Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 24 Samhain 2020 - Brussels
Comhalta a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh
 An Ciste Dlúthpháirtíochta a shlógadh: cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus airleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
 Dul i ngleic le rátaí easpa dídine san Aontas Eorpach
 Córas Schengen agus na bearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19
 Caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ***II

Comhalta a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh
PDF 116kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Comhalta a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. (N9-0055/2020 – C9-0331/2020 – 2020/0805(NLE))
P9_TA(2020)0311A9-0218/2020

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2020 (N9-0055/2020)(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 283(2), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle Eorpach i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0331/2020),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),

–  ag féachaint do chinneadh uaithi an 17 Meán Fómhair 2019 maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le ceapadh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh(3),

–  ag féachaint do chinntí uaithi an 17 Nollaig 2019 maidir leis na moltaí ón gComhairle i ndáil le beirt Chomhaltaí a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh(4),

–  ag féachaint do Riail 130 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0218/2020),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle Eorpach, i litir an 14 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Frank Elderson a cheapadh mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar feadh téarma oifige ocht mbliana, le héifeacht ón 15 Nollaig 2020;

B.  de bhrí go ndearna Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise an ghá le haghaidh neamhspleáchas iomlán an Bhainc Ceannais Eorpaigh de bhun Airteagal 130 den Chonradh sin; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ón iarrthóir chomh maith lena fhreagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an iarrthóir ina dhiaidh sin an 9 Samhain 2020, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

D.  de bhrí go bhfuil Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh comhdhéanta de chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus de na 19 gobharnóir de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu; de bhrí, go dtí seo, gur fir ar fad iad na gobharnóirí sin;

E.  de bhrí go bhfuil a míshástacht curtha in iúl arís agus arís eile ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an nós imeachta ceapacháin do chomhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus gur iarr sí go gcuirfí feabhas ar nósanna imeachta ina leith sin; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa go bhfaigheadh sí, in am trátha, gearrliosta de dhá ainm ar a laghad atá cothrom ó thaobh inscne de;

F.  de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa tuairim fhabhrach uaithi, an 17 Meán Fómhair 2019, maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Christine Lagarde a cheapadh ina céad-Uachtarán mná ar an mBanc Ceannais Eorpach;

G.  de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa tuairimí fabhracha uaithi, an 17 Nollaig 2019, maidir leis na moltaí ón gComhairle i ndáil le Fabio Panetta and Isabel Schnabel a cheapadh mar Chomhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

H.  de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i gComhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh; de bhrí gur mór is saoth le Parlaimint na hEorpa nár thug na Ballstáit aird ar an iarraidh sin agus de bhrí go n-iarrann sí ar na hinstitiúidí náisiúnta agus ar institiúidí AE obair ghníomhach a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sna chéad ainmniúcháin eile;

I.  de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile AE agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar an moladh ón gComhairle i ndáil le Frank Elderson a cheapadh mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

2.  Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO C 338, 12.10.2020, lch. 2.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0008.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0093 agus Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0094.


An Ciste Dlúthpháirtíochta a shlógadh: cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus airleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
PDF 123kWORD 45k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí (COM(2020)0960 – C9-0318/2020 – 2020/0299(BUD))
P9_TA(2020)0312A9-0221/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0960 – C9‑0318/2020),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020(2), agus go háirithe Airteagal 10 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3), agus go háirithe pointe 11 de,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0221/2020),

1.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar chomhartha de dhlúthpháirtíocht an Aontais le saoránaigh agus réigiúin an Aontais a buaileadh le tubaistí nádúrtha agus leis an móréigeandáil sláinte poiblí de bharr phaindéim COVID-19 go luath in 2020;

2.  á chur i bhfáth go bhfuil gá práinneach le cúnamh airgeadais a chur ar fáil trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh do na réigiúin a bhí buailte;

3.  ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;

4.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/75.)

(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(3) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.


Dul i ngleic le rátaí easpa dídine san Aontas Eorpach
PDF 125kWORD 47k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 maidir le dul i ngleic leis na rátaí easpa dídine in AE (2020/2802(RSP))
P9_TA(2020)0314B9-0363/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagail 4, 9 agus 151 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a ghlac ceannairí domhanda i mí Mheán Fómhair 2015 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle, go háirithe SDGanna 1, 3, 8 agus 11,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 21 maidir leis an neamh-idirdhealú, Airteagal 26 maidir le daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú agus Airteagal 34(3) maidir leis an gcaoi a n-aithníonn agus a n-urramaíonn an tAontas an ceart cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil,

–  ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa a síníodh in Torino an 18 Deireadh Fómhair 1961,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe Prionsabal 19 de maidir le tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean,

–  ag féachaint do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe (1989),

–  ag féachaint do na moltaí tírshonracha ó AE an 25 Bealtaine 2018 maidir le tithíocht i ngach ceann de na 28 mBallstát,

–  ag féachaint do Chairt na Ginéive de chuid na Náisiún Aontaithe um Thithíocht Inbhuanaithe agus don aidhm atá léi ‘a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar thithíocht atá cuibhiúil, leormhaith, inacmhainne agus sláintiúil’,

–  ag féachaint do rún reachtach uaithi an 10 Iúil 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro(3),

–  ag féachaint do rún reachtach uaithi an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)(4),

–  ag féachaint do Riail 227(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí go bhfuair an Coiste um Achainíocha achainí Uimh. 0546/2020 agus roinnt achainíocha eile lena léirítear imní iad faoi chás na 4 mhilliún saoránach Eorpach agus lena chois atá gan dídean, agus go bhfuil méadú 70 % tagtha ar líon na ndaoine gan dídean in AE le 10 mbliana anuas;

B.  de bhrí go mbaineann easpa dídine go díreach leis an deacracht atá le cearta bunúsacha eile a fheidhmiú, amhail an rochtain ar chúram sláinte, agus gur minic a bhíonn daoine gan dídean thíos le fuathchoireanna agus foréigean, lena n-áirítear an stiogmatú sóisialta;

C.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis na hachainíocha sin Aontas Eorpach a bheith ann nach bhfágtar aon duine ar gcúl ann agus go nglacann sí gníomhaíocht phráinneach chomhbheartaithe chun bearta coisctheacha a dhéanamh chun an baol a bhaineann leis an easpa dídine agus méid na heaspa dídine a laghdú ar bhealach inbhuanaithe;

D.  de bhrí, in ordlathas riachtanais an duine, go gcuirtear spás ar fáil don saol leis an tithíocht, rud a fhágann gur féidir riachtanais bhunúsacha agus níos airde eile a chomhlíonadh;

E.  de bhrí gur cheart don Aontas Eorpach an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus gur cheart dó an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus cosaint chearta an linbh a chur chun cinn;

F.  de bhrí, agus a chuid beartas agus gníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, nach mór don Aontas aird a thabhairt ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, le beartais tithíochta sóisialta agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine;

G.  de bhrí nach ann d’aon sainmhíniú amháin ar an easpa dídine agus ar an eisiamh tithíochta in AE a nglactar go forleathan leis agus go bhfuil sé deacair dá bhrí sin measúnú a dhéanamh ar mhéid na heaspa dídine ar fud Bhallstáit AE;

H.  de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar na rátaí easpa dídine le deich mbliana anuas i roinnt Ballstát de chuid AE; de bhrí go bhfuil meascán cúiseanna leis an méadú sin, is iad sin ná costais tithíochta a bheith ag ardú, tionchar na géarchéime eacnamaíche, an laghdú ar an gcosaint shóisialta agus easpa beartas chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine i gcuid mhór Ballstát; de bhrí gur tháinig ardú 5 % sa limistéar euro agus ardú 5,2 % in AE27 ar phraghsanna tithe sa dara ráithe de 2020 i gcomparáid leis an ráithe chéanna den bhliain roimhe sin;

I.  de bhrí nach bhfuil aon inniúlacht dhíreach ag AE maidir leis an mbeartas tithíochta, ach gur féidir leis difear a dhéanamh go hindíreach do dhálaí tithíochta sna Ballstáit trí rialacháin, amhail rialacha maidir le státchabhair, an dlí fioscach agus dlí na hiomaíochta, agus bearta amhail moltaí agus treoirlínte;

J.  de bhrí gur bunaíodh Ciste Sóisialta na hEorpa chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta oibrithe sa mhargadh inmheánach agus chun rannchuidiú ar an gcaoi sin leis an gcaighdeán maireachtála a ardú agus cabhrú le daoine gan dídean bogadh go dtí tithíocht shóisialta;

K.  de bhrí gur úsáideadh cistí struchtúracha agus infheistíochta Eorpacha eile amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le haghaidh tionscadail tithíochta agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na bpobal díothach;

L.  de bhrí go dtacaíonn an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí le gníomhaíochtaí na mBallstát chun bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar do na daoine is díothaí;

M.  de bhrí gur mó tagairt a dhéantar do dhaoine gan dídean sna tuarascálacha is déanaí ar an Seimeastar Eorpach;

N.  de bhrí go bhfuil na costais shóisialta a bhaineann le gan dul i ngleic leis an easpa dídine thar a bheith ard i réimsí an cheartais agus na sláinte;

O.  de bhrí go bhfuil ról an-tábhachtach ag beartais leasa shóisialaigh, bunaithe ar fhorálacha leathana uilíocha lena ngabhann bearta atá spriocdhírithe go cuí, ó thaobh an easpa dídine a chosc;

P.  de bhrí go léirítear leis an bhfianaise a bailíodh faoi thionchar ghéarchéim COVID-19 ar an inacmhainneacht tithíochta in AE, go bhféadfadh an cúlú eacnamaíoch agus cailliúint post agus ioncaim, sa mheántéarma, cur le ró-ualach na gcostas tithíochta agus na rátaí easpa dídine san Eoraip;

Q.  de bhrí go bhfuil próifíl na ndaoine gan dídean ag athrú agus go bhfuil níos mó daoine óga agus leanaí, daoine scothaosta, imirceach, Romach agus mionlaigh eile atá faoi mhíbhuntáiste gan dídean anois, agus go bhfuil an baol easpa dídine i measc na mban agus na dteaghlach ag dul i méid go háirithe;

R.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag daoine ar thithíocht chuibhiúil agus gur cuid den tsochaí iad chun gur féidir leo a n-acmhainn iomlán a bhaint amach agus rannchuidiú leis an tsochaí;

S.  de bhrí gur idirghníomhú casta idir tosca struchtúracha, institiúideacha agus pearsanta is cúis leis an easpa dídine;

T.  de bhrí gur fadhb shóisialta í an easpa dídine agus an t-eisiamh tithíochta ar cheart réiteach buan uirthi a aimsiú;

U.  de bhrí gur coir i mBallstáit áirithe í an easpa dídine agus an t-iompar a bhaineann leis an easpa dídine;

V.  de bhrí nach mbíonn rochtain leanúnach ag daoine gan dídean i mBallstáit áirithe ar dhídean ach amháin le linn an gheimhridh agus nach mbíonn rochtain leanúnach acu ar feadh na bliana;

W.  de bhrí nach bhfuil ach ról éighníomhach ag na seirbhísí áitiúla slándála sóisialta i mBallstáit áirithe ó thaobh cúnamh a thabhairt do dhaoine gan dídean athimeascadh sa tsochaí;

1.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di cás na 4 mhilliún saoránach Eorpach agus lena chois atá gan dídean de réir mar a fhágann an ghéarchéim sláinte agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair go bhfuil níos mó daoine as obair agus go bhfuil níos mó daoine ag brath ar chosaint shóisialta;

2.  á mheabhrú gur ceart bunúsach de chuid an duine í an rochtain ar thithíocht do gach duine agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit deireadh a chur leis an easpa dídine san Aontas faoi 2030 agus an sprioc sin a leagan síos ar leibhéal AE; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht níos láidre a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit an easpa dídine a laghdú agus deireadh a chur léi mar thosaíocht i gcomhthéacs an phlean gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

3.  á chur i bhfáth go n-aithnítear go bhfuil an easpa dídine ar cheann de na cineálacha bochtaineachta agus díothachta is déine dá bhfuil ann nach mór deireadh a chur léi trí bheartais spriocdhírithe agus chomhtháite a dhéantar ar bhealach inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar thosca riosca pearsanta (amhail leochaileachtaí aonair) agus ar thosca riosca struchtúracha (amhail tithíocht agus dífhostaíocht);

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit sainmhíniú creata comhroinnte agus táscairí comhleanúnacha a ghlacadh maidir leis an easpa dídine in AE, chun go mbeidh comhthuiscint ann ar an easpa dídine ar fud na mBallstát éagsúil de chuid AE agus chun gur féidir comparáid chórasach a dhéanamh ar mhéid na heaspa dídine idir na Ballstáit agus measúnú a dhéanamh air;

5.  á mheabhrú gur chuir Parlaimint na hEorpa foscadh ar fáil do 100 bean gan dídean ar a háitreabh le linn ghéarchéim COVID-19;

6.  á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé na sásraí bailithe sonraí a neartú, mar go bhféadfaí faireachán córasach a dhéanamh ansin ar na rátaí easpa dídine ar leibhéal AE trí chomhlachtaí amhail Eurostat;

7.  á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag an Ardán Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta chun tacú leis an gcás sin agus aghaidh a thabhairt air mar cheann de thionscnaimh shuaitheanta na straitéise Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún Creat de chuid AE a mholadh le haghaidh Straitéisí Náisiúnta maidir leis an Easpa Dídine agus á iarraidh ar na Ballstáit freisin an prionsabal ‘Tithíocht ar dTús’ a ghlacadh, bunaithe ar dhea-chleachtais de chuid roinnt Ballstát, a chabhraíonn le ráta na heaspa dídine a laghdú go suntasach trí phleananna gníomhaíochta daingne agus cineálacha nuálacha cur chuige a thabhairt isteach; á chur in iúl go bhfuil na cineálacha nuálacha cur chuige sin bunaithe ar choincheap an bhaile mar cheart bunúsach de chuid an duine agus gur féidir bealaí lánpháirtithe sochoibre a fhorbairt leo;

9.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin leanúint de bheith ag díriú ar an easpa dídine a laghdú trína príomhshruthú i mbeartais earnála ábhartha an Aontais, go háirithe i réimsí na forbartha réigiúnaí, na sláinte, chearta an duine, na hóige, na hinscne, na himirce agus na lánpháirtíochta, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin;

10.  á iarraidh ar na Ballstáit a bpríomhfhreagracht a ghlacadh as dul i ngleic leis an easpa dídine, obair a dhéanamh ar an gcosc agus ar an luath-idirghabháil, arb iad, ar go leor bealaí, na beartais is costéifeachtaí agus na beartais íoslaghdaithe díobhála is fearr chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine, agus ról níos réamhghníomhaí a thabhairt do na seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla slándála sóisialta ó thaobh cabhrú le daoine gan dídean athimeascadh sa tsochaí;

11.  ag cur béim ar an ngá atá le comhar idir-aireachta agus idir-rialtasach ó thaobh straitéisí den sórt sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus le rannpháirtíocht na bpríomhgheallsealbhóirí, agus á mholadh go ndéanfaí dea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit;

12.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún feabhas a chur ar bhailiú sonraí ábhartha agus inchomparáide i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha creidiúnaithe agus údaráis áitiúla atá ag obair i réimse na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus ag soláthar seirbhísí do dhaoine atá i mbaol easpa dídine nó atá gan dídean;

13.  ag tacú le cúraimí an Choiste um Chosaint Shóisialta (SPC) ina mbíonn na Ballstáit ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún ar shaincheisteanna a bhaineann leis an easpa dídine tríd an Modh Oscailte Comhordúcháin;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an bhfaireachán agus ar an rialachas agus leanúint de chistiú agus beartais AE maidir leis an easpa dídine a shlógadh; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbainfidh réigiúin agus údaráis áitiúla úsáid as acmhainní CFRE le haghaidh tithíocht shóisialta;

15.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chomhionann a sholáthar ar sheirbhísí poiblí amhail cúram sláinte, oideachas agus seirbhísí sóisialta;

16.  á iarraidh ar na Ballstáit tacú le himeascadh daoine gan dídean i margadh an tsaothair, trí bhearta tacaíochta agus athmhuintearais atá speisialaithe agus saincheaptha agus cláir fostaíochta agus oiliúint atá comhtháite a sholáthar, mar aon le scéimeanna eile atá saincheaptha agus spriocdhírithe chun a n-athimeascadh i margadh an tsaothair a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a áirithiú go rannchuidíonn an Ráthaíocht athbhreithnithe don Aos Óg leis an easpa dídine i measc daoine óga a chomhrac;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go cuí ar bhealach lena léirítear na haighneachtaí a fuarthas i rith na tréimhse comhairliúcháin maidir le Prionsabal 19 trí ‘Tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean’ a áireamh ina Phlean Gníomhaíochta 2021, agus á éileamh go mbainfí úsáid níos fearr as an Seimeastar Eorpach chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn ó thaobh dul i ngleic leis na rátaí easpa dídine agus leis an eisiamh tithíochta;

18.  á thabhairt chun suntais go bhfuil daoine gan dídean agus daoine eile atá i ndálaí forbhásacha tithíochta i mbaol go háirithe de dheasca ghéarchéim COVID-19; ag tathant go láidir ar AE agus a Bhallstáit bearta spriocdhírithe a chur chun feidhme chun daoine gan dídean a chosaint, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha creidiúnaithe agus do chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla ó thaobh spásanna sábháilte a aimsiú agus díshealbhuithe a chosc;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit úsáid a bhaint as na hionstraimí atá ann cheana, mar aon leis na hionstraimí faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta agus an lánpháirtiú sóisialta do theaghlaigh gan duine fostaithe;

20.  á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic go práinneach leis an easpa dídine trí straitéisí náisiúnta maidir leis an easpa dídine a ghlacadh atá fadtéarmach, pobalbhunaithe, bunaithe ar thithíocht agus comhtháite, mar a mholtar i bPacáiste Infheistíochta Sóisialta AE;

21.  á iarraidh ar an gComhairle tuarascáil a chur i dtoll a chéile go tráthrialta ar na torthaí arna mbaint amach sa réimse sin;

22.  á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht shóisialta na ngeallsealbhóirí uile a chothú i straitéisí comhtháite maidir leis an easpa dídine, agus an fhiontraíocht shóisialta agus gníomhaíochtaí féin-nuálaíochta a chur chun cinn chun ionchuimsiú gníomhach daoine gan dídean a fheabhsú;

23.  á iarraidh ar na Ballstáit an easpa dídine a dhíchoiriúlú;

24.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain leanúnach ar dhídean éigeandála a sholáthar ar fud an Aontais; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart an rochtain sin a sholáthar ach ar bhonn sealadach agus nach rogha eile í ar réitigh struchtúracha amhail an cosc agus soláthar tithíochta agus tacaíochta sóisialta leormhaithe mar fhreagairt ar easpa dídine;

25.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0194.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0033.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0350.


Córas Schengen agus na bearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19
PDF 125kWORD 46k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 maidir le córas Schengen agus na bearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19 (2020/2801(RSP))
P9_TA(2020)0315B9-0362/2020

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Achainí Uimh. 0653/2020,

–  ag féachaint d’Airteagail 21(1) agus 67(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Phrótacal Chonradh Amstardam ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh(1),

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)(2),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 dar teideal Treoirlínte i dtaca le saorghluaiseacht oibrithe a fheidhmiú le linn ráig COVID-19 (C(2020)2051),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2020 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le hOibrithe Séasúracha san Aontas Eorpach i gcomhthéacs ráig COVID-19’ (C(2020)4813),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 dar teideal ‘COVID-19: Ionsar chur chuige céimnithe agus comhordaithe i leith saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha’ (C(2020)3250),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(3), agus do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID‑19(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘COVID-19: Comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca, agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair’(6),

–  ag féachaint do Mholadh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith saorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19(7),

–  ag féachaint don phlé ar Achainí Uimh. 0653/2020 ag cruinniú den Choiste um Achainíocha an 2 Iúil 2020,

–  ag féachaint do Riail 227(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí go bhfuair an Coiste um Achainíocha Achainí Uimh. 0653/2020 ó ionadaithe ó réigiúin teorann na Beilge/na Gearmáine/na hÍsiltíre/Lucsamburg, inar cuireadh in iúl gur ábhar imní é dúnadh tobann theorainneacha inmheánacha an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, agus na hiarmhairtí a bhí ag na bearta éagsúla a thug Ballstáit éagsúla isteach ar dhaoine san Aontas, go háirithe orthu siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann;

B.  de bhrí gurb ionann na réigiúin teorann agus 40 % de chríoch an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil 30 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí ann;

C.  de bhrí go bhfuil acquis Schengen bunriachtanach chun go mbeidh réigiúin teorann ina n-áiteanna a mbíonn malartú eacnamaíoch agus sóisialta ann agus go mbeidh siad ina n-eiseamláir de réigiúin don chomhar críochach agus don nuálaíocht institiúideach;

D.  de bhrí gur bagairt thromchúiseach í paindéim COVID-19 don tsláinte phoiblí, ar bagairt í a bhfuil tionchar aici ar shláinte agus saol na ndaoine go léir atá ina gcónaí san Aontas agus ar chórais sláinte agus cúraim na mBallstát;

E.  de bhrí, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, go bhfuil rialuithe teorann inmheánacha tugtha isteach athuair ag formhór na mBallstát; de bhrí gur tugadh isteach srianta sealadacha maidir le taisteal ó thríú tíortha, ach freisin ó Bhallstáit AE i limistéar Schengen, agus go bhfuil siad fós i bhfeidhm; de bhrí nár comhordaíodh na bearta sin idir na Ballstáit ná i gcomhar le hinstitiúidí AE;

F.  de bhrí go bhfuil os cionn 17 milliún saoránach AE a chónaíonn agus a oibríonn i dtír AE nach í tír a saoránachta í (3,9 % den lucht saothair iomlán in 2018);

G.  de bhrí de réir Chód Teorainneacha Schengen, go bhféadfaidh na Ballstáit rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach ar bhonn eisceachtúil agus mar rogha dheiridh i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, agus nach mór dóibh prionsabal na comhréireachta a urramú; de bhrí, i gcás den sórt sin, nach mór fógra a sheoladh chuig na Ballstáit eile agus chuig an gCoimisiún;

1.  á chur i bhfios go láidir gur gné thábhachtach den mhargadh aonair Eorpach é limistéar gan teorainneacha inmheánacha; á athdhearbhú gur géarchéim í paindéim COVID-19 nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo san Eoraip ó bunaíodh limistéar Schengen;

2.  á chur i bhfáth go bhfuil saorghluaiseacht daoine ar cheann de na dúshraitheanna d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil sí ar cheann de na héachtaí is mó dá bhfuil bainte amach aige; á mheabhrú go bhfuil ag méadú ar an tsoghluaisteacht ar fud an Aontais chun críocha maireachtála, oibre, staidéir nó gnó a reáchtáil;

3.  ag cur béim ar an bhfíoras gur buille mór don tsaorghluaiseacht dúnadh iomlán nó páirteach na dteorainneacha ag na Ballstáit le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gurb oth léi gur dúnadh teorainneacha go tobann, ar bhealach neamhchomhordaithe, faoi dheifir, agus gur tugadh isteach bearta tionlacain, a d’fhág go raibh daoine faoi bhealach sáinnithe, rud a chur isteach go mór ar na daoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann trí theorainn a chur lena gcumas teorainn a thrasnú agus iad ag dul chun na hoibre, seirbhísí a sholáthar agus tairbhe a bhaint astu, nó cuairt a thabhairt ar chairde nó ar bhaill teaghlaigh; á chur i bhfáth gur díobhálach an tionchar a bhí ag dúnadh na dteorainneacha inmheánacha agus seachtracha ar na hearnálacha gnó, eolaíochta agus turasóireachta idirnáisiúnta; á chur i bhfios in ionad rialuithe teorann a thabhairt isteach, gur cheart do na Ballstáit féachaint leis na bearta is gá a dhéanamh chun cur ar chumas daoine teorainneacha a thrasnú agus an tsábháilteacht agus cosaint sláinte is fearr a áirithiú san am céanna;

4.  á chur i bhfáth gur gá rialacha acquis Schengen a urramú trí bhearta a chomhordú níos fearr i limistéar Schengen agus i réigiúin trasteorann go háirithe, agus trí chur chuige ilroinnte idir na Ballstáit a sheachaint; á chur chun suntais gur cheart gur rud eisceachtúil iad bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht; á chur i bhfios gur cheart bearta spriocdhírithe a chur in ionad srianta ar shaorghluaiseacht i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe; á mholadh do na Ballstáit a srianta a mhaolú; á mheabhrú a thabhachtaí atá sé go bhfillfear ar limistéar Schengen lánfheidhmiúil gan rialú ar theorainneacha inmheánacha;

5.  ag tabhairt dá haire nach iad na limistéir is mó atá thíos leis an bpaindéim i gcónaí na limistéir ar theorainn le teorainneacha náisiúnta, agus gurb é sin an fáth gur cheart srianta ar an tsaorghluaiseacht a bheith bunaithe ar staid na sláinte poiblí i réigiúin éagsúla agus a bheith solúbtha agus áitiúil;

6.  is díol sásaimh di iarrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát tacú le gníomhaíocht leanúnach chomhordaithe AE chun cosaint na sláinte poiblí a áirithiú agus saoirse gluaiseachta á hurramú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit na bearta maidir le comhordú foriomlán a fheabhsú a thuilleadh agus iad a chur chun feidhme ina n-iomláine, bunaithe ar an eolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe maidir le rialacháin choraintín, rianú teagmhála trasteorann, straitéisí tástála, measúnú comhpháirteach ar mhodhanna tástála, aitheantas frithpháirteach ar thástálacha, agus srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas. á chreidiúint gur cheart bearta cuimsitheacha, leordhóthanacha agus soiléire a úsáid chun an tsláinte phoiblí a chosaint i gcás daoine a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha chun nach dtabharfar isteach rialuithe ag teorainneacha inmheánacha athuair;

7.  á chur in iúl gur geal léi an treoir leanúnach ón gCoimisiún mar chuid den chomhordú leanúnach ar fhreagairt choiteann AE ar ráig COVID-19, go háirithe maidir le prionsabal na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun feidhme agus maidir le saorghluaiseacht chóir oibrithe agus seirbhísí a fheidhmiú;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá iarrachtaí tacú leis an gcomhar agus an comhordú uile-Eorpach i measc na mBallstát agus i gcomhar leis na Ballstáit le linn na paindéime, agus an comhar agus an comhordú sin a fheabhsú;

9.  á mheas gur cheart go mbeadh uirlisí amhail aipeanna rianaithe COVID-19 comhoiriúnach thar theorainneacha chun a áirithiú gur éifeachtach iad agus chun gur féidir ionfhabhtuithe a rianú le linn taistil; á chur chun suntais gur cheart gurbh éasca do chónaitheoirí AE rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa, chuimsitheach agus fhíor-ama faoi shrianta taistil agus faoi bhearta sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis an bpaindéim ar fud an Aontais; á áthdhearbhú a thábhachtaí atá cumarsáid ilteangach maidir leis an bpaindéim, agus aird ar leith á tabhairt ar na teangacha a úsáidtear i réigiúin trasteorann; á iarraidh ar an gCoimisiún suíomh gréasáin ‘Re-open EU’ a nuashonrú dá réir chun fíor-ionad ilfhreastail a chruthú lena n-éascaítear saorghluaiseacht le linn na paindéime agus lena gcuidítear go mór le cónaitheoirí gnáthshaol a bheith acu athuair;

10.  á chur in iúl gur díol imní é an iliomad bacainní a bhíonn ar go leor oibrithe trasteorann, mic léinn agus lánúineacha dénáisiúnta atá i gcaidrimh chobhsaí mar gheall ar dhúnadh teorainneacha nó srianta taistil; á iarraidh ar na an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún trasteorann, áit a bhfuil comaitéireacht trasteorann coitianta; á mholadh i ndáil leis sin gur cheart daoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann agus oibrithe trasteorann a dhíolmhú ó bhearta agus srianta a bhaineann le paindéim, agus é de cheangal orthu, ag an am céanna, an chomhairle agus na bearta a rinne údaráis sláinte na mBallstát ábhartha chun leathadh an víris a chosc a urramú;

11.  á mheas gur den ríthábhacht é limistéar Schengen lánfheidhmiúil a bheith ann go pras an athuair, agus go mbraitheann sé sin ar thoil pholaitiúil na mBallstát agus ar a dtiomantas bearta faoi acquis Schengen a chomhordú; á mheabhrú gur cheart aon ghníomhaíocht neamhchomhordaithe dhéthaobhach a bhféadfadh srianta neamhriachtanacha ar an tsoghluaisteacht agus ar an tsaorghluaiseacht a bheith mar thoradh uirthi a sheachaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis maidir le todhchaí Schengen ar cheann de phríomhthionscnaimh an Choimisiúin do 2021; á mheabhrú gur maith an rud bailchríoch a chur ar limistéir Schengen a áiritheoidh go mbeidh gach saoránach AE in ann an tairbhe chéanna a bhaint as acquis AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athuair pleananna teagmhais a ullmhú, a luaithe is féidir, i gcás ina bhféadfadh gurb ann do bhuaiceanna leathadh COVID-19 athuair, agus ionas nach mbeidh rialuithe sealadacha teorann leathbhuan sa mheántéarma;

12.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO C 340, 10.11.1997, lch. 93.
(2) IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0175.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0176.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0240.
(7) IO L 337, 14.10.2020, lch. 3.


Caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ***II
PDF 114kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (09573/1/2020 – C9-0355/2020 – 2018/0089(COD))
P9_TA(2020)0316A9-0224/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (09573/1/2020 – C9‑0355/2020),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0184),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0224/2020),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.
(2) IO C 461, 21.12.2018, lch. 232.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0222.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais