Comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála ***II
115k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2020 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (athmhúnlú) (09889/2/2020 – C9-0357/2020 – 2018/0203(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (09889/2/2020 – C9‑0357/2020),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0378),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0225/2020),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála ***II
115k
43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2020 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (athmhúnlú) (09890/2/2020 – C9-0356/2020 – 2018/0204(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (09890/2/2020 – C9‑0356/2020),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0379),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0222/2020),