Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 8 Deireadh Fómhair 2020 - Brussels
Dlí Aeráide Eorpach ***I
 Coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh san Úcráin ar bharra táirgthe síolta agus ar choibhéis síolta gránach arna dtáirgeadh san Úcráin ***I
 Straitéis Foraoise na hEorpa - An Bealach Chun Cinn
 Feidhmiú na rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht ***I
 Cinneadh lena dtugtar de chumhacht don Fhrainc comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích a bhaineann le Tollán Mhuir nIocht ***I
 Táirgeadh orgánach: dáta cur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile
 Airgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh cripteashócmhainní de - dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí
 Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt tuilleadh feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú an mhargaidh caipitil, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a éascú tuilleadh

Dlí Aeráide Eorpach ***I
PDF 321kWORD 105k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) (COM(2020)0080COM(2020)0563 – C9-0077/2020 – 2020/0036(COD))(1)
P9_TA(2020)0253A9-0162/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Dréachtrún reachtach   Leasú
Leasú 1
Dréachtrún reachtach
Lua 5 a (nua)
—  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear SDG 3 ‘Sláinte Dhomhanda agus Dea-bhail’,
Leasú 2
Dréachtrún reachtach
Lua 5 b (nua)
—  ag féachaint do na hiarmhairtí ollmhóra atá ag truailliú aeir ar shláinte an duine agus, dar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, is cúis le 400 000 bás anabaí gach bliain,
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris -1 (nua)
(-1)   Is bagairt eiseach é an t-athrú aeráide a bhfuil gá le huaillmhian fheabhsaithe agus gníomhú méadaithe ar son na haeráide ina leith ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát. Tá an tAontas tiomanta do dhlús a chur le hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus beart a dhéanamh i gcás chur chun feidhme Chomhaontú Pháras 2015 ar an athrú aeráide a lean as 21ú Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’)1a ar bhonn cothromais agus bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil, agus tá sé tiomanta a chion cothrom féin den iarracht dhomhanda a dhéanamh ar mhaithe leis an méadú ar an teocht domhanda a theorannú go dtí 1,5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
_________________
1a IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, dar teideal ‘An Margadh Glas Eorpach’19, straitéis nua fáis a bhfuil sé mar aidhm aici an tAontas Eorpach a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé mar aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an t-aistriú sin a bheith cóir agus iniatach, gan duine ar bith a fhágáil chun deiridh.
(1)  Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, dar teideal ‘An Margadh Glas Eorpach’19, straitéis nua fáis inbhuanaithe a bhfuil sé mar aidhm aici an tAontas Eorpach a chlaochlú ina shochaí atá níos sláintiúla, cóir agus rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha, inbhuanaithe, éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus iomaíoch go hidirnáisiúnta, agus ina mbeidh poist ar ardcháilíocht, chomh maith lena bheith ina áit nach mbeidh glanleibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa ann in 2050 agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé mar aidhm léi freisin caipiteal nádúrtha, éiceachórais mara agus talún agus bithéagsúlacht an Aontais a chosaint, a chaomhnú, a athslánú agus a fheabhsú, chomh maith le sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Ní mór don aistriú sin a bheith bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch neamhspleách is déanaí. Ag an am céanna, caithfidh sé a bheith cóir agus iniatach ar bhonn sóisialta agus bunaithe ar dhícheall dlúthpháirtíochta agus comhoibritheach ar leibhéal an Aontais, á áirithiú nach bhfágtar aon duine chun deiridh, ach fós go mbeadh sé mar aidhm aige fás eacnamaíoch a chruthú, mar aon le poist ar ardcháilíocht agus timpeallacht intaofa don infheistiú agus go leanfar an prionsabal ‘ná déan aon díobháil’.
_________________
_________________
19 Teachtaireacht ón gCoimisiún - Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019.
19 Teachtaireacht ón gCoimisiún - Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Le Tuarascáil Speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis na tionchair a ghabhann le téamh domhanda 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara20 cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti an gá atá le dlús a chur leis an ngníomhaíocht aeráide. Deimhnítear inti go bhfuil géarghá ann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar ábhar práinne, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go 1.5 °C, go háirithe chun an dóchúlacht go dtarlóidh eachtraí adhaimsire a laghdú. Léirítear sa Tuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda21 (IPBES) 2019 a d’eisigh an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais an chailliúint bithéagsúlachta ar fud an domhain agus gurb é an t-athrú aeráide an tríú fachtóir is mó is cúis leis an gcailliúint bithéagsúlachta.22
(2)  Le Tuarascáil Speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis na tionchair a ghabhann le téamh domhanda 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara20, cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti an gá atá le dlús a chur go mear leis an ngníomhaíocht aeráide agus le haistriú ionsar geilleagar aeráidneodrach. Deimhnítear inti go bhfuil géarghá ann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar ábhar práinne, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go 1,5 °C, go háirithe chun an dóchúlacht go dtarlóidh eachtraí adhaimsire a laghdú agus go laghdófar an dóchúlacht go dtiocfar go dtí pointí iompaithe. Léirítear i dTuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda 201921 a d’eisigh an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) an chailliúint bithéagsúlachta ar fud an domhain agus gurb é an t-athrú aeráide an tríú fachtóir is mó is cúis leis an gcailliúint bithéagsúlachta.22Léiríonn sé freisin go meastar gur réitigh bunaithe ar an dúlra a sholáthróidh 37 % den mhaolú ar an athrú aeráide suas go dtí 2030. Tá tionchar an-mhór ag an athrú aeráide ar éiceachórais mhuirí agus talún atá ag feidhmiú mar linnte bunriachtanacha d’astaíochtaí antrapaigineacha carbóin ag a bhfuil ionsú comhlán de thart ar 60 % de na hastaíochtaí antrapaigineacha domhanda in aghaidh na bliana.
_________________
_________________
20 IPCC, 2018: Téamh Domhanda 1.5 °C. Tuarascáil Speisialta maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].
20 IPCC, 2018: Téamh Domhanda 1.5 °C. Tuarascáil Speisialta maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].
21 IPBES, 2019: Measúnú Domhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais.
21 IPBES, 2019: Measúnú Domhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais.
22 An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil – An Comhshaol Eorpach – staid agus forbhreathnú 2020 (Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán, An tAontas Eorpach 2019).
22 An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil – An Comhshaol Eorpach – staid agus forbhreathnú 2020 (Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán, An tAontas Eorpach 2019).
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Tá sé ríthábhachtach go mbeidh cuspóir cobhsaí fadtéarmach ann chun rannchuidiú leis an gclaochlú eacnamaíoch agus sochaíoch, poist agus fás agus chun go mbainfear amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith le bogadh i dtaca le sprioc theochta Chomhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide i ndiaidh an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’).
(3)  Tá sé ríthábhachtach go mbeadh cuspóir fadtéarmach fosaithe ann chun rannchuidiú le claochlú cóir eacnamaíoch agus sochaíoch, poist ardcháilíochta, leas sóisialach, fás inbhuanaithe agus baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith le sprioc theochta Chomhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a lean as an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’) a bhaint amach ar bhealach mear, cothrom, éifeachtúil, costéifeachtach agus cóir ó thaobh na sochaí de agus gan aon duine a fhágáil chun deiridh.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
(3a)   Tá sé cruthaithe ag an eolaíocht go bhfuil nasc idir géarchéimeanna sláinte, comhshaoil agus aeráide, go háirithe agus iad nasctha le hiarmhairtí an athraithe aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras. D’fhéadfadh géarchéimeanna sláinte agus sláintíochta ar nós COVID-19 méadú go mór sna deich bhlianta amach romhainn agus d’fhágfadh sé sin go mbeadh ar an Aontas, mar ghníomhaí domhanda, straitéis dhomhanda a chur chun feidhme a bheadh dírithe ar fhorbairt teagmhas den sórt sin a chosc trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna i bunsiocair leo agus cur chuige comhtháite bunaithe ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 b (nua)
(3b)   De réir ESD, déanann an t-athrú aeráide difear do dheitéarmanaint shóisialta agus chomhshaoil na sláinte - aer glan, uisce óil atá sábháilte, dóthain bia agus dídean slán - agus meastar go dtarlóidh 250 000 bás breise, ó droch-chothú, maláire, an bhuinneach agus strus teasa, gach bliain idir 2030 agus 2050, le teochtanna aeir fíor-ard ag rannchuidiú go díreach le básanna, go háirithe i measc daoine scothaosta agus daoine leochaileacha. Trí thuilte, teastonnta, triomaigh agus dóiteáin, tá tionchar as cuimse ag an athrú aeráide ar shláinte an duine, lena n-áirítear tearc-chothú, galair chardashoithíocha agus riospráide agus infhabhtuithe veicteoir-iompartha.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 c (nua)
(3c)   Sa bhrollach a ghabhann le Comhaontú Pháras, aithnítear an ceart chun sláinte mar phríomhcheart. De réir Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, tá na Páirtithe uile sa Choinbhinsiún sin le modhanna iomchuí a úsáid, mar shampla measúnuithe tionchair arna bhfoirmliú agus arna gcinneadh go náisiúnta, d’fhonn go n-íoslaghdófar na éifeachtaí díobhálacha ar an ngeilleagar, ar an tsláinte poiblí agus ar cháilíocht an chomhshaoil a bhíonn ag tionscadail nó bearta a dhéanann siad chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó chun oiriúint don athrú aeráide.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 d (nua)
(3d)   Leis an Rialachán seo rannchuidítear le cosaint a thabhairt do chearta dosháraithe atá ag saoránaigh an Aontais, eadhon an ceart chun na beatha agus an ceart chun comhshaoil shábháilte, faoi mar a aithnítear sa Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus cuireann sé de cheangal ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, de réir mar a bheidh, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí fíora agus láithreacha atá ann do bheatha agus leas na ndaoine agus don saol nádúrtha ar a bhfuil siad ag brath, ar rioscaí iad sin atá á gcothú ag an éigeandáil dhomhanda aeráide. Ba cheart don Rialachán seo a bheith dírithe go lárnach ar na daoine agus ba cheart go mbeadh sé mar aidhm aige sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol.
Leasú 153
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 3 e (nua)
(3e)  Ba cheart cosaint aeráide a bheith ina deis do gheilleagar na hEorpa agus ba cheart go gcuideodh sí lena cheannaireacht i dtionscal na nuálaíochta domhanda a dhaingniú. Le nuálaíochtaí táirgthe inbhuanaithe, is féidir neart tionsclaíoch na hEorpa a chur chun cinn i gcodanna lárnacha den mhargadh agus ar an gcaoi sin poist a chosaint agus a chruthú. Chun sprioc 2030 maidir leis an aeráid atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus cuspóir 2050 maidir le neodracht aeráide a bhaint amach trí na hastaíochtaí sin a laghdú go nialas faoi 2050 ar a dhéanaí, ba cheart don Choimisiún “Comhpháirtíochtaí Aeráide” earnáilsonracha a éascú ar leibhéal an Aontais trí phríomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile (e.g. ón tionscal, ó ENRanna, ó institiúidí taighde, ó FBManna, ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí). Ba cheart do na Comhpháirtíochtaí Aeráide feidhmiú mar idirphlé a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith agus ba cheart go n-éascóidís comhroinnt dea-chleachtas ag ‘ceannródaithe an dícharbónaithe’ san Eoraip agus oibriú mar chomhlacht lárnach comhairliúcháin leis an gCoimisiún nuair a bheidh a chuid tograí reachtacha a bhaineann leis an aeráid amach anseo á nglacadh aige.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  I gComhaontú Pháras leagtar amach sprioc fhadtéarmach maidir leis an meánmhéadú domhanda a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch23, agus leagtar béim ann ar a thábhachtaí atá sé oiriúnú do dhrochthionchair an athraithe aeráide24 agus na sreabha airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtaobh leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide25.
(4)  I gComhaontú Pháras leagtar amach sprioc fhadtéarmach go ndéanfar iarrachtaí chun an méadú ar an teocht domhanda a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch23, go méadófar an cumas oiriúnú do dhrochthionchair an athraithe aeráide24 agus go ndéanfar na sreabha airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige ionsar leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide25. Mar chreat foriomlán do rannchuidiú an Aontais i gComhaontú Pháras, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go rannchuideoidh an tAontas agus na Ballstáit araon le gnóthú na dtrí sprioc sin de Chomhaontú Pháras.
_________________
_________________
23 Airteagal 2.1.a de Chomhaontú Pháras.
23 Airteagal 2.1.a de Chomhaontú Pháras.
24 Airteagal 2.1.b de Chomhaontú Pháras.
24 Airteagal 2.1.b de Chomhaontú Pháras.
25 Airteagal 2.1.c de Chomhaontú Pháras.
25 Airteagal 2.1.c de Chomhaontú Pháras.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais agus na mBallstát daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus ár mbithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe, chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú.
(5)  Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais agus na mBallstát ná daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, an geilleagar, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus an bhithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú. Ina fhianaise sin, ba cheart don Aontas agus na Ballstáit a bheith faoi threoir ag prionsabal an réamhchúraim, ag an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocann as, ag céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ag an bprionsabal ‘ná déan aon díobháil’.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5a)  Spreagtha ag an gcreat rialála atá curtha i bhfeidhm ag an Aontas agus ag iarrachtaí atá déanta ag tionscail na hEorpa, laghdaíodh astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais faoi 23 % idir 1990 agus 2018, agus d’fhás an geilleagar faoi 61 % i rith na tréimhse céanna, lena léirítear gur féidir fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Chun aeráidneodracht a bhaint amach ba cheart rannchuidiú a bheith de cheangal ar gach earnáil eacnamaíoch. I bhfianaise a thábhachtaí atá táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, is ríthábhachtach aistriú go córas fuinnimh slán inbhuanaithe inacmhainne atá ag brath ar mhargadh inmheánach fuinnimh atá dea-fheidhmiúil. Is spreagadh tábhachtach chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach atá sa chlaochlú digiteach, sa nuálaíocht theicneolaíoch agus sa taighde agus forbairt.
(6)  Chun aeráidneodracht a bhaint amach ní mór do gach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear an eitlíocht agus an muiriompar, a gcuid astaíochtaí a laghdú go mear go dtí nialas nó geall leis. Ba cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a bheith ina ghné thábhachtach de sin. I bhfianaise a thábhachtaí atá táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, is ríthábhachtach é an t-aistriú go córas fuinnimh atá slán, inbhuanaithe agus inacmhainne chomh maith lena bheith an-tíosach ar fhuinneamh agus bunaithe ar athnuaiteáin, ach fós gur córas é a laghdaíonn bochtaineacht fuinnimh, agus a bhíonn ag brath ar mhargadh inmheánach fuinnimh atá dea-fheidhmiúil. Ba cheart an rannchuidiú a dhéanann an geilleagar eacnamaíoch le haeráidneodracht a leathnú trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht acmhainní agus trí mhéadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as ábhair ísealcharbóin, agus ag an am céanna cosc dramhaíola agus athchúrsáil a chur chun cinn. Is spreagadh tábhachtach freisin chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach atá sa chlaochlú digiteach, i nuálaíocht theicneolaíoch agus i dtaighde agus forbairt, agus beidh cistiú breise ag teastáil lena n-aghaidh sin. Beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit creataí rialála atá uaillmhianach agus comhleanúnach a ghlacadh chun an rannchuidiú a dhéanann gach earnáil den gheilleagar le cuspóirí aeráide an Aontais a áirithiú.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 a (nua)
(6a)  Tá ábharthacht ar leith don chóras aeráide agus do mhéaduithe teochta ag líon iomlán carnach na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha in imeacht ama agus ag tiúchan comhfhreagrach na ngás ceaptha teasa san atmaisféar. I dTuarascáil Speisialta IPCC maidir le Téamh Domhanda 1.5 °C, agus sa bhunachar de chásanna éagsúla is bonn di, tugtar an fhianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus is déanaí i dtaobh an bhuiséid dhomhanda atá fágtha le haghaidh gáis cheaptha teasa chun an méadú teochta domhanda a theorannú sa 21ú haois go dtí 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Chun go mbeifear ag teacht le gealltanais an Aontais leanúint d’iarrachtaí chun an méadú teochta a theorannú go dtí 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, ní mór sciar chothrom an Aontais den bhuiséad domhanda le haghaidh gáis cheaptha teasa atá fágtha a leagan síos. Is uirlis thábhachtach freisin é an buiséad le haghaidh gáis cheaptha teasa chun trédhearcacht agus cuntasacht bheartais aeráide an Aontais a mhéadú. Ina ghrinnanailís ag tacú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal ‘Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de’, tugann an Coimisiún le fios gur 48 Gt CO2 a bheadh i mbuiséad carbóin AE-28 do 2018-2050 atá comhoiriúnach don 1,5 °C. Ba cheart don Choimisiún buiséad le haghaidh glanleibhéal gás ceaptha teasa AE-27 a bhunú, arna shloinneadh i gcoibhéis CO2 atá bunaithe ar na ríomhanna eolaíocha is déanaí atá in úsáid ag IPCC, a léireodh sciar cothrom an Aontais de na hastaíochtaí domhanda atá fágtha agus a bheadh ag teacht le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Ba cheart buiséad an Aontais le haghaidh gáis cheaptha teasta a úsáid mar threoir chun conair an Aontais ionsar ghlanleibhéal nialasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050 a bhunú, go háirithe i gcás a spriocanna gás ceaptha teasa amach anseo do 2030 agus 2040.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Tá beartas uaillmhianach maidir leis an ngníomhaíocht aeráide á shaothrú ag an Aontas agus tá creat rialála curtha i bhfeidhm aige chun a sprioc 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. Is é atá sa chreat rialála sin, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27, lenar tugadh isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28, faoina gceanglaítear ar na Ballstáit astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chothromú.
(7)  Tá creat rialála curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun a sprioc reatha do 2030 maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ar creat é sin a glacadh sular tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm. Is é atá sa reachtaíocht lena ndéantar an sprioc sin a chur i bhfeidhm ná, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27, lenar tugadh isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28, faoina gceanglaítear ar na Ballstáit comhardú a dhéanamh idir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht.
__________________
__________________
26 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, an 25 Deireadh Fómhair 2003, lch. 32).
26 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
27 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
27 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
28 Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
28 Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7 a (nua)
(7a)   Is cloch choirnéil i mbeartas aeráide an Aontais é córas trádála astaíochtaí agus is uirlis thábhachtach é chun astaíochtaí a laghdú ar bhealach costéifeachtach.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Trí bhíthin an phacáiste ‘Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad’29 tá clár oibre uaillmhianach dícharbónaithe á shaothrú ag an Aontas trí Aontas Fuinnimh stóinsithe a thógáil, is é sin le rá trí sprioc 2030 a leagan síos maidir le héifeachtúlacht agus cur chun feidhme fuinnimh inathnuaite i dTreoracha 2012/27/AE30 agus (AE) 2018/200131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus tríd an reachtaíocht ábhartha a atreisiú, lena n-áirítear i dTreoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32.
(9)  Trí bhíthin an phacáiste ‘Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad’29 tá clár oibre dícharbónaithe á shaothrú ag an Aontas trí Aontas Fuinnimh stóinsithe a thógáil, lena n-áirítear spriocanna 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus imlonnú fuinnimh inathnuaite a leagtar amach i dTreoracha 2012/27/AE30 agus (AE) 2018/200131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus tríd an reachtaíocht ábhartha a atreisiú, lena n-áirítear Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32.
__________________
__________________
29 COM(2016) 860 final an 30 Samhain 2016.
29 COM(2016) 860 final an 30 Samhain 2016.
30 Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1)
30 Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1)
31 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
31 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
32 Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
32 Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
(9a)   Tá roinnt tionscnamh reachtach san earnáil fuinnimh forbartha agus glactha ag an gCoimisiún, go háirithe maidir le fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgnimh. Is pacáiste iad na tionscnaimh sin arb é tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh agus ceannaireacht dhomhanda an Aontais in athnuaiteáin an téama forghabhálach atá leis. Ba cheart aird a thabhairt ar na tionscnaimh sin sa dul chun cinn fadtéarmach náisiúnta ar an obair ionsar sprioc aeráidneodrachta 2050 chun córas fuinnimh atá an-tíosach ar fhuinneamh agus bunaithe ar athnuaiteáin a áirithiú agus chun athnuaiteáin a fhorbairt laistigh den Aontas.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 b (nua)
(9b)   Beidh córas fuinnimh mar thoradh ar an aistriú chuig fuinneamh glan, ar córas é ina dtiocfaidh an príomhsholáthar fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh den chuid is mó, a fheabhsóidh slándáil an tsoláthair go suntasach, a laghdóidh spleáchas fuinnimh agus a dhéanfaidh poist inmheánacha a chur chun cinn.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 c (nua)
(9c)   Cuireann an t-aistriú fuinnimh feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdaíonn sé an leibhéal spleáchais fuinnimh san Aontas agus sna Ballstáit. Leis an athrú struchtúrtha ionsar geilleagar níos éifeachtaí atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite sna hearnálacha go léir, ní hé amháin go rachaidh sé chun tairbhe don chóimheá trádála ach neartóidh sé slándáil fuinnimh agus an comhrac in aghaidh na bochtaineachta fuinnimh chomh maith.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 d (nua)
(9d)   Chun dlúthpháirtíocht a áirithiú agus chun aistriú fuinnimh éifeachtach a chumasú, tá ar bheartas aeráide an Aontais bealach soiléir a dhearadh i dtreo neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart go mbeadh an tAontas réalaíoch faoi chostéifeachtacht agus faoi dhúshláin theicniúla agus ba ceart dó a áirithiú go mbeidh fáil ar fhoinsí inseolta fuinnimh chun comhardú a dhéanamh ar bhuaicphointí agus ar phointí éilimh íosta sa chóras fuinnimh, amhail teicneolaíochtaí hidrigine, agus go mbeidh na foinsí sin inacmhainne.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 e (nua)
(9e)  Le cosaint aeráide, tugtardeis do gheilleagar an Aontais dlús a chur lena ghníomhaíocht agus tairbhe a bhaint as buntáiste an cheannródaí trína bheith chun cinn maidir le teicneolaíochtaí glana. D’fhéadfadh sí cuidiú lena cheannaireacht tionscail i nuálaíocht dhomhanda a dhaigniú. Féadfaidh nuálaíochtaí táirgthe inbhuanaithe neart tionsclaíoch an Aontais i ndeighleoga margaidh tábhachtacha a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, poist a chosaint agus a chruthú.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 f (nua)
(9f)  Tá gá ann chun tacaíocht a shocrú do na hinfheistíochtaí riachtanacha i dteicneolaíochtaí nua inbhuanaithe atá ríthábhachtach chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach neodracht theicneolaíoch a urramú agus aon éifeacht in-ghlasála a sheachaint. Mar atá luaite sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal ‘Straitéis hidrigine i gcomhair Eoraip aeráidneodrach’, is féidir le hidrigin ról a bheith aici freisin i dtacú le gealltanas an Aontais neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, go háirithe in earnálacha atá dian ar fhuinneamh.
Leasú 154
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 9 g (nua)
(9g)  Ba cheart don Choimisiún dlús a chur lena chuid iarrachtaí chun Comhghuaillíochtaí Eorpacha a thógáil, go háirithe in earnálacha go háirithe in earnálacha na gceallraí agus na hidrigine ós rud é go bhfuil fíorthábhacht ag baint leo. Agus iad á gcomhordú ar an leibhéal Eorpach, cuireann siad deiseanna iontacha ar fáil do phróisis téarnaimh réigiúnacha iar-COVID-19 agus d’athrú struchtúrach rathúil. Ba cheart go gcruthófaí le ceanglais reachtúla creat le haghaidh nuálaíochtaí i soghluaisteacht agus giniúint fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid. Ba cheart go bhfaigheadh na comhghuaillíochtaí sin tacaíocht agus cistiú leordhóthanach agus ba cheart go mbeidís mar chuid den bheartas eachtrach agus comharsanachta a bheidh ann amach anseo agus de chomhaontuithe trádála chomh maith.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Tá an tAontas ina cheannródaí ar an aistriú chuig an aeráidneodracht agus tá sé tiomanta cuidiú leis an uaillmhian dhomhanda a ardú agus an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide a neartú, trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó, an taidhleoireacht aeráide san áireamh.
(10)  Tá an fhreagracht agus na modhanna ag an Aontas le leanúint de bheith ina cheannródaí ar an aistriú chuig an aeráidneodracht agus tá sé tiomanta í a bhaint amach ar bhealach cóir, cothrom ó thaobh na sochaí de agus cuimsitheach, mar aon le cuidiú leis an uaillmhian dhomhanda a mhéadú agus an fhreagairt dhomhanda don athrú aeráide a neartú, trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó, lena n-áirítear taidhleoireacht aeráide, trádáil, infheistíocht agus beartais thionsclaíocha. Ba cheart don Aontas a thaidhleoireacht chomhshaoil a threisiú i ngach aon fhóram idirnáisiúnta atá ábhartha chun spriocanna aeráide idirnáisiúnta a bhaint amach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  D’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfar na hathruithe is gá le bheith inár sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ar a mhéad, gur fíorghaisce Eorpach33 a bheidh sa mhéid seo agus tá éigeandáil aeráide agus comhshaoil34 fógartha aici. Tháinig an Chomhairle, ina Conclúidí an 12 Nollaig 201935, ar chomhaontú maidir leis an gcuspóir Aontas a bheadh aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras, ag aithint dó san am céanna gur gá creat cumasúcháin a chur ar bun agus gur gá infheistíocht shuntasach phoiblí agus phríobháideach a dhéanamh san aistriú. Ina theannta sin d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra a ullmhú maidir le straitéis fhadtéarmach an Aontais a luaithe is féidir in 2020 d’fhonn go nglacfadh an Chomhairle é agus go gcuirfí faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide é.
(11)  Tá iarrtha ag Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an ghníomhaíocht aeráide a mhéadú chun go n-éascófar an t-aistriú is gá ionsar shochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de a luaithe is féidir agus faoi 2050 ar a dhéanaí agus go ndéanfaí fíorghaisce Eorpach33 de seo, agus tá éigeandáil aeráide agus comhshaoil fógartha aici34. Tá iarrtha arís agus arís eile aici ar an Aontas a sprioc aeráide do 2030 a mhéadú agus go dtabharfaí an sprioc mhéadaithe sin isteach mar chuid den Dlí Aeráide Eorpach34a. Tháinig an Chomhairle Eorpach, ina Conclúidí an 12 Nollaig 201935, ar chomhaontú maidir leis an gcuspóir Aontas a bheadh aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras, ar cuspóir é seo atá bunaithe ar chothroime, aistriú cóir agus túsphointí éagsúla na mBallstát a chur san áireamh, chomh maith lena aithint gur gá creat cumasúcháin a chur ar bun agus gur gá infheistíocht shuntasach phoiblí agus phríobháideach a dhéanamh san aistriú. Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra a ullmhú maidir le straitéis fhadtéarmach an Aontais a luaithe is féidir in 2020 d’fhonn go nglacfadh an Chomhairle é agus go gcuirfí faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide é.
_________________
_________________
33 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2019/2956(RSP)).
33 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2019/2956(RSP)).
34 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus comhshaoil (2019/2930(RSP)).
34 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus comhshaoil (2019/2930(RSP)).
34a Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir le Comhdháil na Náisiún Aontaithe 2019 maidir leis an Athrú Aeráide i Maidrid, an Spáinn (COP25) (2019/2712(RSP)).
35 Conclúidí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach ag cruinniú a bhí aici an 12 Nollaig 2019, EUCO 29/19, CO EUR 31, CONCL 9.
35 Conclúidí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach ag cruinniú a bhí aici an 12 Nollaig 2019, EUCO 29/19, CO EUR 31, CONCL 9.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí antrapaigineacha ar fud an gheilleagair agus aistrithe gás ceaptha teasa intíre, trí bhíthin réitigh nádúrtha agus teicneolaíocha, laistigh den Aontas faoi 2050. Ba cheart do na Ballstáit uile cuspóir aeráidneodrachta 2050 an Aontais a shaothrú i dteannta a chéile agus ba cheart do na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun go bhféadfar sin a bhaint amach. Bearta ar leibhéal an Aontais, beidh siad sin ina gcuid thábhachtach de na bearta is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(12)  Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas agus na Ballstáit cóimheá a aimsiú idir astaíochtaí antrapaigineacha ar fud an gheilleagair agus aistrithe gás ceaptha teasa ar bhonn náisiúnta, trí bhíthin réitigh nádúrtha agus teicneolaíocha, laistigh den Aontas agus ar leibhéal na mBallstát faoi 2050 ar a dhéanaí. Ba cheart do na Ballstáit uile cuspóir aeráidneodrachta 2050 an Aontais a bhaint amach agus ba cheart do na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun an bhaint amach sin a chumasú. Bearta ar leibhéal an Aontais, beidh siad ina gcuid thábhachtach de na bearta atá riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. I ndiaidh 2050, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit uile leanúint de bheith ag laghdú astaíochtaí chun a áirithiú go mbeidh aistrithe gás ceaptha teasa níos mó ná na hastaíochtaí antrapaigineacha.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
(12a)  Tá freagracht ar gach aon Bhallstát aeráidneodracht a bhaint amach ina leith féin faoi 2050 ar a dhéanaí. Mar cheist cheartais agus dlúthpháirtíochta, agus chun cabhrú le haistriú fuinnimh sna Ballstáit a bhfuil túsphointí éagsúla acu, tá gá le dóthain sásraí tacaíochta agus cistiú teacht ón Aontas, amhail an Ciste um Aistriú Cóir dá bhforáiltear i Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a mar aon le sásraí cistithe ábhartha eile.
__________________
1a Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO ...).
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 b (nua)
(12b)   Sa bhrollach a ghabhann le Comhaontú Pháras, aithnítear an tábhacht a bhaineann le sláine na n-éiceachóras go léir, lena n-áirítear na haigéin, a áirithiú. I gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, cuirtear i bhfáth go ndéanfaidh na Páirtithe sa Choinbhinsiún sin bainistiú inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le caomhnú agus feabhsú linnte agus taiscumair na ngás ceaptha teasa go léir, lena n-áirítear bithmhais, foraoiseacha agus aigéin chomh maith le héiceachórais talún, chósta agus mhuirí eile. Má chliseann ar spriocanna Chomhaontú Pháras, d’fhéadfadh an teocht dul níos airde ná an pointe iompaithe a fhágfaidh nach mbeidh an t-aigéan in ann an méid céanna carbóin a ionsú a thuilleadh agus dá réir nach mbeidh páirt aige sa mhaolú carbóin.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 c (nua)
(12c)  Tá ról tábhachtach ag linnte carbóin nádúrtha san aistriú ionsar shochaí aeráidneodrach. Tá an Coimisiún ag féachaint ar chreat rialála a fhorbairt chun aistriú carbóin a dheimhniú i gcomhréir lena Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus leis an Straitéis ar a dtugtar ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Beidh ról tábhachtach ag Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030, mar aon leis na tionscnaimh atá sa straitéis sin, ó thaobh éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú, go háirithe na héiceachórais sin is fearr a d’fhéadfadh carbón a ghabháil agus a stóráil agus is fearr a d’fhéadfadh tionchar tubaistí nádúrtha a chosc agus a laghdú. Chuideodh athshlánú éiceachóras le cothabháil, bainistiú agus feabhsú a dhéanamh ar linnte nádúrtha agus le bithéagsúlacht a chur chun cinn fad a bhíonn an t-athrú aeráide á chomhrac.
Leasú 144
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 12 d (nua)
(12d)  Ba cheart don Choimisiún féachaint an bhféadfaí scéimeanna creidiúnúcháin carbóin a thabhairt isteach, lena n-áirítear deimhniú ar aistrithe gás ceaptha teasa trí cheapadh carbóin in úsáid talún, ithir agus bithmhais sa talmhaíocht d’fhonn sprioc an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, chomh maith leis an bhféidearthacht margadh d’aistrithe carbóin ar leithligh a fhorbairt le haghaidh ceapadh gás ceaptha teasa talamhbhunaithe. Ba cheart creat den sórt sin a bheith bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus ar chóras measúnaithe agus formheasta ag an gCoimisiún, ach ba cheart dó a áirithiú ag an céanna nach mbeidh aon tionchar diúltach ar an gcomhshaol, go háirithe ar an mbithéagsúlacht, ar an tsláinte phoiblí ná ar chuspóirí sóisialta nó eacnamaíocha. Ba cheart don Choimisiún torthaí an mheasúnaithe sin a thíolacadh faoin 30 Meitheamh 2021.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 e (nua)
(12e)   Chun níos mó soiléireachta a chur ar fáil, ba cheart go dtíolacfadh an Coimisiún sainmhíniú ar linnte carbóin agus eile.
Leasú 156
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 12 f (nua)
(12f)  Ina aistriú chuig an aeráidneodracht, ba cheart don Aontas iomaíochas a thionscail a chaomhnú, go háirithe a thionscal atá dian ar fhuinneamh, lena n-áirítear trí bhearta éifeachtacha a fhorbairt chun dul i ngleic le sceitheadh carbóin ar bhealach atá comhoiriúnach le rialacha EDT agus chun machaire comhréidh a bhaint amach idir an tAontas agus tríú tíortha chun iomaíocht éagórach de bharr neamhchomhlíonadh na mbeartas aeráide atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras a sheachaint.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Ba cheart don Aontas leanúint dá ghníomhaíocht aeráide agus dá cheannaireacht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid tar éis 2050, chun daoine agus an pláinéad a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide chontúirtigh agus na cuspóirí a leagtar amach i gComhaontú Pháras á saothrú agus moltaí eolaíochta IPCC á leanúint aige.
(13)  Ba cheart don Aontas leanúint dá ghníomhaíocht ar son na haeráide tar éis 2050, go háirithe trí chúnamh a thabhairt do na grúpaí daonra is leochailí trína bheartas um ghníomhaíocht sheachtrach agus forbairt, chun daoine agus an pláinéad a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide chontúirtigh, agus na spriocanna teochta a leagtar amach i gComhaontú Pháras á saothrú agus na moltaí eolaíochta ó IPCC, ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), ó IPBES agus ón bPainéal Eorpach ar an Athrú Aeráide (EPCC) á leanúint aige.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
(13a)  Beidh ar éiceachórais, daoine agus geilleagair san Aontas aghaidh a thabhairt ar thionchair ollmhóra mar gheall ar an athrú aeráide mura ndéantar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú go práinneach nó mura ndéantar aon oiriúnú don athrú aeráide. D’íoslaghdódh oiriúnú don athrú aeráide tuilleadh na tionchair dhosheachanta ar bhealach costéifeachtach, le comhthairbhí suntasacha ann ó úsáid réitigh dhúlrabhunaithe.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 b (nua)
(13b)   D’fhéadfadh na héifeachtaí díobhálacha a bheidh ag an athrú aeráide a bheith níos mó ná acmhainneachtaí oiriúnaitheachta na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas oibriú le chéile chun aon chaillteanas agus damáiste a sheachaint agus a íoslaghdú, chomh maith le haghaidh a thabhairt orthu, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 8 de Chomhaontú Pháras, lena n-áirítear trí Shásra Idirnáisiúnta Vársá.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil eile a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh maidir leis an oiriúnú.
(14)  Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil eile a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh maidir leis an oiriúnú agus ba cheart don Choimisiún cabhrú leis an bhfaireachán ar an dul chun cinn san oiriúnú trí tháscairí a fhorbairt.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
(14a)   I nglacadh agus oiriúnú a gcuid straitéisí agus pleananna dóibh, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na réimsí is mó a ndéanfar difear dóibh. Sa bhreis air sin, tá sé bunriachtanach an bhithéagsúlacht a chur chun cinn, a chaomhnú agus a athshlánú chun an leas is fearr a bhaint as le haghaidh rialáil agus oiriúnú aeráide. Ba cheart do straitéisí agus pleananna don oiriúnú, dá bhrí sin, réitigh dhúlrabhunaithe agus oiriúnú bunaithe ar éiceachórais a spreagadh ar shlí a rannchuidíonn le bithéagsúlacht a athshlánú agus a chaomhnú, agus aird chuí á tabhairt ar shonraíochtaí críochacha agus ar eolas áitiúil, chomh maith le bearta nithiúla a bhunú chun éiceachórais mhuirí agus cósta a chosaint. Thairis sin, ba cheart gníomhaíochtaí a chuireann bac ar chumas éiceachórais oiriúnú don athrú aeráide a dhíothú ar mhaithe lena áirithiú gur ann d’athléimneacht seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 b (nua)
(14b)   Ba cheart leis na straitéisí don oiriúnú go spreagfaí freisin athrú samhla i réimsí a ndéantar difear dóibh, bunaithe ar réitigh atá báúil don chomhshaol agus dúlra-bhunaithe. Ba cheart dóibh slite beatha inbhuanaithe a áirithiú chun go n-áiritheofar dálaí maireachtála níos fearr, lena n-áirítear talmhaíocht inbhuanaithe agus áitiúil, bainistiú inbhuanaithe ar uisce, fuinnimh inathnuaite, i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun go gcothófar a n-athléimneacht agus go gcosnófar a n-éiceachóras.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún rannchuidiú an aistrithe i dtaca le h aeráidneodracht chuig an méid seo a leanas a chur san áireamh: folláine na saoránach, rathúnas na sochaí agus iomaíochas an gheilleagair; slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh agus bia; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh i bhfianaise a gcumais eacnamúil, a n-imthoscaí náisiúnta agus an ghá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá an t-aistriú a dhéanamh cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus, go háirithe na torthaí arna dtuairisciú ag IPCC; an gá atá le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a chomhtháthú i gcinntí maidir le hinfheistíocht agus pleanáil; cost-éifeachtacht agus neodracht na teicneolaíochta ó thaobh laghduithe agus aistrithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus athléimneacht a mhéadú; dul chun cinn le himeacht ama maidir le sláine agus an leibhéal uaillmhéine.
(15)  Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Choimisiún aird chuí a thabhairt ar a mhéid atá an t-aistriú chuig aeráidneodracht ag rannchuidiú leis an tsláinte, le cáilíocht saoil agus dea-bhail na saoránach, le cothroime sóisialta, le rathúnas na sochaí agus le hiomaíochas an gheilleagair, lena n-áirítear iomaíocht chóir agus cothrom na Féinne ar leibhéal domhanda. Ba cheart do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún aird chuí a thabhairt freisin ar aon mhaorlathas nó bacainní reachtacha eile a d’fhéadfadh bac a chur ar ghníomhaithe eacnamaíocha nó ar na hearnálacha ó na spriocanna aeráide a chomhall; ar na costais shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht neamhleor; ar an bhfíoras go bhfuil tionchar neamhchionmhar ag an athrú aeráide ar mhná agus gur gá comhionannas inscne a neartú; ar an ngá atá le bealaí maireachtála inbhuanaithe a chur chun cinn; ar uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, ar shlándáil agus inacmhainneacht fuinnimh agus bia agus an gá atá leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac á chur san áireamh go háirithe; ar chothroime agus dlúthpháirtíocht agus machaire comhréidh ar fud na mBallstát agus laistigh díobh, ar chumas eacnamúil agus ar imthosca náisiúnta agus túsphointí náisiúnta éagsúla, agus ar an ngá atá le cóineasú le himeacht ama; ar an ngá an t-aistriú a dhéanamh cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de i gcomhréir le treoirlínte 2015 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le haistriú cóir chuig geilleagair agus sochaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de do chách; ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe na fionnachtana atá tuairiscithe ag IPCC agus IPBES; ar an ngá atá le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráid agus measúnuithe ar íogaireacht agus oiriúnú don athrú aeráide a chomhtháthú i gcinntí maidir le hinfheistíocht agus pleanáil agus fós á áirithiú go bhfuil beartais an Aontais seasmhach don athrú aeráide; ar chost-éifeachtacht agus neodracht na teicneolaíochta ó thaobh laghduithe agus aistrithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus athléimneacht a mhéadú ar bhonn cothromais; ar an ngá atá le héiceachórais agus bithéagsúlacht mhuirí agus talún a bhainistiú, a chaomhnú agus a athslánú; ar an stádas bonneagair reatha agus ar na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh bhonneagar an Aontais a nuashonrú agus infheistiú a dhéanamh ann; ar an dul chun cinn le himeacht ama maidir le sláine agus an leibhéal uaillmhéine; ar acmhainneacht na ngeallsealbhóirí éagsúla infheistíocht a dhéanamh san aistriú ar bhealach atá inmharthana go sóisialta; agus ar an mbaol go bhféadfadh sceitheadh carbóin tarlú, mar aon le bearta chun an méid sin a chosc.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
(16)  Chun an t-aistriú i dtaca le haeráidneodracht a bhaint amach, ní mór athruithe a dhéanamh ar an speictream beartais iomlán agus iarracht chomhchoiteann a dhéanamh i ngach earnáil den gheilleagar agus den tsochaí, mar a léiríonn an Coimisiún sa Teachtaireacht uaidh ‘Comhaontú Glas don Eoraip’. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl ina Conclúidí an 12 Nollaig 2019 nach mór do reachtaíocht agus beartais ábhartha uile an Aontais a bheith comhsheasmhach le comhlíonadh an chuspóra aeráidneodrachta a bhaint amach agus cuidiú leis an gcuspóir sin agus, san am céanna, cothrom iomaíochta a urramú, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh chun féachaint an gá na rialacha atá ann cheana a choigeartú.
(16)  Chun an t-aistriú i dtaca le haeráidneodracht a bhaint amach, ní mór athrú claochlaitheach a dhéanamh ar an speictream beartais iomlán, teastaíonn maoiniú uaillmhianach agus marthanach agus iarracht chomhchoiteann i ngach earnáil den gheilleagar agus den tsochaí, lena n-áirítear iompar eitlíochta agus muirí, mar a léiríonn an Coimisiún sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Comhaontú Glas don Eoraip’. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl ina Conclúidí an 12 Nollaig 2019 nach mór do reachtaíocht agus beartais ábhartha uile an Aontais a bheith comhsheasmhach le comhlíonadh an chuspóra aeráidneodrachta a bhaint amach agus cuidiú leis an gcuspóir sin agus, san am céanna, machaire comhréidh a urramú, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh chun féachaint an gá na rialacha atá ann cheana a choigeartú.
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 a (nua)
(16a)   Beidh ar phríomhearnálacha uile an gheilleagair oibriú le chéile chun aeráidneodaracht a thabhairt i gcrích, eadhon fuinneamh, tionsclaíocht, iompar, earnáil an téimh agus an fhionnuaraithe agus earnáil na tógála, talmhaíocht, dramhaíl agus talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht. Na hearnálacha go léir, bídís cumhdaithe ag an gcóras i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (EU ETS) nó ná bíodh, ba cheart dóibh iarrachtaí inchomparáide a dhéanamh chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a thabhairt i gcrích. Chun intuarthacht, muinín agus rannpháirtíocht a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, ba cheart don Choimisiún treorú a thabhairt do na hearnálacha sin de chuid an gheilleagair is mó a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach. Ba cheart conairí táscacha le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha sin ar leibhéal an Aontais a bheith mar chuid den treorú sin. Thabharfadh sé sin deimhneacht do na hearnálacha sin chun go bhféadfaidís na bearta iomchuí a dhéanamh agus na hinfheistíochtaí is gá a phleanáil agus chabhródh sé leo, dá bhrí sin, fanacht ar chonair an aistrithe. Ag an am céanna, d’fhónfadh sé sin mar shásra freisin le haghaidh rannpháirtíocht na n-earnálacha ó thaobh réitigh aeráidneodrachta a shaothrú.
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 b (nua)
(16b)   Chun an t-aistriú i dtaca le haeráidneodracht a bhaint amach, beidh ar gach earnáil a gcion féin a dhéanamh. Ba cheart don Aontas leanúint dá iarrachtaí an geilleagar ciorclach a neartú agus a chur chun cinn, agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt do réitigh agus roghanna malartacha in-athnuaite is féidir a chur in ionad táirgí agus ábhar atá bunaithe ar bhreosla iontaise. Má bhaintear úsáid níos mó as táirgí agus ábhar in-athnuaite, beidh tairbhe mór ann ó thaobh maolú ar an athrú aeráide de agus rachaidh sé chun tairbhe do go leor earnálacha éagsúla.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 c (nua)
(16c)   Agus an baol go dtarlóidh sceitheadh carbóin á chur san áireamh, ba cheart gur fíoraistriú agus aistriú glas a bheadh san aistriú ionsar aeráidneodracht agus san obair leanúnach chun aeráidneodracht a choimeád ar bun, agus ba cheart go leanfadh laghdú iarbhír in astaíochtaí as sin agus níor cheart toradh bréige ar leibhéal an Aontais a chruthú dá bharr, i bhfianaise táirgeadh agus astaíochtaí a bheith athlonnaithe amach as an Aontas. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart beartais an Aontais a cheapadh chun riosca an sceite carbóin a íoslaghdú agus chun réitigh theicneolaíocha a iniúchadh.
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 d (nua)
(16d)   Leis an aistriú ionsar aeráidneodracht, ní fhéadfar earnáil na talmhaíochta a eisiamh, arb í an t-aon earnáil tháirgiúil í atá in ann dé-ocsaíd charbóin a stóráil. Ráthaítear stóráil fhadtéarmach go háirithe le foraoiseacht, le féaraigh fadré agus le barra ilbhliantúla i gcoitinne.
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 e (nua)
(16e)   Chun aeráidneodracht a bhaint amach, caithfear ról speisialta na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chur san áireamh ós rud é gur talmhaíocht agus foraoiseacht atá riachtanach agus táirgiúil, agus é sin amháin, atá in ann bia ardcháilíochta agus sábháilte a sholáthar i gcainníochtaí leordhóthanacha agus ag praghsanna inacmhainne don phobal, agus freisin gurb iad atá in ann amhábhair in-athnuaite a sholáthar chun na gcríoch ar fad a gabhann leis an mbithgheilleagar.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 f (nua)
(16f)   Tá ról ríthábhachtach ag foraoisí san aistriú chuig aeráidneodracht. Tá bainistíocht foraoisí atá inbhuanaithe agus gar don dúlra ríthábhachtach le haghaidh ionsú gás ceaptha teasa ón atmaisféar agus lamháiltear leis freisin soláthar amhábhar atá in-athnuaite agus neamhdhíobhálach don aeráid le haghaidh táirgí adhmaid, ar amhábhair iad a stórálann carbón agus ar féidir leo gníomhú mar ábhair ionaid le haghaidh ábhar agus breoslaí iontaise-bhunaithe. Rannchuidíonn ‘ról triarach’ na bhforaoisí (linn, stóráil agus ionadú) leis an laghdú ar na hastaíochtaí carbóin a scaoiltear isteach san atmaisféar, agus á áirithiú ag an am céanna go leanann na foraoisí de bheith ag fás agus de roinnt mhaith seirbhísí a sholáthar.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 g (nua)
(16g)   Ba cheart do dhlí an Aontais foraoisiú agus bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn sna Ballstáit nach bhfuil acmhainní suntasacha foraoisí acu trí bhíthin dea-chleachtais agus fios gnó tionsclaíoch a chomhroinnt.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, rinne an Coimisiún measúnú ar sprioc 2030 an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ina Theachtaireacht ‘Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid - Infheistiú i dtodhchaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de chun leas an phobail’9, bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus an anailís a dhéanfaidh sé ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus iad sin á gcur san áireamh aige. I bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta do 2050, ba cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith laghdaithe agus aistrithe gás ceaptha teasa a bheith feabhsaithe faoi 2030, ionas go ndéanfar na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, is é sin líon na n‑astaíochtaí gan aistrithe, a laghdú de 55 % faoi 2030, ar fud an gheilleagair agus ar bhonn intíre, i gcomparáid le leibhéil 1990. Is sprioc leantach chun críocha phointe (11) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 é sprioc aeráide nua an Aontais do 2030, agus dá bhrí sin cuirtear í in ionad na sprice uile-Aontais do 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, sprioc a leagtar amach sa phointe sin. Thairis sin, faoin 30 Meitheamh 2021, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an méid ba ghá reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear sprioc 2030 an Aontais chun feidhme a leasú chun laghduithe den sórt sin ar ghlanastaíochtaí a bhaint amach.
(17)  Chuir an Coimisiún in iúl sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Comhaontú Glas don Eoraip’ go bhfuil rún aige measúnú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais um laghdú gás ceaptha teasa a mhéadú agus tograí a dhéanamh maidir léi sin lena áirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta 2050. Sa Teachtaireacht sin, chuir an Coimisiún i bhfáth gur cheart, trí bheartais uile an Aontais, cuidiú leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus gur cheart do na hearnálacha uile a bheith páirteach. I bhfianaise sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, tá sé ríthábhachtach an gníomhú ar son na haeráide a neartú tuilleadh agus go háirithe go n-ardófaí sprioc aeráide 2030 an Aontais go dtí laghdú 60 % ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. Dá thoradh sin,ba cheart don Choimisiún, faoin 30 Meitheamh 2021, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeadh gá le leasú a dhéanamh dá réir ar reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear an sprioc níos airde sin chun feidhme agus ar reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais atá ag rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn.
__________________
9 COM (2020)0562
10 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 a (nua)
(17a)  Chun a áirithiú go mbeidh an tAontas agus na Ballstáit uile ar an mbóthar ceart i gcónaí maidir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, agus chun an intuarthacht agus an mhuinín a áirithiú do na gníomhaithe eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe agus ceardchumainn, infheisteoirí agus tomhaltóirí, ba cheart don Choimisiún féachaint ar na roghanna atá ann i dtaca le sprioc aeráide de chuid an Aontais le haghaidh na bliana 2040 a leagan síos agus tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcás inarb iomchuí.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 b (nua)
(17b)   Faoin 30 Meitheamh 2021, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na beartais agus na hionstraimí uile atá ábhartha do ghnóthú sprioc aeráide 2030 an Aontais agus do bhaint amach na cuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1), agus ba cheart do, i gcás inar gá, moladh a dhéanamh i dtaobh iad sin a leasú. Ina leith sin, caithfidh EU ETS a bheith cuí don chuspóir le fónamh do spriocanna méadaithe an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, dá réir sin, athbhreithniú a dhéanamh go mear ar Threoir 2003/87/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Ciste don Nuálaíocht faoin Treoir sin a neartú ionas go gcruthófar tionscnaimh airgeadais eile don nuatheicneolaíocht, go spreagfar fás agus iomaíochas agus go dtacófar le teicneolaíochtaí glana, agus fós go n-áiritheofar go mbeidh neartú an Chiste don Nuálaíocht ag rannchuidiú le próiseas an Aistrithe Chóir.
_____________________
1a Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 c (nua)
(17c)   Mar chomhartha ar thábhacht agus treise an bheartais aeráide agus chun an fhaisnéis is gá a thabhairt do na gníomhaithe polaitiúla atá páirteach sa phróiseas reachtaíochta, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht uile a bheidh ann amach anseo, agus é á dhéanamh sin le dearcadh nua ina n-áireofar an t-aeráid agus na hiarmhairtí don aeráid, agus lena gcinnfear cén éifeacht a bheidh ag aon reachtaíocht atá molta ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus go ndéanfaidh sé é sin uile ar an leibhéal céanna lena mheasúnú ar an mbunús dlí, ar an gcoimhdeacht agus ar an gcomhréireacht.
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 d (nua)
(17d)   Ba cheart don Choimisiún deimhin a dhéanamh de freisin go bhfuil an tionscal cumasaithe a dhóthain le dul faoin aistriú suntasach ionsar aeráidneodracht agus na spriocanna an-uaillmhianach do 2030 agus do 2040 trí bhíthin creat rialála agus acmhainní airgeadais atá i gcomhriar leis na dúshláin. Ba cheart an creat rialála agus airgeadais sin a mheasúnú go tráthrialta, agus a oiriúnú más gá, chun sceitheadh carbóin, dúnadh tionsclaíoch, caillteanais poist agus iomaíocht mhíchóir idirnáisiúnta a chosc.
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 e (nua)
(17e)   Ba cheart don Choimisiún riachtanais fostaíochta a mheasúnú, lena n-áirítear riachtanais oideachais agus oiliúna, forbairt an gheilleagair agus bunú aistrithe chothroim agus chóir.
Leasú 157
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 17 f (nua)
(17f)  Chun go mbainfidh an tAontas a chuspóir aeráidneodrachta amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus freisin i gcás na spriocanna aeráide inmheánacha le haghaidh 2030 agus 2040, ba cheart d’institiúidí an Aontais agus na Ballstáit uile, a luaithe agus is féidir agus faoi 2025 ar a dhéanaí, gach fóirdheontas díreach agus indíreach do bhreoslaí iontaise a bheith céimnithe amach acu. Níor cheart go mbeadh tionchar ag céimniú amach na bhfóirdheontas sin ar iarrachtaí chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus ba cheart ról idirlinne an gháis nádúrtha san aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a chur san áireamh.
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  Lena áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit ar a mbóthar chun an cuspóir aeráidneodrachta agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn. Más neamhleor an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú nó mura mbíonn bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó más neamhleor iad chun an cumas oiriúnúcháin a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaigheann sé nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.
(18)  Chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit go léir ar a mbóthar chun cuspóirí aeráide an Aontais agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn. Más rud é gur neamhleor an dul chun cinn a dhéanann gach Ballstát ann féin agus an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú nó mura mbíonn aon bhearta an de chuid an Aontais comhsheasmhach le cuspóirí aeráide an Aontais nó mura leor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh go tráthrialta ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaigheann sé nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach le cuspóirí aeráide an Aontais nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú. Ba cheart don Choimisiún an measúnú sin mar aon lena thorthaí a phoiblí tráth a ghlactha.
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 a (nua)
(18a)   Ní bheifear in ann neodracht aeráide a bhaint amach ach amháin sa chás go ndéanann na Ballstáit go léir an t-ualach a ghabhann leis an aistriú ionsar aeráidneodracht a chomhroinnt agus go mbíonn siad tiomanta go hiomlán don aistriú sin. Tá oibleagáid ar gach Ballstát na spriocanna eatramhacha agus na críochspriocanna a chomhlíonadh agus má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na hoibleagáidí sin comhlíonta ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige bearta a ghlacadh in aghaidh na mBallstát. Ba cheart do na bearta sin a bheith comhréireach, iomchuí agus i gcomhréir leis na Conarthaí.
Leasú 57
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 18 b (nua)
(18b)   Tá géarghá le saineolas eolaíoch agus leis an bhfianaise is fearr atá ar fáil agus cothrom le dáta, mar aon le faisnéis faoin athrú aeráide atá fíorasach agus trédhearcach araon, agus is gá an saineolas sin chun taca a chur faoi ghníomhú an Aontais ar son na haeráide agus faoi na hiarrachtaí atá ar bun aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Tá ról tábhachtach ag na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta neamhspleácha i bhfaisnéis a thabhairt don phobal agus i rannchuidiú leis an díospóireacht bheartais ar an athrú aeráide sna Ballstáit sin a bhfuil na comhlachtaí sin iontu. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit nach bhfuil sé déanta cheana acu comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta a bhunú, a bheidh comhdhéanta d’eolaithe arna roghnú ar bhonn a saineolais i réimse an athraithe aeráide agus i ndisciplíní eile atá ábhartha do ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo. I gcomhar leis na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta sin, ba cheart don Choimisiún painéal comhairleach eolaíochta neamhspleách ar an athrú aeráide a chur ar bun, eadhon an Chomhairle Eorpach um an Athrú Aeráide (CEAA), a dhéanfadh comhlánú ar obair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) agus ar obair na n-institiúidí agus gníomhaireachtaí taighde atá ag an Aontas cheana. Sna misin a leagfar amach dó, ba cheart aon fhorluí le misean IPCC ar an leibhéal idirnáisiúnta a sheachaint. Ba cheart do CEAA a bheith comhdhéanta de choiste eolaíochta, ina mbeidh saineolaithe sinsearacha roghnaithe agus a mbeidh tacaíocht aige ó bhord bainistíochta a mbeidh cruinniú acu faoi dhó sa bhliain. Is é an cuspóir a bheadh ag CEAA ná measúnuithe a sholáthar go bliantúil d’institiúidí an Aontais i dtaobh a mhéid atá bearta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú comhleanúnach le cuspóirí aeráide an Aontais agus le tiomantais aeráide idirnáisiúnta an Aontais. Ba cheart do CEAA freisin measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar chonairí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ba cheart dó freisin an fhéidearthacht atá ag ceapadh carbóin a shainaithint.
Leasú 58
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 19
(19)  Lena áirithiú go ndéanfar measúnú oibiachtúil láidir, bunaithe ar na torthaí eolaíocha teicniúla socheacnamaíocha is déanaí, agus ina mbainfear úsáid as raon leathan saineolais neamhspleách, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar fhaisnéis ábhartha lena n-áirítear faisnéis arna cur isteach agus arna tuairisciú ag na Ballstáit, tuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear tuarascála IPCC. I bhfianaise gur thug an Coimisiún gealltanas féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an earnáil phoiblí Tacsanomaíocht an Aontais a úsáid i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart go n-áireofaí ansin faisnéis ar an infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ón Aontas agus ó na Ballstáit, atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht] nuair a bheidh faisnéis den chineál sin ar fáil. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as staitisticí agus sonraí Eorpacha i gcás ina mbeidh siad ar fáil agus grinnscrúdú saineolach a lorg. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cuidiú leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena clár oibre bliantúil.
(19)  Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú oibiachtúil agus láidir, bunaithe ar na torthaí eolaíocha, teicniúla agus socheacnamaíocha is déanaí, agus ina mbainfear úsáid as raon leathan saineolais neamhspleách, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar fhaisnéis ábhartha lena n-áirítear faisnéis arna cur isteach agus arna tuairisciú ag na Ballstáit, tuarascálacha ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear tuarascála ó IPCC, ó UNEP, ó IPBES, ó ECCC agus, i gcás inar féidir, ó chomhlachtaí comhairleacha aeráide neamhspleácha náisiúnta na mBallstát. I bhfianaise gur thug an Coimisiún gealltanas féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an earnáil phoiblí Tacsanomaíocht an Aontais a úsáid i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart go n-áireofaí ansin faisnéis ar an infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ón Aontas agus ó na Ballstáit, atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht] nuair a bheidh faisnéis den chineál sin ar fáil. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as staidreamh agus sonraí Eorpacha i gcás ina mbeidh siad ar fáil agus grinnscrúdú saineolach a lorg. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cuidiú leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena clár oibre bliantúil.
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
(20)  De bhrí go bhfuil ról láidir ag na saoránaigh chun an claochlú i dtaca leis an aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhaíocht aeráide a éascú. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú i dtaca le sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach, lena n-áirítear trí bhíthin Comhshocrú Aeráide Eorpach a sheoladh.
(20)  De bhrí go bhfuil ról láidir ag saoránaigh, pobail agus réigiúin maidir leis an gclaochlú ionsar aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide a spreagadh agus a éascú araon ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí ar bhealach atá go hiomlán trédhearcach chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú i dtreo sochaí atá cóir go sóisialta, cothromaithe ó thaobh inscne de, aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach, lena n-áirítear trí bhíthin Comhshocrú Aeráide Eorpach a sheoladh.
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)  D’fhonn intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú nach féidir dul siar ar an aistriú i dtaca le haeráidneodracht, a áirithiú go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama agus chun cuidiú leis an measúnú ar chomhsheasmhacht beartas agus ar an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun conair a leagan amach le haghaidh laghduithe astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201637. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(21)  Chun intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhaithe eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, FBManna, oibrithe agus ceardchumainn, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú nach féidir dul siar ar an aistriú chuig an aeráidneodracht, chun a áirithiú go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama agus chun cuidiú leis an measúnú ar chomhsheasmhacht beartas agus ar an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na roghanna chun conair a bhunú le haghaidh glanleibhéal nialasach in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050 agus ba cheart dó tograí reachtacha a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle más iomchuí.
Leasú 61
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 22
(22)  I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin do na prionsabail maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas ionstraimí an Aontais maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. An córas tomhais ar an dul chun cinn maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus ar chomhsheasmhacht na mbeart a dhéantar leis an gcuspóir sin, ba cheart don chóras sin cur leis an gcreat rialachais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999 agus a bheith comhsheasmhach leis. Go háirithe, ba cheart an córas tuairiscithe ar bhonn rialta agus seicheamhú mheasúnú agus ghníomhaíochtaí an Choimisiúin ar bhonn an tuairiscithe a ailíniú leis na ceanglais maidir le faisnéis a thíolacadh agus tuarascálacha a chur ar fáil ag na Ballstáit a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999. Dá bhrí sin ba cheart Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú chun an cuspóir aeráidneodrachta a chur san áireamh sna forálacha ábhartha.
(22)  I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin i leith na bprionsabal maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart féachaint le comhleanúnachas a bheidh idir ionstraimí an Aontais a mhéid a bhaineann le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. An córas tomhais ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach mar aon le comhsheasmhacht na mbeart a dhéantar leis an gcuspóir sin, ba cheart dóibh tógáil ar an gcreat rialachais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999 agus a bheith comhsheasmhach leis. Go háirithe, ba cheart an córas tuairiscithe ar bhonn rialta agus seicheamhú mheasúnú agus ghníomhaíochtaí an Choimisiúin ar bhonn an tuairiscithe a ailíniú leis na ceanglais maidir le faisnéis a thíolacadh agus tuarascálacha a sholáthar ag na Ballstáit faoi mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú chun an cuspóir aeráidneodrachta a chur san áireamh sna forálacha ábhartha.
Leasú 62
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23
(23)  Dúshlán trasteorann atá san athrú aeráide de réir sainmhínithe agus ní mór gníomhaíocht comhordaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun beartais náisiúnta a fhorlíonadh agus a atreisiú go héífeachtach. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr scála agus éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
(23)  Dúshlán trasteorann ó nádúr atá san athrú aeráide agus ní mór gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun beartais náisiúnta a fhorlíonadh agus a atreisiú go héífeachtach. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas agus sna Ballstáit go léir faoi 2050 ar a dhéanaí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
Leasú 63
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 a (nua)
(23a)   Tá an tAontas freagrach faoi láthair as 10 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar domhan. Tá cuspóir na haeráidneodrachta teorannaithe d’astaíochtaí a thagann as táirgeacht an Aontais. Le beartas aeráide comhleanúnach, tá rialú ar astaíochtaí ó thomhaltas agus ó allmhairí fuinnimh agus acmhainní i gceist freisin.
Leasú 64
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 b (nua)
(23b)   Tá sé bunriachtanach lorg carbóin thomhaltas an Aontais a fhorbairt mar uirlis chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas foriomlán chuspóirí aeráide an Aontais.
Leasú 65
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 c (nua)
(23c)   Ba cheart do bheartas aeráide an Aontais, atá go hiomlán éifeachtúil, aghaidh a thabhairt ar sceitheadh carbóin agus iomchuí a fhorbairt, amhail an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, chun dul i ngleic leis agus chun caighdeáin an Aontais agus ceannródaithe thionscail an Aontais a chosaint.
Leasú 66
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 d (nua)
(23d)   Tá méadú leanúnach tagtha ar allmhairí táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar ó thríú tíortha le blianta beaga anuas. Léiríonn an treocht sin gur cheart measúnú a dhéanamh ar cé acu táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha atá faoi réir ceanglas atá inchomparáide leis na ceanglais is infheidhme maidir le feirmeoirí an Aontais sa chás go bhfuil bunús na gceanglas sin ag teacht faoi réir chuspóirí bheartais an Aontais maidir le tionchar an athraithe aeráide a laghdú. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil agus teachtaireacht faoin ábhar sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2021.
Leasú 67
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 e (nua)
(23e)  Ina Theachtaireacht dar teideal ‘Comhaontú Glas don Eoraip’, thug an Coimisiún chun suntais go bhfuil gá le dlús a chur leis an aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste mar bheartas tosaíochta ionsar aeráidneodracht. Chun an t-aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste a áirithiú, tá sé léirithe ag an gCoimisiún go nglacfaidh sé straitéis chuimsitheach maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste in 2020 le bearta uaillmhianacha dírithe ar CO2 agus astaíochtaí truailleán thar na modhanna iompair uile a laghdú go suntasach, lena n-áirítear trí bhorradh a chur faoi ghlacadh feithiclí glana agus breoslaí malartacha don iompar bóthair, muirí agus eitlíochta, sciar modhanna iompair níos inbhuanaithe a mhéadú amhail iarnród agus uiscebhealaí intíre, agus éifeachtúlacht ar fud an chórais iompair iomláin a fheabhsú, roghanna tomhaltóra níos inbhuanaithe agus dea-chleachtais astaíochta ísle a dhreasú, agus infheistiú i réitigh astaíochtaí ísle agus nialasacha, lena n-áirítear bonneagar.
Leasú 68
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 f (nua)
(23f)  D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag bonneagar iompair maidir le dlús a chur leis an gclaochlú ionsar shoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste trí fhreastal ar aistriú módúil chuig modhanna iompair níos inbhuanaithe, go háirithe d’iompar lastais. San am céanna, d’fhéadfadh damáistí bonneagair, suaití oibríochtúla, brúnna ar chumas slabhra soláthair agus ar éifeachtúlacht a bheith mar thoradh ar eachtraí athraithe aeráide amhail ardú na leibhéal uisce, dálaí aimsire as cuimse, triomach agus ardú teochtaí, agus, mar thoradh air sin, d’fhéadfadh impleacht dhiúltach a bheith ann don tsoghluaisteacht Eorpach. Dá bhrí sin, tá tabhairt i gcrích chroíghréasáin na nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) faoi 2030 agus tabhairt i gcrích ghréasán chomhlántaigh TEN-T faoi 2040 ríthábhachtach, agus oibleagáidí a leagtar amach i ndlí an Aontais á gcur san áireamh maidir le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na dtionscadal i rith a saolré ar fad. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar chreat reachtach a mholadh chun bainistiú riosca, athléimneacht agus oiriúnú aeráide an bhonneagair iompair a mhéadú.
Leasú 69
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 g (nua)
(23g)   Ba cheart lúdracht an ghréasáin iarnróid Eorpaigh, go háirithe na naisc idirnáisiúnta, chun iompar paisinéirí d’iarnród a dhéanamh níos tarraingtí do thaisteal meán-achair agus fad-achair mar aon le feabhsuithe don chumas iarnród agus uiscebhealaí intíre do lastas a bheith ag croílár ghníomhaíocht reachtach an Aontais.
Leasú 70
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 h (nua)
(23h)   Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil infheistíochtaí leordhóthanacha á ndéanamh i bhforbairt na mbonneagar iomchuí do shoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, lena n-áirítear ardáin idirmhodúlacha agus ról na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) a atreisiú chun go dtacóidís leis an aistriú chuig soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe agus shábháilte san Aontas.
Leasú 71
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 i (nua)
(23i)   I gcomhréir le hiarrachtaí an Aontais chun iompar de bhóthar a aistriú go hiarnród chun an modh iompair is éifeachtúla ó thaobh CO2 de a chur chun tosaigh agus ag breithniú Bhliain Eorpach an Iarnróid atá le teacht in 2021, ba cheart béim reachtach ar leith a chur ar fhíor-Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chruthú trí na hualaí riaracháin agus na dlíthe náisiúnta cosantacha uile a bhaint faoi 2024.
Leasú 72
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 j (nua)
(23j)   Chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050, ba cheart don Choimisiún, freisin, an reachtaíocht shonrach maidir le caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin, veaineanna agus trucailí a neartú, bearta sonracha a sholáthar chun bealach a réiteach do leictriú an iompair de bhóthar, agus tionscnaimh a dhéanamh chun cur le táirgeadh agus imlonnú breoslaí malartacha inbhuanaithe.
Leasú 73
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 k (nua)
(23k)  Ina rún an 28 Samhain 2019 maidir le Comhdháil 2019 na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i Maidrid, an Spáinn (COP25), thug Parlaimint na hEorpa ar aire nach n-éireodh leis na spriocanna agus bearta domhanda atá á mbeartú faoi láthair ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, fiú dá gcuirfí chun feidhme ina n-iomláine iad, ó thaobh na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuil gá leo a bhaint amach, agus gur gá gníomhaíocht shuntasach bhreise a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda i gcomhréir leis an gcuspóir atá ann ar fud an gheilleagair maidir le glanleibhéal nialasach astaíochtaí gás ceaptha teasa1a.
Leasú 158
Togra le haghaidh Rialacháin
Aithris 23 l (nua)
(23l)  Ba cheart don Choimisiún dlús a chur lena iarrachtaí chun margadh inmheánach fuinnimh dea-fheidhmiúil a bhaint amach toisc gur cuid thábhachtach den aistriú fuinnimh is ea margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go maith agus go gcuideodh sé lena dhéanamh inmharthana ó thaobh airgeadais de. Ba cheart, dá bhrí sin, tús áite a thabhairt d’fhorbairt líonraí cliste agus digiteacha leictreachais agus gáis sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Le cláir téarnaimh COVID-19, ba cheart go dtacófaí freisin le heangacha fuinnimh trasnáisiúnta a fhorbairt. Tá gá le nósanna imeachta cinnteoireachta atá éifeachtach agus tapa chun tacú le heangacha fuinnimh trasnáisiúnta a fhorbairt, go háirithe i mbonneagar gáis atá dírithe ar an todhchaí agus atá comhoiriúnach don hidrigin.
Leasú 74
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 1
Airteagal 1
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat le haghaidh laghdú dochúlaithe de réir a chéile ar astaíochtaí gás ceaptha agus chun feabhas a chur ar aistrithe trí bhíthin linnte nádúrtha nó linnte eile san Aontas.
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat le haghaidh laghdú dochúlaithe, intuartha agus mear ar astaíochtaí gás ceaptha agus chun feabhas a chur ar aistrithe trí bhíthin linnte nádúrtha nó linnte eile san Aontas i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais.
Leagtar amach sa Rialachán seo cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050, chun an sprioc fhadtéarma teochta a leagtar amach in Airteagal 2 de Chomhaontú Pháras a shaothrú, agus déantar foráil ann maidir le dul chun cinn chun sprioc an oiriúnaithe dhomhanda a bhunaítear le Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras a shaothrú. Leagtar amach ann freisin sprioc ceangailteach an Aontais maidir le laghdú astaíochtaí gas ceaptha teasa do 2030.
Leagtar amach sa Rialachán seo cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí i saothrú na sprice fadtéarmaí teochta a leagtar amach in Airteagal 2 de Chomhaontú Pháras, agus déantar foráil ann maidir le creat don dul chun cinn chun sprioc an oiriúnaithe dhomhanda a bhunaítear le Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras a shaothrú.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha agus aistrithe na ngás ceaptha teasa, trí bhíthin linnte nádúrtha nó linnte eile a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha agus aistrithe gás ceaptha teasa trí bhíthin linnte nádúrtha nó linnte eile de réir mar a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.
Leasuithe 75 agus 159
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 2
Airteagal 2
Airteagal 2
An cuspóir aeráidneodrachta
An cuspóir aeráidneodrachta
1.  Déanfar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa a rialaítear le dlí an Aontais a chothromú faoi 2050 ar a dhéanaí, agus, ar an gcaoi sin, astaíochtaí a laghdú go nialas faoin dáta sin.
1.  Astaíochtaí antrapaigineacha de réir foinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa de réir linnte agus a rialaítear le dlí an Aontais, déanfar cóimheá orthu san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus, ar an gcaoi sin, bainfear glanleibhéal nialasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa amach faoin dáta sin. Bainfidh gach Ballstát glanleibhéal nialasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa amach faoi 2050 ar a dhéanaí.
2.  Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun gur féidir cuspóir na haeráidneodrachta, a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus an tábhacht a bhaineann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát á cur san áireamh.
2.  Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus atá cothrom le dáta agus tabharfaidh siad tacaíocht ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil faoi seach chun gur féidir cuspóir na haeráidneodrachta san Aontas agus sna Ballstáit go léir, faoi mar a leagtar amach i mír 1, a bhaint amach, agus an tábhacht a bhaineann le cothroime, dlúthpháirtíocht agus aistriú cóir a chur chun cinn i measc na mBallstát á cur san áireamh, chomh maith le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch, cosaint do shaoránaigh leochaileacha den Aontas mar aon leis an tábhacht a bhaineann le bainistiú, athshlánú, cosaint agus feabhsú a dhéanamh ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus talún, ar éiceachórais agus ar linnte carbóin.
2a.  Amhail ón 1 Eanáir 2051, beidh aistrithe gás ceaptha teasa de réir linnte níos mó ná astaíochtaí antrapaigineacha san Aontas agus i ngach Ballstát.
2b.  Faoin 31 Bealtaine 2023, déanfaidh an Coimisiún, i ndiaidh measúnú tionchair mionsonraithe a dhéanamh agus an buiséad do gháis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) á chur san áireamh aige, iniúchadh ar na roghanna atá ann chun sprioc 2040 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 a shocrú agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Le linn dó a bheith ag iniúchadh na roghanna do sprioc 2040 maidir leis an aeráid, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ECCC agus cuirfidh sé na critéir a leagtar amach in Airteagal 3(3) san áireamh.
2c.  Tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis sprioc 2040 maidir leis an aeráid a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a gcaithfí leasú a dhéanamh ar reachtaíocht uile an Aontais a bhaineann le comhall na sprice sin agus breithneoidh sé cad iad na bearta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí.
2d.  Faoi mhí na Nollag 2020, ullmhóidh an Coimisiún plean ina leagfar amach na bearta atá le déanamh ar leibhéal an Aontais a shonrú lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní iomchuí a shlógadh agus chun na hinfheistíochtaí is gá a éascú chun geilleagar Aontais atá aeráidneodrach a bhaint amach. Beidh athbhreithniú sa phlean ar na sásraí cúitimh atá ann faoi láthair le haghaidh Ballstáit ar ioncam íseal, agus cuirfear san áireamh an t-ualach méadaithe a bhaineann le huaillmhianta aeráide ardaithe, tacaíocht ó shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ó chláir InvestEU agus ón gCiste um Aistriú Cóir.
Leasuithe 100, 148 agus 150
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 2 a
Airteagal 2a
Airteagal 2a
Sprioc aeráide 2030
Sprioc aeráide 2030
1.  Chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, is é a bheidh i sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2030 laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (líon na n‑astaíochtaí gan aistrithe) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030.
1.  Is é a bheidh i sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid ná laghdú de 60 % ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990.
2.  Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach agus breithneoidh sé ar na bearta is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí.”;
2.  Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a mbeadh gá le leasú a dhéanamh ar reachtaíocht uile an Aontais atá ábhartha do chomhall sprioc 2030 an Aontais maidir leis an Aeráid agus ar reachtaíocht ábhartha eile an Aontais a chuireann an geilleagar ciorclach chun cinn agus a rannchuidíonn le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcumasófar baint amach na sprice le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, agus déanfaidh sé na bearta is gá, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí. Déanfaidh an Coimisiún go háirithe meastóireacht ar na roghanna chun astaíochtaí ó na hearnálacha uile, lena n-áirítear iompar eitlíochta agus muirí, a ailíniú le sprioc 2030 maidir leis an aeráid agus le cuspóir aeráidneodrachta 2050 chun na hastaíochtaí sin a laghdú go dtí glanleibhéal nialasach faoi 2050 ar a dhéanaí agus déanfaidh sé tograí reachtacha a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfaidh an Coimisiún acmhainní leormhaithe a shlógadh le haghaidh na n-infheistíochtaí go léir atá riachtanach chun na spriocanna dá dtagraítear sa mhír seo a bhaint amach.
2a.  Déanfaidh an Coimisiún a chuid tograí dá dtagraítear i mír 2 a bhunú ar mheasúnú cuimsitheach tionchair ina gcumhdófar éifeachtaí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta, lena léireofar an staid eacnamaíoch iar-COVID-19 agus aird ar leith á tabhairt ar an laghdú earnálach agus ar an acmhainneacht aistrithe, agus ar thionchar Brexit ar astaíochtaí an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar carnach a bheidh ag leasú reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear chun feidhme sprioc 2030 an Aontais, mar a leagtar amach i mír 1, ar earnálacha éagsúla tionscail.
2b.  Agus a chuid tograí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht ábhartha aeráide agus fuinnimh 2030, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh cothromaíocht chóir agus éifeachtach ó thaobh costais de idir an ETS agus an earnáil comhroinnte díchill, agus idir spriocanna náisiúnta in earnáil na comhroinnte díchill, agus ní ghlacfaidh sé ar aon chuma le hiarracht bhreise do gach Ballstát a chomhfhreagraíonn do leibhéal uaillmhéine atá 15 % níos airde. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tionchair a bhaineann le níos mó beart Eorpach a thabhairt isteach a d’fhéadfadh na bearta atá ann cheana a chomhlánú, amhail bearta margadhbhunaithe a bhfuil sásra láidir dlúthpháirtíochta san áireamh iontu.
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 b (nua)
Article 2b
Comhlachtaí comhairleacha aeráide na mBallstát agus an Chomhairle Eorpach um an Athrú Aeráide
1.   Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh na Ballstáit go léir fógra a thabhairt don Choimisiún á chur in iúl dó cad é a gcomhlacht comhairleach aeráide náisiúnta neamhspleách a bheidh freagrach as comhairle saineolais eolaíochta a thabhairt maidir leis an mbeartas aeráide náisiúnta, ach nach mbeidh teorannaithe don chúram sin amháin. Mura mbeidh comhlacht den sórt sin ann, spreagfar na Ballstáit le ceann a bhunú.
Chun tacú le neamhspleáchas agus uathriail eolaíoch an chomhlachta chomhairligh aeráide neamhspleách náisiúnta, spreagfar na Ballstáit le bearta iomchuí a dhéanamh lena gcuirfear ar chumas an chomhlachta oibriú ar shlí atá go hiomlán trédhearcach agus go mbeidh fionnachtana an chomhlachta á gcur ar fáil go poiblí agus déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh na mbeart sin.
2.   Faoin 30 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta sin, an Chomhairle Eorpach um an Athrú Aeráide (CEAA) a chur ar bhun mar phainéal comhairleach eolaíochta buan, neamhspleách agus idirdhisciplíneach ar an athrú aeráide agus beidh an Chomhairle sin faoi threoir ag na fionnachtana eolaíochta is déanaí atá ann faoi mar a bheidh curtha in iúl ag IPCC. Beidh CEAA ina chomhlánú ar obair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) agus ar na hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí taighde eile atá ag an Aontas. Chun aon dúbailt ar obair a sheachaint, fónfaidh EEA mar rúnaíocht do CEAA, ach fós coimeádfaidh CEAA neamhspleáchas buiséadach agus riaracháin.
3.   Is téarma cúig bliana, in-athnuaite uair amháin, a chuirfidh Comhaltaí CEAA isteach. Beidh CEAA comhdhéanta de choiste eolaíochta ar a mbeidh uasmhéid de 15 saineolaí sinsearach lena ngabhfaidh an raon iomlán saineolais atá ag teastáil le haghaidh na ngníomhaíochtaí a liostaítear i mír 4. Beidh an coiste eolaíochta freagrach, ar bhonn neamhspleách, as comhairle eolaíoch CEAA a tharraingt suas.
4.   Ar ghníomhaíochtaí an choiste eolaíochta, áireofar:
(a)   measúnú ar a mhéid atá conairí reatha agus beartaithe an Aontais, an buiséad do gháis cheaptha teasa agus spriocanna aeráide i gcomhréir le gealltanais aeráide an Aontais agus gealltanais aeráide idirnáisiúnta;
(b)  measúnú ar a dhóchúla atá sé fanacht laistigh de bhuiséad an Aontais do gháis cheaptha teasa agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi na bearta reatha agus pleanáilte;
(c)   measúnú ar a mhéid atá bearta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;
(d)   gníomhaíochtaí agus deiseanna a shainaithint chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun an fhéidearthacht atá ag ceapadh carbóin a mhéadú; agus
(e)   na hiarmhairtí a bheidh ag neamhghníomhaíocht nó ag gníomhaíocht neamhdhóthanach a shainaithint.
5.   I ndéanamh a chuid gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 4 dó, áiritheoidh CEAA go mbeidh comhairliúchán cuí ann leis na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta neamhspleácha.
6.   Beidh bord bainistíochta ann a thacóidh le hobair an choiste eolaíochta. Beidh an bord bainistíochta comhdhéanta de chomhalta amháin as gach comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta neamhspleách a bheidh curtha in iúl i bhfógra don Choimisiún faoi mar a leagtar amach i mír 1, beirt ionadaithe arna roghnú ag an gCoimisiún, beirt ionadaithe arna roghnú ag Parlaimint na hEorpa agus cathaoirleach na rúnaíochta a bheidh ceaptha ag EEA.
Beidh cruinniú ag an mbord bainistíochta faoi dhó sa bhliain agus is é a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí CEAA a chur ar bun agus faireachán a dhéanamh orthu. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an bord bainistíochta a cheapadh de thoil a chéile, ar bhonn togra ón gCoimisiún. Déanfar cathaoirleach an bhoird bainistíochta a thoghadh as measc a chomhaltaí.
Is iad na freagrachtaí a bheidh ar an mbord bainistíochta ná:
(a)   clár oibre bliantúil a ghlacadh ar thogra ón gcoiste eolaíochta agus a áirithiú go bhfuil an clár oibre sin i gcomhréir le sainordú CEAA;
(b)   Comhaltaí an choiste eolaíochta a cheapadh, agus a áirithiú go dtugann comhdhéanamh an choiste eolaíochta an raon saineolais is gá le haghaidh gníomhaíochtaí an chláir oibre;
(c)   buiséad CEAA a fhormheas; agus
(d)   comhordúchán a dhéanamh leis na comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta.
7.   Déanfaidh an bord bainistíochta comhaltaí an choiste eolaíochta a ainmniú ar bhonn pearsanta. Déanfar cathaoirleach an choiste eolaíochta a thoghadh as measc a chomhaltaí. Déanfaidh an coiste eolaíochta, le tromlach dhá thriain, a chuid rialacha nós imeachta a ghlacadh ina ndéanfar neamhspleáchas agus uathriail eolaíoch iomlán an choiste a áirithiú.
Déanfar iarrthóirí do chomhaltas an choiste eolaíochta a shainaithint trí phróiseas meastóireachta oscailte. Beidh taithí ghairmiúil na n-iarratasoírí ar an gcoiste eolaíochta, a chomhlíonann na ceanglais incháilitheachta a bheidh leagtha amach sa ghlao ar iarratasóirí, faoi réir measúnú comparáideach a bheidh bunaithe ar na critéir roghnúcháin seo a leanas:
(a)   barr feabhais eolaíochta;
(b)   taithí i measúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus/nó comhairle eolaíoch a thabhairt sna réimsí saineolais;
(c)   saineolas forleathan i réimse na n-eolaíochtaí aeráide agus comhshaoil nó i réimsí eolaíochta eile atá ábhartha do bhaint amach chuspóirí aeráide an Aontais;
(d)   taithí in obair eolaíochta piar-athbhreithnithe;
(e)   taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Déanfar cothromas inscne, saineolas disciplíneach agus earnálach chomh maith le dáileadh réigiúnach a áirithiú i gcomhdhéanamh an choiste eolaíochta.
8.   Déanfaidh CEAA, ar bhonn bliantúil, a fhionnachtana faoi mhír 3 a thuairisciú don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. I gcás inar gá sin, déanfaidh CEAA moltaí don Choimisiún chun gnóthachan chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú. Áiritheoidh CEAA go leanfaidh sé próiseas atá go hiomlán trédhearcach agus go gcuirfear a thuarascálacha ar fáil don phobal. Breithneoidh an Coimisiún na tuarascála agus aon mholtaí, agus eiseoidh sé freagra foirmiúil do CEAAA trí mhí tar éis a bhfáil, ar a dhéanaí. Déanfar na freagraí ar na tuarascálacha agus moltaí sin a chur ar fáil go poiblí.
Leasuithe 77, 123 agus 145
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 3
Airteagal 3
Airteagal 3
Conair maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach
Conair maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach
1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go 2050, i gcomhréir le hAirteagal 9 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chonair a leagan amach ar leibhéal an Aontais chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach. Laistigh de shé mhí ar a dhéanaí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gconair.
1.  Faoin 31 Bealtaine 2023, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na roghanna le haghaidh conair tháscach a bhunú ag an leibhéal Eorpach chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach ag tosú ó sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2a(1) agus an sprioc idirmheánach cheangailteach 2040 maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(2b) a chur san áireamh agus, más iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach chuige sin.
1a.  A luaithe a bheidh an chonair dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gconair tráth nach déanaí sé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, ag tosú leis an stocáireamh domhanda in 2028. Déanfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an chonair a choigeartú i gcás ina measann sé go bhfuil coigeartú den sórt sin iomchuí mar thoradh ar an athbhreithniú.
2.   Is é a bheidh mar phointe tosaithe ag an gconair sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2a(1).
2.   Agus tograí reachtacha á ndéanamh chun conair a shocrú i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh buiséad an Aontais do gháis cheaptha teasa lena leagtar amach cainníocht iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fágtha mar choibhéis CO2 a d’fhéadfaí a astú go dtí 2050 ar a dhéanaí gan gealltanais an Aontais faoi Chonradh Pháras a chur i mbaol.
2a.   Leagfaidh an Coimisiún amach buiséad an Aontais do gháis cheaptha teasa i dtuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2021. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin agus an mhodheolaíocht atá mar bhonn léi ar fáil go poiblí.
3.  Agus conair á socrú i gcomhréir le mír 1 déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a bhreithniú:
3.  Agus tograí reachtacha á ndéanamh chun an chonair a shocrú nó a choigeartú i gcomhréir le míreanna 1 agus 1a faoi seach, déanfaidh an Coimisiún na critéir seo a leanas a chur san áireamh:
(-a)  an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, ó IPBES, ó ECCC agus, i gcás inar féidir, ó chomhlachtaí comhairleacha aeráide neamhspleácha na mBallstát;
(-aa)  na costais shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht neamhleor;
(-ab)  an gá atá ann aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách;
(a)  cost-éifeachtacht agus éifeachtúlacht eacnamaíoch;
(b)  iomaíochas gheilleagar an Aontais;
(b)  iomaíochas gheilleagar an Aontais, go háirithe FBManna agus earnálacha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin;
(ba)   lorg carbóin na dtáirgí deiridh agus tomhaltas san Aontas;
(c)  an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil;
(c)  na teicneolaíochtaí is fearr dá bhfuil ar fáil, atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe, lena n-urramaítear coincheap na neodrachta teicneolaíche agus lena seachnaítear éifeachtaí glasála a d’fhéadfadh a bheith ann;
(d)  éifeachtúlacht fuinnimh, acmhainneacht fuinnimh agus cinnteacht soláthair;
(d)  éifeachtúlacht fuinnimh agus céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, acmhainneacht fuinnimh, laghdú ar bhochtaineacht fuinnimh agus cinnteacht soláthair;
(da)  an gá atá ann breoslaí iontaise a chéimniú amach agus a n-ionadú a áirithiú trí fhuinneamh, ábhair agus tháirgí inathnuaite a tháirgtear go hinbhuanaithe;
(e)  cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh;
(e)  cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus réigiúin;
(f)  an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama;
(f)  an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama;
(fa)  an gá atá ann inbhuanaitheacht chomhshaoil a áirithiú, lena n-áirítear an gá atá ann dul i ngleic leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta, agus ag an am céanna éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú agus dochar dochúlaithe do na héiceachórais a chosc chun spriocanna bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach;
(fb)   linnte nádúrtha cobhsaí, marthanacha agus atá éifeachtach ó thaobh na haeráide de a áirithiú le himeacht ama;
(g)  riachtanais agus deiseanna infheistíochta;
(g)  riachtanais agus deiseanna infheistíochta do nuálaíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/...[An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht] agus an riosca de shócmhainní tréigthe a chur san áireamh ag an am céanna.
(h)  an gá atá ann aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú ;
(i)  forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a bhaint amach;
(j)  an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC.
3a.  Faoin ... [1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] eiseoidh an Coimisiún, tar éis dianphlé a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir laistigh d’earnáil ábhartha, treochlár earnálach maidir le dícharbónú i dtreo neodracht aeráide faoi 2050 ar a dhéanaí don earnáil lena mbaineann.
Leasuithe 78 agus 146
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 4
Airteagal 4
Airteagal 4
Oiriúnú don athrú aeráide
Oiriúnú don athrú aeráide
-1a.   Faoin 31 Eanáir 2021 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, glacfaidh an Coimisiún Straitéis nuashonraithe AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Beidh sé mar aidhm ag an Straitéis nuashonraithe AE a áirithiú go ndéanfar beartais oiriúnaithe a chur in ord tosaíochta, a chomhtháthú agus a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach i mbeartais an Aontais, i ngealltanais idirnáisiúnta, i gcomhaontuithe trádála agus i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta.
1.  Áiritheoidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit go ndéanfar dul chun cinn leanúnach maidir leis acmhainneacht oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith athrú aeráide a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú Pháras.
1.  Féachfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit le cuspóirí náisiúnta agus an Aontais le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide mar a leagtar amach sa Straitéis AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach, agus áiritheoidh siad go ndéanfar dul chun cinn leanúnach maidir leis an acmhainneacht oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith athrú aeráide a laghdú, lena n-áirítear le haghaidh éiceachórais mhuirí agus talún araon, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus oiriúnú a chomhtháthú i mbeartais agus gníomhaíochtaí socheacnamaíocha agus comhshaoil ábhartha. Díreoidh siad, go háirithe, ar na daonraí agus na hearnálacha eacnamaíocha is leochailí agus is mó a ndéanfar difear dóibh, easnaimh ina leith sin a shainaithint i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta, agus réitigh a chur chun feidhme.
2.  Déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear creata bainistíochta riosca cuimsitheacha, bunaithe ar bhunlínte láidre aeráide agus leochaileachta agus ar mheasúnaithe ar dhul chun cinn.
2.  Faoin 31 Nollaig 2021 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach lena n-áirítear creata bainistíochta riosca cuimsitheacha áitiúla, lena gcuirtear riachtanais agus sainiúlachtaí áitiúla san áireamh, bunaithe ar bhunlínte agus táscairí láidre aeráide agus leochaileachta, agus ar mheasúnaithe ar dhul chun cinn, faoi threoir ag an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus cothrom le dáta. Áireofar sna straitéisí agus sna pleananna sin bearta i gcomhréir le cuspóirí náisiúnta agus an Aontais maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide. Go háirithe, cuirfidh na straitéisí sin grúpaí, pobail agus éiceachórais leochaileacha agus bhuailte san áireamh, agus áireofar iontu bearta le haghaidh bainistiú, athshlánú agus cosaint éiceachóras muirí agus talún chun a n-athléimneacht a fheabhsú. Ina straitéisí, déanfaidh na Ballstáit leochaileacht áirithe na talmhaíochta agus na gcóras bia, agus na slándála bia, a chur san áireamh, agus réitigh bunaithe ar an dúlra agus oiriúnú bunaithe ar éiceachóras a chur chun cinn.
2a.  Iarrfaidh an Coimisiún ar thairbhithe ionstraimí airgeadais an Aontais, lena n-áirítear tionscadail a dtacaíonn an Banc Eorpach Infheistíochta leo, tástáil struis ar oiriúnú aeráide a dhéanamh le haghaidh tionscadal a mheastar a bheith an-leochaileach do thionchair an athraithe aeráide. Faoin ... [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe chun an Rialachán seo a fhorlíonadh ina leagfar amach na critéir mhionsonraithe le haghaidh na tástála struis, lena n-áirítear liosta na n-earnálacha, na dtionscadal agus na réigiún lena mbaineann, agus tairseach láimhdeachais na dtairbhithe, gan aon ualach riaracháin iomarcach á áirithiú ag an am céanna. Tabharfaidh an Coimisiún treoir do thairbhithe, bunaithe ar Straitéis AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus ar shonraí ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir leis an gcaoi chun tionscadal infheistíochta a ailíniú le ceanglais oiriúnaithe aeráide.
Leasú 161
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4a
Comhsheasmhacht na sreabh airgeadais le bealach i dtreo sochaí aeráidneodrach agus athléimneach
1.  Áiritheoidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit dul chun cinn leanúnach maidir le sreabha airgeadais poiblí agus príobháideacha a dhéanamh comhsheasmhach le bealach i dtreo sochaí aeráidneodrach agus athléimneach i gcomhréir le pointe c d’Airteagal 2(1) de Chomhaontú Pháras, lena ndéanfar cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo a chur san áireamh.
2.  Faoin 1 Meitheamh 2021 agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, mar chuid de na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 5, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar an gcaoi a bheadh gá leasú a dhéanamh ar reachtaíocht ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear creataí airgeadais ilbhliantúla an Aontais agus rialacháin shonracha uile a bhaineann le cistí agus ionstraimí faoi bhuiséad an Aontais, le haghaidh forálacha ceangailteacha agus infhorfheidhmithe a áireamh chun comhsheasmhacht na sreabh airgeadais poiblí agus príobháideach le cuspóirí aeráide an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo a áirithiú. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an measúnú sin, i gcás inarb iomchuí.
3.  Déanfaidh an Coimisiún an chuid de chaiteachas an Aontais a chomhlíonann na catagóirí tacsanomaíochta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht] a nochtadh go bliantúil.
4.  I bhfianaise chuspóirí aeráide an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, déanfaidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit uile fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha uile do bhreoslaí iontaise a chéimniú amach, agus infheistíocht inbhuanaithe a shlógadh dá réir sin. Ní bheidh tionchar ag céimniú amach na bhfóirdheontas sin ar iarrachtaí chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac.
Leasú 80
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 5
Airteagal 5
Airteagal 5
Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais
Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais
1.  Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, mar aon leis an measúnú dá bhforáiltear faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an méid seo a leanas:
1.  Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, mar aon leis an measúnú dá bhforáiltear faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an méid seo a leanas:
(a)  an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) mar a shloinntear leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bhaint amach;
(a)  an dul chun cinn a dhéanfaidh gach Ballstát agus an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile chun cuspóir aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 mar a shloinntear leis an gconair a bheidh le bunú dtagraítear in Airteagal 3(1) a bhaint amach; i gcás nach bhfuil an chonair ar fáil, déanfar an measúnú ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3(3) agus i sprioc aeráide 2030;
(b)  an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4.
(b)  an dul chun cinn a dhéanfaidh gach Ballstát agus an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4.
Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Déanfaidh an Coimisiún na measúnaithe sin agus a gconclúidí, mar aon leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.
2.  Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an méid seo a leanas:
2.  Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach dhá bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an méid seo a leanas:
(a)  comhsheasmhacht bheartais an Aontais leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) mar a shloinntear leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1);
(a)  comhsheasmhacht bhearta agus bheartais an Aontais, lena n-áirítear reachtaíocht earnálach, gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus buiséad an Aontais, le cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 mar a shloinntear leis an gconair a bheidh le bunú dá dtagraítear in Airteagal 3(1); i gcás nach bhfuil an chonair ar fáil, déanfar an measúnú ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3(3) agus i sprioc aeráide 2030;
(b)  leordhóthanacht bheartais an Aontais chun dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4.
(b)  leordhóthanacht bhearta agus bheartais an Aontais, lena n-áirítear reachtaíocht earnálach, gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus buiséad an Aontais, chun dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4.
3.  I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nach bhfuil bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, nó inar neamhleor an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó an t-oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí, san am céanna leis an athbhreithniú ar an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
3.  I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nach bhfuil bearta agus beartais an Aontais comhsheasmhach le cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, nó inar neamhleor an dul chun cinn i dtaca le cuspóirí aeráide an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 nó an t-oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh sé a luaithe is féidir na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí chun an neamhréireacht sin a réiteach, nó ar a dhéanaí ag an am céanna leis an athbhreithniú ar an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1a).
4.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon dréachtbheart ar aon dréacht-togra reachtach i bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) mar a chuirtear in iúl leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) sula nglacfar é, agus an anailís sin a chur san áireamh in aon mheasúnú tionchair a ghabhann leis na bearta nó na tograí sin, agus déanfaidh sé toradh an mheasúnaithe sin a phoibliú tráth a ghlactha.
4.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht aon dréachtbheart, lena n-áirítear aon togra reachtach agus buiséadach, ach gan iad a bheith teoranta dóibh sin, le cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 agus an dréachtbheart a ailíniú leis na cuspóirí sin sula nglacfar é. Áireofar an anailís sin in aon mheasúnú tionchair a ghabhann leis na bearta nó tograí sin. A luaithe a bheidh an chonair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus an buiséad do gháis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) bunaithe, beidh siad mar bhonn agus taca an mheasúnaithe. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin agus a thorthaí ar fáil go díreach don phobal a luaithe a bheidh an measúnú curtha i gcrích agus, in aon chás, sula nglacfar an beart nó togra comhlachaithe.
4a.   Úsáidfidh an Coimisiún an measúnú dá dtagraítear i mír 4 chun malartú dea-chleachtas a chur chun cinn agus chun gníomhaíochtaí a shainaithint lena rannchuideofar le cuspóirí an Rialachán seo a bhaint amach.
Leasú 81
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 6
Airteagal 6
Airteagal 6
Measúnú ar bheartais náisiúnta
Measúnú ar bhearta náisiúnta
1.  Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:
1.  Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:
(a)  comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta a shainaithnítear, ar bhonn na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide nó na dTuarascálacha Débhliantúla ar Dhul Chun Cinn i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, a mhéid a bhaineann sin leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1), leis an gcuspóir sin a chuirtear in iúl leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1);
(a)  comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta a shainaithnítear, ar bhonn na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, na straitéisí náisiúnta fadtéarmacha nó na dTuarascálacha ar Dhul Chun Cinn arna dtíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, a mhéid a bhaineann sin le cuspóir aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2, leis na cuspóirí sin a chuirtear in iúl leis an gconair a bheidh le bunú dá dtagraítear in Airteagal 3(1); i gcás nach bhfuil an chonair ar fáil, déanfar an measúnú ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3(3) agus i sprioc aeráide 2030;
(b)  leordhóthanacht beartas náisiúnta ábhartha chun dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4.
(b)  leordhóthanacht agus éifeachtacht beartas náisiúnta ábhartha chun dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4.
Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Déanfaidh an Coimisiún na measúnaithe sin agus a gconclúidí, mar aon leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.
2.  I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, tar éis aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinn comhchoiteann arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 5(1), nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach leis an gcuspóir sin mar a chuirtear in iúl é leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4 féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig an mBallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na moltaí sin a chur ar fáil go poiblí.
2.  I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, tar éis aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinn arna dhéanamh gach Ballstát agus an dul chun cinn comhchoiteann arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 5(1), nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach le cuspóirí aeráide an Aontais, mar a chuirtear in iúl iad leis an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a luaithe a bheidh an chonair bunaithe, nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 4, eiseoidh sé moltaí chuig an mBallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na moltaí sin a chur ar fáil go poiblí.
2b.   Áireoidh an Coimisiún sa mholadh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tograí chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4. Féadfaidh na tograí sin, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht bhreise fhéideartha theicniúil, airgeadais, a bhaineann le nuálaíocht nó le fios gnó, nó tacaíocht riachtanach eile a áireamh.
3.  Nuair a eisítear moladh i gcomhréir le mír 2, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
3.  Nuair a eisítear moladh i gcomhréir le mír 2, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
(a)  tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aird chuí ar an moladh de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir na Ballstáit;
(a)  déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de shé mhí ón moladh a fháil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta atá ar intinn aige a ghlacadh chun aird chuí a thabhairt ar na moltaí, de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir na Ballstáit, agus de bhun phrionsabal an chomhair dhílis;
(b)  leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach, ina chéad thuarascáil ar dhul chun cinn a chuirfear isteach i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, sa bhliain tar éis na bliana inar eisíodh an moladh, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar an moladh. Má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, cuirfidh an Ballstát sin a réasúnú chuig an gCoimisiún;
(b)  leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach, laistigh de 18 mí den mholadh a fháil, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar an moladh agus ar na bearta a ghlac sé mar fhreagairt air; áireofar an fhaisnéis sin sa tuarascáil ar dhul chun cinn arna tíolacadh sa bhliain sin i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán AE 2018/1999;
(c)  ba cheart na moltaí a bheith ina gcomhlánú ar na moltaí tírshonracha is déanaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
(c)  ba cheart na moltaí a bheith ina gcomhlánú ar na moltaí tírshonracha is déanaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
3a.   Laistigh de thrí mhí ó thíolacadh an tuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, déanfaidh an Coimisiún a mheas an dtéann na bearta a ghlac an Ballstát lena mbaineann i ngleic go leormhaith leis na saincheisteanna a ardaítear sa mholadh. Déanfar an measúnú sin agus a thorthaí a phoibliú tráth a ghlactha.
Leasú 82
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 7
Airteagal 7
Airteagal 7
Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin
Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin
1.  De bhreis ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a), déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 a bhunú ar an méid seo a leanas ar a laghad:
1.  De bhreis ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a), déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 a bhunú ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)  faisnéis a chuirtear isteach agus a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999;
(a)  faisnéis a chuirtear isteach agus a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999;
(b)  tuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA);
(b)  tuarascálacha ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC);
(c)  staitisticí agus sonraí Eorpacha, lena n-áirítear sonraí maidir le caillteanais ó thionchair dhíobhálacha aeráide, i gcás ina bhfuil sin ar fáil; agus
(c)  staitisticí agus sonraí Eorpacha agus domhanda, lena n-áirítear sonraí maidir le caillteanais arna mbreathnú agus arna réamh-mheasadh de bharr drochthionchair aeráide agus meastacháin ar na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht mhoillithe, i gcás ina bhfuil siad ar fáil; agus
(d)  an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC; agus
(d)  an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus cothrom le dáta, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, ó UNEP, ó IPBES, ó ECCC agus, i gcás inar féidir, ó chomhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta neamhspleácha na mBallstát; agus
(e)  aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht].
(e)  aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/... [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht].
2.  Tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 á ullmhú, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.
2.  Tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 á ullmhú, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.
Leasú 83
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 8
Airteagal 8
Airteagal 8
Rannpháirtíocht phoiblí
Rannpháirtíocht phoiblí agus trédhearcacht
Oibreoidh an Coimisiún le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú chun go mbeidh sochaí aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach ann. Déanfaidh an Coimisiún próiseas cuimsitheach inrochtana ar gach leibhéal, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a aithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1999.
1.  Rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le gach cuid den tsochaí, lena n-áirítear rialtais áitiúla agus réigiúnacha, chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú i dtreo sochaí atá cóir go sóisialta, aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach, lena n-áirítear tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach a leagtar amach i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit próiseas cuimsitheach, inrochtana agus trédhearcach ar gach leibhéal, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta, leis an saol acadúil, leis na saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a shainaithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1999.
2.   Bunóidh an Coimisiún Comhshocrú Aeráide Eorpach leis an gcuspóir saoránaigh, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí a bheith rannpháirteach i mbeartais aeráide ar leibhéal an Aontais a fhorbairt agus idirphlé a chothú agus faisnéis eolaíochtbhunaithe faoi athrú aeráide agus faoina ghnéithe sóisialta agus comhionannais inscne a scaipeadh, chomh maith le dea-chleachtais a roinnt maidir le tionscnaimh aeráide.
3.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair atá bearta á ndéanamh acu chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, go gcuirfear saoránaigh, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta ar an eolas agus go rachfar i mbun comhairle leo ar feadh an phróisis reachtaigh. Ina leith sin, oibreoidh na Ballstáit ar bhealach trédhearcach.
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 a (nua)
Airteagal 8a
Cuirfidh an tAontas deireadh le cosaint infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise i gcomhthéacs nuachóiriú Chonradh um Chairt Fuinnimh.
Leasuithe 84 agus 175/rev
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9
Airteagal 9
scriosta
An tarmligean a fheidhmiú
1.  Is faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 a (nua)
Airteagal 9a
Athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, athbhreithniú ar gach gné den Rialachán seo, i bhfianaise na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na torthaí agus moltaí is déanaí ó IPCC agus ó ECCC, forbairtí agus iarrachtaí idirnáisiúnta a rinneadh chun an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C, agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh tograí reachtacha ag gabháil léi, más iomchuí.
Leasú 86
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 1 – mír 1 – pointe a
(a)  straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna gceapadh chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide] a bhaint amach, cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh, agus, don chéad tréimhse deich mbliana ó 2021 go 2030 go háirithe, spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid;’;
(a)  straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna gceapadh chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Eorpaigh agus gealltanais fhadtéarmacha an Aontais ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, go háirithe cuspóirí aeráide an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide] a bhaint amach, agus don chéad tréimhse deich mbliana ó 2021 go 2030 go háirithe, spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid;
Leasú 87
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 2 – pointe 11
(2a)   in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:
(11)  ciallaíonn “spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais” an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair i gcomparáid le 1990, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030, an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite é 32 % ar a laghad don sciar den tomhaltas fuinnimh in-athnuaite san Aontas in 2030, an príomhsprioc ar leibhéal an Aontais 32,5 % ar a laghad d'fheabhsú éifeachtúlachta fuinnimh in 2030, agus an sprioc 15 % d'idirnascadh leictreachais do 2030 nó aon spriocanna ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna gcomhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don bhliain 2030;
‘(11) ciallaíonn ‘spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais’ an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030 de bhun Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) .../... [Dlí Aeráide], an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite é don sciar den tomhaltas fuinnimh in-athnuaite san Aontas in 2030 de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, an príomhsprioc ar leibhéal an Aontais d’fheabhsú éifeachtúlachta fuinnimh in 2030 de bhun Airteagal 1(1) de Threoir 2012/27/AE, agus an sprioc 15 % d’idirnascadh leictreachais do 2030;
Leasú 88
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 2 b (nua)
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 2 – pointe 62 a (nua)
(2b)   cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2:
(62a)  ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a ndéanann nó is dócha go ndéanfaidh na nósanna imeachta cinnteoireachta comhshaoil, dá dtagraítear i gCaibidlí 2 agus 3, difear dóibh, nó a bhfuil leas acu sna nósanna imeachta sin; chun críocha an tsainmhínithe sin, measfar go bhfuil leas ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil cosaint an chomhshaoil á cur chun cinn acu agus a bhfuil ceanglais faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh acu.’
Leasú 89
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 3 – mír 2 – pointe f
(f)  measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhréireacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide], agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15;
(f)  measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhréireacht le cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide], agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15;
Leasú 90
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe 1 - an chuid réamhráiteach
(3a)  in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití de phointe (a)(1):
(1)  maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus d'fhonn cuidiú le baint amach na sprice ó thaobh laghdú ar astaíocht gás ceaptha teasa an Aontais ar fud an gheilleagair:
‘(1) maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe agus d'fhonn cuidiú le baint amach spriocanna aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide];
Leasú 91
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 8 – mír 2 – pointe e
(e)  an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide].’;
(e)  an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide] ;
Leasú 92
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 11 a (nua)
(5a)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
‘Airteagal 11a
Rochtain ar cheartas
1.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, go bhfuil rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann a bhfuil leas leordhóthanach acu nó a mhaíonn sárú ar cheart, i gcás ina gceanglaítear ceart den sórt sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit ar rochtain ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách nó neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí d’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha faoi réir Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999.
2.  Is iad na Ballstáit a chinnfidh an chéim inar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha.
3.  Is iad na Ballstáit a chinnfidh cad is leas leordhóthanach agus cad is sárú ar cheart ann, i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain fhairsing ar an gceartas a thabhairt don phobal lena mbaineann. Chuige sin, measfar go bhfuil leas leordhóthanach nó go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha mhír 1 den Airteagal seo ag eagraíocht neamhrialtasach atá cumhdaithe ag an sainmhíniú in Airteagal 2(62a).
4.  Ní eisiafar, leis an Airteagal seo, an deis nós imeachta um athbhreithniú tosaigh a thabhairt os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh an tAirteagal sin difear don cheanglas go n-ídeofar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás ina mbeidh a leithéid sin de cheanglas ann faoin dlí náisiúnta. Beidh aon nós imeachta den sórt sin cóir, cothrom agus tráthúil, agus ní bheidh sé róchostasach.
5.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal i dtaobh rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.’
Leasú 93
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 5 b (nua)
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 15 – mír 1
(5b)  in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1.   Faoin 1 Eanáir 2020 agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a mbeidh peirspictíocht 30 bliain ar a laghad aici a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana.
‘1. Faoin 1 Eanáir 2020 agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a mbeidh peirspictíocht 2050 agus 30 bliain aici a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana.’;
Leasú 94
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (AE) 2018/1999
Airteagal 15 – mír 3 – pointe c
(c)  laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhsuithe ar aistrithe trí bhíthin linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide];’
(c)  laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach in earnálacha uile den gheilleagar agus feabhsú ar aistrithe trí linnte, i gcomhthéacs an gá atá ann, de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC), chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus aistrithe a fheabhsú trí linnte d’fhonn spriocanna teochta i gComhaontú Pháras a ghnóthú chun go mbainfear cothromaíocht amach idir astaíochtaí antrapaigineacha trí fhoinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../...[Dlí Aeráide];
Leasú 95
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 7 – pointe a
Rialachán (AE) 2018/1999
Iarscríbhinn I –Cuid I – roinn A –pointe 3.1.1 – pointe i
(i)  Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint don chuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide]’;
(i)  Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint do chuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide]’;
Leasú 96
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Rialachán (AE) 2018/1999
Iarscríbhinn I –Cuid I – roinn B –pointe 5.5
5.5.  Rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe le baint amach cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide].’;
5.5.  Rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe le baint amach cuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Dlí Aeráide];
Leasú 97
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 7 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/1999
Iarscríbhinn IV – pointe 2.1.1
(7a)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1.1 d'Iarscríbhinn IV:
2.1.1.  Na laghduithe réamh-mheasta ar astaíochtaí agus an feabhsú ar aistrithe faoi 2050
‘2.1.1. Na hastaíochtaí carnacha réamh-mheasta don tréimshe 2021-2050, d’fhonn rannchuidiú le baint amach bhuiséad an Aontais do gháis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 3(2a) de Rialachán .../... [Dlí Aeráide];’;
Leasú 98
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (AE) 2018/1999
Iarscríbhinn VI – pointe c – pointe viii
(viii)  measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt ar bhaint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../...[Dlí Aeráide] agus ar bhaint amach na straitéise fadtéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 15;’.
(viii)  measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt ar bhaint amach chuspóirí aeráide an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán .../...[Dlí Aeráide] agus ar bhaint amach na straitéise fadtéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 15;.
Leasú 99
Togra le haghaidh Rialacháin
Airteagal 10 a (nua)
Airteagal 10a
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/842
I Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach in Airteagal 5:
‘5a. In aon idirbheart a dhéantar faoin bhforáil dá dtagraítear in Airteagal 5(5), socraítear íosphraghas leithdháileacháin bhliantúil astaíochtaí ag EUR 100 le haghaidh gach tona de choibhéis CO2.
5b.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre sin agus cuirfidh siad in iúl, faoin 31 Márta 2025, a rún chun forálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a úsáid.
5c.   Faoin 30 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rún gach Ballstáit forálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a úsáid, agus an tionchar buiséadach d’úsáid forálacha den sórt sin a chur ar fáil go poiblí.’.
____________________
1a Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 56, 19.6.2018, lch. 26).

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0162/2020).


Coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh san Úcráin ar bharra táirgthe síolta agus ar choibhéis síolta gránach arna dtáirgeadh san Úcráin ***I
PDF 118kWORD 42k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh san Úcráin ar bharra táirgthe síolta agus ar choibhéis síolta gránach arna dtáirgeadh san Úcráin (COM(2020)0137 – C9-0100/2020 – 2020/0053(COD))
P9_TA(2020)0254A9-0164/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0137),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0100/2020),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Meán Fómhair 2020(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0164/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Deireadh Fómhair 2020 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh san Úcráin ar bharra táirgthe síolta agus ar choibhéis síolta gránach arna dtáirgeadh san Úcráin

P9_TC1-COD(2020)0053


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/1544.)

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Straitéis Foraoise na hEorpa - An Bealach Chun Cinn
PDF 191kWORD 66k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Straitéis Foraoise na hEorpa - An Bealach Chun Cinn (2019/2157(INI))
P9_TA(2020)0257A9-0154/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis ‘an gComhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640), don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 (COM(2020)0380), agus dá rúin an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(1) agus an 16 Eanáir 2020 maidir leis an 15ú cruinniú de Chomhdháil de na Páirtithe (COP15) don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch(2),

–  ag féachaint do Dhearbhú Nua-Eabhrac maidir le Foraoisí, a dhaingnigh an tAontas Eorpach an 23 Meitheamh 2014,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún an 7 Nollaig 2018 dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh – “Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe”’ (COM(2018)0811),

–  ag féachaint dá rún an 28 Aibreán 2015 maidir le ‘Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe’(3),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 23 Iúil 2019 dar teideal ‘Dlús a chur le Gníomhaíocht AE chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú’ (COM(2019)0352),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 15 Aibreán 2019 ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE agus ar chreat straitéiseach nua i gcomhair foraoisí (08609/2019),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú agus do na Rialacháin cur chun feidhme leantacha le nuashonruithe ar an Liosta de speicis ionracha, a bhfuil speicis chrainn ina measc freisin(4),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún an 7 Nollaig 2018 dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE - “Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus d’earnáil na foraoise”’,

–  ag féachaint don Mheasúnú Domhanda um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais a d’fhoilsigh an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IBPES) an 31 Bealtaine 2019,

–  ag féachaint don tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal ‘Comhshaol na hEorpa - staid agus ionchas 2020: eolas don aistriú i dtreo Eoraip inbhuanaithe’ a foilsíodh an 4 Nollaig 2019,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 11 Aibreán 2019 maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE,

–  ag féachaint don Athbhreithniú Meántéarma ar an Straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2020,

–  ag féachaint do Straitéis nuashonraithe Bhithgheilleagair AE,

–  ag féachaint do Straitéis Aeráide 2050,

–  ag féachaint do chonclúidí na Comhairle an 29 Samhain 2019 maidir le Straitéis nuashonraithe Bhithgheilleagair AE(5),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal ‘Pláinéad Glan do Chách: Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de’ (COM(2018)0773),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 16 Bealtaine 2018 maidir le hathbhreithniú meántéarma ar Straitéis Foraoise AE(6),

–  ag féachaint do straitéis Eoraip 2020, lena n-áirítear an tAontas Nuálaíochta agus tionscnaimh a bhaineann leis an Eoraip atá tíosach ar acmhainní,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0154/2020),

–  ag féachaint d’fhreagrachtaí Bhallstáit AE faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD), faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCC) agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a chomhrac (UNCCD),

A.  de bhrí go mbeidh sé dodhéanta gealltanais inmheánacha agus idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh don Chomhaontú Glas don Eoraip, do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna), do Phrótacal Kyoto, do Chomhaontú Pháras agus do chruthú sochaí astaíochtaí nialasacha, mar shampla, a bhaint amach gan na buntáistí aeráide agus seirbhísí éiceachórais eile a sholáthraíonn foraoisí agus an earnáil foraoisbhunaithe;

B.  de bhrí nach bhfuil aon tagairt do chomhbheartas foraoise AE sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil na Ballstáit freagrach as foraoisí; de bhrí, áfach, go bhfuil stair ag an Aontas Eorpach de chuidiú, trína bheartais agus a threoirlínte, lena n-áirítear Airteagal 4 CFAE maidir le fuinneamh, comhshaol agus talmhaíocht, le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoise agus cinntí na mBallstát maidir le foraoisí;

C.  de bhrí go bhfuil foraoisí agus an slabhra luacha foraoisbhunaithe ar fad riachtanach don bhithgheilleagar ciorclach a fhorbairt tuilleadh toisc go soláthraíonn siad postanna, go n-áirithíonn siad leas eacnamaíoch i limistéir thuaithe agus uirbeacha, go gcuireann siad seirbhísí um maolú agus oiriúnú ar an athrú aeráide ar fáil, go dtairgeann siad tairbhí a bhaineann leis an tsláinte, agus go gcosnaíonn siad an bhithéagsúlacht agus ionchais i limistéir shléibhtiúla, oileánacha agus thuaithe agus go ndéanann siad an gaineamhlú a chomhrac;

D.  de bhrí go bhfuil taighde ardcháilíochta atá maoinithe i gceart, nuálaíocht, faisnéis a bhailiú, bonnachar sonraí a chothabháil agus a fhorbairt, dea-chleachtais agus comhroinnt eolais ríthábhachtach do thodhchaí fhoraoisí ilfheidhmeacha AE agus don slabhra luacha foraoisbhunaithe ina iomlán, i bhfianaise na n-éileamh atá á gcur orthu, a bhfuil a líon ag éirí níos mó agus níos mó, agus an gá le haghaidh a thabhairt ar an iliomad deiseanna agus dúshlán atá roimh an tsochaí;

E.  de bhrí go bhfuil foraoisí mar chuid dár n-oidhreacht nádúrtha, nach mór dúinn a chaomhnú agus a chothabháil, agus de bhrí go bhfuil sé riachtanach go ndéanfar dea-bhainistiú ar an oidhreacht sin ionas go mbeidh rath uirthi agus go mbeidh sí mar fhoinse bithéagsúlachta agus mar acmhainn eacnamaíoch, turasóireachta agus shóisialta;

F.  de bhrí go bhfuil uirlisí agus acmhainní curtha ar fáil ag an gCiste um Fhorbairt Tuaithe, faoi chreat CBT, chun tacú le hearnáil na foraoiseachta agus gur cheart dó leanúint mar sin sa CBT iar-2020, trí bhéim láidir ar bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí (SFM);

G.  de bhrí go bhfuil 16 milliún úinéir foraoise príobháideach san Aontas Eorpach, ar leo thart ar 60% d’fhoraoisí AE; de bhrí gurb é 13 ha meánmhéid na bhforaoisí atá faoi úinéireacht phríobháideach, cé gur lú ná 3 ha d’fhoraoisí atá ag thart ar dhá thrian d’úinéirí foraoise príobháideacha;

H.  de bhrí go bhfuil foraoisí a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe thar a bheith tábhachtach chun poist a ráthú i gceantair thuaithe, rud a théann chun tairbhe do shláinte an duine agus a chuireann go mór leis an gcomhshaol agus leis an mbithéagsúlacht ag an am céanna;

I.  de bhrí go bhfuil bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó i bhforaoisí idirnasctha sa mhéid is nach mór gnéithe a chothromú agus sineirgí eatarthu a spreagadh, go háirithe laistigh de Straitéisí agus Pleananna Oiriúnaithe na mBallstát;

J.  de bhrí go bhfuil difríocht idir foraoisí na hEorpa agus a gcásanna agus dá bhrí sin gur gá iad a láimhseáil ar bhealach difriúil, ach i gcónaí d’fhonn a bhfeidhmeanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a fheabhsú;

K.  de bhrí go bhfuil taiscí an-saibhir bithéagsúlachta sna réigiúin is forimeallaí agus go bhfuil sé ríthábhachtach iad a chaomhnú;

L.  de bhrí go mbíonn iarmhairtí suntasacha comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta ag cailliúint bithéagsúlachta;

M.  de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag cáilíocht na hithreach i soláthar seirbhísí éiceachórais amhail scagachán agus stóráil uisce, agus dá bhrí sin cosaint tuilte agus triomaigh, ceapadh CO2, bithéagsúlacht agus fás na bithmhaise; de bhrí gur próiseas atá dúshlánach ó thaobh an gheilleagair de é feabhas a chur ar cháilíocht na hithreach, mar shampla i roinnt réigiún trí fhoraois bhuaircíneach a iompú ina bhforaois dhuillsilteach bhuan, agus go dtógann sé na blianta fada;

N.  de bhrí gur cheart ról ríthábhachtach SFM a chur chun cinn i sochaí na hEorpa, ar ról é atá ag éirí níos dícheangailte ó fhoraoisí agus ón bhforaoiseacht, agus béim á leagan ar na tairbhí iomadúla a bhaineann le foraoisí ó thaobh na heacnamaíochta, na sochaí agus an chomhshaoil, agus ó thaobh an chultúir agus na staire de;

O.  de bhrí go bhfuil tionchar tairbheach ag foraoisí, sa bhreis ar cheapadh carbóin, ar an aeráid, ar an atmaisféar, ar chaomhnú na bithéagsúlachta agus ar bhainistiú na n-aibhneacha agus na n-uiscebhealaí, chun ithir a chosaint ar chreimeadh ó uisce agus ón ngaoth, agus a bhfuil airíonna nádúrtha úsáideacha eile acu;

P.  de bhrí go bhfuil beagnach 23% d’fhoraoisí na hEorpa le fáil i láithreáin Natura 2000, le sciar níos mó ná 50% i roinnt Ballstát, agus is foraoisí iad beagnach leath na ngnáthóg nádúrtha i limistéir Natura 2000;

Q.  de bhrí gur féidir le foraoisí a bheith ina bhfoinsí de tháirgí foraoise príomhúla amhail adhmad, agus táirgí tánaisteacha luachmhara amhail beacáin, strufail, luibheanna, mil agus caora a sholáthar, atá an-tábhachtach do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha i réigiúin áirithe an Aontais;

R.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag foraoisí Eorpacha maidir leis an gcomhshaol a fheabhsú, an geilleagar a fhorbairt, riachtanais na mBallstát maidir le táirgí adhmaid a chomhlíonadh agus folláine an daonra a fheabhsú;

S.  de bhrí gur sraith de chórais bainistithe talún é an agrafhoraoiseacht, a shainítear mar chórais úsáide talún ina bhfástar crainn i gcomhar le talmhaíocht ar an aonad talún céanna, a chuireann borradh faoin táirgiúlacht fhoriomlán, a ghineann níos mó bithmhaise, a chothaíonn ithreacha agus a chuireann roinnt seirbhísí luachmhara éiceachórais ar fáil;

T.  de bhrí, i bhfianaise ról ilfheidhmeach na bhforaoisí, an t-am nach beag a ghlacann siad le bheith bunaithe agus an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht mhaith speiceas a áirithiú, gur cúram tábhachtach Eorpach é an úsáid inbhuanaithe agus caomhnú agus méadú acmhainní foraoise;

U.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag fiach atá freagrach go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de i réigiúin fhoraoisí agus réigiúin leathfhoraoise, trí rialú a dhéanamh ar líon géim nó ar leathadh galar gaolmhar, amhail fiabhras Afracach na muc;

V.  de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag foraoisí sa chomhrac i gcoinne creimeadh ithreach agus gaineamhlú na mórchríoch; de bhrí go léiríonn staidéir go mbíonn éifeacht dhearfach ag crainn i bpáirceanna agus i dtimpeallacht cathrach ó thaobh teochtaí níos ísle a choinneáil i gcomparáid le limistéir gan chrainn;

W.  de bhrí, sa chlárthréimhse reatha (2014-2020), go bhfuil bearta sa CBT dírithe ar chabhrú le gníomhaithe eacnamaíocha chun acmhainní a fhorbairt maidir le bainistiú foraoiseachta;

X.  de bhrí go ndearna lotnaidí agus feithidí amhail réadáin agus fungais éagsúla ionradh go mór ar réigiúin foraoiseachta áirithe; de bhrí go ndearna Cryphonectria parasitica ionradh ollmhór ar phobail nádúrtha fhoraoisí castáin, rud atá ina bhagairt thromchúiseach do mharthanas na bpobal sin, ach a chuireann gníomhaíochtaí faoi stiúir an duine, amhail táirgeadh agus bailiú castán, i mbaol freisin san fhadtéarma;

Y.  de bhrí go bhfuil na sonraí atá ar fáil faoi fhoraoisí ar leibhéal AE neamhiomlán agus de cháilíocht éagsúil, rud a chuireann isteach ar an acmhainneacht chun comhordú a dhéanamh ar leibhéal AE maidir le bainistíocht foraoisí;

Z.  de bhrí go bhfuil lománaíocht neamhdhleathach ar siúl san Aontas Eorpach freisin,

An t-am atá thart – athfhéachaint ar rath agus ar dhúshláin cur chun feidhme a rinneadh le déanaí

1.  á chur in iúl gur geal léi foilseachán thuarascáil an Choimisiúin dar teideal ‘Dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE – “Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus d’earnáil na bhforaoisí”’ (COM(2018)0811);

2.  á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a rinne na Ballstáit agus an Coimisiún chun cuspóirí Straitéis Foraoise AE a bhaint amach agus chun rannpháirtíocht an Bhuanchoiste Foraoiseachta, an Ghrúpa Idirphlé Sibhialta maidir le Foraoiseacht agus Corc, an Sainghrúpa um Dhóiteáin Fhoraoise, an Sainghrúpa um Thionscail Foraoisbhunaithe agus saincheisteanna a bhfuil baint acu le hearnálacha a bhaint amach, agus geallsealbhóirí ábhartha sa Phlean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil Foraoise (PCI Foraoise);

3.  ag aithint go luaitear i dtuarascáil 2018 ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE reatha go raibh an straitéis úsáideach mar uirlis comhordúcháin agus, go ginearálta, go bhfuil na ‘ocht réimse tosaíochta móide ceann amháin’ den straitéis curtha chun feidhme ina bhfuil líon measartha beag baic, cé is moite de na dúshláin mhóra nach mór aghaidh a thabhairt orthu tríd an mbeartas bithéagsúlachta agus trí dhúshláin leanúnacha sna réimsí ‘Cad iad na foraoisí atá againn agus conas atá siad ag athrú?’, go háirithe maidir leis an dearcadh poiblí agus faisnéis faoi earnáil na foraoiseachta, agus ‘Comhordú agus Cumarsáid a chothú’, go háirithe maidir le beartais a bhaineann leis an bhforaoisí;

4.  á thabhairt chun suntais gur comhaontaíodh go hidirnáisiúnta sainmhíniú don bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí mar chuid den phróiseas uile-Eorpach FOREST EUROPE; ag tabhairt dá haire go bhfuil an sainmhíniú sin ionchorpraithe i reachtaíocht náisiúnta agus i córais dheonacha, amhail deimhnithe foraoise, atá i bhfeidhm sna Ballstáit;

5.  á chur i bhfáth go raibh éifeacht dhearfach tríd is tríd ag cur chun cinn SFM in AE, mar pháirt de Straitéis Foraoise AE agus de na bearta um fhorbairt tuaithe a cuireadh chun feidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) ar fhoraoisí agus ar choinníollacha foraoise agus ar shlite beatha i limistéir thuaithe, chomh maith le bithéagsúlacht foraoise in AE agus gur chuir sé feabhas ar na buntáistí aeráide arna gcur ar fáil ag an earnáil foraoisbhunaithe; á thabhairt dá haire, áfach, gur gá SFM a neartú fós ar bhealach cothrom d’fhonn a áirithiú go dtiocfaidh feabhas ar stádas éiceolaíoch foraoisí, chun sláinte agus athléimneacht na n-éiceachóras a fheabhsú agus chun a áirithiú gur fearr a bheidh siad in ann dul in oiriúint do dhálaí athraitheacha aeráide, chun na rioscaí agus na tionchair a bhaineann le suaitheadh nádúrtha a laghdú, agus chun deiseanna a chosaint do na glúine atá ann faoi láthair agus do na glúine atá le teacht foraoisí a bhainistiú, mar shampla ar bhealach a réadófar cuspóirí úinéirí foraoise agus FBManna, agus chun cáilíocht na bhforaoisí agus na gcoillearnach atá ann cheana a fheabhsú; á mheas gur cheart go n-áireofaí sa straitéis foraoise AE ionstraimí leordhóthanacha ina leith sin; á chur in iúl go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit SFM a dhéanamh ar bhealach eiseamláireach; á mheas gur cheart do shamhlacha bainistithe foraoise inbhuanaitheacht chomhshaoil, shochaíoch agus eacnamaíoch a ionchorprú, rud a chiallaíonn go bhfuil maoirseacht agus úsáid foraoisí agus tailte foraoise de chineál a fhágann go gcoimeádann siad a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a n-acmhainneacht agus a gcumas feidhmeanna ábhartha éiceolaíoch, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda, agus nach ndéanann siad damáiste d’éiceachórais eile; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach cearta maoine a aithint agus a chosaint má táthar chun tiomantas fadtéarmach do SFM a bhaint amach; á thabhairt dá haire gur dlúthchuid dár bhfolláine i gcoitinne é coimirciú agus bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar ár bhforaoisí, mar go dtarlaíonn gníomhaíochtaí chun leasa an phobail i réimse na fóillíochta agus na sláinte chomh maith le hoideachas iontu, agus ag aithint go gcuirtear cosaint bhithéagsúlacht na bhforaoisí Eorpacha chun cinn le SFM; á iarraidh go ndéanfar foraoisí príomhúla a chosaint ag a bhfuil struchtúr leasaithe, saibhreas speiceas agus limistéar leordhóthanach ina bhfuil na foraoisí sin fós ann; á thabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú ag AE ar sheanfhoraoisí fáis agus iarrann sí ar an gCoimisiún sainmhíniú a thabhairt isteach, a bheidh le hullmhú sa Bhuanchoiste Foraoiseachta, agus Straitéis Foraoise AE a bheidh ann amach anseo á dréachtú; á chur i bhfáth go bhféadfadh tuairimí éagsúla a bheith ann maidir le hacmhainní ionsúcháin CO2 de chineálacha éagsúla foraoisí, agus dá bhrí sin creideann sí gur cheart bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn le straitéis foraoise AE nua; á chur in iúl gurb oth léi na cleachtais neamh-inbhuanaithe agus an lománaíocht neamhdhleathach atá ag tarlú i roinnt Ballstát in ainneoin Rialachán Adhmaid AE, agus iarrann sí ar na Ballstáit tuilleadh a dhéanamh chun deireadh a chur leis, agus chun a reachtaíocht náisiúnta a fheabhsú nó a neartú nuair is gá; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhú go práinneach maidir leis na saincheisteanna sin trí dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar dhlíthe AE atá ann cheana agus trí na dlíthe sin a fhorfheidhmiú agus iarrann sí ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a shaothrú go pras i gcás sáruithe agus cásanna lománaíochta neamhdhleathaí a leanúint trí chomhlachtaí inniúla; á iarraidh ar an gCoimisiún seiceáil oiriúnachta rialacha an Aontais i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí a chur i gcrích gan mhoill;

6.  á chinneadh go raibh na difríochtaí idir na Ballstáit, chomh maith leis na difríochtaí idir réigiúin laistigh de na Ballstáit, ina bhfachtóir tábhachtach agus bearta ar leibhéal AE á meas;

7.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur tharla lománaíocht neamhdhleathach agus gníomhaíochtaí foraoiseachta neamh-inbhuanaithe toisc gur theip ar chodanna den Aontas reachtaíocht AE atá ann cheana a chur chun feidhme agus go bhfuil amhras éillithe ann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-éilliú a chomhrac agus an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme ina hiomláine;

Faoi láthair – staid na himeartha fhoraoisí AE

8.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil foraoisí AE, in éineacht leis na cinn i gcríocha thar lear agus sna réigiúin is forimeallaí, ilfheidhmeach agus is saintréith dóibh go bhfuil go leor éagsúlachta iontu ó thaobh patrúin úinéireachta, méide, struchtúir, bithéagsúlachta, athléimneachta agus dúshlán de; á chur i bhfios go gcuireann foraoisí, go háirithe foraoisí measctha, réimse leathan seirbhísí éiceachórais ar fáil don tsochaí, lena n-áirítear gnáthóga le haghaidh speiceas, ceapadh carbóin, amhábhair, fuinneamh in-athnuaite, cáilíocht aeir fheabhsaithe, uisce glan, athlíonadh screamhuisce, rialú creimthe agus cosaint ó thriomach, tuilte agus maidhmeanna sneachta, agus comhábhair a sholáthar do tháirgí íocshláinte, chomh maith le taitneamhacht thábhachtach chultúrtha agus áineasa; de bhrí nach bhfuil sé sin go hiomlán cosanta a thuilleadh, ós rud é nach féidir le húinéirí foraoise athinfheistiú a dhéanamh i bhforaoisí a thuilleadh mar thoradh ar dheacrachtaí eacnamaíocha mar gheall ar an athrú aeráide agus tosca rannchuidithe eile; á thabhairt dá haire, de réir na meastachán is déanaí, nár léirigh ach 26% de na speicis foraoise agus 15% de ghnáthóga foraoise stádas fabhrach caomhnaithe; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcosnófar éiceachórais agus, i gcás inar gá, treoirlínte a fhorbairt agus a fheabhsú maidir le táirgí foraoise neamhadhmaid;

9.  á thabhairt dá haire an dul chun cinn atá déanta maidir le seirbhísí éiceachórais a luacháil faoin tionscnamh Mapáil Éiceachóras agus a Seirbhísí (MAES); á chur i bhfáth, áfach, nach bhfuil aon luach saothair leordhóthanach ann faoi láthair chun seirbhísí éiceachórais a sholáthar amhail ceapadh CO2 nó bithéagsúlacht nó feabhsú ithreach a chothú, agus go bhféadfadh foraoiseoirí a dhíríonn ar a bhforaoisí a thiontú dá réir sin faoi láthair a bheith ag bainistiú a bhforaoisí agus iad ag cailleadh in ainneoin go bhfuil seirbhísí móra éiceachórais á soláthar acu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar roghanna chun seirbhísí aeráide, bithéagsúlachta agus seirbhísí eile éiceachórais a dhreasú agus a chúiteamh go hiomchuí chun tiontú foraoise atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de a cheadú;

10.  á thabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha le blianta fada anuas ar acmhainní foraoise AE ó thaobh clúdach foraoise agus méide de, agus go gcumhdaíonn foraoisí agus limistéir faoi chrainn eile thart ar 43% de dhromchla an AE, a shroicheann ar a laghad 182 milliún heicteár agus ina bhfuil 5% d’fhoraoisí iomlána an domhain, a bhuí le foraoisiú agus athghiniúint nádúrtha; á thabhairt dá haire go bhfuil leath líonra Natura 2000 comhdhéanta de limistéir foraoise (i.e. 37.5 milliún heicteár) agus go bhfuil 23% d’fhoraoisí ar fad na hEorpa laistigh de láithreáin Natura 2000, cé go bhfuil níos mó ná leath dá gcríoch faoi fhoraoisí ag roinnt Ballstát agus go mbraitheann siad ar an bhforaoiseacht; á chur i bhfios a thábhachtaí is atá sé feabhas a chur ar eolas faoi Natura 2000 agus faoina thionchar ar bhithéagsúlacht, ar bhainistiú foraoisí agus ar úsáidí eile talún ar fud AE; á thabhairt dá haire gur faoi úinéireacht phríobháideach atá 60% d’fhoraoisí AE, le cion ard gabháltas foraoise beagmhéide (níos lú ná 3 ha), agus 40% faoi úinéireacht phoiblí; á chur i bhfios gur de réir chaighdeáin dheonacha SFM a dheimhnítear os cionn 60% de na foraoisí táirgiúla san Aontas agus os cionn 20% ar fud an domhain; á thabhairt dá haire freisin go bhfuil an sciar den lomáin chruinne a eascraíonn as foraoisí deimhnithe a phróiseálann tionscail adhmadbhunaithe ar fud an domhain níos airde ná 20% agus go bhfuil an sciar sin chomh hard le 50% san AE; á thabhairt chun suntais go bhfostaíonn an earnáil ar a laghad 500 000 duine go díreach(7) agus 2.6 milliún go hindíreach in AE(8) agus go dteastaíonn iarrachtaí leanúnacha chun lucht saothair oilte a bhfuil scileanna acu a mhealladh chuig an earnáil má táthar chun an leibhéal fostaíochta sin agus iomaíochas fadtéarmach na hearnála a chothabháil agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain chuí ag oibrithe ar chúnamh sóisialta agus leighis; á thabhairt dá haire go bhfuil na poist sin ag brath ar éiceachórais foraoise athléimneacha agus dea-bhainistithe san fhadtéarma; á chur i bhfáth an ról ríthábhachtach atá ag úinéirí foraoise i gcur chun feidhme SFM agus an ról tábhachtach atá ag foraoisí i gcruthú post glas agus i bhfás i limistéir thuaithe; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil traidisiún fada agus taithí ag úinéirí agus bainisteoirí foraoise AE maidir le foraoisí ilfheidhmeacha a bhainistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún an gá atá le tacaíocht d’úinéirí foraoise, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, a chur san áireamh i Straitéis Foraoise AE nua; á mheas gur cheart do thacaíocht den chineál sin a bheith faoi réir chur chun feidhme SFM chun infheistíocht leanúnach i dteicneolaíochtaí nua-aimseartha a áirithiú, i mbearta comhshaoil agus aeráide lena dtreisítear ról ilfheidhmeach na bhforaoisí, le hionstraim airgeadais shonrach chun limistéir a bhainistiú i líonra Natura 2000, agus chun dálaí oibre cuibhiúla a chruthú; á chreidiúint gur cheart tacaíocht airgeadais den sórt sin a bheith mar thoradh ar mheascán láidir d’ionstraimí airgeadais, de chistiú náisiúnta agus de mhaoiniú ón earnáil phríobháideach; á leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tréigean na tuaithe a sheachaint agus á mheas go bhfuil sé riachtanach infheistíocht a dhéanamh in éiceachórais; á chur in iúl gur geal léi athfhoraoisiú agus foraoisiú mar uirlisí oiriúnacha chun feabhas a chur ar chumhdach foraoise, go háirithe ar thailte tréigthe, nach bhfuil oiriúnach do tháirgeacht bia, gar do limistéir uirbeacha agus peirea-uirbeacha chomh maith le ceantair shléibhe, i gcás inarb iomchuí; ag spreagadh gníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht airgeadais acu chun an t-adhmad lománaithe a úsáid i gcomhréir leis an stoc foraoiseachta inbhuanaithe agus chun cumhdach foraoise agus talamh coillearnach eile a mhéadú i gcás inarb ábhartha, go háirithe sna Ballstáit sin ina bhfuil cumhdach foraoise íseal, agus caomhnú cumhdaigh foraoise a spreagadh i mBallstáit eile ag an am céanna i limistéir ina bhfuil béim ar fheidhmeanna éiceolaíochta; á thabhairt dá haire go bhfuil cuid shuntasach de bhithéagsúlacht talún na hEorpa lonnaithe i bhforaoisí;

11.  á thabhairt faoi deara go bhfuil limistéar foraoise san Aontas ag fás, mar thoradh ar fhoraoisiú, inter alia, agus go gcuireann foraoisí tráchtála bainistithe ceangal ní hamháin ar charbón ar bhealach níos fearr ná ar fhoraoisí neamhbhainistithe, ach go laghdaíonn siad freisin astaíochtaí agus fadhbanna a thagann as meathlú riocht na bhforaoisí; á thabhairt dá haire go bhfuil an tionchar is fearr ag bainistiú inbhuanaithe foraoisí tráchtála ar an aeráid, agus gur cheart tíortha a bhainistíonn a bhforaoisí a chúiteamh as sin;

12.  ag aithint gur féidir le hinfheistíocht fhadtéarmach phoiblí agus phríobháideach in SFM treisithe lena ndírítear go cothrom ar na tairbhí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaineann le foraoisí agus ar shásraí leordhóthanacha cistiúcháin agus cúitimh cabhrú le hathléimneacht agus acmhainneacht oiriúnaitheach foraoisí a áirithiú agus cabhrú le hearnáil na foraoiseachta fanacht fónta ó thaobh an gheilleagair de agus fónta ó thaobh an chomhshaoil de, ach is féidir léi rannchuidiú freisin le spriocanna éagsúla AE a bhaint amach, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme go rathúil agus an t-aistriú chuig bithgheilleagar ciorclach agus chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais freisin an ngá atá le sásraí cistiúcháin ábhartha eile de chuid an Aontais a bhfuil rochtain éasca orthu, atá dea-chomhordaithe agus ábhartha, amhail ionstraimí airgeadais nó tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta chun infheistíocht i dtionscadail foraoiseachta a neartú, lena ndírítear ar mhaoiniú agus ar mhaolú dóiteán foraoise, chomh maith le cistí struchtúracha agus cistí ó chláir Fhís, Erasmus+ agus LIFE+, lena bhféadfaí tacaíocht bhunriachtanach a chur ar fáil d’infheistíocht agus do sheirbhísí le haghaidh stóráil agus ceapadh carbóin mar chuid de SFM, lena n-áirithítear comhsheasmhacht leis an gComhaontú Glas;

13.  ag aithint buntáistí aeráide riachtanach foraoisí agus na hearnála foraoisbhunaithe; á athdhearbhú gur gá gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le foraoisí agus bainistiú foraoisí a chothú ar bhealach cothrom agus na buntáistí aeráide riachtanach a thagann ó fhoraoisí agus ón slabhra luacha foraoisbhunaithe ar an iomlán a neartú, eadhon ceapadh CO2 cothaithe, stóráil charbóin i dtáirgí adhmaid agus ionadú ábhair; á thabhairt chun suntais an gá atá le ceapadh CO2 i bhforaoisí a choinneáil, a chur chun cinn tuilleadh agus a mhéadú, nuair is féidir, ar leibhéal lena bhféadfar gach feidhm foraoise a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, carbóin a stóráil in situ, lena n-áirítear in agrafhoraoisí, ithir adhmaid mhairbh, ithir foraoise agus i dtáirgí adhmadbhunaithe trí bhíthin SFM gníomhach; á chur i bhfios go ndéanann foraoisí os cionn 10% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh a ionsú; á chur i bhfáth an gá le húsáid adhmaid mar ábhar tógála inbhuanaithe a chur chun cinn mar go gcuireann sé lenár gcumas bogadh i dtreo geilleagair níos inbhuanaithe; ag spreagadh an Choimisiúin chun féachaint ar shásraí éagsúla margadh-bhunaithe d’fhonn an t-ionadú de bhreoslaí iontaise a dhreasachtú le hamhábhair inathnuaite lena mbaineann tairbhí aeráide; á chur i bhfáth an ról ríthábhachtach atá ag ábhair adhmadbhunaithe in ionad roghanna malartacha iontaise-bhunaithe agus roghanna eile a bhfuil lorg comhshaoil níos airde acu i dtionscail amhail tógáil, teicstílí, ceimiceáin agus pacáistiú, agus ar an ngá atá ann na tairbhí aeráide agus comhshaoil a bhaineann leis an ionadú ábhair sin a chur san áireamh ina n-iomláine; á thabhairt chun suntais, thairis sin, na buntáistí nach n-úsáidtear go fóill a bhaineann le táirgí atá bunaithe ar adhmad a chur in ionad táirgí aon úsáide, go háirithe táirgí plaisteacha; á chur i bhfáth gur cheart úsáid chiorclach táirgí atá bunaithe ar adhmad a mhéadú chun feabhas a chur ar úsáid ár n-acmhainní inbhuanaithe, chun éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn, chun dramhaíl a laghdú agus chun saolré charbóin a leathnú chun bithgheilleagar ciorclach inbhuanaithe áitiúil a úsáid;

14.  á chur in iúl gur geal léi, maidir le hionadú amhábhar agus fuinnimh iontaise-bhunaithe, an obair leanúnach chun an úsáid is éifeachtaí d’adhmad a chur chun cinn de réir ‘phrionsabal na húsáide cascáidí’; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de chur chun feidhme na gcritéar inbhuanaitheachta maidir le bithmhais faoi athmhúnlú na Treorach maidir le Fuinneamh Inathnuaite, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an iarmhairt ó ionadú trí ionadú a dhéanamh ar CO2 — ábhair agus fuinneamh dian iontaise-bhunaithe; ag tabhairt dá haire, áfach, a thábhachtaí atá sé saobhadh neamhriachtanach ar an margadh a sheachaint i gcás amhábhar adhmadbhunaithe a mhéid a bhaineann le scéimeanna tacaíochta bithfhuinnimh; ag tarraingt aird ar an bhfíoras nach mór SFM a bheith ag gabháil le méadú intuartha ar éileamh ar adhmad agus ar bhithmhais; ag cur béim ar an ngá, ina leith sin, le maoiniú a mhéadú do thaighde maidir le breoslaí iontaise agus ábhair bhreosla iontaise a ionadú; ag tabhairt dá haire gur féidir an fuílleach ag deireadh shlabhra luacha an adhmaid a úsáid go fabhrach mar bhithmhais chun ionad teasa iontaise-bhunaithe a chur in ionad teasa iontaise-bhunaithe, ach gur cheart, i gcás inar féidir, adhmad a choinneáil le haghaidh úsáidí a bhfuil saolré níos faide aige d’fhonn stóráil dhomhanda dé-ocsaíde carbóin a mhéadú;

15.  á thabhairt chun suntais na héifeachtaí tairbhiúla atá ag na criosanna foscaidh foraoise, chun talamh feirme a chosaint agus chun aschur talmhaíochta a mhéadú; ag tacú go láidir le modhanna chun feirmeoirí a spreagadh chun criosanna foscaidh foraoise a fhorbairt;

16.  á chur i bhfáth an ról lárnach atá ag crainn agus toir a bhláthaíonn in éiceachórais nádúrtha don earnáil beachaireachta, agus maidir le cuidiú le próiseas nádúrtha an phailnithe agus feabhas a chur ar chomhdhlúthú agus ar chosaint talamh atá meathlaithe agus/nó garbh; ag tathant go gcuirfí na crainn agus na toir sin san áireamh i gcláir thacaíochta an Aontais, agus saintréithe réigiúnacha á gcur san áireamh;

17.  á chur in iúl gurb oth léi, cé go mbainistítear foraoisí in AE de réir phrionsabal SFM atá comhaontuithe go comhchoiteann agus go bhfuil méadú ag teacht ar chumhdach foraoise in AE leis na deicheanna de bhlianta anuas, go bhfuil cur chuige difriúil forbartha le haghaidh SFM i gcomhthéacs Rialacháin (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020, a comhaontaíodh le déanaí, maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088(9);

18.  á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le héiceachórais shláintiúla foraoise, lena n-áirítear fauna agus flora, chun soláthar an iliomaid seirbhísí éiceachórais foraoise, amhail bithéagsúlacht, aer glan, uisce, ithir agus adhmad folláin, agus amhábhair neamhadhmaid, a chothú agus a fheabhsú; á thabhairt chun suntais go ndéanann uirlisí deonacha agus reachtaíocht atá i bhfeidhm, amhail treoracha AE maidir le hÉin agus le Gnáthóga, difear do chinntí maidir le bainistiú talún agus nach mór iad a urramú agus a chur chun feidhme go hiomchuí;

19.  ag tabhairt dá haire gur príomhghníomhaithe iad feirmeoirí agus úinéirí foraoise i limistéir thuaithe; á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear ról na foraoiseachta, na hagrafhoraoiseachta agus na dtionscal foraoisbhunaithe sa Chlár Forbartha Tuaithe de chuid CBT 2014-2020, agus na feabhsuithe atá tugtha isteach tríd an Rialachán Omnibus; ag spreagadh go ndéanfaí an aithint sin a chosaint in CBT 2021-2027 agus i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

20.  á thabhairt chun suntais oiriúnacht agus inmharthanacht an chur chuige dhá chéim chun inbhuanaitheacht na bithmhaise foraoise a fhíorú, mar a comhaontaíodh san athmhúnlú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite; á thabhairt dá haire gur cheart é sin a bhaint amach trí leanúint d’fhorbairt stoptha ar chritéir inbhuanaitheachta nach mbaineann le deireadh na húsáide ag an mBuanchoiste Foraoiseachta agus ag an gCoimisiún;

21.  ag aithint ról foraoisí maidir le luachanna áineasa agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhforaois a sholáthar, mar shampla, amhail tairgí foraoise neamhadhmaid a shaothrú e.g. beacáin agus torthaí boga; ag tabhairt dá haire na deiseanna chun feabhas a chur ar aistrithe bithmhaise ó thaobh dóiteáin foraoise a chosc trí innilt, ach tugann sí dá haire freisin go mbíonn tionchar diúltach ag innilt fiadhúlra ar shíológa agus dá bhrí sin go bhfuil gá le bainistiú inbhuanaithe fauna innilte;

An todhchaí – an ról riachtanach atá ag Straitéis Foraoise AE don tréimhse tar éis 2020 agus ag an gComhaontú Glas don Eoraip chun spriocanna Chomhaontú Pháras agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach

22.  ag cur in iúl gur geal léi an Comhaontú Glas don Eoraip ón gCoimisiún a foilsíodh le déanaí, agus go bhfuil sí ag súil le Straitéis Foraoise AE don tréimhse tar éis 2020 atá ag teacht, ar cheart di a bheith ailínithe leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus Straitéis Bhithéagsúlachta AE; á mheas, thairis sin, gur cur chuige ríthábhachtach é dlús a chur leis an mbithgheilleagar ciorclach chun sochaí ísealcharbóin a bhaint amach agus an Comhaontú Glas á chur chun feidhme; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé tuilleadh feabhais a chur ar acmhainneacht foraoisí d’fhonn cuspóirí an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, agus a thábhachtaí atá sé an bithgheilleagar ciorclach a fhorbairt agus seirbhísí eile éiceachórais lena n-áirítear bithéagsúlacht á ráthú ag an am céanna;

23.  ag cur in iúl gur díol áthais di Clár Oibre 2020 agus go háirithe aithint ar rannchuidiú Straitéis nua Foraoise AE don 26ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP26) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide; á chur i bhfáth, i dtaca leis sin, nár cheart go measfaí foraoisí mar an t-aon chineál linn CO2 atá ann as seo amach toisc go mbeadh dreasacht níos lú ar earnálacha eile a n-astaíochtaí a laghdú mar thoradh ar sin; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, an gá atá le gníomhaíochtaí nithiúla agus éifeachtacha i straitéisí agus i bpleananna oiriúnaithe don athrú aeráide, lena n-ionchorpraítear na sineirgí idir maolú agus oiriúnú, rud a bheidh ríthábhachtach chun tionchar díobhálach an athraithe aeráide ar shuaitheadh amhail dóiteáin foraoise agus a n-éifeachtaí diúltacha ar an ngeilleagar tuaithe, ar bhithéagsúlacht agus ar sholáthar seirbhísí éiceachórais a laghdú; á chur i bhfios go láidir an gá le níos mó acmhainní agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhainistiú dóiteáin eolaíochtbhunaithe chun dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide i bhforaoisí; ag tabhairt dá haire, d’fhonn bithéagsúlacht agus feidhmiúlacht foraoisí a chaomhnú, mar aon leis an ngá atá leis an athrú aeráide a mhaolú agus le hoiriúnú dó agus mar a aithnítear freisin sa Rialachán maidir le Úsáid talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (LULUCF), gurb ionann adhmad marbh san fhoraois agus micrignáthóga ar a bhfuil go leor speicis ag brath;

24.  á athdhearbhú go cuidíonn foraoisí agus an earnáil fhoraoisbhunaithe go suntasach le forbairt geilleagar bithbhunaithe, áitiúil agus ciorclach in AE; ag cur béim ar an ról riachtanach atá ag foraoisí, ag an earnáil fhoraoisbhunaithe agus ag an mbithgheilleagar chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050; á chur i bhfáth go measadh, in 2015, gur margadh ab ea an bithgheilleagar le luach breis agus EUR 2,3 thrilliún, lena soláthraítear 20 milliún post agus lena mbaineann 8,2 % den fhostaíocht iomlán in AE; ag tabhairt dá haire go gcruthóidh gach euro a infheistítear sa bhithgheilleagar agus sa nuálaíocht faoi Fhís 2020 thart ar EUR 10 i mbreisluach. á chur i bhfios nach bhféadfar spriocanna AE maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus an mbithéagsúlacht a bhaint amach choíche gan foraoisí atá ilfheidhmeach, sláintiúil agus a bhainistítear go hinbhuanaithe agus dearcadh fadtéarmach á chur i bhfeidhm, in éineacht le tionscail inbhuanaithe atá bunaithe ar fhoraoisí; ag cur i bhfáth, i gcúinsí áirithe, go bhfuil comhbhabhtáil idir an aeráid a chosaint agus bithéagsúlacht a chosaint in earnáil an bhithgheilleagair, agus go háirithe san fhoraoiseacht, a bhfuil ról lárnach aici san aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár tugadh aghaidh leordhóthanach ar an gcomhbhabhtáil sin sa phlé a rinneadh le déanaí maidir le beartais; á chur i bhfios an gá le cur chuige comhleanúnach a fhorbairt chun cosaint na bithéagsúlachta agus cosaint aeráide a thabhairt le chéile in earnáil fhoraoisbhunaithe a bhfuil ag éirí go maith léi agus sa bhithgheilleagar; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bithgheilleagar margadhbhunaithe a fhorbairt agus a áirithiú san Aontas, e.g. trí dhreasú a dhéanamh ar nuálaíocht agus ar fhorbairt táirgí nua bithbhunacha le slabhra soláthair a bhaineann úsáid éifeachtach as na hábhair bhithmhaise; á mheas gur cheart don AE úsáid adhmaid, táirgí adhmaid lománaithe nó bithmhais foraoise a spreagadh chun táirgeadh inbhuanaithe agus poist inbhuanaithe a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a spreagadh go gcuirfear ábhair de bhunús bitheolaíoch ar ais, lena n-áirítear dramhaíl adhmaid, sa slabhra luacha athuair trí éicidhearthóireacht a spreagadh, lena gcuirfear borradh faoin athchúrsáil agus faoi úsáid amhábhar tánaisteach, lena n-áirítear adhmad, le haghaidh táirgí sula bhféadfaí iad a loscadh ag deireadh a ré;

25.  á chur i bhfáth an ngá atá le tacaíocht pholaitiúil iomlán a thabhairt d’earnáil na foraoiseachta agus cuireann sí i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil gá le Straitéis Foraoise AE a bheidh uaillmhianach, neamhspleách agus a sheasann as féin don tréimhse i ndiaidh 2020 i gcomhthráth le straitéisí ábhartha earnálacha eile; á thabhairt dá haire, ós rud é go bhféadfadh saintréithe talmhaíochta agus foraoiseachta a bheith ag an agrafhoraoiseacht, gur gá Straitéis Foraoise AE a chomhordú leis an straitéis maidir leis an bhFeirm go dtí an Forc; á iarraidh go mbunófar Straitéis Foraoise AE nua a chuireann leis an gcur chuige iomlánaíoch do SFM, á chur san áireamh na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann leis an slabhra luacha foraoisbhunaithe, agus lena n-áiritheofar leanúnachas an ról ilfheidhmeach agus ilghnéitheach atá ag foraoisí; á chur i bhfáth gur gá Straitéis Foraoise AE atá comhordaithe, cothrom, comhleanúnach agus comhtháite níos fearr leis reachtaíocht ábhartha AE a bhaineann le foraoisí, leis an earnáil foraoisbhunaithe, lena n-áirítear na daoine a oibríonn agus a chónaíonn go díreach nó go hindíreach san earnáil foraoise agus in earnáil na foraoiseachta, agus an iliomad seirbhísí a chuireann siad ar fáil, a fhorbairt, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mbeartas náisiúnta agus AE a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach d’fhoraoisí agus dá mbainistiú in AE;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú, agus an Ciste Forbraíochta Réigiúnaí á chur chun feidhme, go gcothófar, go háirithe, tionscnaimh arb é is aidhm dóibh stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta i bhforaoisí, speicis mheasctha agus dhúchasacha a chur chun cinn agus bainistiú foraoise a fheabhsú, agus go gcuirfear tionscadail chun feidhme agus go ndíreofar ar mhaoiniú;

27.  den dearcadh gur cheart do Straitéis Foraoise AE a bheith mar dhroichead idir bearta foraoise náisiúnta agus beartais agrafhoraoiseachta agus spriocanna AE a bhaineann le foraoisí agus agrafhoraoisí, ag aithint an ghá le hinniúlacht náisiúnta a urramú agus le rannchuidiú le spriocanna AE níos leithne, agus ag tabhairt aghaidh ar bhealach comhleanúnach ar na sainiúlachtaí a bhaineann le foraoisí faoi úinéireachta phríobháideach agus phoiblí araon; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chun cobhsaíocht agus intuarthacht fhadtéarmach a áirithiú d’earnáil na foraoiseachta agus don bhithgheilleagar iomlán;

28.  á chur i bhfáth tábhacht cinnteoireachta fianaisebhunaithe maidir le bearta AE a bhaineann le foraoisí agus leis an earnáil fhoraoisbhunaithe agus a slabhraí luacha; á iarraidh go mbeadh comhsheasmhacht ann ó thaobh na huaillmhéine de na gnéithe ar fad a bhaineann le foraoisí de Chomhaontú Glas na hEorpa agus den Straitéis Bithéagsúlachta le Straitéis Foraoise an Aontais don tréimhse i ndiaidh 2020, go háirithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag SFM ar an tsochaí, lena n-áirítear nascacht agus ionadaíochas éiceachórais foraoise agus go n-áiritheofar sochair fhadtéarmacha chobhsaí don aeráid agus don chomhshaol, agus go rannchuideoidh sé freisin leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach; á thabhairt chun suntais gur cheart aon treoirlínte de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le SFM a fhorbairt faoi chuimsiú Straitéis Foraoise an Aontais ó 2020 ar aghaidh;

29.  á thabhairt chun suntais gur gá a chur san áireamh na naisc idir an earnáil fhoraoisbhunaithe agus earnálacha eile, amhail earnáil na talmhaíochta, agus an comhordú a dhéantar orthu laistigh den bhithgheilleagar ciorclach, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann leis an digitiú agus infheistiú san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht agus i gcaomhnú na bithéagsúlachta, rud a chuideoidh go dearfach le réitigh bhreise maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus maidir le cruthú post; á thabhairt dá haire gur cuid lárnach d’fhorbairt inbhuanaithe iad foraoisí;

30.  á chur i bhfáth an tábhacht do shochaí tuaithe na gcóras agrafhoraoiseachta, atá de dhlús an-íseal agus nach bhfuil inmharthana ar bhonn eacnamaíoch ach ar éigean, á chur san áireamh go bhfuil an t-ioncam bliantúil á chomhlánú ag gníomhaíochtaí eile, amhail feirmeoireacht beostoic, turasóireacht agus fiach, ar gá dóibh a dhóthain maoinithe a fháil chun fairsingiú fásaigh agus róshaothrú a chosc;

31.  á chur i bhfáth, de bharr an athraithe aeráide agus éifeachtaí ghníomhaíocht an duine, suaitheadh nádúrtha amhail dóiteáin, triomach, tuilte, stoirmeacha, inmhíolú lotnaidí, galair agus creimeadh sa lá atá inniu ann agus go dtarlóidh siad níos minice agus níos déine amach anseo, rud a dhéanfaidh dochar d’fhoraoisí an AE, agus go mbeidh gá le bainistiú riosca agus géarchéime a bheidh curtha in oiriúint do gach cás; ag cur béim ar an ngá, sa chomhthéacs sin, le Straitéis Foraoise AE i ndiaidh 2020 a fhorbairt, chomh maith le bearta bainistithe riosca, amhail athléimneacht Eorpach ó thubaistí agus uirlisí luathrabhaidh a threisiú, d’fhonn a bheith ullmhaithe níos fearr agus chun teagmhais den sórt sin a chosc ar bhealach níos fearr, athléimneacht foraoisí a mhéadú agus iad a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí ó thaobh na haeráide de, mar shampla trí chur chun feidhme an bhainistithe inbhuanaithe agus ghníomhaigh foraoise a neartú agus trí thaighde agus nuálaíocht, lena bhféadfar barr feabhais a chur ar inoiriúnaitheacht ár bhforaoisí; á mheabhrú go n-áirítear, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, sna príomhfhoinsí brú ar fhoraoisí san AE limistéir uirbeacha a leathnú agus an t-athrú aeráide a athrú; á chur i bhfáth freisin an gá le sásraí tacaíochta níos fearr, chomh maith le hacmhainní airgeadais agus ionstraimí a chur ar fáil d’úinéirí foraoise, chun bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm chomh maith le hathshlánú na limistéar atá buailte, amhail athfhoraoisiú talún atá meathlaithe nach bhfuil oiriúnach don talmhaíocht, agus leas á bhaint as cistí speisialta tubaiste freisin, lena n-áirítear trí idirghabháil urghnách, amhail Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh; á iarraidh gur gá comhleanúnachas a áirithiú idir Straitéis Foraoise AE agus an Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásra éigeandála a chur ar bun, agus á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht a thabhairt don fhéarach foraoise (innilt foraoise) laistigh de na bearta agrafhoraoiseachta agus na Ballstáit a spreagadh chun é a chur chun feidhme sa chéad chlár eile um Fhorbairt Tuaithe (FT); á chur i bhfios go láidir an gá atá le níos mó acmhainní agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhainistiú dóiteáin eolaíochtbhunaithe agus ar chinnteoireacht eolasach ar riosca, agus fréamhacha socheacnamaíocha, aeráide agus comhshaoil dóiteán foraoise á gcur san áireamh; á iarraidh go dtabharfaí isteach comhpháirt freagartha do dhúshláin choiteanna a bhaineann leis an athrú aeráide;

32.  á iarraidh ar na Ballstáit tionscnaimh a dhearadh chun foraoisí le hardluach caomhnaithe (HCV) a chaomhnú agus, i gcás inar gá, a bhunú, ina bhfuil na sásraí agus na hionstraimí is gá chun úinéirí foraoise a dhreasú agus, i gcás inarb infheidhme, chun cúiteamh a thabhairt dóibh, ionas gur féidir leis an eolas agus leis an eolaíocht dul chun cinn a dhéanamh i leith na bhforaoisí sin, i dteannta chaomhnú na ngnáthóg nádúrtha;

33.  ag aithint go bhfuil ról ag an mbithéagsúlacht chun a áirithiú go bhfanfaidh éiceachórais foraoise sláintiúil agus athléimneach; á thabhairt chun suntais á thabhachtaí atá suíomhanna Natura 2000, a thairgeann an deis chun an iliomad seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil don tsochaí, lena n-áirítear amhábhair; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le comhairle theicniúil agus le hacmhainní airgeadais leordhóthanacha úra chun limistéir den chineál sin a bhainistiú; á chur i bhfáth gur cheart caillteanais eacnamaíocha a eascraíonn as bearta cosanta a chúiteamh go cothrom; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé caomhnú an dúlra a chomhtháthú go pragmatach in SFM, gan na limistéir faoi chosaint a mhéadú i gcónaí agus ualaí breise riaracháin agus airgeadais a sheachaint; ag tacú le bunú líonraí a chruthaítear ar bhonn tionscnaimh atá á stiúradh ag na Ballstáit chun na críche sin; á iarraidh ar an stát nó ar na gníomhaithe réigiúnacha caibidlíocht a dhéanamh maidir le hathphobalú foraoisí cois abhann, i gcás inarb ábhartha, le geallsealbhóirí speisialaithe, d’fhonn gnáthóga bithéagsúla a chruthú, a ndéanfar, tar éis iad a chruthú, seirbhísí éiceolaíocha a fhorbairt, amhail ionsú substaintí díobhálacha a scaiptear trí screamhuiscí; á chur i bhfáth torthaí an staidéir mheastóireachta ar thionchar CBT ina léirítear an áit a bhféadfadh ionstraimí agus bearta CBT a bheith ina rannchuidiú níos suntasaí le spriocanna bithéagsúlachta, agus spreagann sí iniúchadh ar bhealaí chun feabhas a chur ar na huirlisí atá ann cheana; ag spreagadh freisin tuilleadh taighde ar an gcaidreamh idir bithéagsúlacht agus athléimneacht;

34.  á thabhairt faoi deara go mbaineann beagnach 25% d’achar iomlán na bhforaoisí in AE le líonra Natura 2000;

35.  á thabhairt dá haire gur theip ar na caibidlíochtaí arna seoladh ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip agus lenar thacaigh an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta maidir le saincheist comhaontaithe uile-Eorpaigh ar fhoraoisí a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí, ós rud é gur tharraing Cónaidhm na Rúise siar ón bpróiseas caibidlíochta; ag leanúint, áfach, de thacaíocht a thabhairt d’ionstraimí láidre chun borradh a chur faoi SFM ar an leibhéal uile-Eorpach agus ar an leibhéal domhanda;

36.  á thabhairt chun suntais go dtugann líon méadaitheach beartas de chuid AE aghaidh ar fhoraoisí ó threonna éagsúla; ag spreagadh cur i gcrích an phróisis leanúnaigh, a bhunaíodh leis Straitéis Foraoise AE reatha, chun cur chuige inbhuanaithe nach bhfuil bunaithe ar úsáid deiridh a fhorbairt le dlúth-rannpháirtíocht an Bhuanchoiste Foraoiseachta agus na mBallstát, ag tógáil ar chur chuige dhá chéim na Treorach athmhúnlaithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite; á chreidiúint go bhféadfaí an cur chuige dhá chéim a úsáid i mbeartais eile arb é is aidhm dóibh critéir inbhuanaitheachta na bithmhaise foraoise agus comhleanúnachas trasearnála bheartais an AE a áirithiú agus aitheantas a thabhairt d’éachtaí a bhaineann leis an éiceachóras, go háirithe éachtaí foraoisí a bhaineann leis an aeráid atá suntasach ó thaobh na sochaí de; ag aithint, ag an am céanna, go n-oibríonn foraoiseacht san Aontas de réir na gcaighdeán inbhuanaitheachta is airde cheana féin; á thabhairt dá haire nach mór a chur san áireamh sa chur chuige inbhuanaitheachta maidir le bithmhais foraoise an gá atá le hiomaíochas an adhmaid i gcomparáid le hamhábhair eile; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé uirlisí arna bhforbairt ag an margadh a úsáid, amhail na córais deimhniúcháin foraoise atá i bhfeidhm, agus spreagann sí na huirlisí sin a úsáid, mar mhodh oiriúnach cruthúnais chun inbhuanaitheacht na n-acmhainní foraoise a fhíorú;

37.  á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá bearta foraoise agus agrafhoraoiseachta faoi CBT agus bearta eile foraoiseachta, chomh maith le dálaí margaidh cothroma agus iomaíocha a áirithiú laistigh den Aontas, chun bithgheilleagar ciorclach inbhuanaithe a fhorbairt go rathúil, agus Straitéis Foraoise AE á cur chun feidhme ag an am céanna; á mheabhrú an gá atá le leanúnachas agus le bearta follasacha agus feabhsaithe foraoiseachta agus agrafhoraoiseachta faoi CBT 2021-2027; á chur i bhfios go mbeadh tionchar diúltach ag ciorruithe breise i mbuiséad CBT ar infheistíocht in SFM agus ar chuspóirí earnáil foraoise an Aontais a bhaint amach; á mheas gur cheart go mbeadh ról sofheicthe ag SFM sna pleananna nua straitéiseacha CBT; ag cur béim ar an ngá atá ann an t-ualach riaracháin a laghdú i mbearta foraoiseachta AE agus sa státchabhair i gcoitinne, mar shampla d’fhonn borradh a chur faoi chur chun cinn agus caomhnú an fhásra choilltigh atá nasctha le gnéithe tírdhreacha agus beartais a bhaineann le híocaíochtaí Cholún I agus II, agus trí bhíthin díolúintí a cheadú lena bhféadfaí freagairt go pras do dhúshláin a bhaineann le foraoisí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ag an am céanna nach n-áirítear gníomhaíochtaí foraoiseachta i mbearta cothrománacha an Chláir Forbartha Tuaithe (CFT) amhail ‘Feirmeoir óg’, i roinnt Ballstát ar a laghad;

38.  á thabhairt chun suntais na tairbhí a bhaineann leis an gcomhlachas idir bainistiú innilte agus bainistithe foraoise, eadhon laghdú ar an mbaol ó dhóiteán agus laghdú ar na costais a bhaineann le cothabháil foraoise; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach taighde agus eolas a aistriú chuig cleachtóirí i ndáil leis sin; á thabhairt chun suntais an luach atá ar chórais fhorleathana agrafhoraoiseachta traidisiúnta agus ar na seirbhísí éiceachórais a chuireann siad ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis Foraoise AE a chomhordú le Straitéis an Aontais maidir leis an bhFeirm go dtí an Forc chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun cláir oiliúna speisialaithe uile-AE a chur chun cinn, d’fhonn feirmeoirí a chur ar an eolas maidir leis na buntáistí agus an cleachtas a bhaineann le fásra coillteach a chomhtháthú leis an talmhaíocht; ag tabhairt dá haire go bhfuil glacadh íseal leis na bearta éagsúla laistigh de Rialachán 2014-2020 um Fhorbairt Tuaith atá ceaptha chun tacú le fásra coillteach a chomhtháthú leis an bhfeirmeoireacht d’aon ghnó; ag aithint acmhainneacht na agrafhoraoiseachta borradh a chur faoi tháirgiúlacht fhoriomlán na bithmhaise i réimsí sonracha, agus cuireann sí i bhfios go láidir go dtáirgeann éiceachórais mheasctha níos mó bithmhaise agus go n-ionsúnn siad níos mó carbóin san atmaisféar;

39.  á chur i bhfáth gur cheart don Aontas cistiú leordhóthanach a leithdháileadh ar bhearta don earnáil foraoisbhunaithe, a chomhfhreagraíonn d’ionchais nua na hearnála sin, lena n-áirítear infheistíocht i bhforbairt limistéar foraoise agus i bhfeabhsú inmharthanacht foraoisí, cothabháil gréasán de bhóithre foraoise, teicneolaíocht foraoiseachta, nuálaíocht, agus táirgí foraoiseachta a phróiseáil agus a úsáid;

40.  a iarraidh ar na Ballstáit a straitéisí agus a bpleananna éagsúla maidir le bainistiú foraoiseachta a ailíniú ionas gur féidir na spriocanna faoi seach a shaothrú agus a cheartú dá réir sin in am trátha, in ionad meascáin riaracháin a chruthú a bheidh ina mbagairt ina dhiaidh sin ar bhaint amach na spriocanna a leagtar síos ina ndoiciméid straitéiseacha;

41.  á chur in iúl gurb oth léi an t-easnamh sa togra faoi CBT do chlárthréimhse 2021-2027 maidir leis an agrafhoraoiseacht; a mheas go bhfuil sé buntábhachtach go n-aithneofaí sa chéad rialachán eile faoi CBT na tairbhí a bhaineann leis an agrafhoraoiseacht agus go leanfaí de bhunú, athghiniúint, athchóiriú, agus cothabháil córas agrafhoraoiseachta a chur chun cinn agus go leanfaí de thacú leo; á iarraidh ar an gCoimisiún glacadh beart tacaíochta agrafhoraoiseachta ag na Ballstáit a chur chun cinn ina bPleananna Straitéiseacha;

42.  á chur in iúl gur geall léi an tionscnamh a d’fhógair an Coimisiún maidir leis an tionscnamh ‘Foraois Charbóin Feirme’, arb é is aidhm dó luach a saothair a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas i leith tionscadail a bhfuil sé beartaithe leo astaíochtaí CO2 a laghdú nó stóráil CO2 a mhéadú chun rannchuidiú leis an gcuspóir ‘saor ó charbón’ in 2050 a bhaint amach, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais nua;

43.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunriachtanach ag taighde agus nuálaíocht ardleibhéil maidir le rannchuidiú na bhforaoisí, na hagrafhoraoiseachta agus na n-earnálacha foraoisbhunaithe a chothú chun dúshláin ár linne a shárú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cláir taighde agus nuálaíochta AE iar-2020, ag aithint ról an Bhuanchoiste um Thaighde Talmhaíochta, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn mór déanta ar thaighde agus teicneolaíocht ó tugadh isteach Straitéis Foraoise AE in 2013; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tuilleadh taighde a spreagadh maidir le, inter alia, éiceachórais foraoise, bithéagsúlacht, ionadú inbhuanaithe amhábhar agus fuinnimh iontaise-bhunaithe, stóráil carbóin, táirgí atá bunaithe ar adhmad, agus cleachtais inbhuanaithe bainistithe foraoise; á iarraidh go leanfar de cistiú a thabhairt do thaighde faoi ithreacha agus faoina ról maidir le hathléimneacht agus oiriúnú na bhforaoisí don athrú aeráide, cosaint agus feabhsú na bithéagsúlachta, chomh maith le soláthar seirbhísí eile éiceachórais agus éifeachtaí ionadaíochta, agus le haghaidh sonraí a bhailiú faoi mhodhanna nuálacha chun foraoisí a chosaint agus teacht a n-athléimneacht a fhorbairt; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go bhfuil na sonraí maidir le foraoisí príomhúla fós neamhiomlán; á chur i bhfáth go rannchuideodh tuilleadh taighde agus cistithe go dearfach leis an athrú aeráide a mhaolú, eiceachórais foraoise a choimirciú agus borradh a chur faoi bhithéagsúlacht, fás eacnamaíoch agus fostaíocht inbhuanaithe, go háirithe i gceantair thuaithe; ag tabhairt dá haire gur thug Coimisiún moladh go gcuideodh caipitliú láidir nuálaíochta feadh an tslabhra luacha le tacú le hiomaíochas na hearnála foraoisbhunaithe; a chur in iúl gur geall léi, i ndáil leis sin, uaillmhian aeráide nua BEI chun tionscadail lena bhféadfar borradh a chur faoi dheiseanna don earnáil fhoraoisbhunaithe, ar earnáil í a bhfuil ról tábhachtach aici maidir le hionadú ábhar agus fuinneamh iontaise-bhunaithe; ag moladh an taighde agus na nuálaíochta a bhaineann le foraoisí atá déanta cheana, go háirithe faoi na cláir Fís 2020 agus LIFE+; á chur in iúl gur díol molta di na cásanna sin ina rannchuidíonn na torthaí le forbairt an bhithgheilleagair inbhuanaithe, agus cothromaíocht á lorg idir gnéithe éagsúla de SFM agus béim á leagan ar ról ilfheidhmeach na bhforaoisí; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i dtaighde maidir le teacht ar réiteach ar leathadh lotnaidí agus galar i bhforaoisí agus, i gcás inar gá, an taighde sin a ghéarú;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún tabhairt faoi thionscnaimh, i gcomhar le monaróirí innealra foraoiseachta, chun dearadh an innealra sin a fheabhsú ó thaobh an chomhshaoil de chun ardleibhéal cosanta d’oibrithe a réiteach leis an tionchar is lú is féidir ar an ithir agus ar an uisce i bhforaoisí;

45.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil achar dromchla iomlán na bhforaoisí laghdaithe go mór ar fud an domhain ó na 1990idí. á thabhairt chun suntais gur fadhbanna tromchúiseacha iad dífhoraoisiú domhanda agus díghrádú foraoisí; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart tionchar a bheith ag Straitéis Foraoise AE ar an gcomhthéacs polaitiúil domhanda agus go n-áireofaí inti cuspóirí seachtracha AE agus gníomhaíocht maidir le SFM a chur chun cinn ar fud an domhain, trí ghníomhaíocht dhéthaobhach agus trí phróisis iltaobhacha a bhaineann le foraoisí araon, agus béim á leagan ar bhearta chun deireadh a chur le dífhoraoisiú ar fud an domhain, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do shlabhraí táirgthe agus soláthair atá inbhuanaithe agus saor ó dhífhoraoisiú agus nach mbíonn sáruithe ar chearta an duine mar thoradh orthu, agus gur cheart bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní foraoise a áirithiú léi; á chur i bhfios gur cheart tionscnaimh bheartais a fhorbairt chun dul i ngleic le saincheisteanna lasmuigh de AE, agus na leibhéil éagsúla uaillmhéine maidir le beartas comhshaoil i dtíortha trópaiceacha éagsúla, agus spreagthóirí cleachtas neamh-inbhuanaithe i bhforaoisí ó lasmuigh den earnáil á gcur san áireamh; ag leagan béim ar an ngá atá le bearta inrianaitheachta a chur chun feidhme maidir le hallmhairí agus á mholadh don Choimisiún comhar le tríú tíortha a chothú chun caighdeáin inbhuanaitheachta níos airde a chomhdhlúthú; á chur i bhfáth gur gá cur chun feidhme Rialachán Adhmaid AE agus phlean gníomhaíochta FLEGT (Rialachán an Aontais maidir le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí) a chothú chun go bhféadfar teacht isteach adhmaid a leagadh nó a foinsíodh go neamhdhleathach agus arb ionann é agus iomaíocht éagórach don earnáil foraoiseachta Eorpach agus ar mhargadh AE a chosc ar bhealach níos fearr; á athdhearbhú go bhfuil gá le córais deimhniúcháin agus le forálacha sonracha SFM a áireamh i gcomhaontuithe trádála; á iarraidh go ndéanfaí córas díchill chuí EUTR a léirmhíniú go comhleanúnach agus go córasach;

46.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-oideachas agus lucht saothair oilte agus dea-oilte a mhéid a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun feidhme go rathúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de bhearta a chur chun feidhme agus d’úsáid a bhaint as ionstraimí Eorpacha atá ann cheana amhail an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus na cláir oiliúna Eorpacha (ET2020) chun tacú le hathnuachan glúine agus le hathnuachan glúine agus chun an ganntanas lucht saothair oilte san earnáil a chúiteamh;

47.  á iarraidh go ndéanfaí allmhairiú adhmaid a fuarthas go neamhdhleathach a áireamh i gcomhaontuithe trádála, maille le smachtbhannaí a bheadh le forchur i gcás sáruithe;

48.  á iarraidh ar na Ballstát agus ar an tionscal adhmaid rannchuidiú go suntasach chun a áirithiú go mbeidh líon na limistéar a dhéanfar a athfhoraoisiú chomh mór le líon na limistéar a dhéanfar a dhífhoraoisiú;

49.  á chur i bhfáth gur gá an Córas Faisnéise uile-AE maidir le Foraoise (FISE) a fhorbairt tuilleadh, agus na córais atá ann cheana á gcur san áireamh, faoi fhreagracht chomhroinnte na nArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha uile sa Choimisiún atá ag obair ar ábhair éagsúla a chumhdaítear le FISE; á chreidiúint gur cheart do Straitéis Foraoise AE tabhairt faoi chomhordú a dhéanamh ar na hionstraime sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faisnéis fíor-ama, chomparáideach, eolaíochtbhunaithe agus chothrom maidir le hacmhainní Eorpacha foraoise a sholáthar, agus faireachán á dhéanamh ar cibé an ndéantar foraoisí agus cúlchistí nádúrtha a bhainistiú agus a chaomhnú go maith más gá, agus ag díriú ar thionchar suaití nádúrtha a thagann as an athrú aeráide agus a n-iarmhairtí a thuar, le táscairí comhshaoil agus socheacnamaíocha chun aon bheartas de chuid AE a bhaineann le foraoisí a fhorbairt; ag tabhairt dá haire gurb ionann fardail náisiúnta foraoise agus uirlis chuimsitheach faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar stoic foraoiseachta agus gnéithe réigiúnacha a chur san áireamh; á iarraidh ar AE líonra faireacháin a chruthú d’fhoraoisí Eorpacha chun faisnéis a bhailiú ar an leibhéal áitiúil, ar líonra é a bheidh nasca le cláir um fhaire na cruinne de chuid Copernicus;

50.  á chur in iúl gur geall léi an treocht ionsar an digitithe san earnáil agus á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú a dhéanamh ar chur chun feidhme sásra uile-AE um inrianaitheacht adhmaid le haghaidh bailiú sonraí, trédhearcacht chomhsheasmhach, machaire comhréidh a áirithiú, agus iompar neamhiomaíoch agus gníomhaíocht éagórach a dhéantar d’aon ghnó i dtrádáil an adhmaid a laghdú, laistigh de AE agus lasmuigh de, trí chóras fíorúcháin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim freisin go gcuirfeadh córas fíoraithe den sórt sin feabhas ar chomhlíonadh, rud lena ndéanfaí calaois airgeadais a theorannú agus a chomhrac, ag cur isteach ar chleachtais cairtéal agus ar oibríochtaí agus gluaiseachtaí lóistíochta neamhdhleathacha agus iad á ndíchur; á mholadh freisin don Choimisiún go rachfaí i mbun malartuithe dea-chleachtas leis na Ballstáit a bhfuil na hathchóirithe sin curtha chun feidhme acu cheana ar an leibhéal náisiúnta;

51.  ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil inniúlacht agus ról lárnach ag na Ballstáit maidir le hullmhú agus cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE iar-2020; á iarraidh ar Bhuanchoiste Foraoiseachta an Choimisiúin (SFC) tacú leis na Ballstáit maidir leis an gcúram sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an malartú faisnéise agus rannpháirtíocht chomhthreomhar na ngeallsealbhóirí ábhartha, amhail úinéirí agus bainisteoirí foraoise, sa Ghrúpa Idirphlé Sibhialta maidir le Foraoiseacht agus Corc, agus a chruinnithe rialta a choimeád ar siúl agus comhordú agus sineirgí laistigh de SCF a mhéadú; ag tathant ar an gCoimisiún páirt a thabhairt don Pharlaimint i gcur chun feidhme Straitéis Foraoise AE ar bhonn bliantúil ar a laghad; á iarraidh go neartófaí ról SFC chun comhordú a áirithiú i measc na ngeallsealbhóirí agus na mbeartas ábhartha ar leibhéal AE; ina theannta sin, á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le húsáid inbhuanaithe foraoisí agus, go háirithe, an gheilleagair tuaithe a neartú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhar neartaithe idir na Ballstáit chun na tairbhí a bhaineann le Straitéis nua Foraoiseachta AE a fheabhsú; ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar a Ard-Stiúrthóireachtaí a bhfuil inniúlachtaí a bhaineann le foraoisí acu obair a dhéanamh go straitéiseach chun comhleanúnachas a áirithiú in aon obair a bhaineann leis an bhforaoiseacht agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí a fheabhsú;

52.  ag tathant ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do ghairmoiliúint leanúnach ardcháilíochta san éicithógáil agus i gceirdeanna a bhaineann le hadhmad, agus an caiteachas poiblí agus an infheistíocht riachtanach a chur ar fáil sa réimse chun bheidh ullamh do riachtanais thionscal adhmaid an AE amach anseo;

53.  ag meabhrú an ghealltanais a thug an Coimisiún maidir le neamhfhulaingt ar neamhchomhlíonadh; á bhur i bhfáth, maidir le roinnt cásanna maidir le sárú atá ar oscailt i gcoinne na mBallstát, go dtugtar aghaidh leo ar luachanna na n-éiceachóras nach bhféadfaí a athsholáthar, agus ag tathant ar an gCoimisiún gníomhú go pras sna cásanna sin;

54.  ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhordú le seirbhísí cigireachta saothair na mBallstát, a fhíorú go bhfuil an t-innealra a dhéantar a chur ar an margadh agus a úsáid i dtionscal an adhmaid ag comhlíonadh Threoir 2006/42/CE maidir le hinnealra agus go bhfuil sé feistithe le córas eastósctha agus bailithe mine sáibh;

55.  á chur in iúl gur deimhin léi gur cheart, le Straitéis Foraoise AE, dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme SFM agus gairmoiliúint d’oibrithe agus bainisteoirí foraoise a chur chun cinn agus tacú a thabhairt dóibh, rud as a dtagann torthaí in earnáil na bhforaoisí agus comhar feabhsaithe i measc na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí agus comhroinnt faisnéise trasteorann, chun fás foraoisí sláintiúla Eorpacha a áirithiú; ina theannta sin, á chur i bhfáth go bhfuil gá le cumarsáid níos fearr maidir leis an tábhacht a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar limistéir foraoise, mar aon leis an bhféidearthacht feachtais faisnéise a leathnú, a chur chun feidhme agus a chomhordú maidir le nádúr ilfheidhmeach foraoisí agus maidir leis an iliomad tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a chuirtear ar fáil le bainistíocht foraoise ar gach leibhéal ábhartha AE, chun na saoránaigh uile a chur ar an eolas faoi shaibhreas na hoidhreachta sin agus faoin ngá atá lenár n-acmhainní a bhainistiú, a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe chun aon choinbhleachtaí sa tsochaí a sheachaint;

56.  á mholadh do na Ballstáit a thathant ar a ngeallsealbhóirí foraoiseachta faoi seach teagmháil a dhéanamh le sciar níos leithne den daonra trí uirlisí agus cláir oideachais, do mhic léinn agus do dhaoine ó aoisghrúpaí eile araon, agus béim á leagan ar an tábhacht a bhaineann le foraoisí maidir le gníomhaíochtaí faoi stiúir daoine agus maidir le bithéagsúlacht agus éiceachórais ilchineálacha a chaomhnú;

57.  ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag an digitiú agus ag teicneolaíochtaí inbhuanaithe maidir le breisluach a sholáthar i bhforbairt bhreise na hearnála foraoisbhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aistriú eolais agus teicneolaíochta agus comhroinnt dea-chleachtas a spreagadh, i dtaobh, mar shampla, bainistiú inbhuanaithe agus gníomhach ar fhoraoisí;

o
o   o

58.  á threorú dá nUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0015.
(3) IO C 346, 21.9.2016, lch. 17.
(4) IO L 317, 4.11.2014, lch. 35.
(5) https://ec.europa.eu/knowledge4policy/publication/council-conclusions-updated-eu-bioeconomy-strategy-29-november-2019_en
(6) IO C 361, 5.10.2018, lch. 5.
(7) Bunachar sonraí Eurostat maidir le foraoiseacht, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/eurostat/web/forestry/data/database
(8) Bileog eolais Pharlaimint na hEorpa ó Bhealtaine 2019 maidir leis an Aontas Eorpach agus foraoisí.
(9) IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.


Feidhmiú na rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht ***I
PDF 118kWORD 44k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, maidir le feidhmiú na rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht (COM(2020)0623 – C9-0212/2020 – 2020/0161(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0623),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0212/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2020(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Meán Fómhair 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Deireadh Fómhair 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann le feidhmiú na rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht

P9_TC1-COD(2020)0161


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/1530.)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Cinneadh lena dtugtar de chumhacht don Fhrainc comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích a bhaineann le Tollán Mhuir nIocht ***I
PDF 118kWORD 43k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Fhrainc comhaontú a chaibidliú lena ndéanfar forlíonadh ar an gConradh déthaobhach atá ann cheana leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha (COM(2020)0622(COR1) – C9-0211/2020 – 2020/0160(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0622(COR1),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 2(1) agus 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0211/2020),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2020(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Meán Fómhair 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59, 40 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Deireadh Fómhair 2020 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Fhrainc comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích

P9_TC1-COD(2020)0160


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/1531.)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Táirgeadh orgánach: dáta cur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile
PDF 117kWORD 43k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach i ndáil le dáta a chur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin (COM(2020)0483 – C9-0286/2020 – 2020/0231(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0483),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0286/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Meán Fómhair 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Deireadh Fómhair 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha a mhéid a bhaineann le dáta a chur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin

P9_TC1-COD(2020)0231


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/1693.)


Airgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh cripteashócmhainní de - dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí
PDF 218kWORD 68k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le hAirgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh cripteashócmhainní de – dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí (2020/2034(INL))
P9_TA(2020)0265A9-0161/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(1),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE(2),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún(3),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘Straitéis Eorpach le haghaidh Sonraí’(4),

–  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 dar teideal ‘Plean gníomhaíochta teicneolaíocht airgeadais: D’earnáil airgeadais Eorpach atá níos iomaíche agus níos nuálaí’(5),

–  ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 6 Aibreán 2016 dar teideal ‘Creat Comhpháirteach maidir le Cur i gCoinne Bagairtí Hibrideacha - Freagairt ón Aontas Eorpach’(6),

–  ag féachaint don Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘An Intleacht Shaorga – Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín’(7),

–   ag féachaint don fhreagra a thug Leas-Uachtarán Dombrovskis thar ceann an Choimisiúin ar an gceist TO E-001130/2017 an 10 Aibreán 2017,

–  ag féachaint don Tuarascáil chríochnaitheach ón Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil sa Choimisiún ó mhí Dheireadh Fómhair 2019 dar teideal ‘Rialachas um Pointe rochtana leictreonaí Eorpach atá cumasaithe ag DLT/Blocshlabhra’(8),

–  ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Táille Idirmhalartaithe(9),

–  ag féachaint don chomhairliúchán poiblí ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2020 ar ‘Athbhreithniú ar an gcreat rialála le haghaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh’,

–  ag féachaint don Tuarascáil chríochnaitheach ón bhFóram Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Fís nua do mhargaí caipitil na hEorpa’(10),

–  ag féachaint don Tuarascáil chríochnaitheach an 13 Nollaig 2019 ón Sainghrúpaí de chuid an Choimisiúin maidir le Bacainní Rialála ar an Nuálaíocht Airgeadais: 30 moladh maidir le rialáil, nuálaíoch agus airgeadas,

–  ag féachaint don Chomhchomhairle ó na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta don Choimisiún an 10 Aibreán 2019 maidir leis an ngá atá le feabhsuithe reachtacha i ndáil le ceanglais bainistithe riosca TFC in earnáil airgeadais an Aontais,

–  ag féachaint don Chomhchomhairle ó na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta don Choimisiún an 10 Aibreán 2019 maidir leis na costais agus leasanna a bhaineann le creat comhtháite tástála cibear-athléimneachta a fhorbairt do rannpháirtithe agus bonneagair shuntasacha margaidh laistigh d’earnáil airgeadais an Aontais ina iomláine,

–  ag féachaint don tuarascáil chomhpháirteach ó na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta an 7 Eanáir 2019 dar teideal ‘Teicneolaíocht airgeadais: Boscaí gainimh rialála agus moil nuálaíochta’(11),

–  ag féachaint do na Treoirlíne maidir le TFC agus bainistiú riosca slándála ón Údarás Baincéireachta Eorpach an 29 Samhain 2019,

–  ag féachaint don Tuarascáil ón Údarás Baincéireachta Eorpach le comhairle don Choimisiún maidir le cripteashócmhainní an 9 Eanáir 2019,

–  ag féachaint don chomhairle ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí don Choimisiún maidir le Tairiscintí Tosaigh Monaí agus Cripteashócmhainní an 9 Eanáir 2019,

–  ag féachaint don Pháipéar Comhairliúcháin ón gCoimisiún Eorpach maidir le creat AE le haghaidh margaí cripteashócmhainní ó Nollaig 2019,

—  ag féachaint dá rún reachtach an 27 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin (ECSP) do Ghnólachtaí (12),

—  ag féachaint dá rún an 3 Deireadh Fómhair 2018 maidir le teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte agus blocshlabhraí: muinín a chothú le dí-idirghabháil(13),

—  ag féachaint dá rún an 17 Bealtaine 2017 maidir le Teicneolaíocht airgeadais: tionchar na teicneolaíochta ar thodhchaí na hearnála airgeadais(14),

—  ag féachaint dá rún an 16 Feabhra 2017 le moltaí don Choimisiún maidir le Rialacha an Dlí Shibhialta i leith na Róbataice(15),

—  ag féachaint don staidéar a d’iarr an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa dar teideal ‘Cripteashócmhainní: Príomhfhorbairtí, príomhábhair imní rialála agus freagairtí’ ó mhí Aibreán 2020,

—  ag féachaint don staidéar a d’iarr an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra i bParlaimint na hEorpa dar teideal ‘Gnéithe de chosaint tomhaltóirí i seirbhísí airgeadais’ ó mhí Feabhra 2014,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le digitiú in íocaíochtaí miondíola do ról tiomántóra an Eorachórais ó mhí Iúil 2019,

–  ag féachaint d’eochairóráid Benoît Coeure, ‘Teicneolaíocht airgeadais do Chách’ an 31 Eanáir 2019,

–  ag féachaint d’eochairóráid Yves Mersch, ‘Córais iasachta agus íocaíochta ina gcíor thuathail: dúshláin na teicneolaíochta airgeadais’ an 26 Feabhra 2019, ag an 3ú Comhdháil Bhliaintúil ar Theicneolaíocht Airgeadais agus an Nuálaíocht Dhigiteach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 6 Meitheamh 2019, ‘Teicneolaíochtaí airgeadais díláraithe: Tuarascáil ar impleachtaí cobhsaíocht airgeadais, rialála agus rialachais’,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 14 Feabhra 2019 ar ‘Theicneolaíocht airgeadais agus struchtúr an mhargaidh i seirbhísí airgeadais: Forbairtí margaidh agus impleachtaí cobhsaíochta airgeadais féideartha,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 16 Iúil 2018, ‘Cripteashócmhainní: Tuarascáil chuig G20 ar obair FCB agus na gcuideachtaí a dhéanann caighdeáin a shocrú’,

–  ag féachaint don tuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 27 Meitheamh 2017 ar Impleachtaí Cobhsaíochta Airgeadais ó Shaincheisteanna na Teicneolaíochtaí Airgeadais, Maoirseachta agus Rialála a Thuilleann Aird na nÚdarás,

–  ag féachaint don doiciméad comhairleach ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 14 Aibreán 2020, ‘Dul i ngleic leis na dúshláin rialála, mhaoirseachta agus formhaoirseachta arna n-eascairt as socruithe “stablecoin domhanda”’,

–  ag féachaint don imscrúdú a rinne Grúpa Oibre G7 um Stablecoin maidir le tionchar stablecoin domhanda ó mhí Dheireadh Fómhair 2019,

–  ag féachaint don ‘Treoir maidir le Cur Chuige Rioscabhunaithe i ndáil le Sócmhainní Fíorúla agus Soláthraithe Seirbhíse Sócmhainní Fíorúla‘ ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais ó mhí an Mheithimh 2019,

–  ag féachaint do na Moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais de réir mar a nuashonraítear iad i mhí an Mheithimh 2019, go háirithe Moladh 16 maidir le haistrithe de dhroim sreinge,

–  ag féachaint don anailís ón mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, ‘Freagartha beartais ar theicneolaíocht airgeadais: forléargas trastíre’ ó Eanáir 2020,

–  ag féachaint don idirghabháil ó Fernando Restoy, ‘Rialú na teicneolaíochta airgeadais: cad atá ar siúl, agus cá bhfuil na dúshláin?’ an 16 Deireadh Fómhair 2019, ag an 16ú Comhphlé beartais réigiúnaigh baincéireachta san earnáil phoiblí-phríobháideach de chuid ASBA-BID-FELABAN,

–  ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0161/2020),

A.  de bhrí gur réimse síor-athraitheach é an t-airgeadas digiteach san earnáil airgeadais a bhfuil faireachán agus breithniú leanúnach de dhíth aige ar leibhéal an tionscail agus ar leibhéal rialála araon;

B.   de bhrí go bhfuil iomaíocht oscailte ina saintréith de mhargadh inmheánach an Aontais agus go bhfuil sé mar aidhm leis cothroime iomaíochta a chruthú trí chreat rialála comhchuibhithe, spleáchas ar chaighdeáin idirnáisiúnta, cóineasú maoirseachta agus comhar maoirseachta; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh straitéis airgeadais dhigitigh an Aontais bunaithe ar na prionsabail chéanna;

C.  de bhrí go bhfuil gá le cur chuige cothrom maidir le teicneolaíochtaí airgeadais a rialáil i dtaobh nuálaíocht a spreagadh agus ardleibhéal cosanta infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú;

D.  de bhrí go n-úsáidtear an téarma ‘cripteashócmhainní’ chun tagairt a dhéanamh do raon leathan sócmhainní digiteacha, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’airgeadraí agus licíní fíorúla, ach lena n-eisiatar in amanna foirmeacha áirithe stablecoin nó licíní áirithe amhail licíní urrúis;

E.  de bhrí gurb iad an dá ghné is coitianta de chripteashócmhainní a ghlactar ná (i) nádúr príobháideach na teidlíochta maidir leis an tsócmhainn fhorluiteach, éileamh nó ceart, agus (ii) úsáid teicneolaíochta cripteagrafaíochta agus mórleabhar dáilte nó teicneolaíochtaí comhchosúla chun taca a chur faoi mhalartuithe na sócmhainne agus faoina luach dúchasach nó braite;

F.  de bhrí, faoi láthair, nach ndéanann banc ceannais nó údarás poiblí san Aontas cripteashócmhainní a eisiúint ná a ráthú, agus gur féidir úsáidí éagsúla a bheith acu, lena n-áirítear mar mhodh malartaithe, chun críocha infheistíochta, agus chun rochtain a fháil ar earra nó ar sheirbhís,

G.  de bhrí go léiríonn stablecoin gnéithe atá comhchosúil le cripteashócmhainní agus nach dtógann sé foirm aon airgeadra amháin ar leith, ach go mbraitheann sé ar shraith uirlisí a bhfuil sé d’aidhm aici luaineachtaí a bpraghais mar a ainmnítear in airgeadra a íoslaghdú; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag roinnt cripteashócmhainní, lena n-áirítear stablecoin agus na teicneolaíochtaí a bhaineann leo, éifeachtúlachtaí, iomaíocht agus trédhearcacht a mhéadú agus deiseanna agus leasanna suntasacha a thabhairt don tsochaí, toisc go bhféadfadh íocaíochtaí níos saoire agus níos tapúla eascairt as cinn áirithe agus go bhféadfaidís foinsí nua cistiúcháin a thairiscint d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); de bhrí, maidir leis an tsraith uirlisi a bhfuil sé d’aidhm aici luaineachtaí praghais a íoslaghdú, nár tástáladh í i gcásanna ina bhfuil stablecoin in úsáid i líon suntasach na n-idirbheart;

H.  de bhrí go bhféadfadh baint a bheith ag an díospóireacht phoiblí faoi stablecoin, a seoltar go príobháideach, le heasnaimh áirithe i dtírdhreach íocaíochtaí an Aontais;

I.  de bhrí go bhféadfadh stablecoin a bheith ina mhodh íocaíochta le húsáid fhorleathan, rud ba cheart gníomhaíocht rialála agus maoirseachta iomchuí a thionscnamh;

J.  de bhrí go bhfuil Airgeadra Digiteach ó Bhanc Ceannais (CBDC) bunaithe ar choincheap sócmhainne cobhsaí, go bhfuil sé ceannasach ó thaobh a chineál de agus go bhfuil sé éagsúil dá bhrí sin ó chripteashócmhainní; de bhrí go bhfuil Banc Daonlathach na Síne ag baint triail as airgeadra digiteach ó bhanc ceannais, Íocaíocht Leictreonach an Airgeadra Dhigiteach (DCEP); á thabhairt chun suntais le húsáid ionchasach dhomhanda de DCEP go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann don trádáil idirnáisiúnta agus do chosaint tomhaltóirí;

K.  de bhrí go bhfuil tionscnaimh fhéideartha chun CBDCanna a chur chun feidhme á mbreithniú faoi láthair, laistigh den Aontas agus ar leibhéal domhanda araon;

L.  de bhrí go bhfuil gné láidir thrasteorann ag an airgeadas digiteach, a théann thar leibhéal an Aontais agus go bhfuil comhair idirnáisiúnta agus socrú caighdeán mar aon le maoirseacht éifeachtúil agus éifeachtach ón Aontas sa réimse sin bunriachtanach dá bharr sin;

M.  de bhrí go bhféadfadh sreabhadh caipitil a bheith ina ghné láidir d’fhorbairt na n-uirlisí airgeadais dhigitigh, ar gné í a mheallann infheistíochtaí trasteorann; á chur i bhfáth dá bhrí sin go bhféadfadh an t-airgeadas digiteach rannchuidiú le hiomaíochas an Aontais i margaí domhanda;

N.  de bhrí, de réir sonraí ón margadh(16), amhail ó mhí an Mheithimh 2020, is ann do os cionn 5,600 cripteashócmhainn go domhanda, le caipitliú iomlán margaidh de os cionn USD 260 billiún(17), arb ionann Bitcoin ann féin agus 65 % díobh;

O.  de bhrí, de réir sonraí ón margadh, gur bhain stablecoin caipitliú iomlán margaidh de EUR 10 mbilliún amach i mí an Mheithimh 2020 ó EUR 1.5 billiún i mí Eanáir 2018 agus, in ainneoin a gclúdach atá teoranta go fóill i gcomparáid le criptea-airgeadraí eile, tá sé d’acmhainn aige clúdach ar scála domhanda agus bonn leathan úsáideoirí a bhaint amach go mear, go háirithe má ghlacann cuideachtaí Mórtheicneolaíochta leis agus má bhaintear leas as a líonraí;

P.  de bhrí gur thug saineolaithe ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) dá n-aire ina bhfoilseachán in 2019(18), cé go bhfuil cripteashócmhainní thar a bheith amhantrach, ní bagairt láithreach iad don chobhsaíocht airgeadais; de bhrí go raibh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)(19) agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)(20) araon den tuairim sin freisin; de bhrí gur tháinig an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), sa tuarascáil uaidh ó 2018 maidir le cobhsaíocht airgeadais dhomhanda, agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, sa tuarascáil uaidh ó mhí Iúil 2018, ar an gconclúid céanna, cé de réir thuairim an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais gur cheart faireachán a dhéanamh ar an staid go fóill, i bhfianaise cé chomh sciobtha a tharlaíonn athruithe ar na margaí sin;

Q.  de bhrí, mar a chuirtear i bhfios sa tuarascáil ó ÚBE, go bhfuil institiúidí airgeadais i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní ar bhonn réasúnta teoranta , ach gur dóchúil go méadófar a gcuid spéise go háirithe i gcomhthéacs úsáid mhéadaithe de réitigh atá bunaithe ar DLT; de bhrí go n-áirítear i ngníomhaíochtaí den sórt sin neamhchosaint a choinneáil nó a fháil ar chripteashócmhainní, tairiscintí tosaigh monaí (ICOnna) a fhrithghealladh, nó seirbhísí i ndáil le cripteashócmhainní a thairiscint, amhail tiachóg taisceánach nó malartuithe a sholáthar; de bhrí nach bhfuil na rialacha stuamachta reatha oiriúnach chun ardluaineacht agus rioscaí arda cripteashócmhainní a ghabháil;

R.  de bhrí go moladh i dtaighde a rinneadh le déanaí go n-úsáidtear cripteashócmhainní go príomha mar infheistíocht amhantrach, seachas mar mhodh íocaíochta d’earraí nó seirbhísí a thairgeann ceannaí dlithiúil; de bhrí gur chuir ÚMEnna chun suntais go bhfuil rioscaí sonracha ag baint le cripteashócmhainní nach bhfuil incháilithe mar ionstraim airgeadais laistigh de raon feidhme rialachán airgeadais an Aontais, ar rioscaí iad, eadhon ó thaobh cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí de mar aon le sláine an mhargaidh; de bhrí go bhféadfadh cripteashócmhainní cur leis an riosca de sciúradh airgid, de chleachtais chalaoiseacha, d’imghabháil cánach agus d’ionsaithe seachtracha;

S.  de bhrí go bhféadfadh glacadh na dteicneolaíochtaí nua rannchuidiú suntasach a dhéanamh chun gur féidir le cuideachtaí seirbhísí airgeadais na hoibleagáidí maoirseachta agus comhlíonta atá ar siúl acu a chomhlíonadh;

T.  de bhrí, laistigh den raon de chripteashócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais faoi dhlí an Aontais, go bhfuil a n-aicmiú sin ag brath ar na húdaráis inniúla náisiúnta cur i bhfeidhm a dhéanamh ar chur chun feidhme náisiúnta de dhlí an Aontais, ar rud é a chruthaíonn neamhréireachtaí idir an cur chuige maoirseachta agus rialála, agus a dhéanann dochar don chomhsheasmhacht agus don chothroime iomaíochta san Aontas; de bhrí nach gan deacrachtaí atá aicmiú den sórt sin agus an comhtháthú sin laistigh de chreat reachtach an Aontais, toisc go bhfuil gnéithe éagsúla i láthair i gcripteashócmhainní éagsúla, a d’fhéadfadh athrú le himeacht ama;

U.  de bhrí go bhféadfadh ICOnna a bheith mar fhoinse mhalartach cistiúcháin do chuideachtaí nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta ar chéim luath dá bhforbairt, ach go ndéanann siad infheisteoirí a neamhchosaint ar rioscaí arda freisin mar gheall ar a gcineál atá thar a bheith amhantrach agus leochaileach i leith calaoise; de bhrí gur shuigh an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta sa Tuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil uaidh ó 2018, gur tharla sé gur scéimeanna calaoiseacha Ponzi iad ar a laghad 22,5 % de ICOnna;

V.  de bhrí go bhfuil an acmhainneacht ag cripteashócmhainní costais idirbhirt a laghdú ar bhealach sábháilte i ndomhain ina bhfuil an dearcadh digiteach ag dul i méid, más rud é go mbeidh na cripteashócmhainní sin faoi réir córas rialála a bheidh dian, oiriúnach don chuspóir agus rioscabhunaithe

W.  de bhrí go féidir leis an airgeadas digiteach rannchuidiú i roinnt bealaí chun dul i ngleic le héifeachtaí eacnamaíocha ráig COVID-19 ó thaobh iarmhairtí do shaoránaigh, do FBManna agus do gnólachtaí agus seirbhísí airgeadais eile de; de bhrí go bhfuil léirithe ag ráig COVID-19, ar shlite éagsúla ar fud na mBallstát, an acmhainneacht a tháirgeann an t-airgeadas digiteach do thomhaltóirí agus don gheilleagar araon;

X.  de bhrí go bhfuil gnólachtaí móra teicneolaíochtaí agus ardáin dhigiteacha dhomhanda ag cur seirbhísí airgeadais ar fáil níos mó agus níos mó; de bhrí go bhfuil na hoibreoirí móra sin san earnáil dhigiteach ag baint leas as buntáistí iomaíocha amhail barainneacht scála, líonraí ollmhóra úsáideoirí trasteorann, rochtain éasca ar mhaoiniú agus an cumas líon mór sonraí arna soláthar ag úsáideoirí a chnuaschóipeáil trí theicneolaíochtaí próiseála sonraí amhail ‘anailísíocht mórshonraí’, a ghineann go leor breisluacha ar bhealaí éagsúla; de bhrí, ós rud é go bhfuil gnólachtaí Mórtheicneolaíochta i láthair i margaí na teicneolaíochta airgeadais, go bhfeádfadh sé dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir agus don nuálaíocht;

Y.  de bhrí, leis an ngníomhaíocht chalaoiseach ar a thángthas le déanaí a bhaineann le gnólachtaí i dtionscal na teicneolaíochta airgeadais, go gcuirtear chun suntais an gá atá le dearcadh iomlánaíoch na rioscaí do chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí atá ag gabháil le teipeanna sa tuairisciú airgeadais, le calaois agus le nósanna imeachta dócmhainneachta;

Z.  de bhrí gur méadaíodh go suntasach le blianta anuas an sciar d’íocaíochta nach bhfuil bunaithe ar airgead tirim; de bhrí nár cheart go mbainfeadh creat feabhsaithe d’idirbheart gan airgead tirim an bonn den chumas airgead tirim a úsáid mar mhodh íocaíochta;

AA.  de bhrí gurb í an earnáil airgeadais an t-úsáideoir is mó ar domhan de theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC), arb ionann í agus cúigiú cuid de chaiteachas iomlán TFC;

AB.  de bhrí go bhféadfadh cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua san earnáil airgeadais rioscaí nua a chruthú nach mór a rialáil agus faireachán a dhéanamh orthu chun an chobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh inmheánaigh agus cosaint tomhaltóirí a choimirciú;

AC.  de bhrí go mbeidh sé mar thoradh ar úsáid mhéadaithe na hintleachta saorga i seirbhísí airgeadais go mbeidh gá le hathléimneacht oibríochtúil níos láidre agus leis an maoirseacht chomhfhreagrach iomchuí agus le cosaint sonraí mar a fhoráiltear le dlí an Aontais;

AD.  de bhrí gur féidir le fadhbanna nua oibríochtúla, go háirithe TFC agus rioscaí slándála, rioscaí córasacha a ghiniúint don earnáil airgeadais; ba cheart aghaidh a thabhairt ar rioscaí nua den sórt sin trí bhearta iomchuí, mar a chuir an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach i bhfios(21);

AE.  de bhrí go bhfuil cur chuige treallach ann i leabhar rialacha AE maidir le seirbhísí airgeadais faoi láthair i dtaca le saincheist forálacha riosca oibriúcháin;

AF.  de bhrí go n-éilíonn TFC agus na rioscaí slándála atá ag bagairt ar an earnáil airgeadais, agus leibhéal a comhtháthaithe ar leibhéal AE, gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí níos forbartha a chuireann le Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do ghréasáin agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais a ghlacadh(22), agus a théann os a chionn sin;

AG.  de bhrí gur dlúthchuid den obair ar athléimneacht oibríochtúil na n-institiúidí airgeadais ar leibhéal domhanda í an chibear-athléimneacht;

AH.  de bhrí gur cheart go mbeadh éifeachtacht leithdháilte láidir chaipitil agus riosca agus an cuimsiú airgeadais is fairsinge maidir le saoránaigh laistigh de sheirbhísí airgeadais ag margadh airgeadais feidhmiúil, inbhuanaithe agus athléimneach;

AI.  de bhrí gur féidir le húsáid na seirbhísí néalríomhaireachta buntáistí móra a thabhairt i ndáil le hathléimneacht oibríochtúil agus éifeachtúlacht do sholáthraithe seirbhísí airgeadais i gcomparáid le réiteach oidhreachta ar an láthair, ach go bhfuil dúshláin bhreise ag baint léi freisin maidir le slándáil sonraí agus phróisis, leanúnachas gnó i gcás éaradh seirbhíse agus leochaileacht ghinearálta i ndáil le cibearchoireacht;

AJ.  de bhrí go bhfuil gá le cothroime iomaíochta idir gnólachtaí seirbhísí airgeadais agus gnólachtaí teicneolaíochta chun a áirithiú go bhfuil na gnólachtaí go léir in iomaíocht le chéile ar chomhchéim, agus an prionsabal más rud é gurb ionann an riosca agus an ghníomhaíocht, gur cheart don rialáil a bheith mar a chéile freisin ’ á leanúint acu;

AK.  de bhrí nár cheart arbatráiste rialála, cosaint tomhaltóirí níos ísle, sábháilteacht laghdaithe ná rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bheith mar thoradh ar sheirbhísí airgeadais digiteacha a thabhairt isteach;

AL.  de bhrí go bhfuil go leor institiúidí móra airgeadais san Aontas ag brath ar sholáthraithe seirbhísí néalríomhaireachta ó thríú tíortha;

AM.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí chun cabhrú le cuideachtaí a n-oibleagáidí comhlíonta RGCS a thuiscint;

AN.  de bhrí gur minic nach bhfuil tionscnóir aitheanta ag cripteashócmhainní agus nach gcruthaíonn siad éileamh airgeadais ar shócmhainn fholuiteach, rud atá contrártha i gcás stablecoin, licíní urrúis agus licíní tráchtearraí a bhfuil tionscnóir aitheanta acu ar fad;

AO.  de bhrí, cé gur féidir aicmiú i mbealaí malartacha a dhéanamh ar na licíní arna n-eisiúint ag fiontraithe i bhfoirm éilimh ar shreabhadh airgid, éileamh iarmharach nó éileamh táirge/seirbhís amach anseo, gur cheart go dtabharfadh a n-aicmiú i ndlí an Aontais intuarthacht agus aonchineálacht rialála sna margaí Eorpacha; de bhrí gur cheart go gcuirfí dearthaí hibrideacha ionchasacha san áireamh i rialáil feidhmiúil agus ábhartha ó thaobh teicneolaíochta de ar licíní, agus go soláthrófar sainmhínithe a uasmhéadaíonn cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí, a mhéadaíonn cinnteacht dhlíthiúil agus a giarálann acmhainneacht láidir na n-ionstraimí sin trí mhaoiniú a thabhairt do thionscadail fiontraíochta a bhfuil riosca ag baint leo; de bhrí go bhfuil feidhm eacnamaíoch fholuiteach na licíní ina táscaire tábhachtach dá n-aicmiú;

AP.  de bhrí gur ghlac an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) sainmhíniú leathan ar airgeadra fíorúil agus gur mhol sé go n-ionchorprófaí, laistigh de raon feidhme na n-oibleagáidí maidir le comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT), aon duine nádúrtha nó dlíthiúil a chuireann gníomhaíochtaí i gcrích lena n-áirítear malartú idir cripteashócmhainní, aistriú cripteashócmhainní agus rannpháirtíocht i seirbhís airgeadais a bhaineann le tairiscintí tosaigh monaí agus soláthar na seirbhísí airgeadais sin;

AQ.  de bhrí gur contúirt chriticiúil é an sciúradh airgid nach mór a chosc i réimse an airgeadais dhigitigh; de bhrí gur cheart go mbeadh córas cuimsitheach ‘Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ (KYC) agus comhlíonadh AML i bhfeidhm, mar a fhoráiltear i ndlí an Aontais, fiú má chuireann an t-airgeadas digiteach feabhas ar chuimsiú airgeadais; de bhrí, cé go bhféadfaí cripteashócmhainní a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, go bhféadfadh a stádas rialála mar mhodh íocaíochta, seachas mar mhodh malartaithe, feabhas a chur ar fhaireachán ar choireacht airgeadais agus ar a cosc;

AR.  de bhrí gur féidir leis an nascacht mhéadaithe, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus idirghníomhaíocht idir daoine agus meaisíní eispéaras níos fearr maidir le seirbhísí airgeadais a chruthú, ach go mbaineann rioscaí nua leo freisin maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta, cáilíocht na hidirghníomhaíochta, bainistiú an riosca oibríochtúil agus dúshláin chibearshlándála;

Moltaí:

Breithnithe Ginearálta

1.  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún an Pacáiste Airgeadais Dhigitigh lena n-áirítear dhá thogra reachtacha maidir le criptea-shócmhainní agus athléimneacht oibríochtúil; á mheas go bhfuil an togra ón gCoimisiún maidir le criptea-shócmhainní, chomh maith leis an togra maidir le hathléimneacht oibríochtúil agus cibear-athléimneacht, tráthúil, úsáideach agus riachtanach i ngeall ar fhorbairtí a tharla le déanaí i margaí an Aontais agus i margaí domhanda agus gur céim ríthábhachtach é i dtreo soiléireacht dhlíthiúil a thabhairt agus i dtreo córas nua rialála a fhorbairt; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nár thug an Coimisiún aghaidh mar ba cheart ar na fadhbanna a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus gníomhaíocht choiriúil maidir le criptea-shócmhainní, ar fadhbanna iad atá fós gan réiteach den chuid is mó; á iarraidh go nglacfaidh an Coimisiún bearta práinneacha sna réimsí sin de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

2.  á mheas go mbeidh Airgeadais Digiteach, a bhfuil ról príomha aige maidir le gníomhaíochtaí airgeadais a fhorbairt, lárnach i rathúnas Aontas na Margaí Caipitil (CMU) trí roghanna airgeadais do chuideachtaí agus do shaoránaigh a mhéadú, agus trí roghanna infheistíochta chomh maith, agus ag moladh don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar conas nuálaithe a chumhachtú agus, dá bhrí sin, conas tairbhí na Teicneolaíochta Airgeadais a úsáid chun comhtháthú margaidh caipitil agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a chur chun tosaigh san Aontas agus conas a ollmhéid a ardú ar fud an domhain;

3.  ag cur béim ar an tábhacht mhéadaithe atá le bearta faireacháin agus athbhreithniúcháin a bhaineann le rialáil an airgeadais dhigitigh, agus aird á tabhairt go háirithe ar an méadú atá ag teacht ar ábharthacht na hearnála agus an domhan ag dul i ngleic le paindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá aghaidh a thabhairt, trí chreat reachtach iomchuí agus forálacha maidir le cosaint tomhaltóirí, ar na rioscaí sonracha a ghabhann leis an airgeadas digiteach ar leibhéal na rialála agus na maoirseachta;

4.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh an Coimisiún a chuid oibre a ailíniú go dlúth le fóraim idirnáisiúnta agus comhlachtaí rialála i dtaobh caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt i bhfianaise chineál trasdlínsiúil an airgeadais dhigitigh, gan dochar do shaincheart an Aontais forálacha rialála agus maoirseachta atá ábhartha d’imthosca an Aontais a ghlacadh; á mheabhrú, go háirithe, gur gá idir-inoibritheacht chreat rialála an Aontais le prionsabail arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a áirithiú;

5.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an fhorbairt atá á déanamh ar go leor teicneolaíochtaí a bhaineann leis an airgeadas digiteach fós ina tús; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfear, dá bhrí sin, aon bhearta reachtacha nua a chur faoi réir measúnú críochnúil todhchaí-dhírithe ar na rioscaí agus na tairbhí atá ann do thomhaltóirí agus don chobhsaíocht airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige iomlánaíoch agus torthaí-dhírithe atá comhréireach, rioscabhunaithe agus trasearnálach a úsáid ina chuid oibre ar airgeadas digiteach;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an eolas agus an taithí a fuarthas ón bhFóram Eorpach d’Éascaitheoirí na Nuálaíochta chun gníomhú mar cheannródaí chun timpeallacht fhabhrach inbhuanaithe a chruthú do mhoil agus gnólachtaí Eorpacha na teicneolaíochta airgeadais, agus freisin don tionscal airgeadais seanbhunaithe, trí úsáid a bhaint as airgeadas digiteach chun infheistíocht choigríche a mhéadú ó thaobh scála de agus a mhealladh agus chun láithreacht an Aontais i margaí domhanda a mhéadú;

7.  á mheas, i ndáil leis an méid sin, gur cheart an t-airgeadas digiteach a mheas mar uirlis bhunriachtanach agus éifeachtach do FBManna na hEorpa agus lenar féidir réitigh fhíor-ama agus thapa a chuirtear in oiriúint dá gcuid riachtanas maoinithe a sholáthar; á chreidiúint go bhféadfadh an t-airgeadas digiteach a bheith ina chabhair leis an mbearna mhaoinithe do FBManna a dhúnadh;

8.  á chur i bhfáth gur cheart a áirithiú le haon bhearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais go bhfuil an spás rialála ag na rannpháirtithe margaidh, idir bheag agus mhór, chun bheith ag nuáil, agus gur cheart léiriú a thabhairt ar na prionsabail seo a leanas le haon reachtaíocht nó maoirseacht nua nó nuashonraithe i réimse an airgeadais dhigitigh:

   a. ba cheart na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí céanna agus na rioscaí comhchosúla a bhaineann leo a bheith faoi réir na rialacha céanna;
   b. comhréireacht agus neodracht na teicneolaíochta;
   c. cur chuige bunaithe ar riosca, trédhearcacht agus cuntasacht;
   d. urraim do na cearta bunúsacha, go háirithe cosaint don phríobháideachas agus do shonraí pearsanta, mar a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
   e. leibhéil níos airde de chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí;
   f. cothroime iomaíochta;
   g. cur chuige atá fabhrach don nuálaíocht;

9.  á chur i bhfios gur cheart na forbairtí gasta i margaí rafara na gcripteashócmhainní agus ICOnna a chur san áireamh le haon bhearta nua nó nuashonraithe a ghlactar ar leibhéal an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfear cothroime iomaíochta a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, agus siopadóireacht dlínse agus arbatráiste rialála a sheachaint; ag tabhairt rabhaidh nár cheart srian a chur, de bharr na mbeart sin, ar na deiseanna fáis atá ann do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, agus gur cheart, a bhuí leis na bearta sin, éiceachóras inbhuanaithe a sholáthar, ar éiceachóras é ina bhfásfaidh an t-airgeadas digiteach laistigh den mhargadh inmheánach, agus cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh agus cosaint tomhaltóirí á n-áirithiú san am céanna;

10.  á chur i bhfios go bhféadfadh boscaí gainnimh rialála agus moil nuálaíochta a bheith ina n-uirlisí áisiúla do chuideachtaí an airgeadais dhigitigh chun triail a bhaint, i dtimpeallacht rialaithe, as táirgí airgeadais nuálacha, as seirbhísí airgeadais nuálacha nó as samhla gnó nuálacha, agus chun go bhféadfaidh údaráis inniúla tuiscint níos fearr a fháil ar na gníomhaíochtaí sin agus saineolas rialála ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, agus an t-idirphlé idir cuideachtaí agus rialtóirí á éascú ar an gcaoi sin; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhféadfadh freisin rioscaí suntasacha do chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a bheith ag gabháil leo agus go bhféadfaidís calaois airgeadais a chumasú agus, san am céanna, rioscaí a chruthú maidir le hilroinnt maoirseachta agus arbatráiste rialála;

11.  á chur i bhfios go láidir gur cheart féachaint, le haon bhosca gainnimh, lena n-áirítear bosca gainnimh uile-Eorpach, le cothromaíocht a bhaint amach idir na cuspóirí maidir le nuálaíocht, cobhsaíocht airgeadais agus cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a chothú, agus méid, tábhacht shistéamach agus gníomhaíocht trasteorann na ngnólachtaí lena mbaineann á gcur san áireamh san am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún creat comhchoiteann de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh bosca gainnimh uile-Eorpach le haghaidh seirbhísí airgeadais dhigitigh, ós rud é go ndéanfadh sé tairbhí breise maidir le nuálaíocht airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais, mar aon le hilroinnt maoirseachta laghdaithe, a sholáthar;

12.  á thabhairt chun suntais go bhfuil an triantán muiníne, fíoraithe céannachta agus sonraí tábhachtach chun a áirithiú gur féidir le hoibreoirí, tomhaltóirí agus maoirseoirí muinín a bheith acu as an airgeadas digiteach;

13.  á mheas gurb iomchuí tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thionscnaimh maidir le CBDCanna a chur chun feidhme laistigh den Aontas agus ar leibhéal domhanda; ag iarraidh ar BCE breithniú ar mheasúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh d’fhonn roghanna peirspictíochta maidir le CBDCanna a thíolacadh, lena n-áirítear anailís ar na deiseanna agus rioscaí a bhaineann le euro digiteach a bhunú; á chreidiúint gur cheart breithniú ar ról na dteicneolaíochtaí foluiteacha sa mheasúnú sin; á iarraidh ar údaráis mhaoirseachta an Aontais, thairis sin, tuilleadh taighde sa réimse sin a chur chun cinn, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BCE idirphlé a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus measúnú a dhéanamh ar na tairbhí agus impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le CBDCanna a úsáid ar bhonn níos leithne ar fud an domhain;

14.  á chreidiúint gur cheart do pharaiméadair agus prionsabail an mheasúnaithe tionchair agus na hanailíse a dhéanfar ina dhiaidh sin a bheith ag brath ar ról CBDCanna maidir leis an laghdú ar úsáid airgid thirim a fhorlíonadh, ar paraiméadair agus prionsabail iad lena n-áiritheofar iontaoibh as an gcóras airgeadais, lena ndéanfar foráil do chuimsiú airgeadais níos mó agus do rochtain ar mhodh poiblí íocaíochta, agus lena ráthófar cobhsaíocht airgeadais agus airgeadaíochta san am céanna;

15.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le cóineasú rialála agus maoirseachta níos láidre, agus é mar aidhm leis sin creat comhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag Údaráis Mhaoirseachta na hEorpa (ÚMEnna) maidir leis an méid sin a éascú; á iarraidh go mbeadh idirphlé struchtúrtha ann idir ÚMEnna agus údaráis inniúla náisiúnta (NCAnna), ar idirphlé é ba cheart a bheith dírithe ar dhúshláin mhaoirseachta reatha agus ar chleachtais a chóineasú i dtreo maoirseacht gan uaim ar gach leibhéal, eadhon maidir leis an airgeadas digiteach, frithsciúradh airgid, cosaint príobháideachais agus cosaint sonraí, agus maidir le dúshláin agus deiseanna a bhaineann leis an gcibearshlándáil; á mheas gur cheart an t-idirphlé struchtúrtha sin a dhíriú, i réimse an airgeadais dhigitigh, ar laghdú a dhéanamh ar arbatráiste, ar iomaíocht mhaoirseachta agus ar bhacainní eile atá ar oibríochtaí trasteorann faoi láthair;

16.  á mholadh go mbeadh maoirseoir Eorpach aonair ann, chun oibriú i ndlúthchomhar le hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus le hÚdaráis Náisiúnta Inniúla eile, bunaithe ar leabhar coiteann rialacha agus cumhachtaí idirghabhála táirgí le haghaidh maoirseachta, sna réimsí seo a leanas de ghníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní: soláthraithe a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat chomh maith le soláthraithe sparán, agus na Soláthraithe Seirbhíse Sócmhainní Fíorúla uile eile a chumhdaítear le caighdeáin FATF; ag an am céanna, á thabhairt dá aire gur gá cuntasacht an mhaoirseora Eorpaigh sin a áirithiú, agus gur gá próiseas athbhreithnithe breithiúnach a sholáthar do ghníomhaíochtaí an mhaoirseora Eorpaigh; á thabhairt dá aire, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní; á thabhairt chun suntais gur cheart don mhaoirseoir aonair, i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní a bhfuil gné shuntasach thrasteorann acu san Aontas agus gur cheart dó struchtúir iomchuí inmheánacha a fhorbairt chun maoirseacht éifeachtúil agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais ar chripteashócmhainní a áirithiú;

17.  á chur in iúl go n-aontaíonn sí le seasamh BCE maidir leis an tábhacht atá le hairgead fisiciúil mar dhlíthairiscint; á chur i bhfáth nach bhféadfaidh srianta ar íocaíochtaí miondíola in airgead tirim ná díothú airgid thirim leanúint as dul chun cinn i réimse na n-airgeadraí fíorúla agus na n-íocaíochtaí digiteacha;

18.  á thabhairt chun suntais gur cúis bhuartha di an tionchar a bhíonn ag cripteamhianadóireacht ar an gcomhshaol; á chur i bhfáth go bhfuil gá le réitigh atá dírithe ar lorg éiceolaíoch cripteashócmhainní príomhshrutha a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún an méid sin a chur san áireamh in aon tionscnamh rialála atá ar na bacáin, agus aird á tabhairt ar thiomantas an Aontais do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus don aistriú riachtanach i dtreo sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ar a dhéanaí;

Creat do Chripteashócmhainní a shainmhíniú

19.  á mheas go bhfuil forbairt tacsanomaíochta cuimsithí uile-Eorpaí do tháirgí nua amhail cripteashócmhainní riachtanach mar chéim i dtreo comhthuiscint a chothú, comhoibriú ar fud dlínsí a éascú agus deimhneacht dhlíthiúil níos mó a sholáthar do rannpháirtithe margaidh a oibríonn ar bhonn trasteorann; á mholadh go ndéanfaí na creataí náisiúnta rialála agus maoirseachta atá ann faoi láthair a chur san áireamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht leis an gcomhar idirnáisiúnta agus le tionscnaimh dhomhanda maidir le creat de chuid an Aontais do chripteashócmhainní, agus aird á tabhairt go háirithe ar an bhfíoras go bhfeidhmíonn siad gan beann ar theorainneacha;

20.  á mheas go bhféadfadh sé a bheith níos iomchuí teimpléad neamhiata tacsanomaíochta a fhorbairt ar leibhéal an Aontais, agus é á chur san áireamh gur deighleog mhargaidh é sin a bhíonn ag síorathrú, agus gur cheart do thacsanamaíocht den sórt sin feidhmiú mar bhonn do ghníomhaíochtaí iomchuí reachtaíochta nó rialála; á chreidiúint, áfach, nach ann d’aon réiteach a oireann do chách a mhéid a bhaineann le cáiliú dlíthiúil cripteashócmhainní, agus go bhfuil tábhacht, dá bhrí sin, le creat faoina bhféadfaidh maoirseoirí faireachán agus oiriúnú a dhéanamh;

21.  ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a fhorbraíonn gnólachtaí nuathionscanta atá dírithe ar thomhaltóirí seirbhísí airgeadais nuálacha a théann chun tairbhe do shaoránaigh agus cuideachtaí an Aontais, agus gur cheart gach creat reachtach a cheapadh d’fhonn tuilleadh nuálaíochta agus rogha níos mó a bheith ag tomhaltóirí a chumhachtú i seirbhísí airgeadais;

22.  ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in éagmais cur chuige comhchoiteann rialála de chuid an Aontais i leith cripteashócmhainní, go bhfuil tús curtha ag Ballstáit cheana féin le gníomhaíochtaí reachtaíochta agus maoirseachta a ghlacadh, agus go bhfuil ag méadú ar an mbrú atá orthu gníomhú i ngeall ar ábhair imní a bhaineann le cosaint tomhaltóirí; á chur i bhfios gur féidir an margadh a ilroinnt, éiginnteacht dhlíthiúil a mhéadú, an bonn a bhaint ó chothroime iomaíochta agus deiseanna a thabhairt maidir le harbatráiste rialála i ngeall ar léirmínithe éagsúla agus cur chuige neamh-chomhordaithe ar fud na mBallstát;

23.  á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh aon aicmiú breise cothromúil agus solúbtha chun oiriúnú do shamhla gnó agus rioscaí a bhíonn ag síorathrú agus chun spás a thabhairt do nuálaíocht agus iomaíochas san earnáil, agus é á áirithiú, san am céanna, gur féidir rioscaí a shainaithint agus a mhaolú ag céim luath;

24.  á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le soiléiriú ar an treoir le haghaidh na bpróiseas rialála agus stuamachta is infheidhme chun deimhneacht rialála a sholáthar agus chun maoirseacht leormhaith agus cóireáil stuamachta leormhaith ar chripteashócmhainní a leagan amach; á chur in iúl go bhfuil sí ar aon intinn le coiste Basel agus le ÚBE gur cheart do bhainc a shealbhaíonn cripteashócmhainní cóireáil stuamachta choimeádach a chur i bhfeidhm ar chripteashócmhainní, go háirithe orthu siúd lena ngabhann riosca ard;

25.  á mheas go ndéanfar institiúidí rialáilte airgeadais, go háirithe institiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta agus cistí pinsin, a chur faoi réir teorainneacha sonracha nochta uasta i bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le hardleibhéil gníomhaíochta cripteashócmhainní do chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, thairis sin, gur den ríthábhacht iad dícheall cuí, rialáil stóinsithe agus bainistiú riosca stóinsithe, nochtadh iomlán i leith aon neamhchosaint agus idirphlé stuama leis na maoirseoirí; á chreidiúint gur cheart leasuithe ina leith sin a áireamh san athbhreithniú atá ar na bacáin ar an gcreat maidir le ceanglais chaipitil;

26.  á mheas gur cheart gach gníomhaí agus rannpháirtí a bhíonn ag gabháil de ghníomhaíocht a bhaineann le cripteashócmhainní a chur faoi réir chaighdeáin an chreata rialála airgeadais atá ann faoi láthair, de réir mar is infheidhme; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur gá forálacha agus sásraí dlíthiúla a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar na caighdeáin rialála le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le cripteashócmhainní, go háirithe maidir le cosaint tomhaltóirí agus le AML/CFT, a fhorfheidhmiú freisin nuair is as áit lasmuigh den Aontas a dhéantar na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí sin a sholáthar nó a oibriú; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur cheart do rialacha sonracha maidir le trédhearcacht agus sláine an mhargaidh a bheith coibhéiseach ar a laghad leo siúd i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE(23) (MiFID II) d’eisitheoirí agus urraitheoirí uile cripteashócmhainní, lena mbunaítear rialacha diana maidir le faisnéis do chliaint fhéideartha, ar rialacha iad ba cheart a bheith soiléir agus neamh-mhíthreorach, mar aon le ceanglais maidir le measúnuithe oiriúnachta;

27.  á mheas nár cheart roinnt cripteashócmhainní – na cinn sin is mó a úsáidtear ar bhealaí neamhdhleathacha – a dhlisteanú trína gcur faoin gcóras rialála atá ann faoi láthair; á thabhairt chun suntais go mbeadh riosca do chosaint tomhaltóirí ag gabháil le haon dlisteanú neamh-inmhianaithe agus go mbainfí an bonn de shláine an mhargaidh dá bharr; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, rialacha diana a bhunú maidir le rabhaidh do chliaint fhéideartha agus a chinntiú go sannfar na cumhachtaí idirghabhála is gá do na húdaráis inniúla chun srian nó toirmeasc a chur ar oibríochtaí agus gníomhaíochtaí maidir leis na cripteashócmhainní sin ar chun críoch neamhdhleathach is mó a úsáidtear iad; 

28.  á chur i bhfáth gur cheart, ach an tacsanamaíocht a bheith ar fáil, rioscaí a bhaineann le sealúchais agus le neamhchosaintí ar chripteashócmhainní a chomhtháthú ina n-iomláine sa phróiseas um athbhreithniú agus meastóireacht maoirseachta; á thabhairt chun suntais, maidir leis an méid sin, go bhfuil gá le ceanglais leormhaithe agus chaighdeánaithe maidir le nochtadh aon neamhchosaintí ábhartha nó seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní;

29.  á chur i bhfios go mbeidh gá le haghaidh a thabhairt, trí athruithe spriocdhírithe, ar bhearnaí rialála i ndlí an Aontais atá ann cheana, agus go mbeidh gá le córais rialála shaincheaptha le haghaidh gníomhaíochtaí nua agus síorathraitheacha cripteashócmhainní, amhail ICOnna nó tairiscintí tosaigh malartáin (IEOnna); ag tabhairt dá haire go bhféadfadh cineálacha áirithe cripteashócmhainní, amhail ‘urrúis inaistrithe’ mar a sainmhínítear faoi MiFID II iad, a bheith ag luí leis an gcreat rialála atá ann cheana; á chreidiúint gur cheart caitheamh leis na cripteashócmhainní sin a d’fhéadfadh teacht faoi MiFID II ar an mbealach céanna le hurrúis inaistrithe eile a thagann faoin gcóras céanna, agus á chreidiúint, mar sin, gur athruithe spriocdhírithe ar fhorálacha ábhartha MiFID II a bheadh ag teastáil, seachas creat reachtach saincheaptha ina leith;

30.  á chur i bhfáth gur gá rialáil a dhéanamh, ar bhealach comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, ar chripteashócmhainní áirithe nach dtiocfadh faoi fhorálacha MiFID II;

31.  ag tabhairt dá haire gur catagóir uathúil de chripteashócmhainní iad cripteamhonnaí cobhsaí; ag tabhairt le fios gurb amhlaidh, ag an gcéim seo, nach bhfuil cripteamhonaí cobhsaí á n-úsáid go forleitheadúil san Aontas go fóill; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhféadfadh a nglacadh forleathan a bheith ina mbagairtí suntasacha ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar tharchur an bheartais airgeadaíochta agus ar rialú daonlathach; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur ghlac an gCoimisiún, dá bhrí sin, creat reachtach a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú, inter alia, go mbeidh ráta comhshó cobhsaí idir cripteamhonaí cobhsaí agus airgeadraí fiat agus go mbeifear in ann an cripteamhona cobhsaí faoi seach a thiontú ina airgeadra fiat ar parluach am ar bith; á chur i bhfáth, áfach, gur gá go mbeadh oibleagáid dhlíthiúil ar eisitheoirí uile cripteamhonaí cobhsaí éileamh díreach a dheonú don sealbhóir agus na cripteamhonaí chobhsaí a fhuascailt ar parluach in airgeadra fiat tráth ar bith agus sásraí leormhaithe a chur i bhfeidhm chun na cúlchistí cobhsaíochta a chosaint agus a leithscaradh chuige sin.

32.  á thabhairt chun suntais go bhféadfaí, a bhuí le ICOnna agus IEOnna, méadú ar an rochtain ar chistiú atá ag FBManna, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí nuálacha atá i mbun fáis, agus gur féidir leo dlús a chur leis an aistriú teicneolaíochta agus a bheith ina gcroíchuid de CMU; ag tabhairt dá haire, áfach, gur eisigh údaráis mhaoirseachta éagsúla rabhaidh maidir le ICOnna mar gheall ar an easpa trédhearcachta agus ceanglas nochta a bhaineann leo agus a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le rioscaí d’infheisteoirí agus do thomhaltóirí;

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le creat reachtach a mholadh le haghaidh ICOnna agus IEOnna, a mbeadh sé mar aidhm leis trédhearcacht, deimhneacht dhlíthiúil, agus cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a mhéadú, agus na rioscaí a eascraíonn as faisnéis neamhshiméadrach, iompar calaoiseach agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a laghdú; á áitiú go ndéanfar an mhaoirseacht agus an faireachán ar an gcreat sin a chomhordú ar leibhéal an Aontais;

34.  á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh creat comhchoiteann de chuid an Aontais maidir le cripteashócmhainní ina chabhair le coimirciú a dhéanamh ar ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus infheisteoirí, ar shláine an mhargaidh agus ar chobhsaíocht airgeadais, le cur i bhfeidhm fhorálacha AML a fhorfheidhmiú, amhail oibleagáidí KYC maidir le gníomhairí a bhíonn ag gabháil d’idirbhearta a bhaineann le cripteashócmhainní, gan díolúintí a bheith ann ach amháin i gcás idirbhearta ócáideacha faoi bhun tairseach íosta, agus le feabhas a chur ar an bhformhaoirseacht a dhéantar ar an teicneolaíocht fholuiteach ionas go bhféadfaidh na húdaráis a mbíonn coirí á n-imscrúdú acu tairbhithe deiridh na n-idirbheart íocaíochta a shainaithint go hiontaofa agus gan mhórán dua;

35.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na torthaí ar thaighde a rinneadh le déanaí(24) agus lena léirítear go bhfuil nasc ag a leath d’idirbhearta cripteashócmhainní le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail earraí nó seirbhísí neamhdhleathacha a cheannach nó a dhíol, sciúradh airgid agus íocaíochtaí in ionsaithe bogearraí éirice; á thabhairt chun suntais gur foilsíodh torthaí le déanaí lena dtugtar le tuiscint go bhfuil baint ag Bitcoin le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha dar luach USD 76 bhilliún in aghaidh na bliana;

36.  á athdhearbhú gur gá aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar rioscaí AML/CTF a eascraíonn as gníomhaíochtaí trasteorann agus teicneolaíochtaí nua, go háirithe na rioscaí sin a ghabhann le cripteashócmhainní;

37.  á chur i bhfios go láidir, maidir leis na bearnaí reatha i gcreat AML le haghaidh cripteashócmhainní amhail i gcur i bhfeidhm phrionsabal KYC, go bhfuil siad ina gcúis le éagothroime iomaíochta idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochta airgeadais; á mheas gur cheart forálacha AML/CTF do sholáthraithe seirbhísí a bhaineann le cripteashócmhainní a fhormheidhmiú freisin i gcás soláthraithe eachtracha a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le sainmhíniú cuimsitheach ar ‘shócmhainní fíorúla’ chun léiriú níos fearr a thabhairt ar chineál na gcripteashócmhainní agus an fheidhm atá leo chun críche AML/CTF; á chur i bhfios go ndéanfar an sainmhíniú ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a nuashonrú freisin chun a áirithiú go gcumhdófar cripteashócmhainní go leormhaith;

38.  ag tabhairt dá haire go ndearnadh nuashonrú ar Mholadh 16 FATF atá ann cheana maidir leis an Riail Taistil do Sholáthraithe Seirbhíse Sócmhainní Fíorúla (VASPanna), agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na himpleachtaí a ghabhann leis do sholáthraithe cripteamhalartaithe agus ríomhthiacóige faoi chuimsiú Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún(25);

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, raon na n-eintiteas faoi oibleagáid a leathnú faoi chreat AML/CTF, i gcomhréir leis na moltaí a rinne FATF agus ESMA, chun a áirithiú gur faoi réir na n-oibleagáidí céanna maidir le AML/CTF a bheidh gach gníomhaíocht a bhaineann le cripteashócmhainní, maidir le soláthraithe malartuithe de chineál fíorúil-go-fíorúil, le catagóirí eile de sholáthraithe tiachóige agus le ICOnna;

40.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart éinne a fhágáil ar gcúl de bharr leathnú an airgeadais dhigitigh agus go gcaithfidh infhaighteacht réiteach airgeadais dhigitigh do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí neamhghairmiúla a bheith ag gabháil bonn ar bhonn le hiarrachtaí níos mó chun trédhearcacht, feasacht an phobail agus rochtain ar fhaisnéis a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i gcláir chun inniúlacht dhigiteach agus airgeadais a fheabhsú;

41.  ag tabhairt dá haire go mbíonn dúshláin agus rioscaí suntasacha ag baint le haon airgeadra digiteach arna fhorbairt ag banc ceannais a thabhairt isteach (e.g. rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, cosaint taiscí, impleachtaí ar tharchur beartais airgeadaíochta, impleachtaí ar idirghabháil creidmheasa, ionadú modhanna eile íocaíochta, slógadh amach rannpháirtithe príobháideacha margaidh), ar dúshláin agus rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná na tairbhí a mheastar a bheith le CBDCanna;

42.  ag tabhairt dá haire go bhféadfaí roinnt de na heasnaimh a mheastar a bheith sa chóras íocaíochta Eorpach a leigheas trí fheabhas a chur, de réir a chéile, ar an gcóras atá ann cheana, amhail íocaíochtaí meandracha costéifeachtacha a leathnú amach ar bhonn níos mó;

Cur chuige comhchoiteann maidir le cibear-athléimneacht na hearnála airgeadais

43.  á chur i bhfios gurb amhlaidh, leis an méadú atá ag teacht ar dhigiteáil na seirbhísí airgeadais, agus freisin le seachfhoinsiú chuig soláthraithe seachtracha réiteach nó cothabhála TF, amhail néalsoláthraithe, gur féidir cabhrú go háirithe le gnólachtaí nuathionscanta a bheith ag nuáil agus rochtain a bheith acu ar theicneolaíocht nach mbeadh acu murach sin; ag tabhairt rabhaidh, áfach, go bhfuil ag géarú ar neamhchosaint na n-institiúidí agus na margaí airgeadais ar mhíshocracht de bharr teipeanna inmheánacha, ionsaithe seachtracha nó anáis airgeadais, agus gur gá, dá bhrí sin, measúnú críochnúil a dhéanamh ar rioscaí oibríochtúla i bhfianaise na timpeallachta sin a bhíonn ag síorathrú; á mheas gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh slándáil, athléimneacht agus éifeachtúlacht ina dtreoirchuspóirí le haon reachtaíocht a mholfaí maidir leis an méid sin;

44.  ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, cé go mbíonn sé thar a bheith deacair na costais iomlána ar chibirtheagmhais a shuí, gur idir USD 45 bhilliún agus USD 654 bhilliún a bhí i gceist don gheilleagar domhanda in 2018, de réir meastacháin ón tionscal;

45.  á thabhairt chun suntais go raibh earnáil an airgeadais ina príomhsprioc riamh anall ag cibearchoirpigh a bhí ag iarraidh airgead a ghnóthú;

46.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an anailís a rinne an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) lena dtaispeántar gur fíor go bhféadfadh cibirghéarchéim shistéamach a bheadh ina bagairt don chobhsaíocht airgeadais fás as cibirtheagmhas(26);

47.  á chur i bhfios gur ann cheana do cheanglais shonracha maidir le bainistiú slándála faisnéise i roinnt píosaí earnála de reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, cé nach amhlaidh atá i gcás réimsí eile de reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais; á mheabhrú gur eisigh údaráis mhaoirseachta rabhaidh cosanta tomhaltóirí maidir le ICOnna, ós rud é gur féidir leis an easpa trédhearcachta iomchuí agus ceanglas nochta a bheith ina cúis le rioscaí féideartha agus tromchúiseacha d’infheisteoirí;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún athruithe reachtacha i réimse TFC agus ceanglais chibearshlándála d’earnáil airgeadais an Aontais a mholadh, agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhréireachtaí, bearnaí agus bealaí éalaithe atá ann sa dlí ábhartha; á iarraidh ar an gCoimisiún, maidir leis an méid sin, breithniú ar an ngá le forléargas maoirseachta ar sholáthraithe TFC, agus aird á tabhairt ar na rioscaí tiúchain agus tógálachta a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le spleáchas mór earnáil na seirbhísí airgeadais ar líon beag soláthraithe TFC agus néalríomhaireachta;

49.  á mheas gur cheart go ndíreofaí ar cheithre phríomhréimse sna hathruithe sin:

   a. nuachóiriú ar rialachas agus bainistiú riosca TFC, agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta;
   b. ailíniú rialacha tuairiscithe maidir le teagmhais TFC;
   c. creat comhchoiteann maidir le tástálacha dul i bhfód agus athléimneachta oibríochtúla ar fud earnálacha uile an airgeadais;
   d. formhaoirseacht agus íoschaighdeáin i gcás sholáthraithe tríú páirtí criticiúla TFC;

50.  á chur i bhfáth gur gá faisnéis a roinnt tuilleadh, go háirithe maidir le teagmhais, agus go bhfuil gá le comhordú feabhsaithe idir na húdaráis rialála agus mhaoirseachta ábhartha, agus é á chur san áireamh go n-éilítear comhar éifeachtach, ní hamháin ar bhonn trasteorann ach freisin ar fud earnálacha éagsúla, chun athléimneacht agus ullmhacht a fhorbairt chun déileáil le cibirtheagmhais agus teagmhais oibríochtúla mhórscála; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart é sin a dhéanamh trí chumhachtaí áirithe a dheonú do mhaoirseoirí chun maoirseacht a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag tríú páirtithe, eadhon cearta feabhsaithe maidir le hiniúchadh, le hiniúchóireacht agus le smachtbhannaí;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhar i bhfóraim idirnáisiúnta chun gur fusa a bheidh sé caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt maidir le néalríomhaireacht agus seachfhoinsiú; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí anailís ar an ngá le bearta a bhaineann go sonrach leis an Aontas chun formhaoirseacht ar néalríomhaireacht agus ar sheachfhoinsiú a thabhairt ar aon dul le leibhéal na maoirseachta a dhéantar ar chórais leagáide; á chur i bhfios gur gá freisin caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt sna réimsí sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb amhlaidh, bíodh is gurb iad na hoibreoirí airgeadais atá freagrach as comhlíonadh, gur cheart an fhormhaoirseacht a dhéantar ar sholáthraithe tríú páirtí criticiúla a dhíriú ar fhaireachán a dhéanamh ar rioscaí tiúchain agus rioscaí cobhsaíochta agus ar chomhar a áirithiú idir na húdaráis ábhartha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart é sin a dhéanamh trí chumhachtaí áirithe a dheonú do mhaoirseoirí chun maoirseacht a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag tríú páirtithe, eadhon cearta feabhsaithe maidir le hiniúchadh, le hiniúchóireacht agus le smachtbhannaí;

52.  á chur i bhfáth, maidir le hathléimneacht an chórais airgeadais, go n-éilítear creat láidir teicneolaíochta chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmchláir ardteicneolaíochta i seirbhísí airgeadais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le straitéis nithiúil lena gcuirfear feabhas ar úsáid na teicneolaíochta rialála agus na teicneolaíochta maoirseachta;

53.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na maoirseoirí gníomhaíochtaí neamhreachtacha a chur ar bun chun treisiú leis an ullmhacht oibríochtúil in earnáil an airgeadais chun déileáil le cibirtheagmhais agus teagmhais oibríochtúla mhórscála, trí chleachtaí comhpháirteacha, prótacail oibríochtúla (‘leabhair treorach’), uirlisí slána comhoibrithe agus infheistíochtaí i leith athneartú bonneagar criticiúil agus i leith acmhainneachtaí iomarcaíochta na hEorpa; á thabhairt chun suntais gur gá do mhaoirseoirí saineolaithe inmheánacha agus acmhainní leormhaithe a bheith acu chun na cleachtaí agus gníomhaíochtaí maoirseachta sin a dhéanamh;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an riosca go dtiocfadh deiseanna trádála chun cinn ar an ‘margadh dubh’, agus ar na rioscaí a ghabhann le sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta, calaois chánach agus imghabháil cánach, agus gníomhaíochtaí coiriúla eile nach iad;

Sonraí

55.  á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag gabháil le bailiú agus anailísiú sonraí i gcás an airgeadais dhigitigh, agus á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur gá an reachtaíocht maidir le sonraí atá ann cheana a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de; á thabhairt chun suntais gur príomhtheicneolaíocht í an intleacht shaorga maidir le hiomaíochas an Aontais a fheabhsú ar leibhéal domhanda;

56.  á chur i bhfios gurb é an tAontas is mó a shocraíonn caighdeáin ar bhonn domhanda ó thaobh cosaint sonraí pearsanta de; á thabhairt chun suntais gur i gcomhréir le dlíthe ábhartha uile an Aontais agus le gach comhaontú idirnáisiúnta ábhartha ba cheart sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a aistriú agus a úsáid, agus foráil á déanamh, san am céanna, do shreabhadh dlíthiúil agus slán na sonraí is gá chun tionscnaimh nuálacha airgeadais a uas-scálú;

57.  á chur i bhfáth go bhfuil gá leis an saorshreabhadh sonraí laistigh den Aontas chun airgeadas nuálach a uas-scálú; á chur i bhfios, maidir le sreafaí sonraí trasteorann, lena n-áirítear sreafaí sonraí chuig tíortha tríu páirtí agus ó thíortha tríú páirtí, nach mór faireachán agus rialú a dhéanamh orthu faoi dhlí an Aontais maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí;

58.  á iarraidh, i ndáil leis sin, go n-áiritheofar an Coimisiún gur féidir le heintitis airgeadais dhigitigh rochtain a fháil ar shonraí ábhartha, iontaofa agus úsáideacha ar bhonn cothroime i gcomhréir le RGCS trí níos mó luacha do chustaiméirí a chruthú, rud a chothódh acmhainneacht an airgeadais dhigitigh agus a thabharfadh deiseanna do gnólachtaí teicneolaíochta airgeadais nuálacha chun bheith ag fás laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé urraim a léiriú do rialacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus a áirithiú nach ndéanfar dochar do leasanna tomhaltóirí agus don nuálaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na seirbhísí airgeadais atá á dtairiscint ag gnólachtaí ‘Mórtheicneolaíochta’, agus ar conas a d’fhéadfadh na buntáistí iomaíocha a bhaineann go dlúth leis na hoibreoirí sin iomaíocht sa mhargadh a shaobhadh agus díobháil a dhéanamh do leasanna na dtomhaltóirí agus don nuálaíocht;

59.  á thabhairt chun suntais nach mór go dtiocfaidh Coimisiún ar chothromaíocht idir slándáil sonraí agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú, agus taithí na dtomhaltóirí agus éifeachtúlacht seirbhíse a choimeád;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún, bunaithe ar chaighdeáin an Aontais atá ann cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le sainaithint leictreonach agus seirbhísí iontaoibhe d’idirbhearta leictreonacha sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE(27), breathnú a dhéanamh ar bhonneagar le haghaidh ionduchtú digiteach agus úsáid céannachtaí airgeadais digiteacha, a mbeadh sé d’aidhm acu na ceanglais rialála atá ann cheana ar fud an Aontais a chomhchuibhiú a mhéid is gá agus a n-úsáid a éascú chun foráil a dhéanamh d’oibríochtaí nach bhfuil chomh ilroinnte sin laistigh den mhargadh inmheánach, agus na forálacha ábhartha frithsciúrtha airgid á gcomhlíonadh acu; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá úsáid céannachtaí airgeadais digiteacha ar fud gach earnála agus gach Ballstáit agus go bhféadfadh tairbhí teacht as an úsáid sin, agus á áirithiú go mbeidh noirm cosanta sonraí agus phríobháideachais á gcomhlíonadh acu agus trí bhearta iomchuí agus comhréireacha a ráthú chun teagmhais sonraí nó céannachta a sheachaint;

61.  á chur i bhfios, maidir le próisis KYC (‘bíodh aithne agat ar do chustaiméir’), go bhfuil éagsúlacht idir gach Ballstát sna ceanglais dhlíthiúla maidir le hionduchtú miondíola a dhéanann institiúidí airgeadais agus, dá bhrí sin, gur minic nach féidir ionduchtú trasteorann a dhéanamh leis na tacair sonraí atá ann cheana, rud is amhlaidh freisin maidir le hionduchtú cliant corparáideach agus an próiseas KYC/KYB (bíodh aithne agat ar do ghnólacht) a bhaineann leis; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus comhchuibhiú na sonraí maidir le KYC a theastaíonn ó na Ballstáit a chothú;

62.  á aithint go bhfuil idir-inoibritheacht idir eintitis dhigiteacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéil an Aontais ríthábhachtach chun an glacadh margaidh is inmhianaithe a bhaint amach;

63.  á chur i bhfios go bhfuil úsáid níos mó agus níos mó á baint ag institiúidí airgeadais as sonraí custaiméirí nó ‘mórshonraí’, rud atá ríthábhachtach chun breisluach do chustaiméirí a chruthú agus iomaíochas a choimeád; ag athdhearbhú na gconclúidí agus na moltaí óna rún an 14 Márta 2017 maidir leis na himpleachtaí do chearta bunúsacha a bhaineann le mórshonraí: á mheabhrú an chreata reachtaigh le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear le RGCS agus á iarraidh ar na geallsealbhóirí uile méadú a dhéanamh ar iarrachtaí chun forfheidhmiú na gceart atá ann a ráthú; ag tabhairt an phrionsabail chun suntais, go háirithe, maidir leis ag gceart úinéireachta agus rialála ar a gcuid sonraí atá ag daoine aonair agus maidir leis an gceart chun iniomparthachta sonraí;

64.  á mheas go bhféadfadh céannacht fhéincheannasach bunaithe ar DLT a bheith ina gné ríthábhachtach maidir le réimse seirbhísí agus ardán nua a fhorbairt don mhargadh aonair digiteach, ar céannacht fhéincheannasach í a bheadh neamhspleách ar chomhiomlánóirí sonraí agus lena seachnófaí idirghabhálaithe, agus, ag an am céanna, lena soláthrófaí ardleibhéal slándála agus ardchaighdeáin cosanta sonraí do shaoránaigh aonair AE;

65.  á chreidiúint go bhféadfadh an easpa sonraí agus faisnéise inrochtana agus iontaofa maidir le gníomhaíochtaí airgeadais dhigitigh a bheith chun díobhála don fhás, do shláine an mhargaidh agus do chobhsaíocht airgeadais, agus don chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach agus imghabháil cánach; á mholadh go mbeadh trédhearcacht mhéadaithe agus tuairisciú feabhsaithe ann maidir le gníomhaíocht maoinithe airgeadais dhigitigh chun éagothroime agus rioscaí a laghdú, go háirithe i dtaobh oibritheoirí mórshonraí reatha a d’fhéadfadh tairbhí díréireacha a bhaint as rochtain mhéadaithe ar shonraí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá machaire comhréidh maidir le rochtain trasteorann ar shonraí mar a ráthaítear le RCGS i dtaca le sonraí pearsanta;

66.  á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról ríthábhachtacht ag caighdeáin maidir le bainistiú, comhroinnt agus malartú sonraí, lena n-áirítear idir-inoibritheacht agus inaistritheacht sonraí. Tá gá freisin, ina leith sin, le bonneagar iontaofa agus slán ó thaobh dlí de chomh maith le creat dlíthiúil fónta i ndáil le comhthiomsú agus comhroinnt sonraí a thugann muinín don lucht gnó as comhar sonraí ar bhonn traschuideachta nó, fiú amháin, ar bhonn trastionscail;

67.  á iarraidh go ndéanfar formhaoirseacht éifeachtach ar anailísíocht ‘mórshonraí’ ar bhealach lena dtabharfar aghaidh ar dhoiléireacht na samhlacha, agus á áiritheoidh ag an am céanna go mbeidh rochtain leordhóthanach ar shonraí ábhartha agus ar ardcháilíocht; ag cur béim ar an ngá atá le cuntasacht, inmhínitheacht agus trédhearcacht, i ndáil le halgartaim, próiseáil sonraí agus anailísíocht sonraí mar uirlísí buntábhachtacha chun a ráthú go ndéantar daoine aonair a chur ar an eolas go hiomchuí maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta;

68.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an bhaincéireacht oscailte maidir le cáilíocht seirbhísí íocaíochta a fheabhsú trí rannpháirtithe nua a áireamh sa mhargadh, ar rannpháirtithe iad a chuireann éifeachtúlacht oibríochtúil agus phraghais ar fáil don tomhaltóir; á chur i bhfios, maidir le haistriú a dhéanamh ón mbaincéireacht oscailte go dtí an t-airgeadas oscailte, i.e. seirbhísí airgeadais seachas íocaíochtaí a áireamh, gur tosaíocht straitéiseach é lena mbaineann an acmhainneacht chun éifeachtúlacht a fheabhsú, rioscaí comhchruinnithe a laghdú agus cuimsiú airgeadais a fheabhsú;

69.  á mheas nach bhfuil impleachtaí airgeadais ag ghabháil leis an togra atá iarrtha;

o
o   o

70.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, agus chuig parlaimintí agus rialtais na mBallstát.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:

MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR

A.  PRIONSABAIL AGUS AIDHMEANNA AN TOGRA

1.  An obair bhunaidh a dhéanamh do chur chuige a bheidh dírithe ar an todhchaí i leith rialacha a bhaineann leis an airgeadas digiteach san Aontas;

2.  Á áirithiú gur féidir leis an airgeadas digiteach leanúint de bheith ina spreagadh nuálach don fhás agus do phoist ar fud an mhargaidh aonair;

3.  Comhthuiscint ar na príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an airgeadas digiteach a chothú agus comhchuibhiú na bhforálacha ábhartha a spreagadh, rud as a dtiocfaidh gníomhaíocht fheabhsaithe trasteorann;

4.  Comhroinnt sonraí a mhéadú i gcomhréir le prionsabail an Aontais chun an nuálaíocht a spreagadh. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis rochtain ar shonraí poiblí a éascú ar fud an Aontais. Ní hamháin go rachadh sé sin chun tairbhe do chuideachtaí airgeadais dhigitigh, ach bheadh sé chun tairbhe freisin do roinnt réimsí beartais eile de chuid an Aontais agus chuirfeadh sé le trédhearcacht an mhargaidh;

5.  Trí réimse le haghaidh ghníomhaíocht tosaigh an Aontais a mheas, go sonrach creat a fhorbairt le haghaidh cripteashócmhainní, creat a fhorbairt le haghaidh cibear-athléimneachta agus athléimneachta oibríochtúla, agus obair a dhéanamh freisin chun coincheap an ionduchtaithe dhigitigh laistigh den mhargadh aonair a chomhchuibhiú.

B.  GNÍOMHAÍOCHT ATÁ LE MOLADH

1.  Togra reachtach maidir le Cripteashócmhainní a chur chun cinn, rud lena dtabharfar deimhneacht dhlíthiúil maidir le déileáil le Cripteashócmhainní, agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí ardcháilíochta, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais á n-áirithiú. Ba cheart go mbreithneofaí tacsanomaíocht uile-Aontais oscailte agus chuimsitheach i gcreat den sórt sin agus go mbeadh sé d’aidhm aige reachtú de réir an phrionsabail go gcuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm de réir na gníomhaíochta agus na rioscaí céanna agus de réir phrionsabal na comhréireachta, rud lena ndéanfar arbatráiste rialála a íosmhéadú agus machaire comhréidh a áirithiú;

Ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh sa togra sin:

(a)  treoir a sholáthar maidir leis na próisis rialála, faireacháin agus stuamachta agus maidir le conas déileáil le cripteashócmhainní; rialacha sonracha a ghlacadh maidir le trédhearcacht agus sláine an mhargaidh ar rialacha iad a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na rialacha sin in MiFID maidir le eisitheoirí nó urraitheoirí cripteashócmhainní;

(b)  aghaidh a thabhairt ar na bearnaí rialála i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le cripteashóchmhainní, mar shampla, cripteashócmhainní a bheith á n-aicmiú mar ‘urrúis inaistrithe’ faoi MiFID II chun a áirithiú go ndéileáiltear leo ar an mbealach céanna le hurrúis inaistrithe eile;

(c)  córas rialála saincheaptha a chruthú do ghníomhaíochtaí nua agus do ghníomhaíochtaí atá ag athrú maidir le cripteashócmhainní, amhail tairiscintí tosaigh bonn (ICOnna) nó tairiscintí tosaigh malartán (IEOnna), agus aon chripteashócmhainní nach thagann faoin gcreat rialála atá ann cheana, rud lena n-áiritheofar go rialófar iad ar bhealach comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais;

(d)  aghaidh a thabhairt ar thionchar comhshaoil na cripteamhianadóireachta agus ar na ngá atá le réitigh atá dírithe ar lorg éiceolaíoch cripteashócmhainní príomhshrutha a mhaolú;

2.  Bogadh i dtreo cóineasú rialála agus maoirseachta níos láidre, agus é mar aidhm leis sin creat comhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt; á iarraidh go mbeidh idirphlé struchtúrtha ann idir ÚMEnna agus údaráis inniúil náisiúnta, ar idirphlé é ba cheart a bheith dírithe ar dhúshláin mhaoirseachta reatha agus ar chleachtais a chóineasú i dtreo maoirseacht gan uaim ar gach leibhéal i réimse an airgeadais dhigitigh;

3.  Creat reachtach a fhorbairt do chripteamhonaí cobhsaí, á áirithiú go gcomhlíonfaidh siad ar a laghad caighdeáin Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh, leanúint den ghnó sin agus, agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE(28), lena n-áirítear ráta comhshó cobhsaí, infhuascailte ar par, le airgeadraí fiat;

4.  Bunaithe ar mheasúnú, togra le haghaidh creat comhchoiteann de chuid an Aontais le haghaidh bosca gainimh uile-Eorpach do sheirbhísí airgeadais digiteacha a chur chun cinn;

5.  Cur i bhfeidhm an chreata AML/CTF maidir le cripteashócmhainní agus na lúba ar lár atá ann cheana a dhúnadh, go háirithe, trí na bearta a leagtar amach i Míreanna 33 - 38;

6.  Á áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár le leathadh an airgeadais dhigitigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun inniúlacht dhigiteach agus airgeadais a fheabhsú;

7.  Togra reachtach maidir le cibear-athléimneacht a chur chun cinn, rud lena n-áiritheofar caighdeáin chomhsheasmhacha slándála TFC agus cibearshlándála ar fud earnáil airgeadais an Aontais, agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh; Ba cheart go an creat sórt sin dírithe ar an todhchaí agus ar nuachóiriú a dhéanamh ar na rialacha reatha is infheidhme a bhaineann le cibear-athléimneacht, agus deireadh á chur le haon bhealaí éalaithe agus aon bhearnaí rialála, a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do ghnólachtaí, infheisteoirí agus tomhaltóirí;

8.  Maoirseoir Eorpach aonair a cheapadh chun maoirseacht agus clárú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ábhartha uile a bhaineann le cripteashócmhainní a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo san Aontas, i gcomhar le maoirseoirí eile ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar leabhar coiteann rialacha;

9.  Á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú a dhéanamh ar thabhairt faoi fhorbhreathnú maoirseoireachta ar sholáthraithe TFC i réimse na seirbhísí airgeadais a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí san Aontas mar a leagtar amach i mír 47;

10.  Á iarraidh ar an gCoimisiún athruithe reachtacha a mholadh i réimse an TFC agus riachtanais cibearshlándála a mholadh do réimse airgeadais an Aontais. Ba cheart go mbeadh na hathruithe sin dírithe ar na ceithre phríomhréimse a leagtar amach i mír 48;

11.  Obair a dhéanamh chun caighdeáin i réimse na néalríomhaireachta agus an tseachfhoinsithe a fhorbairt, agus a bheith ag obair ag an am céanna le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt, mar a leagtar amach i mír 50;

Sonraí

12.  Creat maidir le hionduchtú digiteach a mholadh. Ba cheart go gcomhlíonfadh creat den sórt sin reachtaíocht ábhartha an Aontais amhail forálacha Frithsciúrtha Airgid, noirm cosanta sonraí agus príobháideachais agus go mbeadh sé mar aidhm leis comhthuiscint ar chéannachtaí digiteacha airgeadais ar fud an mhargaidh aonair a áirithiú, agus comhchuibhiú ionduchtaithe trasteorann a chothú;

13.  Obair a dhéanamh chun cuntasacht, inmhínitheacht agus trédhearcacht, i ndáil le halgartaim, próiseáil sonraí agus anailísíocht a fheabhsú mar a leagtar amach i mír 66.

(1) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(2) IO L 337, 23.12.2015, lch. 35.
(3) IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.
(4) COM(2020)0066.
(5) COM(2018)0109.
(6) JOIN(2016)0018.
(7) COM(2020)0065.
(8) https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/98da7b74-38db-11ea-ba6e-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-113099411
(9) https://ec.europa.eu/competition/publications/reports/kd0120161enn.pdf
(10) https://ec.europa.eu/info/files/200610-cmu-high-level-forum-final-report_en
(11)11 JC 2018 74
(12) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0301.
(13) IO C 11, 13.1.2020, lch. 7.
(14) IO C 307, 30.8.2018, lch. 57.
(15) IO C 252, 18.7.2018, lch. 239.
(16) https://coinmarketcap.com
(17) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/648779/IPOL_STU(2020)648779_EN.pdf
(18) https://www.ecb.europa.eu/pub/economic-bulletin/articles/2019/html/ecb.ebart201905_03~c83aeaa44c.en.html#toc4
(19) Comhairle ó ESMA - Tairiscintí Tosaigh Monaí agus Cripteashócmhainní (https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/esma50-157-1391_crypto_advice.pdf)
(20) Tuarascáil ó ÚBE le comhairle don Choimisiún Eorpach maidir le cripteashócmhainní (https://eba.europa.eu/sites/default/documents/files/documents/10180/2545547/67493daa-85a8-4429-aa91-e9a5ed880684/EBA%20Report%20on%20crypto%20assets.pdf)
(21) https://www.esrb.europa.eu/news/pr/date/2020/html/esrb.pr200107~29129d5701.en.html
(22) IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.
(23) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(24) Ar fáil go leictreonach ar https://ssrn.com/abstract=3102645
(25) IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.
(26) I mí Feabhra 2020, d’fhoilsigh BERS tuarascáil ar chibirionsaithe sistéamacha (https://www.esrb.europa.eu/news/pr/date/2020/html/esrb.pr200219~61abad5f20.en.html).
(27) (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73.)
(28) IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.


Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt tuilleadh feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú an mhargaidh caipitil, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a éascú tuilleadh
PDF 197kWORD 67k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt tuilleadh: feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú an mhargaidh caipitil, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a éascú tuilleadh (2020/2036(INI))
P9_TA(2020)0266A9-0155/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCéad Ghrúpa Ardleibhéil Eile de chuid Aontas na Margaí Caipitil ó mhí Dheireadh Fómhair 2019,

–  ag féachaint don tuarascáil ón bhFóram Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil an 10 Meitheamh 2020,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach’ (COM(2020)0103),

–   ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 dar teideal ‘Ag ullmhú don athrú. Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hullmhacht ag deireadh na hidirthréimhse idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe' (COM(2020)0324),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta um Theicneolaíocht Airgeadais: D’earnáil airgeadais Eorpach atá níos iomaíche agus níos nuálaí’ (COM(2018)0109),

–   ag féachaint don Phacáiste maidir le Téarnamh na Margaí Caipitil a mhol an Coimisiún an 24 Iúil 2020,

–  ag féachaint dá rún an 9 Iúil 2015 maidir le ‘hAontas na Margaí Caipitil a Thógáil’(1),

–  ag féachaint dá rún an 19 Eanáir 2016 maidir leis an ‘Measúnú ar Rialachán Seirbhísí Airgeadais AE agus na dúshláin a ghabhann leis: an tionchar agus an bealach chun tosaigh i dtreo creat níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí de chuid AE i gcomhair Rialáil Airgeadais agus Aontas Margaí Caipitil’(2),

–  ag féachaint do thorthaí Shuirbhé rialta BCE ar an Rochtain ar Mhaoiniú d’Fhiontair,

–  ag féachaint don Réamhaisnéis Eacnamaíoch ón gCoimisiún, Samhradh 2020,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0155/2020),

A.  de bhrí gur cheart go mbeadh sé mar phríomhchuspóir ag gach gníomhaíocht a dhéantar chun Aontas na Margaí Caipitil a chruthú feabhas a chur ar an réimse roghanna maoiniúcháin atá níos tarraingtí, níos cobhsaí agus níos inbhuanaithe a thairgtear do chuideachtaí agus do shaoránaigh, agus ag an am céanna cobhsaíocht eacnamaíoch a chosaint, riosca airgeadais a íoslaghdú agus leasanna infheisteoirí, pinsinéirí agus tomhaltóirí a chosaint go leordhóthanach, chun rannpháirtíocht airgeadais a dhreasú agus chun coigilteoirí a iompú ina n-infheisteoirí; de bhrí go bhfuil rochtain ar mhaoiniú cothromais do FBManna, d‘fhiontraithe agus don gheilleagar sóisialta éirithe níos tábhachtaí fós d’fhonn téarnamh ó COVID-19 a bhaint amach;

B.  de bhrí go bhfuil iomaíocht oscailte, creat rialála, spleáchas ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus comhar maoirseachta ina shaintréithe de mhargadh inmheánach AE; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh straitéis Aontas na Margaí Caipitil bunaithe ar na prionsabail chéanna;

C.  de bhrí go gcruthaíonn an leibhéal maoinithe atá ag teastáil do théarnamh gheilleagar AE géarghá le hinfheistiú go críonna agus go hinbhuanaithe do na glúnta atá le teacht; de bhrí gur cheart go mbeadh Aontas na Margaí Caipitil ina rannpháirtí lárnach san aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, iomaíoch agus athléimneach lena ndéanfaí infheistíocht phoiblí a chomhlánú, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; de bhrí go bhfuil creat á fhorbairt faoi láthair chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú; de bhrí gur dlúthchuid é an creat sin d’iarrachtaí AE, faoi Aontas na Margaí Caipitil, maoiniú a nascadh le riachtanais an gheilleagair agus le clár oibre an Aontais um fhorbairt inbhuanaithe;

D.  de bhrí gur fearr is féidir le margaí caipitil an Aontais freastal ar an ngeilleagar agus ar an téarnamh eacnamaíoch a bhfuil géarghá leis má tá siad trédhearcach, iomaíoch, athléimneach, imréitithe go lárnach agus tacaithe ag rialáil chóir;

E.  de bhrí go bhfuil lamháltas riosca níos airde ag infheisteoirí áirithe ná mar atá ag infheisteoirí eile, agus de bhrí nach bhfuil gach gnólacht in ann rochtain a fháil ar mhaoiniú an mhargaidh chaipitil agus tairbhe a bhaint as;

F.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach sócmhainn shábháilte don limistéar euro a chruthú chun comhtháthú airgeadais agus forbairt Aontas na Margaí Caipitil a bhaint amach; de bhrí go bhfuil gá le sócmhainn shábháilte in AE chun margadh Eorpach bannaí atá comhtháite, domhain agus leachtach a chruthú mar chuid lárnach d’Aontas na Margaí Caipitil, a d’fhéadfadh a bheith ina thagarmharc praghsála don limistéar euro chun bannaí, cothromais agus sócmhainní eile a luacháil, agus mar chomhthaobhacht ar fud an limistéir euro freisin;

G.  de bhrí go bhfuil formhór na ngníomhaíochtaí a rinneadh go dtí seo chun Aontas na Margaí Caipitil a bhaint amach ag dul sa treo ceart cé nár baineadh spriocanna iomadúla amach, agus gur tháinig méadú iarbhír ar an tábhacht a bhaineann le hiasachtaí bainc i gcomparáid le cothromas le blianta beaga anuas; de bhrí go gcaithfear go leor oibre a dhéanamh fós mar sin féin maidir le cóineasú, beachtas, éifeachtacht agus simpliú na mbeart a glacadh; de bhrí go bhfuil fís uaillmhianach do thionscadal Aontas na Margaí Caipitil bunriachtanach chun teacht thar íogaireachtaí náisiúnta agus chun go dtógfar an móiminteam chun Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích chun go mbeidh AE ina mhargadh tarraingteach d’infheistíocht i gcaipiteal coigríche agus chun a iomaíochas sna margaí domhanda a mhéadú;

H.  de bhrí go bhfuil forbairt Aontas na Margaí Caipitil fite fuaite le doimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, agus go háirithe leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche; de bhrí, ina rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le ‘Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2019’,(3) go molann an Pharlaimint go dtabharfaí an tAontas Baincéireachta chun críche trí Scéim Eorpach Árachais Taiscí atá curtha chun feidhme go hiomlán a chruthú; de bhrí go mbeidh an tAontas Baincéireachta fós neamhiomlán go dtí go mbeidh cúlstop inchreidte ann don Chiste Réitigh Aonair; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh machnaimh ar an ngá atá le sásra cobhsaíochta fioscaí a bhunú agus a chruthú don limistéar euro ina iomláine; de bhrí nach mór Aontas na Margaí Caipitil a chomhlánú le bearta beartais frith-thimthriallacha chun a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ar mhaoiniú agus ar dheiseanna infheistíochta ann ar fud AE;

I.  de bhrí gur modhnaíodh rialacháin airgeadais le déanaí, go háirithe rialacháin bhaincéireachta agus iniúchóireachta, mar fhreagairt ar COVID-19; de bhrí go bhfuil gá le maoiniú an mhargaidh chaipitil chun an cumas maoinithe foriomlán a mhéadú agus chun an spleáchas ar iasachtú bainc in AE a laghdú; de bhrí go leanfaidh earnáil dhea-chaipitlithe bhaincéireachta de ról tábhachtach a bheith aici i maoiniú gnólachtaí, go háirithe FBManna;

J.  de bhrí go bhfuil easpa sásra lárnaithe le faisnéis phoiblí atá inrochtana, iontaofa, intuigthe agus inchomparáide ar cheann de na cúiseanna a mbíonn deacrachtaí ag cuideachtaí infheisteoirí a aimsiú; de bhrí go mbíonn sé deacair d’infheisteoirí meastóireacht a dhéanamh ar ghnólachtaí nua agus beaga a bhfuil teist ghearr ghnó orthu, rud a chuireann bac ar fholúntais nuálacha, go háirithe ag fiontraithe óga;

K.  de bhrí go bhfuil comhdhearcadh tagtha chun cinn ón taithí a fuarthas maidir leis an Mórchúlú Eacnamaíochta gur gá athchóiriú a dhéanamh ar struchtúr institiúideach an limistéir euro chun feabhas a chur ar a chumas déileáil le mórshuaití eacnamaíocha; de bhrí gur gnách, i ndáil leis an méid sin, go luaitear sa litríocht eacnamaíoch gur mó a tharlaíonn ionsú turrainge níos airde sna Stáit Aontaithe mar thoradh ar chomhroinnt riosca phríobháidigh níos éifeachtaí trí mhargaí creidmheasa agus caipitil;

L.  de bhrí gurb FBManna iad 99,8 % de na fiontair uile in earnáil ghnó neamhairgeadais AE-28 (NFBS), rud a ghineann 56,4 % den bhreisluach agus 66,6 % den fhostaíocht sa NFBS; de bhrí go ndearna FBManna suas 93 % den earnáil, ach nach ndearna FBManna beaga suas ach 5,9 % den earnáil agus FBManna meánmhéide 0,9 % di(4);

M.  de bhrí go mbeidh tionchar diúltach ar leith ag an ngéarchéim shóisialta agus eacnamaíoch a eascraíonn as COVID-19 agus as na bearta glasála ar FBManna agus go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar choigilteoirí miondíola ar an gcaoi chéanna; de bhrí gur cheart, le freagairt AE ar COVID-19 tríd an bPlean Eorpach don Téarnamh, go soláthrófaí instealladh mór caipitil agus gur cheart go gcomhlánófaí é le dreasachtaí chun maoiniú margadh-bhunaithe a chur chun cinn agus chun an spleáchas ar iasachtú bainc a laghdú, chun rochtain fhiontair na hEorpa ar mhaoiniú a mhéadú agus chun geilleagar athléimneach AE a fhorbairt, chun poist agus cumas táirgiúil na mBallstát a chaomhnú;

N.  de bhrí go n-éilíonn castacht an scannail a bhain le soláthraí seirbhíse íocaíochta Gearmánach Wirecard, cuideachta DAX30 a rinne iarratas le haghaidh dócmhainneachta ar an 24 Meitheamh 2020, agus a nocht easnaimh sa chreat rialála Eorpach, measúnú cúramach a dhéanamh chun a chinneadh cad a tharla a lig d’iompar calaoiseach ar scála ollmhór titim amach agus conas a tharla nár tugadh faoi deara é go ceann tréimhse fhada; de bhrí gur leagadh béim arís ar an bhfíoras go bhfuil gá le hoiriúnuithe ar an ollstruchtúr maoirseachta Eorpach um thuairisciú airgeadais, nuálaíocht airgeadais, íocaíochtaí, agus réimsí gaolmhara lena n-áirítear iniúchóireacht agus frithsciúradh Airgid/Maoiniú Sceimhlitheoireachta, i bhfianaise an scannail is déanaí sin;

O.  de bhrí go gcaithfidh Aontas na Margaí Caipitil éileamh miondíola a spreagadh; de bhrí, chun an cuspóir sin a ghnóthú, go gcaithfidh infheisteoirí miondíola dul i dtaithí ar athrú ar an gcultúr infheistíochta; de bhrí nach dtarlóidh athrú den sórt sin go dtí go mbeidh infheisteoirí miondíola cinnte go bhfuil sé inmhianaithe infheistíocht a dhéanamh i margaí caipitil agus iad faoi réir rioscaí atá inghlactha agus sainithe go soiléir; de bhrí gur cheart don Choimisiún féachaint ar dheiseanna breise chun tairbhí thionscadal Aontas na Margaí Caipitil a chur in iúl, mar shampla trí ainm a athrú lena léirítear an nasc díreach idir coigiltis agus infheistíochtaí shaoránaigh AE agus fás eacnamaíoch agus téarnamh iar-COVID, mar a mhol an chéad Ghrúpa Ardleibhéil AMC eile;

P.  de bhrí, de réir tuarascálacha agus suirbhéanna le deanaí a bhí dírithe ar thomhaltóirí(5), go bhfuil roghanna inbhuanaitheachta ag formhór infheisteoirí miondíola na hEorpa agus gur mian leo tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais agus rioscaí a bhaineann lena gcinntí infheistíochta a chur san áireamh, ach gurb annamh a thairgtear táirgí comhoiriúnacha dóibh;

Q.  de bhrí gur ghníomhaigh na gluaiseachtaí margaidh a eascraíonn as COVID-19 mar ‘thástáil struis’ fíorshaoil ar stóinseacht an éiceachórais airgeadais ina iomláine, agus gur cheart measúnú mionsonraithe iardain a dhéanamh ar na tairbhí agus ar na heasnaimh a bhaineann le leabhar rialacha reatha an Aontais maidir le cobhsaíocht airgeadais agus maoirseacht airgeadais;

R.  de bhrí, le himeacht RA ón Aontas Eorpach, go n-athraítear córas airgeadais AE ó thaobh struchtúir de; de bhrí go mbeidh saintréith pholalárnach ag margaí caipitil AE tar éis Brexit, agus go mbeidh baol níos mó ann go dtarlóidh ilroinnt in AE; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé beartais agus bearta a chur chun cinn, lena n-áirítear cur chuige láidir maidir le rochtain tríú tíortha ar mhargadh AE agus córas dinimiciúil faireacháin maidir le córais coibhéise, lena n-áirithítear athléimneacht, nascacht agus iomaíochas mhargaí airgeadais AE chomh maith lena gcobhsaíocht agus lena gcothrom iomaíochta; de bhrí nach féidir coibhéis a dheonú ach amháin má mheastar go gcomhlíonann córas rialála agus maoirseachta agus caighdeáin an tríú tír ábhartha na ceanglais ábhartha a leagtar síos i reachtaíocht AE chun cothroime iomaíochta a áirithiú;

S.  de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag an teicneolaíocht faisnéise freastal ar riachtanais áirithe FBManna agus infheisteoirí miondíola trí bhealaí díláraithe oibriúcháin agus feabhsuithe éifeachtúlachta a cheadú;

Gnó a mhaoiniú

1.  ag tabhairt dá haire an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus don ghnó - plean gníomhaíochta nua’ (COM(2020)0590); á áitiú gur gá CMU a chur i gcrích chun rannchuidiú leis an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta tar éis ghéarchéim COVID-19. á iarraidh ar an gCoimisiún gealltanais níos láidre a dhéanamh chun dul chun cinn dáiríre a bhaint amach maidir le saincheisteanna amhail maoirseacht, cánachas nó dlíthe dócmhainneachta, atá ina mbacainní móra fós ar fhíor-chomhtháthú mhargaí caipitil AE;

2.  á iarraidh go mbainfear bacainní agus rómhaorlathas, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear simpliú agus cur i bhfeidhm níos comhréirí reachtaíochta i gcás inarb ábhartha agus fabhrach don chobhsaíocht airgeadais, chun foinsí cistiúcháin do chuideachtaí Eorpacha a éagsúlú, agus béim ar leith á leagan ar FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe, chun a gcumas rochtain a fháil ar mhargaí cothromais a chur chun cinn, agus rochtain a fháil ar dheiseanna infheistíochta níos éagsúla, níos fadtéarmaí agus níos iomaíche d’infheisteoirí miondíola agus móra; á thabhairt chun suntais go bhfuil gur gá an chlaontacht fiachais atá ann cheana féin a laghdú; á chur i bhfios go bhfuil cuideachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna, níos leochailí mar gheall ar an staid mar atá faoi láthair; á iarraidh go dtabharfaí isteach ‘tástáil FBM’ le haghaidh measúnuithe tionchair le haghaidh gach tionscnaimh de chuid Aontas na Margaí Caipitil;

3.  ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áiritheofaí i measc na mbeart is gá chun a áirithiú go n-éiríonn le FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe, a mbealach a dhéanamh chuig margaí airgeadais, taighde infheistíochta a éascú, cuíchóiriú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar FBManna ar fud na reachtaíochta ábhartha de chuid an Aontais, agus ceanglais eisiúna a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit an claonadh fiachais sa chánachas a athchothromú; ag tacú leis an athbhreithniú ar an gcóras um an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II) chun spreagadh a thabhairt do thaighde infheistíochta FBManna;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a dhréachtú maidir le 'Billí Urraithe Eorpacha' (ESNanna), mar ionstraim nua cistiúcháin dé-iontaoibhe do bhainc a d’fhéadfadh rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna ar fud an Aontais; á mheabhrú go bhféadfaí ESNanna a dhíriú ar chuspóirí sonracha, amhail tacú le FBManna san aistriú chuig geilleagar níos iomaíche agus níos inbhuanaithe agus cistiú a dhíriú ar an bhfíorgheilleagar;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-aiseolas éigeantach a neartú a thugann bainc nuair a bhíonn iarratais ar chreidmheas ó FBManna á dhiúltú acu, mar d’fhéadfadh aiseolas níos cuimsithí deis a thabhairt do FBManna a ndéantar a n-iarrataí a dhiúltú a gcur chuige gnó a oiriúnú agus foghlaim uaidh;

6.  á iarraidh go ndéanfaí margaí caipitil na hEorpa a chomhtháthú tuilleadh agus a fheabhsú ionas go mbeidh siad chomh tarraingteach, chomh hiomaíoch agus chomh hathléimneach agus is féidir, go háirithe i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE;

7.  ag cur béim ar a bhuntábhachtaí atá feabhas a chur ar chumas ionsúcháin riosca an limistéir euro;

8.  á thabhairt chun suntais gur féidir le tíortha sa limistéar euro feabhas a chur ar a n-acmhainneacht inmheánach chun dul i ngleic le suaitheadh maicreacnamaíoch, go háirithe trí leochaileachtaí ina ngeilleagair, ina n-earnálacha baincéireachta agus ina n-airgeadas poiblí a laghdú go héifeachtach; á mheas, thairis sin, gur gá an athléimneacht eacnamaíoch a fheabhsú trí athchóirithe struchtúracha lena dtacaítear leis an bhfás ionchasach agus lena méadaítear an tsolúbthacht;

9.  á chur i bhfáth gur réamhriachtanas lárnach iad margaí airgeadais atá éifeachtúil agus comhtháite chun riosca príobháideach a roinnt go héifeachtúil sa limistéar euro; á mheas go bhféadfadh fíor-Aontas Margaí Caipitil cuidiú go mór le riosca a éagsúlú agus a laghdú;

10.  ag tabhairt dá haire meath na margaí Tairisceana Tosaigh don Phobal (TTP) in AE, rud a léiríonn go bhfuil a dtarraingteacht teoranta, go háirithe do chuideachtaí beaga; ag tabhairt chun suntais, maidir leis sin, go bhfuil ualaí riaracháin díréireacha agus costais chomhlíonta dhíréireacha ag FBManna a bhaineann le ceanglais liostaithe; den tuairim gur cheart éifeachtúlacht agus cobhsaíocht na margaí airgeadais a fheabhsú agus gur cheart liostú na gcuideachtaí a éascú; ag moladh ciste mór príobháideach uile-Eorpach, Ciste um Thairiscint Tosaigh don Phobal (TTP), a chruthú agus tús áite a thabhairt dó, chun tacú le maoiniú do FBManna; ag tabhairt dá haire gur gá timpeallacht tharraingteach réamh-TTP agus iar-TTP a áirithiú do FBManna;

11.  ag cur in iúl gur geal léi an smaoineamh atá ag an bhFóram Ardleibhéil maidir le Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) a bhunú chun faisnéis a thiomsú faoi chuideachtaí in AE trí idirnascadh na gclár náisiúnta agus cláir AE agus bunachair sonraí cuideachtaí atá ann cheana, mar bhealach chun cabhrú le cuideachtaí, go háirithe sna Ballstáit bheaga, infheisteoirí a mhealladh; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cuideachtaí in ann rialú a dhéanamh ar infhaighteacht a gcuid sonraí in ESAP; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh le haghaidh Pointe Rochtana Aonair Eorpach d’fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais i ndáil le cuideachtaí liostaithe agus neamhliostaithe AE, agus prionsabal na comhréireachta á urramú ag an am céanna i gcás inarb iomchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún na ceanglais trédhearcachta faoin Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (NFRD) a chuíchóiriú leis na ceanglais sin a thagann faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus faoin Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe;

12.  á iarraidh go mbreithneofaí an bhféadfadh sé go ndíspreagfaí liostú ar na stocmhargaí de bharr láimhseáil leas mionlaigh fochuideachtaí faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR), agus aird á tabhairt ar ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais agus ar aon bhreisluach chun an fíorgheilleagar a mhaoiniú;

13.  á iarraidh go gcuirfí dlús le forbairt mhargaí caipitil fiontair (VC) AE agus margaí cothromais phríobháidigh faoi chomhchreat trédhearcach le haghaidh Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha (EuVECAnna)(6), trí infhaighteacht cistiúcháin a mhéadú d’infheistíochtaí VC agus cistí VC níos mó agus ag céim dhéanach a fhorbairt, scéimeanna dreasachta cánach le haghaidh infheistíochtaí VC agus aingeal gnó, chomh maith le margaí gníomhacha TTP do chuideachtaí atá tacaithe ag VC; á chur i bhfios go láidir gur cheart na scéimeanna dreasachta cánach sin a cheapadh sa chaoi is go mbeidh siad inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta agus na sochaí de agus go mbeidís freagrach, agus go mbeidís faoi réir faireacháin agus meastóireachta córasaí;

14.  á chur i bhfios go bhfuil gá le trédhearcacht a mhéadú agus ilroinnt laistigh de mhargaí Eorpacha VC a laghdú; a chur i bhfáth gur gá borradh a chur faoi na Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna), faoi EuVECAnna agus faoi na Cistí Eorpacha um Fhiontraíocht Shóisialta (EuSEFanna), d’fhonn feithiclí uile-Eorpacha a fhorbairt le haghaidh cothromas príobháideach; ag tacú leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha(7), lena n-áirítear anailís ar choigeartuithe spriocdhírithe a d‘fhéadfaí a dhéanamh ar chalabrú stuamachta gaolmhar sna creataí rialála baincéireachta agus árachais agus ag an am céanna cobhsaíocht airgeadais a chosaint, mar bhealach chun cuidiú le hinfheisteoirí miondíola atá ag gabháil do mhaoiniú fadtéarmach cuideachtaí neamhliostaithe, tionscadail bhonneagair agus infheistíochtaí inbhuanaithe, chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán an ELTIF;

15.  á iarraidh go ndéanfaí bearta chun margaí urrúsúcháin san Eoraip a athbheochan trína ndéanamh tarraingteach d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí; á iarraidh ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEanna) agus ar an gCoimisiún gach Caighdeán Teicniúil Rialála a thabhairt chun críche; á iarraidh go ndéanfaí simpliú agus cuíchóiriú ar na ceanglais rialála a bhaineann le nochtadh, le critéir shimplí thrédhearcacha chaighdeánaithe (STS), le fíorú STC agus le paraiméadair shimplí agus íogaire ó thaobh riosca a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar Aistriú Riosca Suntasach;

16.  ag tabhairt dá haire na tograí maidir le hurrúsú a tíolacadh an 24 Iúil 2020 laistigh den Phacáiste maidir le Téarnamh na Margaí Caipitil; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán Urrúsúcháin acmhainneacht maoinithe a shaoradh, chun laghdú ar iasachtaí bainc Eorpacha a sheachaint agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais, ós rud é go bhféadfadh cineál an urrúsaithe shintéisigh rioscaí stuamachta agus sistéamacha sonracha a chruthú; den tuairim go bhféadfaí, i measúnú spriocdhírithe den sórt sin, a chur san áireamh go ndéanfaí ath-ailíniú ar láimhseáil urrúsuithe sintéiseacha airgid agus urrúsuithe sintéiseacha an chláir chomhardaithe agus ar chaipiteal rialála agus ar leachtacht i dtaca le bannaí agus iasachtaí faoi chumhdach, chomh maith le hathbhreithniú ar na ceanglais maidir le nochtadh agus dícheall cuí maidir le hurrúsú tríú páirtí, bannaí faoi chumhdach, agus urrúsú simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe (STS);

17.  á iarraidh ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeart spriocdhírithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar chobhsaíocht airgeadais, reachtaíocht an mhargaidh urrús a ailíniú agus a shimpliú, téarnamh gasta a éascú tar éis ghéarchéim COVID-19, infheistíocht san fhíorgheilleagar a éascú, go háirithe in FBManna, agus ligean do nuatheachtaithe agus do tháirgí nua dul isteach sna margaí, cosaint tomhaltóirí agus sláine an mhargaidh a chaomhnú agus, ag an am céanna, infheistíocht cothromais trasteorann agus trádáil a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, measúnú a dhéanamh an gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFIR), lena n-áirítear an Oibleagáid Scair-Thrádála (STO) agus an Oibleagáid Trádála Díorthaí (DTO), chun deireadh a chur le haon frithchuimilt a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chumas chuideachtaí an Aontais caipiteal a thiomsú ag an am sin, go háirithe i bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe;

18.  á chur in iúl gurb oth léi tearcfhorbairt mhargadh an Aontais le haghaidh sluachistithe i gcomparáid le mórgheilleagair eile; á chur in iúl gur geal léi an tsraith nua aonfhoirmeach critéar le haghaidh rialacha uile-Aontais a comhaontaíodh i mí na Nollag 2019 (2018/0048(COD) chun cabhrú leis an gcás sin a réiteach agus chun cistiú gnó trasteorann a chothú; á iarraidh ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha nua chun freagairt a thabhairt agus athruithe a mholadh mura dtarlaíonn aon fheabhsuithe suntasacha sa sluachistiú mar mhalairt ar mhaoiniú FBManna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit FBManna a chur ar an eolas go gníomhach faoi na hionstraimí maoiniúcháin malartacha atá ar fáil dóibh;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh a bhreithniú chun úinéireacht na bhfostaithe a dhreasú, d’fhonn rannpháirtíocht dhíreach coigilteoirí miondíola i maoiniú an gheilleagair a chur chun cinn, agus mar uirlis chun rialachas corparáideach a fheabhsú agus cultúr cothromais a fhorbairt;

20.  á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht dhíreach coigilteoirí miondíola i maoiniú an gheilleagair a chur chun cinn, leis an bhféidearthacht go mbeadh toradh ann d’infheisteoirí miondíola ar a n-infheistíocht;

21.  ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras smachta socraíochta faoin rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús (CSDR), i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 agus Brexit;

Infheistíochtaí fadtéarmacha agus trasteorann agus táirgí airgeadais a chur chun cinn

22.  á iarraidh ar na Ballstáit a gcreataí náisiúnta cánach a leasú chun bacainní cánach ar infheistíochtaí trasteorann a laghdú, lena n-áirítear nósanna imeachta le haghaidh aisíocaíocht trasteorann d’infheisteoirí, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, maidir le cáin ar dhíbhinní a choinneáil siar i gcás ina bhfuil cánachas dúbailte i gceist; den tuairim gur cheart na nósanna imeachta sin a imréiteach go trédhearcach ar ardán digiteach uile-Eorpach agus gur cheart go gcuirfí ar chumas infheisteoirí na torthaí ar a n-infheistíocht a chinneadh i bhfíor-am; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le ECFE agus lena dtionscadal um Fhaoiseamh Cánach agus um Fheabhsú Comhlíonta (TRACE), chun athchothromú a dhéanamh ar an gclaontacht maidir le fiachas cothromais a ghearrann pionós ar mhaoiniú na nuálaíochta trí infheistíocht phríobháideach, agus chun deiseanna fadtéarmacha infheistíochta a dhreasú d’infheisteoirí chun cabhrú le saoránaigh AE torthaí níos fearr a fháil ar a gcoigilteas fadtéarmach;

23.  den tuairim go ndeanfaidh leasú na gcreataí náisiúnta cánach go haontaobhach laistigh den AE chun bacainní cánach ar infheistíochtaí trasteorann a laghdú dlús a chur leis an éagsúlacht rialacha cánach nach mór do chuideachtaí a chomhlíonadh agus iad ag oibriú thar theorainneacha, le costais iomadúla, agus le tuilleadh deiseanna chun cáin a sheachaint; ag athdhearbhú an iarraidh a rinne sí ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis na tograí a bhaineann leis an gComhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide (CCCTB) a ghlacadh go comhuaineach, agus tuairim na Parlaiminte á cur san áireamh, lena n-áirítear cheana féin coincheap na buanbhunaíochta fíorúla agus foirmlí cionroinnte; á iarraidh ar na Ballstáit a seasaimh éagsúla maidir le CCCTB a thabhairt de réir a chéile, i bhfianaise a thábhachtaí atá an ionstraim seo chun creat a chruthú lena gcothófar cinnteacht, lena gcoiscfear cánachas dúbailte agus lena laghdófar costais riaracháin, agus lena bhfeabhsófar infheistíochtaí trasteorann ar an gcaoi sin;

24.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú d’infheistíochtaí trasteorann trí imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus trí rialacha maidir le rialachas corparáideach a chomhchuibhiú tuilleadh, lena n-áirítear sainmhíniú comhchoiteann ar ‘scairshealbhóir’ chun feidhmiú cearta scairshealbhóirí agus rannpháirtíocht le cuideachtaí infheistíochta ar fud an Aontais a éascú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé creat cosanta dlíthiúil fónta a áirithiú le haghaidh infheistíochtaí trasteorann laistigh den Aontas tar éis fhoirceannadh na gconarthaí déthaobhacha infheistíochta laistigh den Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh reachtacha a mholadh agus/nó moltaí a thabhairt do na Ballstáit, de réir mar is iomchuí;

25.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá infheistíochtaí cothromais fadtéarmacha rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chun tacú le fiontair Eorpacha neamhspleácha san Aontas, le hearnálacha straitéiseacha láidre athléimneacha, le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le rathúnas ar mhaithe le saoránaigh AE;

26.  á chur i bhfáth gur gá dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le fíorleabhar rialacha aonair do sheirbhísí airgeadais sa mhargadh inmheánach a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear maidir le sainmhínithe agus caighdeáin chomhchoiteanna maidir le maoiniú inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na ÚMEanna díriú ar uirlisí cóineasaithe maoirseachta a úsáid agus a n-éifeachtacht a fheabhsú;

27.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le soláthar pinsin a chur chun cinn, go háirithe maidir le pinsin an dara colún agus pinsin an tríú colún, i bhfianaise na n-athruithe déimeagrafacha ollmhóra a bhfuil ar an Aontas aghaidh a thabhairt orthu; á chur in iúl gur geal léi an Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (PEPP); ag tabhairt dá haire gur táirge pinsin comhlántach agus deonach é TPPU de bhreis ar phinsin phoiblí náisiúnta; á mheabhrú go dtabharfar tús áite do chóireáil chánach maidir le glacadh TPPUnna amach anseo; ag meabhrú an moladh ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2017 ina n-iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh TPPUnna faoi réir na córa cánach céanna le táirgí pinsin náisiúnta chun bheith mar rogha do choigilteoirí; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht chuimsitheach, fhianaise-bhunaithe ar an margadh TPPU, agus go mbeadh cothrom iomaíochta ann freisin, roimh an gcéad athbhreithniú reachtach eile ar an Rialachán TPPU;

28.  ag spreagadh na mBallstát chun córais pinsin chistithe a chur chun cinn, mar bhealach chun linnte caipitil Eorpaigh atá ar fáil le haghaidh infheistíocht fhadtéarmach a dhoimhniú agus chun feabhas a chur ar dhinimic an mhargaidh agus ar na dreasachtaí chun infheistiú; á chreidiúint gur cheart pinsin chistithe a athbheochan agus a dhéanamh níos tarraingtí; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí chun na bacainní atá ar chórais pinsin phoiblí agus córais pinsin phríobháideacha a bheith ann i gcomhthráth a shárú; ag spreagadh infheisteoirí chun a bheith rannpháirteach i dtáirgí fadtéarmacha lena ngabhann beartais dreasachta cánach a cheaptar chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta tairbheach a imirt agus chun cothrom na Féinne a chur chun cinn ó sholáthraithe agus cineálacha táirge go chéile;

29.  ag spreagadh an Choimisiúin chun breithniú a dhéanamh ar chóras de minimis nó córas díolúine de chuid an Aontais a thabhairt isteach i leith dáileadh ar infheisteoirí gairmiúla agus/nó leathghairmiúla faoi chuimsiú na treorach maidir le gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochtaí in Urrúis Inaistrithe (UCITS);

30.  á mheabhrú nach mór athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir Shócmhainneacht II faoi dheireadh 2020 agus go ndéanfaidh an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC), tar éis comhairliúcháin le geallsealbhóirí éagsúla, comhairle theicniúil a chur ar fáil don Choimisiún, lena n-áirítear na ceachtanna a foghlaimíodh ó ráig COVID-19, go háirithe maidir le cumhdach faoi choinne rioscaí a bhaineann le paindéimí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ÚEÁPC measúnú a dhéanamh, ar bhonn measúnú tionchair spriocdhírithe, ar na tairbhí féideartha agus an réasúnú stuamachta a ghabhann le coigeartú a dhéanamh ar cheanglais chaipitil le haghaidh infheistíochtaí i gcothromas agus i bhfiachas príobháideach, go háirithe de chuid FBManna, agus d’fhéadfaí sin a dhéanamh freisin trí bhíthin chur chuige na samhla inmheánaí, chun a áirithiú nach mbíonn ceanglais chaipitil ar árachóirí agus ar chistí pinsin ina ndíspreagadh d’infheistíochtaí fadtéarmacha; á spreagadh go ndéanfaí díolúintí náisiúnta a chéimniú amach go pras agus go ndéanfaí ‘rórialáil’ a laghdú agus Sócmhainneacht II á cur chun feidhme ar bhonn náisiúnta;

31.  á chur i bhfios go láidir gur gá sócmhainní inbhuanaithe oiriúnacha a chruthú agus an fháil atá orthu a spreagadh; ag spreagadh an Choimisiúin chun tionscnamh reachtach le haghaidh Caighdeán Bannaí Glas de chuid an Aontais a chur ar aghaidh; á iarraidh go mbeadh tuilleadh plé ann maidir le sócmhainn shábháilte Eorpach a chruthú, bunaithe ar mheastóireacht atá le déanamh ag an gCoimisiún ar an togra maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha (SBBSanna) agus ar fhorbairtí féideartha, chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú, margaí airgeadais a chobhsú agus lamháil do bhainc a bpunanna a éagsúlú;

32.  á chur i bhfáth go bhfuil rialacha stuamachta leormhaithe lena bhforáiltear d’acmhainneacht ionsúcháin caillteanais ríthábhachtach chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, agus gur mór, san am céanna, cothromaíocht a lorg chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar acmhainneacht na n-institiúidí airgeadais infheistíocht a dhéanamh san fhíorgheilleagar agus iasachtaí a thabhairt dó, agus ar iomaíochas domhanda an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt, agus caighdeáin chríochnaitheacha Chomhaontú Basel III á gcur chun feidhme aige, ar na hualaí riosca is infheidhme maidir leis na hinfheistíochtaí a dhéanann bainc i gcothromas, go háirithe i gcothromas fadtéarmach FBManna;

33.  á chur i bhfáth gur cheart do CMU a bheith comhsheasmhach agus comhleanúnach leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus go háirithe leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe agus le tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe; á mheas gur cheart a bheith mar aidhm le CMU infheistíochtaí a dhíriú ar thionscadail atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus atá iomaíoch, agus rannchuideofar, ar an gcaoi sin, le clár oibre inbhuanaithe an Aontais;

Struchtúr an mhargaidh

34.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar éifeachtúil éifeachtach idir na húdaráis maoirseachta Eorpacha agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, chun a gcuid difríochtaí a shárú agus chun oibriú le chéile ar mhaithe le fíor-chóineasú maoirseachta chun samhail choiteann Eorpach de mhaoirseacht agus d’fhorfheidhmiú a chur chun cinn, agus sin faoi threoir an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA), ionas go ndéanfar laghdú ar na bacainní atá ann faoi láthair ar oibríochtaí airgeadais trasteorann; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá ESMA, ÚEÁPC agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) sa phróiseas sin, agus urraim á tabhairt, san am céanna, do ról na n-údarás náisiúnta inniúil (NCAnna), mar a leagtar síos san athbhreithniú a comhaontaíodh le déanaí ar an gCóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (ESFS); á mheabhrú, thairis sin, gur gá struchtúr rialachais ESAnna a athchóiriú chun iad a dhéanamh níos neamhspleáiche ar mhaoirseoirí náisiúnta;

35.  á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh, ar mhaithe le gnóthachain éifeachtúlachta a d’fhéadfaí a dhéanamh, ar chumhachtaí maoirseachta díreacha a dheonú de réir a chéile do ESMA, lena n-áirítear formhaoirseacht dhíreach ar dheighleoga áirithe den mhargadh, amhail contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) agus taisclanna lárnacha urrús (CSDanna) de chuid an Aontais, agus an Pointe Rochtana Aonair Eorpach, mar aon le cumhachtaí idirghabhála táirgí níos mó; á chur i bhfáth, freisin, gur gá maoirseoir Eorpach aonair a cheapadh i gcomhar leis na NCAnna ábhartha agus ar bhonn leabhar rialacha comhchoiteann agus cumhachtaí idirghabhála táirgí le haghaidh formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le criptea-shócmhainní agus lena ngabhann gné shuntasach trasteorann san Aontas;

36.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an scannal a thit amach ar na mallaibh agus lena raibh baint ag Wirecard, cuideachta teicneolaíochta airgeadais de chuid na Gearmáine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis inniúla an Aontais, in leith sin, measúnú a dhéanamh ar a mhéid is féidir an scannal sin a chur síos d’easnaimh i gcreat rialála an Aontais i réimse na hiniúchóireachta agus na maoirseachta, agus measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil a ndóthain acmhainní ag na maoirseoirí náisiúnta agus ag maoirseoirí an Aontais chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais trasteorann móra a bhfuil samhlacha gnó casta acu agus lena mbaineann dlínsí tríú tír éagsúla agus an iliomad sraitheanna corparáideacha; á iarraidh go ndéanfaí tátail a bhaint as an gcás sin i ndáil le creat rialála agus maoirseachta an Aontais a fhorbairt tuilleadh, agus go háirithe i ndáil le plean gníomhaíochta CMU; á chreidiúint gur cheart aghaidh a thabhairt, sna tátail sin, ar cibé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí an cliseadh sin a chosc ach maoirseacht dhíreach ar an leibhéal Eorpach a bheith déanta ar réimsí sonracha, agus ar cibé acu atá nó nach bhfuil údar le hathchóiriú uaillmhianach ar rialachas ESAnna, agus ról níos láidre a bheith acu maidir le laghdú a dhéanamh ar na bacainní atá ann faoi láthair ar oibríochtaí airgeadais trasteorann; á iarraidh ar an gCoimisiún an athuair, go háirithe, féachaint ar bhealaí lena bhféadfaí feidhmiú earnáil na cuntasaíochta a fheabhsú, lena n-áirítear trí iniúchtaí comhpháirteacha;

37.  á thabhairt chun suntais gur bunphrionsabail le haghaidh éagsúlacht na sásraí trádála in CMU iad iomaíocht, rogha agus bonneagair margaidh uile-Aontais, ach amháin i gcásanna ina ndéanfaí an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go bhfuil ag méadú le tamall de bhlianta anuas ar an sciar de shreafaí trádála a théann chuig ionaid trádála ar teoranta na ceanglais trédhearcachta a ghabhann leo, agus á chur i bhfios nach rannchuidiú fónta le praghas-aimsiú é trádáil den sórt sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéil na trádála déthaobhaí lasmuigh den ionad ard i gcónaí; ag moladh fíoraistriú i dtreo trádáil iomaíoch agus ar mhalartán i margaí cothromais agus díorthach na hEorpa, agus cothrom na Féinne á áirithiú, san am céanna, idir na hionaid trádála éagsúla;

38.  á mheas go bhféadfadh léargas fíorluachmhar agus measúnú neamhspleách do lucht ceaptha beartais agus do rialtóirí a bheith ag oibreoirí dea-mhaoinithe na sochaí sibhialta agus ionadaithe tomhaltóirí i réimse na seirbhísí airgeadais;

39.  á chur i bhfios go láidir gur gá dul chun cinn a dhéanamh ar chaighdeáin chomhchoiteanna Eorpacha, chun laghdú a dhéanamh ar an riosca ilroinnte a eascraíonn ó roghanna agus discréid náisiúnta a chur i bhfeidhm;

40.  á thabhairt faoi deara gur fiontar an-chasta í rialáil na seirbhísí airgeadais, ar ann di ar an leibhéal idirnáisiúnta, Eorpach agus náisiúnta; ag spreagadh gach gníomhaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar an gcastacht sin chun comhréireacht na rialála airgeadais a áirithiú agus chun deireadh a chur le hualaí riaracháin nach bhfuil gá leo; ag tabhairt dá haire, freisin, gurb amhlaidh, uaireanta, gur féidir castacht níos mó teacht as an rialáil airgeadais, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iad féin a thiomnú do thréaniarrachtaí chun na rialacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú, trí dhíolúintí náisiúnta a chéimniú amach, de réir mar is iomchuí, agus trí ‘rórialáil’ ar dhlí an Aontais ar an leibhéal náisiúnta a chosc; á thabhairt chun suntais gur féidir, a bhuí le rialacháin lena ngabhann amlínte soiléire chun na córais atá ann faoi láthair a aistriú agus a chéimniú amach, bealach réidh seasmhach a réiteach faoi choinne cóineasú rialála;

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún an athuair, faoi mar a d’iarr sí sa rún uaithi an 19 Eanáir 2016 maidir leis ‘an measúnú ar Rialachán Seirbhísí Airgeadais an Aontais agus na dúshláin a ghabhann leis’, measúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil cuimsitheach a dhéanamh gach cúig bliana, i gcomhar leis na ESAnna, leis an sásra aonair maoirseachta (SAM) agus leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), ar an tionchar carnach atá ag rialáil seirbhísí airgeadais ag an Aontas ar na margaí airgeadais agus a rannpháirtithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, chun laigí agus lúba ar lár a shainaithint, chun feidhmíocht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na rialála ar sheirbhísí airgeadais a mheasúnú agus chun a áirithiú nach gcuirtear bac ar iomaíocht chóir ná ar fhorbairt an gheilleagair de bharr na rialála sin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt di ina leith; á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh aon mheasúnú den sórt sin go dtí seo;

42.  á iarraidh ar an gCoimisiún treochlár mionsonraithe a thíolacadh chun treisiú le stóinseacht an éiceachórais airgeadais, agus ceachtanna á bhfoghlaim de dhroim thairbhí agus laigí leabhar rialacha an Aontais atá ann faoi láthair maidir le cobhsaíocht airgeadais agus le maoirseacht airgeadais, mar a sainaithníodh le linn ghéarchéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go ndearna BERS moltaí le gairid, go háirithe maidir le rioscaí leachtachta a eascraíonn ó ghlaonna ar chorrlaigh agus le rioscaí leachtachta i gcistí infheistíochta;

Infheisteoirí miondíola

43.  ag cur béim ar an bhfíoras nach ann do mhargadh fónta in éagmais bonn leathan infheisteoirí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil rannpháirteachas na n-infheisteoirí miondíola sna margaí airgeadais fós íseal; á lua gur gá punann na roghanna iomchuí infheistíochta d’infheisteoirí miondíola a mhéadú; á iarraidh go mbeadh bearta ann chun infheistíochtaí miondíola a chur chun cinn i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach atá roimh an Aontas trí rannpháirtíocht na n-infheisteoirí miondíola i margaí caipitil a mhéadú le táirgí pinsin phearsanta atá níos tarraingtí, níos trédhearcaí agus níos iomchuí; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh ann lena ndíreofaí go sonrach ar infheisteoirí miondíola, lena n-áirítear éascú a dhéanamh ar fhorbairt uirlisí comparáide neamhspleácha gréasánbhunaithe de chuid an Aontais chun cuidiú le hinfheisteoirí na táirgí is iomchuí a chinneadh, i dtéarmaí riosca, toradh ar infheistíocht agus luacha, dá gcuid riachtanas agus sainroghanna ar leith, agus lena n-áirítear dreasachtaí a chur chun cinn le haghaidh táirgí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) agus le haghaidh táirgí arb iondúil go mbaineann luach níos fearr ar airgead leo;

44.  á chur in iúl gur oth léi agus gur cúis bhuartha di, i ndáil leis na forálacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus le cosaint infheisteoirí i roinnt píosaí reachtaíochta earnála de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, go ndearnadh iad a ailíniú go dona, rud is siocair le castacht mhíchuí d’idirghabhálaithe airgeadais agus do chliaint mhiondíola araon; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige níos cothrománaí agus níos comhchuibhithe a ghlacadh maidir le cosaint tomhaltóirí agus cosaint infheisteoirí i reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, ar cur chuige é a chuirfear in oiriúint don chlaochlú glas agus don chlaochlú digiteach, chun leibhéil éifeachtacha agus chomhsheasmhacha cosanta a áirithiú i measc na dtáirgí airgeadais agus na soláthraithe airgeadais ar fad;

45.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar mhuinín na n-infheisteoirí sna margaí caipitil, arna cothú le cosaint fhónta infheisteoirí agus arna tacú le rannpháirtithe margaidh atá liteartha ó thaobh airgeadais de;

46.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le cothrom na Féinne idir gnólachtaí seirbhísí airgeadais agus gnólachtaí teicneolaíochta digití, fad nach é cur chuige an aon réitigh amháin do chách a chuirtear i bhfeidhm; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh na fiontair uile in ann rochtain a fháil ar na margaí airgeadais de réir an phrionsabail ‘gnó céanna, rialacha céanna’; ag tabhairt dá haire go bhfuil an prionsabal sin ábhartha, ach go háirithe, i réimsí na teicneolaíochta airgeadais agus na nuálaíochta airgeadais, agus gur cheart cothromaíocht a bheith ann idir rochtain chómhalartach ar shonraí airgeadais agus an gá le cothrom na Féinne idir na soláthraithe agus cineálacha táirge ar fad;

47.  ag cur béim ar an bhfíoras gur tearc agus gur ró-thearc an fhorbairt atá déanta ar an margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais miondíola; ag tabhairt dá haire gur rud thar a bheith neamhchoitianta é táirgí seirbhísí airgeadais miondíola, amhail iasachtaí morgáiste nó táirgí árachais, a cheannach ar bhonn trasteorann, agus gur iomaí dris chosáin atá roimhe; á mheas gur cheart go bhféadfadh rannpháirtithe sa mhargadh miondíola lán-tairbhe a bhaint go héasca as an margadh aonair chun rochtain a fháil ar tháirgí seirbhísí airgeadais ar bhonn trasteorann chun rogha níos mó agus táirgí níos fearr a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta nua a chur ar bun le haghaidh seirbhísí airgeadais miondíola, ar plean é ina leagfar amach straitéis uaillmhianach chun bacainní ar sheirbhísí airgeadais miondíola trasteorann a bhaint, agus freisin chun táillí iomarcacha nach bhfuil gá leo le haghaidh na seirbhísí sin a dhíothú;

48.  á iarraidh go gcuirfí feabhas ar nochtadh agus inchomparáideacht príomhfhaisnéise agus go ndéanfaí faisnéis mhíthreorach a dhíothú sa reachtaíocht maidir le táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna), ar saincheisteanna iad ar cheart aghaidh a thabhairt orthu sa chéad athbhreithniú eile; ag dréim leis go ndéanfaidh reachtaíocht leibhéal 2 maidir le PRIIPanna i ndáil leis an Doiciméad Bunriachtanach don Infheisteoir reachtaíocht leibhéal 1 a urramú, go háirithe i ndáil le faisnéis réamhchonarthach atá cruinn, cothrom agus soiléir agus nach bhfuil mí-threorach a sholáthar, agus i ndáil leis na modheolaíochtaí a bhaineann leis na cásanna feidhmíochta, agus, chomh maith leis sin, go ndéanfaidh sí inchomparáideacht idir táirgí infheistíochta éagsúla a áirithiú; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil faisnéis faoin bhfeidhmíocht san am atá thart ar fáil d’infheisteoirí agus nach féidir feidhmíocht san am atá thart a úsáid mar tháscaire chun torthaí amach anseo a thuar; á chur in iúl gur oth léi na moilleanna ar ghlacadh reachtaíocht leibhéal 2 maidir le PRIIPanna, a bheidh ina forluí ar an gcéad athbhreithniú ar PRIIPanna, agus lena méadaítear an éiginnteacht dhlíthiúil agus na costais do gheallshealbhóirí; á áitiú gur cheart foráil a dhéanamh, san athbhreithniú atá ar na bacáin, do dhoiciméid nochta atá caighdeánaithe agus inléite ag meaisín, agus d’fhéadfaí, ar an gcaoi sin, comparáid a dhéanamh ar bhealach digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ESAnna a gcuid tograí le haghaidh athruithe dá gcuid ar leibhéal 1 agus ar leibhéal 2 faoi seach a chomhordú ar bhealach lena ndéanfar ardleibhéal intuarthachta a ráthú d’idirghabhálaithe agus do chliaint mhiondíola araon;

49.  ag tathant ar an gCoimisiún an difreáil idir infheisteoirí gairmiúla agus infheisteoirí miondíola ar gach leibhéal de MiFID a shoiléiriú, ionas go bhféadfaí an chaoi a ndéileáiltear le cliaint a oiriúnú de réir a gcuid eolais agus a dtaithí ar na margaí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur den tábhacht é go bhféadfaí, arna iarraidh sin, infheisteoirí miondíola a mheas, de réir critéir shoiléire, mar infheisteoirí gairmiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar cibé is fearr a bheifí ag freagairt don fhíor-rannpháirtíocht sna margaí airgeadais ach catagóir d’infheisteoirí leathghairmiúla a thabhairt isteach, agus, bunaithe ar a gcuid torthaí, measúnú a dhéanamh ar cibé acu ba ghá nó níor ghá an chatagóir sin a thabhairt isteach; á iarraidh ar an gCoimisiún, de rogha air sin, breithniú ar níos mó solúbthachta i gcatagóiriú na gcliant, eadhon trí roghanna gan a bheith páirteach i gcás oibleagáidí áirithe agus roghanna do chliaint áirithe a bheith páirteach, nó na critéir atá ann faoi láthair d’infheisteoirí gairmiúla a dhéanamh níos éifeachtúla;

50.  á chur in iúl gur cuireadh ar an eolas í go bhfuil an creat tuairiscithe reatha laistigh de MiFID II agus den Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (EMIR) an-chostasach agus an-chasta, agus go gcuireann sé bac ar éifeachtacht an chórais; á chreidiúint gur cheart breithniú ar an méid sin a shimpliú, ag cur an taithí atá ann faoi láthair san áireamh go hiomlán, ag féachaint an bhféadfaí cuíchóiriú a dhéanamh ar fud na reachtaíochta, agus ag áirithiú nach bhfónfaidh an simpliú sin, ar bhealach ar bith, chun an bonn a bhaint de na haidhmeanna a leagadh síos le haghaidh MiFID II agus EMIR, agus nach gcuirfidh sé bac ar na rialacha maidir le sláine an mhargaidh, trédhearcacht, cosaint tomhaltóirí agus cobhsaíocht airgeadais;

51.  á iarraidh go ndéanfaí leasuithe ar an reachtaíocht chun a áirithiú go mbeidh idirghabhálaithe airgeadais in ann rochtain a fháil ar chomhairle neamhspleách a bheidh saor ó chur chun cinn míchuí na dtáirgí airgeadais arna monarú go hinmheánach agus lena ngabhfaidh measúnú críochnúil ar tháirgí ó réimse monaróirí, agus chun a áirithiú go ndéanfar margaíocht chothrom thrédhearcach ar tháirgí airgeadais; ag tabhairt dá haire go bhfuil dearcadh caolchúiseach ag ESMA ar thoirmisc a d’fhéadfaí a chur ar aslaigh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar chuir chuige mhalartacha a mbeadh éifeachtaí comhchosúla acu maidir le leasanna a ailíniú feadh an tslabhra dáileacháin ar fad; ag aontú gur cheart ról na n-aslach in idirghabháil agus dáileadh a scrúdú tuilleadh chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon choinbhleachtaí leasa chun cinn agus go ndéanfar comhairle airgeadais a chur ar infheisteoirí ar bhealach cothrom, trédhearcach agus leormhaith;

52.  á chur i bhfios go láidir gur uirlis thábhachtach mhaoirseachta í an rúnsiopadóireacht lenar féidir feabhas mór a chur ar a chomhsheasmhaí agus a éifeachtaí atá cosaint tomhaltóirí ar fud an Aontais; á iarraidh ar ESMA leas iomlán a bhaint as a chuid cumhachtaí nua comhordúcháin trí chleachtaí rúnsiopadóireachta uile-Aontais a chur chun cinn chun cleachtaí mídhíola a shainaithint agus chun a áirithiú go dtiocfaidh gníomhaíochtaí iomchuí forfheidhmithe sna sála ar aon torthaí ina léirítear nach bhfuil rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus le hiompar gnó á gcomhlíonadh;

53.  á mholadh don Choimisiún féachaint an bhféadfaí Cuntas Coigiltis Aonair de chuid an Aontais a bhunú, mar chomhlánú ar na córais náisiúnta, lena bhféadfaí an ceann is fearr a fháil ar ilroinnt na margaí náisiúnta trí oibriú ar bhealach aonfhoirmeach agus ar fud margaí ilchineálacha, agus lena ndéanfaí iniomparthacht agus slándáil coigiltis a áirithiú;

54.  á áitiú go mbeidh infheisteoirí miondíola ina gcuid lárnach den chlár oibre maidir le hairgeadas inbhuanaithe agus de chlár oibre an Aontais don fhorbairt inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil an mhodheolaíocht maidir le lipéid tacsanomaíochta soiléir agus go dtuigeann infheisteoirí miondíola é;

Oideachas airgeadais

55.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an easpa litearthachta airgeadais agus an easpa rochtana ar fhaisnéis phoiblí fhorleathan maidir leis na margaí airgeadais i measc na dtosca is cúis leis an easpa cultúir cothromais san Aontas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hoideachas airgeadais chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí a gcuid ceart a bheith ar eolas acu agus tuiscint a fháil ar na rioscaí a bhaineann le rannpháirtíocht sa mhargadh airgeadais, chun dlús a chur le rannpháirteachas na n-infheisteoirí miondíola sna margaí airgeadais bunaithe ar eolas, iontaoibh agus feasacht riosca níos mó; ag tathant ar an gCoimisiún cláir a sheoladh sna Ballstáit agus tacú leis na cláir sin chun litearthacht airgeadais agus dhigiteach a chothú trí leas a bhaint as réimse ionstraimí, lena n-áirítear na meáin dhigiteacha agus shóisialta, chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh agus le gnólachtaí, go háirithe trí ghníomhaireachtaí poiblí a chruthaítear chuige sin; á iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais rannpháirtíocht na n-infheisteoirí miondíola i margaí caipitil a éascú ar bhealach níos fearr, agus tacú leo a gclaontacht choigiltis a shárú trí chultúr cothromais a chruthú, i gcomhréir lena bpróifíl riosca;

56.  ag cur béim ar an bhfíoras gur uirlis mheántéarma é an t-oideachas airgeadais, a bhfuil a chuid éifeachtaí teoranta mar gheall ar chlaontachtaí cognaíocha dosheachanta, ar luas an athraithe i margaí airgeadais agus ar a fhíorchasta atá siad; á chur i bhfáth nach féidir leis an oideachas airgeadais teacht in áit comhairle ghairmiúil airgeadais atá iontaofa agus neamhchlaonta; ag tabhairt dá haire go bhfuil cláir um scair-úinéireacht d’fhostaithe ar cheann de na modhanna is éifeachtaí chun feasacht airgeadais agus litearthacht airgeadais a mhéadú do shaoránaigh fásta an Aontais;

57.  á chreidiúint, maidir le saoránaigh a bheith níos eolaí agus níos oilte ar shaincheisteanna airgeadais, go dtéann sé chun tairbhe do chórais dhaonlathacha, go rannchuidíonn sé le cobhsaíocht córas airgeadais agus go ndéanann sé trédhearcacht agus dualgais faisnéise na n-institiúidí airgeadais a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar an moladh ón gComhairle maidir le ‘hEochair-inniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil’, agus litearthacht airgeadais a thabhairt isteach mar eochair-inniúlacht neamhspleách; ag spreagadh na n-institiúidí airgeadais, freisin, chun cláir a fhorbairt agus a chur chun feidhme, arb é is aidhm leo litearthacht airgeadais agus cumas airgeadais a leathnú, agus deiseanna maidir le cuimsiú airgeadais a chruthú don uile shaoránach;

58.  ag tathant ar na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, ar na húdaráis réigiúnacha nó áitiúla inniúla nó ar údaráis phoiblí inniúla eile, breithniú ar litearthacht airgeadais i ngach curaclam a thabhairt isteach nó a leathnú, ón scoil aníos go dtí an ollscoil, lena ngabhfadh cláir a bhíonn ag athrú agus a chuirtear in oiriúint do riachtanais na ndaltaí agus na mac léinn, agus curaclaim arb é is aidhm leo neamhspleáchas a fhorbairt i gcúrsaí airgeadais; á mholadh gur cheart, ar a laghad, coincheapa airgeadais bunúsacha amhail ús iolraithe, torthaí agus blianachtaí, agus an t-idirdhealú idir bannaí agus scaireanna, a áireamh sna cláir sin; á mholadh go gcuirfí litearthacht airgeadais san áireamh i staidéar an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA);

Digiteáil agus sonraí

59.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir le digiteáil na seirbhísí airgeadais slógadh caipitil a spreagadh agus go bhféadfadh sí a bheith ina cuidiú le hilroinnt na margaí airgeadais san Aontas a shárú, agus bacainní á laghdú agus éifeachtúlacht maoirseachta á méadú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir nár cheart arbatráiste rialála, cosaint tomhaltóirí níos ísle, sábháilteacht laghdaithe ná rioscaí do chobhsaíocht airgeadais a bheith mar thoradh ar dhigiteáil; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh sé go mbeadh creat de chuid an Aontais ina mbeadh ardchaighdeáin chibearshlándála, lena n-áirítear maidir le cosaint an phríobháideachais agus le cosaint sonraí fabhrach do CMU; ag tabhairt faoi deara go bhfuil sreabhadh caipitil ina ghné láidir den airgeadas digiteach, ar gné í a mheallann infheistíochtaí trasteorann; ag tabhairt dá haire gur cheart do chreat mar sin de chuid an Aontais a bheith oiriúnach, go príomha, don ré dhigiteach agus gur cheart dó a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i dtreo chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le hAirgeadas Digiteach le haghaidh rochtain níos fearr ar sheirbhísí airgeadais lena dtugtar rogha níos leithne agus lena ndéantar éifeachtúlacht na n-oibríochtaí a mhéadú;

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as na hathbhreithnithe dhéanfar go luath ar na rialacháin maidir le seirbhísí airgeadais chun rannpháirteachas infheisteoirí agus scairshealbhóirí a chothú trí uirlisí digiteacha;

62.  ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do mhargaí na hEorpa a bheith in ann dul san iomaíocht ar bhonn domhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún timpeallacht a chruthú atá fabhrach do tháirgí airgeadais de chuid an Aontais atá nuálach agus iomaíoch, agus a scaipfear ar fud an domhain chun caipiteal eachtrach agus infheistíocht eachtrach a mhealladh, agus á iarraidh air iomaíochas an Aontais i margaí domhanda a chur chun cinn, agus ardleibhéil rialála stuamachta agus cobhsaíochta airgeadais a choinneáil san am céanna; á athdhearbhú gurb amhlaidh, i gcomhréir leis an rún ón bParlaimint an 12 Aibreán 2016 maidir ról an Aontais faoi chuimsiú institiúidí agus comhlachtaí idirnáisiúnta airgeadais, airgeadaíochta agus rialála(8), go bhfuil gá le hionadaíocht níos cuíchóirithe agus níos códaithe ar an Aontas in eagraíochtaí agus comhlachtaí iltaobhacha;

63.  á chur i bhfáth gur cainéal maoinithe neamhthraidisiúnta do FBManna anois iad criptea-shócmhainní, go háirithe tairiscintí tosaigh monaí a bhfuil sé d’acmhainn acu gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis a chistiú; á áitiú, maidir leis an méid sin, go bhfuil gá le treoir shoiléir chomhsheasmhach ar leibhéal an Aontais maidir le hinfheidhmeacht na gcur chuige rialála agus stuamachta atá ann faoi láthair ar chriptea-shócmhainní a cháilíonn mar ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le reachtaíocht an Aontais, chun deimhneacht rialála a sholáthar agus chun éagothroime iomaíochta, siopadóireacht dlínse agus arbatráiste rialála a sheachaint sa mhargadh inmheánach;

64.  ag tabhairt dá haire gur fhorbair roinnt struchtúr olagaplach i réimse na seirbhísí airgeadais agus go bhfuil roinnt cuideachtaí teicneolaíochta móra ina ngníomhaithe tábhachtacha anois i margadh na seirbhísí airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán agus imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh na buntáistí iomaíocha a bhaineann go dlúth leis na hoibreoirí sin iomaíocht sa mhargadh a shaobhadh agus díobháil a dhéanamh do leasanna na dtomhaltóirí agus don nuálaíocht; á chur i bhfáth nár cheart aon dídhreasuithe ar sholáthar sonraí margaidh a chruthú ar an gcéad dul síos agus gur cheart athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chostas agus infhaighteacht sonraí margaidh do na rannpháirtithe margaidh uile;

65.  á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ‘boscaí gainimh’ a bheith ina n-uirlis leormhaith chun nuálaíocht agus iomaíochas earnáil na seirbhísí airgeadais a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur cheart, le haon bhosca gainnimh, lena n-áirítear ‘bosca gainnimh’ uile-Eorpach’, féachaint le cothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir maidir le nuálaíocht agus cobhsaíocht airgeadais a chothú agus cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí, agus méid, tábhacht shistéamach agus gníomhaíocht trasteorann na ngnólachtaí lena mbaineann á gcur san áireamh san am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an taithí a fuarthas ón bhFóram Eorpach d’Éascaitheoirí na Nuálaíochta (EFIF) chun measúnú a dhéanamh ar cibé a dhéanfaí tairbhí breise don nuálaíocht airgeadais a sholáthar le creat comhchoiteann de chuid an Aontais maidir le ‘bosca gainnimh’ uile-Eorpach le haghaidh seirbhísí airgeadais;

66.  á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí lena ndíreofaí ar chothrom na Féinne a chaomhnú bunaithe ar rochtain trasteorann ar shonraí agus ar ardleibhéal cosanta sonraí agus príobháideachais do thomhaltóirí, rud a d’fhágfadh go mbeadh creat ag an Aontas lena ngabhann ardchaighdeáin chibearshlándála a bheadh fabhrach do CMU;

Ról an Aontais i margaí domhanda

67.  á chur i bhfios go dtéann an Eoraip in iomaíocht le haghaidh caipiteal i margadh domhanda agus, mar thoradh air sin, go bhfuil margaí caipitil Eorpacha atá níos doimhne, níos comhtháite, dea-rialáilte, cobhsaí, éifeachtúil agus athléimneach ríthábhachtach chun ceannasacht eacnamaíoch na hEorpa a chosaint, chun úsáid an euro i dtríú tíortha a spreagadh agus chun infheisteoirí coigríche a mhealladh; á chreidiúint go bhfuil an cuspóir sin níos tábhachtaí fós i bhfianaise imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas agus gur i gcomhréir le critéir trédhearcacha riailbhunaithe ba cheart é a shaothrú seachas ar bhonn cás ar chás;

68.  á athdhearbhú go ndéantar foráil i reachtaíocht an Aontais go bhféadfaí rialacha tríú tír a mheas mar rialacha atá coibhéiseach ar bhonn anailís theicniúil, chomhréireach agus rioscabhunaithe, agus gur cheart cinntí den sórt sin a dhéanamh trí ghníomh tarmligthe; á mheabhrú gur féidir leis an Aontas aon chinneadh maidir le coibhéis a tharraingt siar go haontaobhach agus gur cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar aon imeacht ó chaighdeáin rialála an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na ESAnna agus, i gcás inarb ábhartha, leis na NCAnna córas dinimiciúil faireacháin maidir le córais choibhéise, i gcás neamhréireachtaí rialála agus maoirseachta tríú tír a bhféadfadh rioscaí don Aontas a bheith ag gabháil leo i dtéarmaí cobhsaíocht airgeadais, trédhearcacht margaidh, sláine margaidh, cosaint infheisteoirí agus cosaint tomhaltóirí, agus chothrom na Féinne; á thabhairt chun suntais gur cheart don Choimisiún nósanna imeachta éigeandála a bheith ar bun aige chun cinntí coibhéise a tharraingt siar i gcás inar gá gníomhú go pras, agus aird á tabhairt ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cinneadh coibhéise a tharraingt siar; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá a áirithiú go bhfuil cumhachtaí maoirseachta díreacha ag maoirseoirí an Aontais, i gcás ina bhféadfadh na gníomhaíochtaí a bhíonn á ndéanamh ag gnólachtaí áirithe tríú tír a aithnítear faoi chreat coibhéise an Aontais tionchar a imirt ar chobhsaíocht airgeadais, ar mhargaí rianúla nó ar chosaint tomhaltóirí;

69.  á mheabhrú gur gá idir-inoibritheacht chreat rialála an Aontais le prionsabail Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht agus le prionsabail an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais, ar prionsabail iad arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta;

70.  á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chun ról idirnáisiúnta agus úsáid an euro a neartú, tríd an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, aontas na margaí caipitil agus an t-aontas baincéireachta a chomhlánú, agus tacaíocht á tabhairt d’fhorbairt tagarmharcanna euro le haghaidh margaí tráchtearraí, agus ról an euro mar airgeadra tagartha á threisiú;

71.  á mheas gur cheart cothrom na Féinne a ráthú sa chaidreamh a bheidh ann leis an Ríocht Aontaithe tar éis na hidirthréimhse, agus cobhsaíocht mhargaí airgeadais an Aontais á cur chun cinn ar an gcaoi sin.

72.  á mholadh go mbeadh earnáil airgeadais AE ullamh do na dúshláin theicniúla iomadúla a bheidh os a comhair i dtaca le hidirbhearta a aistriú ó Londain go dtí an tAontas Eorpach; á mheabhrú gurb é conclúid BCE, BRA, ÚMEnna agus an Choimisiúin go dteastódh ar a laghad 18 mí ó rannpháirtithe margaidh chun a neamhchosaint do CPLanna na Ríochta Aontaithe a laghdú go fóinteach; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, cinneadh an Choimisiúin stádas coibhéise a dheonú don Ríocht Aontaithe ar feadh 18 mí i gcás Brexit gan mhargadh; á mheabhrú gur féidir leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a tharraingt siar go haontaobhach uair ar bith, go háirithe má tá éagsúlachtaí i gcreataí tríú tír agus nach bhfuil na coinníollacha don choibhéis á gcomhlíonadh a thuilleadh;

o
o   o

73.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig ESAnna agus chuig  Banc Ceannais na hEorpa.

(1) IO C 265, 11.8.2017, lch. 76.
(2) IO C 11, 12.1.2018, lch. 24.
(3) Téascanna arna nglacadhy, P9_TA(2020)0165.
(4) Tuarascáil Bhliantúil 2018/2019 ón gCoimisiún Eorpach maidir le FBManna
(5) Féach mar shampla: https://2degrees-investing.org/wp-content/uploads/2020/03/A-Large-Majority-of-Retail-Clients-Want-to-Invest-Sustainably.pdf
(6) Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha, (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(7) IO C 123, 19.5.2015, lch. 98.
(8) IO C 58, 15.2.2018, lch. 76.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais