena n-éascófar seachadadh réiteach nuálach sláinte d’othair; á mholadh go gcruthófaí Spás Sonraí Sláinte Eorpach atá go hiomlán comhoibritheach agus oibríochtúil agus ina mbeidh creat rialachais lena gcothófar éiceachóras nuálach sonraíbhunaithe, bunaithe ar mhalartú faisnéise agus sonraí criticiúla ar bhealach rialaithe sábhailte, i measc na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin, uirlisí agus bonneagar den chéad ghlúin eile a chur chun cinn chun sonraí atá oiriúnach don taighde a stóráil agus a phróiseáil agus chun táirgí agus seirbhísí nuálacha a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir nach bhféadfaidh sonraí sláinte pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ach amháin ar na forais dhlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) de RGCS, in éineacht leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 9 de RGCS; á mheas sa chomhthéacs sin gur cheart toirmeasc a chur ar shonraí pearsanta sláinte a phróiseáil a thuilleadh; á mheabhrú do rialaitheoirí sonraí prionsabal na trédhearcachta maidir le cosaint sonraí agus na hoibleagáidí orthu a eascraíonn as sin i leith othair agus daoine eile is ábhar do na sonraí;

114.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain uilíoch ar vacsaíní agus ar chóireáil leighis a áirithiú, go háirithe i gcásanna éigeandála agus le haghaidh aicídí nach bhfuil cóireáil ann dóibh, amhail i gcás COVID-19; ag tathant go mbeadh dlúthchomhar idir EDS agus EDT chun soláthar na vacsaíne a áirithiú a luaithe a aimseofar í; á iarraidh ar an gCoimisiún, ag an am céanna, a shásraí maidir le soláthar comhpháirteach cógas a neartú chun rochtain uilíoch ar chóireáil a áirithiú do gach saoránach beag beann ar a n-áit chónaithe;

115.  ag áitiú agus ullmhúchán á dhéanamh chun vacsaín nó cóireáil shábháilte agus éifeachtúil in aghaidh COVID-19 a fhorbairt agus a údarú, nach mór gach céim a thabhairt d’fhonn a áirithiú go mbeidh táirgeadh agus dáileadh pras ar fáil san Eoraip agus ar fud an domhain, rud a áiritheoidh rochtain chothrom chomhionann ar an vacsaín nó ar an gcóireáil;

116.  ag aithint go bhfuil an fhadhb leanúnach maidir le ganntanas cógas agus trealaimh cosanta san Aontas tar éis dul in olcas mar thoradh ar eipidéim COVID-19, agus á chur i bhfáth, ag an am céanna, gur ábhar imní ar fud an domhain é rochtain a fháil ar chógais leighis agus ar threalamh cosanta, fadhb ag a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha freisin i dtíortha i mbéal forbartha ina bhfuil galair a bhaineann leis an mbochtaineacht ag leathadh agus inarb íseal infhaighteacht cógas; á chur i bhfáth gur gá don Aontas comhleanúnachas a áirithiú ina chuid beartas, go háirithe i réimsí na forbartha, na trádála, na sláinte, an taighde agus na nuálaíochta, chun cuidiú le rochtain leanúnach ar chógais bhunriachtanacha sna tíortha is boichte agus, go háirithe, sna tíortha is lú forbairt (LDCanna) a choimirciú;

117.  ag tabhairt dá haire go ndearna an easpa rochtana ar chógais difear mór do na grúpaí is leochailí agus is imeallaithe, lena n-áirítear mná agus leanaí, daoine a bhfuil VEID orthu agus galair ainsealacha eile, imircigh, dídeanaithe agus daoine easáitithe ina dtír féin, daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas;

118.  á iarraidh ar an gCoimisiún ceannaireacht dhomhanda a fheidhmiú chun a áirithiú go mbeidh rochtain ráthaithe ar chógais bhunriachtanacha, agus soláthar ráthaithe cógas bunriachtanach, ag tíortha i mbéal forbartha, go háirithe i gcásanna éigeandála;

119.  á thabhairt chun suntais go léiríonn eipidéim COVID-19 gur gá na slabhraí soláthair atá ann cheana a ghiorrú a mhéid is féidir, go háirithe ionas nach mbeifear ag brath ar shlabhraí soláthair domhanda atá fada agus leochaileach le haghaidh trealamh leighis agus táirgí cógais atá ríthábhachtach; ag tathant ar an Aontas cabhrú leis an domhan atá i mbéal forbartha acmhainneacht áitiúil monaraíochta, táirgthe agus dáileacháin a fhorbairt trí thacaíocht theicniúil, eolas criticiúil agus faisnéis chriticiúil, trí aistriú teicneolaíochta a dhreasú agus trí chomhsheasmhacht a chothú i dtreoir rialála, i gcórais faireacháin agus in oiliúint gairmithe sláinte; á chur i bhfios an gá atá le córais sláinte níos láidre agus slabhraí soláthair dea-oibrithe a chruthú; á thabhairt chun suntais go bhfuil tíortha i mbéal forbartha, go háirithe na tíortha is lú forbairt, ag brath go mór ar shlabhraí soláthair idirnáisiúnta, rud is féidir a bheith ina chúis le ganntanas tromchúiseach tráth an t-éileamh domhanda a dhul i méid agus tráth an soláthar a bheith teoranta;

120.  á iarraidh go mbeidh freagairt chomhchoiteann dhomhanda ann agus á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar an gComhdháil Ghealltanas Idirnáisiúnta maidir leis an bhFreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas a bhí ar siúl an 4 Bealtaine 2020, inar gheall deontóirí as gach cearn den domhan EUR 7,4 billiún chun dlús a chur leis obair ar dhiagnóisic, ar chóireáil agus ar fhorbairt vacsaíní; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh uirlisí leighis COVID-19 inacmhainne, sábháilte, éifeachtach, éasca a riar agus ar fáil go huilíoch do chách i ngach áit agus gur cheart go measfaí gur ‘earraí poiblí domhanda’ iad;; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh rochtain agus inacmhainneacht mar chuid lárnach den phróiseas iomlán taighde agus forbartha (T&F) agus monaraíochta ina iomláine; á chreidiúint chun na críche sin, gur cheart coinníollacha dochta a cheangal le cistiú poiblí, go háirithe maidir le rialachas comhchoiteann, trédhearcacht, comhroinnt na teicneolaíochta, saineolas teicniúil agus torthaí cliniciúla, etc.; á chur i bhfáth nach mór na coinníollacha sin a chur ar fáil don phobal, toisc nach féidir seiceanna bána a bheith i gceist leis an airgeadas poiblí;

121.  á chur i bhfáth go bhfuil comhroinnt samplaí pataigine agus faisnéise seichimh ríthábhachtach chun diagnóisic, teiripí agus vacsaíní a fhorbairt go tapa; á mheabhrú oibleagáidí idirnáisiúnta ceangailteacha comhroinnte cothroime agus chothromasaí tairbhí an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Phrótacal Nagoya maidir le hábhar géiniteach;

o
o   o

122.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.
(2) IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.
(3) IO L 158, 27.5.2014, lch. 1.
(4) IO L 248, 24.9.2015, lch. 9.
(5) IO L 32, 9.2.2016, lch. 1.
(6) IO L 117, 5.5.2017, lch. 1.
(7) IO L 130, 24.4.2020, lch. 18.
(8) IO L 4, 7.1.2019, lch. 24.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0105.
(11) IO C 263, 25.7.2018, lch. 4.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(13) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2011 maidir le meastóireacht ar bhainistiú fhliú H1N1 in 2009-2010 in AE (IO C 199 E, 7.7.2012, lch. 7).
(14) Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).
(15) Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta maidir le fuil an duine agus comhábhair fola a bhailiú, a thástáil, a phróiseáil, a stóráil agus a dháileadh agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE (IO L 33, 8.2.2003, lch. 30).
(16) Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos i ndáil le fíocháin agus cealla an duine a dheonú, a sholáthar, a thástáil, a phróiseáil, a chaomhnú, a stóráil agus a dháileadh (IO L 102, 7.4.2004, lch. 48);
(17) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2013 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht na mbeart lena rialaítear praghsanna táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus maidir le cuimsiú na dtáirgí sin faoi raon feidhme córas árachais sláinte phoiblí (Téacsanna arna nglacadh, P7_TA(2013)0039).
(18) Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1);
(19) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2008 maidir le scrúdú na modhnuithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus do tháirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 334, 12.12.2008, lch. 7).
(20) Rialachán (CE) Uimh. 816/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le ceadúnú éigeantach paitinní a bhaineann le monarú táirgí cógaisíochta lena n-onnmhairiú chuig tíortha a bhfuil fadhbanna sláinte poiblí acu (IO L 157, 9.6.2006, lch. 1).
(21) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


Cur chun feidhme Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romanaí san Eoraip a chomhrac
PDF 199kWORD 68k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 ar chur chun feidhme Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romanaí san Eoraip a chomhrac (2020/2011(INI))
P9_TA(2020)0229A9-0147/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, do Chairt Shóisialta na hEorpa, don Chreat-Choinbhinsiún chun Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, mar aon le tuarascálacha agus moltaí ón gCoimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa, ón gCoimisiún Eorpach in aghaidh an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI) agus ó shásraí eile Chomhairle na hEorpa,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus do chonarthaí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine lena n-áirítear an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh,

–  ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach(1),

–  ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha(2),

–  ag féachaint do Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil(3),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail(4),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal “Creat AE do Straitéisí Náisiúnta suas go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach” (COM(2011)0173) agus do na tuarascálacha cur chun feidhme agus meastóireachta ina dhiaidh sin,

–  ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um lánpháirtiú na Romach sna Ballstáit(5), agus do na conclúidí ón gComhairle an 8 Nollaig 2016 maidir le dlús a chur leis an bpróiseas i ndáil le lánpháirtiú na Romach agus an 13 Deireadh Fómhair 2016 maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 14/2016 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa,

–  ag féachaint do na tuarascálacha ó Pharlaimint na hEorpa ó 2010 maidir le Straitéis an AE maidir le cuimsiú na Romach agus don Tuarascáil maidir leis na gnéithe inscne den Chreat Eorpach do Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú na Romach ó 2013,

–  ag féachaint dá rún an 15 Aibreán 2015 maidir le Lá Idirnáisiúnta na Romach – frithghiofógachas san Eoraip agus aitheantas AE do Lá Cuimhneacháin Chinedhíothú na Romach le linn an Dara Cogadh Domhanda(6),

–  ag féachaint don rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis na gnéithe de chearta bunúsacha a bhaineann le lánpháirtiú na Romach in AE: frithghiofógachas a chomhrac(7),

–  ag féachaint don rún uaithi an 16 Eanáir 2019 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach sa bhliain 2017(8),

–  ag féachaint don rún uaithi an 12 Feabhra 2019 maidir leis an ngá atá ann le Creat Straitéiseach AE neartaithe tar éis na bliana 2020 do Straitéisí Náisiúnta maidir le Comhtháthú na Romach agus dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh frithghiofógachais(9),

–  ag féachaint dá rún an 7 Feabhra 2018 maidir leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe ar saoránaigh de chuid an Aontais iad ar de mhionlaigh iad i mBallstáit AE(10),

–  ag féachaint dá rún an 13 Márta 2018 maidir le réigiúin atá tite ar gcúl in AE(11),

–  ag féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le méadú an fhoréigin nuafhaisistigh san Eoraip(12),

–  ag féachaint dá rún an 13 Samhain 2018 maidir le caighdeáin íosta do mhionlaigh in AE(13),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2019 dar teideal ‘Tuarascáil ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach’ (COM(2019)0406)(14),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2018 dar teideal ‘Tuarascáil ar an meastóireacht ar Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta suas go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach’ (COM(2018)0785)(15),

–  ag féachaint do na himeachtaí um shárú dar teideal Neamh-chomhréireacht le Treoir 2000/43/CE maidir le Comhionannas Ciníoch – Idirdhealú leanaí Romacha san oideachas (uimhreacha sáruithe 20142174, 20152025 agus 20152206),

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le staid na mban Romach (SOC/585-EESC-2018),

–  ag féachaint do Dhearbhú Poznan Chomhpháirtithe na mBalcán Thiar maidir le Lánpháirtiú na Romach laistigh de Phróiseas an Aontais Eorpaigh um Méadú,

–  ag féachaint don Dara Suirbhé ón Aontas Eorpach ar Mhionlaigh agus ar Idirdhealú ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EU-MIDIS II),

–  ag féachaint do Mholadh Beartais Ghinearálta Uimh. 13 ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe,

–  ag féachaint do Léarscáil Bochtaineachta an Bhainc Dhomhanda ó 2016 ina sainaithnítear go soiléir na réigiúin is cúl-aimsithe san Eoraip,

–  ag féachaint do na tuarascálacha agus na moltaí ábhartha ó institiúidí taighde agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta Romani agus eagraíochtaí sochaí sibhialta ar son na Rómáine, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha de chuid an phobail Rómhánaigh,

–  ag féachaint do na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh maidir le “Tionscnamh an Mhinorachta SafePack” agus maidir leis an “Beartas Comhtháthaithe ar mhaithe le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach”,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0147/2020),

A.  de bhrí go bhfuil na Romaigh ar an mionlach eitneach is mó san Eoraip;

B.  de bhrí gur leagadh béim sa Chreat reatha ar an éagsúlacht faoin scáth-théarma leathan “Romach”; de bhrí gur theip air éagsúlcht na daoine sa phobal Romanaí a aithint; de bhrí gur úsáideadh an téarma Romach nó an téarma dúbailte Sintíoch & Romach i ré nuair a rinne lucht déanta cinntí cinneadh ar bheartais na Romach gan fíor-rannpháirtíocht na bpobal Romach agus, dá bhrí sin, go mbraitheann na pobail sin go bhfuil siad coimhithe agus de bhrí nach léiríonn an sainmhíniú seo a úsáidtear i mbeartais agus i bplé ilchineálacht an phobail Romanaíoch agus, dá bhrí sin, a cháin siad go minic;

C.  de bhrí gur fearr i bhfad a léireofar an éagsúlacht i measc na Romanach sa togra reachtach iar-2020 maidir le Comhionannas, Cuimsiú agus Rannpháirtíocht an phobail Romanaíoch; de bhrí go gcuimsíonn an téarma ‘daoine Rómhánacha’ daoine le cúlra Romach, Kalè, Manúiseach, Lovara, Rissende, Boyash, domare, Kalderash, Romanichild agus Sintíoch; de bhrí go n-áirítear níos fearr leis an sainmhíniú nua, daoine Romanaíocha, fiú iad siúd atá stiogmataithe mar ghiofóga gan cúlra eitneach comhfhreagrach acu, amhail Éigiptigh, daoine Aisceailíocha, nó Taistealaithe;

D.  de bhrí go gcónaíonn sciar mór de dhaoine de chúlra Romanaíoch san Eoraip i ndálaí imeallacha i limistéir thuaithe agus i limistéir uirbeacha araon, agus in imthosca socheacnamaíocha an-dona,(16); de bhrí go ndéantar cearta bunúsacha an duine a bhaint ó fhormhór na ndaoine Romanaíocha i ngach réimse den saol;

E.  de bhrí, de réir MIDIS II AE, go gcreideann 61 % de shaoránaigh an Aontais go bhfuil an t-idirdhealú i gcoinne na ndaoine Romanaíocha forleathan ina dtír féin; de bhrí go bhfuil an giofógachas atá fréamhaithe, dianseasmhach agus struchtúrach agus go minic, ar bhonn institiúideach agus rialtais, fós ann ar gach leibhéal de shochaí na hEorpa agus go léirítear é ar bhonn laethúil a aithnítear mar mhórbhac chun acmhainneacht iomlán na ndaoine Romanaíocha a bhaint amach mar shaoránaigh AE a bhfuil cearta bunúsacha, cuimsiú sóisialta agus comhionannas iomlán acu, i ngach réimse den saol, lena n-áirítear tithíocht, oideachas, cúram sláinte agus fostaíocht;

F.  de bhrí go bhfuil na daoine Romanaíocha fós ag fulaingt ó leibhéal méadaithe fuathchainte; go háirithe sa phobal, sna meáin shóisialta agus ag daoine poiblí, polaiteoirí agus oifigigh; de bhrí go bhfulaingíonn siad foréigean póilíneachta freisin, lena n-áirítear pionós comhchoiteann, próifíliú ciníoch, leithscaradh cónaithe agus scoile; de bhrí go bhfuil gá le bearta sonracha chun an feiniméan sin a chomhrac; de bhrí go n-eascraíonn leibhéal neamhleor cosanta agus rochtain ar cheartas d’íospartaigh an fhoréigin póilíneachta as easnaimh sa smacht reachta, i réimse an cheartais choiriúil, agus go ndéanann údaráis an stáit géarleanúint orthu go minic;

G.  de bhrí nach leor an frithghiofógachas a chomhrac tríd an reachtaíocht atá ann cheana maidir le frith-idirdhealú; de bhrí gur cheart do Bhallstáit AE a léiriú go bhfuil rún daingean acu fáinne fí an fhrithghiofógachais a bhriseadh, go háirithe sna déileálacha a bhíonn ag daoine Rómhánacha le húdaráis riaracháin áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, comhionannas agus neamh-idirdhealú a chosaint dá saoránaigh Romanaíocha, agus leas iomlán a bhaint as cearta bunúsacha an duine;

H.  de bhrí go bhfuil foréigean agus marú mar thoradh ar an gciníochas in aghaidh na ndaoine Romanaíocha; de bhrí go bhfuil ciapadh fuathspreagtha agus coireanna fuatha fós ard i gcoinne daoine Romanaíocha agus nach dtuairiscítear formhór na dteagmhas fuathspreagtha;

I.  de bhrí, de réir EU MIDIS II in 2016, go bhfuil cónaí ar 80 % de dhaoine Romanaíocha i naoi mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil na daonraí Romanaíocha is mó acu faoi bhun thairseach a dtíre maidir le bochtaineacht; de bhrí go mbíonn an bhochtaineacht mar thoradh ar an mbochtaineacht agus gur spreagthóir í don fhrithghiofógachas, don eisiamh san oideachas, san fhostaíocht, sa tsláinte agus sa tithíocht araon; de bhrí gur príomhsprioc de Straitéis 2020 AE maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach é 20 milliún duine, lena n-áirítear daoine Romanaíocha, a bhaint as baol bochtaineachta; de bhrí go raibh laghdú 3,1 milliún ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta idir 2008 agus 2017, tá AE fós i bhfad ón sprioc atá ag Eoraip 2020 an líon sin a laghdú 20 milliún faoi 2020;

J.  de bhrí go bhfuil gach tríú duine ag a bhfuil cúlra Romanaíoch ag cónaí i dtithíocht gan uisce buacaire agus duine as gach 10 i dtithíocht gan leictreachas; de bhrí nach bhfuil leithris nó cithfholcadán faoi dhíon ag ach díreach níos mó ná a leath acu, agus go bhfuil 78 % de na Romanaithe ina gcónaí i dtithíocht phlódaithe; de bhrí go bhfuil líon mór daoine Romanaíocha fós ina gcónaí i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla, neamhshláinteacha agus neamhrialta faoi dhálaí maireachtála anróiteacha; de bhrí nach bhfuil doiciméid aitheantais ag go leor acu agus go bhfuil easpa árachais liachta acu(17);

K.  de bhrí go ndéantar idirdhealú ar 43 % de na Romaigh agus iad ag iarraidh tithíocht a cheannach nó a fháil ar cíos agus nach bhfuil siad eolach a ndóthain ar a gcearta ó thaobh an chomhionannais de; de bhrí gur cheart cearta maoine a thabhairt chun rialtachta nuair is féidir, go háirithe i suíomhanna neamhfhoirmiúla; de bhrí gur cheart bearta tionlacain leordhóthanacha a bheith ag gabháil le deireadh a chur le suíomhanna neamhfhoirmiúla (díbirtí), lena n-áirítear tithíocht mhalartach a thairiscint; de bhrí nach ndearnadh aon bhearta dlíthiúla nó polaitiúla in aghaidh na mBallstát chun deireadh a chur le leithscaradh cónaithe, díshealbhú éigeantach agus rochtain ar thithíocht d’ardchaighdeán a áirithiú; de bhrí go bhfuil tionchar diúltach ag drochrochtain ar thithíocht agus ar fhóntais phoiblí, amhail uisce glan agus sláintíocht, ar an oideachas, ar an bhfostaíocht agus ar thorthaí sláinte agus go mbíonn tionchar diúltach acu ar chuimsiú sóisialta ar an iomlán;

L.  de bhrí go bhfanann ionchas saoil agus stádas sláinte na ndaoine Romanaíocha i bhfad níos ísle ná i gcás daoine neamh-Romanaíocha i ngach tír Eorpach; de bhrí gurb ionann an t-ionchas saoil tráth breithe in AE agus 76 bliana d’fhir agus 82 bliana do mhná, agus de bhrí go meastar i gcás na ndaoine Romanaíocha go bhfuil sé 10 bliana níos ísle; de bhrí gurb é 4,3 beobhreith an ráta básmhaireachta naíonán in AE, agus go bhfuil fianaise ann go bhfuil an ráta i bhfad níos airde i measc na bpobal Romanaíoch;

M.  de bhrí go bhfuil rátaí an-ard neamhlitearthachta agus luathfhágáil na scoile ann i measc go leor Romach; de bhrí nach bhfreastalaíonn ach leanbh amháin as gach beirt Romach ar réamhscoil nó naíonra, agus leanann sciar beag díobh le scolaíocht tar éis dóibh an t-oideachas éigeantach a chríochnú; de bhí go bhfuil 50 % de Romaigh idir sé bliana d’aois agus 24 bliana d’aois nach bhfuil i mbun oideachais; de bhrí nár chuir ach 21 % de mhná Romacha agus 25 % d’fhir Romacha oideachas meánscoile (ISCED3) nó níos airde i gcrích; de bhrí, in 2019, gur fhág 68 % de leanaí Romacha an t-oideachas go luath in ainneoin sprioc 10 % ó Cheart AE do na Romaigh roimhe seo agus straitéis EU2020; de bhrí nach ndeachaidh ach 18 % de na leanaí Romacha ar aghaidh chuig leibhéil oideachais níos airde agus go raibh neamhláithreachas agus rátaí luathfhágála scoile i measc dhaltaí Romacha i bhfad níos airde ná i measc catagóirí eile daltaí; de bhrí go bhfagann mídhiagnóis idirdhealaitheach leanaí Romacha mar leanaí ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais, go bhfuil líon díréireach leanaí Romacha ag freastal ar scoileanna do leanaí faoi mhíchumas, rud a scarann iad ón ngnáthchóras scoile agus a fhágann gur minic a chuirtear oideachas ar cháilíocht níos ísle orthu; de bhrí gur feiniméan atá fós i gcleachtas ag Ballstáit é deighilt dhíreach agus indíreach leanaí Romacha;

N.  de bhrí go mbíonn ar na Romaigh dul i ngleic le hidirdhealú agus iad ag lorg rochtain ar thionscnaimh fostaíochta amhail an Ráthaíocht don Aos Óg, de bhrí gur minic nach mbíonn sé d’acmhainn ag Seirbhísí Poiblí Fostaíochta freastal orthu, nó go mbíonn cleachtais idirdhealaithe indíreacha á gcur i bhfeidhm acu; de bhrí go raibh an ráta d’obair ar íocaíocht i measc na Romach idir 20-64 bliana d’aois, arb ionann é agus 43 %, i bhfad níos ísle ná meánráta Eorpach 70 % in 2015, de bhrí go bhfuil staid na ndaoine óga i bhfad níos measa, go bhfuil 63 % de Romaigh idir 16-24 bliana d’aois ann nach bhfuil i mbun fostaíochta, i mbun oideachais ná i mbun oiliúna (NEET), i gcomparáid le meánráta AE 12 %, de bhrí go dtaispeántar éagothromaíocht shuntasach idir na hinscní, gur daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna iad 72 % de mhná óga de chúlra Romach, i gcomparáid le 55 % d’fhir óga Romacha; de bhrí go bhfuil 43 % d’fhir Romacha agus 22 % de mhná Romacha i gcineál éigin d’obair ar íocaíocht; de bhrí, le glacadh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur tugadh suntas don cheart bunúsach atá ag gach duine chun dul i mbun oibre agus do neartú na gceart sóisialta, a mbeidh dea-thionchar mar thoradh orthu ar saol na ndaoine i ngrúpaí imeallaithe, amhail na Romaigh; de bhrí nach bhfuil sé de rogha ag go leor Romach, toisc iad a bheith atá ag maireachtáil ar imill na fíorbhochtaineachta, ach glacadh le poist ag a bhfuil tuarastal i bhfad faoin tuarastal íosta, agus b’éigean do chuid eile díobh maireachtáil trí ghníomhaíocht neamhfhoirmiúla a dhéanamh amhail dramh-mhiotal nó buidéil phlaisteacha a bhailiú agus ba mhó an seans dá bharr go ndéanfaí dúshaothrú ar na daoine sin;

O.  de bhrí go n-aithnítear i dtuarascálacha saineolaithe agus i dtuarascáil ón gCoimisiún Eorpach in 2019 ar chur chun feidhme na straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach go gcuimsíonn tosca ratha cineálacha cur chuige trasnacha, trasearnálacha agus comhtháite chun dul i ngleic leis an idirdhealú agus eisiamh ilghnéitheach, agus gur idirdhealú trasnach atá ann i gcoinne mná Romacha, Romaigh LADT agus Romaigh faoi mhíchumas; de bhrí go luann na tuarascálacha as measc na dtosaíochtaí gur gá tacú leis an rochtain atá ag Romaigh ar cheartas agus le béim ar íospartaigh idirdhealaithe trasnaigh, agus ar an acmhainneacht ag comhlachtaí comhionannais déileáil le hidirdhealú i gcoinne Romach;

P.  de bhrí gurb iad mná Romacha go háirithe atá thíos maidir le cearta na mban agus is minic a dhéantar cineálacha géaraithe ciaptha ó bhéal, go fisiciúil, go síceolaíoch, go ciníoch agus deighilt eitneach orthu i saoráidí cúraim sláinte mháthartha; de bhrí go gcuirtear mná Romacha i seomraí deighlte le seomraí folctha agus áiseanna itheacháin deighilte; de bhrí, i roinnt Ballstát, go ndearnadh cleachtais chórasacha aimridithe éigeantaigh agus comhéignigh mná Romacha agus nach raibh siad in ann cúiteamh leordhóthanach a fháil, lena n-áirítear airgead cúitimh, as na sáruithe ar a gcearta daonna a tharla;

Q.  de bhrí go mbaineann éagóir chomhshaoil go rialta le rioscaí sláinte agus iarmhairtí diúltacha do Romaigh agus de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag ualaí comhshaoil orthu, go bhfuil rochtain níos lú acu ar acmhainní agus ar sheirbhísí comhshaoil, agus go ndéantar idirdhealú ina gcoinne ina gceart chun faisnéise, ar rannpháirtíocht i gcinnteoireacht agus ar rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil;

R.  de bhrí gur cuireadh ar an gclár oibre beartais Eorpach, le cruthú an chéad Chreata Eorpaigh do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, gur ghá feabhas a chur ar staid na Romach, gur cruthaíodh struchtúir agus líonraí institiúideacha ríthábhachtacha agus gur cuireadh brú ar na Ballstáit Straitéisí Náisiúnta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar a n-easnaimh; de bhrí, cé go gcuirtear le torthaí na meastóireachta ar Chreat AE atá ann faoi láthair, go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfar de Straitéisí Náisiúnta maidir le Cuimsiú na Romach, faoi threoir togra tar éis 2020, agus go bhfeabhsófar iad, agus go n-iarrtar ar na Ballstáit comhlíonadh neartaithe a dhéanamh orthu, agus go ndéanfaí úsáid spriocanna níos ceangailtí a chur chun cinn chun cur leis an ngealltanas agus leis an gcuntasacht; de bhrí gur gá na straitéisí náisiúnta a phríomhshruthú i mbeartais earnála náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun iad a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, mar aon le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as maoiniú AE, go háirithe i gcás tionscadal lánpháirtithe fadtéarmach;

S.  de bhrí go bhfuil gá le togra reachtach maidir le Comhionannas, Cuimsiú, Rannpháirtíocht na Romach agus le Dul i nGleic le Frithghiofógachas, agus gur cheart é a fhorbairt ar bhonn sonraí imdhealaithe cainníochtúla agus cáilíochtúla níos réadúla a bheith bailithe le tacaíocht ó Eagraíochtaí Sochaí Sibhialta Romacha (AM 87), lena n-áirítear na heagraíochtaí sin ón leibhéal áitiúil;

T.  de bhrí gur cuid de chultúr agus luachanna na hEorpa é cultúr na Romach agus gur rannchuidigh Romaigh le saibhreas cultúrtha, éagsúlacht, geilleagar agus stair choiteann (AM 89); de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach sa chomhtháthú sóisialta ag cosaint agus neartú na hoidhreachta cultúrtha a bhaineann le mionlaigh náisiúnta sna Ballstáit;

U.  de bhrí go bhfuil na Ballstáit freagrach as Straitéisí Náisiúnta maidir le Cuimsiú na Romach a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta; de bhrí gur cheart cistiú leormhaith a leithdháileadh ó bhuiséid áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta na mBallstát chun na Straitéisí Náisiúnta tar éis 2020 maidir le Cuimsiú Daoine de Chúlra Romach a chur chun feidhme agus iad a chomhlánú le cistiú AE; de bhrí gur cheart sásraí faireacháin, maoirseachta agus smachtbhannaí éifeachtúla agus neartaithe a fhorbairt; de bhrí nach mór do AE agus do na Ballstáit a áirithiú go leithdháilfear na cistí ar na cuspóirí agus tionscadal ag a mbeidh an tionchar ionchasach fadtéarmach is mó ar staid na Romach agus go gcaithfear i gceart iad agus nach mbainfear mí-úsáid astu;

V.  de bhrí go bhfuil thart ar leath de na Romaigh san Eoraip ina gcónaí taobh amuigh den Aontas Eorpach; de bhrí go bhfuil achrann ar leith fós ag baint lena staid i bhformhór na dtíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha comharsanachta; de bhrí go bhféadfaidh tionchar láidir ag an Aontas Eorpach ar a staid tríd an gcaibidlíocht aontachais mar aon le trí chúnamh airgeadais a sholáthar;

W.  de bhrí gur cheart rannpháirtíocht chomhionann agus cumhachtú na Romach i gcinnteoireacht, ó gach leibhéal, a áirithiú ar bhonn níos fearr: ba cheart baint mhór a bheith ag geallsealbhóirí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha (eagraíochtaí neamhrialtasacha, gníomhaithe, saineolaithe, daoine den phobal, etc.) i bhforbairt, cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar na beartais phoiblí tar éis na bliana 2020 maidir le daoine de chúlra Romach;

X.  de bhrí gur minic a fhágtar an chuid is mó de na pobail faoi mhíbhuntáiste de chuid na bpobal Romach ar lár agus go n-eisiatar iad ó na tairbhí a ghabhann leis na cláir náisiúnta um chuimsiú mar gheall ar theorainneacha sna modheolaíochtaí mapála a úsáidtear nuair a bhíonn na pobail is mó atá i ngátar á sainaithint; de bhrí gur cheart spriocdhíriú a dhéanamh sna hanailísí, nuair a dheartar cláir idirghabhála, ar an limistéar geografach beacht agus ar líon na dteaghlach, agus líon na ndaoine atá ag déileáil le heisiamh socheacnamaíoch;

Y.  de bhrí gur cheart cuspóirí cuimsithe na Romach a ailíniú le cuspóirí cothrománacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe leis an bPlean Téarnamh, leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua do 2021-2027, leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leis an Seimeastar Eorpach, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe 2030, leis an gComhbheartas Talmhaíochta nua, leis an gCiste um Aistriú Cóir, leis an gClár Oibre Nua Scileanna don Eoraip, leis an Straitéis Eorpach Dhigiteach , le Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach; de bhrí gur príomhphointe le haghaidh chuimsiú na Romach is ea tacaíocht pholaitiúil; de bhrí go bhfuil gá geallsealbhóirí príomha ag gach leibhéal a shlógadh, lena n-áirítear sa Chomhairle, chun gealltanas polaitiúil agus cuntasacht pholaitiúil na mBallstát a áirithiú;

Z.  de bhrí go raibh ann d’fhrithghiofógachas inar sochaithe leis na céadta bliain agus gur cuireadh i bhfeidhm é ar an mbealach is gránna le linn an Uilelosctha, nuair a díothaíodh tuairim is 500 000 Romach; de bhrí go raibh beagnach 500 bliain sclábhaíochta ann do Romaigh ar an gcríoch ina bhfuil an Rómáin inniu, de bharr an fhrithghiofógachais; de bhrí nach raibh na Romaigh in ann leas éifeachtúil agus suntasach a bhaint as forbairt shocheacnamaíoch leantach ár sochaithe de bharr idirdhealaithe agus eisiamh sóisialta leis na céadta bliain; de bhrí gur fágadh ar lár iad agus mar iarmhairt air sin gur tháinig méadú ar na héagothromaíochtaí idir na Romaigh agus an pobal i gcoitinne;

AA.  de bhrí gur chonacthas le géarchéim COVID-19 go bhfuil staid na bpobal imeallaithe de chuid na Romaigh atá i gcompúin agus lonnaíochtaí plódaithe ag dul in olcas, go bhfuil an ciníochas, an t-idirdhealú, an t-eisiamh, an foréigean póilíneachta agus dearcthaí frithghiofógachais i gcoinne na Romach níos measa le linn don víris scaipeadh, agus gur mó an baol atá ann do dhaoine Romacha COVID-19 a tholgadh mar gheall ar rochtain theoranta a bheith acu ar chúram sláinte, uisce óil, sláintíocht agus bia leordhóthanach; de bhrí go leagadh béim shoiléir le géarchéim COVID-19 nach mór do AE agus dá Bhallstáit dul i ngleic go práinneach le cuimsiú na Romach; de bhrí gur cheart do na Ballstáit tacaíocht éigeandála agus cúram leighis a sholáthar chun scaipeadh an víris a theorannú, de bhrí go bhfuil baol ann gurb é an daonra Romach is mó a bheith thíos le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ghéarchéim COVID-19 agus go ndéanfar níos measa na neamhionannais atá ann faoi láthair i ngach réimse tosaíochta um chuimsiú na Romach;

Togra reachtach AE maidir le Comhionannas, Cuimsiú, Rannpháirtíocht na Romach agus le Dul i nGleic le Frithghiofógachas; togra straitéiseach, tosaíochtaí agus cistiú leormhaith tar éis 2020

1.  ag tabhairt dá haire go bhfulaingíonn daoine Romacha frithghiofógachas buanseasmhach, ar cineál ciníochais ar leith é, agus go bhfuil na rátaí bochtaineachta agus eisiamh sóisialta is airde san Eoraip mar thoradh air; ag tabhairt dá haire gurb oth léi, in ainneoin forbairt leanúnach shocheacnamaíoch in AE agus iarrachtaí chun cuimsiú na Romach ag leibhéal AE agus ag an leibhéal náisiúnta a áirithiú, nár tháinig feabhas ar staid fhoriomlán na Romach in AE; go minic mar gheall ar an bhfrithghiofógachas agus ar an easpa toil pholaitiúil atá ann; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bharr sin, dea-shampla a léiriú agus ‘beartas príomhshruthaithe na Romach’ a thabhairt isteach chun dearcach na Romach a chomhtháthú ag gach céim agus leibhéal de na beartais, cláir agus tionscadail phríomhshrutha, ach gan an cur chuige spriocdhírithe a chur as an áireamh, agus chun idirdhealú i mbeartas AE i gcoitinne a sheachaint agus chun idirdhealú dearfach agus obair ghníomhach for-rochtana do Romaigh a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit an conair seo a leanúint agus beartais a chruthú a cabhraíonn le cuimsiú gníomhach na Romach inár sochaithe;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach maidir le Comhionannas, Cuimsiú, Rannpháirtíocht na Romach agus le Dul i nGleic le Frithghiofógachas, a thíolacadh, bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus i mbun comhairliúchán córasach le Romaigh, saineolaithe Romacha (ar son na Romach) agus ENRanna ón leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus go háirithe ó leibhéal an phobail mar aon le geallsealbhóirí leasmhara eile amhail Comhairle na hEorpa agus FRA; á mheas go bhféadfadh an togra sin a bhunú ar Airteagal 19(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar ghníomhaíocht iomchuí chun idirdhealú eitneach na Romach a chomhrac; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach leor an moladh ón gComhairle a úsáideadh cheana mar chineál gnímh, ós rud é nach raibh sé ceangailteach ó thaobh dlí de agus gur theip air dea-thionchar leordhóthanach a bheith aige ar na Romaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún ilchineálacht inmheánach an phobail a chur san áireamh i réimsí tosaíochta an togra tar éis 2020, á áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, agus an t-ainmniú ‘Romach’ a úsáid agus é ag tagairt do ghrúpaí Romacha i mbeartais agus pléití an Aontais tar éis 2020; á thabhairt dá haire gur cheart rannpháirtíocht chothrom na Romach sna réimsí uile den saol poiblí, rannpháirtíocht pholaitiúil, agus teanga, ealaíona, cultúr, stair na Romach a lua go soiléir i dtogra iar-2020 AE do Romaigh, mar bhearta atá de bhreis ar na ceithre phríomhréimse tosaíochta, mar atá an t-oideachas, an fhostaíocht, an tithíocht agus an cúram sláinte;

3.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go dtabharfaidh an togra tosaíocht do bhaint amach dea-thionchar suntasach; ba cheart dó gnéithe socheacnamaíocha a chomhcheangal le cur chuige bunaithe ar chearta an duine, lena n-áireofar plean chun deireadh a chur le neamhionannais tithíochta, sláinte, fostaíochta agus oideachais; ba cheart cuspóirí sonracha, inchomparáide, indéanta, ceangailteacha agus faoi cheangal ama a chur san áireamh chun cuimsiú na Romach a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear Romaigh atá mar chuid de ghrúpaí a bhfuil il-idirdhealú os a gcomhair, amhail an óige, mná agus cailíní, daoine LADTI agus daoine faoi mhíchumas, chun oideachas cuimsitheach agus forbairt luath-óige a chur chun cinn agus chun idirdhealú agus deighilt a chomhrac; ba cheart dó tosaíocht a thabhairt do chur chuige ceartais, i bhfianaise nádúr comhchoiteann agus struchtúrach an idirdhealaithe i gcoinne na Romach; á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh an togra tar éis 2020 ón gCoimisiún ar an mbochtaineacht agus frithghiofógachas a chomhrac, feabhas a chur ar dálaí maireachtála agus sláinte agus cur chuige spriocdhírithe agus príomhshrutha a chomhcheangal;

4.  á thabhairt dá haire go bhfuil gá le hathrú bunúsach sa chur chuige chun go mbeadh próiseas AE amach anseo maidir le cuimsiú na Romach rathúil agus inchreidte, chun aistriú ó chur chuige atharthaíoch go ceann neamh-atharthaíoch agus beartais maidir le Romaigh á bhforbairt; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart dlús a chur faoi iarrachtaí náisiúnta sna Ballstáit i dtreo chuimsiú na Romach; á chur i bhfáth áfach gur cheart an bhéim a chur ar na Ballstáit sin a bhfuil daonra mór Romach acu, cás ina gcruthraíonn próiseas neamhéifeachtach chuimsiú na Romach dúshláin mhaicreacnamaíocha, ina méadaítear éagothromaíochtaí réigiúnacha agus, dá bhrí sin, a bhfuil ina bhac ar chomhtháthú sóisialta AE; á chur i bhfios go láidir gur cheart tacaíocht AE chuig na tíortha sin a bheith i gcomhréir leis na dúshláin, agus ba cheart níos mó airde a dhíriú ar éifeachtacht na mbeartais agus na mbeart sna tíortha sin, á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go n-áiritheofar gné sheachtrach freisin maidir le tíortha aontachais, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha mar aon le tíortha comharsanachta, a bhféadfadh an tAontas tacú leo straitéisí cuimsitheacha fadtéarmacha um chuimsiú na Romach a fhorbairt agus tacaíocht airgeadais a thairiscint dóibh i réimsí amhail an oideachas, sláinte, tithíocht agus fostaíocht;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún an nasc idir ionstraimí agus cuspóirí airgeadais agus beartais príomhshrutha AE a bhaineann le forbairt shocheacnamaíoch agus cuimsiú socheacnamaíoch na Romach a leag an Coimisiún amach ina thogra atá ceangailteach ó thaobh dlí de; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú le haghaidh chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach a shlógadh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027 agus faoi Phlean Téarnaimh AE; ag áitiú, i ndáil leis sin, i gcás eintitis atá i mbun cleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne na Romach, nó a thógann cinntí nó a chuireann bearta chun feidhme chuige sin, nár cheart dóibh a bheith incháilithe do chistiú ó bhuiséad an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na tíortha is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha na sásraí airgeadais príomhshrutha atá ann cheana a choigeartú agus iad a dhéanamh solúbtha le haghaidh úsáid chumaiscthe i bpobal Romacha trí rochtain ar fhaisnéis, obair for-rochtana, fothú acmhainneachta, seachadadh cúnaimh theicniúil agus ráthaíochtaí a chumasú le linn an phróisis iarratais ar chistiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb iad na rialtais áitiúla agus ENRanna go minic is éifeachtaí a chaitheann cistí ar an leibhéal áitiúil, agus dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún na cistí a leithdháiltear go díreach orthu a mhéadú, agus ionadaithe áitiúla Romacha a thabhairt isteach sa chur chun feidhme; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, chun tacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta Romacha agus eagraíochtaí sochaí sibhialta ar son na Romach, gur cheart ceanglais chómhaoinithe níos solúbtha a thabhairt san áireamh, mar nach bhfuil acmhainní dílse ag go leor ENRanna, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, agus gur bacainn é sin do ENRanna ón bpobal cistiú AE a rochtain; á iarraidh ar an gCoimisiún freagairt éifeachtach a thabhairt ar an mbuairt faoin spás atá ann do shochaí shibhialta neamhspleách i mBallstáit áirithe, ar spás é atá ag laghdú de réir a chéile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh ciorruithe tarlú mar thoradh ar ráig an choróinvíris maidir le cláir um Chearta agus Luachanna i CAI 2021-2027, a mbeadh tionchar diúltach acu ar eagraíochtaí sochaí sibhialta atá ag obair ar son phobail Romacha agus a dhéanfadh difear dá bhrí sin ar obair for-rochtana i bpobal Romacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an riosca sin go héifeachtach;

6.  á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais AE a chomhlánú chun staid na Romach a fheabhsú; ag iarraidh ar na Ballstáit a lua cén leibhéal cistiúcháin a bheadh ag teastáil chun na bearta beartaithe le haghaidh chuimsiú na Romach a chur i gcrích agus a lua cén méid airgid a bheadh ar fáil le haghaidh na mbeart sin ó na buiséid náisiúnta agus ó bhuiséad an Aontais;

7.  á iarraidh ar na Ballstáit modheolaíochtaí mapála níos fearr a chomhtháthú le haghaidh na bpobal Romach imeallaithe agus chun sásraí cistithe níos láidre a chomhtháthú ina struchtúir forbartha réigiúnacha agus áitiúla lena gceadófar infheistíochtaí níos spriocdhírithe sna pobail Romacha imeallaithe agus pobail Romacha a chur san áireamh ar bhonn níos fearr i gcur chun feidhme cistí chun a áirithiú go dtiocfaidh na cistí a leithdháilfear chomh fada leis na Romaigh agus go gcaithfear go cuí iad agus nach mbainfear mí-úsáid astu;

Bailiú sonraí imdhealaithe

8.  á thabhairt chun suntais go gcaithfear sonraí stóinsithe arna n-imdhealú de réir inscne agus de réir aoise a bhailiú go córasach chun bonn eolais a chur faoi riachtanais agus anailís chomhthéacs, agus cabhrú le spriocanna agus táscairí tionchair a shocrú chun an toradh is fearr a áirithiú ó thaobh riachtanais a mheaitseáil le pleanáil agus buiséadú, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; ag leagan béim ar thábhacht modhanna meastóireachta tionchair frithfhíorasacha chun an bhearna idir creataí beartais agus cur chun feidhme ar bráid a laghdú; á mheabhrú gur teorainn chriticiúil d’idirghabhálacha áirithe í an bhearna idir uaillmhian agus acmhainneacht an struchtúir atá i bhfeidhm chun torthaí a bhaint amach, de bharr easpa pleanála sonraí-bhunaithe, buiséadú neamh-leordhóthanach agus teacht chun cinn riachtanais nua gan choinne;

9.  á mheabhrú gur chinn CIE in 2016 gur dúshlán suntasach é faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach do na Ballstáit go léir ar tugadh cuairt orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún cuir chuige atá nuálach, atá dírithe ar thionchar agus atá bunaithe ar shonraí a thógáil, ar cuir chuige iad a bheidh le húsáid mar ionchur díreach sa chéad ghlúin eile de chláir;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú leis na Ballstáit ar mhodheolaíocht choiteann chun sonraí comhionannais a bheidh imdhealaithe ó thaobh eitneachta de réir mar a shainmhínítear i dTreoir AE maidir le Comhionannas Ciníocha a bhailiú agus a fhoilsiú a bheidh deonadh, anaithnid agus a áiritheoidh cosaint sonraí pearsanta, sainaitheantas agus comhairliúchán leis na pobail ábhartha, chun sonraí iontaofa, inchomparáide a fháil i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla náisiúnta agus le reachtaíocht AE maidir le cosaint sonraí chun tacú le beartais bunaithe ar fhianaise, chun éifeachtacht straitéisí agus bearta a rinneadh a fheabhsú agus chun fadhbanna struchtúracha a aithint;

11.  á iarraidh ar na Ballstáit na sonraí go léir atá ar fáil dóibh a úsáid chun tagarmharcanna a bhunú agus chun forbairt cláir beartais a threorú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach próifíl níos cruinne den daonra Romach agus a riachtanais a fhorbairt, lena n-áirítear sna tíortha is iarrthóirí; á chur i bhfios go láidir go mbeadh treoirlínte ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha lárnach chuige sin;

Rannpháirtíocht chothrom na Romach i bpróisis chinnteoireacha, Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú

12.  ag iarraidh ar an gCoimisiún sásra cuimsitheach a bhunú chun rannpháirtíocht chothrom eagraíochtaí sochaí sibhialta Romacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta a oibríonn ar son na Romach, saineolaithe Romacha agus daoine den phobal Romach ó gach leibhéal, agus aistriú á dhéanamh ó chur chuige atharthaíoch go ceann neamh-atharthaíoch, lena n-áirítear na daoine sin atá gníomhach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, a áirithiú, agus aird á tabhairt ar ghné na hinscne sa díospóireacht beartais agus i gcinnteoireacht; á iarraidh ar na Ballstáit oideachas agus líon na vótálaithe i measc na Romach a chur chun cinn;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún Tascfhórsa Romach ar leibhéal AE a fhorbairt chun cuimsiú na Romach i réimsí beartais éagsúla a éascú agus Romaigh a chumhachtú trí thacú le fothú acmhainneachta na ngníomhaithe go léir a bhfuil baint acu le bainistiú agus cur chun feidhme na mbeartas Romach náisiúnta agus de chuid an Aontais, i mbealach suntasach, díniteach, neamhchlaonta, cuimsitheach agus trédhearcach; á iarraidh ar na Ballstáit déanamh amhlaidh nuair a cruthaíonn siad a Straitéisí Náisiúnta tar éis 2020 féin maidir le Cuimsiú na Romach; á chur i bhfáth nach mór do gheallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear ENRanna, gníomhaithe, saineolaithe áitiúla agus réigiúnacha, daoine den phobal, daoine atá thíos le frithghiofógachas rannpháirt shuntasach a bheith acu i bhforbairt, cur chun feidhme agus faireachán na Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú agus na mbeartas poiblí eile i leith na Romach, agus comhchaighdeán cáilíochta ceangailteach á dhéanamh de rannpháirtíocht na Romach sa chreat agus i Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú amach anseo;

14.  ag iarraidh ar na Ballstáit forbairt a dhéanamh ar Straitéisí Náisiúnta tar éis 2020 maidir le Cuimsiú na Romach, lena ngabhfaidh creat cuimsitheach do mheasúnú comhpháirteach agus buiséad réamhshainithe leormhaith, a chuirfear ar áireamh sna buiséid náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla faoi réir athbhreithniú agus meastóireacht thréimhsiúil agus a bheidh ag teacht le scála na riachtanas cuimsithe shóisialta atá ag na Romaigh; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór go mbeadh cuimsiú na Romach i measc na dtosaíochtaí nuair a bheidh buiséid áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta á bhforbairt; á iarraidh ar na Ballstáit an comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais a chur san áireamh i gcur chuige cothrománach ina gcuid Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú, i ngach réimse den saol poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá déanta chun na cuspóirí ó na Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú a bhaint amach a chur san áireamh sna moltaí tírshonracha;

Frithghiofógachas agus idirdhealú trasnach

15.  á athdhearbhú a seasaimh agus na moltaí a chuir sí ar aghaidh ina rún an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis na gnéithe de chearta bunúsacha a bhaineann le lánpháirtiú na Romach in AE: an frithghiofógachas a chomhrac; Ós rud é go ndearnadh gníomhaíocht teoranta go dtí seo, á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí sin a chomhtháthú i dtogra AE tar éis 2020 maidir le Comhionannas, Cuimsiú, Rannpháirtíocht na Romach agus le Dul i nGleic le Frithghiofógachas uaidh, go háirithe na moltaí a bhaineann le frithghiofógachas agus fírinne agus athmhuintearais mar gurb iad sin an bhunchloch chun sochaí láidir agus chuimsitheach a thógáil; ag diúltú go láidir don insint pholaitiúil agus don phobalachas chun beartas rialtais a fhorbairt maidir le frithghiofógachas a ghríosadh, ceap milleáin a dhéanamh de na Romaigh agus idirdhealú nó deighilt a chur chun cinn go díreach nó go hindíreach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gníomhaíochtaí polaitiúla den sórt sin i gcoinne, ní hamháin na bunreachtanna náisiúnta, ach i gcoinne na gceart bunúsach agus na luachanna bunúsacha freisin mar a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, gníomhaíocht láithreach a dhéanamh trí nósanna imeachta um shárú a oscailt nuair atá riosca de shárú ar dhlíthe an Aontais;

16.  á iarraidh ar na Ballstáit an frithghiofógachas a aithint go hoifigiúil mar chineál sonrach ciníochais in aghaidh na Romach;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le frithghiofógachas i leith na Romach ar fud phríomhréimsí an togra tar éis 2020 agus á éileamh bearta éifeachta reachtacha agus beartais ar leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan sin sna Ballstáit agus i dtíortha is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha araon; á mheas gur saincheist chothrománach é an comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais agus gur cheart é a chur san áireamh i ngach réimse de bheartas an Aontais, lena n-áirítear teicneolaíocht nua; á iarraidh ar na Ballstáit á áirithiú nach gcruthóidh na teicneolaíocht nua a bheidh deartha agus in úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí riosca idirdhealaithe do mhionlaigh chiníocha agus eitneacha; á iarraidh ar an gCoimisiún obair na gComhlachtaí Comhionannais Náisiúnta a chomhtháthú tuilleadh i bhforbairt agus cur chun feidhme an chreata beartais amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin, sineirgí níos láidre a fhorbairt idir na Comhlachtaí Comhionannais Náisiúnta agus na Pointí Teagmhála Náisiúnta Romacha chun comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais; á iarraidh ar na Ballstáit neamhspleáchas éifeachtach, sainordú agus acmhainní riachtanacha na gcomhlachtaí comhionannais a ráthú chun iad a chumasú a gcuid tascanna a dhéanamh maidir le cur chun cinn agus cosaint na gceart bunúsach de chuid na Romach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb iad comhlachtaí comhionannais na hinstitiúidí cearta chun sonraí a bhailiú agus treochtaí i leith an fhrithghiofógachais a tharraingt agus iad a dhíriú ar an leibhéal Eorpach;

18.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chothrom ar cheartas agus comhionannas faoin dlí a dhaingniú do na Romaigh; á iarraidh ar na Ballstát na Romaigh a chosaint ar bagairtí ó ghrúpaí atá i bhfad amach ar an eite dheis, teagmhais mhí-úsáide ó phóilíní a imscrúdú agus rannpháirtíocht na Romach i bhforfheidhmiú an dlí agus i bhfórsaí slándála a áirithiú;

19.  á mholadh do na Ballstáit treoirlínte a ghlacadh agus cúrsaí oiliúna a fhorbairt i measc fórsaí póilíneachta i gcoinne choiriúlú díréireach na Romach, i gcoinne próifíliú eitneachta, nósanna imeachta stad agus cuardaigh iomarcacha, ruathair gan cúis maidir le lonnaíochtaí Romacha, gabháil threallach agus scriosadh maoine, úsáid iomarcach an fhornirt le linn gabhálacha, ionsaithe, bagairtí, cóir náireach, mí-úsáid fhisiciúil, agus diúltú do chearta le linn ceistiú agus coimeád ag póilíní agus maidir le tearc-phóilíneacht i ndáil le coireanna a dhéantar i gcoinne na Romach, nach gcuirtear cúnamh nó cosaint ar fáil (amhail i gcásanna gáinneála agus d’íospartaigh foréigin teaghlaigh) nó nach ndéantar imscrúdú i gcásanna coireanna a thuairiscíonn Romaigh (coireanna fuath go háirithe), nó gur beag cúnaimh agus cosanta a thugtar nó an t-imscrúdú a dhéantar sna cásanna sin; á iarraidh ar na Ballstát a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla lán-imscrúdú ar chásanna den sórt sin; á iarraidh ar na Ballstáit leigheasanna iomchuí a chur ar fáil;

20.  á chur in iúl gur geal léi na ráitis ó Chomhairle na hEorpa go bhfuil gá tuilleadh anailís agus gníomhaíocht a dhéanamh maidir le feiniméan na fuathchainte ar líne d’fhonn bealaí nua a aimsiú agus a rialú chun reitric den chineál sin a chomhrac amhail insint mhalartach agus teicneolaíochtaí seiceála fíricí;

21.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar go héifeachtach í, agus go n-áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach an Chinnidh Réime maidir le Ciníochas agus Seineafóibe chun an frithghiofógachas leanúnach a chomhrac; á athdhearbhú a hiarraidh ar an gComhairle, an chaibidlíocht ar an treoir chothrománach maidir leis an bhfrith-idirdhealú a scaoileadh, ós rud é gur réamhriachtanas í chun comhionannas a bhaint amach san Aontas;

22.  á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, a n-iarrachtaí a neartú chun an t-idirdhealú, an fhuathchaint agus coireanna fuath a chomhrac laistigh de reachtaíocht frith-idirdhealaithe náisiúnta agus de chuid an Aontais, go háirithe sa mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar staid na n-íospartach Romach atá thíos leis agus cúnamh breithiúnach a sholáthar;

23.  á mheabhrú oibleagáid na mBallstát faoin Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha chun comhlacht speisialaithe a ainmniú le haghaidh chur chun cinn an uile dhuine gan idirdhealú ar fhoras cine ná bunadh eitneach;

24.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh maidir le staid agus cearta na ndaoine aonair san Aontas a bhfuil idirdhealú trasnach ag bagairt orthu, go háirithe mná, daoine LADTI agus daoine atá faoi mhíchumas;

25.  á mheabhrú ról ríthábhachtach na meán maidir le dearcthaí frithghiofógacha a laghdú trí mhionlaigh a thuairisciú ar bhonn neamh-idirdhealaitheach;

Sláinte

26.  á iarraidh ar na Ballstáit bearta a fhorbairt chun rochtain ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach agus íceach de dhea-cháilíocht a fheabhsú do Romaigh, lena n-áirítear cúram sláinte gnéis agus atáirgthe, agus go háirithe do mhná, leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas; á athdhearbhú gur gné lárnach chuige sin rochtain ar sheirbhísí sláinte a fheabhsú, is é sin, an rochtain fhisiciúil agus bacainní doláimhsithe na claontachta agus an chiníochais a bhaint;

27.  á iarraidh ar na Ballstáit maoiniú leordhóthanach a leithdháileadh chun feabhas a chur ar riocht sláinte ginearálta na bpobal Romacha trí shláinte agus oideachas gnéis, trí ghníomhaíochtaí scagtha sláinte soghluaiste i réimsí deighilte, trí fheachtais oideachais sláinte maidir le cosc, agus trí oiliúint a chur ar oibrithe sláinte agus sóisialta maidir leis an éagsúlacht, rud a rannchuidíonn le córais sláinte AE a chur in oiriúint don éagsúlacht;

28.  ag cáineadh go láidir deighilt eitneach na mban Romach i saoráidí cúraim sláinte mháthartha; á iarraidh ar na Ballstáit cineálacha uile deighilte eitní i saoráidí sláinte a thoirmeasc láithreach bonn, lena n-áirítear suíomhanna cúraim sláinte mháthartha;

29.  á iarraidh ar an Ballstáit leigheasanna éifeachtacha agus tráthúla a áirithiú don uile dhuine a tháinig slán as aimridiú éigeantach agus comhéigneach, lena n-áirítear trí scéimeanna cúitimh éifeachtacha a bhunú;

Rochtain chomhionann agus chothrom ar oideachas, ar ealaíona na Romach, ar theanga na Romach agus ar chultúr na Romach

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí nó fochláir cistiúcháin nua a dhearadh ar cheart a bheith comhlántach le bearta na mBallstát do thacaíocht spriocdhírithe agus shaincheaptha in oideachas ardcháilíochta a thabhairt do dhaltaí Romacha ó 3 bliana d’aois ar aghaidh, ar daltaí iad atá ag déileáil le fíorbhochtaineacht agus nach bhfuil aon rochtain acu ar thionscnaimh cistiúcháin oideachais agus cuimsithe shóisialta atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo ón Aontas, amhail Erasmus Plus, an Rathaíocht i dtaobh Leanaí nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus;

31.  ag tabhairt dá haire, le blianta beaga anuas, nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta bainte amach i roinnt Ballstát maidir le hoideachas a chur ar leanaí Romacha atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, go háirithe mar gheall ar an easpa toil pholaitiúil agus ar an bhfrithghiofógachas atá ann, rud is cúis le bearna mhór a bheith ann fós idir daltaí agus mic léinn ar Romaigh iad agus nach Romaigh iad ó thaobh an leibhéil oideachais de; á mheabhrú go bhfuil sé bunriachtanach tús comhionann saoil a thabhairt do leanaí Romacha chun deireadh a chur le seachadadh na bochtaineachta ó ghlúin go glúin; ag tathant ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh ar fud na réimsí beartais uile, agus áit tosaíochta ar chláir oibre na rialtas a thabhairt d’oideachas a chur ar leanaí Romacha;

32.  á mholadh gur cheart tús a chur le hoideachas a chur ar dhaltaí Romacha a luaithe is féidir, agus aird á tabhairt ar na dálaí sonracha i ngach Ballstát, trína gcur san áireamh i seirbhísí luath-óige agus cúraim leanaí atá comhionann, inacmhainne, inrochtana agus cuimsitheach; ag tathant ar na Ballstáit straitéisí agus cláir a fhorbairt agus a chur chun feidhme atá dírithe ar rochtain na Romach ar shaoráidí cúraim leanaí, ar scoileanna agus ar ollscoileanna a éascú, ar réamhriachtanas í don fhorbairt phearsanta agus gairme, agus á mheabhrú gur bealach cuimsithe den scoth iad gníomhaíochtaí seach-churaclaim, amhail gníomhaíochtaí spóirt nó ealaíne;

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit cistiú leordhóthanach a áirithiú do ENRanna a sholáthraíonn gníomhaíochtaí den sórt sin, toisc gur ríthábhachtach iad na gníomhaíochtaí sin chun timpeallacht agus dálaí a chruthú ina bhfuil comhionannas deiseanna ag leanaí as gach cineál cúlra; á mheas gur ríthábhachtach é freisin an malartú dea-chleachtas idir Ballstáit sa réimse sin;

34.  á chur in iúl gur chúis bhuartha ar leith di ardleibhéal deighilte na leanaí Romacha i scoileanna agus an cleachtas idirdhealaitheach leanaí Romacha a chur i scoileanna do leanaí faoi mhíchumas fhoghlama, ar nithe iad atá ag leanúint ar aghaidh i roinnt Ballstát; ag tathant ar na Ballstáit lena mbaineann deireadh a chur le cleachtais den sórt sin i gcomhréir le reachtaíocht frith-idirdhealaithe infheidhme; á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do bhearta chun deireadh a chur le haon chineál deighilte daltaí Romacha ar scoil nó i rang i gcomhréir le Moladh ón gComhairle in 2013, trí raon leathan bearta lena dtugtar rannpháirt do gheallsealbhóirí áitiúla, go háirithe tuismitheoirí agus leanaí Romacha, mar aon le heagraíochtaí pobail a chur chun feidhme agus trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta a fhorbairt;

35.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh na scoileanna agus cigireachtaí uile a n-oibleagáid dhlíthiúil chun scoileanna a dhídheighilt agus freisin go dtabharfaidh siad gealltanas sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú go bliantúil maidir leis an staid deighilte scoile ar gach leibhéal, lena n-áirítear trí smachtbhanna a chur orthu siúd i gcás neamhchomhlíonta; á iarraidh ar na Ballstáit go ndéanfaí dea-chleachtais a mhalartú amhail coimisiún aireachta maidir le dídheighilt a bhunú, a chur ar a chumas agus acmhainní a chur ar fáil dó chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna ar mian leo dídheighilt a dhéanamh agus smachtbhanna a chur orthu siúd i gcás neamhchomhlíonta (AM 251); á mheabhrú gur oscail an Coimisiún 3 nós imeachta um shárú maidir le deighilt leanaí Romacha; den tuairim nach ndearnadh feabhas ar bith le blianta beaga anuas in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún tuilleadh beart a dhéanamh agus, más gá, na cásanna sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

36.  á mheabhrú gur géarghá go mbeadh tuismitheoirí Romacha rannpháirteach i ngach céim de scolaíocht a leanaí; ag tathant ar na Ballstáit cláir a fhorbairt atá dírithe ar thuismitheoirí Romacha a chuimsiú i bpróiséas scolaíochta agus forbartha oideachais agus pearsanta a leanaí; á chur i bhfáth go bhfuil cumas na mBallstát rannpháirtíocht na dtuismitheoirí Romacha a áirithiú ag brath go mór ar an iliomad tosca, idir thosca sochaíocha agus thosca eacnamaíocha, agus ag éileamh tacaíocht speisialta – i dtaca le sláine sláinte, bia scoile agus éadaí scoile – do theaghlaigh Romacha atá ag tabhairt aghaidh ar dheacrachtaí eacnamaíocha, sóisialta, leighis nó tithíochta; á chreidiúint gur cheart deiseanna nua do leanaí a d’éirigh as an scoil agus/nó nach bhfuil léamh ná scileanna bunúsacha acu a dhearadh chun go leanfaidh siad ar aghaidh lena n-oideachas. á iarraidh ar Bhallstáit lánúsáid a bhaint as an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí ina leith sin;

37.  á iarraidh ar Bhallstáit AE rochtain chomhionann a áirithiú do leanaí Romacha ar oideachas ardcháilíochta lena n-áirítear trí dheiseanna foghlama seirbhíse pobail agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt, ó thaobh struchtúir de, ar urraim d’éagsúlacht, do thuiscint idirchultúrtha agus do chearta an duine i gcuraclaim gnáthscoile agus sna meáin; agus á iarraidh go gcuirfí cearta an duine, oiliúint ar cheannaireacht agus ar shaoránacht dhaonlathach mar aon le stair na Romach san áireamh ina gcuid gcuraclam scoile agus cláir ollscoile Romacha a leathnú ar an leibhéal Eorpach;

38.  á iarraidh ar na Ballstáit dlíthe agus bearta beartais a dhearadh lena ndírítear ar réitigh a áirithiú do leanaí Romacha uile a ndearnadh diagnóisiú mícheart orthu agus ar cuireadh i scoileanna speisialta nó i ranganna agus scoileanna iad do leanaí Romacha amháin bunaithe ar thionscnaimh eitneacha agus, dá bharr sin, rinneadh a gcearta bunúsacha agus deiseanna d’oideachas ardcháilíochta agus do phoist mhaithe a dhiúltú dóibh;

39.  den tuairim, le COVID-19, go raibh gá le modhanna agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a úsáid go gníomhach; á chur i bhfáth áfach gur léiríodh leis an bpaindéim easpa ullmhachta neamhleor i gclaochlú digiteach toisc nach bhfuil mórán teaghlach de chúlra Romach ná a scoileanna feistithe le huirlisí agus scileanna TCF leordhóthanacha, agus gur minic nach bhfuil acmhainn acu do leictreachas ná do nascacht dhigiteach, á mheas gur túsphointe an oideachais dhigitigh é seilbh a bheith ar ghaireas TCF, ag tathant, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún uirlisí TCF a bhailiú agus iad a dháileadh i measc na dteaghlach agus na leanaí is leochailí chun uirlisí bunúsacha le haghaidh cianfhoghlama a sholáthar dóibh agus iad a ullmhú le haghaidh na haoise digití; á mheas gur bunchlocha iad rochtain ar an idirlíon agus scileanna TCF den aois dhigiteach atá le teacht gan mhoill do gach saoránach agus, dá réir sin, tá siad ríthábhachtach do chumhachtú na Romach chomh maith; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bharr sin, forálacha a bhaineann le rochtain idirlín a thabhairt isteach sa togra tar éis na bliana 2020; á iarraidh ar na Ballstáit scileanna TCF a chur lena gcuraclam ó aois óg agus infheistiú i gcláir litearthachta digití ar féidir leo tacú le leanaí Romacha;

40.  á iarraidh ar na Ballstáit teanga, cultúr agus stair na Romach a chur chun cinn i gcuraclaim scoile, i músaeim agus i gcineálacha eile de léiriú cultúrtha agus stairiúil, agus aitheantas a thabhairt do rannchuidiú chultúr na Romach mar chuid den Oidhreacht Eorpach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta comhleanúnacha agus comhsheasmhacha a fhorbairt, le buiséid iomchuí chun ealaíona agus cultúr na Romach a spreagadh, a thacú agus a chur chun cinn, chun taighde a dhéanamh ar ábhar agus ar oidhreacht dhobhraite chultúr traidisiúnta na Romach, agus iad a chaomhnú, agus ceardaíocht thraidisiúnta na Romach a chur chun cinn;

Tithíocht ardcháilíochta agus inacmhainne, ceartas comhshaoil

41.  á chur i bhfios go láidir nach ionann tithíocht agus tráchtearra, gur riachtanas é, agus nach féidir le daoine a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus rochtain a fháil ar chearta bunúsacha dá huireasa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit moltaí de Thuarascáil an Choimisinéara um Chearta an Duine de Chomhairle na hEorpa “Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta (ECSR) An ceart chun tithíochta inacmhainne: Dualgas faillithe na hEorpa ” a chomhtháthú ina mbeartais, le tagairt áirithe a áirithiú go nglacfaidh na Ballstáit uile go pras le bheith faoi cheangal ag Airteagal 31 don leagan athbhreithnithe de Chairt Shóisialta na hEorpa lena bpléitear leis an gceart chun tithíochta, agus go gcuirfear dlús le hinfheistiú i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne chun deireadh a chur le ró-ualach na gcostas tithíochta, go háirithe i measc grúpaí imeallaithe;

42.  ag spreagadh go láidir do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na Romaigh cláraithe go cuí le cáipéisí aitheantais agus le teastais bhreithe, agus go bhfuil a réadmhaoin (talamh agus teach) cláraithe chomh maith céanna agus chun nósanna imeachta dlíthiúla agus riaracháin níos solúbtha a áirithiú don todhchaí;

43.  á iarraidh ar na Ballstáit éifeachtaí phaindéim COVID-19 i ndálaí tithíochta plódaithe agus mídhaonna ina bhfuil cónaí ar Romaigh a íoslaghdú, lena ndéantar a lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla a dlisteanú, trí infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsú bonneagair agus tithíochta le haghaidh lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla a dlisteanaíodh le déanaí;

44.  á iarraidh ar na Ballstáit sásra cuimsitheach a ghlacadh chun a áirithiú go cuirfear cosc ar idirdhealú agus ar dhrochíde i gcoinne na Romach i réimse na tithíochta, agus go gcuirfear smachtbhanna ina leith, chun dul i ngleic le saincheist na heaspa dídine agus chun láithreáin stad leordhóthanacha agus iomchuí a sholáthar do Romaigh aistreacha; á iarraidh ar na Ballstáit cosc a chur ar dhíshealbhú éigeantach ar Romaigh trína áirithiú go ndéantar cleachtais den sórt sin i gcomhréir go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta, an dlí Eorpach agus an dlí náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar fógra réasúnta agus faisnéis leormhaith a sholáthar do na daoine lena mbaineann, agus á chur i bhfios nár cheart aon díshealbhú a dhéanamh gan tithíocht ionadach, chaighdeánach, inacmhainne agus ardcháilíochta i suíomh dídheighilte, ina bhfuil rochtain ar sheirbhísí poiblí, a sholáthar; ag leagan béim ar an ngá práinneach atá le hinfheistíochtaí poiblí chun an ceann is fearr a fháil ar dheighilt; á iarraidh ar na Ballstáit dídheighilt spásúil a chur chun cinn; á chur i bhfios go bhfágann leithlisiú geografach agus deighilt tithíochta nach féidir le daoine ar de mhionlaigh eitneacha iad poist chuibhiúla a bheith acu, gan beann ar a leibhéal cáilíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach teacht ar réitigh ar díshealbhuithe trí oibriú i gcomhar le hinstitiúidí éagsúla, agus gur cheart gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar thithíocht na Romach a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí náisiúnta níos leithne agus i dtionscnaimh reachtacha lena ndírítear ar thithíocht shóisialta nó ar chláir chúnaimh shóisialta;

45.  á mheabhrú gurb iad na daoine is díorthaí is mó atá thíos leis mar gheall ar éifeachtaí ráig COVID-19, lena n-áirítear pobail Romacha ar fud AE agus á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil tuilleadh idirdhealaithe agus imeallaithe á dhéanamh ar phobail Romacha de bharr phaindéim an choróinvíris; á iarraidh ar na Ballstáit bearta práinneacha a ghlacadh faoi ghéarchéim COVID-19 chun aghaidh a thabhairt ar an easpa uisce, ar an easpa sláintíochta leormhaithe, ar an easpa leictreachais agus ar easpa an bhonneagair is gá i bpobail Romacha bhochta; á iarraidh ar na Ballstáit lonnaíochtaí Romacha a áireamh go hiomlán i mbearta dífhabhtaithe, toirmeasc a chur ar chealú seirbhísí fóntais bunúsacha le linn na paindéime, breithniú a dhéanamh i dtaobh costais tomhaltais a fhóirdheonú do na daoine is leochailí agus dóibh siúd a bhfuil ioncam caillte acu, nó íocaíochtaí a chalcadh go dtí deireadh thréimhse an phlean téarnaimh, tacaíocht airgeadais do thuismitheoirí aonair/do mháithreacha aonair le haghaidh cúram leanaí, íocaíochtaí cíosa agus costais tí eile a sholáthar chun an cruatan airgeadais a mhaolú, go háirithe i bhfianaise na gcaillteanas post;

46.  á iarraidh go ndéanfaí Conradh Aarhus, lena nasctar cearta comhshaoil agus cearta an duine, a chur chun feidhme ar fud an Aontais; ag moladh go ndéanfaí éagóracha comhshaoil a chomhtháthú sa togra tar éis na bliana 2020 agus á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na cineálacha éagsúla d’idirdhealú comhshaoil;

Mná agus cailíní Romacha

47.  á chur i bhfáth gur gá tosaíocht a thabhairt do ghné na hinscne agus do bheartais atá íogair ó thaobh inscne de agus d’fhoréigean a chomhrac (lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine); ag tathant ar na Ballstáit go léir nár dhaingnigh Coinbhinsiún Iostanbúl go fóill é sin a dhéanamh go práinneach; ag tabhairt dá haire go dtabharfaidh beartais amach anseo aitheantas do na héagsúlachtaí sin agus aghaidh a thabhairt orthu trí idirghabhálacha sonracha agus cineálacha tacaíochta ar leith a sholáthar do mhná Romacha; á chur i bhfáth gur cheart bearta sonracha chun cumhacht a thabhairt do mhná Romacha agus do chailíní Romacha a bheartú, mar gheall go ndéantar il-idirdhealú orthu go minic;

48.  á iarraidh ar rialtais na mBallstát, ar údaráis áitiúla agus, i gcás inarb ábhartha, ar institiúidí AE mná Romacha a rannpháirtiú, trí eagraíochtaí ban, agus geallsealbhóirí ábhartha, in ullmhú, cur chun feidhme, meastóireacht agus faireachán NRIS agus naisc a chruthú idir comhlachtaí comhionannais inscne, eagraíochtaí um chearta na mban agus straitéisí um chuimsiú sóisialta chun muinín a chothú le pobail agus íogaireacht i leith comhthéacsanna áitiúla a áirithiú;

49.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear caibidil shonrach maidir le cearta na mban agus comhionannas inscne san áireamh ina Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú, agus go gcuirfear i bhfeidhm i ngach roinn de, bearta príomhshruthaithe inscne atá dírithe ar chearta na mban agus ar an ngné comhionannais inscne a chur chun cinn, go háirithe maidir le leithdháileadh cistí, i gcomhréir le conclúidí ón gComhairle i leith Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, lena gcuirtear béim ar an ngá atá le gné na hinscne a chur i bhfeidhm i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí uile chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cuimsiú na Romach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a mheas an bhfuil na beartais ag baint amach na feabhsuithe inmhianaithe do mhná Romacha agus do chailíní Romacha, agus beart a dhéanamh má tá easpa dul chun cinn;

50.  á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhearadh chun tacú le mná Romacha chun a n-acmhainneacht agus a bhféidearthachtaí gníomhú mar shaoránaigh ghníomhacha, neamhspleácha, fhéinmhuiníneacha agus fuascailte a chomhlíonadh; á iarraidh ar na Ballstáit na córais sláinte agus idirghabhála scoile, atá éigeantach, a leathnú chuig pobail Romacha uile, chun idirghabhálaí do gach 500 duine a áirithiú agus maoiniú ceart agus tacaíocht cheart a thabhairt do na córais, agus ról níos ríthábhachtaí a thabhairt do na hidirghabhálaithe sa phróiseas um chuimsiú;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cailíní agus mná Romacha a áireamh ar bhealach níos sainráite i mbeartais mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear an Ráthaíocht don Aos Óg;

52.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha na mban Romach agus leanaí Romacha, agus – freisin trí fheachtais ardaithe feasachta – go mbeidh mná agus cailíní Romacha ar an eolas faoi na cearta atá acu faoi reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana maidir le comhionannas inscne agus idirdhealú, agus chun traidisiúin phatrarcacha agus ghnéasaíocha a chomhrac tuilleadh;

Seirbhísí fostaíochta ar ardcháilíocht

53.  á iarraidh ar na Ballstáit seirbhísí fostaíochta ar ardcháilíocht do Romaigh óga a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna agus atá ag dul i ngleic le fíorbhochtaineacht;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún teachtaireacht maidir le treoirlínte agus caighdeáin i gcomhair beartais earcaíochta atá saor ó idirdhealú le haghaidh na mBallstát agus le haghaidh fostóirí a thíolacadh, lena n-áirítear moltaí maidir le pleananna comhionannais a ghlacadh ar leibhéal na gcuideachtaí agus i gcomhaontuithe comhchoiteanna earnálacha agus maidir le cur chun feidhme tascfhórsaí éagsúlachta san ionad oibre, lena n-áirítear dul i ngleic le steiréitíopaí, le réamhchlaonadh agus le dearcthaí diúltacha, cosc a chur le hidirdhealú san earcaíocht, san ardú céime, sa phá agus sa rochtain ar oiliúint; á thabhairt chun suntais gur cheart na pleananna gníomhaíochta comhionannais sin a úsáid freisin chun éagsúlacht eitneach agus chultúrtha san ionad oibre a chur chun cinn, chun rialacháin inmheánacha i gcoinne an chiníochais agus an idirdhealaithe agus an chiaptha a bhaineann leis an gciníochas san ionad oibre a fhorbairt, chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar earcaíocht, dul chun cinn agus coinneáil lucht saothair de réir snáithe comhionannais chun cleachtais idirdhealaitheacha dhíreacha nó indíreacha a shainaithint agus chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh chun neamhionannas i ngach ceann de na réimsí sin a laghdú agus, chuige sin, sonraí comhionannais a bhailiú i ndáil le caighdeáin maidir le príobháideachas agus le cearta bunúsacha;

55.  á thabhairt chun suntais gurb iad na pointí is bunúsaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu i réimse fhostaíocht na Romach ná an t-aistriú éifeachtach ón oideachas go dtí an margadh saothair oscailte, ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le cineálacha éagsula fostaíochta neamhdhearbhaithe, le hidirdhealú ag fostóirí agus an t-éileamh ar shaothar a mheaitseáil leis an soláthar saothair;

56.  á iarraidh ar an gCoimisiún a ghealltanas a chomhall i leith plean gníomhaíochta a ghlacadh chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus chun cuimsiú na Romach a ionchorprú mar tháscaire sa scórchlár sóisialta; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rochtain ar phoist chuibhiúla, pá cothrom agus dálaí oibre cothroma a áirithiú do na Romaigh agus chun a ráthú go mbeidh córais cosanta sóisialta agus seirbhísí sóisialta leormhaith, inrochtana agus á n-úsáid ag na tairbhithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann, agus go n-áireofar leo cumhdach sláinte uilíoch gan idirdhealú, chomh maith le scéimeanna ioncaim íosta agus cearta pinsin;

o
o   o

57.  ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí, chuig parlaimintí agus comhairlí fonáisiúnta na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig na Náisiúin Aontaithe.

(1) IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.
(2) IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.
(3) IO L 328, 6.12.2008, lch. 55.
(4) IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.
(5) IO C 378, 24.12.2013, lch. 1.
(6) IO C 328, 6.9.2016, lch. 4.
(7) IO C 346, 27.9.2018, lch. 171.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0032.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0075.
(10) IO C 463, 21.12.2018, lch. 21.
(11) IO C 162, 10.5.2019, lch. 24.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0428.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0447.
(14) An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach – 2019.
(15) An Coimisiún Eorpach, Meastóireacht lár téarma ar Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach.
(16) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, An Dara Suirbhé ón Aontas Eorpach ar Mhionlaigh agus ar Idirdhealú: An Pobal Romach – Torthaí roghnaithe, 2016.
(17) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, An Dara Suirbhé ón Aontas Eorpach ar Mhionlaigh agus ar Idirdhealú: An Pobal Romach – Torthaí roghnaithe, 2016.


Margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 ***I
PDF 118kWORD 44k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise phaindéim COVID-19 (COM(2020)0260 – C9-0186/2020 – 2020/0127(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0260),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0186/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Iúil 2020(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Meán Fómhair 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Meán Fómhair 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19

P9_TC1-COD(2020)0127


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/1429.)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


COVID-19: comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair
PDF 143kWORD 55k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Méan Fómhair 2020 maidir le COVID-19: comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca, agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair (2020/2780(RSP))
P9_TA(2020)0240RC-B9-0257/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint d’Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus d’Airteagail 4, 6, 9, 21, 67, 114, 153, 169 agus 191 de,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 35 agus Airteagal 45 di,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais ar na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha(1) (Cód Teorainneacha Schengen),

–  ag féachaint do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mball teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát(2) (an Treoir maidir le Saorghluaiseacht), agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear ann,

–  ag féachaint do Threoirlínte ón gCoimisiún maidir le bearta bainistithe teorann chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí bunriachtanacha(3) agus a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe a fheidhmiú le linn ráig COVID-19(4),

–  ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(5),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 ionsar chur chuige céimnithe agus comhordaithe i leith saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha – COVID-19(6),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2020 maidir leis an tríú measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig AE (COM(2020)0399),

–  ag féachaint don rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19(7),

–  ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le straitéis sláinte poiblí AE i ndiaidh COVID-19(8),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le hullmhacht ghearrthéarmach sláinte AE do ráigeanna COVID-19 (COM(2020)0318),

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2020 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsriain ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (COM(2020)0499),

–  ag féachaint don Tuarascáil is déanaí maidir le bagairtí galar teagmhálach (CDTR) ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus do threoirlínte sláinte poiblí agus prótacail tuairiscithe ECDC maidir le COVID-19,

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91(9),

–  ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 bogtha ó ghéarchéim bainistithe riosca go céim ainsealach bainistithe riosca; de bhrí gur cosúil go bhfanfaidh an víreas gníomhach go dtí go n-aimseofar vacsaín atá éifeachtach agus sábháilte agus go soláthrófar dóthain cainníochtaí den vacsaín chun cosaint cheart a áirithiú i gcuid mhór de dhaonra an domhain; de bhrí go gciallaíonn sé sin go leanfaimid de bheith ag maireachtáil in imthosca deacra ar feadh roinnt míonna ar a laghad amach anseo;

B.  de bhrí go bhfuil forleithne, déine cúrsaíochta agus ré cúrsaíochta COVID-19 an-éagsúil ó Bhallstát go chéile agus ó réigiún go chéile laistigh den Bhallstát céanna;

C.  de bhrí go bhfuil tástáil roinnt vacsaíní go mór chun cinn ach, go dtí seo, nach bhfuil nós imeachta AE maidir le húdarú margaíochta curtha i gcrích i leith vacsaín ar bith;

D.  de bhrí gurb é is dóichí go méadóidh an séasúr fliú rialta líon na ndaoine a bhfuil siomptóim éadroma acu agus ar cheart iad a thástáil;

E.  de bhrí nach leor fós an acmhainneacht tástála i roinnt Ballstát; de bhrí go mbíonn ar dhaoine fanacht uaireanta ar feadh laethanta chun torthaí a fháil ar a gcuid tástálacha COVID-19; de bhrí go bhfuil tionchar mór aige sin ar a gcumas oibre agus taistil;

F.  de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát ag diúltú aitheantas a thabhairt do thástálacha COVID-19 a rinneadh i mBallstáit eile; de bhrí go bhfuil an mhímhuinín sin ag cur go mór le castacht an tsaoil do dhaoine;

G.  de bhrí gur deacair comparáid a dhéanamh idir sonraí i ngeall ar na cineálacha éagsúla cur chuige atá ann maidir le sonraí a bhaineann le COVID-19 a bhailiú ar fud AE;

H.  de bhrí nach ann fós do mhodheolaíocht chomhchuibhithe chun líon na ndaoine ionfhabhtaithe a bhailiú agus a mheas ná don mhodheolaíocht chomhchuibhithe maidir le “séamafóir” COVID- 19; de bhrí, mar gheall ar an easpa comhchuibhithe sin, déantar na sonraí maidir leis na daoine atá ionfhabhtaithe a léirmhíniú ar bhealach an-éagsúil ar fud na mBallstát, rud ar féidir idirdhealú gan údar in aghaidh saoránach ó Bhallstáit éagsúla teacht as;

I.  de bhrí go bhfuil sé léirithe go dtí seo le freagairt AE ar phaindéim COVID-19 go bhfuil easpa comhordúcháin idir na Ballstáit féin agus idir na Ballstáit agus institiúidí AE ó thaobh comhordú a dhéanamh ar bhearta sláinte poiblí lena n-áirítear srianta ar ghluaisteacht daoine laistigh de theorainneacha agus tharstu;

J.  de bhrí, i gcomhthéacs an mhéadaithe atá tagtha le déanaí ar líon na gcásanna nua de COVID-19 ar fud AE, go bhfuil bearta nua éagsúla agus neamhchomhordaithe déanta ag na Ballstáit maidir le saorghluaiseacht do dhaoine agus iad ag taisteal ó thíortha eile de chuid AE, agus i gcásanna áirithe inar dúnadh a dteorainneacha; de bhrí go bhfuil a bhearta náisiúnta féin curtha chun úsáide ag gach Ballstát gan comhordú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear coraintín éigeantach nó molta (agus tréimhse éagsúla coraintín ag teastáil), torthaí diúltacha ar thástálacha imoibrithe shlabhrúil polaiméaráise (PCR) ar theacht isteach le huastréimhsí bailíochta éagsúla, úsáid foirmeacha éagsúla náisiúnta aimsithe taistealaí, an úsáid éagsúil de chritéir chun réimsí riosca a shainiú agus ceanglais éagsúla maidir le húsáid masc;

K.  de bhrí go raibh go leor Eorpach faoi réir rialacha éagsúla ag brath ní hamháin ar a náisiúntacht nó a n-áit chónaithe, ach freisin ar an áit chuig ar thaisteal siad; de bhrí go raibh an easpa comhordúcháin sin le linn an tsamhraidh ina cúis le heaspa eagrúcháin i ndáil le rialuithe agus bearta ag teorainneacha, chomh maith le laistigh d’aerfoirt agus stáisiúin traenach;

L.  de bhrí go raibh iarmhairtí mór sláinte ag géarchéim COVID-19 agus, i mórán cásanna, go raibh droch-thionchair shuntasacha aici freisin ar chearta bunúsacha agus ar mhalartuithe eacnamaíocha, eolaíocha, sóisialta, turasóireachta agus cultúrtha;

M.  de bhrí gur inniúlacht náisiúnta, thar aon ní eile, é soláthar cúraim sláinte ach gur inniúlacht roinnte idir na Ballstáit agus an tAontas í an tsláinte phoiblí;

N.  de bhrí go bhfuil an deis ann fós don Aontas Eorpach beartas sláinte poiblí a sholáthar ar bhonn níos fearr laistigh de pharaiméadair reatha na gConarthaí; de bhrí go bhfuil na forálacha sláinte poiblí faoi na Conarthaí fós tearcúsáidte den chuid is mó i dtaobh na ngealltanas a d’fhéadfaí a úsáid chun iad a chomhlíonadh; de bhrí gur fiú athdhearbhú a dhéanamh, chuige sin, ar an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hAontas Sláinte Eorpach a chruthú, mar a cuireadh in iúl sa rún uaithi an 10 Iúil 2020;

O.  de bhrí nach féidir aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann ach amháin i gceann a chéile agus, go bhfuil gá, dá bhrí sin, le comhar agus dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas agus cur chuige comhchoiteann Eorpach;

P.  de bhrí, ó thosaigh COVID-19 ag leathadh ar bhonn níos leithne in AE, go bhfuil Parlaimint na hEorpa ag iarraidh arís agus arís eile ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta comhordaithe a ghlacadh maidir le saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí taobh istigh den mhargadh inmheánach; de bhrí gurb iad saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí na trí cholún bhunriachtanacha de na ceithre shaoirse iad, ar a bhfuil feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh bunaithe;

Q.  de bhrí go ndéanann na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tabhairt isteach rialuithe arís ar theorainneacha inmheánacha, difear do chearta agus saoirsí daoine arna gcumhdach i ndlí an Aontais; de bhrí gur cheart go ndéanfadh na bearta a dhéanann na Ballstáit nó an tAontas cearta bunúsacha a urramú i gcónaí; de bhrí gur cheart go mbeadh na bearta sin riachtanach, comhréireach, sealadach agus teoranta ina raon feidhme;

R.  de bhrí nach rogha í an dlúthpháirtíocht atá idir na Ballstáit ach gur oibleagáid de chuid an Chonartha í agus gurb ionann í agus ceann dár luachanna Eorpacha;

S.  de bhrí go bhfuil ilroinnt nach beag á déanamh ar an margadh inmheánach mar gheall ar shrianta neamhchomhordaithe ar shaoirse gluaiseachta daoine laistigh den Aontas;

T.  de bhrí go bhfuil tionscnaimh éagsúla curtha ar bun cheana ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar chomhordúchán, amhail treoirlínte, teachtaireachtaí, agus litreacha riaracháin agus togra le haghaidh moladh ón gComhairle le haghaidh cur chuige comhordaithe i leith an tsriain ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a ghlacadh;

U.  de bhrí gur cheart don Chomhairle tacú leis an moladh sin agus na bearta a bhfuil gá leo a bhunú chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit comhordú ar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí chun deireadh a chur le leathadh an víris nó teorainn a chur lena leathadh;

V.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfillfí ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil chun prionsabal na saorghluaiseachta agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú mar dhá cheann de na príomhéachtaí a baineadh amach le lánpháirtiú na hEorpa agus mar réamhriachtanas lárnach do théarnamh eacnamaíoch AE tar éis phaindéim COVID-19;

W.  de bhrí gurb é a bhí mar thoradh ar na srianta taistil gur cuireadh eitiltí roinnt saoránach ar ceal agus nach ndearnadh iad a aisíoc fós ina leith;

X.  de bhrí nach foláir Parlaimint na hEorpa, mar chomhreachtóir agus an t-aon institiúid atá tofa go díreach ag saoránaigh AE, a áireamh mar dhlúthchuid agus mar chuid ríthábhachtach de na pléití uile ar chomhordú AE chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte seo;

Y.  de bhrí gur dealraitheach nach bhfuil ciall cheannaithe faighte ag na Ballstáit ó thús na géarchéime; de bhrí nach ann do chomhbheartas sláinte Eorpach, agus nach bhfuil ann ach iliomad de bheartais náisiúnta;

Z.  de bhrí go gcaithfidh an AE pleanáil chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar an leanúnachas féideartha ar phaindéim COVID-19 agus/nó géarchéimeanna féideartha eile dá samhail;

1.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchair ráig COVID-19 agus a iarmhairtí fadtéarmacha ar fholláine daoine ar fud an domhain, go háirithe na grúpaí agus na daoine is leochailí i gcásanna leochaileacha, mar dhaoine scothaosta agus iad siúd a bhfuil sláinte dhona acu cheana féin;

2.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di faoin méadú ar chásanna COVID-19 i roinnt Ballstát ó mhí an Mheithimh agus ag cur béim láidir ar an ngá atá le bainistíocht sláinte atá comhroinnte agus comhordaithe chun an phaindéim seo a chomhrac go héifeachtach;

3.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé saoránaigh a chur ar a suaimhneas maidir le comhsheasmhacht na mbeart a dhéantar ó Bhallstát go chéile, rud a chabhróidh le cur ina luí ar shaoránaigh cloí leis na bearta sin;

4.  á mheabhrú gur ceart bunúsach a chumhdaítear sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh í an tsaoirse gluaiseachta do shaoránaigh an Aontais;

5.  á chur i bhfios go láidir nach féidir an ceart sin a shrianadh ach amháin i gcás forais shonracha agus theoranta leasa phoiblí, eadhon cosaint beartas poiblí agus slándála poiblí; á áitiú go gcuirfí na srianta sin i bhfeidhm i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen agus le prionsabail ghinearálta dhlí AE, go háirithe prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe;

6.  á chur i bhfios gur beart na rogha deireanaí iad rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit a sheiceáil cibé an mbeadh bearta eile chomh hoiriúnach céanna nó níos oiriúnaí chun an cuspóir céanna a bhaint amach; ag tathant ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don rogha seiceálacha sláinte íosta agus/nó seiceálacha póilíneachta comhréireacha a fhorchur mar rogha níos fearr ná rialuithe ar theorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach agus gan ach bearta a bhfuil géarghá leo, atá comhordaithe agus comhréireach a ghlacadh;

7.  á mheas go bhfuil sé bunriachtanach teorainneacha inmheánacha AE a choinneáil ar oscailt le haghaidh earraí agus seirbhísí laistigh de AE agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ós rud é go bhféadfadh dúnadh na dteorainneacha inmheánacha éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ar an margadh inmheánach; á thabhairt sá haire go bhfuil sé bunriachtanach tiomantas a bheith ann chun bearta comhchoiteanna a ghlacadh a dhéanfaidh muinín idir na Ballstáit a athbhunú d’fhonn saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach a atosú;

8.  Ag athdhearbhú a hachomhairc phráinnigh chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit chun comhar tiomnaithe, struchtúrtha agus éifeachtach a shaothrú sa chomhthéacs sin, chun an gá le bearta coiteanna a shainiú agus a thuar;

9.  á chur i bhfios go bhfuil an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) fós ag tabhairt éagsúlachtaí chun solais sa bhailiú sonraí agus sa tuairisciú sonraí a dhéanann na Ballstáit; á chur in iúl gur saoth léi go gcuireann an easpa comhchuibhithe sin cosc orainn léargas soiléir agus iomlán a fháil ar leathadh an víris san Eoraip ag aon am amháin;

10.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil obair luachmhar á déanamh ag ECDC agus gur cheart tuilleadh acmhainní a thabhairt dó láithreach, lena n-áirítear níos mó foireann bhuan, chun leanúint dá chuid oibre ar COVID-19 agus ag an am céanna a bheith in ann leanúint dá chuid oibre ar ghalair eile agus an obair sin a atosú; á iarraidh ar an gCoimisiún sainordú athbhreithnithe a mholadh i gcomhair ECDC a mhéadóidh go suntasach buiséad, líon foirne agus inniúlachtaí an lárionaid chun go mbeidh sé in ann cosaint sláinte poiblí den scoth a sholáthar i gcónaí, lena n-áirítear le linn eipidéimí;

11.  ag tabhairt dá haire go raibh gach Ballstát ag leanúint moltaí a chomhairle eolaíochta féin, gan ach comhordú teoranta a bheith ann leis na Ballstáit eile nó leis an gCoimisiún;

12.  á mheas gur cheart go mbeadh ECDC in ann meastóireacht a dhéanamh go leordhóthanach agus go héifeachtach ar an riosca go leathadh an víreas agus léarscáil a nuashonrófar go seachtainiúil, a fhoilsiú, ar léarscáil í ar a léireofaí an riosca bunaithe ar chód dathanna coiteann, ar riosca é arna shuíomh de réir na faisnéise a bhailíonn agus a sholáthraíonn na Ballstáit,

13.  ag tacú leis an gcód dathanna a mhol an Coimisiún sa togra le déanaí uaidh le haghaidh moladh ón gComhairle; á mheas, leis an aicmiú a moladh (uaine, oráiste, dearg agus liath), go n-éascófar gluaisteacht laistigh de AE agus go dtabharfar faisnéis níos trédhearcaí do shaoránaigh;

14.  ag tathant ar an gComhairle, dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsriain ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a ghlacadh agus a chur chun feidhme go mear; á áitiú a ríthábhachtaí atá creat comhchoiteann den sórt sin chun aon mhíshocracht sa mhargadh inmheánach a sheachaint, go háirithe trí rialacha soiléire a leagan síos do thaistealaithe a bhfuil feidhmeanna bunriachtanacha mar chúram orthu, amhail oibrithe iompair, soláthraithe seirbhísí trasteorann amhail soláthraithe seirbhíse sláinte agus cúraim do dhaoine scothaosta, agus oibrithe séasúracha;

15.  á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-éascófaí cur chuige comhordaithe maidir le próisis chinnteoireachta na mBallstát féin leis an modheolaíocht chomhchoiteann agus na critéir arna nglacadh agus leis na léarscáileanna arna bhforbairt ag ECDC, agus gur cheart a áirithiú leo go mbeidh aon chinntí arna ndéanamh ag na Ballstáit comhsheasmhach agus dea-chomhordaithe;

16.  ag aithint thábhacht na rátaí minicíochta carnacha agus na rátaí tástála dearfacha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar leathadh an víris, ach á mheas freisin go bhfuil gá ann critéir eile shláinte amhail rátaí ospidéalaithe agus ráta áitíochta in aonaid dianchúraim a chur san áireamh;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht choiteann a chur chun cinn chun sonraí sláinte a bhailiú, líon na mbásanna a áireamh agus iad a thuairisciú;

18.  ag tathant ar na Ballstáit an sainmhíniú céanna a ghlacadh le haghaidh cás dearfach de COVID-19 agus le haghaidh bás de dheasca COVID-19 agus le haghaidh téarnamh ó ionfhabhtú;

19.  á chur i bhfios go láidir, le sainmhínithe, critéir shláinte agus modheolaíochtaí comhchoiteanna, go mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann anailís choiteann a sheoladh ar an riosca eipidéimeolaíoch ar leibhéal AE;

20.  á chur in iúl gur geal léi go láidir an cur chuige a mhol an Coimisiún; á mheas gur cheart mapáil riosca ECDC a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach agus nach amháin ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit. dá bhrí sin, na sonraí a bhailíonn na húdaráis phoiblí réigiúnacha a tharchur chuig ECDC;

21.  á mheabhrú go bhfuil sé molta ag ECDC go ndéanfadh na Ballstáit íosbhearta bonnlíne a leanúint chun leathadh an víris a sheachaint, amhail bearta sláinteachais, scaradh sóisialta agus srianadh ar theacht le chéile, úsáid masc aghaidhe i suíomhanna sonracha, socruithe maidir le bheith ag obair ón mbaile, tástáil fhorleathan, leithlisiú cásanna, coraintín gartheagmhálaithe agus cosaint daonraí leochaileacha;

22.  á iarraidh ar na Ballstáit na moltaí thuasluaite ó ECDE a leanúint agus comhchreat de bhearta sláinte a shainiú ar cheart d’údaráis phoiblí i limistéir atá buailte é a ghlacadh chun stop a chur le leathadh na paindéime;

23.  á aithint gur cheart d’údaráis phoiblí breithniú a dhéanamh ar bhearta breise agus iad a chomhroinnt má thagann méadú ar an ráta tarchuir, ar bearta iad lena n-áirítear idirghabhálacha a chuirfeadh teorann le gluaiseacht an daonra, a dhéanfadh laghdú ar líon na dteagmhálacha in aghaidh an duine, lena gcoiscfí ollchruinnithe, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir ardriosca;

24.  á mheas go neartódh creat den sórt sin muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus na limistéir atá buailte, agus go seachnófaí bearta sriantacha mar fhreagairt air;

25.  á thabhairt dá haire go ndearna dúnadh teorainneacha difear go diúltach don gheilleagar agus do shaol laethúil na ndaoine a chónaíonn i réigiúin trasteorann agus gur thug roinnt Ballstát díolúintí agus oiriúnuithe sonracha isteach ar na rialacha do na réigiúin sin; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún trasteorann, áit a bhfuil comaitéireacht trasteorann coitianta, agus a éileamh go gcaithfear comhoibriú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i réimsí den sórt sin, chun sásraí sláinte a bhunú go comhpháirteach le haghaidh comhordú agus malartú faisnéise i bhfíor-am agus lánaí glasa mar a thugtar orthu a thabhairt isteach d’oibrithe bunriachtanacha;

26.  á iarraidh go nglacfaí agus go gcuirfí chun feidhme comhstraitéis tástála faoina n-aithneofaí torthaí tástála i ngach Ballstát agus go gcuirfí acmhainneachtaí leormhaithe ar fáil chun a áirithiú gur féidir le gach duine a chaithfidh tástáil a ghlacadh déanamh amhlaidh gan aon amanna díréireacha feithimh; á mheas gur cheart tástáil chun críocha taistil, i gcás inar gá, a dhéanamh de rogha sa tír thionscnaimh; á mheas, thairis sin, gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún liosta a tharraingt suas de na húdaráis a bhfuil cead acu deimhniú tástála a sholáthar chun na gcríoch sin, chun an próiseas sin a chosaint ar mhí-úsáid;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ECDC meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht tástálacha de 15 nóiméad atá iontaofa, ach neamhchostasach, a úsáid;

28.  á mheabhrú gur fhorbair mórchuid na mBallstát aipeanna rianaithe COVID-19 agus úsáid á baint as an ailtireacht dhíláraithe chéanna; ag dréim leis go mbainfear amach idir-inoibritheacht na n-aipeanna sin ar leibhéal AE faoi Dheireadh Fómhair chun rianú COVID-19 ar fud AE a lamháil; ag spreagann an Choimisiúin agus na mBallstát chun úsáid na saoránaigh a spreagadh tuilleadh úsáid a bhaint as na haipeanna sin, agus déanamh amhlaidh agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí á chomhlíonadh go hiomlán;

29.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, agus tuairim ECDC á mheas acu, aontú ar ghnáth-thréimhse choraintín maidir le taisteal riachtanach agus neamhriachtanach laistigh de AE, agus taisteal riachtanach agus neamhriachtanach isteach in AE ó thríú tíortha.

30.  á iarraidh ar na Ballstáit prótacal comhchoiteann a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar othair aisiomptómacha agus ar bhearta i dtaca le leithlisiú othar a raibh toradh deimhneach sa tástáil a bhí acu do COVID-19, mar aon le bearta leithlisithe do theagmhálaithe na n-othar sin;

31.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil saoránaigh ag baint úsáid as foirmeacha aimsithe paisinéirí; á mheas gur cheart leagan comhchuibhithe d‘fhoirm faisnéise aimsithe paisinéirí i bhformáid dhigiteach a úsáid mar thosaíocht chun an phróiseáil a shimpliú agus gur cheart í a sholáthar i bhformáid analógach d’fhonn rochtain a áirithiú do gach Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún foirm chomhchuibhithe aimsithe paisinéirí a fhorbairt d’fhonn muinín a chruthú as córas rialaithe uile-Aontais;

32.  á áitiú go gcaithfidh aon bhearta a chuireann srian lenár bpríobháideacht agus cosaint sonraí a bheith dleathach, éifeachtach chun déileáil leis an riosca don saol agus do shláinte an phobail, comhréireach go docht agus le húsáid chun críocha sláinte poiblí amháin, agus faoi réir teorainneacha dochta ama; á chur i bhfios nár cheart go mbeadh ollfhaireachas mar thoradh ar thionscnaimh éigeandála tar éis na géarchéime agus á iarraidh ráthaíochtaí ina leith sin;

33.  á áitiú go gcaithfidh an fhoirm aimsithe paisinéirí agus a feidhm a bheith i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, go háirithe maidir le sláine agus rúndacht; á áitiú nár cheart na sonraí a thaifeadtar a úsáid ach amháin i gcomhair rianú teagmhála COVID-19 agus chun na críche sin amháin, i gcomhréir le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra; ag tathant ar na Ballstáit a reachtaíocht ábhartha a thabhairt cothrom le dáta dá réir;

34.  á athdhearbhú a hiarraidh ar an gCoimisiún óna rún maidir le straitéis sláinte poiblí an Aontais i ndiaidh COVID-19 le moladh go gcruthófaí Sásra Eorpach um Fhreagairt Sláinte (EHRM) chun freagairt do gach cineál géarchéime sláinte, chun comhordú oibríochtúil a neartú ar leibhéal an Aontais, agus chun faireachán a dhéanamh ar an mbunreacht agus ar ghníomhachtú chúltaca straitéiseach na gcógas leighis agus an trealaimh leighis agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé mar is ceart; á mheas gur cheart le EHRM go ndéanfaí na modhanna oibre a bunaíodh le linn ghéarchéim sláinte COVID-19 a chur ar bhonn foirmiúil, agus go gcuirfí leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, an Cinneadh maidir le Bagairtí Trasteorann ar Shláinte(10) agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;

35.  á iarraidh go mbunófaí tascfhórsa COVID-19 faoi stiúir an Choimisiúin faoi chuimsiú an tSásra Eorpaigh um Fhreagairt Sláinte; á mheas gur cheart go mbeadh ionadaíocht ag gach Ballstát ar an tascfhórsa sin agus gur cheart dóibh pointe teagmhála a ainmniú óna bhfeidhmeannais náisiúnta; á mholadh gur cheart go mbeadh sé mar phríomhaidhm ag an tascfhórsa sin moltaí arna dtabhairt ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta a scaipeadh go rialta; á mheas gur cheart go mbeadh sainordú meastóireachta buan ag Parlaimint na hEorpa chun measúnú a dhéanamh ar obair an tascfhórsa sin;

36.  á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis shoiléir, thráthúil agus chuimsitheach a thabhairt don phobal ionas go dteorannófar tionchair aon srianta ar shaorghluaiseacht arna gcur ar bun, agus chun intuarthacht, deimhneacht dhlíthiúil agus comhlíonadh ag na saoránaigh a áirithiú;

37.  ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis shoiléir, inrochtana agus intuigthe a bheith ann maidir le líon Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil na n-ionfhabhtuithe, maidir leis an gcóras cúraim sláinte, maidir leis na bearta atá i bhfeidhm agus maidir le srianta taistil; á chur i bhfáth go láidir gur gá an fhaisnéis ríthábhachtach sin a bheith ar fáil sna teangacha oifigiúla uile agus sna teangacha a úsáideann codanna suntasacha den daonra chun daoine a bhfuil cúlra imirce acu a áireamh freisin;

38.  á chur i bhfáth nach mór an fhaisnéis go léir a bheith intuigthe go héasca don daonra ar fad, lena n-áirítear daoine a bhfuil leibhéal íseal litearthachta acu, trí dhathanna soiléire, comhchuibhithe agus siombailí intuigthe a chur san áireamh i bhfaisnéis phoiblí, agus lena n-áirítear daoine nach bhfuil rochtain ar an idirlíon acu nó nach bhfuil ach rochtain theoranta ar an idirlíon acu tríd an bhfaisnéis sin a chur ar fáil i bhformáid analógach in áiteanna iomchuí;

39.  á iarraidh ar chuideachtaí aerlíne paisinéirí a bhfuil eitiltí curtha ar ceal acu de bharr na paindéime a aisíoc a luaithe is féidir agus a n-oibleagáid mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 í a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar chearta paisinéirí le linn na paindéime;

40.  á mheabhrú di gur fhulaing earnálacha bunriachtanacha áirithe, amhail earnálacha an bhia, an chógais agus na sláinte agus a slabhraí soláthair, suaití ollmhóra le linn phaindéim COVID-19;

41.  á chur i bhfios go láidir gur gá margadh inmheánach a bheidh éifeachtúil, athléimneach agus slán i bhfad na haimsire a áirithiú, ar margadh é a leanfaidh de tháirgí agus seirbhísí atá ríthábhachtach do shaoránaigh a sheachadadh ar fud AE agus a chuirfidh na táirgí sin ar fáil do na saoránaigh uile;

42.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tabhairt faoi anailís chuimsitheach agus thrasearnálach ar na geilleagair laistigh de AE chun tuiscint a fháil ar dhoimhneacht na dtionchar a fulaingíodh le linn phaindéim COVID-19, agus chun measúnú a dhéanamh ar mhéid na suaití ar shlabhraí luacha trasteorann; á mheas gur bonn fianaise riachtanach é sin chun go n-eiseoidh an Coimisiún moltaí nuashonraithe agus go gcinnfeadh sé na príomhbheartais a bheidh ag gníomhú chun téarnamh fadtéarmach comhchoiteann a neartú laistigh den mhargadh aonair, ar téarnamh é nach bhfágfaidh aon duine ar lár;

43.  á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach do shaol laethúil na ndaoine go mbeidh earraí bunriachtanacha, amhail bia, feistí leighis nó trealamh cosanta, á seachadadh ar fud an Aontais i gcónaí; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur chun cinn le haghaidh treoir uasghrádaithe maidir le bonneagar criticiúil chun a áirithiú go leanfar de shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí riachtanacha laistigh den mhargadh inmheánach tráth géarchéime amhail paindéim;

44.  á mheas gur cheart straitéis chuimsitheach a fhorbairt i ndáil leis sin chun saorghluaiseacht earraí a áirithiú i gcónaí agus chun bearta sriantacha aontaobhacha a sheachaint, agus an tslándáil phoiblí agus bearta sláinte poiblí á gcur san áireamh ag an am céanna, agus chun an téarnamh eacnamaíoch a spreagadh d’fhonn athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a neartú agus ullmhú le haghaidh géarchéim nua;

45.  ag tacú go láidir le hiarraidh an Choimisiúin ar na Ballstáit staonadh ó bhearta náisiúnta a ghlacadh lena gcuirfear cosc ar onnmhairiú trealaimh chosanta phearsanta laistigh den Aontas nó ar onnmhairiú ionstraimí leighis nó táirgí cógaisíochta tábhachtacha eile;

46.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh na Ballstáit in ann acmhainní a chomhthiomsú, lena n-áirítear acmhainneachtaí monaraíochta, chun a áirithiú gur féidir freastal laistigh de AE ar an éileamh méadaithe ar TCP, aerálaithe agus trealamh leighis eile, ar sholáthairtí saotharlainne agus ar tháirgí díghalráin, rud a chabhródh freisin le cúltacaí stoc-charn straitéiseach rescEU a neartú;

47.  á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an gcreat reachtaíochta atá ann faoi láthair maidir le soláthar poiblí d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as na forálacha solúbthachta atá ann cheana le haghaidh soláthar níos simplí, níos tapa agus níos solúbtha, agus á leagadh amach a thábhachtaí atá an comhsholáthar cógas, an trealamh leighis agus an trealamh cosanta pearsanta chun a áirithiú go mbeidh fáil orthu i ngach réigiún, lena n-áirítear na limistéir thuaithe agus na réigiúin fhorimeallacha agus na réigiúin is forimeallaí;

48.  á mheabhrú gur léirigh géarchéim COVID-19 laigí maidir le tomhaltóirí a chosaint de bharr iomadú na gcamscéimeanna agus na dtáirgí neamhshábháilte, go háirithe ar líne; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na laigí sin agus a áirithiú go mbeidh an margadh aonair digiteach cothrom agus sábháilte do chách tríd an Acht um Sheirbhísí Digiteacha atá ar na bacáin trí iallach a chur ar ardáin ar líne gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i gcoinne táirgí den sórt sin;

49.  á chur i bhfáth nach mór fios maith a bheith ag tomhaltóirí maidir lena gcearta agus maidir leis na roghanna atá acu nuair a cheannaíonn siad earraí nó seirbhísí, go háirithe i dtráth géarchéime; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun faisnéis iontaofa agus leordhóthanach a chur ar fáil ar bhealach a mbeidh rochtain éasca ag tomhaltóirí ar fud an Aontais uirthi;

50.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta AE den Chéad Ghlúin Eile a chur chun feidhme chomh tapa agus is féidir trí na nósanna imeachta náisiúnta riachtanacha a dhéanamh chomh simplí agus chomh neamh-mhaorlathach agus is féidir chun a áirithiú go mbeidh téarnamh eacnamaíoch AE éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim is doimhne ar dhéileáil AE léi le blianta beaga anuas; á chur i bhfios go láidir nár cheart géarchéim COVID-19 a úsáid mar leithscéal chun cur chun feidhme caighdeán éagsúil do tháirgí agus tionscail a chur ar atráth, a lagú nó a dhíothú, lena n-áirítear na caighdeáin sin arna gceapadh chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn, ach gur cheart é a ghlacadh mar dheis chun feabhas a chur ar an margadh aonair ar bhealach a chuireann an táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe chun cinn;

51.  á mheas gur ríthábhachtach é filleadh go tapa ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil, agus á iarraidh go práinneach ar na Ballstáit plé a dhéanamh, in éineacht leParlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, ar Phlean Téarnaimh le haghaidh Schengen, lena n-áirítear na modhanna lena bhfillfear ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil gan rialú ar theorainneacha inmheánacha agus pleananna teagmhais a luaithe agus is féidir, ionas go gcuirfear cosc ar rialuithe leath-bhuan a dhéanamh as rialuithe sealadacha ar theorainneacha inmheánacha sa mheántéarma;

52.  á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí lánpháirtiú Schengen maidir le Ballstáit uile AE a thabhairt chun críche, chun go mbeidh feidhm chomhionann ag bearta comhordaithe agus comhchuibhithe ar fud an Aontais agus chun go rachaidh siad chun tairbhe na saoránach uile atá ina gcónaí ann;

53.  á mheabhrú di go ndearnadh na srianta sealadacha ar thaisteal is infheidhme maidir leis an taisteal neamhriachtanach ó thríú tíortha chuig Limistéar Schengen a thabhairt isteach; á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh gach cinneadh maidir le cead isteach ag teorainneacha seachtracha a dhiúltú a bheith i gcomhréir le forálacha Chód Teorainneacha Schengen, lena n-áirítear cearta bunúsacha a urramú go háirithe, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis náisiúnta faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar an margadh le linn agus i ndiaidh na géarchéime ionas go gcuirfear cosc ar dhíobháil do thomhaltóirí a bhaineann le COVID-19 agus go gcuideofar le tomhaltóirí a gcearta a eascraíonn ó dhlí AE a chleachtadh;

55.  á chur i bhfios go láidir, maidir le haon bhearta sriantacha a fhorchuirfidh na húdaráis náisiúnta mar thoradh ar phaindéim COVID-19, gur cheart go mbeidís, de réir sainmhínithe, teoranta ó thaobh ré de, ós rud é gurb é an t-aon údar atá leo ná dul i ngleic leis an bpaindéim; ag dréim leis go mbeidh an Coimisiún ag tabhairt cosaint ar bhacainní buana ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine laistigh den mhargadh inmheánach a bheith á ndéanamh de bhearta sealadacha;

56.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt le haghaidh ‘Eoraip athléimneach’, ina mbeidh léarscáil measúnaithe riosca agus roghanna chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú agus infheistíochtaí fónta i gcórais cúraim sláinte agus i bhfreagairtí paindéime ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear slabhraí soláthair athléimneacha san Aontas, lena n-áiritheofar táirgeadh príomhtháirgí, amhail comhábhair chógaisíochta, cógais agus trealamh leighis;

57.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(2) IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.
(3) IO C 86 I, 16.3.2020, lch. 1.
(4) IO C 102 I, 30.3.2020, lch. 12.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(6) IO C 169, 15.5.2020, lch. 30.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0175.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0205.
(9) IO L 46, 17.2.2004, lch. 1.
(10) IO L 293, 5.11.2013, lch. 1.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais