Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair 2020 - Brussels
Todhchaí an oideachais san Eoraip i gcomhthéacs COVID-19
 Beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro 2020
 Dífhoraoisiú

Todhchaí an oideachais san Eoraip i gcomhthéacs COVID-19
PDF 134kWORD 52k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir le todhchaí an oideachais san Eoraip i gcomhthéacs COVID-19 (2020/2760(RSP))
P9_TA(2020)0282B9-0338/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 165 agus d’Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Prótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,

–  ag féachaint d’Airteagal 14 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta(1),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘An Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025’ (COM(2020)0625),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027: Oideachas agus oiliúint a athshocrú don ré dhigiteach’ (COM(2020)0624),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’ (COM(2020)0274),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2018 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (COM(2018)0022),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2017 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘An Fhéiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr’ (COM(2017)0673),

–  ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(2),

–  ag féachaint don rún uaithi an 11 Nollaig 2018 maidir leis an oideachas sa ré dhigiteach: dúshláin, deiseanna agus ceachtanna do cheapadh beartais an Aontais Eorpaigh(3),

–  ag féachaint don rún uaithi an 12 Meitheamh 2018 maidir le nuachóiriú an oideachais in AE(4),

–  ag féachaint do na ceisteanna chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún maidir le todhchaí an oideachais Eorpaigh i gcomhthéacs COVID-19 (O-000052/2020 – B9-0020/2020 agus O-000053/2020 – B9-0021/2020),

–  ag féachaint do Rialacha 136(5) agus 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

A.  de bhrí, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur ceart bunúsach daonna é rochtain ar oideachas agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach agus go bhfuil siad riachtanach chun scileanna a shealbhú agus a chothabháil, chun a bheith rannpháirteach go hiomlán agus go gníomhach sa tsochaí agus chun rochtain éifeachtach a bheith ag duine ar mhargadh an tsaothair a bhíonn ag síorathrú;

B.  de bhrí, de réir UNESCO, go raibh tionchar ag dúnadh na n-institiúidí oideachais agus oiliúna i gceartlár ghéarchéim COVID-19 ar nach mór 1.6 billiún foghlaimeoir i mbreis agus 190 tír, is é sin 94 % den daonra domhanda foghlaimeoirí; de bhrí go bhfuil tionchar aige fós ar bhreis agus 60 % d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil níos lú ná 25 % de thíortha ar ioncam íseal ann nach ndearna foghlaim ó chian d’aon chineál a sholáthar; de bhrí, sna tíortha is forbartha, go raibh rochtain um 90 % ar an oideachas digiteach ann, rud a fhágann gur fágadh 10 % de na daltaí scoile ar lár(5);

C.  de bhrí go bhfuil neamhréitigh dhiana ann fós ar leibhéal AE, agus roinnt Ballstát ann nach raibh rochtain ag 32 % de dhaltaí ar an oideachas ar feadh roinnt míonna; de bhrí, i gcás go leor foghlaimeoirí, gur eascair an easpa rochtana sin as easpa trealaimh dhigitigh, as scileanna digiteacha neamhleora nó as míbhuntáiste a bhí ann cheana; de bhrí, fiú amháin nuair a bhí rochtain ag foghlaimeoirí ar an oideachas digiteach, gur mhinic a bhí orthu foghlaim gan tacaíocht ó mhúinteoirí, ó phiaraí ná ón mbaile, agus uaireanta i dtimpeallacht mhíshochair sa bhaile;

D.  de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 ina chúis b’fhéidir leis an gcur isteach is tromchúisí dá raibh ann riamh ar chórais oideachais agus oiliúna an domhain, rud atá ag bagairt caillteanas foghlama do ghlúin iomlán daltaí, agus a d’fhéadfadh na blianta dul chun cinn a scriosadh; de bhrí gur dócha go laghdóidh an caillteanas foghlama sin na leibhéil ioncaim a bheidh ann amach anseo don ghlúin sin agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige freisin ar fhás táirgiúlachta saothair agus ar an iomaíochas don Aontas ina iomláine; de bhrí go bhfuil an ghlúin chéanna ag dul isteach i margadh saothair atá go mór faoi thionchar na géarchéime eacnamaíche arb é COVID-19 is cúis léi;

E.  de bhrí go bhfuil ról sóisialta agus tréadach i bhfad níos leithne ag bunaíochtaí oideachais agus go gcuireann siad le sláinte fhisiciúil agus le meabhairshláinte na bhfoghlaimeoirí; de bhrí gur minic a bhí tionchar ag an easpa idirghníomhaíochta idir múinteoirí agus daltaí ar fholláine agus ar mheabhairshláinte na bhfoghlaimeoirí; de bhrí gur leag an phaindéim béim ar an ról ríthábhachtach atá ag múinteoirí san oideachas agus sa tsochaí; de bhrí gur minic a tugadh ar mhúinteoirí agus ar bhaill foirne oideachais eile an iomarca a dhéanamh, rud a léiríonn an gá atá le tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh agus aitheantas níos fearr a thabhairt dá gcuid oibre;

F.  de bhrí gur chuir an ghéarchéim dlús leis an aistriú i dtreo na foghlama digití agus gur spreag sí nuálaíocht san oideachas, amhail deiseanna ríomhfhoghlama a fheabhsú; de bhrí gur chuir infheistíochtaí i gcuideachtaí teicneolaíochta foghlama le blianta beaga anuas feabhas ar an oideachas ar líne agus ar réitigh ríomhfhoghlama; de bhrí go bhfuil ról ag comhpháirtíochtaí idir gnólachtaí agus bunaíochtaí oideachais i gcur chun cinn na nuálaíochta in earnáil an oideachais; de bhrí gur cheart go mbeadh an bhunaíocht oideachais go fóill ina cinnteoir deiridh maidir le hábhar oideachais;

G.  de bhrí, ag an am céanna, gur nochtadh leis an aistriú tobann go dtí an ollfhoghlaim ar líne agus an chianfhoghlaim, mar thoradh ar an bpaindéim, go bhfuil bearnaí ollmhóra ann i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartais oideachais dhigitigh san Aontas Eorpach agus ar fud na mBallstát; de bhrí gur léirigh an ghéarchéim, ar an gcaoi chéanna, an gá atá le comhar agus comhordú níos fearr i measc na mBallstát maidir le beartais oideachais agus oiliúna;

H.  de bhrí gur tháinig ann don aistriú digiteach thar oíche i gcomhthéacs ina raibh easpa bunscileanna digiteacha ag 43 % d’Eorpaigh(6); de bhrí go bhfuil comhghaol díreach idir an Ballstát ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus an áit a bhfuil cónaí orthu laistigh de gach Ballstát, a stádas socheacnamaíoch, a n-aois, a n-ioncam, a leibhéal oideachais agus a bhfostaíocht ar thaobh amháin agus an leibhéal oilteachta digití atá acu ar an taobh eile; de bhrí go bhfuil tionchar ag an gclaochlú digiteach agus ar úsáid teicneolaíochtaí nua ar mhargadh an tsaothair, lena n-éilítear leibhéil níos airde sa litearthacht dhigiteach;

I.  de bhrí gur deis í an phaindéim chun athmhachnamh a dhéanamh ar thodhchaí an oideachais;

J.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Teachtaireacht a fhoilsiú go luath maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais mar aon le Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe don Oideachas Digiteach;

K.  de bhrí go mbeadh ciorruithe tromchúiseacha ar chláir shuaitheanta oideachais amhail Erasmus+ i gceist leis an gcomhaontú polaitiúil ar ar tháinig an Chomhairle Eorpach maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile go mbeadh buiséad uaillmhianach ann do chláir oideachais; de bhrí nár cheart go dtiocfadh ciorruithe ar chaiteachas poiblí ar an oideachas mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair;

L.  de bhrí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, go bhfuil inniúlacht eisiach ag na Ballstáit i mbeartas oideachais, agus gur ról tacaíochta agus comhordaithe atá ag an Aontas;

1.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an chruthaitheacht agus an acmhainneacht atá léirithe ag institiúidí oideachais agus oiliúna, go háirithe ag a mbaill foirne teagaisc agus oideachais, agus ag daltaí agus ag tuismitheoirí, trí dhul in oiriúint don fhoghlaim ar líne agus don chianfhoghlaim, go háirithe i bhfianaise na n-imthosca síorathraitheacha agus na dtréimhsí éiginnte; á chur in iúl gur díol sásaimh di, ar an gcaoi chéanna, na dea-shamplaí a thug saoránaigh, an tsochaí shibhialta agus soláthraithe oideachais neamhfhoirmiúil agus a gcleachtais oideachais á n-oiriúnú acu agus tionscnaimh á bhforbairt acu, a d'fhág gurbh fhéidir leis an bhfoghlaim leanúint ar aghaidh; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí chun cur le hinfheictheacht agus le méadú tionscnamh éifeachtach, agus chun dea-chleachtais a chur chun cinn i ngach earnáil oideachais; á iarraidh ar an gCoimisiún ardán a chur ar fáil do Bhallstáit chun dea-chleachtais a roinnt agus, i ndáil leis an méid sin, féachaint an bhféadfaí tionscnaimh nua a chur ar bun, amhail Ollscoil Eorpach ar Líne a chruthú;

2.  á chur i bhfios go láidir, áfach, gur léiríodh leis an aistriú tobann digiteach san oideachas agus san oiliúint go bhfuil deighilt dhigiteach ann maidir le rochtain ar bhonneagar digiteach agus ar ghairis dhigiteacha, le cáilíocht an teagaisc ar líne agus le scileanna na ndaltaí, na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí;

3.  á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil daltaí agus mic léinn fós san Eoraip nach bhfuil rochtain acu ar oideachas digiteach; á athdhearbhú go bhfuil gá le nascacht ar an leibhéal Eorpach a fheabhsú, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta, agus le rochtain ar threalamh digiteach a mhéadú; á chur i bhfios go bhfuil nuálaíocht cheannródaíoch ann ó thaobh ríomhairí, taibléid agus bogearraí oideachais de san Eoraip;

4.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na bearnaí atá ann ó thaobh scileanna digiteacha de i measc múinteoirí agus daltaí, ar bearnaí iad a chuireann bac ar oideachas digiteach éifeachtach; á mheabhrú, dá bhrí sin, gur gá infheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna uas-scilithe agus forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ar fud na hEorpa lena áirithiú nach amháin go bhfuil digiteacha acu ach gur féidir leo iad a theagasc freisin; á chur i bhfios go mbaineann luach le soghluaisteacht múinteoirí agus le comhroinnt saineolais mar phríomhuirlis i ndáil leis sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin;

5.  ag tabhairt dá haire go raibh tionchar ag an ngéarchéim ar earnálacha éagsúla oideachais agus oiliúna, agus gur minic a d’éirigh níos fearr le hinstitiúidí ardoideachais a bhuí le bonneagar, acmhainní agus taithí le huirlisí digiteacha a bheith acu cheana féin; á thabhairt chun suntais gur dhéine an cur isteach ar oideachas luath-óige, ar oideachas scoile, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint, ar oideachas aosach agus ar oideachas neamhfhoirmiúil agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí chun cianfhoghlaim éifeachtach a chur ar fáil do na hearnálacha sin; á mheabhrú go bhfuil gá le tacaíocht leordhóthanach airgeadais i ndáil leis sin;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí ó gach ceann de na Ballstáit maidir le tionchar na paindéime ar rannpháirtíocht foghlaimeoirí sa chianoideachas a bhailiú, a mheasúnú agus a fhoilsiú, agus béim ar leith ar chásanna nárbh fhéidir leo a bheith rannpháirteach ann ceal modhanna digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, sonraí a bhailiú maidir le scileanna digiteacha múinteoirí ar fud na mBallstát;

7.  ag tabhairt dá haire le mór-imní go bhfuil na bearnaí san oideachas digiteach tar éis éagothromaíochtaí atá cheana ann, bíodh sin i measc na mBallstát nó laistigh de na Ballstáit, a dhéanamh níos measa agus go raibh tionchar neamhréireach aige sin ar dhaoine a bhí ag fulaingt cheana ó mhíbhuntáistí sóisialta, eacnamaíocha nó eile, ar dhaoine a bhfuil deacrachtaí foghlama agus míchumais acu agus ar dhaoine ó ghrúpaí íogaire nó mionlaigh eile; á chur i bhfáth go gcaithfear, mar thosaíocht láithreach, an deighilt dhigiteach a dhúnadh;

8.  á mheabhrú, thairis sin, go bhfuil ról sóisialta an-tábhachtach ag scoileanna agus ag forais oideachais eile, mar shampla ó thaobh rochtain a thabhairt ar bhéilí rialta agus ar thacaíocht thréadach; á thabhairt chun suntais go bhfuil éifeachtaí diúltacha ag bearta dianghlasála ar mheabhairshláinte agus dea-bhail na bhfoghlaimeoirí, agus go bhfuil strus a bhaineann le measúnú agus grádáil mar aon le scoiteacht óna gcomhscoláirí ag gabháil leis sin;

9.  á chur in iúl, dá bhrí sin, gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag gairmithe oideachais agus ag Ballstáit lena áirithiú gur féidir le foghlaim duine le duine atosú i dtimpeallacht atá slán ó COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit go léir gach rud is gá a dhéanamh chun foghlaim duine le duine a ráthú do chách; á aithint go bhfuil dúshlán ag gabháil go nádúrtha le forais oideachais a athoscailt agus á chur in iúl gur saoth léi an easpa comhordúcháin nó malartaithe dea-chleachtais ar an leibhéal Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú go dlúth le chéile chun na rioscaí sláinte don fhoireann agus d’fhoghlaimeoirí a íoslaghdú agus chun an seans atá ann go bhféadfaidh oideachas duine le duine leanúint ar aghaidh a uasmhéadú; á chreidiúint, ag an am céanna agus i gcás go dtarlóidh dianghlasáil eile, go gcaithfidh forais oideachais a bheith feistithe amach chun foghlaim dhigiteach ar ardcháilíocht a sholáthar do na foghlaimeoirí ar fad agus chun aghaidh a thabhairt ar mheabhairshláinte agus dea-bhail i gcomhar leis na tuismitheoirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile;

10.  á chur i bhfáth gur minic le héagothromaíochtaí sóisialta agus oideachais greim a bhaint amach sa luath-óige agus gur gnách leo fairsingiú de réir mar a thagann daoine in aois mar gurb iondúil gurb é an toradh a bhíonn ar leibhéal íseal oideachais ná gur measa na deiseanna fostaíochta a bhíonn ag daoine, agus as sin go laghdaítear an rochtain a bhíonn acu ar oiliúint ar an láthair oibre agus go laghdaítear freisin na deiseanna forbartha;

11.  á chur in iúl gur cúis imní di na leibhéil mhíchothroma de neamhlitearthacht dhigiteach atá tagtha chun cinn de thoradh na géarchéime, le go leor daoine ag streachailt leis an tuiscint bhunúsach ar chosaint sonraí ar líne, ar chibearshlándáil agus ar litearthacht faisnéise; á thabhairt chun suntais gur dúshlán ar leith í an mhífhaisnéis agus an bhréagnuacht ina leith sin; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé tábhachtach scileanna bunúsacha i litearthacht dhigiteach agus faisnéise a mhúineadh trí chur chuige dílis i leith na foghlama ar feadh an tsaoil agus á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar an rochtain ar theagasc scileanna digiteacha do dhaoine scothaosta agus do dhaoine ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh mhórscála Eorpacha maidir leis an litearthacht dhigiteach ann agus iad daingnithe sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, arna athbhreithniú;

12.  á mheas gurb í an chéad chéim atá le foghlaim ón ngéarchéim ná go gcaithfear cuimsiú agus comhdheiseanna, ó thaobh rochtana agus cáilíochta araon de, a chur i gcroílár bheartais oideachais agus oiliúna an Aontais don todhchaí;

13.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé léirithe ag an ngéarchéim go dteastaíonn cur chuige il-gheallsealbhóra agus comhchruthaitheachta i leith an bheartais oideachais, lena n-áirítear múinteoirí agus oiliúnóirí, foghlaimeoirí, soláthraithe oideachais agus oiliúna ar bhonn seachfhoirmiúil, tuismitheoirí, gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, ceardchumainn agus údaráis áitiúla, agus iadsan a bheith páirteach sa dearadh chomh maith leis an seachadadh; á mheabhrú go dtarlaíonn an fhoghlaim i dtimpeallachtaí foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus nach mór an déanamh beartais a oiriúnú i dtreo cur chuige iltimpeallachta;

14.  á chur in iúl gur deimhin léi go dtugann an ghéarchéim seo deis dúinn machnamh ceart a dhéanamh ar an treo a rachaidh an beartas oideachais agus oiliúna sa todhchaí agus ar an áit a bheidh ag oideachas agus oiliúint laistigh den chlár oibre níos leithne le haghaidh an téarnaimh i ndiaidh na paindéime; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag an oideachas san aistriú glas agus san aistriú digiteach; á mheabhrú go n-aithnítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip go bhfuil ról lárnach ag scoileanna, forais oiliúna agus ollscoileanna ó thaobh athrú a thabhairt i gcrích;

15.  á chreidiúint, thairis sin, gurb é anois an t-am le hathsmaoineamh a dhéanamh ar churaclaim agus ar mhodhanna foghlama, agus iad a nuachóiriú, agus go bhfuil sé in am dlús a chur leis an athrú; ag spreagadh na mBallstát le lánfháilte a chur roimh an digiteáil agus an nuáil, agus nuatheicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail intleacht shaorga, blocshlabhraí, réitigh don fhoghlaim oiriúnaitheach agus cluichiú, a shníomh isteach ina gcórais oideachais agus oiliúna ar bhealach cliste atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir; á chur i bhfios go láidir gur gá staidéar a dhéanamh ar an tionchar atá ag teicneolaíochtaí nuálacha san oideachas agus gur gá samplaí den dea-chleachtas a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach; á mheabhrú a thábhachtaí atá na prionsabail dhlíthiúla agus eiticiúla atá mar bhonn taca don mhaoin intleachtúil i gcomhthéacs inneachar an oideachais dhigitigh; á chur i bhfáth gur cheart úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a shníomh isteach san oideachas ó bhíonn daoine an-óg, ach iad faoi mhaoirsiú gairmiúil cuí ag duine fásta, agus gur cheart go leanfaí na caighdeáin is airde ó thaobh cosaint sonraí agus cóipchirt de;

16.  á chur i bhfáth nach féidir aon rud a chur in ionad na hidirghníomhaíochta dírí idir na múinteoirí agus foghlaimeoirí agus gurb í an fhoghlaim duine le duine amháin atá in ann sealbhú scileanna idirphearsanta agus sóisialta a áirithiú go héifeachtach; á mheas, dá bhrí sin, fiú agus gur dócha go leanfaidh samhail oideachais hibrideach ina mbeidh foghlaim ranga duine le duine agus réitigh r-fhoghlama as an bpaindéim, go gcaithfidh foghlaim duine le duine a bheith fós i gcroílár an oideachais agus na hoiliúna; á mheabhrú a thábhachtaí atá léann na ndaonnachtaí agus á chreidiúint go bhfuil na daonnachtaí bunriachtanach le bheith mar chomhlánú ar ábhair STEAM agus ar scileanna fiontraíochta;

17.  á mheas go mbeadh feabhas ar éifeachtacht na freagartha do ghéarchéim COVID-19 dá mbeadh comhar agus comhordú níos fearr ann i measc na mBallstát agus dá mbeadh beartas oideachais agus oiliúna níos uaillmhianaí ag an Aontas, agus ag tathant ar an Aontas ról comhordúcháin níos gníomhaí a bheith aige amach anseo;

18.  á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún creat beartais teanntásach a mholadh le haghaidh beartas oideachais Eorpach sa todhchaí, lena ndéanfar an Limistéar Eorpach Oideachais a chlaochlú ó fhís scaoilte de phrionsabail go dtí clár oibre nithiúil ag a bhfuil tacar cuspóirí intomhaiste, lena n-áirítear aitheantas frithpháirteach go huathoibríoch i gcás cáilíochtaí, dioplómaí agus tréimhse foghlama thar lear a bheith tugtha chun fíre san Aontas faoi 2025 ar a dhéanaí; ag tathant ar an gCoimisiún cur chuige teanntásach den chineál céanna a ghlacadh i leith an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach faoi mar atá uasghrádaithe, trína mbeifear ag aistriú ó bhailiúchán de ghníomhaíochtaí neamhionanna go dtí straitéis lánfheidhmiúil le haghaidh scileanna digiteacha agus oideachas; á áitiú go ndéanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa a pháirtiú go gníomhach ag gach céim den déanamh beartais;

19.  á áitiú go gcaithfidh an beartas oideachais Eorpach don todhchaí a bheith bunaithe ar cheart beartais comhleanúnach a áirithíonn go bhfuil na tionscnaimh beartais ábhartha - amhail an Clár Oibre Scileanna don Eoraip, an Limistéar Eorpach Oideachais, an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, Ráthaíocht don Aos Óg agus Ráthaíocht i dTaobh Leanaí - comhlántach le chéile agus go dtacaíonn siad le haidhmeanna beartais foriomlána soiléire; á mheas go bhfuil sé riachtanach an toise oideachais a chomhtháthú san idirphlé le saoránaigh, mar shampla faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa atá le teacht;

20.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an dul chun cinn ionsar Limistéar Eorpach an Ardoideachais i bhfad go mór chun cinn ar an dul chun cinn in earnálacha oideachais eile; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, díriú isteach níos mó ar earnálacha oideachais eile, go háirithe oideachas luathóige, oideachas scoile, oideachas aosach agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, trí chur chuige foghlama ar feadh an tsaoil;

21.  á mheabhrú gurb é clár Erasmus+ an phríomhionstraim maoinithe atá ann chun tacú le lánpháirtiú an Limistéir Eorpaigh Oideachais; á chur i bhfios go láidir a fhiúntaí atá uirlisí atá forbartha le tacaíocht ó Erasmus+ chun acmhainní teagaisc a tháirgeadh agus a chomhroinnt, mar shampla trí r-Nascadh, agus chun módúil oiliúna do mhúinteoirí a fhorbairt, mar shampla tríd an Tairseach Oideachais Scoile; á chreidiúint gur cheart na huirlisí sin a uascálú, a mhaoiniú níos fearr agus a chur chun cinn go gníomhach laistigh den phobal oideachais chun go mbeidh fíorthionchar acu ar theagasc agus foghlaim ar líne; á mheabhrú go dtacaíonn sí le clár Erasmus+ mar chlár atá ina chomhlánú ar an tsoghluaisteacht trí bhíthin uirlisí fíorúla foghlama agus comhair agus nach é go ndéanann sé ionadú ar an tsoghluaisteacht sin; á chur i bhfios a fhiúntaí atá an rannchuidiú atá déanta ag líon áirithe treoirthionscadal agus gníomhaíochta ullmhúcháin (PPPAnna) a bhaineann leis an oideachas agus atá molta ag Parlaimint na hEorpa, agus á iarraidh go ndéanfar PPPAnna rathúla a shníomh isteach i mbeartas agus cláir;

22.  á chur i bhfáth, thairis sin, go bhféadfadh tionscnaimh de chuid na Lárionad Eorpach um Barrfheabhas Gairme, de chuid DiscoverEU agus de chuid na nOllscoileanna Eorpacha rannchuidiú leis an Limistéar Eorpach Oideachais; á chur in iúl, áfach, gur saoth léi go ndearnadh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) athbhreithnithe a foilsíodh i mBealtaine 2020 - a ndearna an Chomhairle Eorpach é a ísliú tuilleadh fós i mí Iúil 2020 - clár Erasmus+ a fhágáil gann ar an gcistiú atá riachtanach chun na tionscnaimh shuaitheanta sin a thabhairt i gcrích gan cur isteach ar chroíchodanna den chlár, go háirithe deiseanna soghluaisteachta san fhoghlaim a leathnú agus an clár a dhéanamh níos cuimsithí;

23.  á chur in iúl gur féidir le raon de chláir mhaoinithe de chuid an Aontais tacú leis an mbeartas oideachais; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíochtú a dhéanamh ar infheistíochtaí spriocdhírithe sa bhonneagar digiteach agus i dtrealamh digiteach d’fhorais oideachais agus d’fhoghlaimeoirí ionas go bhféadfar cianfhoghlaim agus foghlaim ar líne a chumasú, go sonrach i gcás feistí digiteacha agus rochtain idirlín i gceantair iargúlta agus tuaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a úsáid chun na críche sin;

24.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil córais oideachais ardcháilíochta ina ndúshraith do chumas iomaíochta AE ar an leibhéal domhanda agus á mheabhrú go n-éilítear ardleibhéil d’infheistiú poiblí le haghaidh córas oideachais agus oiliúna atá ag feidhmiú go maith; á áitiú, dá bhrí sin, nach ngabhann aon chreidiúnacht le beartais uaillmhianacha nach bhfuil an maoiniú comhfhreagrach ann dóibh; á chur in iúl gur oth léi go mór go ndearnadh ciorruithe buiséadacha sa chomhaontú polaitiúil ar an gcéad CAI eile, arna chomhaontú ag Comhairle Eorpach mhí Iúil, a bhfuil tionchar acu go sonrach ar na cláir sin a thacaíonn le beartais oideachais agus oiliúna - go sonrach Erasmus+, Fís Eorpach agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus; á athdhearbhú gur iarr sí go ndéanfaí an buiséad do Erasmus+ a mhéadú faoi thrí i gcomparáid leis an mbuiséad a bhí ann dó in CAI 2014-2020; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid uaillmhianach a bhaint as na cistí atá ar fáil tríd an bplean téarnaimh ar mhaithe le hinfheistiú san oideachas a bhrú ar aghaidh; ag spreagadh na mBallstát le méadú suntasach a dhéanamh ar chaiteachas poiblí san oideachas;

25.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0485.
(4) IO C 28, 27.1.2020, lch. 8.
(5) Brookings Institution, Aibreán 2020.
(6) An tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach 2019.


Beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro 2020
PDF 178kWORD 70k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir le beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro 2020 (2020/2079(INI))
P9_TA(2020)0284A9-0183/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2, 3, 5 agus 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint d’Airteagail 4, 6, 9, 145, 148, 149, 151, 152, 153, 154, 155, 156, 158, 165, 166, 168, 174 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(1),

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Teideal IV (Dlúthpháirtíocht) di, agus do Threoir 2000/43/CE (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD),

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, agus go háirithe spriocanna 1, 3, 4, 5, 8, 10 agus 13,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig COVID-19(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID-19(3),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2020 dar teideal ‘Freagairt ar an gCoróinvíreas - Gach Euro atá ar fáil a úsáid ar gach bealach is féidir chun beatha daoine agus slite beatha a chosaint’ (COM(2020)0143,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)(4),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2020 dar teideal ‘Freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar Ráig COVID-19’ (COM(2020)0112),

–  ag féachaint don Tuarascáil Theicniúil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde dar teideal ‘Na bearta gaibhniúcháin de dheasca COVID agus margaí saothair AE’ a foilsíodh in 2020 agus, go háirithe, don anailís atá inti ar an bhfianaise is déanaí atá ar fáil maidir le patrúin teilea-oibre san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 dar teideal ‘Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Dhoimhniú: Measúnú ar an dul chun cinn ceithre bliana i ndiaidh Thuarascáil an Chúigear Uachtarán – Ionchur an Choimisiúin Eorpaigh ag Cruinniú Mullaigh Euro an 21 Meitheamh 2019’ (COM(2019)0279),

–  ag féachaint do Thuarascáil an 22 Meitheamh 2015 ón gCúigear Uachtarán dar teideal ‘Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Chomhlánú’,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Seimeastar Eorpach 2020: Moltaí tír-shonracha (COM(2020)0500),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gníomhachtú chlásal ginearálta éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (COM(2020)0123) agus don chinneadh ón gComhairle an 23 Márta 2020 ina leith a eisíodh ina dhiaidh sin,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2020 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát (COM(2020)0070),

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát (COM(2017)0677) agus do sheasamh Pharlaimint na hEorpa ina leith sin an 19 Aibreán 2018(5),

–  ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1181 ón gComhairle an 8 Iúil 2019 maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát(6),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir le Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020 (COM(2019)0650),

–  ag féachaint don togra le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2019 a ghabhann leis an Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020 (COM(2019)0653),

–  ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2019)0652),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 dar teideal ‘Tuarascáil 2020 maidir leis an Sásra Foláirimh’ (COM(2019)0651),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Samhain 2019 maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2020: Measúnú Foriomlán (COM(2019)0900),

–  ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla do Choimisiún Eorpach 2019-2024 dar teideal ‘Aontas níos Uaillmhianaí - An Clár Oibre agamsa don Eoraip’, arna thíolacadh ag Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen,

–  ag féachaint don mhéid a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, in ‘Aontas níos Uaillmhianaí: – An Clár Oibre agamsa don Eoraip - Treoirlínte Polaitiúla don Chéad Choimisiún Eorpach Eile 2019-2024’: ‘chun tacú le gach leanbh atá i ngátar, cruthóidh mé an ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí, ag cur leis an smaoineamh a mhol Parlaimint na hEorpa’,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2017 dar teideal ‘Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhunú’ (COM(2017)0250), agus go háirithe Prionsabal 11, lena n-atreisítear an tábhacht a bhaineann le cearta leanaí a chur chun cinn,

–  ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 8 Meitheamh 2020 maidir le ‘Dúshláin dhéimeagrafacha – an bealach chun cinn’(7),

–  ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir leis an saol oibre agus saol an teaghlaigh a thabhairt chun réitigh i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh (11841/11),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2017 dar teideal ‘Tionscnamh chun tacú leis an gcothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí a bhíonn ag obair’ (COM(2017)0252),

–  ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 480/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8),

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle an 13 Márta 2018 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (COM(2018)0132),

–  ag féachaint don Phacáiste Infheistíochta Sóisialta ón gCoimisiún ó 2013, a dtugtar mionsonraí ina thaobh sa teachtaireacht uaidh dar teideal ‘I dtreo Infheistíocht Shóisialta le haghaidh Fáis agus Comhtháthaithe – lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa 2014-2020 a chur chun feidhme’ (COM(2013)0083),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal ‘Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach suas go dtí 2020’ (COM(2011)0173) agus do na tuarascálacha cur chun feidhme agus meastóireachta ina dhiaidh sin,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair a chuimsiú go gníomhach(9),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle(10),

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 26 Aibreán 2017 dar teideal ‘Breithniú ar Mholadh 2013 maidir le “Infheistíocht a dhéanamh i leanaí: timthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh”’ (SWD(2017)0258),

–  ag féachaint do Rannpháirtíocht Straitéiseach don Chomhionannas Inscne 2016-2019 ón gCoimisiún agus do Chomhaontú Eorpach um Chomhionannas Inscne 2011-2020 mar aon le Conclúidí ón gComhairle ina leith sin an 7 Márta 2011(11) agus don teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025’ (COM(2020)0152),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2013 dar teideal ‘Spriocanna Barcelona - Forbairt saoráidí cúraim leanaí do leanaí óga san Eoraip d’fhonn fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach’ (COM(2013)0322),

–  ag féachaint do Spriocanna cúraim leanaí Barcelona 2002, eadhon go ndéanfaí faoi 2010 cúram leanaí a chur ar fáil do 90 % ar a laghad de na leanaí idir 3 bliana d’aois agus an aois éigeantach scoile agus do 33 % ar a laghad de na leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2016 dar teideal ‘An Ráthaíocht don Aos Óg agus an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg tar éis trí bliana’ (COM(2016)0646),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal ‘Infheistíochtaí Eorpacha le haghaidh post agus fáis a neartú: I dtreo an dara céim den Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus Plean nua Eorpach Infheistíochta Seachtraí’ (COM(2016)0581),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 dar teideal ‘Clár Oibre Nua Scileanna don Eoraip – Ag obair le chéile chun an caipiteal daonna, an infhostaíocht agus an t-iomaíochas a neartú’ (COM(2016)0381),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’ (COM(2020)0274),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2016 dar teideal ‘Clár Oibre Eorpach don Gheilleagar Comhoibríoch’ (COM(2016)0356),

–  ag féachaint don Phacáiste don Gheilleagar Ciorclach (Treoracha (AE) 2018/849(12), (AE) 2018/850(13), (AE) 2018/851(14) agus (AE) 2018/852(15)),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2016 dar teideal ‘An Eoraip i mbun infheistíochta arís – Breithniú ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus na chéad chéimeanna eile’ (COM(2016)0359),

–  ag féachaint don pháipéar bán ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2012 dar teideal ‘Clár Oibre i gcomhair Pinsin Leordhóthanacha Shábháilte Inbhuanaithe’ (COM(2012)0055),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2009 dar teideal ‘Dlúthpháirtíocht i gCúrsaí Sláinte: Éagothroime Sláinte a laghdú in AE’ (COM(2009)0567),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 maidir le cur chun cinn an gheilleagair shóisialta mar phríomhspreagthóir na forbartha eacnamaíche agus sóisialta san Eoraip (15071/15),

–  ag féachaint don rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro(16),

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Márta 2019 maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú na mbeartas eacnamaíoch: gnéithe fostaíochta agus sóisialta de Shuirbhé Bliantúil Fáis 2019(17),

–  ag féachaint don rún uaithi an 11 Nollaig 2018 maidir leis an oideachas sa ré dhigiteach: dúshláin, deiseanna agus ceachtanna do cheapadh beartais an Aontais Eorpaigh(18),

–  ag féachaint don rún uaithi an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le conairí d’oibrithe atá ag téarnamh ó ghortú agus ó thinneas a athimeascadh i bhfostaíocht d’ardchaighdeán(19),

–  ag féachaint don rún uaithi an 16 Samhain 2017 maidir le neamhionannais a chomhrac mar mhodh éifeachtach chun borradh a chur faoi chruthú post agus faoin bhfás(20),

–  ag féachaint don rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartais ioncaim íosta a úsáid mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac(21),

–  ag féachaint don rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2017 maidir le clár oibre nua scileanna don Eoraip(22),

–  ag féachaint don rún uaithi an 19 Eanáir 2017 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta(23),

–  ag féachaint don rún uaithi an 26 Bealtaine 2016 maidir leis an mbochtaineacht: gné na hinscne(24),

–  ag féachaint don seasamh uaithi an 2 Feabhra 2016 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle maidir le hArdán Eorpach a bhunú chun feabhas a chur ar an gcomhar i ndáil le hobair neamhdhearbhaithe a chosc agus a dhíspreagadh(25),

–  ag féachaint don rún uaithi an 25 Samhain 2015 maidir le Creat Straitéiseach AE maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2014-2020(26),

–  ag féachaint don tionscnamh ó ECFE agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le ‘Staid na sláinte i dtimthriall an Aontais’ agus don tuarascáil ghaolmhar ‘Sracfhéachaint ar an tsláinte: an Eoraip 2018’,

–  ag féachaint do Thuarascáil maidir le Leordhóthanacht Pinsean 2018 ón gCoimisiún: Leordhóthanacht ioncaim reatha agus leordhóthanacht ioncaim a bheidh ann amach anseo do dhaoine scothaosta san Aontas, a foilsíodh an 26 Aibreán 2018,

–  ag féachaint do Thuarascáil ar an Aosú 2018 ón gCoimisiún: Réamh-mheastacháin Eacnamaíocha agus Buiséadacha do 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh (2016-2070), a foilsíodh an 28 Bealtaine 2018,

–  ag féachaint don leagan athbhreithnithe de Chairt Shóisialta na hEorpa agus do Phróiseas Turin, arna seoladh in 2014 a bhfuil sé mar aidhm leo córas conarthach Chairt Shóisialta na hEorpa laistigh de Chomhairle na hEorpa a neartú, mar aon lena ghaolmhaireacht le dlí an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don rún uaithi an 8 Márta 2011 maidir le neamhionannais sláinte a laghdú in AE(27),

–  ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le straitéis sláinte poiblí AE i ndiaidh COVID-19(28),

–  ag féachaint do na breithnithe deiridh ó Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas ó Mheán Fómhair 2015 maidir leis an tuarascáil tosaigh ón Aontas Eorpach chuig an gCoiste i mí an Mheithimh 2014,

–  ag féachaint do Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (an Treoir maidir le Cóir Chomhionann)(29), agus d’Airteagal 141 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (1992), i ndáil le prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó as obair ar luach comhionann,

–  ag féachaint do thuarascáil 2014 ón gCoimisiún maidir le comhionannas idir mná agus fir,

–  ag féachaint do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2019-2027, atá bunaithe ar an rún ón gComhairle an 26 Samhain 2018, agus do sprioc Eoraip 2020 go ndéanfar luathfhágáil ón oideachas agus oiliúint a laghdú go dtí faoi bhun 10 %,

–  ag féachaint don ‘Staidéar Féidearthachta maidir le Ráthaíocht do Leanaí - tuarascáil deiridh’ ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2020,

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 5/2017 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa arna fhoilsiú in Aibreán 2017 dar teideal ‘Dífhostaíocht i measc na hÓige – An ndearna beartais an Aontais difear? Measúnú ar an Ráthaíocht don Aos Óg agus ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg’,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘Tacaíocht d’Fhostaíocht na hÓige: droichead chuig poist don chéad ghlúin eile’ (COM(2020)0276),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht)(30),

–  ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa – Earrach 2020 ón gCoimisiún,

–  ag féachaint don staidéar ón Líonra Eorpach um Beartas Sóisialta dar teideal ‘Bochtaineacht lucht oibre san Eoraip: Staidéar ar bheartais náisiúnta’ arna fhoilsiú i mBealtaine 2019,

–  ag féachaint don mholadh ón gComhairle in 2018 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (14582/18),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach(31),

–  ag féachaint don rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19(32),

–  ag féachaint don Réamhaisnéis Eacnamaíoch ón gCoimisiún, Samhradh 2020,

–  ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún dar teideal ‘Riachtanais téarnaimh na hEorpa a shainaithint’ (SWD(2020)0098),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe AE de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach an 18 Feabhra 2020 (6129/20),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0183/2020),

A.  de bhrí go bhfuil AE anois sa chúlú eacnamaíoch is doimhne ina stair, agus go bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch san Eoraip ag ísliú ar luas níos gasta ná mar is gnách; de bhrí, de réir réamhaisnéis Eacnamaíoch Shamhradh 2020, go bhfuiltear ag tuar go gcrapfaidh OTI AE faoi thart ar 8,3 % agus go gcrapfaidh an limistéar euro faoi 8,7 % in 2020;

B.  de bharr gur tharla suaitheadh siméadrach mar thoradh ar COVID-19 a d’imigh i bhfeidhm ar gach Ballstát, cé go meastar go mbeidh tionchar na géarchéime míchothrom, agus tionchar níos láidre aige ar níos mó ná 109 milliún duine a bhí i mbaol bochtaineachta cheana féin roimh an bpaindéim; de bhrí gur chuir an ghéarchéim brú mór ar chórais um chosaint shóisialta chun tionchar sóisialta na géarchéime a mhaolú agus dálaí maireachtála maithe a áirithiú do chách, agus chun rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha amhail sláinte, oideachas agus tithíocht a áirithiú; de bhrí gur dócha go méadóidh géarchéim COVID-19 éagothromaíochtaí atá ann cheana, agus go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe Eorpach lena n-áiritheofar comhtháthú sóisialta agus críochach;

C.  de bhrí go bhfuil baol ann freisin go méadóidh an ghéarchéim atá ann faoi láthair éagothromaíochtaí réigiúnacha agus críochacha ar fud na mBallstát agus laistigh díobh;

D.  de bhrí go bhfuil comhordú éifeachtach ar bheartas eacnamaíoch, sóisialta agus sláinte na hEorpa, a bhfuil an Seimeastar Eorpach agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ag a chroílár, ríthábhachtach chun éifeachtaí na géarchéime a mhaolú agus chun a áirithiú go mbeidh téarnamh ann atá nuálach ó thaobh an gheilleagair de, atá cóir ó thaobh na sochaí de agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de; de bhrí go neartaíonn rannpháirtíocht níos mó Pharlaimint na hEorpa maoirseacht dhaonlathach an tSeimeastair;

E.  de bhrí gur cuireadh i ngníomh, leis an gCinneadh ón gComhairle an 23 Márta 2020, clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis lena gceadaítear an tsolúbthacht is gá chun gach beart is gá a dhéanamh chun tacú leis na geilleagair agus leis na córais sláinte; de bhrí go bhfuil infheistíochtaí sóisialta bunriachtanach chun forbairt inbhuanaithe agus sochaithe cuimsitheacha a áirithiú;

F.  de bhrí go raibh iarmhairtí aiféalacha ag baint le roghanna beartais áirithe agus le hinfheistíocht shriantach i ndiaidh na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche ar an leibhéal cosanta arna sholáthar ag córais shóisialta agus cúraim sláinte atá tearcmhaoinithe i gcásanna áirithe, nach raibh in ann bochtaineacht agus neamhionannais a laghdú go leordhóthanach, agus a chuir le héifeachtaí na paindéime i mBallstáit áirithe;

G.  de bhrí go bhfuil gá le bearta cinntitheacha agus le hinfheistíocht chun téarnamh tapa a bhaint amach, ar cheart dóibh díriú ar éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime a mhaolú, ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a atosú, ar an bhfhorbairt inbhuanaithe, ar an aistriú glas, ar an gclaochlú digiteach agus ar SDGanna na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ar chuspóirí an Chomhshocraithe Ghlais agus ar Chomhaontú Pháras, agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) chun stáit leasa níos éifeachtaí agus níos láidre a bhaint amach;

H.  de bhrí, ar mhaithe le leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá beartaithe, gur cheart do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú, ar pleananna iad ba cheart a chur i gceangal lena gcláir náisiúnta um athchóiriú, agus torthaí an tSeimeastair Eorpaigh á gcur san áireamh, mar aon le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus pleananna um aistriú cóir, agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta acu maidir leis na pleananna a chur chun feidhme i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh; de bhrí gur cheart do na Ballstáit pleananna sonracha don dul chun cinn sóisialta a bhunú ina mbeadh spriocanna soiléire lena leagfar amach na réimsí ina ndíreofar ar infheistíocht shóisialta agus ar an gcaoi a ndéanfar prionsabail EPSR a chur chun feidhme tar éis ghlacadh an Phlean Gníomhaíochta do chur chun feidhme EPSR a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh;

I.  de bhrí gurb iad na hathchóirithe atá inbhuanaithe go sóisialta na hathchóirithe atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht, ar an lánpháirtiú, ar an gceartas sóisialta, ar dháileadh cothrom an rachmais, ar chomhionannas inscne, ar chóras oideachais phoiblí ar ardchaighdeán do chách, ar an bhfostaíocht ar ardchaighdeán agus ar an bhfás inbhuanaithe – múnla lena n-áirithítear comhionannas agus cosaint shóisialta, lena gcumhachtaítear grúpaí leochaileacha, lena bhfeabhsaítear rannpháirtíocht agus saoránacht agus lena bhfeabhsaítear caighdeáin mhaireachtála do chách; de bhrí go bhfuil córais neartaithe um chosaint shóisialta ríthábhachtach don chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus na míchothromaíochtaí, agus chun tacú le fás cuimsitheach agus inbhuanaithe;

J.  de bhrí, dar leis an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo dar teideal ‘Na riachtanais téarnaimh san Eoraip a shainaithint’, gurb é an riachtanas sóisialta is práinní ná dul i ngleic leis an dífhostaíocht; de bhrí go measann an Coimisiún sa doiciméad seo gurb infheistíocht EUR 192 bhilliún a bheidh ag teastáil don bhonneagar sóisialta;

K.  de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú ar an ráta dífhostaíochta sa limistéar euro ó 7,5 % mar a bhí in 2019 go dtí thart ar 9,5 % in 2020, agus go mbeidh difríochtaí suntasacha ann ó Bhallstát go chéile; de bhrí go bhfuil an dífhostaíocht ag ardú go míchothrom ar fud earnálacha, inscne, aoisghrúpaí agus grúpaí socheacnamaíocha; de bhrí go gcuireann scéimeanna oibre gearr-ama náisiúnta, fóirdheontais phá agus tacaíocht do ghnólachtaí, arna dtacú le bearta Eorpacha, ar chumas daoine poist a choinneáil agus tuarastail a choinneáil gan athrú den chuid is mó; de bhrí go bhfuil go leor post i mbaol an-ard sa mheántéarma, agus go mbeidh gá le hiarracht mhór chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht; de bhrí go bhféadfadh scéim Eorpach athárachais dífhostaíochta na difríochtaí sin a theorannú amach anseo trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit na costais a bhaineann go díreach le cruthú nó síneadh scéimeanna oibre gearr-ama náisiúnta a chumhdach;

L.  de bhrí gur tharla meathlú mór ar mhargadh saothair an limistéir euro sa chéad leath de 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta a rinneadh chun í a shrianadh; de bhrí go gceileann an laghdú fostaíochta de thart ar 4 % in 2020 meathlú níos substaintiúla ar an líon uaireanta an chloig oibrithe, toisc go bhfuil fostaithe i scéimeanna oibre gearr-ama dífhostaithe de facto ach go bhfuil siad fostaithe chun críocha staidrimh; de bhrí, chun duine a áireamh mar dhuine dífhostaithe nach mór duine a bheith ar fáil don mhargadh saothair, rud nach raibh indéanta i ngach áit le linn na dianghlasála, agus gur díspreagadh freisin go leor daoine nach bhfuil ach nasc scaoilte acu leis an margadh saothair post a lorg go gníomhach, mar sin, nár áiríodh iad mar dhaoine dífhostaithe;

M.  de bhrí nach n-iompraítear ualach an mheathlaithe sin ar an margadh saothair go cothrom i gcatagóirí éagsúla den mhargadh saothair; de bhrí gurbh iad oibrithe a bhfuil coinníollacha oibre agus conarthaí neamhchinnte acu, lena n-áirítear oibrithe ar conradh agus oibrithe atá fostaithe trí ghníomhaireachtaí sealadacha, na chéad oibrithe a chaill a bpoist; de bhrí gur minic nach bhfuil siad in ann a gcearta a fhorfheidhmiú, gur beag an tslándáil poist agus an chosaint árachais shóisialta atá acu, nó nach ann dóibh ar chor ar bith, agus go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta níos mó; de bhrí gur mó an méadú atá tagtha ar an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg ná an ráta foriomlán, agus gur fhulaing daoine féinfhostaithe go mór ón dianghlasáil;

N.  de bhrí gurb iad na Ballstáit atá freagrach go príomha as dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na n-óg ó thaobh creataí rialála mhargadh an tsaothair, córais oideachais agus oiliúna agus beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

O.  de bhrí, de réir réamhaisnéis Shamhradh 2020, go meastar go moilleoidh roinnt fachtóirí filleadh mhargadh an tsaothair ar a staid roimh an bpaindéim, mar shampla scéimeanna um fhóirdheontais oibre gearr-ama a bhfuil teorainn ama leo; de bhrí, i gcás tréimhse fhada de ghníomhaíocht eacnamaíoch lag agus ina meastar go laghdóidh líon na ngnólachtaí a ngníomhaíochtaí nó go rachaidh siad as gnó, nach féidir le scéimeanna méadú ar an dífhostaíocht a chosc go hiomlán; de bhrí go bhféadfadh sé a bheith thar a bheith deacair an t-ardú a mheastar a thiocfaidh ar na rátaí dífhostaíochta a shárú ar fud AE sna Ballstáit ina raibh an dífhostaíocht sách ard roimh thús na paindéime, áit a bhfuiltear ag meas go mbeidh an t-athfheistiú eacnamaíoch mall, nó i gcás ina bhfuil easpa éifeachtúlachta agus éifeachtachta sna margaí saothair agus sna líonta sábháilteachta sóisialta;

P.  de bhrí, de réir Eurostat, in 2018, go raibh 8,3 milliún oibrí páirtaimseartha tearcfhostaithe in AE-28, go raibh 7,6 milliún duine ar fáil le haghaidh oibre, ach nach raibh siad ag lorg poist, agus go raibh 2,2 milliún duine eile ag lorg poist, gan a bheith in ann tosú ag obair laistigh de thréimhse ghearr; de bhrí go raibh deacrachtaí ag 18,1 milliún duine ar an iomlán in AE-28 in 2018 ar deacrachtaí iad a bhféadfaí dífhostaíocht a thabhairt orthu;

Q.  de bhrí go raibh laghdú 13 phointe céatadáin tagtha ar sciar AE de phoist mheánioncaim idir 2002 agus 2018;

R.  de bhrí go bhfuil ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha i margadh an tsaothair, amhail rannpháirtíocht íseal, chomh maith le scileanna agus neamhréir cáilíochtaí; de bhrí go bhfuil gá méadaitheach le bearta nithiúla chun lucht saothair neamhghníomhach a lánpháirtiú nó a athimeascadh chun freastal ar éilimh mhargadh an tsaothair;

S.  de bhrí go dtuartar go gcuirfidh meath ar staid mhargadh an tsaothair teorainn le méaduithe ar phá agus tuarastail, agus go lagóidh sé cumhacht margála na n-oibrithe; de bhrí gur príomhionstraimí iad an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil d’fhostóirí agus do cheardchumainn chun pá cothrom agus dálaí oibre cothroma a bhunú, agus go gcuireann córais chómhargála láidre le hathléimneacht na mBallstát le linn géarchéim eacnamaíoch;

T.  de bhrí gur saincheist í an ceart chun cómhargáil a bhunú a bhaineann le gach oibrí Eorpach, a bhfuil impleachtaí ríthábhachtacha aici ó thaobh an daonlathais agus an smachta reachta de, lena n-áirítear cearta sóisialta bunúsacha agus cómhargáil a urramú; de bhrí gur ceart bunúsach Eorpach é an chómhargáil, agus go bhfuil sé de cheangal ar Institiúidí Eorpacha í a urramú faoi Airteagal 28 den Chairt um Chearta Bunúsacha; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag beartais lena ndéantar cómhargáil agus seasamh na n-oibrithe i gcórais socraithe pá a urramú, a chur chun cinn agus a neartú chun dálaí oibre ardcháilíochta a bhaint amach;

U.  de bhrí gur tháinig meath ar chlúdach cómhargála in 22 as 27 mBallstát ó 2000; de bhrí gurb ionann meánleibhéal na ballraíochta san aontas ar fud an Aontais Eorpaigh agus thart ar 23 %, agus difríochtaí móra i measc na mBallstát, idir 74 % agus 8 %;

V.  de bhrí gur féidir le pá lena n-áirithítear caighdeán maith maireachtála, córais láidre cómhargála, an daonlathas ag an obair, trédhearcacht pá, uaireanta oibre intuartha, socruithe solúbtha oibre, cosaint shóisialta leordhóthanach agus infheistíocht i seirbhísí poiblí bochtaineacht san obair a laghdú, neamhionannais sláinte agus shóisialta a laghdú, agus éileamh a ghiniúint agus sláinte agus folláine a fheabhsú;

W.  de bhrí go n-aithnítear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe 1948, gur gá d’oibrithe pá maireachtála a thuilleamh, mar a dhéantar freisin i mBunreacht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, a bunaíodh in 1919; de bhrí, de réir shainmhíniú Eurofound, gurb é pá maireachtála an méid ioncaim is gá chun bunchaighdeán maireachtála atá inghlactha go sóisialta a thabhairt d’fhostaí; de bhrí go bhfuil íosphá i dtromlach na dtíortha fós faoi bhun líne na bochtaineachta;

X.  de bhrí go mbeidh tionchar suntasach ag an ngéarchéim ar dhálaí sóisialta, a mbíonn tionchar acu go háirithe ar mhná, ar theaghlaigh ar ioncam íseal, ar dhaoine scothaosta, ar mhionlaigh agus ar ghrúpaí leochaileacha eile, as a dtiocfaidh méadú ar neamhionannais, leochaileacht, bochtaineacht, dífhostaíocht agus dibhéirseachtaí sóisialta, chomh maith leis an mbonn a bhaint de chaighdeáin shóisialta agus fostaíochta san Eoraip; de bhrí, i measc nithe eile, go bhfuil daoine óga, oibrithe a bhfuil dálaí oibre forbhásacha acu, ar chonarthaí neamhchaighdeánacha agus sealadacha, daoine le cáilíochtaí ísle, oibrithe páirtaimseartha ainneonacha agus oibrithe féinfhostaithe, agus oibrithe ardáin agus oibrithe imirceacha is mó i mbaol a bpost a chailleadh agus i mbaol bochtaineachta; de bhrí go bhfuil go leor oibrithe atá i ngairmeacha bunriachtanacha mar chuid den fhreagairt túslíne ar phaindéim COVID-19 sna catagóirí leochaileacha sin;

Y.  de bhrí go bhfuil sé léirithe ag an ngéarchéim go bhfuil gach oibrí bunriachtanach, agus más rud é go bhfuil ár sochaithe ag feidhmiú i ndianghlasáil, níl sé sin buíochas le hoibrithe cúraim sláinte, taighdeoirí agus fórsaí slándála amháin, ach go mór mór buíochas le glantóirí, oibrithe iompair, airgeadóirí ollmhargaidh, oibrithe cúraim, oibrithe seachadta, oibrithe tí, oibrithe ardáin, oibrithe in ionaid ghlaonna, oibrithe bia agus talmhaíochta, iascairí agus go leor eile a bhfuil a rannchuidiú fíor-riachtanach; de bhrí go mbíonn drochdhálaí oibre agus pá íseal ag na hoibrithe sin rómhinic agus gur mná iad i bhformhór na n-earnálacha sin;

Z.  de bhrí go bhfuil na bearnaí pá agus pinsin idir fir agus mná fós ann agus gur dócha go leathnóidh siad le géarchéim COVID-19; de bhrí go dtuilleann mná ar fud AE 16 % níos lú ná fir ar an meán, agus go bhfuil an bhearna idir na hinscní maidir le pinsin thart ar 37,2 % in AE;

AA.  de bhrí go bhfuil toirmeasc in AE ar idirdhealú san áit oibre bunaithe ar aois, gnéas, féiniúlacht inscne, míchumas, bunadh eitneach nó ciníoch, reiligiún nó creideamh, nó gnéaschlaonadh, agus tá gach duine i dteideal cóir chomhionann a fháil in earcaíocht, dálaí oibre, ardú céime, pá, rochtain ar oiliúint agus ar phinsin cheirde;

AB.  de bhrí go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh méadú breise ar pholarú poist sna deich mbliana amach romhainn, agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh níos mó post ann ar an leibhéal is airde agus ag an bhfoirceann is ísle de speictream na scileanna; de bhrí gur dócha go ndéanfaidh an phaindéim an treocht sin a threisiú; de bhrí go bhfuil cánachas forchéimnitheach riachtanach chun neamhionannas foriomlán a laghdú agus chun stáit leasa dhea-fheidhmiúla a mhaoiniú;

AC.  de bhrí go bhfuil athrú ó bhonn ag teacht ar shaol na hoibre atá bunaithe ar nuálaíocht theicneolaíoch, digitiú, athruithe déimeagrafacha, athrú aeráide, agus domhandú; de bhrí, thairis sin, go raibh tionchar ollmhór ag an ngéarchéim reatha ar ár nósanna oibre; de bhrí go bhfuil leas eacnamaíoch agus sóisialta ag baint le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid agus iad a chur chun cinn ar bhealach cuimsitheach san fhadtéarma, gur féidir iomaíochas a mhéadú agus deiseanna fostaíochta a chruthú leo, ach go gcruthaíonn siad dúshláin freisin, amhail imeallú sóisialta, eisiamh digiteach, neamhionannais mhéadaithe, cosaint sonraí, meathlú ar shláinte agus ar dhálaí oibre oibrithe, chomh maith lena gcearta a chosaint; de bhrí go neartaíonn infheistíocht i scileanna digiteacha, cáilíochtaí agus oiliúint fhoirmiúil do dhaoine fásta infhostaitheacht oibrithe, forbairtí pá agus iomaíochas gnó; de bhrí go n-éilíonn na dúshláin dhomhanda thuasluaite aistriú cóir chun nach bhfágfar aon duine ar lár;

AD.  de bhrí gur bunphrionsabal an Aontais Eorpaigh í saorghluaiseacht oibrithe, agus go bhfuil sí bunriachtanach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

AE.  de bhrí nár tháinig na torthaí a gealladh as cur chun feidhme Mholadh AE 2013 maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i leanaí; de bhrí nár thug an Seimeastar Eorpach tosaíocht leordhóthanach do bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí a chomhrac, agus nár úsáideadh cistí AE chomh forleathan nó chomh straitéiseach agus a d’fhéadfaí a bheith déanta; de bhrí go mbeadh tabhairt isteach ráthaíocht AE i dtaobh leanaí a bhfuil spriocanna nithiúla aici ina bhealach éifeachtach chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit tiomantas polaitiúil ardleibhéil maidir le cearta sóisialta leanaí a ráthú, go háirithe iad siúd atá i staideanna leochaileacha, agus maidir le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí a chomhrac;

AF.  de bhrí go bhfuil neamhionannais sláinte fréamhaithe i neamhionannais shóisialta, agus go bhfuil siad nasctha go háirithe le hinscne, caighdeáin oideachais, fostaíocht, ioncam, dálaí tithíochta agus rochtain mhíchothrom ar chúnamh leighis, cosc breoiteachta agus seirbhísí chun sláinte a chur chun cinn;

AG.  de bhrí gur gá ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais;

AH.  de bhrí gurb ann do scéimeanna éagsúla ioncaim íosta i bhformhór na mBallstát d’fhonn líontán sábhála a bhunú dóibh siúd atá i mbaol na bochtaineachta;

AI.  de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar easpa dídine go comhsheasmhach i bhformhór na mBallstát le deich mbliana anuas; de bhrí go bhfuil ar a laghad 700,000 duine gan dídean aon oíche ar leith san Aontas, 70 % níos mó ná deich mbliana ó shin; de bhrí gur léirigh COVID-19 gur géarchéim shóisialta agus géarchéim sláinte poiblí araon í easpa dídine;

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis pholaitiúil a fhorbairt chun teacht in ionad straitéis Eoraip 2020 a bhfuil sé mar aidhm léi an bhochtaineacht a dhíothú, lena dtugtar le chéile príomhionstraimí amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Seimeastar Eorpach le fís fhadtéarmach de gheilleagar folláine agus inbhuanaitheacht ár gcomhshaol agus ár samhlacha sóisialta, i gcomhréir le SFIanna na Náisiún Aontaithe;

2.  ag tabhairt moltaí tír-shonracha (CSRanna) 2020 an Choimisiúin dá haire; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta nó dul chun cinn ar bith déanta ag na Ballstáit i sé cinn as 10 moladh tír-shonrach a díríodh orthu in 2019, agus go bhfuil an dul chun cinn fós míchothrom ar fud na mBallstát agus na réimsí beartais, agus go bhfuil an dul chun cinn atá déanta an-mhall maidir leis an mbonn cánach a leathnú, agus maidir le cúram sláinte agus cúram fadtéarmach chomh maith; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh moltaí tír-shonracha comhleanúnach le cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme na moltaí tír-shonracha ríthábhachtach chun cuimsiú sóisialta a chothú agus chun feabhas a chur ar chearta sóisialta, agus chun fostaíocht iomlán, ardcháilíochta agus aistriú atá cóir go sóisialta a bhaint amach; ag tathant ar na Ballstáit, dá bhrí sin, beag beann ar a mballraíocht sa limistéar euro, na moltaí a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, go háirithe na moltaí sin a bhaineann le saincheisteanna fostaíochta agus sóisialta; á chur i bhfáth gur cheart, trí na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim a bhí ann roimhe seo agus trí fhreagairt ar ghéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta COVID-19, gur cheart do na moltaí tír-shonracha rialáil an mhargaidh shaothair a chur chun cinn, athléimneacht ár mbeartas eacnamaíoch a neartú agus tacú lenár seirbhísí poiblí;

3.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di éifeachtaí millteacha sóisialta ghéarchéim COVID-19, go háirithe ar mhná, ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar ghrúpaí leochaileacha, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, dídeanaithe agus imircigh chomh maith le hoibrithe atá sa líne thosaigh le linn na géarchéime, lena méadaítear tuilleadh neamhionannais atá ann cheana agus lena gcruthaítear neamhionannais nua, agus a d’fhéadfadh caighdeáin shóisialta agus fostaíochta san Eoraip a chur i mbaol; á chur i bhfáth nach mbeidh ach freagairt chinntitheach chomhordaithe Eorpach ina gcuidiú chun iarmhairtí sóisialta na géarchéime atá ann faoi láthair a fhritháireamh agus in ann léiriú gur tionscadal fíor-riachtanach é an tAontas Eorpach atá bunaithe ar cheartas sóisialta, dlúthpháirtíocht agus lánpháirtiú; á iarraidh ar na Ballstáit cearta sóisialta na ndaoine a chosaint go hiomlán, agus á chur i bhfáth an ról lárnach nach mór a bheith ag an bpacáiste um Chúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) chun cabhrú leis na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste trí mhaoiniú leordhóthanach ón gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a áirithiú, chun tacú le fostaíocht, go háirithe don aos óg trí Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) chomh maith le comhtháthú AE a chothú, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí;

4.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh na mBallstát an clásal ginearálta éalaithe a ghníomhachtú chun solúbthacht bhreise a chur ar fáil chun na bearta is gá a dhéanamh chun tacú le sláinte shaoránaigh na hEorpa agus na gcóras cosanta sibhialta, chun poist a chaomhnú, chun tacú le téarnamh láidir agus chun geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a chobhsú; á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as an tsolúbthacht fhioscach sin chun iarmhairtí sóisialta na géarchéime a chosc agus a mhaolú, chun córais leasa shóisialta a neartú, chun poist ar ardchaighdeán, seirbhísí poiblí, an comhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an t-aistriú glas a mhaoiniú; á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún maidir le comhairliúchán leathan poiblí a sheoladh leis na geallsealbhóirí ábhartha uile chun treoracha féideartha maidir le forbairt rialacha fioscacha AE a scrúdú; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith rannpháirteach sa phlé d’fhonn infheistíocht shóisialta lena gcothaítear fás inbhuanaithe a spreagadh agus inbhuanaitheacht fhioscach á coinneáil ag an am céanna;

5.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá nós imeachta buiséadach atá fónta agus freagrach, agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún borradh a chur faoin infheistíocht mar fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte, go háirithe infheistíocht san oideachas, sa chóras sóisialta agus sna córais cúraim sláinte; á chur i bhfios go bhfuil clár oibre fós in easnamh sa Seimeastar Eorpach chun faireachán a dhéanamh ar an méadú atá ag teacht ar neamhionannais san Eoraip agus aghaidh a thabhairt ar an méadú sin; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileacháin na mbeartas poiblí, agus ar na míchothromaíochtaí ó thaobh dáileadh ioncaim agus rachmais de, agus trí thuarascálacha aonair grinn-athbhreithnithe (IDR) má bhraitear na míchothromaíochtaí sin, mar bhealach chun comhordú eacnamaíoch a nascadh le feidhmíocht fostaíochta agus shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar cé acu ba cheart a bheith ar na táscairí is cruinne den neamhionannas eacnamaíoch, agus faireachán a dhéanamh ar éabhlóid na míchothromaíochtaí;

6.  á chur in iúl gur geal léi ‘Next Generation EU’, plean téarnaimh an Aontais; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom ann idir na haistrithe glasa agus digiteacha ar thaobh amháin, agus an bonneagar oideachais, sóisialta agus cúraim sláinte ar an taobh eile; á áitiú go gcaithfidh an plean téarnaimh a bheith go hiomlán i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus go gcuideoidh sé le SFIanna na Náisiún Aontaithe agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an gclásal ginearálta éalaithe agus infheistiú i ndaoine agus i gcórais leasa shóisialta, agus tacú le cuideachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí acu chun poist agus pá a chosaint; á iarraidh go mbeadh pleananna dul chun cinn sóisialta sonracha ann chun stáit leasa níos éifeachtaí, níos cothroime agus níos láidre a áirithiú; á éileamh creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) uaillmhianach, arna neartú le hacmhainní dílse nua, agus ag diúltú d’aon laghdú ar chistiú do chláir atá dírithe ar chomhtháthú, amhail CSE+;

7.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) a chur chun feidhme agus SFInna na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, lena n-áirítear i gcomhthéacs an Phlean Eorpaigh don Téarnamh, d’fhonn cothroime shóisialta, comhtháthú sóisialta agus rathúnas a áirithiú do chách; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil brú gan fasach ar na córais leasa sa ghéarchéime atá ann faoi láthair, agus go dtiocfaidh méadú as cuimse ar an gcaiteachas poiblí lena mbaineann; á chur i bhfáth, d’fhonn cur leis an téarnamh, gur cheart go spreagfadh iarracht infheistíochta AE tríd an bPlean don Téarnamh agus trí CAI fás eacnamaíoch a bhfuil gné láidir shóisialta ag baint leis, go háirithe trí chórais leasa a neartú agus trí infheistíocht a dhéanamh i gcórais slándála sóisialta cobhsaí, cúram sláinte, oideachas, tithíocht, fostaíocht, cultúr, ceartas, agus seirbhísí sóisialta poiblí leordhóthanacha agus inrochtana chun tionchar sóisialta na géarchéime a chomhrac agus an bhochtaineacht a dhíothú;

8.  á chur in iúl gur geal léi an togra SURE ón gCoimisiún mar bheart éigeandála chun tacú le scéimeanna oibre gearr-ama na mBallstát do ghéarchéim COVID-19, agus, mar thoradh air sin, méadú a dhéanamh ar na seansanna go bhfaighidh cuideachtaí an leachtacht is gá chun gníomhaíocht eacnamaíoch a atosú agus poist a chosaint; ag tabhairt dá haire cineál sealadach na hionstraime; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, féachaint an bhféadfaí ionstraim speisialta bhuan a ghníomhachtú – arna iarraidh sin do na Ballstáit – i gcás aon ghéarchéime gan choinne lena dtiocfadh ardú seasta sa chaiteachas do scéimeanna oibre gearr-ama agus do bhearta comhchosúla;

9.  á chur i bhfios go láidir gealltanas an Choimisiúin chun an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh mar fhreagairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 ar fhostaíocht; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, iarratais ar mhaoiniú a chur faoi bhráid an Choimisiúin go pras chun tacú le hoibrithe Eorpacha a bhfuil a bpost caillte acu mar thoradh ar COVID-19, a úsáidfear chun iad a athoiliúint, a athcháiliú agus a athimeascadh sa mhargadh saothair;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear cúnamh airgeadais ar fáil ach do ghnóthais nach bhfuil cláraithe sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh tairbhithe na luachanna bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí, agus go ndéanfaidh cuideachtaí a fhaigheann tacaíocht airgeadais phoiblí oibrithe a chosaint, dálaí oibre cuibhiúla a ráthú, ceardchumainn agus comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme a urramú, a gcion cánacha a íoc, agus staonadh ó aischeannach scaireanna nó ó bhónais a íoc le bainistíocht nó díbhinní le scairshealbhóirí;

11.  ag cur béim ar an ról lárnach atá ag an Scórchlár Sóisialta sa Seimeastar Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún an scórchlár a atreisiú, ag léiriú gach ceann de 20 prionsabal EPSR, agus spriocanna sóisialta a fhorbairt, lena n-áirítear maidir le laghdú na bochtaineachta, chomh maith le modh chun gnéithe sóisialta na bhfachtóirí Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) a chomhtháthú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá meastóireachtaí ex ante chomh maith le meastóireachtaí ex post críochnúla ar na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú;

12.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar ghéarchéime COVID-19, ar tionchar diúltach é ar mhargadh saothair na hEorpa, agus gur cúis bhuartha di na caillteanas post nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, go háirithe in earnálacha straitéiseacha, chomh maith leis an méadú gaolmhar ar an mbochtaineacht agus ar na héagsúlachtaí sna caighdeáin mhaireachtála, a mbeidh tionchar acu go háirithe ar an óige, ar mhná agus ar oibrithe i bpoist a éilíonn scileanna ísle, sa gheilleagar neamhfhoirmiúil agus san fhostaíocht fhorbhásach; á mheabhrú an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin go gcuirfear i láthair scéim Eorpach athárachais um shochar dífhostaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit bearta coinneála fostaíochta a chur chun feidhme agus socruithe solúbtha oibre a chur chun cinn chun poist a chaomhnú; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht leordhóthanach a dhéanamh i mbeartais ghníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair, in oideachas, in oiliúint agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, agus leas iomlán a bhaint as ionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana agus as ionstraimí nua chun dífhostaíocht fhadtéarmach a sheachaint, go háirithe sna réigiúin sin atá thíos le míbhuntáistí suntasacha déimeagrafacha, amhail limistéir thuaithe; ag tathant ar na Ballstáit deiseanna fostaíochta nua a chruthú freisin, lena n-áirítear trí chláir infheistíochta poiblí agus cláir fostaíochta, agus ról na seirbhísí poiblí fostaíochta a neartú agus béim ar leith á leagan ar chabhrú le daoine óga, le daoine faoi mhíchumas agus le daoine a bhfuil idirdhealú á dhéanamh orthu le dul isteach sa mhargadh saothair;

13.  ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéal ard dífhostaíochta i measc na hóige i roinnt Ballstát, agus leochaileacht chonarthaí fostaíochta oibrithe óga, go háirithe in earnálacha a bhfuil tionchar tromchúiseach ag COVID-19 orthu; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige, agus leas iomlán á bhaint as na hionstraimí airgeadais reatha agus nua amhail an Ráthaíocht don Aos Óg agus Erasmus+; á iarraidh go mbeadh Ráthaíocht don Aos Óg níos éifeachtaí agus níos cuimsithí agus go ndíreofar go háirithe ar fhostaíocht ar ardchaighdeán le luach saothair cuibhiúil, go háirithe ag díriú ar na daoine is faide ón margadh saothair;

14.  á iarrann sí ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú nach rachaidh paindéim COVID-19 in olcas do staid na ngrúpaí sin is faide ón margadh saothair, amhail cúramóirí neamhfhoirmiúla, daoine le tinnis fhadtéarmacha, daoine faoi mhíchumais, daoine le fadhbanna sláinte nó galair ainsealacha chasta, imircigh agus dídeanaithe, agus daoine ó mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha;

15.  á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) maidir le forbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach, fás eacnamaíoch agus cruthú post san Aontas Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tacaíocht a thugann siad do FBManna agus dá gcuid oibrithe a neartú agus iad i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch arís agus san an aistriú chuig geilleagar atá níos digití agus níos glaise;

16.  á iarraidh ar na Ballstáit forbairt na ngeilleagar ciorclach agus sóisialta a chur chun cinn go gníomhach, nuálaíocht shóisialta agus fiontair shóisialta a chothú, inbhuanaitheacht na mBallstát a neartú agus cineálacha oibre a spreagadh lena gcruthaítear deiseanna fostaíochta ar ardcháilíocht;

17.  á chreidiúint chun iomaíochas domhanda a chaomhnú agus a mhéadú, gur gá creat rialála an mhargaidh saothair sna Ballstáit a bheith soiléir, simplí agus solúbtha agus ardchaighdeáin saothair á gcoinneáil;

18.  á chur i bhfáth, chun Plean Téarnaimh AE a chur chun feidhme go rathúil, go bhfuil gá le hidirphlé sóisialta cuí ar gach leibhéal le rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta, cearta na n-oibrithe agus na gceardchumann a neartú, mar aon le cómhargáil agus rannpháirtíocht oibrithe, ar uirlisí bunúsacha don daonlathas agus don chuimsiú iad; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le fothú acmhainneachtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear trí CSE+ chun dlús ceardchumann, idirphlé sóisialta, cómhargáil, agus rannpháirtíocht oibrithe i gcúrsaí cuideachtaí a neartú, agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a urramú sa soláthar poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go hiomlán i gceapadh beartais, lena n-áirítear an Seimeastar Eorpach;

19.  á chur in iúl gur cúis sásaimh di an comhairliúchán sa dara céim ag an gCoimisiún leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le Creat Eorpach um pá íosta; ag tabhairt dá haire go bhfuil pá cuibhiúil tábhachtach do dhálaí oibre cothroma agus do gheilleagar sóisialta margaidh atá faoi bhláth; á iarraidh ar na Ballstáit pá maireachtála cuibhiúil os cionn thairseach na bochtaineachta a áirithiú do na hoibrithe go léir trí chomhaontuithe comhchoiteanna nó tríd an dlí náisiúnta; ag creidiúint go bhfuil an chómhargáil neartaithe ar cheann de na bealaí is fearr chun pá cuibhiúil a chur chun cinn laistigh de AE; á iarraidh ar an gCoimisiún na bacainní ar idirphlé sóisialta laistigh de AE a shainaithint, agus creat Eorpach a thíolacadh le haghaidh íosphá chun bochtaineacht i measc an lucht oibre a dhíothú i gcomhréir leis na traidisiúin náisiúnta agus le hurraim chuí do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus do shamhlacha cómhargála dea-fheidhmiúla; á chur i bhfáth nár cheart d’aon tionscnamh dochar a dhéanamh do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta ná don socrú pá i gcórais chómhargála; á iarraidh go mbeadh cur chuige comhordaithe ann ar leibhéal AE chun iomaíocht aimhleasach faoi chostais lucht oibre a sheachaint, agus chun cóineasú sóisialta aníos a mhéadú do chách; á chur i bhfáth thairis sin gur cheart go gcuirfeadh pá ar chumas oibrithe freastal ar a riachtanais agus ar riachtanais a dteaghlach, agus gur cheart go bhfaigheadh gach oibrí san Aontas pá maireachtála; á iarraidh ar an gCoimisiún, chuige sin, staidéar a dhéanamh ar cad a d‘fhéadfaí a chuimsiú le pá maireachtála, agus conas ba cheart é a thomhas, a d’fhéadfadh a bheith ina uirlis thagartha do na comhpháirtithe sóisialta;

20.  á iarraidh go mbeadh rochtain ag gach oibrí agus duine féinfhostaithe ar phinsean seanaoise poiblí, atá leordhóthanach agus bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus atá os cionn thairseach na bochtaineachta; á iarraidh ar na Ballstáit leormhaitheas agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsean a ráthú; á chreidiúint gur cheart go ndíreodh athchóirithe ar chórais na bpinsean ar an aois scoir iarbhír agus go léireofaí treochtaí an mhargaidh saothair, rátaí breithe, staid na sláinte agus an rachmais, dálaí oibre agus cóimheas an spleáchais eacnamaíoch leo, i measc gnéithe eile, agus go mbeadh straitéisí um aosú gníomhach ag gabháil leo; á mheas gur gá a chur san áireamh sna hathchóirithe sin, staid na milliún oibrithe san Eoraip, go háirithe mná, daoine óga agus daoine féinfhostaithe, atá thíos le fostaíocht neamhchinnte agus fhorbhásach, tréimhsí dífhostaíochta neamhdheonacha agus uaireanta oibre laghdaithe; á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú leis na comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus céimniú isteach iomchuí na n-athchóirithe a cheadú;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na coinníollacha oibre agus fostaíochta atá ag oibrithe túslíne agus riachtanacha, ag oibrithe ardáin, ag oibrithe neamhchaighdeánacha agus oibrithe i gcineálacha fostaíochta forbhásacha, na cúiseanna atá lena gcás forbhásach a shainaithint, creat rialála Eorpach a thíolacadh ina mbeidh treoirlínte soiléire agus simplí chun uaireanta oibre leormhaithe, dálaí oibre cuibhiúla do na hoibrithe go léir, agus cearta agus rochtain uilíoch ar chosaint shóisialta a áirithiú, agus chun cumhdach cómhargála a neartú agus dul i ngleic le conarthaí forbhásacha, féinfhostaíocht bhréagach, conarthaí gan íosmhéid uaireanta agus úsáid mhíchuí conarthaí neamhchaighdeánacha á iarraidh ar an gCoimisiún teorainneacha dochta a leagan síos maidir le cleachtais fochonraitheoireachta, agus caighdeáin chosanta sóisialta a fheabhsú; mar aon le treoirlínte a sholáthar chun stádas fostaíochta conraitheoirí neamhspleácha a thástáil ar mhaithe le féinfhostaíocht bhréagach a chomhrac; á chur i bhfáth gur cheart go mbainfeadh oibrithe atá faoi réir socruithe conarthacha sealadacha nó solúbtha tairbhe as an gcosaint chéanna is a bhaineann gach oibrí eile;

22.  ag tabhairt dá haire, agus is cúis bhuartha di, nach bhfuil rochtain leormhaith ag oibrithe neamhchaighdeánacha agus féinfhostaithe ar chórais cosanta sóisialta; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun na fadhbanna sin a réiteach, go háirithe trí Mholadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe a leanúint; á chur i bhfáth gur gá rochtain ar chosaint shóisialta a dhéanamh uilíoch, go háirithe sa staid dheacair atá ann faoi láthair;

23.  á chur i bhfios go láidir gur léirigh an phaindéim le déanaí an tábhacht a bhaineann le réitigh dhigiteacha, go háirithe le teilea-obair; agus an gá atá le treoirlínte agus rialacháin chuige sin a bhunú ar an leibhéal Eorpach; á chreidiúint gur féidir ról tábhachtach a bheith ag socruithe solúbtha oibre a rialaítear mar is ceart, ag teilea-obair agus ag poist gan láthair, i dtaobh poist a chaomhnú, tacú le cothromaíocht oibre is saoil níos fearr, rannchuidiú le hastaíochtaí CO2 a bhaineann leis an gcomhaitéireacht laethúil a laghdú, deiseanna fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú, agus go bhféadfadh na socruithe sin a bheith mar uirlis chun dul i ngleic le dídhaonrú tuaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, clár oibre Eorpach maidir le teilea-obair a mholadh, lena n-áirítear creat reachtach chun dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú a mbeidh urraim d’uaireanta oibre, do shaoire, don chothromaíocht oibre is saoil agus don cheart chun dícheangail san áireamh ann; á chur i bhfáth gur gá aird ar leith a thabhairt ar staid tuismitheoirí a bhfuil leanaí acu, tuismitheoirí aonair agus cúramóirí neamhfhoirmiúla a chuireann cúram leanúnach ar fáil do ghaolta cleithiúnacha, mar gur léirigh paindéim COVID-19 go raibh an deacracht is mó ag na grúpaí sin saol na hoibre agus saol an teaghlaigh a thabhairt chun réitigh agus iad ag teilea-obair; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, an tábhacht a bhaineann le réitigh cúraim leanaí iomchuí;

24.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di dálaí oibre agus maireachtála oibrithe séasúracha agus oibrithe trasteorann eile, go háirithe oibrithe in earnáil le pá íseal; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit inaistritheacht na gceart a neartú agus dálaí oibre cothroma agus córa a áirithiú d’oibrithe soghluaiste, trasteorann agus séasúracha in AE; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith tiomanta go hiomlán do dhigitiú seirbhísí poiblí chun soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a éascú, go háirithe maidir le córais slándála sóisialta a chomhordú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, tar éis dó measúnú tionchair cuí a dhéanamh, togra a chur ar aghaidh le haghaidh uimhir dhigiteach slándála sóisialta AE a d’fhéadfadh sásra rialaithe a bhunú do dhaoine aonair agus d’údaráis ábhartha chomh maith chun a áirithiú go n-íocfar slándáil shóisialta i gcomhréir le hoibleagáidí; á chreidiúint, ina theannta sin, nach mór rochtain a bheith ag gach oibrí ar fhorléargas iomlán ar cé hiad a bhfostóirí agus ar cad iad a dteidlíochtaí tuarastail agus ar a gcearta oibre féin, i gcomhréir le comhaontuithe comhchoiteanna nó le reachtaíocht náisiúnta i gcás inarb infheidhme; á iarraidh thairis sin go mbeadh dliteanas fochonraitheora ar fud AE in earnálacha áirithe amhail an talmhaíocht agus tionscal na feola, go háirithe i gcás conarthaí oibre ar an láthair, agus rialacha soiléire maidir le cleachtais fochonraitheoireachta i gcoitinne;

25.  á chur in bhfios gur tháinig ann do rioscaí méadaithe sláinte agus sábháilteachta do na milliúin oibrithe mar thoradh ar phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Gníomhairí Bitheolaíocha (2000/54/CE) chun críche í a oiriúnú do phaindéim dhomhanda agus d’imthosca urghnácha eile, agus chun lánchosaint oibrithe a áirithiú i gcoinne na rioscaí a bhaineann le neamhchosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún leagan nua den Chreat Straitéiseach maidir le Sláinte agus Sábháilteacht a thíolacadh a luaithe is féidir, arb é a bheidh ann ná treoir maidir le strus a bhaineann leis an obair agus neamhoird mhatánchnámharlaigh, treoir maidir le folláine mheabhrach ag an áit oibre agus straitéis mheabhairshláinte de chuid an Aontais chun gach oibrí ag an áit oibre a chosaint; á iarraidh go neartófaí ról EU-OSHA chun áiteanna oibre sláintiúla agus sábháilte a chur chun cinn ar fud an Aontais; á chur i bhfáth go gcuireann infheistíochtaí i sláinte agus sábháilteacht ag an obair feabhas ar an gcáilíocht poist agus ar fholláine na n-oibrithe, agus rannchuidíonn siad le táirgiúlacht agus le hiomaíochas gheilleagar na hEorpa;

26.  á chur in iúl gur díol buartha di a theoranta atá an tsoghluaisteacht shóisialta idir na glúnta agus go bhfuil méadú ag teacht ar éagothroime ioncaim; á chur i bhfios go laghdaíonn leibhéil arda éagothroime an t-aschur geilleagrach agus an acmhainneacht don fhorbairt inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an neamhionannas agus an t-idirdhealú a chomhrac; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit a gcórais náisiúnta cánach agus sochar a dhearadh ar bhealach a laghdaíonn an neamhionannas, a chuireann cothroime chun cinn, a chosnaíonn teaghlaigh agus líonta tí agus a chuireann dreasachtaí ar fáil don oideachas agus don rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, agus ag an am céanna, ailíniú iomlán le SFInna na Náisiún Aontaithe agus leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil a shainítear i gComhaontú Glas na hEorpa a áirithiú; á chur i bhfáth gur príomhuirlisí beartais iad infheistíocht san oideachas agus i scileanna, chomh maith le córais chánach agus sochair atá deartha ar bhealach níos fearr, chun neamhionannas a laghdú agus chun comhdheiseanna a chur chun cinn;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún oibleagáidí dlíthiúla idirnáisiúnta a chomhlíonadh i dtaca le cearta leanaí a bhfuil na Ballstáit (mar aon le AE ina iomláine, i gcás cearta áirithe) faoi gheallúint iad a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún ráthaíocht leanaí AE a chur i láthair in 2020; á iarraidh go mbainfí leas as na deiseanna uile in CAI 2021-2027 chun infheistíocht a dhéanamh i leanaí, agus go n-úsáidfear a chistí chun an breisluach a d’fhéadfadh a bheith ag ráthaíocht leanaí AE a fhorbairt agus an bhochtaineacht á comhrac chomh maith le treochtaí diúltacha díobhálacha a bhaineann le hathrú déimeagrafach san Eoraip; á éileamh ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta Eorpacha agus náisiúnta a bhunú chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí ar na cúig phríomhcheart shóisialta – rochtain ar chúram sláinte saor in aisce, oideachas saor in aisce, cúram leanaí saor in aisce, tithíocht chuibhiúil agus cothú leormhaith;

28.  á iarraidh ar an gCoimisiún ráthaíocht leanaí AE a thíolacadh a luaithe is féidir bunaithe ar cur chuige trí cholún a bhí i Moladh 2013 ón gComhairle maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i leanaí, chomh maith le straitéis frithbhochtaineachta chuimsitheach, chomhtháite agus chearta-bhunaithe lena ngabhann sprioc ainmnithe chun an bhochtaineacht a laghdú, mar aon le creat AE maidir le straitéisí náisiúnta um easpa dídine tríd an bprionsabal ‘Tithíocht ar dtús’ a ghlacadh, chomh maith le Creat Straitéiseach AE maidir le Lánpháirtiú na Romach tar éis 2020 ag a bhfuil cuspóirí nithiúla agus maoiniú náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin staidéar comparáideach a dhéanamh ar na scéimeanna éagsúla ioncaim íosta sna Ballstáit, lena gcuirtear tairseach cosanta sóisialta agus líontán sábhála ar fáil dóibh siúd atá i ngátar, agus aird a tharraingt ar chásanna dea-chleachtais d’fhonn creat a chur i láthair i ndáil leis an méid sin;

29.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an ghné cobhsaíochta uathoibríche de chórais leasa chun ionsú a dhéanamh ar thonnta turrainge sóisialta, a eascraíonn as éifeachtaí seachtracha amhail cúluithe eacnamaíocha; á iarraidh dá bhrí sin ar na Ballstáit beartais a thabhairt isteach chun slándáil fostaíochta a athbhunú trí chosaint shóisialta a chur ar fáil do gach cineál oibrí, lena n-áirítear i gcás dífhostaithe; á iarraidh ar na Ballstáit freisin, i bhfianaise Mholadh Uimh. 202 ó EIS lena sainítear íosrátaí cosanta sóisialta, infheistíocht i gcórais cosanta sóisialta a áirithiú agus a mhéadú chun a bhfeidhmíocht a ráthú maidir le bochtaineacht agus neamhionannais a chosc agus a dhíothú, agus a n-inbhuanaitheacht á áirithiú ag an am céanna;

30.  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac a lán Ballstát bearta urghnácha le linn phaindéim COVID-19 chun an easpa dídine a chosc agus chun aghaidh a thabhairt uirthi trí stop a chur le díshealbhú agus trí thithíocht éigeandála a chur ar fáil; ag tathant ar na Ballstáit rochtain ar thithíocht a chur ar fáil agus réitigh inbhuanaithe, réamhghníomhacha agus fhrithghníomhacha a chur ar fáil chun deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí níos fearr agus níos comhchuibhithe a bhailiú maidir leis an easpa dídine agus an easpa dídine a phríomhshruthú sna beartais ábhartha uile;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tograí sonracha a chur chun cinn chun aistriú cothrom a áirithiú ó thaobh feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na tithíochta de, agus chun aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar fhadhb na bochtaineachta fuinnimh i ndáil le cuspóirí agus prionsabail an Chomhshocraithe Ghlais;

32.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil trédhearcacht pá ríthábhachtach chun dul i ngleic le difreálaigh mhíchothroma phá agus le hidirdhealú; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún bearta ceangailteacha trédhearcachta pá a thabhairt isteach, ar cheart innéacs comhionannais d’fhir agus do mhná a áireamh iontu agus ar cheart go ndeánfaidh siad neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta a urramú go hiomlán; ag tathant go ndéanfar na bearta sin a ghlacadh go pras chun dul i ngleic leis na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní, agus chun neamh-chomhionannas inscne agus idirdhealú eile i margadh an tsaothair a sheachaint; á athdhearbhú go bhfuil gá le príomhshruthú inscne ar fud na réimsí buiséid agus beartais uile; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún fiontraíocht i measc na mban a chur chun cinn, agus rochtain ar mhaoiniú a éascú dóibh; á iarraidh ar na Ballstáit na caibidlíochtaí i ndáil leis an Treoir maidir le Mná ar Bhoird sa Chomhairle a dhíbhlocáil; á iarraidh go ndéanfar tréimhsí saoire mháithreachais agus saoire tuismitheora a chuimsiú níos fearr i dteidlíochtaí pinsin;

33.  á chur in iúl gur cúis imní di an t-idirdhealú agus an ciníochas atá ag dul i méid san Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chun feidhme na reachtaíochta, an bheartais agus an chleachtais frith-idirdhealaithe a neartú, agus deireadh a chur le hidirdhealú struchtúrach in aghaidh mionlach maidir le rochtain ar fhostaíocht agus san áit oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh maidir le treoirlínte chun leithscaradh mionlach i margadh an tsaothair a chosc agus maidir le caighdeáin i gcomhair beartais earcaíochta atá saor ó idirdhealú le haghaidh na mBallstát agus le haghaidh fostóirí, lena n-áirítear moltaí maidir le pleananna comhionannais a ghlacadh ar leibhéal na gcuideachtaí agus i gcomhaontuithe comhchoiteanna earnálacha agus maidir le bunú tascfhórsaí éagsúlachta san áit oibre, lenar cheart dul i ngleic le steiréitíopaí, le réamhchlaonadh agus le dearcthaí diúltacha, agus lenar cheart idirdhealú san earcaíocht, san ardú céime, sa phá agus sa rochtain ar oiliúint a chosc; á thabhairt chun suntais gur cheart na pleananna gníomhaíochta comhionannais sin a úsáid freisin chun éagsúlacht eitneach agus chultúrtha san áit oibre a chur chun cinn, chun rialacháin inmheánacha i gcoinne an chiníochais agus an idirdhealaithe agus an chiaptha a bhaineann leis san áit oibre a fhorbairt, chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar earcaíocht, dul chun cinn agus coinneáil lucht saothair de réir snáithe comhionannais chun cleachtais idirdhealaitheacha dhíreacha nó indíreacha a shainaithint, agus chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh chun neamhionannas i ngach ceann de na réimsí sin a laghdú; á iarraidh go n-áireofar sna pleananna gníomhaíochta comhionannais sin bailiú sonraí comhionannais i gcomhréir le caighdeáin phríobháideachta agus cearta bunúsacha chun na gcríoch sin;

34.  á chur i bhfios gur gá dul i ngleic leis an aosachas i margaí saothair, lena n-áirítear trí fheasacht a mhúscailt maidir le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, agus trí rochtain a fháil ar dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil trí chúrsaí agus oiliúint shaincheaptha a chur ar fáil;

35.  á iarraidh ar na Ballstáit seirbhísí cúraim leanaí agus luathoideachais ar ardchaighdeán agus atá inrochtana agus inacmhainne a sholáthar, chomh maith le seirbhísí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha cúraim agus sóisialta, lena n-áirítear do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, chun maireachtáil neamhspleách agus rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, an Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí a chur chun feidhme go hiomlán agus go pras; á iarraidh go bhforbrófar creat AE do sheirbhísí cúraim chun íoschaighdeáin agus treoirlínte cáilíochta a leagan síos;

36.  ag aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag cúramóirí na hEorpa le linn na paindéime; á iarraidh go mbeidh straitéis Eorpach cúramóirí ann chun soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a áirithiú san earnáil sin agus chun dálaí oibre a fheabhsú do chúramóirí;

37.  á chur i bhfios go bhfuil caighdeáin mhaireachtála daoine faoi mhíchumas imithe in olcas mar gheall ar an ngéarchéim a d’eascair as paindéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis chuimsitheach agus fhadtéarmach AE um Mhíchumas tar éis 2020 bunaithe ar chomhairliúchán le daoine atá faoi mhíchumas agus a mbaill teaghlaigh nó a n-eagraíochtaí ionadaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta maolaithe géarchéime a ghlacadh i gcomhréir le UNCRPD lena áirithiú go ndéanfar cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint, chomh maith le rannpháirtíocht agus cuimsiú iomlán agus éifeachtach sa tsochaí, agus deiseanna comhionanna agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar earraí, ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí a áirithiú dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun rochtain ar mhargadh an tsaothair a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas trí dheireadh a chur le bacainní, trí leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le hobair dhigiteach agus trí dhreasachtaí a chruthú dá bhfostaíocht;

38.  á chur in iúl gur cúis imní di cion marbhánta na luathfhágálaithe scoile, go háirithe i measc grúpaí imeallaithe, agus cion méadaitheach na ndaltaí tearcfheidhmíocha; á chur i bhfáth go bhfuil bearnaí i mbunscileanna litearthachta, uimhearthachta agus digiteacha ina mbaic mhóra ar rannpháirtíocht fhóinteach sa tsochaí agus i margadh an tsaothair; á iarraidh ar na Ballstáit a ráthú go mbeidh oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil, atá ar ardcháilíocht, inrochtana agus cuimsitheach, ina gceart do gach duine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí infheistíocht a dhéanamh in oideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint ardcháilíochta le tacaíocht shaincheaptha, lena ndéanfaí bearta athcháilithe agus athoiliúna a neartú, go háirithe gnóthú scileanna digiteacha, agus chun an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, ionas go mbeidh an lucht saothair in ann dul in oiriúint do riachtanais athraitheacha mhargadh an tsaothair; á chur i bhfáth go mbíonn tionchar diúltach ag an eisiamh sóisialta, ag an idirdhealú, ag an steiréitíopáil, ag an mbochtaineacht agus ag an leithscaradh ar thorthaí oideachasúla, rud ar gá aird a thabhairt air chomh maith; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na tosca spreagtha atá taobh thiar de luathfhágáil na scoile, lena n-áirítear na gnéithe sóisialta a bhaineann léi, agus bunaithe air sin, togra a thíolacadh chun dul i ngleic leis an bhfadhb;

39.  á chur i bhfáth gur féidir cuidiú le margadh saothair Eorpach dea-fheidhmiúil agus cuimsitheach a chruthú trí bhíthin cáilíochtaí a chomhoiriúnú le scileanna agus le deiseanna fostaíochta, chomh maith le cáilíochtaí gairmiúla a aithint go mear agus a dheimhniú ar bhealach níos fearr in AE, agus go bhféadfadh comhar níos dlúithe idir córais oideachais agus gnólachtaí cur leis an aidhm sin; á iarraidh ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as réitigh dhigiteacha i réimse an oideachais, agus forbairt thapa na teicneolaíochta agus riachtanais mhargadh an tsaothair amach anseo á gcur san áireamh;

40.  á thabhairt chun suntais go dtugann cáilíochtaí agus inniúlachtaí deimhnithe breisluach d’oibrithe, go gcuireann siad feabhas ar a seasamh i margadh an tsaothair, agus gur féidir iad a aistriú i gcás aistrithe i margadh an tsaothair; á iarraidh go mbeidh an beartas poiblí maidir le scileanna dírithe ar cháilíochtaí agus inniúlachtaí a dheimhniú agus a bhailíochtú; á chur i bhfáth gur cheart córais chúitimh scileanna-bhunaithe a bhunú i gcuideachtaí a bhfuil rochtain acu ar chistí poiblí ionas go bhféadfaidh oibrithe cur lena gcuid scileanna i gcomhaontú le hionadaithe na n-oibrithe, ós rud é go n-áiritheofaí leis an gcóras sin go mbeadh toradh ar an infheistíocht phoiblí sin;

41.  á chur in iúl gur geal léi an Clár Oibre nuashonraithe Scileanna don Eoraip, a bhfuil sé mar aidhm leis freastal ar na riachtanais scileanna agus ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo i margadh saothair AE, sa tsochaí agus san aistriú éiceolaíoch agus digiteach; á chur i bhfios go láidir, trí thacaíocht a thabhairt do scileanna leordhóthanacha, agus béim ar scileanna digiteacha, go bhfeabhsófar an táirgiúlacht, rud a fhágfaidh go n-éascófar an t-aistriú éiceolaíoch agus digiteach i dtreo geilleagar níos glaise agus níos cliste; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an digiteáil, ar an uathoibriú, ar ghanntanais agus mí-oiriúintí scileanna agus ar an eisiamh sóisialta; á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine óga, ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, ar íospartaigh an fhoréigin inscne, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine Romacha agus ar ghrúpaí eile atá i mbaol idirdhealaithe; á chur i bhfáth a phráinní atá sé ráthaíocht scileanna a bhunú i gcomhréir le prionsabail na ráthaíochta don aos óg ionas go bhfaighidh gach Eorpach deiseanna ardchaighdeáin uas-scilithe agus athoiliúna;

42.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le haghaidh a thabhairt ar chinntithigh shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil na sláinte; á iarraidh go gcruthófar Aontas Sláinte na hEorpa, tástálacha struis do chórais sláinte AE, íoschaighdeáin maidir le cúram sláinte ar ardcháilíocht, Sásra Eorpach um Fhreagairt Sláinte, chomh maith le gníomhaireachtaí sláinte agus acmhainneachtaí cosanta sibhialta níos láidre, agus iad ar fad a bheith bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an neamh-idirdhealaithe, an neamhspleáchais straitéisigh agus an chomhair, lena ndéanfar dálaí sláinte poiblí a chur i gcroílár shainiú agus chur chun feidhme bhearta agus ghníomhaíochtaí uile AE, mar a chumhdaítear sa Chonradh, agus go ndéanfar measúnú córasach ar an tionchar ar an tsláinte i ngach beartas ábhartha agus go dtabharfar aird ar leith ar chúram sláinte agus ar chóireáil do dhaoine scothaosta; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chúram sláinte ardcháilíochta atá dírithe ar dhaoine agus atá inrochtana a áirithiú, lena n-áirítear cúram coisctheach uilíoch agus cur chun cinn na sláinte do chách, ar bhealach éifeachtúil a mbeidh go leor acmhainní ar fáil dóibh; á chur in iúl gur geal léi an t-athrú atá tagtha ar an Seimeastar Eorpach ó choigilt costas go feidhmíocht agus torthaí maidir le cúram sláinte; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí chun dul i ngleic le neamhionannais sláinte idir Ballstáit AE agus laistigh díobh, chun táscairí agus modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar shláinte agus ar fheidhmíocht córas cúram sláinte d’fhonn neamhionannais a laghdú, na réimsí a bhfuil feabhsú agus cistiú méadaithe de dhíth orthu a shainaithint agus tús áite a thabhairt dóibh; á mheas gur cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart chun neamhionannais sláinte a laghdú a eascraíonn as beartais lena gcumhdaítear tosca riosca sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil;

43.  á athdhearbhú á thábhachtaí atá an smacht reatha – lena n-áirítear córais cheartas neamhspleácha agus éifeachtúla, riaracháin phoiblí agus soláthar poiblí ardcháilíochta, agus creataí láidre frithéillithe – mar bhonn do thimpeallacht fhónta ghnó, do mhargaí saothair atá ag feidhmiú mar is ceart agus d’úsáid chuí chistí AE; á chur i bhfios gur cheart leanúint de mheasúnú an smachta reachta agus éifeachtúlacht an chórais cheartais a chur san áireamh sa Seimeastar Eorpach; á iarraidh ar na Ballstáit Cairt Shóisialta na hEorpa athbhreithnithe a dhaingniú;

44.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(2) IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.
(3) IO L 130, 24.4.2020, lch. 7.
(4) IO L 99, 31.3.2020, lch. 5.
(5) IO C 390, 18.11.2019, lch. 196.
(6) IO L 185, 11.7.2019, lch. 44.
(7) IO C 205, 19.6.2020, lch. 3.
(8) IO L 138, 13.5.2014, lch. 5.
(9) IO L 307, 18.11.2008, lch. 11.
(10) IO L 188, 12.7.2019, lch. 79.
(11) IO C 155, 25.5.2011, lch. 10.
(12) IO L 150, 14.6.2018, lch. 93.
(13) IO L 150, 14.6.2018, lch. 100.
(14) IO L 150, 14.6.2018, lch. 109.
(15) IO L 150, 14.6.2018, lch. 141.
(16) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0033.
(17) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0202.
(18) IO C 134, 24.4.2020, lch. 16.
(19) IO C 433, 23.12.2019, lch. 9.
(20) IO C 356, 4.10.2018, lch. 89.
(21) IO C 346, 27.9.2018, lch. 156.
(22) IO C 337, 20.9.2018, lch. 135.
(23) IO C 242, 10.7.2018, lch. 24.
(24) IO C 76, 28.2.2018, lch. 93.
(25) IO C 35, 31.1.2018, lch. 157.
(26) IO C 366, 27.10.2017, lch. 117.
(27) IO C 199 E, 7.7.2012, lch. 25.
(28) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0205.
(29) IO L 204, 26.7.2006, lch. 23.
(30) IO L 151, 7.6.2019, lch. 70.
(31) IO L 186, 11.7.2019, lch. 105.
(32) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0176.


Dífhoraoisiú
PDF 254kWORD 93k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2020 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a fhreaschur (2020/2006(INL))
P9_TA(2020)0285A9-0179/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

—  ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—  ag féachaint d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) — Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE an 21 Bealtaine 2003 (COM(2003)0251),

—  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (‘Rialachán Adhmaid AE’)(1),

—  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú(2),

—  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair um Fhorbairt(3),

—  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) 2030 de chuid na Náisiún Aontaithe, go háirithe SDG 12 maidir le tomhaltas agus táirgeadh freagrach agus SDG 15, chun úsáid inbhuanaithe éiceachóras talún a chosaint, a athbhunú agus a chur chun cinn, chun foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, chun gaineamhlú a chomhrac, chun díghrádú talún a stopadh agus a aisiompú agus é a chur ina cheart, agus chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh,

—  ag féachaint do Chomhaontú Pháras a comhaontaíodh ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21),

—  ag féachaint don staidéar ar cheanglais díchill chuí feadh an tslabhra soláthair, arna chóimisiúnú ag Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí an Choimisiúin (2020),

—  ag féachaint do staidéar Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) dar teideal ‘Creat dlíthiúil AE chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar an AE measúnú breisluacha Eorpach agus a aisiompú’, Meán Fómhair 2020(4),

—  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle agus ó Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an Teachtaireacht i ndáil le Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú, an 16 Nollaig 2019,

—  ag féachaint do Dhearbhú Amstardam ‘Ionsar Deireadh a chur leis an Dífhoraoisiú dar bunadh Slabhraí Tráchtearraí Talmhaíochta le Tíortha Eorpacha’, an 7 Nollaig 2015,

—  ag féachaint do shásra na Náisiún Aontaithe chun Astaíochtaí a Laghdú a Leanann Dífhoraoisiú agus Díghrádú Foraoise (REDD+),

—  ag féachaint do Phlean Straitéiseach 2017-2030 de chuid na Náisiún Aontaithe i ndáil le Foraoisí (UNSPF), lena sainítear 6 sprioc dhomhanda foraoise agus 26 sprioc gaolmhar atá le baint amach faoi 2030,

—  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac, a glacadh an 17 Meitheamh 1994,

—  ag féachaint do na hArdáin Náisiúnta le haghaidh Tráchtearraí Inbhuanaithe, arna bhforbairt ag Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP),

—  ag féachaint do Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, 1966,

—  ag féachaint do Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, 1966,

—  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh(5);

—  ag féachaint do Choinbhinsiún Meiriceánach um Chearta an Duine, 1969,

—  ag féachaint don Chairt Afracach um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal, 1987,

—  ag féachaint do Choinbhinsiún Uimh. 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) um Pobail Dhúchasacha agus um Pobail Threibheacha, 1989,

—  ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, 2007,

—  ag féachaint do threoirlínte ECFE/EBT le haghaidh slabhraí soláthair talmhaíochta freagracha,

—  ag féachaint do thuarascáil EBT – Staid Fhoraoisí an Domhain 2020,

—  ag féachaint don fhoilseachán ó EBT ‘The State of the World’s Forests 2018 – Forest Pathways to Sustainable Development, EBT (2018),

—  ag féachaint do mheasúnú ar Acmhainní Foraoise Domhanda EBT 2015 – FRA 2015 Tagairt na Deisce,

—  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), 1973,

—  ag féachaint do Choinbhinsiún 1992 maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Prótacal Cartagena 2000 ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis agus do Phrótacal Nagoya 2010 maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Roinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn óna nÚsáid,

—  ag féachaint do Chlár Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais agus do Thuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda an 6 Bealtaine 2019 um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais,

—  ag féachaint do Phrionsabail 2006 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le hInfheistíocht Fhreagrach,

—  ag féachaint do Phrionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine, a d’fhormhuinigh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in 2011, chomh maith le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, a nuashonraíodh in 2011,

—  ag féachaint do Thuarascáil speisialta an 8 Lúnasa 2019 ó Phainéal Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus Talamh,

—  ag féachaint don Chlár Domhanda um Fhiadhúlra agus Coireacht Foraoise de chuid Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta a Chomhrac (UNODC),

—  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, arna ghlacadh in Aarhus ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip an 25 Meitheamh 1998,

—  ag féachaint dá rún an 17 Meitheamh 2010 maidir le beartais AE ar mhaithe le cosantóirí chearta an duine(6),

—  féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le dliteanas corparáideach i leith sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtríú tíortha(7),

—  ag féachaint dá rún an 4 Aibreán 2017 maidir le hola phailme agus dífhoraoisiú foraoisí báistí(8),

—  ag féachaint dá rún an 12 Meán Fómhair 2017 maidir le tionchar na trádála idirnáisiúnta agus bheartais trádála AE ar shlabhraí luacha domhanda(9),

—  ag féachaint dá rún an 3 Iúil 2018 maidir le sárú ar chearta phobail dúchais an domhain, lena n-áirítear sciobadh talún(10),

—  ag féachaint dá rún an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le bainistiú trédhearcach agus cuntasach ar acmhainní nádúrtha i dtíortha atá i mbéal forbartha: cás na bhforaoisí(11),

—  ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(12),

—  ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2020 maidir leis an 15ú cruinniú de Chomhdháil de na Páirtithe (COP15) don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch(13),

—  ag féachaint dá rún an 16 Meán Fómhair 2020 maidir le ról AE i ndáil le foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú(14),

—  ag féachaint do ‘Ghealltanas Foraoise’ an 21 Márta 2019 lenar gheall go leor Feisirí a bhí ag fónamh do Pharlaimint na hEorpa beartais a chur chun cinn chun foraoisí a chosaint agus a athchóiriú ar fud an domhain agus chun pobal foraoise agus a gcearta a aithint agus a dhaingniú,

—  ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí,

—  ag féachaint don fhógra ón gCoimisiún dar teideal ‘Dlús a chur le gníomhaíocht AE chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú’ an 23 Iúil 2019 (COM(2019)0352),

—  ag féachaint don Staidéar indéantachta ón gCoimisiún maidir le féidearthachtaí chun comhrac AE i gcoinne an dífhoraoisithe a neartú, Eanáir 2018,

—  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip an 11 Nollaig 2019 (COM(2019)0640),

—  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 - An dúlra a thabhairt ar ais inár saol, an 20 Bealtaine 2020 (COM(2020)0380),

—  ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, an 20 Bealtaine 2020 (COM(2020)0381),

—  ag féachaint don ráiteas ó ionadaithe na sochaí sibhialta maidir le Ról AE i dtaca le Foraoisí agus Cearta a Chosaint, Aibreán 2018,

–  ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0179/2020),

A.  de bhrí, agus iad ina linnte carbóin nádúrtha, go bhfuil foraoisí a bhfuil bithéagsúlacht ag roinnt leo fíor-riachtanach sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch(15) agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide agus caomhnú na bithéagsúlachta; de bhrí, ní hamháin gur féidir ní hamháin le limistéir dhífhoraoisithe, ach le foraoisí arna ndíghrádú le hidirghabháil an duine freisin, a bheith ina bhfoinse dé-ocsaíde carbóin;

B.  de bhrí gur sna foraoisí a bhíonn 80 % de bhithéagsúlacht an Domhain agus go gcumhdaíonn siad 30 % dá limistéar talún(16); de bhrí go gcuireann foraoisí bonneagar orgánach ríthábhachtach ar fáil do roinnt de na héiceachórais is mó, is leochailí agus is éagsúlaí ar domhan; de bhrí gurb é an dífhoraoisiú an bhagairt is tromchúisí do 85 % de speicis atá faoi bhagairt nó atá i mbaol agus gur cuireadh deireadh le 58 % d’ainmhithe veirteabracha an domhain idir 1970 agus 2012 de thoradh an dífhoraoisithe(17);

C.  de bhrí gur foinse slí bheatha agus ioncaim iad foraoisí do thart ar 25 % de dhaonra an domhain(18), agus go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag a ndíothú ar shlí bheatha na ndaoine is leochailí, lena n-áirítear pobail dhúchasacha atá ag brath go mór ar éiceachórais na bhforaoisí;

D.  de bhrí gurb iad astaíochtaí ó athrú sa talamhúsáid, mar thoradh ar dhífhoraoisiú den chuid is mó, is cúis le tuairim is 12 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ar fud an domhain agus gurb iad an dara cúis is mó iad leis an athrú aeráide tar éis dó guail, ola agus gáis(19);

E.  de bhrí go mbíonn tionchar ar leith ag an dífhoraoisiú ar fhoraoisí príomhúla; de bhrí go bhfuil stoic arda carbóin ag foraoisí príomhúla, agus go bhfuil gnéithe uathúla éiceolaíocha mar shaintréithe acu agus nach féidir foraoisí nua-phlandaithe a chur ina n-ionad dá bhrí sin; de bhrí go bhféadfadh ról a bheith ag foraoisiú, a fheidhmítear ar bhealach atá comhoiriúnach le héiceachórais áitiúla a chosaint agus a fheabhsú, sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide;

F.  de bhrí, chun cabhrú le cailliúint na bithéagsúlachta agus géarchéimeanna aeráide a chomhrac, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar foraoisí a chosaint, a athbhunú agus a bhainistiú ar bhealach a mhéadóidh a n-acmhainn maidir le stóráil charbóin agus cosaint na bithéagsúlachta; de bhrí go ngabhann an-chuid tairbhí leis sin ós rud é go gcuidíonn sé leis na foraoisí atá ann cheana a n-uasacmhainn stórála carbóin a bhaint amach agus, ag an am céanna, éiceachórais a díghrádaíodh roimhe sin a athbhunú agus cuidiú le hábhar orgánach an bhithéagsúlacht a dhianscaoileadh agus an bhithéagsúlacht a chosaint chomh maith leis an ithir, an t-aer, an talamh, agus an t-uisce;

G.  de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an mbrú poiblí chun feidhmeanna foraoise neamhtháirgiúla a chomhlíonadh ar fud an domhain, rud a bhíonn i gcodarsnacht le riocht na bhforaoisí atá ag dul in olcas;

H.  de bhrí go gcuireann foraoisí seirbhísí tábhachtacha éiceachórais ar fáil don tsochaí, amhail aer glan, rialáil ar shreabhadh uisce, laghdú carbóin, cosaint ar chreimeadh uisce agus gaoithe, gnáthóga d’ainmhithe agus plandaí, athchóiriú talún díghrádaithe, athléimneacht i gcoinne athrú aeráide; tugadh meastachán gur idir 1360 agus 5235 USD (luach 2007)(20) in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana an sreabhadh uisce i bhforaoisí agus go bhfuil tionchar mór ar an dífhoraoisiú; de bhrí go bhfuil luach intreach ag foraoisí agus ag an mbithéagsúlacht thar a luach úsáide don duine, lena n-áirítear mar stoic charbóin, nach féidir luach airgid a chur orthu ná a chainníochtú;

I.  de bhrí go bhfuil luach cultúrtha, sóisialta agus spioradálta ag foraoisí do go leor daoine agus pobal;

J.  de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar chlúdach foraoise san Aontas le blianta beaga anuas, agus go bhfuil méadú seasta ag teacht ar chaillteanas clúdaigh na gcrann le 18 mbliana anuas agus in 2019 amháin scriosadh 3,8 milliún heicteár de fhoraoisí báistí príomhúla(21);

K.  de bhrí go gcuireann dífhoraoisiú, díghrádú agus comhshó foraoisí an domhain leis an mbagairt do phobail dhúchasacha agus do phobail áitiúla, a mbíonn orthu déileáil le sáruithe ar chearta an duine, le hionsaithe agus le maruithe mar thoradh ar a n-iarrachtaí chun a bhforaoisí, a dtalamh agus a dtimpeallachtaí a chosaint agus gur dúnmharaíodh níos mó ná trí chosantóir talún agus comhshaoil gach seachtain in 2018, agus gur maraíodh níos mó ná 300 duine i gcoinbhleachtaí acmhainne agus úsáide talún i réigiún na hAmasóine amháin le deich mbliana anuas(22);

L.  de bhrí go bhfuil tionchar tromchúiseach ag an athrú aeráide, ag cailliúint bithéagsúlachta ar fud an domhain, agus ag scriosadh agus modhnú éiceachóras nádúrtha, lena n-áirítear foraoisí, ar ghnáthóga fiadhúlra agus go mbíonn méadú ar an teagmháil idir ainmhithe fiáine, daoine agus ainmhithe ceansaithe, rud a mhéadaíonn an riosca go dtarlóidh ráigeanna nua eipidéimí agus paindéime de thionscnamh fiadhúlra; de bhrí go ndeimhníonn an Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta (EBT) go bhfuil an méadú ar ghalair thógálacha atá ag teacht chun cinn ag teacht le fás brostaithe an dífhoraoisithe thrópaicigh, a bhaineann go háirithe le pailm ola nó pónaire soighe a chur(23); de bhrí gur ó ainmhithe a thagann níos mó ná dhá thrian de na galair thógálacha atá ag teacht chun cinn, arb as fiadhúlra a thagann an tromlach mór díobh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, an bhithéagsúlacht agus éiceachórais dhea-fheidhmiúla a chosaint agus a athbhunú chun ár n-athléimneacht a threisiú agus chun teacht chun cinn agus leathadh galar amach anseo a chosc;

M.  de bhrí gurb acmhainn luachmhar é an t-uisce; de bhrí nach féidir úsáid na hacmhainne sin a rialú mar gheall ar neamhláithreacht nó cur chun feidhme neamhleor creata dhlíthiúil maidir le cosaint acmhainní uisce agus go gceadaíonn sé ró-astarraingt, truailliú agus sciobadh uisce; de bhrí go bhfuil sé sin díobhálach d’éiceachórais iartheachtacha agus do phobail áitiúla; de bhrí go dtarlaíonn cásanna de sciobadh uisce de bharr táirgeadh tráchtearraí foraoise agus tráchtearraí atá ina mbaol d’éiceachórais(24);

N.  de bhrí gur gné thábhachtach den chur chuige foriomlán beartais chun stop a chur le dífhoraoisiú é bainistiú inbhuanaithe acmhainní foraoise agus amhábhar in-athnuaite chomh maith le húsáid tailte foraoise ar bhealach agus ar ráta lena gcoinnítear a n-acmhainneacht chun na feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda amach anseo agus gan dochar d’éiceachórais eile, mar aon leis an acmhainneacht atá acu chun deireadh a chur leis an dífhoraoisiú;

O.  de bhrí gurb é tomhaltas an Aontais is cúis le 10 % den dífhoraoisiú domhanda;

P.  de bhrí go bhfuil sé tábhachtach aistí bia inbhuanaithe a chur chun cinn, trí fheasacht na dtomhaltóirí a ardú maidir leis an tionchar a bhíonn ag patrúin tomhaltais agus trí fhaisnéis a sholáthar maidir le haistí bia atá níos fearr do shláinte an duine agus a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu;

Barúlacha ginearálta

1.  á chur i bhfios go láidir gurb é an forleathnú ar úsáid talún le haghaidh na talmhaíochta is cúis le 80 % den dífhoraoisiú domhanda(25); á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go n-aithnítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún de mhí Iúil 2019 maidir le Dlús a chur le Gníomhaíocht AE chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú go bhfuil ról suntasach ag éileamh an Aontais ar tháirgí amhail ola phailme, feoil, soighe, cócó, arbhar Indiach, adhmad, rubar, lena n-áirítear i bhfoirm táirgí nó seirbhísí próiseáilte, maidir le bheith ag cur leis an dífhoraoisiú, le scriosadh an éiceachórais agus le sáruithe ar chearta an duine ar fud an domhain agus gurb ionann an t-éileamh sin agus timpeall 10 % de sciar domhanda an dífhoraoisithe a chuimsítear i dtomhaltas iomlán críochnaitheach(26); ag tabhairt dá haire, anuas air sin, go gcuirtear le dífhoraoisiú domhanda freisin le tomhaltas tráchtearraí eile in AE, amhail cadás, caife, cána siúcra, síol ráibe agus róbhrua mangróiteach.

2.  ag tabhairt faoi deara go bhfuil caomhnú domhanda foraoisí agus cosc a chur ar a ndíghrádú ar chuid de na dúshláin inbhuanaitheachta is mó dár linne, agus gan sin ní féidir cuspóirí Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, cuspóirí Chomhaontú Pháras agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; á chur i bhfáth nach féidir úsáid inbhuanaithe foraoisí agus éiceachóras i go leor áiteanna ar fud an domhain a áirithiú le bearta reatha;

3.  ag cur i bhfáth gur mhéadaigh ráta an chaillteanais i gclúdach na gcrann faoi 43 % sa tréimhse ó 2014 go 2018, go dtí 26,1 milliún heicteár in aghaidh na bliana ar an meán, i gcomparáid le 18,3 milliún heicteár in aghaidh na bliana sa tréimhse ó 2002 go 2013; á chur in iúl gurb cúis imní ar leith an chailliúint foraoisí príomhúla mar gur cláraíodh, sna trí bliana is déanaí a bhfuil sonraí atá ar fáil dóibh (2016, 2017 agus 2018) na rátaí caillteanais is airde an chéad seo agus go raibh rátaí dífhoraoisithe in Amasóin na Brasaíle tar éis méadú 88 % i Meitheamh 2019 i gcomparáid le Meitheamh 2018; á chur i bhfios nach amháin go bhfuil scrios agus díghrádú foraoisí nádúrtha ag tarlú i limistéir thrópaiceacha, ach ar fud an domhain, lena n-áirítear laistigh den Aontas agus ina chomharsanacht dhíreach;

4.  á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil sa limistéar atá clúdaithe ag foraoisí ar fud an domhain ach 68 % de na leibhéil réamhthionsclaíocha a mheastar a bheith ann, gur laghdaíodh clúdach foraoise faoi 290 milliún heicteár mar gheall ar ghlanadh talún agus táirgeadh adhmaid idir 1990 agus 2015, agus gur tháinig laghdú 7 % ar fhoraoisí neamhdháilte (limistéir talún ina bhfuil níos mó ná 500 km² nach mbraitheann satailítí aon bhrú daonna) idir 2000 agus 2013(27);

5.  ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag baint le modhnú agus scriosadh gnáthóg, atá ag cur isteach ar limistéir foraoise nádúrtha, do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe ar fud an domhain, mar aon le tionchair don bhithéagsúlacht, go háirithe an méadú ar mhinicíocht zónóisí (arbh iad ba chúis le 50 paindéim le 30 bliain anuas), paindéim COVID-19 ar an gceann is déanaí;

6.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, i ndiaidh ráig uafásach phaindéim COVID-19, go bhfuil an taighde fós ag dearbhú go bhfuil nasc ann idir galar zónóiseach agus an dífhoraoisiú, an t-athrú aeráide agus caillteanas na bithéagsúlachta;

7.  ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil foraoisí príomhúla in-athsholáthraithe agus nach féidir cailliúint foraoisí príomhúla a chúiteamh le cur chuige nua foraoisbhunaithe; ag tabhairt dá haire gur féidir slite beatha a chur ar fáil, trí dheireadh a chur le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoise, mar aon leis na foraoisí atá ann cheana a chosaint, le hathshlánú inbhuanaithe, le gníomhaíochtaí foraoisithe agus athfhoraoisithe sa chaoi is go mbainfear an leas is mó is féidir as a n-acmhainneacht i ndáil le stóráil carbóin agus le cosaint na bithéagsúlachta, go bhféadfaí ioncam a mhéadú do phobail áitiúla agus go dtairgfear deiseanna forbartha eacnamaíche leo; á chur i bhfáth, chun na críche sin, a thábhachtaí atá sé an agra-éiceolaíocht agus táirgeadh inbhuanaithe talmhaíochta a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun cosc a chur le cleachtais neamh-inbhuanaithe maidir le talamhúsáid agus bainistiú, agus chun déileáil le suaitheadh nádúrtha agus chun an t-athrú aeráide a mhaolú;

8.  á chur i bhfáth go gcabhraíonn limistéir mhóra foraoisí a bheith ann le cosc a chur ar fhairsingiú fásaigh réigiúin ilchríochach; ag moladh go dtabharfaí aird mhór ar chosaint foraoisí mar fhoinse taise freisin i mbeartais forbartha agus trádála; á thabhairt chun suntas, mar shampla, go bhfuil suas le 40 % de bháisteach in ardchríocha na hAetóipe - príomhfhoinse na Níle - déanta suas de thaise athchúrsála ó fhoraoisí Imchuach an Chongó agus go bhfuil sé ábhartha freisin deireadh a chur le dífhoraoisiú sa réigiún sin ó thaobh na haeráide de;

9.  iúl á chur i bhfios go láidir go dtéann cúiseanna an dífhoraoisithe thar earnáil na foraoiseachta per se agus go mbaineann siad le réimse leathan saincheisteanna, amhail tionacht talún, rialtas lag agus forfheidhmiú an dlí, cosaint chearta na ndaoine dúchasacha, athrú aeráide, daonlathas, cearta an duine agus saoirse pholaitiúil, leibhéil tomhaltais tráchtearraí, spleáchas ard ar allmhairí beatha, beartais talmhaíochta chomh maith le heaspa beartas poiblí lena ndéantar tráchtearraí a chur chun cinn agus a dhreasú go hinbhuanaithe ar tráchtearraí iad a tháirgtear go dleathach; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag mná dúchasacha agus ag feirmeoirí ar mná iad i gcosaint éiceachórais na bhforaoisí; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí aghaidh a thabhairt go hiomlánaíoch ar dhífhoraoisiú trí chreat beartais comhleanúnach, agus caomhnú na n-éiceachóras á áirithiú ag an am céanna; á chreidiúint go bhfuil ról lárnach ag comhionannas inscne san oideachas foraoiseachta i mbainistiú inbhuanaithe foraoisí agus gur cheart go léireofaí é sin i bPlean Gníomhaíochta AE;

10.  ag tabhairt dá haire, in a lán tíortha, gurb é is cúis leis an dífhoraoisiú freisin easpa beartas iomchuí (amhail pleanáil na talamhúsáide), caidreamh úinéireachta doiléir agus cearta talún eile, drochrialachas agus forfheidhmiú an dlí, gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus easpa infheistíochta i mbainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí,

11.  ag tabhairt dá haire, ó mhí na Nollag 2015 i leith, go bhfuil 40 agóid glactha ag Parlaimint na hEorpa i gcoinne allmhairiú bia agus beatha atá géinmhodhnaithe, a raibh aon cheann déag acu i gcoinne allmhairiú soighe ghéinmhodhnaithe; á mheabhrú gurb é ceann de na cúiseanna a bhí le hagóid a dhéanamh i gcoinne na n-allmhairí sin ná an dífhoraoisiú a bhaineann leis an saothrú i dtíortha amhail an Bhrasaíl agus an Airgintín, áit a bhfuil an soighe ar fad, a bheag nó a mhór, géinmhodhnaithe lena úsáid le lotnaidicídí; ag tabhairt dá haire go bhfuarthas amach i staidéar eolaíoch a ndearna taighdeoirí ó ar fud an Aontais athbhreithniú piaraí air agus a foilsíodh le déanaí gur ag an Aontas atá an lorg carbóin is mó ar domhan mar gheall ar an soighe a allmhairíonn sé ón mBrasaíl, 13,8 % níos mó ná an tSín, an t-allmhaireoir soighe is mó; ag tabhairt dá haire go bhfuil an lorg mór carbóin de chuid an Aontais ann mar thoradh ar a astaíochtaí ó dhífhoraoisiú (28); ag tabhairt dá haire thairis sin, de réir an Choimisiúin, gur tríd an allmhairiú soighe is mó a chuir an tAontas san am a caitheadh leis an dífhoraoisiú domhanda agus le hastaíochtaí gaolmhara, arb é is cúis le beagnach leath den dífhoraoisiú a bhfuil allmhairí an Aontais le chéile freagrach as go hindíreach(29);

12.  ag tarraingt aird ar an gcaoi a bhfuil táirgeadh OGManna ina phríomhthiománaí dífhoraoisithe, go háirithe sa Bhrasaíl agus san Airgintín, agus á chreidiúint gur cheart deireadh a chur le hallmhairiú OGManna isteach san Aontas; á mheabhrú go gcuireann tomhaltas feola, fiú laistigh den Aontas, le dífhoraoisiú lasmuigh den Aontas trí mhéadú ar an éileamh ar bheatha ainmhithe GMOnna saora, go háirithe allmhairí pónaire soighe GMO;

13.  ag tabhairt dá haire gur féidir tionchar diúltach a bheith ag tiontú féaraigh agus talamh talmhaíochta a úsáideadh ar dtús ar mhaithe le bia agus beatha a tháirgeadh chuig talamh chun breoslaí bithmhaise a tháirgeadh (athrú indíreach ar úsáid talún) ar fhoraoisí freisin;

Deimhniúchán agus lipéid dheonacha tríú páirtí

14.  á chur in iúl gur díol sásaimh di é go bhfuil feasacht ag ardú maidir le fadhb an dífhoraoisithe dhomhanda, an díghrádaithe foraoise agus scriosadh an éiceachórais, an gá atá le gníomhaíocht chorparáideach agus gealltanais chomhfhreagracha chomh maith leis na héilimh atá ag méadú ar cheanglais atá trédhearcach, comhsheasmhach, aonfhoirmeach, fónta agus in-fhorfheidhmithe do shlabhraí soláthair inbhuanaithe, lena n-áirítear éileamh laghdaithe ar thráchtearraí atá ina mbaol d’fhoraoisí; ag tabhairt dá haire go bhfuil glactha ag roinnt oibreoirí le Dearbhú Nua-Eabhrac 2014 maidir le Foraoisí agus go bhfuil gníomhaíocht déanta acu chun aghaidh a thabhairt ar an dífhoraoisiú, ach, ar an drochuair, go bhfuil easpa uaillmhéine ann go minic, nach gcumhdaíonn siad ach codanna den slabhra soláthair agus nach bhfuil siad ceaptha chun déileáil le tiománaithe(30) iomadúla dífhoraoisithe idirnasctha; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis an méid sin, nár leor gealltanais dheonacha frithfhoraoisithe cuideachtaí go fóill chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda;

15.  á chur i bhfios go raibh ról tábhachtach ag scéimeanna deimhniúcháin tríú páirtí maidir leis an lucht gnó agus an tsochaí shibhialta a thabhairt le chéile chun comhthuiscint a fhorbairt i leith fhadhb an dífhoraoisithe; á thabhairt le fios go raibh ról tábhachtach ag scéimeanna deimhniúcháin tríú páirtí ó thaobh gnó agus an tsochaí shibhialta a thabhairt le chéile chun comhthuiscint a fhorbairt maidir le fadhb an dífhoraoisithe; á thabhairt dá haire gur féidir le deimhniúchán tríú páirtí deonach a bheith ina uirlis chúnta chun rioscaí maidir le dífhoraoisiú a mheas agus a mhaolú, ach é a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus aird á tabhairt ar na critéir inbhuanaitheachta ar a bhfuil sé bunaithe, ar dhaingne an phróisis deimhniúcháin agus chreidiúnúcháin, ar fhaireachán neamhspleách, ar fhéidearthachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair agus ar cheangaltais chun foraoisí príomhúla a chosaint agus bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn;

16.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil deimhniú agus lipéid tríú páirtí éifeachtach mar bheart ann féin chun cosc a chur ar thráchtearraí agus ar tháirgí atá baolach d’fhoraoisí agus d’éiceachórais dul isteach i margadh inmheánach an Aontais; , ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, nach féidir le deimhniúchán tríú páirtí ach a bheith comhlántach le próisis díchill chuí éigeantacha críochnúla na n-oibreoirí, ach nach féidir iad a chur ina n-ionad, lena n-áirithítear a ndliteanas sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’ atá cumhdaithe in Airteagal 191 CFAE;

17.  á chur in iúl gur cúis imní di é go gcuireann an iliomad scéimeanna agus lipéad deimhniúcháin atá ann cheana mearbhall ar thomhaltóirí agus go gcuireann siad isteach ar a ndeiseanna rogha eolasach a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur cheart comhchuibhiú na hoibleagáide faisnéis a chur ar fáil a mheas;

18.  á chur i bhfios go láidir, leis an mbeart beartais atá ag brath ar rogha an tomhaltóra amháin, go n-aistrítear an fhreagracht táirgí saor ó fhoraoisiú a cheannach go míchuí chuig tomhaltóirí, rud nach leor a éifeachtacht chun táirgeadh níos inbhuanaithe a phríomhshruthú; ag creidiúint go bhféadfadh faisnéis do thomhaltóirí maidir le táirgí saor ó dhífhoraoisiú a bheith ina huirlis chumhachtach chun creat dlíthiúil maidir le dícheall cuí a chomhlánú agus chun aghaidh a thabhairt ar thaobh éilimh na topaice seo; ag tathant ar an gCoimisiún breithnithe maidir le dífhoraoisiú a chomhtháthú tuilleadh laistigh de Éicilipéad AE, Soláthar Poiblí Glas agus tionscnaimh eile i gcomhthéacs an gheilleagair chiorclaigh, mar chuid de shraith chuimsitheach gníomhaíochtaí agus tionscnamh chun slabhraí soláthair saor ó fhoraoisiú a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, an baol a bhaineann le dífhoraoisiú agus díghrádú éiceachórais a chur san áireamh i measc chritéir na héilimh ghlasa i dTreoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31) agus scéim réamhcheadaithe AE a bhunú chun úsáid na n-éileamh glas a údarú;

19.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil, go dtí seo, rialacha i bhfeidhm lena dtoirmeasctar táirgí a chur ar mhargadh an Aontais a chur le scrios na bhforaoisí; ag tabhairt le fios gur féidir, fiú le hadhmad a lománadh go dleathach i gcomhréir le dlí na tíre tionscnaimh, cur leis an dífhoraoisiú agus gur féidir leis rochtain shaor a bheith aige fós ar mhargadh an Aontais; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, nach bhfuil aon ráthaíocht ag tomhaltóirí a lán tráchtearraí lena ngabhann baol d’fhorsaoisí agus d’éiceachórais san Aontas nár rannchuidigh na táirgí sin le dífhoraoisiú agus, dá bhrí sin, go bhfuil tomhaltóirí ag cur go neamhthoilteanach, neamhthoiliúil leis an dífhoraoisiú, gan aon mhilleán a bheith orthu;

20.  ag tabhairt dá haire nach raibh na critéir maidir le cad is tráchtearra “saor ó fhoraoisiú” ann nó táirgí atá mar bhonn taca le scéimeanna deimhniúcháin cuimsitheach go leor i gcónaí, toisc nach gcumhdaíonn siad uaireanta ach cuid de chomhábhair ábhartha táirge, ach codanna de shaolré táirge, nó go n-úsáideann siad sainmhíniú neamhleor ar “saor ó fhoraoisiú”, rud a bhféadfadh cuideachtaí agus maolú a dhéanamh ar an sprioc a bhaineann lipéid agus le deimhniúcháin i gcoitinne;

Rialacha éigeantacha bunaithe ar dhícheall cuí

21.  á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, na hiarrataí ó líon mór cuideachtaí chun rialacha de chuid an Aontais a thabhairt isteach le haghaidh dícheall cuí éigeantach i slabhraí soláthair de thráchtearraí a bhfuil riosca d’fhoraoisí ag roinnt leo;

22.  á mheabhrú a rúin an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas, agus a héilimh ar an gCoimisiún go dtíolacfadh sé, gan aon mhoill, togra le haghaidh creat dlíthiúil AE bunaithe ar dhícheall cuí chun a áirithiú gurb ann do shlabhraí soláthair atá inbhuanaithe agus nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu le haghaidh táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus béim ar leith á leagan ar dhul i ngleic leis na nithe is mó a chuireann leis an dífhoraoisiú allmhairithe agus, ina ionad sin, spreagadh a thabhairt d’allmhairí nach mbíonn ina gcúis leis an dífhoraoisiú thar lear, agus tábhacht eacnamaíoch onnmhairithe tráchtearraí do thíortha atá i mbéal forbartha á cur san áireamh, go háirithe do gheallsealbhóirí beaga, agus aiseolas ó gheallsealbhóirí, go háirithe ó FBManna á chur san áireamh;

23.  á mheabhrú gur leag an Coimisiún amach mar chuspóir ina Theachtaireacht maidir le Foraoisiú 2008, stop a chur le caillteanas domhanda foraoise faoi 2030 ar a dhéanaí agus oll-dífhoraoisiú trópaiceach a laghdú 50 % ar a laghad faoi 2020, ach deir sé gur dócha nach mbainfear amach an dara cuspóir;

24.  á chur in iúl gur geall léi go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i ngleic le dífhoraoisiú domhanda ach á iarraidh go mbeadh chur chuige beartais níos uaillmhianaí ann; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh creat dlíthiúil de chuid AE bunaithe ar dhícheall cuí éigeantach, tuairisciú, nochtadh agus ceangaltais maidir le rannpháirtíocht tríú páirtí, chomh maith le dliteanas agus pionóis i gcás sáruithe ar oibleagáidí atá ar gach cuideachta a chuireann ar mhargadh an Aontais den chéad uair tráchtearraí a bhfuil na rioscaí is airde d’fhoraoisí agus d’éiceachórais ag roinnt leo, agus rochtain ar an gceartas agus leigheas do dhaoine a ndéantar sáruithe orthu i leith na n-oibleagáidí sin; ba cheart oibleagáidí inrianaitheachta a chur ar thrádálaithe ar mhargadh an Aontais, go háirithe maidir le sainaithint thionscnamh na dtráchtearraí agus na dtáirgí a dhíorthaítear astu tráth a gcuirtear ar mhargadh inmheánach an Aontais iad, chun slabhraí luacha inbhuanaithe agus saor ó dhífhoraoisiú a áirithiú, mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart feidhm a bheith ag an gcreat dlíthiúil céanna maidir le hinstitiúidí airgeadais atá bunaithe san Aontas agus atá ag sóláthar airgid do chuideachtaí a dhéanann tráchtearraí agus táirgí díorthaithe lena mbaineann riosca d’fhoraoisí agus d’éiceachórais a bhaint, a asbhaint, a tháirgeadh agus a phróiseáil;

25.  á chreidiúint gur gá don Aontas a áirithiú nach gcuirfidh sé chun cinn ach na slabhraí soláthair domhanda agus na sreafaí airgeadais atá inbhuanaithe agus saor ó dhífhoraoisiú agus nach mbeidh sáruithe ar chearta an duine mar thoradh orthu; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhféadfadh rialacha éigeantacha inbhuanaitheachta, arna n-achtú i margadh mór, amhail margadh an Aontais, cleachtais táirgthe dhomhanda a stiúradh i dtreo cleachtais táirgthe atá níos inbhuanaithe;

26.  á chur i bhfios gur cheart tráchtearraí lena ngabhann rioscaí d’fhoraoisí agus d’éiceachórais a chumhdaítear leis an gcreat dlíthiúil sin de chuid AE a mheas ar bhonn breithnithe atá oibiachtúil agus bunaithe ar an eolaíocht go mbíonn ardrioscaí ag gabháil leo go ndéanfaí foraoisí agus stoc ardcharbóin agus éiceachórais atá saibhir ó thaobh bithéagsúlachta de a scriosadh nó a dhíghrádú leo, chomh maith le rioscaí do chearta pobal dúchasach agus do chearta an duine i gcoitinne;

27.  ag cur béim ar an bhfíoras nach amháin gur cheart go n-áireofaí leis an gcreat dlíthiúil sin de chuid AE go bhfuil buaint, táirgeadh, eastóscadh agus próiseáil tráchtearraí agus táirgí díorthaithe lena ngabhann rioscaí d’fhoraoisí agus d’éiceachórais dlíthiúil sa tír thionscnaimh, ach freisin go bhfuil a mbaint, a dtáirgeadh, a n-eastóscadh agus a bpróiseáil inbhuanaithe;

28.  ag cur béim ar an bhfíoras, de réir roinnt staidéar(32), nach mbeidh aon tionchar ag creat dlíthiúil chun cosc a chur ar tháirgí atá nasctha le dífhoraoisiú a theacht isteach i margadh inmheánach an Aontais ar mhéid agus ar phraghas na dtráchtearraí a dhíoltar san Aontas agus atá cumhdaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo agus nach mbeidh ach costais bhreise bheaga ar oibreoirí chun na hoibleagáidí dlíthiúla sin a chur chun feidhme.

29.  ag cur béim ar rannchuidiú na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, na ngníomhaithe ar son an chomhshaoil, na gcomhlachas tionscail, mar aon le rannchuidiú na sceithirí, chun comhrac i gcoinne lománú neamhdhleathach adhmaid a bhfuil an dífhoraoisiú, caillteanas na bithéagsúlachta agus astaíochtaí gás ceaptha teasa méadaithe mar thoradh air;

30.  á thabhairt dá haire gur cheart creat dlíthiúil de chuid AE den sórt sin a leathnú freisin chuig stoc ardcharbóin agus chuig éiceachórais atá saibhir ó thaobh bithéagsúlachta de nach foraoisí iad ionas nach ndéanfaí brú a aistriú go dtí na tírdhreacha sin;

31.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir le gach cuideachta a chuireann tráchtearraí lena ngabhann rioscaí d’fhoraoisí agus d’éiceachórais (FERC) ar mhargadh an Aontais, gan beann ar a méid ná a n-áit chlárúcháin, a luaithe a bhainfear de thátal as meastóireacht chúramach go bhfuil sí feidhmiúil agus infheidhme maidir le gach gníomhaí atá ar an margadh, lena náirítear FBManna; cé go n-aithnítear nach mór gníomhaíochtaí a dhéantar tar éis mheasúnú riosca an oibreora a bheith comhréireach leis an leibhéal rioscaí a bhaineann leis an tráchtearra ar leith, á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach, i margadh deiridh ilroinnte, cuideachtaí beaga agus cuideachtaí níos mó a chuimsiú chun tionchar ar mhórscála agus muinín tomhaltóirí araon a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór nach mbeidh ualaí míchuí ar thairgeoirí beaga agus meánmhéide, lena n-áirítear sealbhóirí beaga, mar thoradh ar an gcreat rialála agus nach mór nach gcuirfidh siad cosc ar an rochtain atá ag na tairgeoirí sin ar mhargaí agus ar thrádáil idirnáisiúnta, mar thoradh ar easpa acmhainneachta; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil gá le sásra comhordaithe tacaíochta do FBManna ar leibhéal AE chun a áirithiú go dtuigfidh siad, go bhfuil siad ullamh agus go bhfuil sé d’acmhainn acu táirgeadh i gcomhréir le ceanglais chomhshaoil agus chearta an duine;

32.  á chur i bhfáth gur FBManna iad roinnt mhaith de ghnólachtaí an Aontais atá sa slabhra soláthair agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar chur chun feidhme a bheidh éifeachtach agus neamhdhíobhálach do FBManna agus nach gcuirfear ach íosmhéid dosheachanta d’ualach riaracháin orthu; á mheas gur cheart córas réamhrabhaidh do ghnólachtaí a bhunú chun rabhadh a thabhairt do ghnólachtaí nuair a dhéanann siad allmhairiú ó réigiúin ina bhféadfadh dífhoraoisiú a bheith ar bun;

33.  á chreidiúint go mbainfeadh gnólachtaí tairbhe as ceanglais éigeantacha díchill uile-Aontais tríd an machaire comhréidh a chothromú trí na caighdeáin chéanna a éileamh ar na hiomaitheoirí go léir agus chuirfeadh sé deimhneacht dhlíthiúil ar fáil seachas mósáic de bhearta éagsúla ar an leibhéal náisiúnta;

34.  ag meabhrú thorthaí na staidéar maidir le ceanglais díchill chuí tríd an slabhra soláthair, arna gcoimisiúnú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí sa Choimisiúin, ina léirítear go n-aontaíonn tromlach d’fhreagróirí gnó go mbeadh tionchar dearfach ag dícheall cuí éigeantach ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol;

35.  á chur i bhfáth go bhfuil sé d’acmhainn ag an digitiú agus ag uirlisí nua teicneolaíochta réitigh gan fasach a sholáthar do chuideachtaí chun tionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus chun cuntas a thabhairt orthu;

36.  á chreidiúint gur cheart le creat dlíthiúil amach anseo maidir le tráchtearraí a mbaineann riosca foraoise leo, tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó Phlean Gníomhaíochta FLEGT, Rialachán Adhmaid AE, Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33) (‘an Rialachán maidir le Mianraí Coinbhleachta’), Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34) (‘an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais’), reachtaíocht maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) agus tionscnaimh AE eile chun slabhraí soláthair a rialáil;

37.  á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú leanúnach ar an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le cáilíocht agus raon feidhme na nochtuithe neamhairgeadais, go háirithe maidir le gnéithe comhshaoil, agus comhtháthú breithnithe a bhaineann le foraoisí a chur chun cinn sa fhreagracht shóisialta chorparáideach;

Rialachán an Aontais maidir le hAllmhairí Adhmaid agus Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha FLEGT(VPAnna)

38.  a chur in iúl gur deimhin léi gurb ionann Rialachán Adhmaid AE, go háirithe na ceanglais díchill chuí a ghabhann leis, agus samhail mhaith chun cur léi, le haghaidh creat dlíthiúil de chuid AE a bheidh ann amach anseo chun dífhoraoisiú domhanda faoi thionchar AE a stopadh agus a aisiompú, ach go bhfágann easpa chur chun feidhme agus easpa forfheidhmithe maidir le Rialachán Adhmaid AE nach bhfuil a mheon agus a chuspóirí á gcomhlíonadh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur féidir ceachtanna a fhoghlaim ó Rialachán Adhmaid EU, maidir le cur chun feidhme agus rialacha forfheidhmithe níos fearr le haghaidh creat dlíthiúil de chuid AE a bheith ann amach anseo chun dífhoraoisiú domhanda faoi thionchar AE a stopadh agus a aisiompú; á mheabhrú go gcumhdaítear an dlíthiúlacht maidir le táirgí foraoise a bhuaint agus a thrádáil faoi Rialachán AE Adhmaid faoi láthair, agus dá bhrí sin, á chur i bhfáth gur cheart rialáil dhúbailte sa chreat dlíthiúil AE amach anseo a sheachaint agus gur cheart bearta lena rialaítear buaint agus trádáil táirgí foraoise, go dleathach agus go mídhleathach, a chomhchuibhiú;

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht tráchtearraí a chumhdaítear le Rialachán an Aontais maidir le hAllmhairí Adhmaid a áireamh i raon feidhme an togra le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE agus chun é a aisiompú, agus an tseiceáil oiriúnachta ar Rialachán an Aontais maidir le hAllmhairí Adhmaid á cur san áireamh, agus saothrú chuspóirí Phlean Gníomhaíochta FLEGT á áirithiú. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha reatha (VPAnna).

40.  á chur in iúl gur geal léi na dea-thorthaí atá léirithe sa chomhar le tríú tíortha faoi Phlean Gníomhaíochta FLEGT agus faoi Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha (VPAnna) maidir le dul i ngleic le dúshlán na lománaíochta neamhdhleathaí ar thaobh an tsoláthair agus á chur i bhfáth gur cheart dlús a chur leis an obair sin, go háirithe maidir le faireachán, seiceálacha agus rialaithe agus ó thaobh fothú acmhainneachta a thairiscint de; á chur i bhfáth gurb ionann VPAnna agus creat an-éifeachtach chun comhpháirtíochtaí maithe a bhunú leis na tíortha sin, agus gur cheart VPAnna nua le comhpháirtithe breise a chur chun cinn; á iarraidh ar AE an maoiniú le haghaidh FLEGT a mhéadú;

41.  ag tathant ar an gCoimisiún cur chun feidhme iomlán de Phlean Oibre AE FLEGT 2018-2022 a áirithiú;

42.  á chur in iúl gur geal léi seiceáil oiriúnachta Rialachán FLEGT agus Rialachán Adhmaid AE atá ar na bacáin ag an gCoimisiúin mar dheis chun a bhforfheidhmiú a neartú agus chun tuilleadh feabhais a chur ar a gcur chun feidhme agus chun a raon réimse a leathnú chun táirgí e.g. táirgí priontáilte agus táirgí adhmaid, adhmad coinbhleachta a chumhdach agus chun ról na sochaí sibhialta a neartú;

43.  á iarraidh an athuair gur cheart allmhairiú adhmaid agus táirgí adhmaid a sheiceáil ar bhealach níos críochnúla ag teorainneacha AE chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí allmhairithe na critéir chun iad a thabhairt isteach san Aontas; á iarraidh go gcuirfí Cód Custaim an Aontais chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach agus go neartófar acmhainneachtaí na n-údarás custaim náisiúnta chun comhchuibhiú agus cur chun feidhme níos fearr de Chód Custaim an Aontais a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na caighdeáin chéanna á leanúint ag rialuithe custaim ar fud AE, agus go ndéanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin sásra aontaithe díreach um rialú custaim i gcomhordú leis na Ballstáit agus i lán-chomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta;

44.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh comhaontú comhpháirtíochta trádáil-bhunaithe le tíortha ar táirgeoirí móra FERCanna iad a bheith úsáideach chun dul i ngleic le cúiseanna an dífhoraoisithe ar thaobh an tsoláthair , ag tabhairt dá haire gur rogha amháin é samhail VGA, FLEGT;

45.  Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha reatha (VPAnna) agus as ceadúnú FLEGT faoi láthair, chun an leas a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i ndífhoraoisiú a onnmhairiú chuig an Aontas a dhaingniú; agus ag spreagadh an Choimisiúin chun comhaontuithe comhpháirtíochta trádáilbhunaithe a bhunú le tíortha móra ar táirgeoirí tráchtearraí talmhaíochta iad, chun dul i ngleic le dífhoraoisiú ó thaobh an tsoláthair de.

Comhar trádála agus eacnamaíoch

46.  á chur i bhfáth gur gá na beartais trádála agus infheistíochta a athbhreithniú chun dul i ngleic leis an dúshlán domhanda sin ar bhealach níos éifeachtaí, agus trí mhachaire comhréidh a chruthú ar fud an domhain, agus an nasc idir comhaontuithe trádála agus an bhithéagsúlacht dhomhanda mar aon le héiceachórais foraoisí a chur san áireamh;

47.  á athdhearbhú gur cheart a áireamh i mbeartas trádála agus infheistíochta an Aontais, lena n-áirítear an comhaontú saorthrádálal Mercosur, caibidlí ceangailteacha agus in-fhorfheidhmithe maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe ina n-urramaítear go hiomlán na gealltanais idirnáisiúnta, go háirithe Comhaontú Pháras, agus Clár Oibre 2030 maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe, agus atá i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus lena n-urramaítear cearta an duine; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh forálacha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus in-fhorfheidhmithe i ngach comhaontú trádála agus infheistíochta a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le lománaíocht neamhdhleathach agus le frith-éilliú, chun dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise agus scriosadh an éiceachórais agus díghrádú an éiceachórais a chosc;

48.  ag moladh, i gcomhthéacs an phrionsabail ‘gan dochar a dhéanamh’ mar a léiríodh sa teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, go ndéanann an Coimisiún measúnú níos fearr agus níos rialta ar thionchar na gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta atá ann cheana maidir le dífhoraoisiú, díghrádú foraoise agus éiceachórais, sciobadh talún agus cearta an duine agus go n-áirítear forálacha níos uaillmhianaí atá ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe maidir le cosaint foraoise agus éiceachórais, bithéagsúlacht, maidir le deireadh a chur le sciobadh talún agus foraoiseacht inbhuanaithe sna caibidlí trádála agus forbartha inbhuanaithe de na comhaontuithe saorthrádála agus infheistíochta uile;

49.  á chur i bhfios, chun dumpáil praghsanna a sheachaint agus úsáid inbhuanaithe adhmaid a áirithiú, chun leathadh comhaontuithe déthaobhacha atá bunaithe ar dumpáil praghsanna adhmaid a chosc, agus chun spreagadh lománaíochta breise a sheachaint is gá leigheasanna a bhreithniú lena n-áirítear comhchóras ceant adhmaid a bhunú, gur féidir rianú a dhéanamh ar cad as a dtagann ábhar agus imní maidir leis an aeráid, bithéagsúlacht agus cearta an duine a chur san áireamh sa phraghas;

50.  á mheas gur uirlís thábhachtach é comhar trádála agus idirnáisiúnta chun caighdeáin níos airde inbhuanaitheachta a dhaingniú, go háirithe sa mhéid a bhaineann le hearnálacha atá nasctha le foraoisí agus a slabhraí soláthair díorthaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhar le tríú tíortha a neartú trí chúnamh teicniúil, malartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le cosaint, caomhnú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí, agus díriú ar leith ar an nasc idir an choireacht eagraithe agus tráchtearra a bhaineann le dífhoraoisiú, agus chun comhar eolaíoch agus acadúil le tríú tíortha a chur chun cinn agus a éascú, mar aon le cláir taighde chun eolas agus nuálaíocht maidir leis an mbithéagsúlacht, “éiceaghnólacht” agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé éifeachtaí na mbeart ar fhostaíocht agus ar fhás na dtíortha is lú forbairt (LDCanna) a chur san áireamh, ar bearta iad a bhraitheann ar tháirgeadh FERCanna; á iarraidh ar an Aontas tacú agus comhoibriú le rialtais tríú tíortha agus leis an tsochaí shibhialta ina gcuid oibre i gcoinne an dífhoraoisithe, go háirithe tríd scéim GSP+; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas ar cheart cabhair shonrach nua do thrádáil a fhorbairt chun trádáil a éascú i gcomhthéacs na rioscaí a bhaineann le táirgeadh FERCanna a mhaolú;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún go mbeadh cur chuige cuimsitheach agus difreáilte i leith an dífhoraoisithe ag na bearta atá le glacadh, i bhfianaise a ngnéithe iomadúla agus a naisc le glúin na bhfiontar inbhuanaithe agus leis an gcomhrac i gcoinne geilleagair choiriúla. Chuige sin, á iarraidh go mbeadh idirphlé ann le tríú tíortha chun na príomhchúiseanna le caillteanas clúdaigh foraoise agus ábharthacht na mbearta atá le cur chun feidhme a anailisiú, ar bhonn cás ar chás;

52.  á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfear san áireamh sna forálacha soláthair phoiblí i gcomhaontuithe saorthrádála, critéir shóisialta, chomhshaoil agus fhreagracha maidir le hiompar gnó i dtaobh conarthaí a bhronnadh;

53.  ag áitiú gur gá ceanglais éigeantacha ar leibhéal an Aontais a chomhlánú le comhar domhanda méadaithe agus treisithe, le rialachas domhanda comhshaoil neartaithe agus le comhar le tríú tíortha trí chúnamh teicniúil, trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le cosaint, caomhnú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí, lena dtugtar aitheantas speisialta do thionscnaimh inbhuanaitheachta arna ndéanamh ag an earnáil phríobháideach; trí iarrachtaí a mhéadú i bpríomhfhóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) chun stop a chur le dífhoraoisiú, le díghrádú foraoise agus chun foraoisí a athchóiriú agus chun an éifeacht inbhéartach a sheachaint a bhaineann le slabhraí soláthair a bhfuil an dífhoraoisiú neamh-inmhianaithe ag baint leo a atreorú go réigiúin eile ar domhan;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an infheistíocht is gá a spreagadh, trí thrádáil agus trí chomhar idirnáisiúnta, chun caighdeáin níos airde inbhuanaitheachta a chomhdhlúthú in earnálacha na foraoiseachta agus ina gcuid slabhraí luacha, agus an bithgheilleagar ciorclach, an turasóireacht ghlas, an fuinneamh in-athnuaite, an talmhaíocht chliste agus réimsí ábhartha eile á gcur chun cinn, agus i dtríú tíortha freisin;

55.  Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha reatha (VPAnna) agus as ceadúnú FLEGT faoi láthair, chun an leas a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i ndífhoraoisiú a onnmhairiú chuig an Aontas a dhaingniú; agus ag spreagadh an Choimisiúin chun comhaontuithe comhpháirtíochta trádáilbhunaithe a bhunú le tíortha móra ar táirgeoirí tráchtearraí talmhaíochta iad, chun dul i ngleic le dífhoraoisiú ó thaobh an tsoláthair de.

56.  ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfí an dífhoraoisiú san áireamh in idirphléití polaitiúla ar leibhéal na tíre, agus cuidiú le tíortha comhpháirtíochta creataí náisiúnta don fhoraoiseacht agus don fhoraoiseacht inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do na creataí náisiúnta sin na riachtanais náisiúnta a léiriú mar aon le gealltanais dhomhanda; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá sásraí a chur chun feidhme lena ndreasaítear feirmeoirí a bhfuil gabháltas beag acu an t-éiceachóras agus na táirgí a chuirtear ar fáil leis an bhforaoiseacht agus an fheirmeoireacht inbhuanaithe a choinneáil agus a fheabhsú;

57.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh gníomhaíocht láidir laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais fite fuaite le gníomhaíocht láidir ar an leibhéal idirnáisiúnta; Dá bhrí sin, ba cheart do Chláir Tháscacha Náisiúnta faoi ghníomhaíocht sheachtrach AE forálacha a chomhtháthú chun cabhrú le cuideachtaí agus le sealbhóirí beaga tríú tíortha a oibríonn le hoibreoirí a chuireann tráchtearraí FERC ar mhargadh inmheánach an Aontais chun gníomhaíochtaí a dhéanamh gan dochar a dhéanamh d’fhoraoisí agus d’éiceachórais;

58.  á chreidiúint gur cheart, agus gur féidir, an rialachán atá beartaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo a dhearadh ar bhealach a chomhlíonfaidh rialacha EDT agus gur cheart go mbeadh comhaontuithe comhpháirtíochta trádáilbhunaithe ag gabháil leis le mórthíortha táirgthe tráchtearraí talmhaíochta, chun dul i ngleic le tiománaithe an dífhoraoisithe ó thaobh an tsoláthair de;

59.  á mholadh, gur cheart don Choimisiún, agus Cláir Tháscacha Náisiúnta (NIP) á gcaibidliú aige le tríú tíortha, tosaíocht a thabhairt d‘fhorálacha chun cabhrú le cuideachtaí tríú tíortha agus sealbhóirí beaga atá ag obair le hoibreoirí a chuireann tráchtearraí FERC ar mhargadh inmheánach an Aontais chun gníomhaíochtaí a dhéanamh nach ndéanann dochar d’fhoraoisí, d’éiceachórais ná do chearta an duine;

60.  á chur i bhfios go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag neartú chreat dlíthiúil AE maidir le dífhoraoisiú ar phraghsanna talún i dtríú tíortha agus, chun aon amhantraíocht a chosc, nár cheart an scoithdháta a shocrú tar éis don Choimisiún an togra a ndéantar cur síos air san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo a fhoilsiú;

Dífhoraoisiú agus cearta an duine

61.  á thabhairt chun suntais nach ndéanann an creat rialála a athrú chun úsáid limistéar áirithe a dhéanamh dleathach agus cearta tionachta a mhodhnú an tionchar diúltach ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol mar thoradh ar chur chun feidhme an athraithe sin a bhaint; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá go ndéanann critéir maidir le dícheall cuí eilimintí eile a chur san áireamh a théann níos faide ná dlíthiúlacht ghníomhaíochta;

62.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil tionchar diúltach ag táirgeadh tráchtearraí lena ngabhann rioscaí d’fhoraoisí agus d’éiceachórais ar phobail áitiúla trí dhífhoraoisiú díreach, díghrádú éiceachórais agus grabáil talún amháin, ach trí ghrabáil uisce freisin a bhféadann tionchar a bheith aige ar fhoraoisí agus éiceachórais eile;

63.  á chur i bhfáth gur minic pobail áitiúla, pobail dhúchasacha, agus cosantóirí talún agus comhshaoil ar an líne tosaigh sna comhraic chun éiceachórais a chaomhnú; ag tabhairt dá haire gurb iad coinbhleachtaí maidir le húsáid talún agus acmhainní ceann de na cúiseanna is mó le foréigean i gcoinne pobail dhúchasacha(35), á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbíonn sárú ar chearta an duine ag gabháil le díghrádú agus scriosadh foraoisí agus éiceachóras luachmhara eile go minic nó go dtarlaíonn siad mar thoradh orthu; ag cáineadh aon chineál pionóis, ciaptha agus géarleanúna mar gheall ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu an comhshaol a chosaint; ag tathant, dá bhrí sin, go ndéanfaí cosaint chearta an duine, go háirithe tionacht talún, cearta talún agus saothair, go háirithe cearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil, a áireamh laistigh den chreat dlíthiúil de chuid AE a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún próisis athchóirithe dlíthiúla a spreagadh i dtíortha is táirgeoirí a bheidh le cur i gcrích le rannpháirtíocht éifeachtach fhiúntach na ngeallsealbhóirí ar fad, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit, ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta eile de chuid na Náisiún Aontaithe, tacú le haitheantas domhanda don cheart chun timpeallachta folláine;

64.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásra mearfhreagartha a shocrú ar leibhéal an Aontais chun tacaíocht a thabhairt do chosantóirí comhshaoil agus foraoise in AE agus ar fud an domhain;

65.  ag cur béim ar an bhfíoras gur gá go mbeadh rochtain éifeachtach a thabhairt ar an gceartas agus ar leigheasanna d’íospartaigh sáruithe corparáideacha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a bheith mar chuid de chreat dlíthiúil den chineál sin;

66.  á chur i bhfáth, chomh maith le creat dlíthiúil AE a bhunú ar thráchtearraí a chuireann leis an dífhoraoisiú, gur gá don Aontas aghaidh a thabhairt ar bhonn níos cinntithí ar chur chun feidhme chearta an duine, freagracht chomhshaoil agus an smacht reachta mar shaincheisteanna cothrománacha leis na tíortha lena mbaineann agus le príomhthíortha eile is allmhaireoirí;

67.  á chur i bhfáth gur gá creat dlíthiúil den chineál sin a bheith deartha i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais do stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus curtha san áireamh in uaillmhianta Chomhaontú iar-Cotonou a bheidh ann amach anseo;

68.  á mheabhrú á thábhachtaí atá sé urraim a thabhairt do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine; ag tacú leis an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair chun ionstraim cheangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe a chruthú maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair ghnó eile i ndáil le cearta an duine agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh an tAontas rannpháirteach go réamhghníomhach sa phróiseas sin;

Bearta AE agus comhtháthú beartais

69.  á chur i bhfios go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar bhealach leormhaith ar thomhaltas an Aontais de thráchtearraí lena ngabhann rioscaí d’fhoraoisí agus d’éiceachórais, in aon ghníomhaíochtaí agus bearta leantacha, bíodh siad rialála nó neamhrialála, a ghabhfaidh le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, lena n-áirítear pleananna straitéiseacha náisiúnta na mBallstát;

70.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aistí bia inbhuanaithe a chur chun cinn, trí fheasacht na dtomhaltóirí a ardú maidir leis an tionchar a bhíonn ag patrúin tomhaltais agus trí fhaisnéis a sholáthar maidir le haistí bia atá níos fearr do shláinte an duine agus a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu; á chreidiúint gur gá bearta éifeachtacha a thabhairt isteach a bhfuil sé mar aidhm acu tacaíocht a mhéadú do chleachtais agra-éiceolaíocha agus cur amú bia a laghdú feadh an tslabhra soláthair; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí múscailte feasachta spriocdhírithe a phleanáil do thomhaltóirí d’fhonn a dtuiscint ar thionchar patrún tomhaltais ar fhoraoisí, bithéagsúlacht agus an aeráid a mhéadú, ag tacú agus ag spreagadh roghanna bia bunaithe ar tháirgí planda-bhunaithe;

71.  á mheas, chun an lorg carbóin atá cruthaithe mar gheall ar iompar allmhairí ó thríú tíortha a íoslaghdú agus chun táirgeadh agus poist inbhuanaithe áitiúla a spreagadh, gur cheart don Aontas úsáid adhmaid inbhuanaithe a fhoinsítear go háitiúil, táirgí adhmaid lománaithe nó bithmhaise foraoise a spreagadh;

72.  á chur i bhfáth an gá le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú tráchtearraí, lena ngabhann baol d’fhoraoisí agus éiceachórais, trí phróitéin plandaí a fhoinsítear go háitiúil, an innilt atá bunaithe ar fhéarach agus beatha dhleathach a fhaightear ar bhealach inbhuanaithe a chur chun cinn, eadhon trí Straitéis an Aontais don Phróitéin a chur chun feidhme;

73.  á chur in iúl go bhfuil sí i bhfabhar barra fosaithe nítrigine/barra léagúmacha/barra próitéine a chur chun cinn faoi phleananna straitéiseacha CBT inter alia trí uainíocht na mbarr, an choinníollacht, éiciscéimeanna agus bearta agra-chomhshaoil, idirghabhálacha earnála nua agus tacaíocht chúpláilte chun cur le neamhthuilleamaíocht an Aontais ó thaobh barra próitéine de, agus, san am céanna, rannchuidiú le cuspóirí straitéis na bithéagsúlachta agus na straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ a bhaint amach; ag tabhairt dá haire thairis sin gur cheart ioncam agus brabúsacht na feirmeoireachta beostoic a bheith ag teacht leis na leibhéil táirgthe ar féidir iad a choinneáil tríd an innilt atá bunaithe ar fhéarach nó trí bharra farae dúchasacha; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh taighde ar chórais agus modhanna nuálacha táirgthe, agus go gcuirfí chun cinn iad, lenar féidir acmhainní agus costais sheachtracha a laghdú, mar shampla córais innilte atá bunaithe ar fhoráiste amhail an innilt uainíochta, fiú i gcás ina bhféadfadh méid an táirgthe a bheith níos ísle;

74.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá bithgheilleagar inbhuanaithe a fhorbairt ina dtugtar luach ard eacnamaíoch do tháirgí a tháirgtear go hinbhuanaithe;

75.  á chur i bhfáth gur cheart do bheartas bithfhuinnimh an Aontais freagairt do dhianchritéir shóisialta agus chomhshaoil;

76.  á mheabhrú go dtugann an tAontas aghaidh ar riosca an dífhoraoisithe trí bhíthin Rialachán Adhmaid AE, Phlean Gníomhaíochta AE FLEGT, VPAnna lena gcuirtear próisis il-gheallsealbhóirí i dtíortha is táirgeoirí chun cinn, agus na Treorach maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED II)(36), lena n-áirítear rialacha iomadúla agus a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn luachmhar chun riosca an dífhoraoisithe agus na lománaíochta neamhdhleathaí a íoslaghdú; ag tabhairt dá haire, le RED II, go ndéantar an oibleagáid chun critéir inbhuanaitheachta an Aontais a chomhlíonadh a leathnú ó bhithbhreoslaí go húsáidí deiridh bithfhuinnimh ar fad, lena n-áirítear téamh/fuarú agus leictreachas, mar sin féin, toisc nach gcumhdaítear le RED II ach amhábhair a úsáidtear le haghaidh táirgeadh bithfhuinnimh, agus sin amháin, ní féidir leis a áirithiú faoi láthair nach gceadaítear úsáid neamhfhuinnimh na dtráchtearraí atá nasctha leis an dífhoraoisiú nó le tiontú éiceachórais le haghaidh táirgeadh bithbhreosla;

77.  ag cur i bhfáth nár cheart dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise i gcodanna eile den domhan a bheith mar thoradh ar na modhanna chun na spriocanna a leagtar síos sa phacáiste Fuinneamh Glan do gach Eorpach a bhaint amach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh faoi 2021 ar ghnéithe ábhartha na tuarascála atá i gceangal le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807(37) ón gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán sin gan moill mhíchuí agus in aon chás roimh 2023, ar bhonn an eolais eolaíoch atá ann cheana agus i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim; á iarraidh ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar shonraí soighe agus deireadh a chur de réir a chéile le bhithbhreoslaí ard-riosca ILUC a luaithe is féidir agus faoi 2030 ar a dhéanaí;

78.  á mheas nach mór critéir inbhuanaitheachta leordhóthanacha a bheith ag gabháil le húsáid bithbhreoslaí ar mhórscála san Aontas chun athrú díreach agus indíreach ar an talamhúsáid (ILUC) a sheachaint, lena n-áirítear an dífhoraoisiú; ag tabhairt dá haire thairis sin nach gcuirtear san áireamh go leordhóthanach sna critéir atá ann faoi láthair na hamhábhair iontaise a úsáidtear i dtáirgeadh bithbhreoslaí; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht ar thionchar na Treorach athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite le linn a cur chun feidhme atá ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear éifeachtacht na gcritéar inbhuanaitheachta le haghaidh bithfhuinnimh; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá slabhraí soláthair áitiúla na n-amhábhar chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach a bhaint amach;

79.  á chreidiúint gur cheart foraoisí ársa agus príomhúla a mheas agus a chosaint mar acmhainní uilechoiteanna domhanda, agus gur cheart stádas dlíthiúil a dheonú dá gcuid éiceachóras;

Cumarsáid agus ardú feasachta

80.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá tomhaltas earraí ó shlabhraí soláthair atá saor ó dhífhoraoisiú san Aontas a áirithiú agus measúnú leanúnach a dhéanamh ar thionchar thomhaltas na dtáirgí sin san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais faisnéise agus feasachta a fhorbairt maidir le tráchtearraí agus táirgí allmhairithe agus a dtionchar ar fhoraoisí agus éiceachórais an domhain atá saibhir ó thaobh bithéagsúlachta de, chomh maith le hiarmhairtí socheacnamaíocha sóisialta an dífhoraoisithe, scriosadh an éiceachórais agus coireanna a bhaineann le foraoisí san Aontas agus i dtríú tíortha;

81.  á chur i bhfios go ndéanfaidh an Coimisiún machnamh ar fhoraoisí príomhúla a mholadh mar láithreáin oidhreachta UNESCO chun iad a chosaint ar an dífhoraoisiú agus chun gurbh fhearr an deis go dtabharfaí aird an phobail ar chosaint na láithreán sin; mura bhfuil sé sin indéanta, ba cheart roghanna dlíthiúla eile a mheas chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

Sainmhínithe, Sonraí Foraoise agus faireachán

82.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar an téarma ‘foraois’, a aicmiú, agus réimse téarmaí agus prionsabal eile a bhaineann le dífhoraoisiú trí bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a ghlac comhlachtaí ábhartha, mar shampla, FAO, go hiomlán teicniúil agus nach ndéanann siad idirdhealú leordhóthanach idir foraois nádúrtha agus foraoisiú ina bhfuil feidhm eacnamaíoch na foraoise i bhfad níos mó ná a feidhmeanna eile, agus ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh saobhadh sonraí maidir leis an achar agus staid fhoraoisí an domhain a bheith mar thoradh ar sin; á iarraidh ar gheallsealbhóirí ábhartha úsáid na téarmeolaíochta a aontú i gcomhréir leis an bhfoclaíocht a dtugtar san iarscríbhinn a ghabhann leis an dréachtrún, agus ag cur béim ar shuntas an tsoiléirithe sin le haghaidh úsáid éifeachtach na n-ionstraimí lena mbaineann;

83.  á chur i bhfáth an gá atá go háirithe le faireachán neamhspleách a dhéanamh ar tháirgeadh agus trádáil tráchtearraí a bhfuil baint acu le dífhoraoisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a iarrachtaí maidir leis na saincheisteanna sin trí Fhís Eorpach, agus tacú le faireachán neamhspleách i dtíortha is táirgeoirí, chomh maith le malartú dea-chleachtas agus ceachtanna foghlamtha eatarthu, d’fhonn feabhas a chur ar mhodheolaíochtaí a úsáidtear agus gráinneacht na faisnéise;

84.  á chur i bhfáth an gá riachtanach le feabhas a chur ar shásraí a chabhródh chun foinse nó tionscnamh ábhar adhmaid a chuirtear ar an margadh inmheánach a shainaithint;

85.  ag tabhairt dá haire go ndéanfaí trédhearcacht agus cuntasacht an tslabhra dhomhanda luacha a mhéadú dá mbeadh rochtain níos fearr ar shonraí custaim maidir le hallmhairí a thagann isteach san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún comhpháirtíocht chustaim a chur ar bun laistigh den Aontas agus ceanglais sonraí custaim á leathnú ag an am céanna, go háirithe tríd an onnmhaireoir agus an monaróir a chur san áireamh mar eilimintí éiginnteacha de chuid sonraí custaim, agus dá bhrí sin trí thrédhearcacht agus inrianaitheacht slabhraí domhanda luacha a fheabhsú;

86.  ag tabhairt dá haire gur gá infhaighteacht agus cruinneas na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cén lá a rinneadh an talamh a dhífhoraoisí/a tiontaíodh go húsáid eile a bheith iontaofa do chur chun feidhme éifeachtach;

87.  á iarraidh ar an Aontas tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chláir thaighde agus faireacháin, amhail Copernicus, clár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne agus cláir faireacháin eile chun maoirseacht a dhéanamh ar shlabhraí soláthair tráchtearraí ionas gur féidir rabhaidh a shainaithint agus a thabhairt go luath maidir leis na táirgí ba chúis leis an dífhoraoisiú nó le díghrádú an chomhshaoil le linn a bpróisis táirgthe;

88.  á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí úsáid stóinsithe a bhaint as córas satailíte Copernicus chun faireachán a dhéanamh ar fhoraoisí agus chun dóiteán foraoise agus damáiste d’fhoraoisí a chosc, lena n-áirítear faireachán agus sainaithint na gcúiseanna le dóiteáin agus damáiste foraoise, dífhoraoisiú agus tiontú éiceachórais, lena ndéantar rochtain a éascú do na húdaráis ábhartha i ngach Ballstát, agus lena n-áirithítear foinse dhíreach ar shonraí oscailte do FBManna nó gnólachtaí nuathionscanta;

89.  á chur in iúl gur geal léi cruthú faireachlainne foraoise chun sonraí agus faisnéis a bhailliú ar dhífhoraoisiú san Eoraip agus ar fud an domhain, agus á iarraidh go ndéanfadh an fhaireachlann sin sásra a bhunú chun cosantóirí foraoise a chosaint;

90.  á iarraidh go gcruthófaí sásraí foláirimh réamhrabhaidh chun fógra a thabhairt d’údaráis phoiblí, do chuideachtaí, lena n-áirítear scéimeanna tríú páirtí, agus do thomhaltóirí tráchtearraí de thionscnamh limistéir ina bhfuil riosca tiontaithe éiceachórais a bhaineann le cailliúint agus meath na foraoise agus an tsabhána agus limistéir ina bhfuil sárú déanta ar chearta an duine, agus chun cúnamh a chur ar fáil chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin tríd an idirphlé agus comhroinnt sonraí le tríú tíortha faoi seach a threisiú;

91.  á iarraidh ar an gCoimisiún bunachar sonraí Eorpach a bhunú ina mbaileofar tionscadail atá ar bun faoi láthair agus tionscadail a bhí ann roimhe seo idir an tAontas agus tríú tíortha, mar aon le tionscadail dhéthaobhacha idir Ballstáit an Aontais agus tríú tíortha, d’fhonn a dtionchar ar fhoraoisí an domhain a mheasúnú; á chur i bhfios go láidir rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gcur chun feidhme na dtionscadal sin;

Bainistíocht foraoisí, taighde agus nuálaíocht

92.  ag cur béim ar an ngá atá ann na naisc idir an earnáil foraoisbhunaithe agus earnálacha eile a chur san áireamh, agus ar thábhacht na digiteála agus na hinfheistíochta i dtaighde agus nuálaíocht chun faireachán a dhéanamh ar dhífhoraoisiú;

93.  ag tabhairt dá haire go bhfuil ar a laghad 500 000 duine san Aontas, agus 13 mhilliún duine ar fud an domhain(38), fostaithe go díreach(39) san earnáil foraoiseachta, agus go bhfuil na poist sin lonnaithe i gceantair thuaithe go háirithe;

94.  ag tabhairt dá haire ar leibhéal an Aontais, go léiríonn beartais áirithe Bhallstáit creat ar fhoraoisí agus bainistíocht foraoisí atá ilroinnte agus neamheagraithe, agus go dteastaíonn tuilleadh comhordaithe agus comhordú níos fearr uathu, dá bhrí sin, chun inbhuanaitheacht a spreagadh;

95.  á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir rialtais, gnóthais, táirgeoirí agus an tsochaí shibhialta chun bearta a ghlacadh agus coinníollacha creata a bhunú chun tacú le tionscadail ón earnáil phríobháideach;

96.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunriachtanach ag an taighde agus an nuálaíocht maidir le rannchuidiú bainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí agus rannchuidiú na hearnála foraoisbhunaithe le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dífhoraoisithe agus dul i ngleic leis an athrú aeráide a chothú;

97.  á iarraidh go mbeadh tacaíocht fhrithpháirteach ann i gcás teagmhais dhíobhálacha trí thaighde agus malartaithe chun teacht ar bhearta atá in oiriúint do na dálaí geografacha a d’fhéadfadh cosaint a thabhairt i gcoinne dóiteáin mhórscála nó chun foirgeacht le lotnaidí a chosc;

98.  á chur in iúl gur geal léi na bearta chun fáschoillte a oiriúnú don athrú aeráide; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú ar líon na speiceas crann dúchasach athléimneach molta agus curtha i gcleachtas cheana féin i bhforaoisí atá sláintiúil agus éagsúil ó thaobh na bitheolaíochta de;

99.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá oiliúint i mbainistiú inbhuanaithe foraoisí, fáschoillte agus agrafhoraoiseachta, lena n-áirítear brat fásra leanúnach, laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha; á mheas gur toisc bhunriachtanach iad sin chun an bhithéagsúlacht, chomh maith le hioncam na bpobal foraoiseachta agus na bhfeirmeoirí agrafhoraoiseachta, a áirithiú;

100.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-oideachas agus lucht saothair oilte agus dea-oilte a mhéid a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun feidhme go rathúil; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus na Ballstáit bearta a chur chun feidhme, agus comhpháirtíochtaí atá ann cheana a úsáid, chun malartú dea-chleachtas sa réimse sin a éascú;

101.  á iarraidh go neartófar an comhar domhanda go roinnfear ar bhonn níos fearr an t-eolas agus taithí maidir le hinbhuanaitheacht i mbainistiú foraoisí ilfheidhmeacha a fheabhsú;

102.  á iarraidh ar an Aontas, dá bhrí sin, comhghuaillíochtaí idirnáisiúnta a fhorbairt le tríú tíortha chun foraoisí a chosaint, agus bearta fónta á saothrú a dhíríonn ar dhífhoraoisiú nialasach, pleanáil chomhtháthaithe talún, trédhearcacht tionachta talún, agus tiontú foraoise go talamh talmhaíochta a chosc; á iarraidh, chun na chríche sin, go n-áiritheofar maoiniú idirnáisiúnta faoi chuimsiú comhaontuithe domhanda maidir le cosaint foraoisí, i ndlúthchomhar le rialtais Eorpacha agus gníomhaithe idirnáisiúnta;

103.  á iarraidh go bhforbrófaí coincheapa ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe foraoisí ar fud an domhain lena réiteofaí leasanna eacnamaíocha agus leasanna comhshaoil araon, ós rud é gur acmhainn thábhachtach iad na foraoisí dá lán tíortha agus nach bhfuil na tíortha sin toilteanach an acmhainn sin a thréigean dá ndeoin féin;

104.  á iarraidh go mbeadh cur chuige níos iomlánaíche ann laistigh den Aontas, ina dtabharfadh an tAontas tacaíocht dhíreach do na húdaráis áitiúla le haghaidh an fhoraoisithe agus cleachtais bainistithe inbhuanaithe; á iarraidh go háirithe go mbeadh ról níos láidre ag an Aontas ó thaobh cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na rialacháin maidir le cosaint foraoisí atá i bhfeidhm a fhorfheidhmiú;

105.  á iarraidh go mbeadh tacaíocht láidir airgeadais ann mar aon le cláir le haghaidh bearta lena gcuirtear an foraoisiú chun cinn ar thalamh atá meathlaithe agus talamh nach bhfuil oiriúnach don talmhaíocht.

Maoiniú

106.   á iarraidh ar an gCoimisiún glacadh le Creat Airgeadais Ilbhliantúil atá aeráid-díonach agus comhshaol-díonach; á thabhairt aird ar leith ar thionchar cistí do ghníomhaíochtaí seachtracha a d’fhéadfadh rannchuidiú le dífhoraoisiú agus díghrádú éiceachórais, chomh maith le cistí áirithe taighde agus forbartha; á iarraidh seiceáil chomhaontaithe ghlais ar CAI agus gach buiséad Eorpach;

107.  á chreidiúint gur cheart go mbeadh dífhoraoisiú agus comhlíonadh an togra díchill chuí san áireamh i bhforálacha chritéir an Aontais um Sholáthar Poiblí Glas; ba cheart comhlíonadh dícheall cuí a chomhtháthú sna critéir dhámhachtana in athbhreithniú ar Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí(40);

108.  ag tathant ar institiúidí agus gníomhaireachtaí ar fad an Aontais a bheith ina n-eiseamláir trína iompar, soláthairtí agus creatchonarthaí a mhodhnú i dtreo úsáide táirgí “saor ó dhífhoraoisiú amháin”;

109.  go háirithe, á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh a chur ar bun chun cosc a chur ar cheannach poiblí táirgí allmhairithe, a mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu, faoi chuimsiú chreat Chomhaontú iltaobhach EDT maidir le Soláthar Rialtais (GPA) agus faoi chuimsiú Threoir 2014/24/AE;

110.  á iarraidh ar an Aontas tacaíocht iomchuí a sholáthar chun limistéar faoi chosaint atá ann faoi láthair agus cinn nua a roghnaítear go hiomchuí a chosaint, go háirithe i dtíortha ar mórtháirgeoirí adhmaid iad;

111.  á iarraidh ar an Aontas foráil cúnaimh airgeadais do thíortha chomhpháirtíochta a dhéanamh coinníollach ar thabhairt isteach córais feidhmiúil d’ionstraimí coincheapúla ceangailteacha chun rannchuidiú le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí (mar shampla, pleananna bainistíochta foraoisí); ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil siad feidhmiúil ach amháin má tá siad ullmhaithe le saineolas leordhóthanach agus á iarraidh ar an Aontas rialacha soiléire a leagan amach agus a fhorfheidhmiú maidir lena gcomhlíonadh;

112.  á iarraidh go mbeidh ról láidir ag earnáil na foraoiseachta san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) atá beartaithe agus go mbainfear leas as acmhainneacht iomlán an Phlean Infheistíochta Seachtraí agus na saoráidí réigiúnacha cumaisc chun cistiú príobháideach a ghiaráil le haghaidh bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí; á iarraidh go ndéanfar na caighdeáin agus na scéimeanna deimhniúcháin atá ann cheana a neartú seachas cinn nua a thabhairt isteach agus á chur i bhfáth go gcaithfidh na caighdeáin agus na scéimeanna deimhniúcháin sin rialacha na EDT a chomhlíonadh;

113.  á chur i bhfáth go bhfuil gá lena áirithiú go dtabharfar aitheantas agus urraim éifeachtach do ghnáthchearta tionachta talún na bpobal sin atá ag brath ar fhoraoisí agus do na pobail dhúchasacha, ar bhonn ceartais shóisialta i gcomhréir le Treoirlínte Deonacha FAO maidir le Rialachas Freagrach ar Thionacht Talún, Iascaigh agus Foraoisí i gcomhthéacs Shlándáil Náisiúnta an tSoláthair Bhia (VGGT), le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP) agus le Coinbhinsiún EIS Uimh. 169; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le scaipeadh, úsáid agus cur chun feidhme VGGT ar an leibhéal domhanda, réigiúnach agus náisiúnta, agus freisin tríd an bPlean Infheistíochta Seachtraí;

114.  á iarraidh go ndéanfaí comhar AE-ACC a neartú chun dul i ngleic leis an bhfadhb mhéadaitheach a bhaineann leis an dífhoraoisiú agus le fairsingiú fásaigh i dtíortha ACC, trí fhorbairt a dhéanamh ar phleananna gníomhaíochta a bheadh dírithe ar bhainistiú agus ar chaomhnú na bhforaoisí a fheabhsú, agus trí chórais faireacháin a bhunú; á iarraidh ar an Aontas a áirithiú go gcuirfear an dífhoraoisiú san áireamh in idirphlé polaitiúil ar an leibhéal náisiúnta, agus cabhrú le tíortha comhpháirtíochta creata náisiúnta maidir le foraoisí agus slabhraí soláthair inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus fós go mbeidh sé ag tacú le tíortha comhpháirtíochta a rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna), de bhun Chomhaontú Pháras, a chur chun feidhme go héifeachtach;

115.  á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún, ar bhonn Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh creat dlíthiúil de chuid AE chun dífhoraoisiú domhanda faoi thionchar AE a stopadh agus a aisiompú, ag leanúint na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

o
o   o

116.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:

MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR

1.  Cuspóir

Ba cheart go mbeadh an togra le haghaidh Rialacháin (‘an togra’) mar bhonn d’ardleibhéal cosanta a áirithiú d’acmhainní nádúrtha, amhail foraoisí nádúrtha, bithéagsúlacht agus éiceachórais nádúrtha, chomh maith le rannchuidiú le creat treisithe maidir lena mbainistíocht inbhuanaithe chun a ndíghrádú agus a dtiontú a sheachaint, trína áirithiú nach ndéanann patrúin mhargadh an Aontais agus patrúin tomhaltais difear díobhálach dóibh. Ba cheart cosaint do chearta an duine, cearta foirmiúla agus gnáis araon ag pobail dhúchasacha agus áitiúla ar thalamh, críocha agus acmhainní a bhfuil tionchar orthu ag buaint, eastóscadh agus táirgeadh táirgí a chumhdach sa togra freisin.

Ba cheart go soláthrófaí trédhearcacht agus cinnteacht leis i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)  tráchtearraí a chumhdaítear leis an togra agus na táirgí a dhíorthaítear uathu agus a chuirtear ar mhargadh inmheánach an Aontais,

(b)  cleachtais soláthair agus maoiniú na n-oibreoirí uile atá gníomhach ar mhargadh inmheánach an Aontais,

(c)  cleachtais soláthair, lena n-áirítear an ghné maidir le hastarraingt uisce, oibreoirí a mbíonn tráchtearraí lena ngabhann rioscaí d’fhoraoisí agus d’éiceachórais (FERCanna) a chumhdaítear leis an togra seo á mbuaint, á n-eastóscadh, á soláthar, agus á bpróiseáil acu nó a mbíonn táirgí a dhíorthaítear ó FERCanna á dtáirgeadh acu ar mhargadh inmheánach an Aontais, chomh maith le cleachtais a n-airgeadaithe;

Ba cheart go rannchuideodh sé le comhlíonadh gealltanais idirnáisiúnta comhshaoil agus chearta an duine atá tugtha ag an Aontas agus a mBallstáit, amhail Comhaontú Pháras, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus oibleagáid chearta an duine, a leagtar amach i gconarthaí idirnáisiúnta chearta an duine agus lena mbunaítear critéir inbhuanaitheachta ceangailteacha do chearta an duine, agus cosaint foraoisí nádúrtha agus éiceachórais nádúrtha óna dtiontú agus díghrádú, mar a leagtar amach sa togra. Ba cheart go mbeadh an togra rioscabhunaithe, comhréireach agus infhorfheidhmithe.

2.  Raon feidhme

Ba cheart feidhm a bheith ag an togra maidir leis na hoibreoirí uile, gan beann ar a bhfoirm dlí, a méid nó a chasta atá a slabhraí soláthair, i.e. aon duine nádúrtha nó dlítheanach (seachas custaiméirí neamh-thráchtála) a dhéanann tráchtearraí a chumhdaítear leis an togra agus na táirgí a dhíorthaítear uathu a chur ar mhargadh inmheánach an Aontais den chéad uair, nó a sholáthraíonn maoiniú do na hoibreoirí atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir le hoibreoirí atá lonnaithe san Aontas agus maidir le hoibreoirí nach bhfuil lonnaithe san Aontas. Ba cheart d’oibreoirí nach bhfuil lonnaithe san Aontas sainordú a thabhairt d’ionadaí údaraithe na cúraimí a chomhlíonadh (i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(41)).

Níor cheart, maidir leis na hoibreoirí go léir, go mbeadh siad i dteideal FERCanna agus táirgí a dhíorthaítear ó FERCanna a chur go dlíthiúil ar mhargadh an Aontais ach amháin, i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i Roinn 4 den Iarscríbhinn seo, i gcás inar féidir leo a léiriú, laistigh dá ngníomhaíochtaí féin agus laistigh de gach cineál caidrimh gnó atá acu le comhpháirtithe gnó agus le heintitis ghnó feadh a slabhra luacha ar fad (i.e. cuideachtaí iompair, soláthraithe, trádálaithe, saincheadúnaithe, ceadúnaithe, comhfhiontair, infheisteoirí, cliaint, conraitheoirí, custaiméirí tráchtála, comhairleoirí airgeadais, dlí agus eile), nach bhfuil, ar an gcuid is mó de, ach leibhéal diomaibhseach riosca ag gabháil leis na hearraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, i dtaobh an mhéid seo a leanas:

—  go bhfuil siad de thionscnamh talún a fuarthas ó fhoraoisí nádúrtha nó éiceachórais nádúrtha eile a thiontú,

—  go bhfuil siad de thionscnamh foraoisí nádúrtha agus éiceachóras nádúrtha atá faoi dhíghrádú, agus

—  go bhfuil cearta an duine á sárú lena dtáirgeadh, go bhfuil sárú ar chearta an duine ceangailte lena dtáirgeadh.

Tá freagracht ag institiúidí airgeadais freisin a sholáthraíonn maoiniú, infheistíocht, árachas nó seirbhísí eile d’oibreoirí atá páirteach i slabhra soláthair tráchtearraí dícheall cuí a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil cuideachtaí an tslabhra soláthar ag urramú na hoibleagáidí a leagtar síos sa togra sin.

Ba cheart d’oibreoirí bearta iomchuí agus trédhearcacha a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar na caighdeáin sin a urramú feadh a slabhra soláthair ar fad.

Ba cheart go gcumhdaítear leis an togra na tráchtearraí uile is minice a mbíonn dífhoraoisiú, díghrádú ar fhoraoisí nádúrtha, agus tiontú agus díghrádú ar éiceachórais nádúrtha ag gabháil leo mar thoradh ar ghníomhaíocht an duine. Ba cheart go n-ullmhófaí liosta na tráchtearraí sin ar bhonn meastóireachta saineolaithe neamhspleáiche, á thabhairt san áireamh prionsabal an réamhchúraim, agus ba cheart go mbeadh sé curtha ar fáil in iarscríbhinn a ghabhann leis an togra sin agus ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chumhdach: ola phailme, soighe, feoil, leathar, cócó, caife, rubar, agus arbhar Indiach agus gach táirgeadh idirmheánach nó críochnaitheach a dhíorthaítear ó na tráchtearraí sin, agus táirgí a bhfuil na tráchtearraí sin iontu. I gcás ina bhfuil ionchur ó níos mó na aon tráchtearra amháin a chumhdaítear leis an togra sna táirgí díorthaithe, ba cheart dícheall cuí a dhéanamh i leith gach ceann de na tráchtearraí sin. Tráchtearraí a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010(42) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán Adhmaid EU’), ba cheart iad a chomhtháthú i raon feidhme an togra, i ndiaidh measúnú ón gCoimisiún ar bhonn meastóireachta saineolaithe neamhspleáiche, á thabhairt san áireamh prionsabal an réamhchúraim, laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an togra.

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar bhealach tráthúil, ar bhonn meastóireachta saineolaithe neamhspleáiche, á thabhairt san áireamh prionsabal an réamhchúraim, chun an liosta a athbhreithniú agus a leasú le haon tráchtearraí eile, agus go ndéanfaí a dtáirgí díorthaithe a chumhdach leis an togra má thagann fianaise nó tásca suntasacha chun cinn maidir le drochthionchar mór a mbuaint, a n-eastóscadh nó a dtáirgeadh ar fhoraoisí nádúrtha, éiceachórais nádúrtha nó cearta an duine, cearta foirmiúla agus gnáis ag pobail dhúchasacha agus áitiúla ar thalamh, críocha agus acmhainní. Ba cheart go mbeadh ról airdeallach, réamhghníomhach maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint, agus dul i gcomhairle go gníomhach le héagsúlacht geallsealbhóirí le taithí ábhartha chun liosta tráchtearraí a choimeád lena léirítear an riocht eolais maidir le cearta an duine agus rioscaí comhshaoil sna hearnálacha ábhartha.

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an togra freisin ar na hinstitiúidí airgeadais ar fad atá údaraithe chun oibriú san Aontas a sholáthraíonn maoiniú, infheistíocht, árachas nó seirbhísí eile d’oibreoirí a ndéanann foraoisí agus tráchtearraí lena ngabhann rioscaí d’éiceachórais agus a dtáirge díorthaithe a bhuaint, a eastóscadh, a tháirgeadh, a phróiseáil, a thrádáil nó a dhíol lena áirithiú go ndéanann na hinstitiúidí airgeadais féin agus a gcuideachtaí slabhra soláthair na freagrachtaí maidir leis an gcomhshaol agus cearta an duine a leagtar amach se togra seo a urramú.

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an togra ar thrádálaí, i.e. aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha, agus iad i mbun gníomhaíocht tráchtala, a dhéanann aon tráchtearra a chumhdaítear leis an togra, nó táirge díorthaithe atá curtha ar mhargadh inmheánach an Aontais cheana, a dhíol chuig oibreoirí nó a cheannach ó oibreoirí ar mhargadh inmheánach an Aontais. Níor cheart go mbeadh oibreoirí ar mhargadh inmheánach an Aontais in ann teagmháil a dhéanamh le trádálaithe, seachas má tá trádálaithe in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

—  na hoibreoirí nó na trádálaithe a sholáthair na tráchtearraí a chumhdaítear leis an Rialachán agus na táirgí a dhíorthaítear uathu a shainaithint; agus

—  i gcás inarb infheidhme, na trádálaithe dár sholáthair siad na tráchtearraí a chumhdaítear leis an togra agus na táirgí a dhíorthaítear uathu a shainaithint; agus

—  inrianaitheacht a dtairgí a áirithiú, d’fhonn a dtionscnamh a shainaithint, nuair a chuirfear ar mhargadh inmheánach an Aontais iad;

3.  Oibleagáidí ginearálta

3.1.  Dífhoraoisiú agus tiontú éiceachóras nádúrtha

Níor cheart go ndéanfaí éiceachórais nádúrtha a dhífhaoirsiú nó a thiontú mar thoradh ar thráchtearraí a chumhdaítear leis an togra agus na táirgí a dhíorthaítear uathu a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

Chun na críche sin, níor cheart FERCanna a chuirtear ar mhargadh an Aontais, i bhfoirm amh nó mar tháirgí a dhíorthaítear ó na tráchtearraí sin nó a bhfuil na tráchtearraí sin iontu, a bhuaint, a eastóscadh nó a tháirgeadh ó thalamh, a raibh scoithdháta aige san am a chuaigh thart, ach ní níos déanaí na 2015, atá eolaíochtbhunaithe, a bhfuil údar cuí leis, agus atá indéanta ar an leibhéal praiticiúil agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta AE, a raibh stádas foraoise nádúrtha nó éiceachórais nádúrtha aige, i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar síos i Roinn 3.3 ‘Sainmhínithe’, ach a bhfuil an stádas sin caillte ó shin mar thoradh ar dhífhoraoisiú nó tiontú.

3.2.  Díghrádú foraoisí nádúrtha agus éiceachóras nádúrtha

Níor cheart go ndéanfaí foraoisí nádúrtha nó éiceachórais nádúrtha a dhíghrádú mar gheall ar ghníomhaíocht an duine mar thoradh ar thráchtearraí a chumhdaítear leis an togra agus na táirgí a dhíorthaítear uathu a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

Chun na críche sin, níor cheart FERCanna a chuirtear ar mhargadh an Aontais, i bhfoirm amh nó mar tháirgí atá díorthaithe ó na tráchtearraí sin nó a bhfuil na tráchtearraí sin iontu, a bhuaint, a eastóscadh nó a tháirgeadh ó thalamh a raibh, ag scoithdháta sainithe, stádas foraoise nádúrtha nó éiceachórais nádúrtha aige, i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar síos i Roinn 3.3. Ní mór don scoithdháta a bheith san am a chuaigh thart, ach ní níos déanaí ná 2015, agus ní mór dó a bheith eolaíochtbhunaithe, údar cuí a bheith leis, agus indéanta ar an leibhéal praiticiúil agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Níor cheart go mbeadh sé indéanta ó thaobh dlí tráchtearra a chur ar mhargadh an Aontais ach amháin tráchtearra atá buainte, eastósctha nó táirgthe i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe agus nach raibh caillteanas nó díghrádú feidhmiúcháin éiceachóras mar thoradh air ar an talamh óna ndearnadh sé a bhuaint, a eastóscadh nó a tháirgeadh, nó cóngarach don talamh sin.

3.3.  Sainmhínithe

Ba cheart sainmhínithe a bheith sa togra reachtach ón gCoimisiún maidir le cad atá i gceist le “foraois”, “foraois nádúrtha” a bhfuil go leor nó formhór na saintréithe aici atá ag foraois atá dúchasach don suíomh ar leith, fiú agus gníomhaíochtaí an duine ag tarlú ann, “dífhoraoisiú”, “díghrádú foraoisí”, “éiceachóras nádúrtha”, “díghrádú éiceachórais” agus “tiontú éiceachórais”. Ba cheart na sainmhínithe sin a bheith bunaithe ar chúinsí oibiachtúla agus eolaíocha agus ba cheart a chur san áireamh iontu foinsí ábhartha dlí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith le tionscnaimh eile trína bhforáiltear do shainmhínithe oiriúnacha, amhail Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Tionscnamh an Chreata Cuntasachta nó Cur Chuige Ardstoic Carbóin.

Ba cheart na sainmhínithe a bhunú ar na prionsabail seo a leanas

—  ba cheart go gceadófaí leo an leibhéal is airde maidir le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach, go háirithe d’fhoraoisi agus éiceachórais nádúrtha eile, agus a bheith comhsheasmhach le gealltanas idirnáisiúnta agus intíre an Aontais maidir le foraois, bithéagsúlacht agus cosaint an chomhshaoil,

—  ba cheart go dtacódh siad le cuspóir an Aontais chun foraoisí nádúrtha agus éiceachórais a chaomhnú, lena n-áirítear foraoisí príomhúla agus athghinte go háirithe, agus a n-ionadú le foraoisí agus éiceachórais atá díorthaithe ó ghníomhaíochtaí an duine, amhail fáschoillte, a chosc;

—  ba cheart dóibh a bheith cuimsitheach go leor chun cosaint a thabhairt d’éiceachórais nádúrtha eile atá tábhachtach, mar fhoraoisí, do chaomhnú na bithéagsúlachta nó chun na cuspóirí aeráide a leagtar amach i gComhaontuithe Pháras a bhaint amach,

—  ba cheart go mbeadh sé mar aidhm acu a áirithiú nach ndéanann glacadh bearta an Aontais chun foraoisí an domhain a chosaint fadhb an tiontaithe agus díghrádaithe a aistriú chuig éiceachórais nádúrtha eile atá chomh tábhachtach le foraoisí nádúrtha do bhithéagsúlacht, aeráid agus cosaint chearta an duine.

3.4.  Sáruithe ar chearta an duine

FERCanna a chuirtear ar mhargadh an Aontais, i bhfoirm amh nó mar tháirgí atá díorthaithe ó na tráchtearraí sin nó a bhfuil na tráchtearraí sin iontu, níor cheart iad a bhuaint, a eastóscadh nó a tháirgeadh ó thalamh a fuarthas nó a úsáideadh de shárú ar chearta an duine, ar cearta iad atá leabaithe i ndlithe náisiúnta, ná de shárú ar na cearta sin a chuirtear in iúl, ar a laghad, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh nó i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, amhail na cearta atá ag pobail dhúchasacha agus áitiúla, lena n-áirítear cearta tionachta agus a gcearta nós imeachta chun saorthoiliú feasach roimh ré a thabhairt nó a choimeád mar a leagtar amach mar shampla i bhFóram Buan na Náisiún Aontaithe maidir le Saincheisteanna Dúchasacha agus comhlachtaí conarthacha réigiúnacha, an ceart chun uisce, an ceart ar chosaint don chomhshaol agus forbairt inbhuanaithe, an ceart chun cearta an duine agus an comhshaol a chosaint, saor ó aon chineál géarleanúna ná ciaptha, cearta saothair atá cumhdaithe i gcoinbhinsiún bhunúsacha EIS agus cearta duine eile atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a bhaineann le húsáid talún, rochtain ar thalamh nó úinéireacht talún, chomh maith le cearta an duine ar chomhshaol sláintiúil, mar a shainítear i bPrionsabail an Chreata ar Chearta an Duine agus an Comhshaol agus na caighdeáin agus dea-chleachtais atá sainaitheanta ag Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus an comhshaol.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar saothar leanaí d’fhonn é a dhíchur.

Ag gach céim, agus tráchtearraí cumhdaithe á mbuaint, á n-eastóscadh nó á dtáirgeadh, ba cheart urraim a thabhairt do na cearta pobail agus na cearta tionachta talún, i ngach foirm, atá ag pobail áitiúla agus ag daoine dúchasacha, bídís ina gcearta poiblí, príobháideacha, nó comhroinnte, comhchoiteanna, ina gcearta ban, nó ina gcearta gnáis. Ba cheart go ndéanfaí na cearta foirmiúla agus gnáis chun tailte, críocha agus acmhainní atá ag pobail dhúchasacha a shainaithint agus a urramú, chomh maith lena gcumas chun a gcearta a chosaint gan díoltas. Áirítear ar na cearta sin na cearta chun na tailte sin a bheith faoi úinéireacht acu, a áitiú, a úsáid agus a riar.

Níor cheart tráchtearraí a chumhdaítear leis an togra a fháil ó thalamh a ndéanfadh a bhfáil agus a n-úsáid difear do cearta pobail agus do chearta tionachta talún. Go háirithe, níor cheart tráchtearraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a bhuaint, a eastóscadh nó a tháirgeadh ó thailte pobail áitiúla agus pobail dhúchasacha, na tailte a raibh teideal foirmiúil orthu roimhe seo agus na tailte atá faoi ghnáthúinéireacht araon, gan a saorthoiliú feasach roimh ré.

4.  Dualgas dochar i slabhraí luacha a shainaithint, a chosc agus a mhaolú

4.1.  Dualgas an díchill chuí

Ba cheart d’oibreoirí na bearta ar fad is gá a dhéanamh chun cosaint chearta an duine, foraoisí nádúrtha agus éiceachórais nádúrtha a urramú agus a áirithiú, mar a leagtar amach sa togra, feadh a slabhra luacha ar fad. Ba cheart go n-áireofaí leis sin gach cineál caidrimh gnó atá ag an ngnóthas le comhpháirtithe gnó agus eintitis ghnó feadh a shlabhra luacha ar fad (amhail soláthraithe, trádálaithe, saincheadúnaithe, ceadúnaithe, comhfhiontair, infheisteoirí, cliaint, conraitheoirí, custaiméirí tráchtála, cuideachtaí iompair, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí airgeadais, dlí agus eile), agus le haon eintiteas neamhstáit nó stáit eile a bhfuil ceangal díreach aige lena chuid oibríochtaí gnó, táirgí nó seirbhísí.

Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart d’oibreoirí cur chuige rioscabhunaithe a bheith acu maidir le dícheall cuí, ina chomhfhreagraíonn cineál agus fairsinge dícheall cuí le cineál agus leibhéal an riosca go mbeadh tionchair dhíobhálacha mar gheall orthu. Ba cheart limistéir ardriosca a bheith faoi réir dícheall cuí feabhsaithe.

Ba cheart na bearta seo a leanas a áireamh ar bhealach leormhaith agus éifeachtach:

(a)  Mapáil an tslabhra luacha ar fad

Ba cheart d’oibreoirí a chinneadh cibé an bhfuil na tráchtearraí agus táirgí feadh a slabhraí luacha ar fad i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta agus chearta an duine de cuid an togra, trí rochtain a fháil ar fhaisnéis agus í a mheasúnú ar limistéar talún sonrach nó limistéir talún sonracha ar tionscnamh na dtáirgí seo é nó iad. De bhreis ar na critéir chomhshaoil, ní mór do rochtain ar fhaisnéis cead a thabhairt d’oibreoir a chinneadh go bhfuil na daoine a úsáideann an talamh chun FERCanna a tháirgeadh i dteideal é sin a dhéanamh agus dá bhrí sin go bhfuil saorthoiliú feasach roimh ré faighte ó na daoine a bhfuil cearta acu ar na limistéir talún sin agus nach bhfuil sárú á dhéanamh, nó déanta, acu ar aon chearta an duine dá dtagraítear sa togra seo.

Go háirithe, ceanglaítear ar oibreoirí faisnéis a bheith acu, agus a chur ar fáil, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)  an limistéar nó na limistéir bheachta ina ndéantar na tráchtearraí a bhuaint, a eastóscadh nó a tháirgeadh; maidir le heallach, mairteoil agus leathar, ní mór d’oibreoirí a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le limistéir éagsúla féarach ina bhfuil eallach cothaithe nó, ina ndéantar eallach a thógáil le beatha, maidir le tionscnamh an beatha a úsáidtear;

(ii)  stádas éiceolaíoch reatha an limistéar ina bhfuil buaint, éastóscadh nó táirgeadh á dhéanamh;

(iii)  stádas éiceolaíoch an limistéir ag scoithdháta léirithe an togra sin.

(iv)  stádas dlíthiúil na talún (úinéireacht/ teideal lena n-áirítear cearta foirmiúla agus gnáis ag pobail dhúchasacha agus áitiúla ar thalamh, críocha agus acmhainní) agus faisnéis go bhfuil saorthoiliú feasach roimh ré (FPIC) faighte.

(v)  eilimintí shlabhra soláthair an tráchtearra atá i gceist, agus é mar aidhm faisnéis a bheith acu maidir le dóchúlacht rioscaí éillithe le táirgí nach eol a dtionscnamh nó a eascraíonn as limistéir dífhoraoisithe, nó limistéir inar tharla tiontú agus díghrádú ar fhoraoisí nádúrtha, foraoisí agus éiceachóras, agus faisnéis maidir le cá háit, cén duine agus faoi cén coinníollacha a rinneadh na tráchtearraí sin a bhuaint, a bhuaint, a thiontú nó a tháirgeadh, d’fhonn comhlíonadh oibleagáidí chearta an duine de chuid an togra sin a chinneadh.

Ba cheart go mbeadh rochtain ag oibreoirí ar an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le tionscnamh na dtáirgí a thagann isteach ar mhargadh inmheánach an Aontais trí dhearbhú córasach chomhordanáidí GPS de na tráchtearraí sin, tar éis teacht i bhfeidhm an togra mar a leagtar síos i Roinn 4.1 den Iarscríbhinn seo.

(b)  Rioscaí foraoise agus éiceachórais iarbhír agus ionchasacha a shainaithint sa slabhra luacha, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos sa togra.

I gcás ina ndéanann oibreoir oibríochtaí nua a chur ar bun nó ina mbunaíonn sé caidreamh le comhpháirtithe gnó nua, ba cheart dó na gníomhaithe atá rannpháirteach sa slabhra soláthair agus sna slabhraí infheistíochta nua a shainaithint, agus measúnú a dhéanamh ar a gcuid beartas agus cleachtas, chomh maith lena mbuaint, a dtáirgeadh, a n-eastóscadh agus láithreáin phróiseála. I gcás oibríochtaí atá ann cheana, ba cheart tionchair dhíobhálacha agus dochair leanúnacha, chomh maith le rioscaí ionchasacha, a shainaithint agus a mheas. Ba cheart anailís riosca a dhéanamh i ndáil le rioscaí a thagann as gníomhaíochtaí an oibreora, nó tionchar, ar fhoraoisí nádúrtha agus éiceachórais nádúrtha, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla agus na daoine aonair a ndéantar difear dóibh, seachas rioscaí ábhartha do gheallsealbhóirí corparáideacha. Nuair a bhíonn líon mór soláthraithe ag oibreoirí, ba cheart dóibh na réimsí ginearálta is mó ina bhfuil riosca suntasach go mbeadh tionchair dhíobhálacha ag roinnt leo agus, bunaithe ar an mheasúnú riosca sin, tosaíocht a thabhairt do sholáthraithe de réir díchill chuí.

Nuair a bhíonn líon mór soláthraithe ag oibreoirí, ba cheart dóibh na réimsí ginearálta is mó ina bhfuil riosca suntasach go mbeadh tionchair dhíobhálacha ag roinnt leo a shainaithint agus, bunaithe ar an measúnú riosca, tosaíocht a thabhairt do sholáthraithe de réir dícheall cuí.

(c)  Rioscaí a chosc agus rioscaí a mhaolú go leibhéal diomaibhseach

Seachas sa chás ina bhfuil an riosca a shainaithnítear le linn na nósanna imeachta measúnaithe agus chun rioscaí a shainaithint dá dtagraítear i bpointe (b) diomaibhseach, agus dá bhrí sin níl aon cúis iarmharach ag an oibreoir chun imní a bheith air nach gcomhlíonann na tráchtearraí agus na táirgí na critéir a leagtar amach sa chreat seo, ba cheart d’oibreoirí nósanna imeachta maidir le maolú riosca a ghlacadh. Ba cheart sraith bearta leordhóthanacha agus comhréireacha a bheith sna nósanna imeachta sin a laghdaíonn go leibhéal diomaibhseach go héifeachtach agus go follasach na rioscaí ar fad atá sainaitheanta, e.g. conarthaí le soláthróirí a leasú, tacaíocht a sholáthar do sholáthróirí chun a gcleachtais a athrú, a cleachtais cheannaigh agus infheistíochta athrú, d’fhonn agus i bhfianaise cur ar an margadh inmheánach na dtráchtearraí agus na dtáirgí a chumhdaítear.

(d)  Scor de sháruithe a dhéanamh ar cearta comhshaoil agus ar chearta an duine

Nuair a thagann oibreoirí ar an gconclúid, tar éis na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) a leanúint go críochnúil, go gcuireann nó go bhféadfadh oibríochtaí, nó codanna d’oibríochtaí cur le nó bheith mar chúis le drochthionchar ar chearta an duine, foraoisí nádúrtha, nó éiceachórais nádúrtha, mar a leagtar amach sa togra, nach féidir a chosc ná a mhaolú, ba cheart dóibh na hoibríochtaí sin ar fad, nó codanna d’oibríochtaí, a stopadh.

(e)  Faireachán agus feabhas leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht a ndíchill chuí agus a chur chun feidhme.

Ba cheart d’oibreoirí seiceáil a dhéanamh go tréimhsiúil go bhfuil a gcóras díchill chuí oiriúnach chun dochar a chosc agus chun comhlíonadh tráchtearraí agus táirgí a áirithiú agus mura bhfuil siad á gcomhlíonadh, é a choigeartú nó gníomhaíochtaí eile a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh an mheastóireacht ar an gcóras díchill chuí bunaithe ar tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla, aiseolas inmheánach agus seachtrach agus próisis chuntasachta shoiléire.

(f)  Comhtháthú scéimeanna deimhniúcháin tríú páirtí

Féadann scéimeanna deimhniúcháin tríú páirtí sainaithint tionscnaimh táirgí, measúnú riosca agus comhpháirteanna maolaithe córais dhíchill chuí a chomhlánú agus a áirithiú, ar choinníoll go bhfuil na scéimeanna sin leordhóthanach maidir le raon agus neart critéar inbhuanaitheachta do chosaint foraoisí nádúrtha agus éiceachóras nádúrtha óna dtiontú agus díghrádú, mar a leagtar amach sa togra agus maidir lena gcumas chun faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair, agus ar choinníoll go gcomhlíonann siad na leibhéil leordhóthanach trédhearcachta, neamhchlaontachta agus iontaofachta. Trí bhíthin gníomh tarmligthe, ba cheart don Choimisiún íoschritéir agus treoir a bhunú d’oibreoirí chun measúnú a dhéanamh ar chreidiúnacht agus daingne scéimeanna deimhniúcháin tríú páirtí. Ba cheart go ndéanfadh na híoschritéir neamhspleáchas a áirithiú, go háirithe, ó thionscal, leasanna sóisialta agus comhshaoil a áireamh nuair a socraítear caighdeáin, iniúchadh tríú páirtí neamhspleách, nochtadh poiblí ar thuarascálacha iniúchóireachta, trédhearcacht ag gach céim, agus oscailteacht. Níor cheart do scéimeanna deimhniúcháin deimhniúchán a bhronnadh ar tháirgí ach amháin má tá a n-inneachar 100% deimhnithe. Níor féidir le hoibreoirí ach scéimeanna deimhniúcháin a chomhlíonann na critéir sin a úsáid le haghaidh a gcóras díchill chuí. Níor cheart go laghdódh deimhniúchán tríú páirtí prionsabal dhliteanas an oibreora.

(g)  Ról na gComhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha

Féadfaidh an tAontas Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha FERC a shocrú trí idirbheartaíocht le tíortha is táirgeoirí FERCanna (tíortha comhpháirtíochta), rud lena gcuirfear oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh an dlí ar na páirtithe scéim ceadúnúcháin a chur chun feidhme agus trádáil in FERCanna a rialú i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre is táirgeoir FERC agus leis na critéir chomhshaoil agus chearta duine a leagtar síos sa togra. Maidir le FERCanna, faoi raon feidhme an togra, de thionscnamh tíortha comhpháirtíochta a bhfuil Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha FERC acu, ba cheart a mheas go bhfuil riosca diomaibhseach ag gabháil leo, fad is go gcuirtear an comhaontú comhpháirtíochta chun feidhme, chun críche an togra seo. Ba cheart comhaontuithe den chineál sin a bheith bunaithe ar idirphlé il-gheallshealbhóirí le rannpháirtíocht éifeachtach fhiúntach na ngeallsealbhóirí ar fad, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla;

4.2.  Dualgas comhairliúcháin

Ba cheart d’oibreoirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  comhairliúchán a dhéanamh ar bhonn leormhaith, tráthúil agus díreach le geallsealbhóirí a ndéanfar difear dóibh agus a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh;

(b)  dearcthaí na ngeallsealbhóirí a chur san áireamh go cuí i sainiú agus cur chun feidhme na mbeart díchill chuí;

(c)  a áirithiú go mbeidh ceardchumainn ionadaíocha agus ionadaithe oibrithe rannpháirteach i sainiú agus cur chun feidhme na mbeart díchill chuí;

(d)  sásra luathrabhaidh a bhunú lena dtabharfar deis d’oibrithe agus do pháirtithe leasmhara a bhfuil cúiseanna imní acu a bhfuil bonn maith leo, chun an t-oibreoir a chur ar an eolas maidir le haon riosca díobhála d’fhoraoisí nádúrtha, éiceachórais nádúrtha agus cearta an duine ar fud an tslabhra luacha iomláin. ba cheart don oibreoir an fhaisnéis sin a chur san áireamh ina phróisis díchill chuí;

(e)  eolas dúchasach agus áitiúil agus rioscaí agus ábhair imní atá curtha in iúl ag pobail áitiúla, pobail dhúchasacha, cosantóirí talún agus comhshaoil a chur san áireamh.

4.3.  Dualgas trédhearcachta agus tuairiscithe

Ba cheart d’oibreoirí tuarascáil a thabhairt don údarás inniúil go bliantúil maidir lena bpróisis díchill chuí agus chomhairliúcháin, na rioscaí arna sainaithint, a nósanna imeachta um anailísiú, maolú agus feabhsú riosca agus a gcur chun feidhme agus a dtorthaí agus é sin a dhéanamh ar bhealach poiblí, inrochtana agus iomchuí, nach gcuirfidh ualach díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe.

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun formáid agus gnéithe na dtuarascálacha a leagan amach. Go háirithe, ba cheart d’oibreoirí, inter alia, tuairisciú ar an gcóras a úsáideann siad agus conas a chuireann siad i bhfeidhm é ar na tráchtearraí i gceist, rioscaí agus tionchair shainaitheanta; na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun mí-úsáidí atá ann cheana a stopadh agus a réiteach agus rioscaí mí-úsáide a chosc agus a mhaolú, mar aon lena dtorthaí; na bearta agus torthaí an fhaireacháin ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin, rabhaidh arna bhfáil tríd an sásra luathrabhaidh agus an chaoi inar chuir an t-oibreoir iad san áireamh ina bpróisis díchill chuí, agus liosta de na fochuideachtaí, fochonraitheoirí agus soláthróirí uile, mar aon le táirgí agus a gcainníocht agus a mbunús. Ba cheart pionós a ghearradh mar thoradh ar mhainneachtain tuarascálacha iomlána agus tráthúla a fhoilsiú agus go ndéanfaí údarú chun tairgí a chur ar mhargadh inmheánach an Aontais a chur ar fionraí mar thoradh air ar deireadh.

4.4.  Dualgas doiciméadachta

Ba cheart d’oibreoirí taifead i scríbhinn a choinneáil de na gníomhaíochtaí díchill chuí uile agus dá dtorthaí, agus é a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

4.5.  Treoirlínte an Choimisiúin

Ba cheart don Choimisiún treoirlínte agus treoir a fhorbairt chun comhlíonadh a éascú leis na hoibleagáidí dlíthiúla atá sa togra, go háirithe chun soiléiriú a dhéanamh ar na hionchais díchill chuí le haghaidh comhthéacsanna agus earnálacha sonracha, nó i ndáil le cineálacha áirithe oibreoirí eacnamaíocha. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún cur le deachleachtais atá sna córais bhainistíochta chomhshaoil reatha agus iad a leathnú.

Chun tacú le hoibreoirí eacnamaíocha i seoladh a n-oibleagáidí díchill chuí, ba cheart don Choimisiún anailísí ar theophointí réigiúnacha a fhoilsiú i ndáil le FERCanna.

5.  Rialú, faireachán, forfheidhmiú, smachtbhannaí agus rochtain ar cheartas

5.1.  Forfheidhmiú poiblí

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus a gcleachtas náisiúnta, go bhforfheidhmeofar na dualgais dá dtagraítear i Roinn 4 trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a)  foráil a dhéanamh maidir le pionóis agus smachtbhannaí a bheidh comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach le haghaidh neamhchomhlíonadh aon oibleagáid a leagtar amach ann nó i gcás ina ndéanfadh aon cheann de na hoibleagáidí sin dochar d’fhoraoisí nádúrtha nó éiceachórais nádúrtha nó mí-úsáid chearta an duine, nó i gcás ina rannchuideoidh aon cheann acu leo sin, ina mbeidh siad nasctha leo, nó ina ndéanfaidh siad níos measa iad; ba cheart don mhéid seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

i.  pionóis chomhréireacha, éifeachtacha agus athchomhairleacha atá comhréireach leis an dochar d’fhoraoisí nádúrtha, éiceachórais nádúrtha nó cearta an duine, mar a leagtar amach sa togra, costas foraoisí nádúrtha agus éiceachórais nádúrtha agus cearta an duine a athbhunú agus an dochar eacnamaíoch mar thoradh ar an sárú ar na pobail atá thíos leis;

ii.  urghabháil bhuan a dhéanamh ar thráchtearraí arna gcumhdach agus táirgí díorthaithe lena mbaineann;

iii.  údarú chun tairgí a chur ar mhargadh inmheánach an Aontais a chur ar fionraí láithreach;

iv.  eisiamh ó phróisis soláthair phoiblí;

v.  pionóis choiriúla a ghearradh ar dhaoine aonair agus, i gcás ina gceadaítear amhlaidh, ar eintitis dhlíthiúla i gcás na sáruithe is tromchúisí;

(b)  údaráis náisiúnta inniúla um imscrúdú agus um fhorfheidhmiú a ainmniú (‘údaráis inniúla’); ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh chun go ndéanfaidh oibreoirí na hoibleagáidí a leagtar síos sa togra a chomhlíonadh go héifeachtach; chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha oifigiúla a dhéanamh, i gcomhréir le plean de réir mar is iomchuí, ina bhféadfaí seiceálacha in áitreabh oibreoirí a áireamh, mar aon le hiniúchtaí allamuigh, agus ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann orduithe sealadacha a ghlacadh agus, sa bhreis agus gan dochar do smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, agus cumhacht chun é a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha gníomhaíochtaí feabhais a dhéanamh i gcás ina bhfuil gá leis; ba cheart go ndéanfadh na húdarás inniúla seiceálacha tráthúla agus críochnaitheacha nuair atá faisnéis ábhartha ina seilbh, lena n-áirítear ábhair imní ó thríú páirtithe, agus ba cheart dóibh deileáil le faisnéis a bhaineann lena ngníomhaíocht i gcomhréir le Treoir 2003/4/AE maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol;

(c)  á áirithiú go bhfuil sé de cheart ag daoine den phobal agóid a dhéanamh os comhair údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin maidir le neamh-chomhlíonadh, ar cheart a bheith san áireamh leis sin daoine aonair nó grúpaí ar bith a ndéantar difear dá gcearta agus dá n-oibleagáidí nó dá leasanna, go díreach nó go hindíreach trí mhainneachtain iomlán nó pháirteach an ghnóthais a dhualgais a fheidhmiú, lena n-áirítear fostaithe, custaiméirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, ceardchumainn, cónaidhmeanna ceardchumannacha trasnáisiúnta, pobail áitiúla, rialtais nó institiúidí náisiúnta nó áitiúla, iriseoirí, ENRanna agus eagraíochtaí áitiúla de chuid na sochaí sibhialta.

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun caighdeáin agus treoirlínte atá ceangailteach ó thaobh an dlí a leagan síos, ar caighdeáin agus treoirlínte iad is infheidhme maidir le húdaráis náisiúnta inniúla chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach agus aonfhoirmeach den togra a áirithiú ar fud an Aontais, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:

—  oibreoirí eacnamaíocha a thagann faoi chúram an togra a liostú agus a chur ar fáil don phobal i gclár poiblí;

—  caighdeáin a shocrú le haghaidh cháilíocht agus chainníocht na seiceálacha comhlíontachta arna seoladh ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

—  treoir bhreise maidir le conas seiceálacha comhlíontachta a sheoladh, amhail treoir le haghaidh údaráis náisiúnta inniúla lena sonraítear critéir chun anailís agus meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar leibhéal riosca táirgí agus doiciméadacht leordhóthanach do na córais díchill chuí atá in úsáid;

—  treoir maidir le hábhair imní tríú páirtí chun critéir uile-Aontais a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil ábhar imní suntasach agus iontaofa go leor le próiseáil, agus caighdeáin nós imeachta shoiléire a fhorbairt le haghaidh freagairtí tráthúla, neamhchlaonta, éifeachtúla agus trédhearcacha ar ábhair imní tríú páirtí ó na húdaráis náisiúnta inniúla;

—  critéir ar leibhéal an Aontais chun cuidiú le sonrú a thabhairt maidir le cathain is ceart fógra a thabhairt d’oibreoir maidir le gníomhaíocht cheartaitheach, pionós nó cathain is ceart go mbeadh feidhm ag pionóis eile; agus

—  oibleagáidí ar údaráis inniúla tuairisciú go poiblí maidir le gníomhaíochtaí rialaithe agus forfheidhmithe, sáruithe arna mbrath agus freagairtí ar ábhair imní shuntasacha.

5.2.  Dliteanas sibhialta agus rochtain ar leigheasanna

(a)  Dliteanas sibhialta

Ba cheart go mbeadh oibreoirí mar a leanas:

(i)  faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i leith díobháil a eascraíonn as mí-úsáidí i dtaca le cearta an duine nó as damáiste d’fhoraoisí nádúrtha agus d’éiceachórais nádúrtha, mar a leagtar amach sa togra, arbh iad eintitis atá rialaithe nó spleách go heacnamaíoch is cúis léi, a dhéanann níos measa í, a rannchuidíonn léi, nó atá nasctha léi;

(ii)  faoi dhliteanas i leith díobháil a eascraíonn as mí-úsáidí i dtaca le cearta an duine nó as damáiste d’fhoraoisí nádúrtha agus d’éiceachórais nádúrtha, mar a leagtar amach sa togra, atá nasctha go díreach lena dtáirgí, lena seirbhísí nó lena n-oibríochtaí trí chaidreamh gnó, murar féidir leo a chruthú gur ghníomhaigh siad le cúram cuí agus go ndearna siad gach beart réasúnta, i bhfianaise na gcúinsí, lena bhféadfaí an díobháil a chosc. Dá bhrí sin, féadfaidh oibreoirí a ndliteanas a ghlanadh más féidir leo a chruthú gur ghníomhaigh siad le cúram cuí chun an damáiste a shainaithint agus a sheachaint.

(b)  Nochtadh faisnéise

I gcás ina mbeidh na fíorais agus an fhianaise go léir atá ar fáil go réasúnta curtha i láthair ag gearánaí chun tacú lena chaingean, ba cheart go mbeadh ualach an chruthúnais ar an gcosantóir maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)  nádúr a chaidreamh leis na heintitis atá rannpháirteach sa díobháil;

(ii)  cibé ar ghníomhaigh nó nár ghníomhaigh sé le cúram cuí agus an ndearna nó nach ndearna sé gach beart réasúnta chun cosc a chur ar an díobháil.

(c)  Rochtain ar leigheasanna

Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag páirtithe dá ndéantar damáiste leigheasanna breithiúnacha inrochtana agus éifeachtacha a fháil chun sásamh a lorg i gcoinne oibreoirí arb iad is cúis le drochthionchar ar chearta na bpáirtithe, a dhéanann níos measa é nó a bhfuil nasc acu leis nó a rannchuidíonn leis an tionchar sin. Ba cheart go ndéanfadh sásraí casaoide neamh-Stáit comhlánú le sásraí leighis bhreithiúnaigh chun feabhas a chur ar chuntasacht agus ar an rochtain ar leigheas.

6.  Forálacha críochnaitheacha

6.1.  Neamh-chúlchéimniú

Níor cheart gurbh ionann ar bhealach ar bith cur chun feidhme an togra agus bonn le húdar cuí a thabhairt do laghdú i leibhéal ginearálta na cosanta do chearta an duine, cearta foirmiúla agus gnáis araon ag pobail dhúchasacha agus áitiúla ar thalamh, críocha agus acmhainní, nó don chomhshaol. Go háirithe, níor cheart go ndéanfadh sé difear do chreataí fochonraitheoireachta eile nó do chreataí eile dliteanais i dtaca leis an slabhra soláthair atá ann cheana.

6.2.  Forálacha níos fabhraí

Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil a théann níos faide ná na forálacha a leagtar amach sa togra a mhéid a bhaineann le cearta an duine agus caighdeáin chomhshaoil a chosaint, feadh shlabhra soláthair FERCanna.

(1) IO L 295, 12.11.2010, lch. 23.
(2) IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.
(3) IO L 378, 27.12.2006, lch. 41.
(4) EPRS, ‘An EU legal framework to halt and reverse EU-driven global deforestation - European added value assessment’, PE 654.174, Meán Fómhair 2020.
(5) IO C 364, 18.12.2000, lch. 1.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P7_TA(2010)0226
(7) Téacsanna arna nglacadh. P8_TA(2016)0405
(8) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0098
(9) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0330
(10) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0279
(11) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0333
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0015
(14) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0212
(15) Tuarascáil ‘Téamh Domhanda 1.5 °C. Tuarascáil Speisialta maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda gaolmhara, i gcomhthéacs an fhreagartha dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú’.
(16) Teachtaireacht maidir le Dlús a chur le Gníomhaíocht AE chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú, an Coimisiún Eorpach, 2019.
(17) ‘Living planet 2016’, WWF, Zoological society of London, Stockholm Resilience Centre.
(18) Teachtaireacht maidir le Dlús a chur le Gníomhaíocht AE chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú, an Coimisiún Eorpach, 2019.
(19) Smith P et al. (2014) Agriculture, Forestry and Other Land Use (AFOLU). In: An tAthrú Aeráide 2014: Athrú Aeráide a Mhaolú Rannchuidiú Mheitheal III leis an gCúigiú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide [Edenhofer, O. et al. (eag.)]. Cambridge University Press, Cambridge, an Ríocht Aontaithe agus Nua Eabhrac, NY, USA.
(20) Cook, NASA Goddard Institute for Space Studies, 2005.
(21) We Lost a Football Pitch of Primary Rainforest Every 6 Seconds in 2019, World Resoruces Institute, online, 2 June 2020.
(22) Rainforest Mafias: How Violence and Impunity Fuel Deforestation in Brazil’s Amazon, Human Rights Watch, ar líne, 17 Meán Fómhair 2019.
(23) Bruce A. Wilcox and Brett Ellis, Center for Infectious Disease Ecology, Asia-Pacific Institute for Tropical Medicine and Infectious Diseases, University of Hawaii, Manoa, USA; 2006.
(24) mar shampla, mar a thuairiscigh Environmental Justice Atlas https://ejatlas.org/conflict/water-grabbing-and-agribusiness-in-the-south-coast-of-guatemala - for the case of Guatemala (sugarcane, palm oil and banana).
(25) An Coimisiún Eorpach, 2013. An tionchar atá ag tomhaltas AE ar an dífhoraoisiú: Anailís chuimsitheach ar an tionchar atá ag tomhaltas AE ar an dífhoraoisiú. Tuarascáil chríochnaitheach. Staidéar arna mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach agus arna dhéanamh ag VITO, an Institiúid Idirnáisiúnta maidir le hAnailís ar Chórais Fheidhmeacha, HIVA - Onderzoeksinstituut voor Arbeid en Samenleving agus an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha NL.
(26) EBT 2016. Staid Fhoraoisí an Domhain 2016. Foraoisí agus an talmhaíocht: dúshláin agus deiseanna maidir le húsáid talún. an Róimh. http://www.fao.org/3/a-i5588e.pdf
(27) Tuarascáil IPBES 2019.
(28) Escobar, N., Tizado, E. J., zu Ermgassen, E. K.,Löfgren, P., Börner, J., & Godar, J. (2020). Spatially-explicit footprints of agricultural commodities: Mapping carbon emissions embodied in Brazil's soy exports. Global Environmental Change, vol. 62, 102067 https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0959378019308623).
(29) Tuarascáil Theicniúil 2013-063 ón gCoimisiún, ‘An tionchar atá ag tomhaltas AE ar an dífhoraoisiú: Anailís chuimsitheach ar an tionchar atá ag tomhaltas AE ar an dífhoraoisiú’, staidéar arna mhaoiniú ag AS ENV sa Choimisiún Eorpach, agus arna dhéanamh ag VITO, IIASA, HIVA agus IUCN NL, http://ec.europa.eu/environment/forests/pdf/1.%20Report%20analysis%20of%20impact.pdf, lgh. 23-24.
(30) Tuarascáil Mheasúnachta cúig bliana maidir le Dearbhú Nua-Eabhrac “Protecting and restoring forests. A Story of Large Commitments yet Limited Progress”, September 2019 https://forestdeclaration.org/images/uploads/resource/2019NYDFReport.pdf
(31) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma’), (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(32) https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0959378014001046
(33) Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1).
(34) Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
(35) Tuarascáil ó oifig Ard-Aighne na Brasaíle: http://www.mpf.mp.br/pgr/noticiaspgr/conflitos-associados-a-terra-saoprincipal-causa-de-violencia-contraindigenas-e-comunidades-tradicionaisno-brasil-segundo-mpf
(36) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(37) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunábhar lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar an talamhúsáid a chinneadh, a bhfuil méadú suntasach ar an limistéar táirgthe ar thalamh a bhfuil stoc ard carbóin aige le feiceáil ina leith, agus bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar an talamhúsáid a dheimhniú (IO L 133, 21.5.2019, lch. 1).
(38) http://www.fao.org/rural-employment/agricultural-sub-sectors/forestry/en
(39) Bunachar sonraí Eurostat maidir le foraoiseacht https://ec.europa.eu/eurostat/web/forestry/data/database
(40) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(41) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(42) Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais