Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2115(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0269/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0269/2020

Díospóireachtaí :

PV 19/01/2021 - 16
PV 19/01/2021 - 18
CRE 19/01/2021 - 16
CRE 19/01/2021 - 18

Vótaí :

PV 20/01/2021 - 17
PV 21/01/2021 - 9

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0016

Téacsanna atá glactha
PDF 195kWORD 62k
Déardaoin, 21 Eanáir 2021 - Brussels
Nascacht agus caidreamh idir AE agus an Áise
P9_TA(2021)0016A9-0269/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 ar nascacht agus caidreamh idir AE agus an Áise (2020/2115(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an 28 Meitheamh 2016,

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Meán Fómhair 2018 dar teideal ‘An Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile – Clocha coirnéil ionsar straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh’ (JOIN(2018)0031),

–  ag féachaint don Chomhpháirtíocht maidir le Nascacht Inbhuanaithe agus Bonneagar Cáilíochta idir AE agus an tSeapáin an 27 Meán Fómhair 2019,

–  ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe maidir le réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin an 12 Iúil 2012,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 28 Bealtaine 2018 maidir le comhar slándála feabhsaithe AE san Áise agus leis an Áise,

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 15 Bealtaine 2019 maidir le freagairt dhomhanda AE do COVID-19, Deiseanna nua do Chomhpháirtíocht níos Láidre’ (JOIN(2019)0009).

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Márta 2020, dar teideal ‘I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic’ (JOIN(2020)0004),

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Aibreán 2019 maidir leis an Aontas Eorpach, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib: teacht le chéile ar mhaithe le todhchaí choiteann (JOIN(2019)0006),

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 27 Aibreán 2016 maidir le beartas comhtháite an Aontais Eorpaigh don Artach (JOIN(2016)0021),

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Márta 2020 dar teideal 'Beartas Comhpháirtíochta an Oirthir tar éis 2020 lena dtreisítear an athléimneacht – Comhpháirtíocht an Oirthir a dhéanann beart do chách’ (JOIN(2020)007),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar (COM(2020)0641),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal ‘Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iarphaindéimeach – rannchuidiú an Choimisiúin roimh an gcruinniú idir AE agus ceannairí na mBalcán Thiar ar an 6 Bealtaine 2020’ (COM(2020)0315),

–  ag féachaint don Chlár Oibre Nascachta do na Balcáin Thiar a glacadh in 2015,

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 7 Meitheamh 2017 dar teideal ‘Cur Chuige Straitéiseach maidir le hAthléimneacht’ (JOIN(2017)0021),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (2015) agus Chlár Gníomhaíochta Addis Ababa maidir le Maoiniú don Fhorbairt (2015),

–  ag féachaint do Phrionsabail an G20 maidir le hInfheistíocht Bonneagair Cháilíochta (2019) agus do Threochlár maidir le Bonneagar mar Aicme Sócmhainní (2018),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2020 maidir le ‘imscaradh slán 5G in AE – bosca uirlisí AE a chur chun feidhme’ (COM(2020)0050),

–  ag féachaint do ráiteas an Chathaoirligh ag an 13ú Cruinniú Airí Gnóthaí Eachtracha idir an Áise agus an Eoraip (ASEM) agus do na conclúidí uathu, a tionóladh an 20 agus an 21 Samhain 2017,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0269/2020),

A.  de bhrí go bhfuil gá le rialachas éifeachtach agus rannpháirtíocht leathan ó na Ballstáit agus ó gheallsealbhóirí eacnamaíocha agus sochaíocha chun luachanna bunúsacha an Aontais agus a leasanna comhroinnte a léiriú go héifeachtach mar Straitéis Chomhtháite dhomhanda nascachta le haghaidh an Aontais;

B.  de bhrí nach mór don Aontas, de bharr domhan atá níos nasctha agus níos dlúithe ná riamh, straitéisí nascachta a chur chun feidhme agus a léiriú chun a leasanna, a luachanna agus a sheasaimh a chur chun cinn agus an comhar lena chomhpháirtithe sa réimse digiteach agus i réimsí na sláinte, na slándála, an aistrithe ghlais, an iompair, an fhuinnimh agus, go háirithe, na líonraí daonna, a neartú; de bhrí nach mbaintear leas as acmhainneacht eacnamaíoch shuntasach idir an Eoraip, an Áise agus ilchríocha eile mar gheall ar easpa bonneagair fhisiciúil agus dhigitigh;

C.  De bhrí go bhfuil tábhacht Straitéis Nascachta éifeachtach de chuid an Aontais curtha i bhfios tuilleadh ag paindéim COVID-19, inar léir go raibh laigí agus láidreachtaí na líonraí Eorpacha agus na líonraí nascachta domhanda araon soiléir; de bhrí gur deis nua é an spreagadh eacnamaíoch tar éis COVID-19 agus gur féidir leas a bhaint as mar phointe cinniúnach chun infheistíochtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos digití agus níos glaise, agus ag an am céanna dlús a chur lenár gcláir oibre nascachta ar mhaithe le teacht aniar níos fearr;

D.  de bhrí go gcaithfidh Straitéis Nascachta domhanda cur chuige inbhuanaithe agus rialacha-bhunaithe a úsáid agus gur cheart go bhfreastalódh sí ar chuspóirí phríomhbheartais AE amhail téarnamh eacnamaíoch, Comhaontú Glas don Eoraip, an claochlú digiteach, agus cur chun cinn domhanda chearta an duine agus iltaobhachas éifeachtach; de bhrí gur cheart do chreataí slándála réigiúnacha agus domhanda a bheith ina gcuidiú chun timpeallacht shábháilte a chruthú ar mhaithe le dea-fheidhmiú an chaidrimh idir stáit; de bhrí gur cheart go dtógfadh na creataí seo ar neart na hEorpa i mbeartas trádála agus taidhleoireacht agus go dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin nua agus phráinneacha amhail an tsláinte agus an tslándáil dhomhanda, bagairtí hibrideacha, an sceimhlitheoireacht agus an bhochtaineacht;

E.  de bhrí gur cuid bhunriachtanach de líon mór straitéisí de chuid an Aontais an nascacht cheana féin; de bhrí gur cheart comhleanúnachas agus infheictheacht na mbeartas nascachta uile a fheabhsú; de bhrí go bhfuil tionchar ag nascacht dhomhanda ar iomaíochas na hEorpa agus tríú tíortha, lena gcuirtear deiseanna tráchtála ar fáil do chuideachtaí Eorpacha agus do chuideachtaí eile, go háirithe FBManna, chun rathúnas comhchoiteann a bhaint amach;

F.  de bhrí gur cheart do Straitéis Nascachta inbhuanaithe a bheith ag freastal ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach;

G.  de bhrí go mbeidh gá le hacmhainní airgeadais poiblí tiomnaithe sa chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (CAI), le hacmhainní daonna a leithdháileadh agus le hiarrachtaí athnuaite chun rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a éascú, mar a luaitear go sainráite i dteachtaireacht chomhpháirteach 2018 maidir leis an Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile, chun Straitéis Nascachta an Aontais a chur chun feidhme; de bhrí go dteastaíonn méid suntasach infheistíochta riailbhunaithe ó go leor réigiún forbartha chun dinimic eacnamaíoch nua a bhaint amach, go háirithe tar éis phaindéim COVID-19;

H.  de bhrí go bhfuil sé, i gcás an Aontais, mar cheann de na geilleagair is mó ar domhan agus ceannródaí sa chomhar réigiúnach agus daoine a thabhairt le chéile, d’acmhainn ag an Straitéis Nascachta domhanda breisluach a thabhairt do chur chun feidhme agus do chur chun cinn a cláir oibre dhomhanda, lena n-áirítear cur chuige Fhoireann na hEorpa agus cláir oibre réigiúnacha amhail an obair ar Straitéis Eorpach an Aigéin Chiúin agus ar an gcomhar laistigh de ASEM trí shineirgí ar fud phríomhbheartais an Aontais, rud a mhéadódh ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda;

I.  de bhrí go nginfidh comhaontuithe saorthrádála AE leis an tSeapáin agus leis an gCóiré Theas níos mó trádála idir an Áise agus an Eoraip agus go n-éileofar feabhas ar an mbonneagar iompair;

J.  de bhrí go bhfuil an chomhpháirtíocht nascachta idir an tAontas agus an tSeapáin in 2019 tar éis ábharthacht bhreise a thabhairt don straitéis sin; de bhrí gur cheart comhpháirtíochtaí a bhunú le comhpháirtithe eile san Áise lena n-áirítear an India, mar imreoir domhanda atá ag teacht chun cinn; de bhrí gur cheart an Afraic agus Comharsanacht na hEorpa a ainmniú mar réigiúin tosaíochta don nascacht;

K.  de bhrí gur cheart freisin an teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an gcaidreamh idir AE, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a chur san áireamh sa Straitéis freisin;

L.  de bhrí gur cheart Straitéis Nascachta domhanda a áireamh i gClár Oibre an Choimisiúin do 2021;

M.  de bhrí go bhfuil sé riachtanach an bonneagar san Eoraip agus níos faide i gcéin atá ann cheana le haghaidh modhanna iompair agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chothabháil; de bhrí gur gá don Eoraip níos mó infheistíochta a dhéanamh i mbonneagar inbhuanaithe amhail líonra nua-aimseartha traenach ardluais, a d’fhéadfadh teacht in ionad roinnt bealaí aeriompair san Eoraip; de bhrí gur léirigh an taithí a fuarthas go ngineann tionscadail neamh-inbhuanaithe ardleibhéal fiachais agus acmhainní amú, go mbaintear leo an bonn de thairbhí infheistíochtaí bonneagair do phobail áitiúla, go n-eascraíonn truailliú méadaithe astu mar aon le díobháil don chomhshaol;

N.  de bhrí gur aithin gníomhaithe domhanda le blianta beaga anuas an poitéinseal maidir le nascacht iompair agus go bhfuil siad ar thús cadhnaíochta ó thaobh fhorbairt straitéiseach an bhonneagair dhomhanda; de bhrí go bhfuil deiseanna nua ag teacht chun cinn maidir le líonraí iompair AE-Áise, go háirithe sna hearnálacha iarnróid agus muirí; de bhrí gur léiríodh le géarchéim COVID-19 a riachtanaí a bhí leanúnachas san iompar leis an Áise chun an slabhra soláthair a ráthú i gcás gach cineál earra; de bhrí go bhfuil iompar AE-na hÁise tar éis barr feabhais a bhaint amach go domhanda ó thaobh méid trádála agus faid de; de bhrí gur gá sábháilteacht, slándáil agus inbhuanaitheacht éiceolaíoch a ráthú, ag féachaint go háirithe d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, do gach modh iompair a úsáidtear idir AE agus an Áise;

Prionsabail na Straitéise Nascachta

1.  á thabhairt chun suntais an ról bunúsach atá ag an nascacht i gcaidreamh geopholaitiúil an Aontais agus na mBallstát agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil an nascacht, mar threoshuíomh bunúsach an Aontais Eorpaigh, go smior i gcur chuige an Aontais maidir le dúshláin intíre agus idirnáisiúnta; Á chur i bhfios gur cuireadh beartais nascachta chun feidhme go rathúil san Aontas agus gur cuireadh gníomhaíochtaí i réimse na nascachta san áireamh níos mó agus níos mó i roinnt mhaith de chaidreamh seachtrach an Aontais;

2.  ag spreagadh an Choimisiúin agus SEGS chun Straitéis Dhomhanda Nascachta AE ('an Straitéis') chun Straitéis Nascachta Domhanda AE a chruthú mar leathnú ar an Straitéis Nascachta AE-Áise atá ann faoi láthair d’fhonn ár bhfealsúnacht nascachta agus ár mbeartais nascachta a ailíniú leis an aidhm ról AE mar fíorghníomhaí riachtanach geo-pholaitiúil agus geo-eacnamaíoch le guth aontaithe agus mar chumasóir traschultúrtha a neartú, agus chun comhpháirtíochtaí a neartú le daonlathais ar fud an domhain a roinneann ár mbunluachanna; de bhrí gur cheart tosaíochtaí agus beartais réigiúnacha ar leith amhail iad sin atá i gComhpháirtíocht an Oirthir, i mBeartas Comharsanachta na hEorpa, sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an gcaidreamh le Meiriceá Laidineach agus leis an Muir Chairib agus i straitéis a bheidh ann amach maidir le hInd-Chiúin-Aigéanach, a ailíniú leis an Straitéis;

3.  á áitiú go gcuirfear leis na dúshláin dhomhanda má chliseann an domhan isteach i gcampaí sáraíochta nó má bhíonn ilroinnt iomlán ann; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart nascacht a chur chun cinn mar phrionsabal lena lorgaítear comhar nuair is gá agus is féidir;

4.  á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh an nascacht ina príomhthosaíocht in obair an Aontais d’fhonn uaillmhian na hEorpa a dheimhniú, seasamh Eorpach níos réamhghníomhaí a bhaint amach sa pholaitíocht dhomhanda agus na dálaí a leagan síos chun go gcomhoibreoidh an Eoraip le tíortha eile go déthaobhach agus i bhfóraim iltaobhacha chun nascacht atá inbhuanaithe go fioscach, go heacnamaíoch, go sóisialta agus ó thoabh an chomhshaoil de a chur chun cinn;

5.  á súil leis go gcuirfidh an Straitéis le cur i bhfeidhm phríomhbheartais AE maidir le hAontas láidir cothrom a thógáil, infheistíocht a dhéanamh i gcaidrimh idirnáisiúnta síochánta agus measúla, le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta inbhuanaithe, lena n-áirítear ar bhonn comhaontuithe uaillmhianacha trádála atá ag tiomáint an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an claochlú digiteach, agus an ceartas domhanda a chur chun cinn;

6.  á mheas gur le cineál inbhuanaithe an domhandaithe a chothú, go mbeidh gá le hoibriú i gcomhar le tríú tíortha chun Comhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme mar chroíghnéithe den Straitéis;

7.  á chur in iúl nach mór don Straitéis aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar réimse leathan de ghnéithe polaitiúla, eacnamaíocha, cultúrtha, inbhuanaitheachta agus slándála bunaithe ar luachanna bunúsacha AE agus ar a leasanna comhroinnte, nach mór di tionscadail shuaitheanta a chur chun feidhme ina léireofar ár luachanna, cearta an duine, an smacht reachta, an daonlathas, dlúthpháirtíocht in aghaidh an idirdhealaithe, inbhuanaitheacht, cuimsitheacht, trédhearcacht maidir leis an gceartas sóisialta, cothroime iomaíochta, cómhalartacht agus cloí le hiltaobhachas atá bunaithe ar rialacha, agus nach mór di ról idirnáisiúnta AE a threisiú mar noirm; á tuiscint nach mór acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha a leithdháileadh chun é a chur chun feidhme;

8.  á iarraidh ar gheallsealbhóirí eacnamaíocha agus sochaíocha agus saineolaithe gaolmhara ar leibhéal AE agus sna Ballstáit páirt a ghlacadh i bhforbairt agus cur chun feidhme na Straitéise; á iarraidh ar an gCoimisiún fóraim oiriúnacha a chruthú don rannpháirtíocht sin; á áitiú nach mór do pharlaimintí ról gníomhach a bheith acu maidir le beartas nascachta a mhúnlú agus a mhaoirsiú;

9.  á mheabhrú go bhfuil le gá le hinfheistíochtaí nascachta chun fás inbhuanaithe agus poist a ghiniúint; á chur in iúl go láidir gur cheart go n-urramófaí leis na hinfheistíochtaí sin an leas poiblí, trédhearcacht, éifeachtúlacht an mhargaidh, cothrom iomaíochta, lena n-áirítear rochtain chothrom ar mhargaí soláthair, agus inmharthanacht fhioscach, agus gabháil fiachais á seachaint; á thabhairt chun suntais go gcaithfidh infheistíochtaí den sórt sin tacú le hathléimneacht eacnamaíoch, dícharbónú an gheilleagair atá comhoiriúnach le socruithe Pháras, forbairt scileanna nua don lucht saothair agus comhlíonadh ardchaighdeán comhshaoil agus bithéagsúlachta; á chur i bhfios, thairis sin, gur gá dóibh cloí le dianchaighdeáin AE maidir le cearta sóisialta agus saothair, trédhearcacht, cearta an duine, dícheall cuí, idir-inoibritheacht agus dea-rialachas, agus guth a thabhairt do na daoine a ndéanann na tionscadail difear dóibh ar bhonn comhairliúcháin iomchuí, chuimsitheacha agus phoiblí le geallsealbhóirí agus rochtain oscailte, lena n-áirítear do gheallsealbhóirí áitiúla amhail FBManna;

10.  á iarraidh ar gach tír Eorpach a bheith rannpháirteach i Straitéis Nascachta AE, lena náirítear tíortha i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa, sna Balcáin Thiar agus i gComharsanacht na hEorpa, agus na réigiúin éagsúla atá i mbéal forbartha a chomhtháthú go feidhmiúil; á mholadh don Ríocht Aontaithe dul i gcomhar leis an Aontas chun nascacht straitéiseach idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe i bhfianaise na tuarascála a d’eisigh Teach na dTeachtaí le déanaí maidir le todhchaí bheartas idirnáisiúnta na Ríochta Aontaithe; den tuairim gur cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail a ndéanann roinnt tíortha Eorpacha maoirseacht orthu;

11.  ag cur béim mhór ar an ngá atá le comhar cothrom lenár gcomhpháirtithe agus le tíortha agus réigiúin eile faoi seach, agus cumhachtaí boga á n-úsáid ag an am céanna chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus chun comhpháirtíochtaí láidre, marthanacha a dhaingniú; á chreidiúint go gcaithfidh an Straitéis sochair chomhroinnte a chruthú, rochtain chómhalartach ar an margadh a ráthú, agus spleáchais aontaobhach nó gaistí fiachais a chosc a chuireann uathriail na dtíortha rannpháirteacha i gcontúirt, agus í a chur i gcrích le meas frithpháirteach;

12.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na Balcáin Thiar mar thosaíocht don Straitéis; á chreidiúint gur féidir leis an Straitéis sineirgí dearfacha a chruthú le próisis pholaitiúla agus eacnamaíocha eile sa réigiún, go háirithe comhtháthú réigiúnach; á chreidiúint gur cheart na pleananna bonneagair atá ann cheana do thíortha na mBalcán Thiar, amhail Clár Oibre Nascachta an Aontais do na Balcáin Thiar, a chomhchuibhiú leis an Straitéis; á chur in iúl gur geal léi an móiminteam atá ann don infheistíocht sa nascacht sna Balcáin Thiar i gcomhthéacs an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta don réigiún; ag cur i dtreis, thairis sin, a thábhachtaí atá Comhpháirtíocht an Oirthir agus an bhéim ar nascacht, mar a leagadh béim air i dteachtaireacht chomhpháirteach an 18 Márta 2020;

Rialachas na Straitéise

13.  á chur in iúl gur gá faireachán a dhéanamh ar an Straitéis agus í a chomhordú le saothrú na nascachta inmheánaí laistigh den Aontas agus idir an tAontas Eorpach agus na comhaltaí a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail tríd an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) nó trí Thionscnamh na dTrí Mhuir, lena neartaítear luachanna, caighdeáin agus leasanna comhroinnte, agus lena soláthraítear úinéireacht chomhroinnte ar an Straitéis d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit; den tuairim gur gluaisteán gan rothaí a bheidh sa Straitéis gan úinéireacht ghníomhach ag na Ballstáit;

14.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gné ilghnéitheach ag baint leis an Straitéis, a éilíonn comhordú éifeachtach ar na straitéisí, ar na beartais agus ar na tionscadail le haghaidh nascacht agus idirinoibritheacht idirnáisiúnta; ag súil le go ndéanfar an comhordú atá ann faoi láthair idir SEGS agus Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin a fheabhsú agus a chuíchóiriú i ndáil leis sin;

15.  á chur i bhfios maidir leis an Straitéis gur gá di ceannaireacht níos soiléire agus roinnt inniúlachtaí laistigh den Choimisiún ag gach leibhéal faoi seach, lena n-áirítear ag an mbarr; á mholadh, mar sin, go ndéanfadh Grúpa na gCoimisinéirí um Eoraip Níos Láidre cur i bhfeidhm na Straitéise a phlé go rialta, ar cheart dó feidhmiú mar chomhlacht comhordaithe nascachta, arna chomhchathaoirleacht ag Leas-Uachtarán / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus Beartas Slándála agus comhordaitheoir nascachta ón gCoimisiún, go hidéalach Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin;

16.  á mholadh gur cheart do SEGS rúnaíocht an chomhlachta comhordaithe nascachta a sholáthar, agus ba cheart go mbeadh gach Ard-Stiúrthóirí ábhartha go léir ar an leibhéal oibre comhfhreagrach agus go mbeadh Ard-Rúnaithe an Choimisiúin agus SGES ina chomhchathaoirleach air chun sineirgí agus éifeachtúlacht a uasmhéadú;

17.  á chur i dtreis a thábhachtaí atá sé go mbeadh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, na Ballstáit agus na parlaimintí náisiúnta rannpháirteach sa Straitéis; á áitiú go ndéanfaidh an Coimisiún tuairisciú rialta ina leagtar amach an méid atá bainte amach i gcur chun feidhme na Straitéise, a bheidh le plé go mion ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle; á mholadh go gceapfar comhordaitheoirí náisiúnta nascachta i rialtais na mBallstát; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí comhleanúnachas, oibríochtú agus úinéireacht nascachta i measc na mBallstát a fheabhsú trí mheitheal thiomnaithe de chuid na Comhairle a chruthú; á mholadh gur cheart vótáil trí thromlach cáilithe a úsáid le haghaidh nascachta, seachas sna réimsí atá ábhartha nó bainteach leis an tslándáil náisiúnta;

18.  á chreidiúint go bhfuil malartú faisnéise le geallsealbhóirí ábhartha agus rannpháirtíocht ghníomhach na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear institiúidí maoinithe AE, ríthábhachtach do rath na Straitéise, i bhfianaise na mbearnaí infheistíochta atá ann faoi láthair sa réimse seo; á mholadh go gcruthófaí sainghrúpa ardleibhéil maidir le nascacht idirnáisiúnta mar chomhlacht comhairleach don Choimisiún, lena n-áirítear ionadaithe gnó, mar atá sa togra le haghaidh grúpa comhairleach gnó a leagtar amach sa teachtaireacht chomhpháirteach an 19 Meán Fómhair 2018, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear i réimsí chearta an duine, an chomhshaoil agus chearta saothair, agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, agus béim ar leith á leagan ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) mar bhanc an Aontais agus i gcomhréir leis an gcritéar maidir le comhionannas inscne;

19.  á chreidiúint go mór gur cheart ról lárnach a bheith ag bainc forbartha, gníomhaireachtaí infheistíochta agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin na hEorpa agus na mBallstát maidir le hinfheistíocht a bhainistiú i dtionscadail idirnáisiúnta nascachta, go háirithe i dtaca le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a shlógadh i maoiniú agus i gcur chun feidhme tionscadal agus comhairle a thabhairt maidir le riachtanais infheistíochta nó creataí atá ann cheana, ag brath ar leibhéal forbartha na tíre; á mholadh gur cheart comhéadan ilfhreastail a bhunú don earnáil phríobháideach;

20.  ag beartú go mbeidh ról ag an BEI agus ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha sa chomhthéacs seo; Á chreidiúint láidir nach mór rannpháirtíocht na hearnála príobháidí i dtionscadail nascachta idirnáisiúnta atá inbhainistithe a chur chun cinn go gníomhach mar bhunchloch na Straitéise; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an obair leanúnach maidir leis an ollstruchtúr Eorpach don mhaoiniú don fhorbairt a neartú d’fhonn banc Eorpach forbartha lánfheidhme a bhaint amach; i bhfabhar comhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile ar bhonn luachanna Eorpacha agus leasanna straitéiseacha;

21.  á chur in iúl maidir le hinchreidteacht na Straitéise gur gá na huirlisí agus na modhanna is gá a bheith aici chun í a chur chun feidhme ar scála atá ag teacht lena huaillmhian; ag tabhairt moladh do mhéid suntasach an mhaoinithe ón Aontas don chomhar idirnáisiúnta, go háirithe méid suntasach na ndeontas i gcomparáid le mórchumhachtaí domhanda eile, arbh ionann iad agus EUR 345 billiún idir 2014 agus 2018;

22.  á thabhairt chun solais go bhfuil feasacht agus infheictheacht an phobail maidir le rannchuidiú idirnáisiúnta AE le cur chun cinn agus maoiniú beartas nascachta tearcfhorbartha agus á iarraidh go ndéanfaí athruithe leordhóthanacha gan mhoill; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur gá beartas tiomnaithe cumarsáide a fhorbairt don Straitéis agus á iarraidh go ndéanfar na tairbhí, na gnóthachtálacha agus na spriocanna atá ag an Straitéis a chur in iúl ar bhealach níos soiléire agus éifeachtach d’fhonn a áirithiú go mbeidh rath ar an tacaíocht is gá; á leagan béim ar acmhainneacht na dtionscadal suaitheanta i ndáil leis sin;

23.  á mheas gur cheart acmhainní poiblí leordhóthanacha a leithdháileadh faoi CAI 2021-2027 d' fhonn spriocanna na Straitéise a bhaint amach; á iarraidh go mbeadh an Straitéis cumhdaithe sna rialacháin a bheidh ann amach anseo maidir leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta agus maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III, ionas go mbeidh AE in ann cuspóirí na Straitéise a bhaint amach go héifeachtúil, trí úsáid a bhaint as cláir airgeadais an Aontais amhail InvestEU agus, go háirithe, an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus, Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus saoráidí infheistíochta geografacha, amhail Saoráid Infheistíochta na Comharsanachta, an tSaoráid Infheistíochta don Áise Láir agus Saoráid Infheistíochta na hÁise; ag leagan béim, ina theannta sin, ar an rogha cabhrú le tíortha comhpháirtíochta sásraí maoiniúcháin dúchasacha a fhorbairt;

24.  á chreidiúint gur cheart don Straitéis a bheith dírithe go soiléir freisin ar shraith chinntitheach tosaíochtaí agus cur chuige iltoiseach á leanúint aici; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhféadfaí clár oibre nascachta an Aontais a chur san áireamh i gClár Trí na Comhairle Eorpach d’ Uachtaránacht na Gearmáine, na Portaingéile agus na Slóivéine; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tionscadail shuaitheanta a shainaithint do na hearnálacha ábhartha, ar cheart dóibh breisluach Eorpach láidir a bheith acu, a bheith ina leas poiblí straitéiseach, agus a léiríonn cur chuige uathúil bunaithe ar luachanna AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS critéir a mholadh chun na tionscadail sin a shainaithint;

25.  á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh amhail Prionsabail an G20 maidir le hInfheistíocht i mBonneagar Cáilíochta agus an rún ó Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le bonneagar inbhuanaithe; á mholadh don Choimisiún, SEGS agus na Ballstáit cur chuige straitéiseach an Aontais maidir leis an nascacht idirnáisiúnta a chur chun cinn sna fóraim iltaobhacha agus ilpháirtithe uile, amhail Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ASEM nó G7;

Tosaíochtaí na Straitéise

An tAistriú Glas

26.  á thabhairt chun suntais ról AE i gcur i bhfeidhm Chomhaontú Pháras trí gheilleagar ciorclach agus infheistíochtaí atá athléimneach ó thaobh na haeráide a chur chun cinn, i measc tionscnamh eile; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an fhreagairt don athrú aeráide, chun geilleagair a dhícharbónú, chun bithéagsúlacht agus an comhshaol a chaomhnú ina thosaíocht uileghabhálach den Straitéis, go háirithe maidir le forbairt bonneagair ar ardchaighdeán; á chur i bhfios go bhfuil sé riachtanach an bonneagar san Eoraip agus níos faide i gcéin atá ann cheana le haghaidh modhanna iompair agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chothabháil; á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí uile na nascachta ábhartha a ghlasú go córasach; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, go mbunófaí critéir tairisceana trédhearcacha maidir le costais saolré táirgí nó seirbhísí agus maidir le comhlíonadh chaighdeáin agus rialacháin AE; á mheas gur saincheisteanna ardtosaíochta iad glasú sóisialta agus inbhuanaithe an chomhair um fhorbairt, na hinfheistíochta bonneagair go léir agus ghné an fhuinnimh go háirithe; ag féachaint don chomhar maidir le foinsí malartacha fuinnimh agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh mar phríomhthionscadail eiseamláire; á mholadh gur cheart go mbeadh an comhar maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt ina cholún den nascacht idir an tAontas agus an Afraic; Á mheas go bhfuil fothú acmhainní le haghaidh na hinbhuanaitheachta mar ghné lárnach; á chur i bhfios gur geal léi comhar uaillmhianach eolaíoch chun maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a chur chun cinn, chun bithéagsúlacht a chosaint, agus chun ciorclaíocht eacnamaíoch, fás inbhuanaithe agus aistriú cóir a chur chun cinn;

Iompar

27.  ag moladh go láidir go nglacfaí cur chuige comhordaithe ar bhonn domhanda trí oibriú go dlúth le tríú tíortha chun nascacht, bonneagar athléimneach iompair agus tionsclaíocht a athbhunú agus a chaomhnú chun tacú leis na slabhraí soláthair domhanda; á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhar idir AE agus an Áise maidir le tionscnaimh amhail clár Chonair Iompair na hEorpa Cugais na hÁise agus tionscnaimh nua maidir le hiompar inbhuanaithe a chur chun cinn le comhpháirtithe tábhachtacha san Áise amhail an India agus an Áise Láir;

28.  á chur cur in iúl gur cheart do AE creat TEN-T dea-fhorbartha a cheangal le líonraí san Áise, agus a thionscadail TEN-T féin a chur i gcrích laistigh de AE amhail Rail Baltica agus cinn eile; á chur in iúl gur geal leis glacadh Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta AE do na Balcáin Thiar agus an leathnú leanúnach ar Ghréasán Tras-Eorpach Iompair AE (TEN-T) sna Balcáin Thiar agus i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, ar cheart féachaint air mar phríomheilimint den Straitéis Nascachta, i bhfianaise a shuímh gheografaigh; á chreidiúint gur cheart comhordaitheoir speisialta TEN-T a cheapadh do thíortha an mhéadaithe agus do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

29.  á thabhairt chun suntais á thabhachtaí agus atá naisc iarnóid; á chur i bhfios an gá atá le córas aontaithe dlí a áirithiú d’iompar earraí d’iarnród ar fud na mór-roinne Eoráisí; á iarraidh go ndéanfaí cur i bhfeidhm shonraíochtaí teicniúla AE a leathnú, go háirithe caighdeáin sábháilteachta d’iompar earraí contúirteacha d’iarnród agus comhlíonadh na dtreoirlínte comhfhreagracha OTIF(1) de réir Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an SMGS,(2), agus go gcruthófaí ionchais nua eacnamaíocha trí mhargaí a oscailt agus trí dheiseanna infheistíochta a chur chun cinn;

30.  ag leagan béime ar a thábhachtaí atá an chaibidlíocht leanúnach maidir le comhaontuithe cuimsitheacha aeriompair le tíortha comhpháirtíochta san Áise, go háirithe an comhaontú idir AE agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), lena gcruthófaí dálaí cothroma trédhearcacha margaidh a bheadh bunaithe ar chreat rialála soiléir agus, go háirithe, ar chloí le hardchaighdeáin an Aontais Eorpaigh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tacaíocht AE do thíortha na hÁise chun tionchar na heitlíochta sibhialta ar an athrú aeráide a mhaolú;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ina thionscnaimh iompair mhuirí chun foirmiúlachtaí riaracháin a dhigitiú agus a shimpliú agus chun slándáil mhuirí ag calafoirt san Áise a neartú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus trí chomhaontuithe iompair mhuirí; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé caidreamh níos láidre a bhunú le tríú tíortha san Áise trí chomhaontuithe ábhartha iompair mhuirí, lena gcabhrófaí le trácht muirí a rialáil agus a éascú agus é a dhéanamh níos inbhuanaithe;

32.  á chur i bhfáth nach foláir don Straitéis a áirithiú go gcaithfidh tarlóirí ón Áise cloí le reachtaíocht AE san earnáil iompair de bhóthar; á iarraidh go mbeidh comhar ann idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le forfheidhmiú reachtaíocht AE agus na reachtaíochta náisiúnta san earnáil;

An Claochlú Digiteach;

33.  ag leagan béim ar leith ar an bhfíric gur príomhghné é an digitiú don 21ú haois agus cuireann sí béim ar a thionchar ar ghnáthshaol gach duine ar fud an domhain; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-uaillmhian maidir leis an gclaochlú digiteach; ag dréim leis go mbeidh an tAontas ina ghníomhaí iomaíoch domhanda sa digitiú ar comhchéim leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín; á mheas, sa chomhthéacs sin, gur ábhar mórthosaíochta don Aontas é nascacht dhigiteach agus rochtain dhigiteach a chur chun cinn trí líonraí fíor-ardacmhainne atá bunaithe ar shnáithín agus ar 5G; á chreidiúint nach mór a áireamh i bhforbairt an neamhspleáchais straitéisigh oscailte san earnáil seo éagsúlú ar shlabhra soláthair na monaróirí trealaimh trí ollstruchtúir líonra atá oscailte agus idir-inoibritheach agus comhpháirtíochtaí digitithe le tríú tíortha agus réigiúin a roinneann ár luachanna agus a bhaineann leas as an teicneolaíocht a chur chun cinn i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha; ag tathant ar an gCoimisiún dianchoinníoll a chur ar thionscadail nascachta le tríú tíortha maidir le húsáid eiticiúil na teicneolaíochta, sa bhaile agus thar lear; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil an ghné slándála ríthábhachtach;

34.  á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas, mar normbhunaitheoir, iarracht a dhéanamh comhcheannaireacht a bhaint amach maidir le noirm, caighdeáin agus cleachtais idirnáisiúnta a bhunú, a chosaint agus a chur chun cinn, ar noirm, caighdeáin agus cleachtais idirnáisiúnta iad atá bunaithe ar thimpeallacht TFC atá síochánta, slán, bunaithe ar an smacht reachta agus oscailte agus ar dhigiteáil inbhuanaithe agus fhreagrach, agus aghaidh á tabhairt ar bhagairtí cibearshlándála agus cearta an duine agus saoirsí ar líne a chosaint, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint;

35.  á mholadh go gcuirfí go suntasach leis an gcomhar maidir le cosaint sonraí le tíortha ASEAN agus leis an India, leis an tSeapáin, leis na Stáit Aontaithe, leis an Astráil, le Ceanada, leis an gCóiré Theas, leis an Nua-Shéalainn agus le tíortha eile chun cinntí leordhóthanachta a chur chun cinn le haghaidh sreafaí sonraí; á mheas gur cheart go bhfreastalódh forálacha maidir le ríomhthráchtáil agus trádáil dhigiteach i gcomhaontuithe trádála ar chuspóirí cholún digiteach na Straitéise; á thabhairt dá haire, maidir le sreafaí sonraí, go bhfuil tograí curtha síos ag an Aontas cheana féin i roinnt caibidlíochtaí i gcomhréir le cosaint sonraí agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí(3); á thabhairt dá haire go dtugtar dea-shampla i dtaca leis an gcomhtháthú digiteach a chur chun cinn sa chinneadh leordhóthanachta maidir leis an tSeapáin; á mholadh go nascfaí an clár oibre maidir le nascacht dhigiteach le Straitéis an Aontais atá ar na bacáin maidir le Comhar Digiteach Domhanda;

36.  á chur i bhfáth gur gné d’athléimneacht straitéiseach na hEorpa é bonneagar 5G; á iarraidh ar an gCoimisiún plean a cheapadh chun teicneolaíocht 5G Eorpach a fhorbairt agus chun deireadh a chur de réir a chéile le teicneolaíocht 5G a fhorbraíonn tríú tíortha nach bhfuil luachanna ná caighdeáin Eorpacha i gcoiteann acu; ag tathant ar an gCoimisiún dianchoinníoll a chur ar thionscadail nascachta le tríú tíortha maidir le húsáid eiticiúil na teicneolaíochta, sa bhaile agus thar lear; á chur in iúl gur geal léi na forálacha maidir leis an gcibearshlándáil sa Chlár don Eoraip Dhigiteach i ndáil leis an bpróiseas tairisceana; á mholadh go n-áireofaí cur chuige bhosca uirlisí 5G maidir le nascacht dhigiteach a chur chun cinn, i bhfianaise na bhféidearthachtaí atá ann i dtaca le cur i bhfeidhm seach-chríochach; ag spreagadh an Choimisiúin chun oibriú i dtreo comhaontuithe idirnáisiúnta fánaíochta soghluaiste an Aontais le comhpháirtithe nascachta a mhacasamhlú; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh Idirlín den Chéad Ghlúin Eile agus infheistíocht i dtionscadail bonneagair dhigitigh, amhail cábla domhainfharraige ‘Nasc na hEorpa le Meiriceá Laidineach a Thógáil’ [Building Europe Link to Latin America]; á mholadh go sainaithneodh an Coimisiún fíor-riachtanais do Chúnamh Oifigiúil Forbartha digiteach spriocdhírithe; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún comhar um fhorbairt i ndáil le 6G a chur chun cinn le tíortha atá ar aon intinn leis mar thionscadal suaitheanta;

Daoine le daoine

37.  á chreidiúint gur colún bunúsach den Straitéis í an ghné idir daoine agus nach mór tosaíocht bhreise a thabhairt di; á iarraidh, i dáil leis sin, go mbeadh deiseanna soghluaisteachta cómhalartacha ann idir an Eoraip agus an Áise; á thabhairt chun suntais gur gá maoiniú leordhóthanach don taidhleoireacht phoiblí;

38.  ag cur béim mhór ar theagmhálacha daoine le daoine a chur chun cinn i measc mac léinn, oiliúnaithe gairmiúla, gairmithe óga, lucht acadúil, na sochaí sibhialta, ENRanna, taighdeoirí agus réimsí cultúrtha, ar rud é atá ríthábhachtach don tuiscint agus urraim fhrithpháirteach; ag moladh an chomhair sin ar bhonn cuimsitheachta, cómhalartachta agus comhionannas inscne; á iarraidh, go háirithe, go neartófaí gné na hóige trí fhóraim don óige chun inniúlacht teanga iasachta, malartuithe mac léinn agus malartuithe acadúla a chur chun cinn go frithpháirteach, mar aon le haitheantas frithpháirteach do dhioplómaí; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, go n-osclófaí ardán eTwinning do thíortha comhpháirtíochta nascachta; ag meabhrú na ndeiseanna do mhalartuithe réigiúnacha, amhail idir nuálaithe, agus don chomhar idir cathracha; á thabhairt chun suntais go gcuireann nascacht deiseanna ar fáil don Eoraip a bheith i gcroílár na trasnaíochta idir an taighde, an nuálaíocht agus an infheistíocht; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna mionlaigh i gcomhthéacs an cholúin sin;

39.  ag tabhairt moladh do na tionscnaimh a glacadh do na Balcáin Thiar arb é is aidhm dóibh comhar agus malartuithe óige a chur chun cinn, chomh maith leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint, agus ag moladh go gcuirfí cláir chomhchosúla ar fáil do chomhpháirtithe eile na Straitéise, ag tosú le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; á thabhairt dá haire go bhfuil nascacht idir an tAontas agus na Balcáin Thiar ríthábhachtach don Straitéis ós rud é gur comhaltaí ionchasacha de chuid AE iad na tíortha sa réigiún sin;

40.  ag moladh eagrú Fhóram Cheannairí Óga AE-ASEAN agus Fhóram an Lucht Machnaimh Straitéisigh i bhFeabhra 2018 chomh maith le cruinnithe mullaigh Cheannairí Óga Fhondúireacht na hÁise-na hEorpa mar aon le Cruinnithe mullaigh ASEM; á mholadh go reáchtálfaí na comhdhálacha sin go rialta agus gur cheart fóraim bhliantúla chomhchosúla a bhunú mar chuid den chaidreamh idir AE agus an tAontas Afracach;

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún an Straitéis a ailíniú le Straitéis AE atá ar na bacáin maidir le Comhar sa Taighde agus san Infheistíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún a chur chuige straitéiseach maidir le comhar sa taighde agus sa nuálaíocht (T&N) a shaothrú trí chaidreamh le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis a uasghrádú, lena n-áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar stádas comhpháirtíochta gaolmhaire agus tríd an gcomhar a bhunú ar phrionsabail uilíocha amhail saoirse acadúil, rochtain oscailte, cosaint maoine intleachtúla, machaire comhréidh, sláine an taighde agus cosaint sonraí pearsanta; ag spreagadh glacadh beartas tírshonrach i dtaca le comhar taighde; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá critéir a chur ar bun chun earnálacha íogaire a shainaithint i réimse T&N, lena n-áirítear i réimse na teicneolaíochta dé-úsáide;

Trádáil, infheistíocht, iomaíochas agus caighdeáin

42.  á thabhairt dá haire gur cheart do AE a naisc le tíortha óstacha a neartú agus tairiscint mhalartach inchreidte agus inbhuanaithe a chur faoina mbráid le haghaidh mhaoiniú na nascachta;

43.  á chreidiúint go bhfuil an ghné ‘daoine le daoine’ ríthábhachtach freisin chun an t-iomaíochas a bhunú ar luachanna an Aontais agus ar mhaithe le taidhleoireacht éifeachtach eacnamaíoch Eorpach;

44.  á chreidiúint gur cheart go mbeadh ról lárnach ag an mbeartas trádála maidir le cuspóirí na Straitéise a bhaint amach trí thrádáil agus infheistíocht chóir agus inbhuanaithe a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé athléimneacht eacnamaíoch a neartú trí shlabhraí soláthair a éagsúlú agus trí chomhtháthú réigiúnach a neartú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an Straitéis fite fuaite leis na hiarrachtaí chun rochtain ar mhargaí faoi seach a mhéadú, lena n-áirítear soláthar poiblí, agus chun timpeallacht infheistíochta atá oscailte agus trédhearcach a chur chun cinn, deiseanna a scaoileadh agus cur leis an iomaíochas domhanda; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhar maidir le dícheall cuí, cearta maoine intleachtúla agus tásca geografacha;

45.  á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go bhfuil ról lárnach ag caighdeáin idirnáisiúnta chomhshaoil, inbhuanaitheachta agus shóisialta i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta; ag meabhrú an athbhreithnithe ar phlean gníomhaíochta 15 phointe an Choimisiúin chomh maith leis na pléití sa Chomhairle maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí cosanta trádála a chur chun feidhme ina n-iomláine chun a áirithiú nach gcuirfear gnólachtaí Eorpacha faoi réir cleachtais éagóracha trádála, agus caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme go héifeachtach i gcomhréir le Comhaontú Pháras, leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus le coinbhinsiúin EIS, d’fhonn an Straitéis a fhorbairt agus comhtháthú inbhuanaithe a shaothrú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Choimisiún agus do SEGS leas a bhaint as cur chuige níos straitéisí maidir le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe, lena n-áirítear trí dhlús a chur le gníomhaíocht ar an leibhéal polaitiúil is airde chun a héifeachtacht a neartú vis-à-vis caighdeáin maidir le cearta an duine, saothar idirnáisiúnta, an comhshaol agus dea-rialachas;

46.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an caidreamh straitéiseach agus an iomaíocht shistéamach idir AE agus an tSín agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE dul i ngleic leis an tSín d’aon ghuth agus dul i mbun cur chuige comhordaithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar an tSín dul ar aghaidh le hathchóiriú uaillmhianach ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, lena n-áirítear rialacha cuimsitheacha maidir le fóirdheontais thionsclaíocha, agus ag aithint na gcúiseanna buartha ar ann dóibh i ngeall ar chleachtais atá á ndéanamh ag fiontair na Síne atá faoi úinéireacht an stáit, lena ndéantar saobhadh ar an margadh, i ngeall ar aistrithe éigeantacha teicneolaíochta agus i ngeall ar logánú sonraí, ró-acmhainneachtaí agus dumpáil ar onnmhairí lena mbaineann, agus cleachtais éagóracha trádála eile; á chreidiúint a ríthábhachtaí atá sé do dheiseanna fadtéarmacha ghnólachtaí na hEorpa leathnú a dhéanamh ar an machaire comhréidh chuig tríú margaí;

47.  ag cur béim ar an ról atá ag comhaontuithe idirnáisiúnta trádála arna gcaibidliú ag an Aontas agus ar a thábhachtaí atá sé iad a chur chun feidhme mar is ceart; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart nascacht a áireamh sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an mbeartas trádála; ag cur béim ar noirm idirnáisiúnta agus ar chaighdeáin thrédhearcacha chun bonneagar ardcháilíochta agus idir-inoibritheacht líonraí a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún comhaontuithe atá ann cheana a dhéanamh níos uaillmhianaí trí bheartas caighdeánaithe a chur san áireamh go córasach i gcomhpháirtíochtaí déthaobhacha agus i gcomhaontuithe trádála d’fhonn socrú caighdeán iltaobhach a chur chun cinn agus glacadh go forleathan le caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus le comhar trédhearcach rialála i gcomhréir iomlán leis an gceart chun rialála;

48.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil sé de bhuntáiste ag samhail AE don bheartas um chaighdeánú a bheith nuálach, oscailte agus cuimsitheach, agus go gcaithfear é a chumasú chun leanúint de bheith ag déileáil leis an iomaíocht dhomhanda idir paraidímí caighdeánaithe éagsúla; ag dréim leis go mbeidh ról réamhghníomhach ag an gCoimisiún maidir le beartas caighdeánaithe a chur chun cinn; á mholadh, dá bhrí sin, gur cheart an fhreagracht as beartas caighdeánaithe AE a chomhordú a thabhairt d’oifigeach ardleibhéil de chuid an Choimisiúin, go hidéalach an Coimisinéir um an margadh inmheánach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS comhordú níos dlúithe a dhéanamh le comhpháirtithe daonlathacha atá ar aon intinn leo i bhfóraim idirnáisiúnta um bunú caighdeán chun caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn lena dtacaítear leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha;

Sláinte

49.  á chreidiúint go bhfuil sé léirithe le paindéim COVID-19 go bhfuil sé práinneach tosaíocht a thabhairt d’earnáil na sláinte mar réimse ríthábhachtach nua don chomhar, go háirithe maidir le hathléimneacht na gcóras sláinte, rochtain ar chógais, trealamh leighis agus vacsaíní, agus go bhfuil sé práinneach uathriail straitéiseach AE a atreisiú i réimse na sláinte, spleáchais aontaobhacha a sheachaint, slabhraí soláthair tionsclaíocha sábháilte agus ilchineálacha a bhaineann le cógais agus leis an tsláinte a áirithiú, agus malartú dea-chleachtas i mbeartais bainistithe géarchéime agus beartais maidir le cosc paindéime, chomh maith le cómhalartacht i dtaca le taisteal agus teorainneacha oscailte a bhainistiú; á mholadh go ndéanfaí iarrachtaí aontas sláinte AE a nascadh leis an Straitéis agus go ndéanfaí comhpháirtíocht le sásraí réigiúnacha eile amhail Lárionad ASEAN um Rialú Galar Tógálach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Aontas leas a bhaint as nascacht sláinte chun foghlaim ó shamplaí rathúla de bhainistíocht phaindéime a dhéanann comhpháirtithe atá ar aon intinn amhail an Nua-Shéalainn, Poblacht na Cóiré agus an Téaváin;

50.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an chiall a ceannaíodh ó phaindéim COVID-19 a mhéid a bhaineann lena thábhachtaí atá bearta comhordaithe chun a áirithiú go mbeidh bealaí iompair agus slabhraí soláthair domhanda oscailte agus slán i gcónaí;

Slándáil

51.  á chur in iúl go bhfuil sí cinnte nach mór gné shlándála na Straitéise a fhorbairt go práinneach agus na rioscaí go bhféadfaí nascacht a úsáid mar arm á gcur san áireamh; ag cur béim ar an ngá atá le cur chuige geopholaitiúil i leith an chomhair dhomhanda chun go n-éireoidh leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua slándála, lena n-áirítear an chibearshlándáil, an nascacht dhigiteach, an bonneagar criticiúil agus an dé-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an teicneolaíocht; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bagairtí na sceimhlitheoireachta an-dáiríre; ag tabhairt ábhair imní slándála i gComharsanacht na hEorpa chun suntais; ag tathant ar SEGS agus ar na Ballstáit ról níos réamhghníomhaí a ghlacadh maidir leis na saincheisteanna sin;

52.  ag cur béim ar an ngá atá ann le gné slándála níos láidre a fhorbairt inár gcomhpháirtíocht leis an Afraic; ag meabhrú chonclúidí ón gComhairle 2018 maidir le comhar feabhsaithe slándála an Aontais san Áise agus leis an Áise; á thabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar ábharthacht na gcúiseanna imní ó thaobh cúrsaí slándála de do AE i réigiún Ind-Aigéan Ciúin, mar a chuirtear in iúl i straitéisí na mBallstát Ind-Aigéan Ciúin; ag tacú leis an tionscnamh maidir le forbairt a dhéanamh ar straitéis chomhchoiteann Ind-Aigéan Ciúin AE agus ar chomhar le comhpháirtithe i réigiún Ind-Aigéan Ciúin, lena n-áirítear malartuithe ‘arm le harm’; á chreidiúint gur cheart go mbeadh oscailteacht, rathúnas, cuimsitheacht, inbhuanaitheacht, trédhearcacht, cómhalartacht agus inmharthanacht mar threoirphrionsabail sa chomhar le réigiún Ind-Aigéan Ciúin;

Comhpháirtíochtaí nascachta

53.  á chur in iúl gur geal léi bunú na Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an tSeapáin maidir le Nascacht Inbhuanaithe agus Bonneagar Cáilíochta, lena ndírítear ar nascacht inbhuanaithe leis na Balcáin Thiar, Oirthear na hEorpa, Lár na hÁise, an Ind-Aigéan Ciúin agus an Afraic; á chur in iúl go bhfuil súil aici go ndéanfaidh an tAontas agus an tSeapáin an chomhpháirtíocht nascachta a chur chun cinn go gníomhach i measc na spriocghrúpaí ábhartha agus go n-éireoidh leo tús a chur le hoibríochtú na comhpháirtíochta sa chéad leath de 2021;

54.  á chur in iúl gur geal léi an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019, agus an comhordú méadaithe idir BEI, Gníomhaireacht um Chomhar Idirnáisiúnta na Seapáine agus Banc na Seapáine um Chomhar Idirnáisiúnta, go háirithe maidir le nascacht ghlas a mhaoiniú; á mheas go gcuireann na Balcáin Thiar agus an Áise Thoir Theas deiseanna an-mhaith ar fáil do chomhar nascachta AE-na Seapáine le tríú comhpháirtithe; ag feiceáil an luacha a d’fhéadfadh a bheith ag rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, FBManna san áireamh; á mholadh, sa bhreis air sin, go bhféachfaí ar ghnéithe slándála den chomhar nascachta idir an tSeapáin agus an tAontas, lena n-áirítear an tslándáil muirí;

55.  á chur in iúl gur geal léi an chaibidlíocht leanúnach chun comhpháirtíocht nascachta a fhorbairt leis an India; á chur in iúl go bhfuil súil aici go mbainfidh uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle Eorpaí agus uachtaránachtaí na hIndia agus na hIodáile de G20 leas as a dtionchar chun dul chun cinn a dhéanamh; ag tabhairt Thionscnamh Nascachta Bonneagair Réigiúnaigh na hÁise Theas dá haire; ag tabhairt rannpháirtíocht na hIndia i dTionscnamh Bhá Bheangál do Chomhar Teicniúil agus Eacnamaíoch Ilearnálach agus sa Chonair Iompair Thuaidh-Theas dá haire; á mheas, i bhfianaise na n-imthosca reatha, gur cheart go mbeadh ról níos mó ag an India agus nach mór comhar níos doimhne idir AE agus stáit na hÁise Theas a lorg; á mholadh go gcuideofaí le comhordú a dhéanamh ar na straitéisí éagsúla nascachta san Áise, a bhfuil an Banc Domhanda tar éis 16 díobh a chomhaireamh ar an iomlán;

56.  á mheabhrú gur spéis le Cónaidhm na Rúise agus leis an Tuirc araon a bheith ina ngeallsealbhóirí sa nascacht idir an tAontas agus an Áise; á chur in iúl go bhfuil sí toilteanach dul i mbun comhpháirtíocht leo nuair is féidir; ag aithint gur bhain tíortha san Áise Láir tairbhe shuntasach as comhtháthú níos fearr sa gheilleagar domhanda le fiche bliain anuas; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh ról i bhfad níos mó ag AE agus go mbeadh sé ar cheann de na príomhghníomhaithe sa réigiún, agus leas á bhaint as trádáil agus infheistíocht mar spreagadh don rathúnas comhroinnte; á chur in iúl gur cúis imní di nach bhfuil trédhearcacht i gceist le tionscadail atá á gcistiú ag an tSín san Áise Láir; ag áitiú go dtabharfaí tús áite d’ardchaighdeáin saothair agus chomhshaoil agus d’áirithiú na hinbhuanaitheachta fiachais;

57.  á chur in iúl gur geal léi na malartuithe taiscéalaíocha idir an tAontas agus an Chóiré maidir le comhpháirtíocht nascachta, agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go mbeidh dul chun cinn maith ann in 2021; á mholadh go mbunófaí comhpháirtíocht nascachta idir an tAontas agus ASEAN chun go nascfar máistirphlean ASEAN atá ann cheana maidir le nascacht agus píblíne tionscadal ASEAN, i measc cuspóirí eile; á aithint, ós rud é gurb é réigiún ASEAN an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag AE i ndiaidh na Stát Aontaithe agus na Síne, go mbeidh sochair shuntasacha ann d’onnmhaireoirí AE trí rochtain níos fearr ar an margadh a áirithiú agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar trí chomhaontuithe cuimsitheacha comhpháirtíochta; ag moladh comhaontú saorthrádála réigiúnach idir AE agus ASEAN; á spreagadh go n-úsáidfí infheistíochtaí chun dífhoraoisiú a laghdú agus chun talmhaíocht inbhuanaithe a éagsúlú;

58.  ag moladh an mhéid a baineadh amach leis an ráiteas comhpháirteach aireachta idir an tAontas agus ASEAN maidir le nascacht an 1 Nollaig 2020, agus á iarraidh ar an Aontas tús a chur láithreach le forbairt agus cur chun feidhme uirlisí agus creataí le haghaidh comhar le ASEAN maidir le nascacht;

59.  ag tabhairt thionscnaimh bheartais réigiúnacha na hAstráile maidir le nascacht dá haire, mar aon le malartuithe AE leis an Astráil maidir le nascacht i limistéir gheografacha leasa; ag áitiú go mbeadh comhar níos dlúithe ann leis an Astráil chun dlúthpháirtíocht idir daonlathais a léiriú; á chur in iúl go bhfeiceann sí go bhféadfaí comhoibriú le comhpháirtithe in abhantrach Mekong;

60.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhar nascachta leis an Téaváin d’fhonn foghlaim óna dea-chleachtais maidir le paindéim COVID-19 a láimhseáil, teagmhálacha duine le duine a fheabhsú, an bhearna dhigiteach i réigiún na hÁise Thoir Theas a chúngú, agus an rogha a fhiosrú maidir le comhaontú infheistíochta idir AE agus an Téaváin;

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú maidir leis an gComhpháirtíocht Chuimsitheach Eacnamaíoch Réigiúnach agus an ról a bhí ag an tSín ann;

62.  á chur in iúl go gcreideann sí go láidir gur cheart do AE an comhar leis na Stáit Aontaithe a neartú; á chur in iúl gur geal léi coincheap Líonra an phoinc ghoirm (BDN) arna thionscnamh ag na Stáit Aontaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS oibriú leis na Stáit Aontaithe maidir le BDN chun an comhar trasatlantach maidir le nascacht atá bunaithe ar rialacha agus inbhuanaithe a neartú, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar ábhair imní i ndáil leis an nascacht inbhuanaithe sin; á chur in iúl gur súil léi go mbeidh comhar ann amach anseo, go háirithe a mhéid a bhaineann le cloí le hardchaighdeáin cháilíochta le haghaidh tionscadail nascachta agus le cothú rannpháirtíocht na hearnála príobháidí;

63.  ag tacú leis na gealltanais chun an chomhpháirtíocht idir AE, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a neartú, faoi mar ar leagadh béim orthu i dteachtaireacht chomhpháirteach 2019, lena n-áirítear maidir leis an ngeilleagar digiteach agus nascacht; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé treisiú a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht le Meiriceá Laidineach agus le Muir Chairib, a chomhroinneann luachanna bunúsacha agus leasanna Eorpacha;

64.  á chur i bhfios gur oibrigh AE leis an tSín i gcomhthéacs Ardán Nascachta AE-na Síne, a raibh torthaí measartha air; á mheas go bhfuil an Tionscnamh ‘Crios amháin, Bóthar amháin’ i gcroílár bheartas eachtrach teanntásach na Síne; á chur in iúl go bhfuil sí toilteanach machnamh a dhéanamh ar chomhpháirtíocht leis an Tionscnamh ‘Crios amháin, Bóthar amháin’ i gcásanna sonracha nuair nach gcuireann sé sin isteach ar chroíphrionsabail AE, i gcás ina gcomhlíonann an tionscnamh caighdeáin idirnáisiúnta, agus ina ndéanann an Coimisiún grinnscrúdú ar na tionscadail lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonann siad noirm agus caighdeáin an Aontais amhail caighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus fhioscacha agus inbhuanaitheacht, trédhearcacht, cuimsitheacht, an smacht reachta, urraim do chearta an duine agus cómhalartacht ionas nach méadófar giaráil idirnáisiúnta ar mhaithe le comhéigniú tríú tíortha agus ionas go n-áiritheofar sláine an chómhargaidh agus comhtháthú polaitiúil AE; á mheas, sa chomhthéacs sin, gur cheart díriú ar bhonneagar iompair Eoráiseach a fheabhsú, go háirithe iompar ilmhódach agus inbhuanaithe;

65.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an obair leanúnach atá á déanamh ag Ardán Nascachta AE-na Síne maidir lena chuid iarrachtaí i leith deiseanna comhair a fhiosrú i réimse an iompair idir gréasán leathnaithe TEN-T AE agus an Tionscamh ‘Crios amháin, Bóthar amháin’; á chur i bhfios go láidir gur gá cur chuige domhanda agus cuimsitheach a bheith ann chun iomaíocht shaor agus chothrom a áirithiú do ghnólachtaí i réimse na forbartha bonneagair iompair leis an tSín, lena n-áirítear trédhearcacht iomlán agus machaire comhréidh; á chur i bhfios go láidir, i dtaca leis sin, an gá atá le clásail chonarthacha sa réimse sin a dhéanamh chomh trédhearcach agus is féidir agus leasanna bunriachtanacha AE a chaomhnú;

66.  á thabhairt dá haire gur cheart do bheartais nascachta laghdú a dhéanamh ar sheachtrachtaí diúltacha, amhail tionchair chomhshaoil agus truailliú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá inbhuanaitheacht ó thús deireadh na Straitéise; ag spreagadh AE chun dul i mbun plé le tiortha comhpháirtíochta na hÁise chun go mbeidh an nascacht iompair leis an Áise níos sábháilte agus níos sláine, go háirithe i réimse na sreafaí sonraí, na soghluaisteachta agus na cibearshlándála;

67.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá réigiúin is forimeallaí na hEorpa, go háirithe na réigiúin sin atá níos cóngaraí don Áise, agus ag tabhairt an acmhainneacht eacnamaíoch a bhaineann leo chun suntais; ag spreagadh an Choimisiúin chun éascú a dhéanamh ar infheistíochtaí sna críocha sin ar mhaithe lena nascacht a neartú agus borradh a chur faoina ngeilleagair;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS inniúlachtaí faireacháin stóinsithe a fhorbairt i straitéisí nascachta tíortha agus réigiún eile, lena n-áirítear maidir leis na hacmhainní airgeadais arna n-úsáid iarbhír, na héifeachtaí ar chobhsaíocht airgeadais, ar fhorbairt inbhuanaithe, agus ar chloí le cearta an duine, an smachta reachta, an dea-rialachais, agus prionsabail an iltaobhachais; ag cur béim ar an acmhainneacht atá ag Foireann na hEorpa sineirgí a aimsiú in iarrachtaí nascachta an Aontais agus na mBallstát; ag moladh go n-oibreofaí i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí fadtéarmacha ar bheartais struchtúracha, ar fheabhsuithe tionsclaíocha agus eacnamaíocha agus ar laghdú na bochtaineachta;

Nascacht dhomhanda

69.  ag cur béim láidir ar an bhfíoras nach mór don Straitéis aird ar leith a thabhairt ar nascacht le Comharsanacht na hEorpa agus le mór-roinn chomharsanachta na hAfraice, ós rud é go bhfuil sí ag éirí níos ábhartha ar bhonn geopholaitiúil i gcás roinnt gníomhaithe domhanda; ag dréim leis go ndéanfaidh na hiarrachtaí sin taithí an Aontais a léiriú le beartais lena gcuirtear nascacht chun feidhme san Afraic trí chomhar um fhorbairt; á iarraidh go bpléifear an sprioc sin le hAontas na hAfraice ar ardleibhéal agus go mbeidh comhpháirtíocht nascachta idir an tAontas Eorpach agus an Afraic ann faoi dheireadh 2021;

70.  ag moladh an Choimisiúin agus an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí as a dtoilteanas straitéis Artach a chur chun cinn in 2021 agus á iarraidh go mbeadh AE rannpháirteach go gníomhach san Artach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar an athraithe aeráide ar an réigiún leochaileach sin; á thabhairt dá haire go háirithe go bhféadfaí bealach loingseoireachta nua a oscailt chuig an Áise mar gheall ar leá oighir farraige, a d’fhéadfaí a úsáid freisin do naisc dhigiteacha amhail cáblaí snáthoptaice, agus ag tabhairt thionscnamh Artach Bhóthar na Síoda na Síne dá haire; ag dréim le nascacht inbhuanaithe a bheith i gcroílár na n-iarrachtaí sin;

71.  ag tabhairt rath chéad Fhóram Nascachta Europa in 2019 dá haire; á chur in iúl gurb oth léi gur cuireadh an fóram ar ceal in 2020 mar gheall ar COVID-19; ag tnúth leis an gcéad fhóram eile in 2021, má cheadaítear sin leis an bpaindéim; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart leas a bhaint as fóraim atá le teacht chun go mbeidh na comhpháirtithe uile i ndáil le nascacht Eoráiseach rannpháirteach, lena n-áirítear an Rúis agus an tSín, in idirphlé iltaobhach faoina bhfíseanna faoi seach don ord eacnamaíoch, polaitiúil agus slándála san Eoráise amach anseo;

72.  ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún cur chuige cumarsáide nua a thíolacadh a mbeidh insint shoiléir ag gabháil leis chun infheictheacht leordhóthanach agus cuntasacht leormhaith a chruthú do bheartais nascachta an Aontais agus do thorthaí na mbeartas sin; á iarraidh go láidir go ndéanfaí Straitéis Nascachta an Aontais a athbhrandáil i dteanga agus téarmaí atá soiléir agus tarraingteach lena léirítear an cur chuige sonrach luachanna-bhunaithe Eorpach i leith na nascachta, agus treochlár soiléir chun an Straitéis a chur chun feidhme agus a bhaint amach;

o
o   o

73.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig na Ballstáit, agus chuig Comhpháirtithe Nascachta an Aontais Eorpaigh.

(1) An Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród.
(2) Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí d’Iarnród na hEagraíochta um Chomhar idir Iarnróid.
(3) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 22 Lúnasa 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais