Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2020(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0250/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0250/2020

Díospóireachtaí :

PV 18/01/2021 - 19
CRE 18/01/2021 - 19

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0007

Téacsanna atá glactha
PDF 176kWORD 60k
Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2021 - Brussels
An margadh aonair a neartú: todhchaí na saorghluaiseachta seirbhísí
P9_TA(2021)0007A9-0250/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2021 maidir leis an margadh aonair a neartú: todhchaí na saorghluaiseachta seirbhísí (2020/2020(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Chinneadh 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach(1) (‘an Treoir um Sheirbhísí’),

–  ag féachaint do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le haitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla(2) (‘an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla’),

–   ag féachaint do Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh(3),

–   ag féachaint do Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar(4),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil comhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha(5) (‘an Treoir maidir le Tástáil Comhréireachta’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1724 an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena ndéantar tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012(6) (‘an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach’),

–   ag féachaint do Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm(7) (‘an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann’),

–  ag féachaint dá rún an 12 Nollaig 2018 i ndáil leis an bPacáiste maidir leis an Margadh Aonair Digiteach(8),

–  ag féachaint don tuarascáil a choimisiúnaigh an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ó Feabhra 2019 dar teideal ‘Rannchuidiú leis an bhFás: An Margadh Aonair do Sheirbhísí – Tairbhí eacnamaíocha a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí’,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 dar teideal A European retail sector fit for the 21st century [Earnáil mhiondíola Eorpach atá oiriúnach don 21ú haois] (COM(2018)0219),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 maidir le bacainní ar an Margadh Aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu (COM(2020)0093),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 maidir le plean gníomhaíochta fadtéarmach chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr (COM(2020)0094),

–   ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 dar teideal ‘COVID-19: Towards a phased and coordinated approach for restoring freedom of movement and lifting internal border controls [COVID-19: Ionsar chur chuige céimnithe agus comhordaithe i leith saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha] (C(2020)3250),

–   ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí oideachais agus oiliúna ó institiúid ardoideachais nó meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí thréimhsí foghlama thar lear(9),

–   ag féachaint don litir ó Phríomh-Airí na mBallstát chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí an 26 Feabhra 2019 ina dtugtar aghaidh ar fhorbairt an mhargaidh aonair amach anseo,

–   ag féachaint don Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 14 Márta 2016 dar teideal Has the Commission ensured effective implementation of the Services Directive? [Ar áirithigh an Coimisiún go bhfuil an Treoir um Sheirbhísí á cur chur chun feidhme go héifeachtach?],

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–   ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–   ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0250/2020),

A.  de bhrí gur príomhionstraimí iad an Treoir um Sheirbhísí agus an Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla chun saorghluaiseacht seirbhísí laistigh den Aontas Eorpach a áirithiú, ach go bhfuil cuid d’acmhainneacht an mhargaidh aonair le haghaidh seirbhísí neamhshaothraithe fós;

B.  de bhrí gurb ionann seirbhísí agus 73 % de OTI an Aontais agus go rannchuidíonn siad le 74 %(10) den fhostaíocht, rud a léiríonn go bhfuil suas le naoi as gach deich bpost nua san Aontas Eorpach á gcruthú san earnáil sin, agus nach bhfuil i sciar na seirbhísí i dtrádáil laistigh de AE ach timpeall 20 %, arb ionann é sin agus 6,5 % de OTI an Aontais; de bhrí go léiríonn staidéir go bhféadfadh a bheith sna gnóthachain ionchasacha a bhaineann leis an margadh aonair do sheirbhísí a dhoimhniú trí chur chun feidhme éifeachtach agus comhchuibhiú níos fearr reachtaíocht ná suas le EUR 297 billiún, arb ionann é agus 2 % de OTI an Aontais; de bhrí gur ó sheirbhísí a thagann 27 %(11) de bhreisluach na n-earraí monaraithe san Aontas agus gur ann do 14 mhilliún post a thacaíonn le monaraíocht in earnáil na seirbhísí; de bhrí gur ann do roinnt seirbhísí a bhfuil slabhraí soláthair casta acu agus nach bhfuil chomh neamhchosanta céanna ar thrádáil dá bhrí sin;

C.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach do chreat an mhargaidh aonair cothromaíocht a bhaint amach idir saoirsí eacnamaíocha, cearta sóisialta, leasanna tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí, agus an leas ginearálta; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach fás eacnamaíoch a ailíniú le gnéithe forbartha cáilíochtúla, amhail feabhas a chur ar cháilíocht agus ar shábháilteacht na beatha agus ar sheirbhísí ardcháilíochta, chun meastóireacht a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh aonair agus gur cheart go gcuirfeadh sé sin feabhas breise ar chearta tomhaltóirí agus oibrithe;

D.  de bhrí gur chun leas na dtomhaltóirí iad seirbhísí ardcháilíochta agus nach amháin go ndéanann ilroinnt an mhargaidh aonair trí rialáil náisiúnta gan údar agus cleachtais ghnó áirithe, a mbíonn laghdú ar an iomaíocht, inter alia, mar thoradh orthu, bac a chur ar ghnólachtaí, ach go ndéanann sé dochar do thomhaltóirí freisin, a bhfuil níos lú roghanna acu agus a íocann praghsanna níos airde;

E.  de bhrí go n-eisiatar leis an Treoir um Sheirbhísí, lena gcumhdaítear thart ar dhá thrian de ghníomhaíochtaí seirbhíse – i gcomhréir leis na creataí rialála speisialta atá chun leasa ghinearálta, Airteagal 2 de Phrótacal 26 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 14 CFAE – go hiomlán nó go páirteach, seirbhísí sóisialta, seirbhísí cúraim sláinte, agus seirbhísí poiblí eile óna raon feidhme; de bhrí go bhféadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit seirbhísí leasa ghinearálta a sholáthar, a choimisiúnú agus a eagrú i gcomhréir le ceanglais agus imthosca áitiúla chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí ar an leibhéal is áitiúla agus is féidir;

F.  de bhrí go bhfuil an tAontas ag tabhairt aghaidh faoi láthair ar chúlú eacnamaíochta agus dífhostaíocht atá ag méadú de dheasca phaindéim COVID-19, agus gur príomhmhodh é doimhniú an mhargaidh aonair do sheirbhísí chun sreafaí trádála AE a mhéadú agus slabhraí luacha a fheabhsú, rud a rannchuidíonn ar an mbealach sin leis an bhfás eacnamaíoch;

G.  de bhrí go bhfuil dochar á dhéanamh d’fhostaithe san earnáil seirbhísí a d’oibrigh gan staonadh le linn phaindéim COVID-19 san Aontas, mar gheall ar éiginnteacht eacnamaíoch dhian nó neamhchosanta ar an túslíne; de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ar leibhéal AE;

H.  de bhrí gur cheart do na Ballstáit an Treoir athbhreithnithe maidir le hOibrithe a Phostú(12) a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh uirthi ar bhealach ceart agus tráthúil chun oibrithe ar postú a chosaint le linn a bpostaithe agus aon srianta míchuí ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a sheachaint, trí fhorálacha éigeantacha a leagan síos maidir le dálaí oibre agus cosaint sláinte agus sábháilteacht oibrithe;

I.  de bhrí go bhfuil gá le margadh seirbhísí níos comhtháite agus níos idirnasctha chun beart a dhéanamh maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, dul i ngleic leis an athrú aeráide, geilleagar inbhuanaithe a chruthú lena n-áirítear tráchtáil dhigiteach, agus leas iomlán a bhaint as an gComhaontú Glas don Eoraip;

J.  de bhrí go gcruthaítear bearna forfheidhmiúcháin le roghanna éagsúla rialála ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta agus le trasuí agus cur chun feidhme na reachtaíochta reatha atá neamhfhoirfe agus neamhleor, ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh sé dodhéanta forálacha nach gcuirtear chun feidhme go cuí a fhorfheidhmiú go héifeachtach; de bhrí gur réamhriachtanas í reachtaíocht atá soiléir agus comhleanúnach chun dul i ngleic le bacainní ar shaorghluaiseacht seirbhísí; de bhrí go bhféadfadh sé a bheith deacair sáruithe ar an reachtaíocht seirbhísí a shainaithint agus dul i ngleic leo le sásraí forfheidhmiúcháin atá ann cheana, go háirithe ar an leibhéal áitiúil;

K.  de bhrí go raibh sé casta, mar gheall ar nósanna imeachta riaracháin, rialacháin náisiúnta éagsúla agus go háirithe bacainní ar rochtain ar fhaisnéis riachtanach, dul i mbun trádála trasteorann, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); de bhrí gur cheart na huirlisí atá ann cheana chun tacú leis na riachtanais atá ag cuideachtaí beaga amhail tairseach An Eoraip Agatsa - Gnólachtaí, ionaid láimhseála do chásanna SOLVIT, tairseacha ríomhrialtais na bpointí teagmhála aonair, an tairseach aonair dhigiteach agus ionstraimí eile a chur chun cinn ar bhealach níos fearr chun feabhas a chur ar thrádáil seirbhísí trasteorann;

L.  de bhrí nach ann d’aon bheart córasach maidir le bailiú sonraí ar fud an Aontais arb é is aidhm dó sonraí leormhaithe a chur ar fáil faoi oibrithe taistil nó cur ar a gcumas a stádas cumhdaigh slándála sóisialta a bhunú agus teidlíochtaí fabhraithe éagsúla a éileamh; de bhrí gur réamhchoinníollacha riachtanacha iad rochtain ar fhaisnéis faoi na rialacha is infheidhme chomh maith le comhlíonadh, faireachán agus forfheidhmiú éifeachtach do shoghluaisteacht chóir agus chun mí-úsáid an chórais a chomhrac; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, maidir le teicneolaíocht dhigiteach ar féidir léi maoirseacht agus forfheidhmiú reachtaíochta lena gcosnaítear cearta oibrithe taistil a éascú, go ndéanfaí í a chur chun cinn agus úsáid a bhaint aisti, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí;

M.  de bhrí go bhfuil an easpa ionstraimí aitheantais uathoibríocha do dhioplómaí, do cháilíochtaí, do scileanna agus d’inniúlachtaí idir na Ballstáit ina mbac ar shoghluaisteacht foghlaimeoirí, printíseach, céimithe agus oibrithe oilte agus dá bhrí sin go gcuirtear bac ar shreabhadh smaointe laistigh den Aontas, ar acmhainneacht nuálaíochta gheilleagar AE agus ar fhorbairt margaidh aonair Eorpaigh atá fíor-chomhtháite;

Aghaidh a thabhairt ar bhacainní laistigh den mhargadh aonair

1.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach an margadh aonair a chur chun cinn, lena n-áirítear saorghluaiseacht seirbhísí agus daoine atá cothrom agus sábháilte, cosaint tomhaltóirí agus forfheidhmiú docht dhlí an Aontais, chun dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíoch de dheasca COVID-19; ag tathant ar gach Ballstát bacainní díréireacha nach bhfuil údar leo a chuireann cosc ar shaorghluaiseacht seirbhísí laistigh den mhargadh aonair a mhaolú a luaithe is féidir; á chur in iúl gurb oth léi nach ndéantar foráil sa phlean téarnaimh atá beartaithe ag an gCoimisiún d’aon mhaoiniú sonrach a bhaineann le gluaiseacht seirbhísí trína aithint a thábhachtaí atá sí mar ionstraim do théarnamh eacnamaíoch;

2.  á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh gnólachtaí agus oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh in ann gluaiseacht gan bhac chun a gcuid seirbhísí a thairiscint, ach go bhfuil cur chun feidhme agus forfheidhmiú neamhleor rialacha an mhargaidh aonair, nósanna imeachta leictreonacha neamhleora, srianta rialála gan údar ar sholáthraithe seirbhíse agus bacainní ar rochtain ar ghairmeacha rialáilte fós ag cruthú bacainní a cheileann poist ar dhaoine, roghanna ar thomhaltóirí, agus deiseanna ar fhiontraithe, go háirithe FBManna, micrifhiontar agus daoine féinfhostaithe; á iarraidh ar na Ballstáit ceanglais nach bhfuil gá leo a laghdú agus an próiseas doiciméadachta do sholáthair seirbhísí trasteorann a dhigitiú; á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht mhéadaitheach ag seirbhísíocht – i.e. ról méadaitheach na seirbhísí in earnáil na monaraíochta – agus á chur i bhfáth go bhfuil bacainní ar thrádáil seirbhísí ag iompú ina mbacainní ar mhonarú ar bhonn méadaitheach; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh cur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán na Treorach um Sheirbhísí bacainní trádála a laghdú agus trádáil laistigh den Aontas a mhéadú in earnáil na seirbhísí; á iarraidh ar an gCoimisiún sceideal gníomhaíochtaí sonracha a shainiú maidir leis na conclúidí ó na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 maidir le bacainní ar an Margadh Aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu (COM(2020)0093) agus maidir le plean gníomhaíochta fadtéarmach chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr (COM(2020)0094);

3.  á chur in iúl gur geal léi gur éirigh go maith le comhchuibhiú cáilíochtaí trí aitheantas frithpháirteach arna spreagadh ag an Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla i ndáil le roinnt gairmeacha agus ag spreagadh na Ballstát chun athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar rialacha lena rialaítear ceanglais iontrála agus feidhmithe maidir le gníomhaíochtaí sonracha nó gairmeacha sonracha; á chur i bhfáth gur gá inchomparáideacht leibhéal na gcáilíochtaí gairmiúla a fheabhsú chun aistriú níos éasca a áirithiú i dtreo aitheantas frithpháirteach ar cháilíochtaí oideachais agus oiliúna maidir le hearnáil na seirbhísí ar fud an Aontais;

4.  á thabhairt chun suntais gur le haghaidh cúig ghairm rialáilte amháin a úsáidtear an cárta Eorpach gairmiúil agus, dá bhrí sin, nach bhfuil lán na húsáide á bhaint as; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, líon na ngairmeacha a bhfuil feidhm ag an gcárta Eorpach gairmiúil maidir leo a mhéadú, lena n-áirítear innealtóireacht go háirithe;

5.  á mheabhrú go bhfuil stádas sonrach ag gairmeacha rialáilte laistigh den mhargadh aonair agus go bhfuil ról acu maidir le leas an phobail a chosaint; á thabhairt chun suntais nár cheart an stádas sonrach sin a úsáid chun monaplachtaí náisiúnta gan údar maidir le soláthar seirbhíse a choimeád, a bhfuil ilroinnt sa mhargadh aonair mar thoradh orthu;

6.  á chur i bhfios go mbeadh tionchar dearfach freisin ag aitheantas frithpháirteach uathoibríoch idir na Ballstáit maidir le dioplómaí, cáilíochtaí, scileanna agus inniúlachtaí ar an margadh inmheánach agus ar shaorghluaiseacht oibrithe agus seirbhísí; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na Ballstáit toilteanach aitheantas frithpháirteach uathoibríoch na gcáilíochtaí a baineadh amach thar lear agus torthaí na dtréimhsí foghlama a caitheadh thar lear a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit, áfach, aitheantas frithpháirteach a leathnú go gach leibhéal oideachais agus na nósanna imeachta is gá a fheabhsú nó a thabhairt isteach a luaithe is féidir;

7.  á iarraidh go ndéanfaí an Creat Eorpach um Cháilíochtaí a chur chun cinn agus go n-éascófaí a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais, lena áirithiú go mbeidh sé ina ionstraim aitheantais a mbeidh glacadh forleathan léi; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin chun deireadh a chur le srianta míchuí ar cháilíochtaí gairmiúla agus á mheas gur cheart dó leanúint de bheith gníomhach agus airdeallach agus a bheartas maidir le sárú á shaothrú nuair nach gcomhlíonann Ballstáit reachtaíocht AE maidir le cáilíochtaí a aithint;

8.  á chur in iúl gurb oth léi gur ann do chastachtaí dlíthiúla agus bacainní riaracháin gan údar fós maidir le soláthar poiblí i réimse na seirbhísí laistigh den Aontas mar gheall ar chur chun feidhme náisiúnta éagsúil Threoir 2014/24/AE(13); á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhchuibhiú breise earnáilsonrach ar nósanna imeachta soláthair phoiblí agus ar threoir maidir leo, agus spreagadh a thabhairt dó, agus é mar aidhm dheiridh aige sin na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaint amach agus na costais a bhaineann le soláthar trasteorann a laghdú do FBManna, do mhicrifhiontair agus do dhaoine féinfhostaithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá seirbhísí lena n-éascaítear laghdú intomhaiste ar lorg comhshaoil an Aontais (‘seirbhísí glasa’) agus ag tathant ar na Ballstáit feasacht a mhéadú agus leas níos fearr a bhaint as scéimeanna atá ann cheana chun seirbhísí inbhuanaithe a chur chun cinn sa soláthar poiblí chun geilleagar ciorclach inbhuanaithe a bhaint amach;

9.  á mheabhrú gurb é is aidhm don Treoir um Sheirbhísí seirbhísí ardcháilíochta a áirithiú, ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a laghdú, comhtháthú agus neartú an mhargaidh aonair a dhoimhniú bunaithe ar thrédhearcacht agus iomaíocht chóir, agus an bealach a réiteach do ghnólachtaí chun a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach agus chun dul chun tairbhe tomhaltóirí, chomh maith le rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le fás iomaíochas gheilleagar an Aontais;

10.  á mheas, chun seirbhísí a bhaineann le teicneolaíochtaí suaiteacha nó teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, go bhfuil gá le scála iomchuí margaidh chun údar cuí a thabhairt le hinfheistíochtaí agus chun tacú le fás na gcuideachtaí lena mbaineann; ag tabhairt dá haire gur minic a dhéantar infheistíochtaí den sórt sin a dhíspreagadh le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh;

11.  á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil go leor cuideachtaí nuálacha nó cuideachtaí atá ag fás ag iarraidh iad féin a bhunú lasmuigh den Aontas a luaithe a bheidh siad ar mhéid áirithe agus leanúint de bheith ag feidhmiú sa mhargadh aonair ag an am céanna; á chreidiúint gur féidir, tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a bhaint amach, rannchuidiú leis an táirgeadh a chur ar bun san Aontas an athuair agus le hiomaíochas ghnólachtaí AE i margaí domhanda;

12.  ag tabhairt dá haire go bhfuil dhá thrian de ghníomhaíochtaí seirbhíse san áireamh i raon feidhme na Treorach um Sheirbhísí agus ag spreagadh an Choimisiúin chun a cur chun feidhme a mheas agus a fheabhsú chun creat dlíthiúil an mhargaidh aonair a neartú;

13.  á mheabhrú go bhfuil seirbhísí cúraim sláinte trasteorann faoi réim na saoirse chun seirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla, an Treoir maidir le Tástáil Chomhréireachta agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais, a fhad agus a aithnítear nádúr speisialta na seirbhísí sláinte agus a chosnaítear an sláinte phoiblí; ag tabhairt dá haire gur glacadh an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann freisin ar bhonn Airteagal 114 CFAE; á chur i bhfáth nach ceadmhach go gcruthódh rialacháin náisiúnta bacainní breise maidir le soláthar seirbhísí cúraim sláinte trasteorann i gcomparáid leis an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais lena gcuirtear i bhfeidhm forálacha an Chonartha maidir le saorghluaiseacht seirbhísí; á chur i bhfios go láidir gur gá bacainní díréireacha ar an leibhéal náisiúnta nach bhfuil údar leo a bhaint freisin, agus ardleibhéal cúraim sláinte á áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais ag an am céanna;

14.  á mheabhrú go n-éascaítear saorghluaiseacht seirbhísí le prionsabail na Treorach um Sheirbhísí agus na Treorach um Cháilíochtaí Gairmiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte nuashonraithe maidir leis an Treoir um Sheirbhísí a eisiúint agus é mar chuspóir leo forfheidhmiú, comhchuibhiú agus comhlíonadh a neartú ar fud na mBallstát agus i measc soláthraithe seirbhíse;

15.  á aithint go bhfuil stádas speisialta ag seirbhísí leasa ghinearálta agus gur gá iad a ráthú ar mhaithe le leas an phobail, arna rialú ag an gCúirt Bhreithiúnais, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á gcur san áireamh mar a leagtar síos i bPrótacal Uimh. 26 CFAE maidir le seirbhísí leasa ghinearálta; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, go mbaineann roinnt Ballstát úsáid fós as cúiseanna leasa an phobail nach bhfuil údar maith leo chun a margadh baile a chosaint do sheirbhísí nach bhféadfaí a mheas gur seirbhísí leasa ghinearálta nó seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne iad;

16.  á thabhairt chun suntais gur féidir le ceanglais amhail srianta críochacha gan bhunús, ceanglais teanga agus tástálacha ar riachtanais eacnamaíocha gan údar, má chuirtear i bhfeidhm go hiomarcach, bacainní díréireacha gan údar ar mhalartuithe trasteorann a chruthú;

17.  á mholadh nár cheart COVID-19 a lua mar údar le saorghluaiseacht seirbhísí laistigh den mhargadh aonair a theorannú mura bhfuil údar cuí leis sin agus á threorú don Choimisiún fanacht airdeallach maidir le haon mhí-úsáid a bhainfí as an údar sin;

18.  á chur in iúl gurb oth léi, agus stádas speisialta seirbhísí poiblí á aithint chomh maith leis an gá atá ann chun iad a ráthú ar mhaithe le leas an phobail, go mbaineann na Ballstáit úsáid uaireanta as coincheap na seirbhísí leasa ghinearálta neamheacnamaíocha chun earnálacha áirithe a eisiamh ó raon feidhme rialacha an mhargaidh inmheánaigh, cé nach bhfuil údar leis sin ar bhonn an leasa ghinearálta; á chur i bhfios go láidir gur gá an téarma a shainiú tuilleadh chun ilroinnt náisiúnta agus léirmhínithe éagsúla a sheachaint;

19.  á chur in iúl gur geal léi éisiúint an Choimisiúin dá threoirlínte maidir le hoibrithe séasúracha an 16 Iúil 2020 i dtaca le saorghluaiseacht oibrithe teorann, oibrithe postaithe agus oibrithe séasúracha a fheidhmiú i gcomhthéacs phaindéim an choróinvíris in AE agus á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh oibrithe trasteorann agus oibrithe séasúracha in ann teorainneacha a thrasnú, agus dálaí oibre sábháilte á n-áirithiú ag an am céanna;

20.  ag tabhairt dá haire gur chinn an Coimisiún a thogra le haghaidh nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le seirbhísí a tharraingt siar; á chur in iúl gurb oth léi nárbh fhéidir aon toradh reachtach a bhaint amach bunaithe ar sheasamh na Parlaiminte, arb é is aidhm dó cosc a chur ar bhacainní rialála nach bhfuil gá leo a thabhairt isteach in earnáil na seirbhísí trí chur chuige comhpháirtíochta idir na Ballstáit agus an Coimisiún;

21.  ag tabhairt dá haire gur chinn an Coimisiún le déanaí a thograí maidir le ríomhchárta seirbhísí a tharraingt siar; á mheabhrú gur dhiúltaigh an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra do na tograí sin a bhí ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar chastachtaí riaracháin atá fós ann do sholáthraithe seirbhíse trasteorann; á iarraidh go ndéanfaí measúnú nua ar an gcás chun na fadhbanna riaracháin atá ann cheana a réiteach agus an Treoir um Sheirbhísí, chomh maith le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, á n-urramú ag an am céanna;

22.  ag tathant ar na Ballstáit cur chun feidhme agus forfheidhmiú cuí na reachtaíochta reatha a áirithiú, fógra a thabhairt don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 15(7) den Treoir um Sheirbhísí, faoi aon dréachtfhorálacha reachtacha, rialúcháin nó riaracháin nua lena leagtar síos ceanglais amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(6) den Treoir um Sheirbhísí, mar aon leis na cúiseanna atá leis na ceanglais sin, chun ceanglais nach bhfuil údar leo a sheachaint agus nósanna imeachta leictreonacha simplí a thabhairt isteach chun na doiciméid is gá maidir le soláthar seirbhísí trasteorann a fháil, agus, ar an gcaoi sin, machaire comhréidh a áirithiú do ghnólachtaí agus d’oibrithe agus an leibhéal cosanta is airde do thomhaltóirí á ráthú ag an am céanna;

23.  á chur i bhfios go láidir gur féidir soghluaisteacht trasteorann mhéadaithe a bhaint amach trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun feidhme agus trí rialacha a chomhordú ar fud na mBallstát freisin; á thabhairt chun suntais go dtacaíonn an tAontas Eorpach le gníomhaíochtaí na mBallstát i réimse an bheartais shóisialta agus go gcomhlánaíonn sé iad de réir Airteagal 153 CFAE, ina luaitear go sainráite nach ceadmhach go ndéanfaí rialacha AE arna nglacadh de bhun Airteagal 153 difear do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú agus nach ceadmhach dóibh difear shuntasach a dhéanamh do chothromaíocht airgeadais na gcóras sin, agus nach ceadmhach dóibh cosc a chur ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine atá comhoiriúnach leis na Conarthaí a choinneáil nó a thabhairt isteach;

24.  á chur i bhfáth go leanann daoine faoi mhíchumas de bheith ag dul i ngleic le hiliomad bacainní a fhágann go bhfuil sé deacair nó dodhéanta tairbhe iomlán a bhaint as saorghluaiseacht seirbhísí; á iarraidh ar na Ballstáit an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta a chur chun feidhme gan mhoill, chun bacainní do dhaoine faoi mhíchumas a bhaint go héifeachtach agus chun go ndéanfaí infhaighteacht seirbhísí inrochtana, chomh maith le hoiriúnacht na gcoinníollacha faoina gcuirtear seirbhísí ar fáil, a áirithiú; á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá sé margadh aonair atá inrochtana go hiomlán a bhaint amach lena n-áirithítear cóir chomhionann agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh struchtúrtha agus treoir a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis an gcaoi ar cheart measúnaithe comhréireachta ex ante a dhéanamh ar rialacháin náisiúnta nua a bhaineann le seirbhísí i gcomhréir leis an Treoir maidir le Tástáil Comhréireachta;

26.  á iarraidh ar na parlaimintí náisiúnta páirt ghníomhach a ghlacadh i dtacú le forfheidhmiú rialacha atá ann cheana, agus a gcumhachtaí grinnscrúdaithe a fheidhmiú ar údaráis náisiúnta;

27.  ag tathant ar gheallsealbhóirí, ar an bpobal gnó agus ar na comhpháirtithe sóisialta leanúint dá gcion féin a dhéanamh chun a iarraidh ar rialtais borradh a chur faoi earnáil seirbhísí AE agus chun idir-inoibritheacht earnála agus trasearnála a neartú i réimsí lena n-áirítear an comhshaol, iompar agus sláinte chun oibriú i dtreo seirbhísí trasteorann idirnasctha; á chur i bhfios go láidir gur cheart do na geallsealbhóirí uile margadh aonair atá inbhuanaithe, cothrom agus bunaithe ar chaighdeáin a chur chun cinn do sheirbhísí, lena mbaineann ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil, seirbhísí cáilíochta agus iomaíocht chóir;

Forfheidhmiú na reachtaíochta atá ann cheana a áirithiú

28.  ag tabhairt dá haire go bhfuil saorghluaiseacht seirbhísí i gcroílár an mhargaidh aonair, agus go bhféadfadh sí buntáistí suntasacha eacnamaíocha a chur ar fáil, chomh maith le caighdeáin arda maidir le cosaint don chomhshaol, do thomhaltóirí agus d’oibrithe, nuair a dhéantar an chothromaíocht idir an geilleagar margaidh agus gné shóisialta an Aontais a urramú, mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar choinníoll go ndéanann na húdaráis fhreagracha, na cúirteanna náisiúnta, agus an Coimisiún forfheidhmiú leordhóthanach agus gníomhach agus go gcomhlíonann gnólachtaí rialacháin náisiúnta agus rialacháin AE; á chur i bhfáth gur cheart go bhfanfadh teorainneacha idir Ballstáit ar oscailt chun bunphrionsabail an Aontais a ráthú; á thabhairt chun suntais nach mór aon athbhunú sealadach rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha le linn géarchéime, amhail géarchéim sláinte, a dhéanamh go cúramach agus mar rogha dheiridh amháin, bunaithe ar chomhordú cúramach idir na Ballstáit, ós rud é gur bagairt é dúnadh teorainneacha ar bhunphrionsabail an Aontais, agus á chur i bhfáth freisin, agus deireadh á chur le rialacha gaibhniúcháin náisiúnta, nach mór díriú ar rialuithe teorann a bhaint láithreach;

29.  á chur i bhfios go mbaineann gnólachtaí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais tairbhe as an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go leormhaith; ag spreagadh an Choimisiúin chun na modhanna uile atá ar fáil dó a úsáid chun na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú go hiomlán agus chun cinneadh a dhéanamh go pras maidir le gearáin chun a áirithiú go ndéileálfar go héifeachtach le saincheisteanna ábhartha ó thaobh an úsáideora deiridh de; á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar shásraí réitigh malartacha agus go ndéanfaí nósanna imeachta um shárú a chur i bhfeidhm go dian gan moill mhíchuí aon uair a shainaithnítear sáruithe ar an reachtaíocht ábhartha a sháraíonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus aon uair a thugtar ualaí díréireacha isteach;

30.  ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do Bhallstáit gan cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail a agairt ach amháin nuair atá siad dlisteanach; á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil sé de cheart ag na Ballstáit an earnáil seirbhísí a rialáil ar mhaithe le leas an phobail i gcoitinne chun tomhaltóirí agus cáilíocht na seirbhísí a chosaint;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar fheidhmíocht agus ar cháilíocht na mBallstát i ndáil le reachtaíocht a thrasuí, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear tuarascáil bhliantúil maidir leis na saincheisteanna sin, agus meastóireachtaí trédhearcacha agus rannpháirteacha atá bunaithe ar chritéir cháilíochtúla chomh maith le critéir chainníochtúla a fhorbairt leis na Ballstáit, le comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí eile;

32.  á chur in iúl gurb oth léi nach raibh suas le 20 Ballstát in ann an Treoir um Sheirbhísí a thrasuí sa dlí náisiúnta go tráthúil; á mheabhrú go bhfuil raon na n-ionstraimí, amhail na pointí teagmhála aonair, teoranta i gcónaí agus nach bhfuil na soláthraithe seirbhíse ar an eolas go leordhóthanach faoi na féidearthachtaí uile atá ar fáil dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, páirtithe leasmhara a chur ar an eolas trí, inter alia, fógraíocht idirlín maidir leis na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil leis an Treoir;

33.  á chur i bhfáth gur príomhghné d’iomaíochas gheilleagar an Aontais amach anseo is ea margadh dinimiciúil agus machaire comhréidh a bhunú chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ar bhonn trasteorann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá fós ann maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ar bhonn trasteorann i bpacáiste reachtach na seirbhísí digiteacha;

34.  á iarraidh go mbeidh níos mó fuinnimh ag an gCoimisiún chun comhordú agus malartú éifeachtúil faisnéise idir na Ballstáit a áirithiú chun go seachnófaí dúbailt ar nósanna imeachta agus ar sheiceálacha le haghaidh seirbhísí trasteorann a sholáthar;

35.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit struchtúr agus modus operandi an Tascfhórsa nua um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) a shainiú, lena n-áirítear a ghné phraiticiúil, agus sceideal de ghníomhaíochtaí sonracha a chur i gcrích i gcomhréir leis na tosaíochtaí arna leagan síos ag SMET(14) trí phlean gníomhaíochta fadtéarmach nua a bhunú chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr chun an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair do sheirbhísí; á chreidiúint gur féidir le SMET luach breise a chur ar fáil trína áirithiú go ndéanfar na straitéisí margaidh aonair uile a chur chun feidhme agus sonraí agus méadrachtaí maidir le héachtaí a chomhroinnt ar bhealach comhsheasmhach; ag spreagadh SMET bunachar sonraí oscailte agus trédhearcach a bhunú de bhacainní neamhtharaife náisiúnta sonracha agus de nósanna imeachta leanúnacha maidir le sárú;

36.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá réamhrialuithe maidir le dlí an Aontais a mhúnlú; á chur in iúl gurb oth léi, cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar fhad an nós imeachta um rialú cheana féin, go bhfuil an meán de 14.4 mhí(15) fós ard; á iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais measúnú a dhéanamh ar conas an fad a laghdú tuilleadh chun fadhbanna a sheachaint do sholáthraithe seirbhíse agus d’fhaighteoirí seirbhíse sa mhargadh aonair; á chur i bhfáth go mbíonn tionchar tábhachtach ag réamhrialuithe ar fhorbairt an mhargaidh aonair agus ar na bacainní gan údar laistigh den mhargadh a laghdú;

Faisnéis rialála agus soiléireacht a chur chun cinn trí ról na nbpointí teagmhála aonair a neartú

37.  ag tabhairt dá haire gur léiríodh le paindéim COVID-19 an easpa soiléireachta rialála agus an easpa cumarsáid éifeachtach atá idir na Ballstáit maidir le rialacháin atá ag athrú go tapa; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá an tairseach aonair dhigiteach agus na pointí teagmhála aonair mar phointe rochtana ar líne do sheirbhísí faisnéise, nósanna imeachta agus cúnaimh AE agus náisiúnta ar an margadh aonair, mar a fhoráiltear sa Treoir um Sheirbhísí;

38.  á mholadh do na Ballstáit an tairseach aonair dhigiteach a chur chun feidhme ar bhealach atá fabhrach don tomhaltóir agus do FBManna agus a bpointí teagmhála aonair a chlaochlú ó thairseacha rialála amháin go tairseacha lánfheidhmiúla; á chreidiúint gur cheart é sin a bhaint amach trí fhaisnéis atá dírithe ar an úsáideoir, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta simplithe a sholáthar ar an tairseach agus trí na pointí teagmhála aonair a nascadh leis an tairseach aonair dhigiteach, ionas go mbeidh sé ina ionad fíorúil ilfhreastail chomh fada agus is féidir, agus uasleibhéal úsáideoir-lárnachta a áirithiú; á mholadh go nglacfar caighdeáin deartha Threoir Ghréasáin Europa chun comhéadan so-aitheanta atá áisiúil don úsáideoir a ráthú do gach pointe teagmhála aonair;

39.  á mholadh go gcuirfeadh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis sholáimhsithe ar fáil go córasach tríd an tairseach aonair dhigiteach maidir le reachtaíocht nua uile an Aontais a chruthaíonn cearta nó oibleagáidí do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí; á mholadh go rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhairle le geallsealbhóirí go minic chun na críche sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil trédhearcacht, cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú bunriachtanach do shaorghluaiseacht seirbhísí;

40.  ag tabhairt dá haire nach mór do na Ballstáit a áirithiú gur féidir gach nós imeachta riaracháin féideartha maidir le bunú cuideachtaí agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i gcrích i dtimpeallacht dhigiteach i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach; ag tathant ar na Ballstáit dlús a chur lena gcuid oibre maidir le digitiú, go háirithe le haghaidh nósanna imeachta a dhéanann difear do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, chun a chur ar a gcumas nósanna imeachta riaracháin a chur i gcrích go cianda agus ar líne; ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur le hiarrachtaí iad siúd atá rannpháirteach, agus, go háirithe, tacú go gníomhach leis na Ballstáit atá ag tearcfheidhmiú;

41.  á mholadh go gcabhróidh an Coimisiún leis na húdaráis náisiúnta i ngach Ballstát na pointí teagmhála aonair a fheabhsú chun cumarsáid a éascú i mBéarla idir na húdaráis lena mbaineann, sa bhreis ar a dteanga áitiúil, agus chun fónamh mar idirghabhálaí, mura n-urramaítear spriocdhátaí nó mura dtugtar freagra ar fhiosruithe; á chur i bhfios go láidir nach mór don bpointe teagmhála aonair an fhaisnéis agus an tacaíocht seo a leanas a chur ar fáil do thomhaltóirí, d’fhostaithe agus do ghnólachtaí, agus spriocdhátaí meara á n-urramú ag an am céanna:

   Na rialacha náisiúnta agus na rialacha AE nach mór do chuideachtaí a chur i bhfeidhm laistigh den Bhallstát atá i gceist, agus faisnéis d’fhostaithe, lena n-áirítear maidir le dlí fostaíochta, prótacail sláinte agus sábháilteachta, comhaontuithe cómhargála infheidhme, eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta agus struchtúir chomhairleoireachta d’oibrithe agus d’fhostaithe trínar féidir leo iad féin a chur ar an eolas faoina gcearta agus mí-úsáid a thuairisciú;
   an ghníomhaíocht nach mór do chuideachtaí a dhéanamh chun na rialacha sin a chomhlíonadh, arna gcoimriú de réir nós imeachta, agus treoir céim ar chéim ag gabháil leis;
   na doiciméid nach mór do chuideachtaí a chur ar fáil, agus an creat ama lena mbaineann;
   na húdaráis nach mór do chuideachtaí teagmháil a dhéanamh leo chun an t-údarú riachtanach a fháil etc.;

42.  á chur i bhfios go láidir gur cheart do na pointí teagmhála aonair gach faisnéis is gá a sholáthar do chuideachtaí sa Bhallstát ábhartha faoi aon cheanglais a bhaineann le gnó; ag tabhairt dá haire go n-áirítear ceanglais maidir le cáilíochtaí gairmiúla, CBL (rátaí, ceanglais chlárúcháin, oibleagáidí tuairiscithe, etc.), cáin ioncaim agus slándáil shóisialta agus oibleagáidí maidir le dlí saothair i measc samplaí den mhéid thuas; á chur i bhfáth gur cheart gach faisnéis ábhartha reachtach agus riaracháin, chomh maith le haon doiciméid ábhartha a chuireann gach pointe teagmhála aonair ar fáil, a bheith ar fáil i mBéarla, más féidir agus más iomchuí, sa bhreis ar an teanga áitiúil;

43.  á mholadh gur cheart go mbeadh na pointí teagmhála aonair nasctha ar bhealach níos fearr agus gur cheart dóibh faisnéis a mhalartú maidir le ceanglais agus nósanna imeachta nach mór do chuideachtaí a chomhlíonadh ina mBallstáit, chomh maith le faisnéis earnáilsonrach maidir le cáilíochtaí gairmiúla; á mholadh, ina theannta sin, gur cheart do phointí teagmhála aonair cabhrú le cuideachtaí eachtracha ar mian leo gnó a dhéanamh laistigh den Bhallstát i gceist, chomh maith le cuideachtaí áitiúla ar mian leo seirbhísí agus earraí a onnmhairiú chuig Ballstáit eile tríd an bhfaisnéis malartaithe agus na sonraí teagmhála riachtanacha a chur ar fáil dóibh; ag spreagadh an Choimisiúin i ndáil leis sin chun féachaint ar shineirgí breise leis an Údarás Eorpach Saothair (ELA), mar shampla, chun an malartú faisnéise sin a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, an mbeidh acmhainní breise de dhíth ar na pointí teagmhála aonair chun na cúraimí sin a chur i gcrích;

44.  á thathant go ndéanfaí comhar idir pointí teagmhála aonair na mBallstát chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis cheart, chuimsitheach agus cothrom le dáta ar fáil go pras do chuideachtaí, d’fhostaithe agus do pháirtithe leasmhara eile sa teanga áitiúil agus i mBéarla;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún ról comhordaithe a bheith aige i dtaca le comhroinnt faisnéise idir na pointí teagmhála aonair agus, i gcás inarb iomchuí, treoirlínte a chur ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit nósanna imeachta a shruthlíniú, go háirithe i gcás FBManna; á chur i bhfios go láidir gur cheart do chomhar den sórt sin comhroinnt eolais ar fud na mBallstát a áirithiú freisin, lena n-áirítear maidir le hoibrithe soghluaiste, i dtéarmaí dea-chleachtas cumarsáide agus cheanglais riaracháin neamhriachtanach an mhargaidh aonair araon;

46.  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh gach pointe teagmhála aonair sorochtana tríd an tairseach aonair dhigiteach agus gur cheart dóibh faisnéis a sholáthar agus seirbhísí riaracháin na mBallstát a thairiscint trí úsáid a bhaint as téarmaíocht inrochtana agus le hinfhaighteacht iomlán, le foireann deisce cabhrach oilte a chuirfidh tacaíocht éifeachtach ar fáil atá áisiúil don úsáideoir;

47.  ag tathant ar na Ballstáit gealltanas iomlán a thabhairt maidir le seirbhísí poiblí a dhigitiú, agus gach gné den chóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta a chur chun feidhme chun comhar níos fearr a áirithiú idir na Ballstáit agus institiúidí slándála sóisialta agus chun saorghluaiseacht chothrom a éascú d’oibrithe AE; á iarraidh ar na Ballstáit comhar agus malartú faisnéise maidir le córais slándála sóisialta a fheabhsú;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid uirlisí digiteacha a chur chun cinn agus á iarraidh ar na Ballstáit modhanna leordhóthanacha a chur ar fáil do chigireachtaí saothair chun dul i ngleic le gach cineál mí-úsáide; á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh a mholadh d’uimhir slándála sóisialta AE, lena gcuirfí deimhneacht dhlíthiúil ar fáil d’oibrithe agus do ghnólachtaí, agus cleachtais fochonraitheoireachta á rialú go héifeachtach agus calaois leasa shóisialta amhail féinfhostaíocht bhréagach, postú agus cuideachtaí caocha á comhrac ag an am céanna; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na seiceálacha a dhéantar comhréireach, go bhfuil údar maith leo agus go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach; á mholadh don Choimisiún ELA a chur i bhfeidhm go hiomlán a luaithe is féidir chun comhordú níos fearr a áirithiú idir na cigireachtaí saothair náisiúnta agus chun dul i ngleic le dumpáil shóisialta trasteorann;

49.  ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áireofar in aon treoracha, rialacháin, nó moltaí nua a bhaineann leis an margadh aonair do sheirbhísí ceanglas maidir leis na pointí teagmhála aonair a neartú ina bhfeidhmeanna agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun feidhmeanna breise féideartha a chomhlíonadh faoi chuimsiú na Treorach um Sheirbhísí, gan dochar do leithdháileadh feidhmeanna agus cumhachtaí i measc na n-údarás laistigh de chórais náisiúnta;

Meastóireacht a sholáthar: scórchlár an mhargaidh aonair agus táscairí sriantachta

50.  ag tacú le réamhthionscnamh an Choimisiúin chun scórchlár an mhargaidh aonair a nuashonrú le sraith nua táscairí chun meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta margaidh aonair ábhartha ag na Ballstáit; ag spreagadh an Choimisiúin chun cur leis na sonraí foilsithe le sonraí ábhartha a eascraíonn as IMI, SOLVIT, clárlann lárnach gearán CHAP agus as acmhainní ábhartha eile; á chur i bhfios go láidir gur cheart go ndíreofaí ar cháilíocht an chur chun feidhme;

51.  á mholadh go leagfar béim i scórchlár nuashonraithe an mhargaidh aonair ar thuairisciú saincheisteanna ábhartha ó thaobh an úsáideora deiridh de, lena ndéantar meastóireacht an ndéantar ábhair imní agus gearáin a réiteach laistigh de chreat SOLVIT nó de chreat Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, mar shampla; á chur in iúl gurb oth léi, ina theannta sin, gur beag an úsáid a bhaintear as uirlis SOLVIT i roinnt mhaith Ballstát agus gur minic a bhíonn easpa acmhainní digiteacha úrscothacha inti; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr maidir le sáruithe ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar; á mheas gur cheart faisnéis iomchuí a chur san áireamh i scórchlár an mhargaidh aonair, lena n-áirítear líon na ngearán, líon na gcásanna a tionscnaíodh, earnáil an tsáraithe, líon na gcásanna a cuireadh i gcrích agus an toradh nó an chúis chun an cás a dhúnadh;

52.  ag tathant ar an gCoimisiún modh meastóireachta cainníochtúil agus cáilíochtúil a ghlacadh ina mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach, lena gcuimseofar go háirithe na cuspóirí leasa ghinearálta agus cáilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an modh do tháscairí cáilíochtúla trédhearcach agus gur cheart go ndéanfadh sé measúnú ar dhifríochtaí idir rialáil ex ante agus rialáil ex post; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé meastóireacht a dhéanamh ar cibé an gcuirtear treoracha ábhartha AE i bhfeidhm in am agus mar a bhí beartaithe ag comhreachtóirí an Aontais;

53.  á mholadh go ndéanfar le scórchlár nuashonraithe an mhargaidh aonair cáilíocht an chur chun feidhme a nascadh le táscairí sriantacha atá ann cheana, agus go leagfar amach ann srianta ar sheirbhísí i réimsí beartais nua agus i réimsí beartais atá ann cheana agus na leibhéil éagsúla cur chun feidhme agus forfheidhmithe reachtaíocht AE; á mholadh thairis sin go mbainfear úsáid as an Seimeastar Eorpach freisin chun an margadh aonair a neartú, ós rud é gur cúis imní leanúnach é deireadh a chur leis na hualaí rialála agus riaracháin is mó a chruthaíonn fadhbanna; ag spreagadh an Choimisiúin gníomhaíochtaí meántéarmacha na mBallstát a chur san áireamh, arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le níos mó bacainní riaracháin agus rialála atá fós sa mhargadh aonair do sheirbhísí agus moltaí tírshonracha á dtíolacadh;

54.  á mheas gur cheart don Choimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar dhul chun cinn na mBallstát maidir le hathchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme, anailís a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach acu i ndáil le leas a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair agus oibriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe;

55.  á iarraidh ar an gCoimisiún na táscairí atá ann a nuashonrú agus táscairí nua a thabhairt isteach a chabhraíonn le Ballstáit na háiteanna a shainaithint ina bhféadfaí iarrachtaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar a dtorthaí beartais, agus faireachán a dhéanamh ar a n-iarrachtaí chun srianta a laghdú;

56.  ag tathant ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta bliantúla a leagan síos chun an trádáil seirbhísí a oscailt agus meastóireachtaí a dhéanamh i ndáil leis sin; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún leas a bhaint as scórchlár an mhargaidh aonair chun oscailteacht na trádála seirbhísí sna Ballstáit a léiriú, mar a léirítear sa scórchlár nuálaíochta Eorpach, toisc go gcuirfeadh sé sin ar chumas na mBallstát gealltanais inchreidte, nithiúla agus intomhaiste a dhéanamh chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú i réimse na trádála seirbhísí laistigh den Aontas;

o
o   o

57.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.
(2) IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.
(3) IO L 159, 28.5.2014, lch. 11.
(4) IO L 173, 9.7.2018, lch. 16.
(5) IO L 173, 9.7.2018, lch. 25.
(6) IO L 295, 21.11.2018, lch. 1.
(7) IO L 88, 4.4.2011, lch. 45.
(8) IO C 388, 13.11.2020, lch. 39.
(9) IO C 444, 10.12.2018, lch. 1.
(10) Eurostat, The European economy since the start of the millennium [Geilleagar na hEorpa ó thús na mílaoise], an tAontas Eorpach, an Bhruiséil, 2018.
(11) Rytter Synesen, E., Hvidt Thelle, M., Making EU Trade in Services Work for All [Trádáil AE i seirbhísí a chur ag obair do chách], Copenhagen Economics, Cóbanhávan, 2018.
(12) Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar, (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
(13) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(14) teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le bacainní ar an Margadh Aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu (COM(2020)0093).
(15) Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, The Year in Review: Annual Report 2019 [Athbhreithniú ar an mBliain: Tuarascáil Bhliantúil 2019].

An nuashonrú is déanaí: 22 Aibreán 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais