Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2187(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0247/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0247/2020

Díospóireachtaí :

PV 20/01/2021 - 14
CRE 20/01/2021 - 14

Vótaí :

PV 21/01/2021 - 2
PV 21/01/2021 - 13

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0020

Téacsanna atá glactha
PDF 208kWORD 73k
Déardaoin, 21 Eanáir 2021 - Brussels
Tithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách
P9_TA(2021)0020A9-0247/2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách (2019/2187(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 3(3) de, agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 9, 14, 148, 151, 153, 160 agus 168 de agus do Phrótacal 26 a ghabhann leis maidir le seirbhísí leasa ghinearálta,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Teideal IV (Dlúthpháirtíocht) di,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, agus go háirithe Airteagail 8 agus 25 de,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas,

–  ag féachaint do na breithnithe deiridh ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas ó mhí Mheán Fómhair 2015 maidir leis an tuarascáil tosaigh ón Aontas Eorpach chuig an gCoiste i mí an Mheithimh 2014,

–  ag féachaint do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a ghlac na ceannairí domhanda i mí Mheán Fómhair 2015 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle, go háirithe SDG 11 maidir le cathracha agus pobail inbhuanaithe, agus SDG 3 maidir le saol folláin a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois,

–  ag féachaint do Chairt na Ginéive de chuid na Náisiún Aontaithe um Thithíocht Inbhuanaithe agus don aidhm atá léi ‘a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar thithíocht atá cuibhiúil, leormhaith, inacmhainne agus sláintiúil(1)’,

–  ag féachaint do threoirlínte tithíochta agus sláinte EDS 2018 ‘Moltaí chun tithíocht shláintiúil a chur chun cinn do thodhchaí inbhuanaithe agus cothromasach(2)’,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) a d’fhógair an Chomhairle Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach i mí na Samhna 2017, agus go háirithe prionsabail 19, ‘Tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean’, agus 20, ‘Rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha’,

–  ag féachaint don leagan athbhreithnithe de Chairt Shóisialta na hEorpa, agus go háirithe d’Airteagal 30 maidir leis an gceart cosaint a fháil ar an mbochtaineacht agus eisiamh sóisialta, d’Airteagal 31 maidir leis an gceart chun tithíochta, agus d’Airteagal 16 maidir le ceart an teaghlaigh chun cosanta sóisialta, dlíthiúla agus eacnamaíocha,

–  ag féachaint don Phlean Gníomhaíochta de chuid Chomhpháirtíocht Tithíochta an Chláir Oibre Uirbigh AE in 2018(3),

–  ag féachaint don Chlár Oibre Uirbeach Nua a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2016 ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Tithíocht agus Forbairt Uirbeach Inbhuanaithe (Habitat III), a thionóltar gach 20 bliain,

–  ag féachaint do thuarascáil 2018 ón Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le hInfheistíocht sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip(4),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún ó 2017, ‘I dTreo Clár Oibre Eorpach le haghaidh Tithíochta’(5),

–  ag féachaint do ráiteas 2016 ó Eurocities maidir le Státchabhair agus seirbhísí poiblí áitiúla(6),

–  ag féachaint don ráiteas deiridh ón 19ú cruinniú neamhfhoirmiúil d’airí tithíochta AE a tionóladh an 9 agus an 10 Nollaig 2013(7),

–  ag féachaint do rún 2014 ó mhéaraí chathracha móra na hEorpa maidir leis an gceart chun tithíochta(8),

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 26 Aibreán 2017 dar teideal ‘Breithniú ar Mholadh 2013 maidir le “hInfheistíocht a dhéanamh i leanaí: timthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh”’ (SWD(2017)0258),

–  ag féachaint don tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le tithíocht leormhaith mar chuid den cheart chun caighdeán leormhaith maireachtála, agus maidir leis an gceart chun neamh-idirdhealaithe sa chomhthéacs sin, an 30 Nollaig 2015 (A/HRC/31/54)(9), lena ndéantar anailís ar easpa dídine mar ghéarchéim dhomhanda ar chearta an duine a éilíonn freagairt phráinneach dhomhanda,

–  ag féachaint do Phacáiste Infheistíochta Sóisialta 2013 ón gCoimisiún,

–  ag féachaint do mholadh ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2013 maidir le ‘hInfheistíocht a dhéanamh i leanaí: timthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh’ (2013/112/AE),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal ‘Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach suas go dtí 2020’ (COM(2011)0173) agus do na tuarascálacha cur chun feidhme agus meastóireachta ina dhiaidh sin,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Creat Cáilíochta le haghaidh Seirbhísí Leasa Ghinearálta san Eoraip’ (COM(2011)0900),

–  ag féachaint do Chinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna tabhairt do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Rabharta Athchóirithe don Eoraip - glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta maireachtála’ (COM(2020)0662),

–  ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 10 Iúil 2020 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát(10),

–  ag féachaint dá rún an 15 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19(11),

–  ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(12),

–  ag féachaint dá rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro(13),

–  ag féachaint dá rún an 26 Márta 2019 maidir le coireanna airgeadais, seachaint cánach agus imghabháil cánach(14)

–  ag féachaint dá rún an 13 Márta 2019 maidir leis an ‘Seimeastar Eorpach um chomhordú na mbeartas eacnamaíoch: gnéithe fostaíochta agus sóisialta de Shuirbhé Bliantúil Fáis 2019’(15),

–  ag féachaint dá rún an 2 Márta 2020 maidir le Straitéis Míchumais AE i ndiaidh 2020 a chur chun feidhme(16),

–  ag féachaint dá rún an 16 Samhain 2017 maidir le neamhionannais a chomhrac mar mhodh éifeachtach chun borradh a chur faoi chruthú post agus faoin bhfás(17),

–  ag féachaint dá rún an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartais ioncaim íosta a úsáid mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac(18),

–  ag féachaint dá rún an 7 Iúil 2016 maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD), go háirithe na Breithnithe Deiridh ó Choiste UN CRPD(19),

–  ag féachaint dá rún an 5 Iúil 2016 maidir le ‘Dídeanaithe: cuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú sa mhargadh saothair’(20),

–  ag féachaint dá rún an 26 Bealtaine 2016 maidir leis an mbochtaineacht: gné na hinscne(21),

–  ag féachaint dá rún an 14 Aibreán 2016 maidir le sprioc na frithbhochtaineachta a bhaint amach i bhfianaise an mhéadaithe ar chostais teaghlaigh(22),

–  ag féachaint dá rún an 24 Samhain 2015 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú agus aird ar leith á díriú ar an mbochtaineacht i measc leanaí(23),

–  ag féachaint dá rún an 24 Samhain 2015 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus pobail imeallaithe(24),

–  ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2014 maidir le Straitéis AE um Easpa Dídine(25),

–  ag féachaint dá rún an 11 Meitheamh 2013 maidir le tithíocht shóisialta san Aontas Eorpach(26),

–  ag féachaint do Thuarascáil na Náisiún Aontaithe an 26 Nollaig 2019 maidir le Treoirlínte maidir leis an gCeart chun Tithíocht Leormhaith de chuid an Rapóirtéara Speisialta a chur chun feidhme mar chuid den cheart chun caighdeán leormhaith maireachtála a fháil, agus don cheart chun neamh-idirdhealaithe sa chomhthéacs seo,

–  ag féachaint do mholadh CM/Rec(2010)5 ó Choiste na nAirí ó Chomhairle na hEorpa an 31 Márta 2010 maidir le bearta chun idirdhealú ar fhorais gnéaschlaonta nó féiniúlachta inscne a chomhrac,

–  ag féachaint do Shuirbhé II maidir le LGBTI a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i mí na Bealtaine 2020;

–  ag féachaint don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Tithíocht do chách’(27),

–  ag féachaint do Staidéar an Choimisiúin i mí an Mheithimh 2020 dar teideal ‘Aitheantas dlíthiúil inscne in AE: aistir an phobail thrasaigh i dtreo comhionannas iomlán’(28),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0247/2020),

A.  de bhrí gur ceart bunúsach é rochtain ar thithíocht leormhaith, ní mór breathnú air mar réamhchoinníoll le haghaidh fheidhmiú agus rochtain ar chearta bunúsacha eile agus le haghaidh saoil i gcoinníollacha a bhaineann le dínit an duine; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát a mbeartas tithíochta féin a shainiú agus na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an ceart bunúsach sin a urramú ina margaí tithíochta;

B.  de bhrí, mar a luaitear in Airteagal 151 CFAE, go bhfuil sé de chuspóir ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha amhail iad siúd atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa a síníodh in Torino an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe, fostaíocht a chur ar aghaidh, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, ionas go bhféadfar iad a chomhchuibhiú fad atá an feabhsúchán á choimeád ar bun, cosaint shóisialta chuí, idirphlé idir an lucht bainistíochta agus an lucht saothair, forbairt acmhainní daonna d’fhonn ardleibhéil fostaíochta a chothú, agus an t-eisiamh a chomhrac;

C.  de bhrí go bhfuil oibleagáid ar AE agus ar na Ballstáit rochtain a áirithiú do chách ar thithíocht chuibhiúil inacmhainne i gcomhréir le cearta bunúsacha amhail Airteagail 16, 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

D.  de bhrí, de réir Airteagal 36 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go n-aithníonn agus go n-urramaíonn an tAontas rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta dá bhforáiltear i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta, i gcomhréir leis na Conarthaí, chun comhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn; de bhrí go ndéanann údaráis phoiblí na mBallstát seirbhísí leasa ghinearálta a aicmiú amhlaidh, agus dá bhrí sin go bhfuil siad faoi réir oibleagáidí sonracha na seirbhíse poiblí; de bhrí gur féidir leis an stát nó leis an earnáil phríobháideach na seirbhísí sin a sholáthar; de bhrí go n-áirítear sna seirbhísí sin tithíocht shóisialta mar sheirbhís sóisialta chun leasa cách; de bhrí go bhfreagraíonn seirbhísí sóisialta chun leasa cách do riachtanais saoránach leochaileach, i gcomhréir le prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na rochtana comhionainne; de bhrí, leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Cáilíochta do Sheirbhísí Leasa Ghinearálta in AE, go ráthaítear rochtain ar sheirbhísí riachtanacha do gach saoránach agus go gcuirtear cáilíocht na seirbhísí sóisialta chun cinn;

E.  de bhrí go n-iarrtar le SDG 11 le haghaidh spriocanna sonracha do 2030 rochtain a áirithiú do chách ar thithíocht leormhaith, shábháilte agus inacmhainne agus ar sheirbhísí bunúsacha, chun slumaí a uasghrádú agus chun feabhas a chur ar uirbiú cuimsitheach agus inbhuanaithe agus ar acmhainneacht le haghaidh lonnaíochtaí agus bainistiú daonna rannpháirtíoch, comhtháite agus inbhuanaithe i ngach tír;

F.  de bhrí go mbíonn deacrachtaí ag líon méadaitheach daoine ísealioncaim agus meánioncaim a bhfuil cónaí orthu in AE tithíocht inacmhainne a aimsiú, go mbíonn ró-ualach orthu de bharr costais tithíochta agus cothabhála, go bhfuil siad ag maireachtáil i dtithíocht ina bhfuil ábhair imní sábháilteachta, nach bhfuil sláintiúil, atá ar chaighdeán íseal, neamh-inrochtana, neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de nó plódaithe, nó go bhfuil siad gan dídean nó i mbaol a ndíshealbhaithe;

G.  de bhrí nach gcuirfidh méadú ar thionscadail tithíochta atá curtha i gcrích feabhas suntasach ar an rochtain ar thithíocht dóibh siúd a bhfuil a n-ioncam ró-íseal chun ligean dóibh cíosanna margaidh a íoc, agus ró-ard chun go mbeidh siad cáilithe le haghaidh tithíochta sóisialta; de bhrí go ndéanann an fhadhb seo difear go háirithe do thuismitheoirí aonair, do theaghlaigh mhóra agus do dhaoine óga atá ag dul isteach sa mhargadh saothair;

H.  de bhrí, de réir mheastacháin Eurofound, go gcosnaíonn tithíocht neamhleor EUR 195 billiún ar gheilleagair AE in aghaidh na bliana(29); de bhrí go raibh cónaí ar 17,1 % de mhuintir AE in 2018 i dteaghaisí plódaithe(30); de bhrí go bhfuil 28,5 % de na daoine óga idir 25 agus 34 bliana d’aois ina gcónaí lena dtuismitheoirí in AE; de bhrí go bhfuil tionchar ag roinnt tosca, atá socheacnamaíoch den chuid is mó, agus ag infhaighteacht na tithíochta ar an bhfigiúr sin(31); de bhrí go mbeidh breis agus dhá thrian den daonra domhanda ina gcónaí i gcathracha faoi 2030(32);

I.  de bhrí gurb ionann an sciar de dhaonra AE a chaitheann níos mó ná 40 % dá n-ioncam indiúscartha ar thithíocht idir 2010 agus 2018 agus 10,2 % cé gur taifeadadh difríochtaí suntasacha idir Ballstáit AE;

J.  de bhrí go bhfuil praghsanna tithíochta ag fás go seasta gach bliain agus ag ráta níos tapúla ná ioncam indiúscartha; de bhrí gurb í tithíocht an mhír caiteachais is airde do shaoránaigh na hEorpa anois;

K.  de bhrí go meastar go nginfidh an margadh tithíochta tuairim is EUR 25 trilliún, agus dá bhrí sin go bhfuil sé ríthábhachtach ó thaobh poist a chruthú agus ó thaobh gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh, a imríonn tionchar ar shoghluaisteacht saothair, ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar éileamh agus athléimneacht an bhonneagair, ar iompar inbhuanaithe agus ar fhorbairt uirbeach, i measc go leor réimsí eile;

L.  de bhrí go bhfuil meath tagtha le blianta beaga anuas ar inacmhainneacht tithíochta agus ar dhálaí tithíochta d’úinéirí agus do chíosóirí ar ioncam íseal; de bhrí gur chaith beagnach 38 % de theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta níos mó ná 40 % dá n-ioncam indiúscartha ar thithíocht; de bhrí go n-ardaíonn líon na ndaoine in AE atá i mbaol bochtaineachta go 156 milliún má chuirtear na costais tithíochta san áireamh;

M.  de bhrí go bhfuil ardú tagtha ar chostais chíosa in AE le deich mbliana anuas, agus gur tháinig méadú freisin ar phraghsanna tithe in 22 Bhallstát idir 2007 agus 2019;

N.  de bhrí go dtugann an fhianaise is déanaí a bailíodh tar éis ráig phaindéim COVID-19 le fios go bhféadfadh an cúlú eacnamaíoch agus cailliúint post cur le ró-ualach na gcostas tithíochta agus na rátaí easpa dídine san Aontas Eorpach;

O.  de bhrí go ndéanann an ghéarchéim tithíochta difear níos tromchúisí do cheantair uirbeacha in a lán Ballstát, áit a bhfuil sé deacair tithíocht inacmhainne a fháil ar phraghsanna margaidh, lena n-áirítear do theaghlaigh meánioncaim;

P.  de bhrí go bhfuil an ghéarchéim tithíochta ag tarlú i dtíortha saibhre agus i dtíortha nach bhfuil chomh saibhir araon, a bhfuil an t-eisiamh sóisialta agus leithscaradh spáis mar thoradh uirthi; de bhrí go bhfuil rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne níos deacra do ghrúpaí leochaileacha amhail oibrithe bochta, mná, daoine óga, go háirithe daoine óga dífhostaithe, tuismitheoirí aonair, teaghlaigh mhóra, daoine scothaosta, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí astu féin, daoine LGBTIQ, imircigh, dídeanaithe, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil tinneas fisiciúil nó síciatrach orthu, agus daoine ó phobail imeallaithe, lena n-áirítear an pobal Romach;

Q.  de bhrí gur ghéaraigh géarchéim COVID-19 an neamhdheimhneacht tithíochta, an rófhéichiúnas, agus baol na díshealbhaithe agus na heaspa dídine, agus gur léirigh sí staideanna neamhbhuana go leor daoine, go háirithe daoine scothaosta, ach oibrithe imirceacha agus oibrithe séasúracha freisin, nach bhfuil rochtain acu ar thithíocht a chomhlíonann riachtanais sláinte agus scartha shóisialta;

R.  de bhrí gur léirigh suirbhé Eurofound ar COVID-19 in Aibreán 2020 gur mheas 38 % de na freagróirí go raibh a staid airgeadais imithe in olcas cheana féin, agus go ndúirt 47 %(33) go raibh deacrachtaí acu greim a choinneáil faoin bhfiacail – figiúr a mhéadaíonn go 87 % i measc daoine dífhostaithe; de bhrí go raibh gar do 30 % acu chun deiridh ar a mbillí fóntais agus 22 % ar íocaíochtaí cíosa nó morgáiste, agus eagla ar an gcúigiú cuid acu maidir le cobhsaíocht a staide cóiríochta de dheasca riaráistí cíosa; de bhrí go léiríonn taighde Eurofound gur thuairiscigh 14 % de mhuintir AE28 in 2016 go raibh siad chun deiridh toisc nach raibh siad in ann íocaíochtaí a dhéanamh mar a bhí sceidealta le haghaidh cíosa nó morgáistí, creidmheasanna do thomhaltóirí, iasachtaí ó chairde nó teaghlaigh, nó billí fóntais nó teileafóin; de bhrí go bhfuil 21 % i mbaol rófhéichiúnais má chuirtear san áireamh na daoine a bhfuil deacrachtaí (nó mórdheacrachtaí) acu greim a choinneáil faoin bhfiacail, ach nach bhfuil aon riaráiste acu (fós);

S.  de bhrí go raibh tionchar tubaisteach ag paindéim COVID-19 ar mhargadh saothair na hEorpa, agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair den tuairim gurb í ba chúis le 44 milliún post lánaimseartha a cailleadh sa dara ráithe de 2020, bunaithe ar líon na n-uaireanta oibre; de bhrí go bhfuil an ghéarchéim COVID-19 tar éis staid na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus carthanachta a chabhraíonn go traidisiúnta le daoine i gcúinsí deacra tithíochta nó saoil a dhéanamh níos measa, agus gur eascair éiginnteacht as sin faoi cé acu an féidir nó nach féidir leo leanúint dá seirbhísí a chur ar fáil;

T.  de bhrí go sainmhínítear díshealbhú éigeantach mar aistriú buan nó sealadach in aghaidh a dtola de dhaoine aonair, de theaghlaigh agus/nó de phobail ó na tithe agus/nó ón talamh ina bhfuil siad, gan soláthar ná rochtain ar chineálacha iomchuí cosanta dlíthiúla nó eile a chomhlíonann an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine; de bhrí gur aithníodh díshealbhú éigeantach le fada mar ollshárú ar chearta an duine;

U.  de bhrí gur dúshlán tromchúiseach í an easpa tithíochta cuí do go leor saoránach in AE; de bhrí nach bhfuil aon fhigiúirí beachta ann faoi láthair maidir le líon na ndaoine gan dídean in AE, agus go bhfuil sonraí a bhailítear go mionchúiseach mar bhonn le haon bheartas poiblí éifeachtach;

V.  de bhrí gur tháinig méadú ar rátaí easpa dídine le deich mbliana anuas i roinnt mhaith Ballstát mar gheall ar an méadú ar chostais tithíochta, ar thionchar na géarchéime eacnamaíche, agus ar bheartais ina dhiaidh sin lena n-áirítear cláir agus sochair shóisialta a reo nó a ghearradh;

W.  de bhrí gur straitéis chomhtháite é clár ‘An Tithíocht ar dTús’ chun dul i ngleic le heaspa dídine ina gcomhcheanglaítear tithíocht tacaíochta le seirbhísí sóisialta agus lánpháirtiú daoine gan dídean sa mhargadh saothair; de bhrí gur féidir, le glacadh a phrionsabal ag na Ballstáit, cabhrú go mór leis an easpa dídine a laghdú;

X.  de bhrí go dtugann Prionsabal 19 de EPSR aghaidh ar chúnamh tithíochta agus easpa dídine; de bhrí gur fhógair an Coimisiún go gcuirfidh sé plean gníomhaíochta i láthair chun é a chur chun feidhme faoi mhí Feabhra 2021; de bhrí gurb ionann easpa dídine agus sárú ar an gceart chun tithíocht leormhaith agus ar chearta eile an duine lena n-áirítear an ceart chun neamh-idirdhealaithe, sláinte, uisce agus sláintíochta, slándáil an duine, agus saoirse ó chóireáil atá cruálach, tarcaisneach agus mídhaonna(34), agus go bhfuil sé doréitithe go bunúsach le cuspóirí AE maidir le dul chun cinn sóisialta agus a mhúnla sóisialta; de bhrí gur minic a chuirtear daoine gan dídean agus daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht neamhfhoirmiúil faoi réir coiriúlú, ciapadh, stiogmatú, eisiamh sóisialta agus cóir idirdhealaitheach mar gheall ar a stádas tithíochta; de bhrí gur minic a dhiúltaítear rochtain ar shaoráidí sláintíochta dóibh, go ndéantar iad a bhailiú agus a thiomáint ó phobail, agus go mbíonn siad faoi réir fíorchineálacha foréigin; de bhrí go bhfuil an t-ionchas saoil atá ag daoine gan dídean i bhfad níos ísle ná ionchas saoil an phobail i gcoitinne;

Y.  de bhrí gur cheart go n-áireofaí ar an sainmhíniú ar easpa dídine an ghné ábhartha a bhaineann leis (an easpa tithíochta atá leormhaith) chomh maith lena ghné shóisialta (áit shlán chun caidreamh teaghlaigh nó sóisialta a bhunú, páirt a ghlacadh i saol an phobail agus saol faoi dhínit a chaitheamh)(35); de bhrí gur léirigh géarchéim COVID-19 gur ábhar sláinte poiblí é an easpa dídine a chomhrac, agus gur féidir teacht ar réitigh, mar shampla trí thithíocht shealadach a chur ar fáil agus moratóir a chur ar dhíshealbhú, bearta atá curtha chun feidhme i roinnt Ballstát;

Z.  de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar easpa dídine i 24 Bhallstát ar a laghad; de bhrí go gcaithfidh 700 000 duine gan dídean san Aontas Eorpach codladh i bhfoscadh nó ar an tsráid aon oíche ar leith, ar méadú 70 % é le 10 mbliana anuas;

AA.  de bhrí go bhfuil ganntanas tithíochta sóisialta inacmhainne agus tithíochta inrochtana; de bhrí go bhfuil cónaí ar 9,6 % de dhaonra AE-27 i dteaghlaigh a chaitheann 40 % nó níos mó dá n-ioncam indiúscartha comhionann ar thithíocht(36); de bhrí go bhfuil an t-ualach costais tithíochta níos troime do dhaoine faoi mhíchumas, agus go n-ardaíonn an ráta ró-ualaigh tithíochta 12,5 % do dhaoine faoi mhíchumas i gcomparáid le 9,9 % dóibh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas;

AB.  de bhrí gur gá breathnú ar inacmhainneacht tithíochta ina caidreamh foriomlán le patrúin agus forbairtí ioncaim, chomh maith le ceartas dáilte agus ardú iomarcach ar chostais tithíochta, agus go bhfuil gné shoiléir inscne ag baint leis; de bhrí go ndéanann teipeanna sa mhargadh tithíochta comhtháthú sóisialta san Eoraip a chur i mbaol, easpa dídine agus bochtaineacht a mhéadú, agus go ndéanann siad difear don mhuinín as an daonlathas; de bhrí, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin go léir, nach mór d’údaráis náisiúnta agus áitiúla a bheith in ann beartais tithíochta leormhaithe a ghlacadh, lena n-áirítear bearta Státchabhrach, chun dálaí agus tacaíocht a chruthú d’infheistíochtaí i dtithíocht shóisialta agus i dtithíocht inacmhainne;

AC.  de bhrí nach ionann leibhéal an chaiteachais phoiblí ar chaiteachas a bhaineann le tithíocht shóisialta i ngach tír san Eoraip, agus béim níos mó á cur ag roinnt tíortha ar thacaíocht tithíochta poiblí ná ag tíortha eile; de bhrí, áfach, go bhfuil gá le tithíocht shóisialta ó ghéarchéim airgeadais 2008 i leith, toisc go bhfuil brú airgeadais méadaithe ar dhaoine aonair ar ioncam níos ísle a bhaineann le tithíocht; de bhrí gur gnách le tíortha a chuireann samhail uilíoch maidir le tithíocht shóisialta i bhfeidhm earnálacha móra tithíochta ar cíos a bheith acu, agus é mar aidhm uileghabhálach acu go léir meascadh sóisialta a chur chun cinn agus leithscaradh bunaithe ar thosca socheacnamaíocha a chosc(37);

AD.  de bhrí, in 2018, gur tháinig ardú ar phraghsanna tithe i mbeagnach gach Ballstát i gcomparáid le 2015; de bhrí go bhfuil ardú 5 % ar an meán tagtha ar phraghsanna tithe AE le trí bliana anuas;

AE.  de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar infheistíocht phoiblí i dtithíocht shóisialta le blianta beaga anuas; de bhrí nach bhfuil sa chaiteachas ar thithíocht shóisialta (aistrithe agus caipiteal) ag rialtais ach 0,66 % de OTI na hEorpa, atá íseal i gcomparáid leis na leibhéil stairiúla a bhí ann le déanaí agus atá ag dul i laghad;

AF.  de bhrí go bhfuil stoc tithíochta AE ag dul i méid go suntasach ach is fadhb shuntasach fós é an ganntanas tithíochta;

AG.  de bhrí go bhfuil ró-ualach ar 10,3 % de dhaoine in AE de dheasca costais tithíochta;

AH.  de bhrí go mbíonn tionchar diúltach ag dálaí tithíochta agus easpa dídine, ní hamháin ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach, ar fholláine agus ar chaighdeán maireachtála na ndaoine, ach freisin ar an rochtain atá acu ar fhostaíocht agus ar an rochtain atá acu ar sheirbhísí eacnamaíocha agus sóisialta eile;

AI.  de bhrí go mbíonn tionchar dearfach ag an rochtain ar shaoráidí áineasa, ar ionaid phobail, ar pháirceanna agus ar spásanna glasa freisin ar dhálaí maireachtála; de bhrí gur cheart go dtacódh infheistíochtaí i dtithíocht shóisialta freisin le bonneagar níos fisiciúla a thógáil atá bunaithe ar an bpobal (ionaid phobail, áiseanna spóirt, etc.) agus le cláir phobail chun caighdeán saoil daoine a fheabhsú tuilleadh;

AJ.  de bhrí gur shainaithin EDS go bhfuil an tithíocht mar phríomhearnáil le haghaidh gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le neamhionannais sláinte(38); de bhrí nach bhfuil seomra folctha, cithfholcadán ná áiseanna leithris laistigh ag 2,1 % de shaoránaigh na hEorpa ina dteaghaisí; de bhrí go bhfuil cónaí ar fhormhór na saoránach sin i gcúig Bhallstát: an Rómáin (27,7 %), an Bhulgáir (15,3 %), an Liotuáin (10,6 %), an Laitvia (9,9 %) agus an Eastóin (5,3 %)(39); de bhrí gur fhulaing limistéir thuaithe go háirithe de bharr tearcinfheistíochta sa rochtain ar shláintíocht agus ar fhóntais bhunúsacha eile; de bhrí gur chóir don Aontas Eorpach, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú;

AK.  de bhrí, de réir an Choimisiúin, go bhfuil baol níos airde ann, de ghnáth, go mbeidh géardhíth tithíochta ann do theaghlaigh a bhfuil leanaí acu, agus go bhfuil sciar na leanaí atá ina gcónaí i dteaghlach plódaithe níos airde do leanaí atá faoi bhochtaineacht ná don phobal i gcoitinne; de bhrí go bhfuil easpa rochtana ar thithíocht shóisialta ina bacainn ar leanaí atá dearóil mar gheall ar sholáthar neamhleor tithíochta sóisialta, rud a fhágann tréimhsí feithimh fada; de bhrí gur príomhghné de shláinte, folláine, fás agus forbairt leanaí í tithíocht théite mar is ceart le huisce sábháilte agus sláintíocht agus tithíocht i gcoitinne; de bhrí go gcabhraíonn tithíocht leormhaith freisin le leanaí agus iad ag foghlaim agus ag staidéar(40);

AL.  de bhrí gur sciúirse leanúnach í an bhochtaineacht fuinnimh, go bhfuil tionchar aici ar na milliúin duine in AE, agus de bhrí go bhfuil COVID-19 ag doimhniú na géarchéime seo, agus go bhfuil méadú mór tagtha ar thomhaltas fuinnimh agus ar bhillí dá bharr; de bhrí, ina theannta sin, mar thoradh ar COVID-19 gur chaill líon mór oibrithe a bpoist nó cuid dá n-ioncam, in ainneoin na mbeart tacaíochta airgeadais agus na scéimeanna oibre gearr-ama a thug formhór na mBallstát isteach agus ar thacaigh AE leo; de bhrí gur minic nach leor sochair tithíochta agus fóirdheontais chíosa chun costais tithíochta iarbhír a chlúdach, agus, i roinnt tíortha, go gcuireann critéir an-docht cosc ar rochtain ar shochair tithíochta do ghrúpaí leochaileacha;

AM.  de bhrí go bhfuil an tsochaí ag dul in aois agus go bhfuil athrú déimeagrafach á dhéanamh uirthi; de bhrí go n-athraítear riachtanais tithíochta le dul in aois i gcomhréir le hathruithe ar an stíl mhaireachtála nó ar staid an teaghlaigh; de bhrí go n-áirítear ar na bacainní ar thithíocht easpa inrochtaineachta, uaigneas, imní sábháilteachta agus costais chothabhála;

AN.  de bhrí gur chóir do theaghaisí a bheith sábháilte, compordach agus éasca le cothabháil, agus go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na teaghaisí sin do dhaoine aosta;

AO.  de bhrí go bhfuil tionchar díreach ag éifeachtúlacht fuinnimh an stoic tithíochta ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar chostas cothabhála; de bhrí go bhfuil an margadh gáis agus fuinnimh ar cheann de na hearnálacha is mó brabús ar domhan, cé nach bhfuil beagnach 7 % de theaghlaigh AE in ann a mbillí fóntais a íoc(41); de bhrí go n-íocann teaghlaigh ar ioncam níos ísle níos mó le haghaidh fuinnimh freisin; de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an Rabharta Athchóirithe maidir le fuinneamh a shábháil, costais agus tomhaltas fuinnimh a laghdú, agus dá bhrí sin cuidiú le bochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus compord, sláintíocht agus dálaí maireachtála a fheabhsú do chách;

AP.  de bhrí gur cuspóir coiteann sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide é dícharbónú gheilleagar AE faoi 2050, agus go bhfuil an fuinneamh a úsáidtear le haghaidh foirgnimh a théamh agus a fhuarú ar cheann de na cúiseanna is mó leis sin; de bhrí gur leag an tAontas Eorpach sprioc amach dó féin, trí Chomhaontú Glas na hEorpa, foirgnimh a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh;

AQ.  de bhrí go bhfuil os cionn 500 teaghais in aghaidh gach 1 000 áitritheoir i níos mó ná leath de Bhallstáit AE; de bhrí go bhfuil an figiúr sin is airde i dtíortha ar ceann scríbe turasóireachta iad, áit nach gcabhraíonn tithe saoire a thógtar le haghaidh saoire mórshéasúir in áiteanna móra turasóireachta le freastal ar riachtanais tithíochta na sochaí i gcoitinne(42);

AR.  de bhrí, i measc daoine atá ina gcónaí gan dídean, i gcóiríocht neamhfhoirmiúil nó i dtithíocht neamhleor, go ndéantar ionadaíocht dhíréireach ar dhídeanaithe, iarrthóirí tearmainn, imircigh, go háirithe iad siúd gan doiciméid, daoine easáitithe ina dtír féin, daoine gan stát, daoine faoi mhíchumas, leanaí agus daoine óga, daoine dúchasacha, mná, daoine LGBTIQ, daoine scothaosta agus baill de mhionlaigh chiníocha, eitneacha agus reiligiúnacha, agus gur minic a dhéantar iad a dhícháiliú chuig na limistéir is imeallaí agus is neamhshábháilte; de bhrí gur minic a dhéantar idirdhealú trasnach ar na daoine réamhluaite mar thoradh ar a stádas tithíochta; de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach gach idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach agus é ag féachaint leis sin a dhéanamh trína chuid beartas agus gníomhaíochtaí a shainiú agus a chur chun feidhme;

AS.  de bhrí gur ghlac an Coimisiún a chéad Straitéis Comhionannais LGBTIQ an 12 Samhain 2020;

AT.  de bhrí gur mhol Coiste Airí Chomhairle na hEorpa do na Ballstáit in CM/Rec(2010)5 go ndéanfaí bearta chun a áirithiú go mbeadh rochtain éifeachtach agus chomhionann ag gach duine ar thithíocht leormhaith, gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais gnéaschlaonta nó féiniúlachta inscne; de bhrí gur mhol sé freisin gur cheart aird iomchuí a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le heaspa dídine daoine LGBTIQ, lena n-áirítear daoine óga agus leanaí, a d’fhéadfadh a bheith i bhfíorbhaol an eisiata shóisialta, lena n-áirítear ina dteaghlaigh féin;

AU.  de bhrí go leagtar béim sa staidéar a rinne an Coimisiún maidir le haitheantas dlíthiúil inscne in AE ar idirdhealú in aghaidh daoine trasinscneacha agus neamh-chomhréireacha ó thaobh inscne de maidir le rochtain ar an margadh tithíochta, lena n-áirítear caillteanas a dtithe mar gheall ar an gceanglas colscartha a bhaineann le roinnt próiseas aitheanta inscne in AE; de bhrí go gcuireann an rochtain ar aitheantas dlíthiúil inscne leis an dóchúlacht go n-aimseoidh daoine tithíocht i gcásanna inar gá doiciméid a sholáthar atá ag teacht lena léiriú inscne;

AV.  de bhrí go bhfuil líon suntasach inniúlachtaí ag an gCoimisiún a bhaineann leis an margadh tithíochta, lena n-áirítear maoirseacht ar bhaincéireacht, beartas airgeadaíochta, iasachtaí, agus creidmheas morgáiste, lena n-áirítear rialacha staonta agus socrú fiachais, chomh maith le hacmhainneacht idirghabhála i gcás boilgeoga airgeadais, costas poiblí a bhaineann le maoiniú sóisialta iasachtaí tithíochta agus iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna); de bhrí, de réir Phrótacal 26 de CFAE, gur cheart go mbeadh comhlíonadh seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta, amhail tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar, bunaithe ar thascanna sonracha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a léiríonn na riachtanais agus tacaíocht chomhréireach do thithíocht agus do phobail;

AW.  de bhrí go bhfuil ról suntasach ag éadálacha amhantracha tithíochta agus talún sa mhéadú leanúnach ar phraghsanna tithíochta; de bhrí gur féidir méadú géar agus leanúnach ar phraghsanna tithe agus cíosanna margaidh a thabhairt faoi deara, go háirithe i gcathracha agus i limistéir uirbeacha nó fho-uirbeacha;

AX.  de bhrí go sainmhínítear díshealbhú éigeantach mar aistriú buan nó sealadach in aghaidh a dtola de dhaoine aonair, de theaghlaigh agus/nó de phobail ó na tithe agus/nó ón talamh ina bhfuil siad, gan soláthar ná rochtain ar chineálacha iomchuí cosanta dlíthiúla nó eile a chomhlíonann an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine; de bhrí gur aithníodh díshealbhú éigeantach le fada mar ollshárú ar chearta an duine;

Tithíocht leormhaith agus shláintiúil atá tíosach ar fhuinneamh a bhaint amach

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-aithneofar an ceart chun tithíochta leordhóthanaí agus go mbeidh sé in-fhorfheidhmithe mar cheart bunúsach an duine trí fhorálacha reachtacha Eorpacha agus náisiúnta is infheidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ag cách ar thithíocht chuibhiúil, lena n-áirítear uisce óil glan agus ardcháilíochta, sláintíocht agus sláinteachas leormhaith agus cothrom, nasc le líonraí séarachais agus uisce, timpeallacht laistigh ardcháilíochta agus ar phraghas réasúnta, iontaofa, inbhuanaithe do chách, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an mbochtaineacht de gach cineál a dhíothú, cearta an duine a chosaint i gcás teaghlach atá faoi mhíbhuntáiste agus tacú leis na grúpaí is leochailí, chun a sláinte agus a bhfolláine a chosaint;

2.  á athdhearbhú a glao go ndéanfaí gníomhaíocht ar fud AE i ndáil le moratóir ar dhíscor ó théamh an gheimhridh, agus ag iarraidh sos cogaidh geimhridh a thabhairt isteach; ag cáineadh imchéimniú an mhoratóra trí gan téamh a nascadh san fhómhar, rud a fhágann go bhfuil an moratóir neamhéifeachtach dá bhrí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go nglacfaidh soláthróirí leictreachais scéimeanna cosanta chun soláthar intíre fuinnimh na ndaoine is mó atá i ngátar a ráthú, ós rud é go bhfuil rochtain ar bhunseirbhísí fóntais amhail uisce, leictreachas agus sláintíocht bunriachtanach chun spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach;

3.  á iarraidh go dtabharfaí isteach ar leibhéal an Aontais íoscheanglais éigeantacha do thithe sláintiúla, lena n-áirítear cáilíocht an aeir laistigh, ar cheart iad a ailíniú le treoirlínte EDS ar a laghad; á iarraidh ar na Ballstáit rialacha bunúsacha na sláintíochta poiblí agus na sláinte poiblí a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, chomh maith le treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le tithíocht, sláinte agus teocht leormhaith agus dea-chleachtais agus machnamh a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta a chomhroinnt;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do laghdú astaíochtaí agus d’éifeachtúlacht fuinnimh trí athchóiriú tithíochta; ag tacú leis an mbéim atá á leagan ag an Rabharta Athchóirithe ar dhul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leis na foirgnimh a bhfuil an fheidhmíocht is measa acu, i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail Chomhaontú Glas na hEorpa, chun a áirithiú go mbeidh aistriú cóir sóisialta ann chuig geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de agus nach bhfágfar aon duine ar lár; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar thithíocht shóisialta, ar thithe teaghlaigh aonair agus ar fhoirgnimh ilárasán úinéir-áitithe, chomh maith le dul i ngleic le tithíocht neamhleor agus rochtain tithíochta; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart tionóntaí agus úinéirí-áititheoirí a chur ar an eolas go hiomlán agus iad a bheith páirteach i dtionscadail athchóirithe agus nár cheart go bhfeicfidís méadú ar na costais fhoriomlána mar gheall orthu;

5.  á iarraidh ar na Ballstáit feachtais choigilte fuinnimh a reáchtáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag caighdeáin íosta i bhfeidhmíocht fuinnimh (CIFF) maidir le toirt agus méid an athchóirithe a spreagadh sna foirgnimh is measa ó thaobh feidhmiú de, agus á chur in iúl gur geal léi an plean sa Rabharta Athchóirithe chun caighdeáin íosta éigeantacha i bhfeidhmíocht fuinnimh a thabhairt isteach d’fhoirgnimh atá ann cheana chun athbhreithniú a dhéanamh go luath ar na Treoracha maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh;

6.  á chur in iúl gur geal léi tacaíocht an Choimisiúin sa Rabharta Athchóirithe maidir le réitigh a mhaoiniú do theaghlaigh ar ioncam íseal; á chur in iúl gur geal léi samhail na neodrachta ó thaobh costais tithíochta de (lena n-áirítear cíos, fuinneamh agus costais oibriúcháin, agus cánacha áitiúla), ós rud é go bhfuil spriocanna sóisialta agus aeráide le chéile ann, agus go gcuirtear cosc ar ‘dhíshealbhú de bharr athchóirithe’ (díshealbhuithe ar na forais gur gá athchóiriú mórscála a dhéanamh ar fhoirgneamh), lena n-áirithítear go mbeidh na méaduithe cíosa cothrom go hiomlán le coigiltí fuinnimh; á chur i bhfáth gur gá tionóntaí a chosaint ar dhíshealbhú le linn athchóiriú tithíochta;

7.  ag tabhairt dá haire go mbeidh rannpháirtíocht, cumarsáid agus dreasachtaí airgeadais ríthábhachtach chun dreasachtaí a chur ar fáil d’athchóiriú, go háirithe i bhfoirgnimh ilárasán; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar institiúidí maoiniúcháin a áirithiú go mbeidh cistiú athchóirithe ar fáil go forleathan, agus go mbeidh incháilitheacht do gach catagóir úinéireachta dó, lena n-áirítear i gcásanna nach ann do chumainn úinéirí tí;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt don Rabharta Athchóirithe sa chreat airgeadais ilbhliantúil agus in Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, daoine atá i staideanna leochaileacha a chur i gcroílár na mbeartas téarnaimh, agus rochtain chothrom ar thionscadail athchóirithe a áirithiú do chách, toisc gur féidir le hinfheistíocht sa réimse sin gníomhú mar idirghabháil fhrith-thimthriallach lena bhféadfaí go leor post a chruthú; á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’athchóiriú ina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta chun rannchuidiú le hathchóiriú domhain 3 % ar a laghad ar stoc foirgneamh na hEorpa in aghaidh na bliana a bhaint amach; ag éileamh go dtabharfaí aird ar leith freisin ar na foirgnimh sin atá i mbaol mór ó chreatha talún i réigiúin na hEorpa ina dtarlaíonn siad go rialta;

9.  á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit tacú leis an ngeilleagar ciorclach in earnáil na tógála, agus prionsabail chiorclacha a bhfuil critéir ghlasa éigeantacha ag gabháil leo a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh agus táirgí; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit, agus roghanna le haghaidh athchóirithe á mbreithniú acu, tús áite a thabhairt do tháirgí foirgníochta atá déanta as ábhair ísealcharbóin inbhuanaithe neamhthocsaineacha atá éasca a dheisiú agus a athúsáid, agus aistriú tapa chuig foinsí inathnuaite fuinnimh le haghaidh téimh agus fuaraithe a spreagadh; á thabhairt chun suntais go gcruthófar sochair leathana eacnamaíocha, idir mhórshóisialta agus aonair, trí thithe níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a thógáil le hábhair níos inbhuanaithe agus níos buanfasaí ó thaobh an chomhshaoil de; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tithíocht shóisialta ghlas a thabhairt isteach ina bpleananna infheistíochta tithíochta, lena n-áirítear critéir inbhuanaitheachta tithíochta sóisialta;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh nuálaíocht agus comhpháirtíochtaí fadtéarmacha le haghaidh athchóirithe in earnáil na tithíochta sóisialta indéanta faoi rialacha soláthair phoiblí, amhail an cur chuige comharsanachta cliste a mholtar faoin Tionscnamh Tithíochta Inacmhainne sa Rabharta Athchóirithe;

11.  á iarraidh ar na Ballstáit cláir agus dreasachtaí a chur chun cinn do theaghlaigh chun maireachtáil gar dá chéile, naisc idirghlúine a neartú, agus a chur ar chumas daoine scothaosta a bhfuil orthu imeacht óna dtithe ar chúiseanna airgeadais nó sláinte chun cóiríocht nua a fháil a fhreastalaíonn ar a riachtanais gan iallach a bheith orthu imeacht ó na pobail a raibh siad páirteach iontu le blianta fada;

An easpa dídine agus an t-idirdhealú a chomhrac

12.  á iarraidh go mbeadh sprioc ar leibhéal AE ann chun deireadh a chur le heaspa dídine faoi 2030; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht níos láidre a ghlacadh chun tacú leis na Ballstáit an easpa dídine a laghdú agus a dhíothú mar thosaíocht i gcomhthéacs an phlean gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat AE a mholadh do Straitéisí Náisiúnta um Easpa Dídine, agus á iarraidh freisin ar na Ballstáit an prionsabal Tithíocht ar dTús a ghlacadh, agus tosaíocht a thabhairt do sholáthar buan tithíochta do dhaoine gan dídean lena n-áirítear trí bhearta réamhghníomhacha agus frithghníomhacha mar chuid dá Straitéisí Náisiúnta um Easpa Dídine, ar bhonn comhairliúcháin chórasaigh le heagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag obair i réimse na heaspa dídine, na bochtaineachta agus an idirdhealaithe;

14.  á chreidiúint gur cheart don Choimisiún tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar chur chun feidhme na samhlacha rathúla atá ann cheana, amhail An Tithíocht ar dTús, trí ionstraimí iomchuí maoiniúcháin amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa;

15.  ag cur béim ar an ngá atá le comhar idir-aireachta agus idir-rialtasach ó thaobh straitéisí den sórt sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus le rannpháirtíocht na bpríomhgheallsealbhóirí, agus á mholadh go ndéanfaí dea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit;

16.  ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le bailiú iontaofa sonraí maidir le heaspa dídine, lena n-áirítear easpa dídine don óige, le rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha agus na n-údarás ábhartha atá gníomhach i soláthar seirbhíse do dhaoine atá i mbaol easpa dídine nó daoine atá gan dídean cheana féin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sainmhíniú ar chreat comhroinnte agus táscairí comhleanúnacha a ghlacadh maidir leis an easpa dídine in AE lena bhféadfaí comhthuiscint ar an easpa dídine a chothú in AE agus comparáid chórasach a dhéanamh ar mhéid na heaspa dídine ar fud na mBallstát agus measúnú a dhéanamh air; agus lena bhféadfaí faireachán córasach a dhéanamh ar rátaí easpa dídine ar leibhéal an Aontais trí institiúidí amhail Eurostat; á iarraidh go n-úsáidfí uirlisí atá ann cheana amhail an Tíopeolaíocht Eorpach um Easpa Dídine agus Eisiamh Tithíochta;

17.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh agus cláir a chur chun feidhme do dhaoine óga a shroicheann 18 mbliana d’aois agus atá i mbaol a bheith gan dídean; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do dhaoine óga chun bogadh i dtreo maireachtáil neamhspleách, feabhas a chur ar an rochtain ar fhaisnéis faoi chistí do thithíocht ar phraghas réasúnta, agus a áirithiú go gcuideoidh an Ráthaíocht athbhreithnithe don Aos Óg le dul i ngleic le heaspa dídine na n-óg, atá ag dul i méid in go leor tíortha AE;

18.  á chur in iúl gur geal léi an aird ar easpa dídine LGBTIQ, go háirithe easpa dídine daoine óga LGBTIQ, sa Straitéis maidir le Comhionannas LGBTIQ; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí a chruthú chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí, chun taighde ar fud an Aontais a chothú, agus malartú bealaí cur chuige a éascú chun dul i ngleic leis an easpa dídine LGBTIQ idir na Ballstáit;

19.  ag athdhearbhú a hiarrata an 16 Eanáir 2014 go gcuirfí deireadh le coiriúlú na ndaoine gan dídean agus go n-athrófaí na cleachtais idirdhealaitheacha a úsáidtear chun daoine gan dídean a chosc ó rochtain a fháil ar sheirbhísí sóisialta agus ar fhoscadh;

20.  á iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar fhuathchoireanna agus ar theagmhais arna spreagadh ag an bporófóibe; á chur i bhfáth nach coir iad an bhochtaineacht ná an easpa dídine; ag tathant ar na Ballstáit sásraí a bhunú ina mbeartais phoiblí chun sábháilteacht daoine gan dídean a ráthú agus chun an phorófóibe a rangú mar fhuathchoir ina mbeartais slándála poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-idirdhealú ar fhorais easpa dídine nó stádas tithíochta eile a chosc agus dul i ngleic leis, agus aisghairm a dhéanamh ar na dlíthe agus ar na bearta go léir lena ndéantar coir nó pionós a ghearradh ar dhaoine as a bheith gan dídean nó as iompar a ghabhann le bheith gan dídean, amhail codladh nó ithe i spásanna poiblí, chomh maith le díbirt éigeantach daoine gan dídean ó spásanna poiblí a chosc, ach amháin má chuirtear rogha mhalartach shábháilte tithíochta ar fáil dóibh, agus chun scrios a gcuid giuirléidí pearsanta a chosc;

21.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bearta eisceachtúla chun easpa dídine a chosc agus chun daoine gan dídean a chosaint le linn ghéarchéim COVID-19, go háirithe moratóirí maidir le díshealbhuithe agus dícheangail ón soláthar fuinnimh, agus soláthar tithíochta sealadaí, a choimeád chomh fada agus is gá agus obair leantach a dhéanamh orthu le réitigh leormhaithe bhuana; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus carthanachta a chuireann seirbhísí sláinte agus sóisialta ar fáil do dhaoine gan dídean, agus na heagraíochtaí sin a chur chun cinn, agus cuidiú leo iad féin a chosaint ar COVID-19;

22.  ag aithint gur cheart, i gcásanna éigeandála áirithe, amhail nuair a bhíonn daoine i ndálaí forbhásacha riaracháin nó i gcomhair íospartaigh foréigin teaghlaigh, réitigh tithíochta éigeandála, amhail foscadáin, a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear iallach ar aon duine codladh lasmuigh mar gheall ar easpa roghanna malartacha cuibhiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun rochtain neamhchoinníollach a chur chun cinn dóibh siúd uile atá ina ghátar ar fhoscadán éigeandála de cháilíocht leormhaith i gcásanna ina bhfuil géarghá le tithíocht; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart an rochtain sin a sholáthar ach ar bhonn sealadach, agus nach rogha eile í ar réitigh struchtúracha amhail an cosc agus soláthar tithíochta leormhaithe agus tacaíochta sóisialta chun freagairt d’easpa dídine;

23.  á chur i bhfios go bhfuil mná an-leochaileach i leith na géarchéime tithíochta; ag cur béim ar an bhfíoras go ndéanann an bhochtaineacht difear níos mó do mhná, i ngeall, i bpáirt, ar an mbearna phá agus phinsin idir mná agus fir, agus toisc gur minice poist pháirtaimseartha acu; ag cur béim ar an bhfíoras gur minic easpa dídine na mban níos mó faoi cheilt, agus gur gá aghaidh a thabhairt uirthi go sonrach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige inscneach a fhorbairt ina Straitéisí Náisiúnta um Easpa Dídine chun tacú le mná atá gan dídean, ar minic iad in ucht tráma casta agus in ucht ath-thrámaithe, amhail trí fhoréigean baile agus mí-úsáid, scaradh óna leanaí, stiogmatú agus easpa spásanna sábháilte agus slána; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige inscneach a fhorbairt ina mbeartais tithíochta, go háirithe trí thacú le mná atá i ngleic le cásanna sonracha amhail tuismitheoireacht aonair;

24.  ag meabhrú go raibh mórthionchar ag an scaradh sóisialta agus ag an gcoraintín de dheasca COVID-19 ar an líon cásanna d’fhoréigean in aghaidh na mban, lena n-áirítear méadú ar an líon cásanna d’fhoréigean teaghlaigh agus de mhí-úsáid leanaí; ag meabhrú go bhfuil neamhspleáchas eacnamaíoch na mban ina phríomhuirlis chun dul i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, tacaíocht airgeadais a sholáthar do mhná a d’fhulaing foréigean inscne atá ar tí maireachtáil go neamhspleách, maille le rochtain níos fearr ar fhaisnéis faoi chistiú do thithíocht inacmhainne, mar bhealaí chun feabhas a chur ar a neamhspleáchas eacnamaíoch agus ar a gcaighdeán maireachtála;

25.  á iarraidh go mbeadh straitéis frithbhochtaineachta chuimsitheach agus chomhtháite ann lena ngabhann sprioc ainmnithe chun an bhochtaineacht a laghdú, lena n-áirítear bochtaineacht leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar ceart leanaí chun na tithíochta leormhaithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí thacaíocht ghaolmhar a thabhairt do thuismitheoirí a bhfuil deacrachtaí acu tithíocht a choinneáil nó a rochtain, ionas gur féidir leo fanacht lena leanaí, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine fásta óga atá ag fágáil institiúidí leasa leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún Ráthaíocht Eorpach don Leanbh a thíolacadh tráth nach déanaí ná 2021, ag a mbeidh buiséad tiomnaithe de EUR 20 billiún, lena n-áiritheofar, trína chur chun feidhme, gur féidir rochtain a bheith ag gach leanbh sin AE ar thithíocht chuibhiúil, inter alia;

26.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chomhionann ar thithíocht a áirithiú do chách, ciníochas agus frithghiofógachas a chomhrac, agus a ráthú nach mbeidh aon idirdhealú ann ar aon cheann de na forais a shonraítear in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an Chairt a chur chun feidhme, mar aon leis an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha, creat AE do chur chun feidhme Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas; á éileamh go dtabharfaidh siad aird ar leith ar an idirdhealú trasnach; á iarraidh ar an gComhairle an treoir chothrománach frith-idirdhealaithe a ghlacadh go pras; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht éifeachtach a dhéanamh ar thiomantas polaitiúil na mBallstát, agus tús a chur le nósanna imeachta um shárú i gcoinne na mBallstát sin nach bhforfheidhmíonn reachtaíocht frith-idirdhealaithe AE nó a dhéanann daoine gan dídean a choiriúlú;;

27.  ag tathant ar na Ballstáit beartais a shainiú agus a chur chun feidhme i gcoinne tiarnaí talún slumaí agus ainchíosaithe, agus dea-chleachtais ar na beartais sin a chomhroinnt;

28.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, go bhfuil dálaí na Romach ina mórimní i gcónaí, agus gur minic go leor acu ina gcónaí i lonnaíochtaí deighilte faoi dhálaí maireachtála atá faoi bhun an chaighdeáin; á iarraidh ar na Ballstáit dídheighilt spásúil a chur chun cinn, agus páirt a thabhairt do thairbhithe Romacha, i ndearadh, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht na gcéimeanna uile de thionscadail tithíochta, chun a áirithiú go héifeachtach go soláthrófar an fhaisnéis dóibh chun leas a bhaint as cistí atá ann cheana, maille leis na beartais agus na sásraí frith-idirdhealaithe chun dhíshealbhuithe éigeantacha a chosc, agus chun láithreáin stad leordhóthanacha agus iomchuí a sholáthar do Romaigh aistreacha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le feachtais feasachta oideachais agus poiblí, mar aon le hinfheistíochtaí poiblí ina leith sin, atá níos riachtanaí fós freisin mar gheall ar na contúirtí a bhaineann le paindéim COVID-19; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an gCiste um Aistriú Cóir mar atá beartaithe chun feabhas a chur ar staid na tithíochta, na sláinte agus na fostaíochta chun nach bhfágfar aon duine ar leataobh, lena n-áirítear an pobal Romach;

29.  ag tabhairt rabhadh go gcaithfear, chun go gcomhlíonfaidh aon díshealbhú an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, roinnt critéar a chomhlíonadh, lena n-áirítear rannpháirtíocht fhóinteach leo siúd atá buailte, iniúchadh ar gach rogha inmharthana, athlonnú chuig tithíocht leormhaith le comhaontú na dteaghlach atá buailte, ionas nach mbeidh aon duine gan dídean, maille le rochtain ar cheartas chun cothroime nós imeachta, mar aon le comhlíonadh chearta uile an duine, a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go measfar, i gcás nach gcomhlíontar na critéir sin, go ndearnadh díshealbhuithe éigeantacha, agus gur shárú iad ar an gceart chun tithíochta; ag éileamh go ndéanfar díshealbhuithe éigeantacha, mar a shainmhínítear faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, a chosc i ngach imthoisc;

30.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, gur minic a bhíonn dúshláin chasta éagsúla le sárú ag daoine faoi mhíchumas agus go mbíonn siad ar díth cineálacha éagsúla ceart sa tithíocht, amhail a n-easpa cirt maireachtáil sa phobal agus deiseanna comhionanna acu, easpa infhaighteachta na seirbhísí pobalbhunaithe a theastaíonn chun an t-aistriú ó chúram institiúideach go maireachtáil sa phobal a choimirciú, gur minic a bhíonn orthu maireachtáil in institiúidí cónaithe deighilte, bochtaineacht, a n-easpa rochtana ar chláir tithíochta, bacainní atá ann cheana ar inrochtaineacht, etc.; ag meabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit go bhforchuirtear oibleagáidí orthu leis an gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; á iarraidh go ndéanfar dí-institiúidiú tapa ar fud na hEorpa, agus go n-úsáidfear cistí de chuid an Aontais agus cistí náisiúnta atá ar fáil chun tithíocht inrochtana, neamhscartha a chruthú agus chun na seirbhísí pobalbhunaithe is gá a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar mhaithe lena gceart chun maireachtáil go neamhspleách sa phobal a choimirciú, agus chun comhdheiseanna a bheith acu páirt a ghlacadh sa tsochaí;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú nach n-úsáidfear aon chistí de chuid an Aontais ná de chuid na mBallstát le haghaidh tionscadail tithíochta is siocair le leithscaradh nó eisiamh sóisialta; á iarraidh ar na Ballstáit á iarraidh ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh i gcónaí ar cháilíocht na tithíochta ó thaobh na forbartha uirbí, na hailtireachta agus na feidhmiúlachta de chun feabhas a chur ar an dea-bhail do chách; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cláir agus dreasachtaí a chur chun cinn lena gcothaítear agus lena neartaítear naisc idirghlúine lena gcuirtear ar chumas daoine, go háirithe daoine scothaosta, a dtithe a fhágáil ar chúiseanna airgeadais nó sláinte chun cóiríocht nua a fháil a fhreastalaíonn ar a riachtanais gan iallach a bheith orthu cúl a thabhairt lena bpobail;

32.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibleagáid ghinearálta a fhorchur chun critéir inrochtaineachta a chomhlíonadh sa Rabharta Athchóirithe ar fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha atá beartaithe, agus leas a bhaint as a acmhainneacht chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta, agus dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí luaileacha agus céadfacha acu, chun an tithíocht a dhéanamh compordach dá háitritheoirí agus ‘slán i bhfad na haimsire’ i bhfianaise an athraithe dhéimeagrafaigh atá ag dul i méid;

Cur chuige comhtháite i leith tithíocht shóisialta, phoiblí agus inacmhainne ar leibhéal AE

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar an tithíocht mar cheann de chlocha coirnéil Phlean Gníomhaíochta EPSR; á mheabhrú di go bhfuil tionchar an-mhór ag beartais, cláir mhaoiniúcháin agus ionstraimí maoinithe AE ar mhargaí tithíochta, ar cháilíocht an stoic tithíochta agus ar shaol na saoránach; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chomhtháite ar leibhéal an Aontais a fhorbairt go práinneach do thithíocht shóisialta, phoiblí, neamhscartha agus inacmhainne, lena gcruthófar creat cumasúcháin d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun a áirithiú go ndéanfar tithíocht ardcháilíochta atá sábháilte, sláintiúil, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar do chách; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid den straitéis sin, feabhas a chur ar a ghníomhaíocht chun gach leibhéal rialtais a spreagadh le bheith rannpháirteach agus an ceart chun tithíocht chuibhiúil do chách á chur chun feidhme go hiomlán agus go comhsheasmhach;

34.  á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh an inacmhainneacht tithíochta a áireamh sa Seimeastar Eorpach; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go rannchuideoidh na moltaí tírshonracha uile go dearfach le cur chun feidhme iomlán agus comhsheasmhach phrionsabail EPSR, le gnóthú SFInna na Náisiún Aontaithe, agus spriocanna aeráide AE a shainítear sa Chomhaontú Glas; ag tathant ar na Ballstáit na moltaí tírshonracha maidir le hinacmhainneacht tithíochta a chur chun feidhme; á shonrú gur cheart pleananna tithíochta náisiúnta inacmhainne a áireamh sna Cláir Athchóirithe Náisiúnta, agus ag éileamh go mbunóidh an Coimisiún agus na Ballstáit straitéisí sonracha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an gceart chun tithíochta, amhail idirdhealú, amhantraíocht, iasachtú creachach, sciobadh talún, coinbhleachtaí, díshealbhuithe éigeantacha, díghrádú comhshaoil agus leochaileacht i leith tubaistí;

35.  á chur i bhfáth gur gá táscaire an Innéacs Praghsanna Tí a bheachtú; á mheas go bhfuil tithíocht ina tithíocht inacmhainne más leor ar a laghad fuílleach bhuiséad an áititheora chun caiteachas riachtanach eile le haghaidh saol faoi dhínit a chumhdach; á chur i bhfáth go gcaithfear sainmhíniú cuimsitheach a fhorbairt ar inacmhainneacht tithíochta ar leibhéal AE agus fós raon leathan táscairí amhail rátaí díshealbhaithe agus bochtaineachta a chur san áireamh; á chur i bhfios go bhfuil an tairseach tagartha reatha le haghaidh an ráta ró-ualaigh maidir le costas tithíochta de 40 % d’ioncam indiúscartha teaghlaigh ina léiriú neamhleor ar an líon teaghlach a bhfuil costais tithíochta ina ró-ualach orthu; á éileamh go ndéanfar athmheasúnú ar an tairseach tagartha, agus á iarraidh ar Eurostat sraith níos leithne sonraí a tháirgeadh maidir le caiteachas costais tithíochta teaghlach ó 25 % go 40 % den ioncam indiúscartha ag eatraimh 5%;

36.  ag tathant ar an gCoimisiún sonraí níos cruinne, ardcháilíochta agus inchomparáide maidir le margaí tithíochta a sholáthar, agus faireachán a dhéanamh ar inacmhainneacht tithíochta ar fud an Aontais, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, trí Staidreamh Eurostat ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (EU-SILC) agus tríd an bhFaireachlann Eorpach maidir le Bochtaineacht Fuinnimh, agus fós ilroinnt margaí tithíochta náisiúnta agus difríochtaí idir na Ballstáit a chur san áireamh;

37.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar na Ballstáit Cruinnithe Neamhfhoirmiúla na nAirí Tithíochta a thabhairt isteach athuair, páirt a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa iontu sin freisin, iad a oscailt do gheallsealbhóirí agus formáid athbhreithnithe de na Pointí Fócais Tithíochta a thíolacadh, chun sásra le haghaidh malartú faisnéise idir na Ballstáit a áirithiú, agus a bheith ina n-ardán chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le dul i ngleic le heaspa dídine agus tithíocht chuibhiúil agus inacmhainne a sholáthar;

38.  ag moladh do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile i ndáil le hinfheistíochtaí sóisialta a mhaoiniú lena ndírítear ar fhadhbanna tithíochta a réiteach leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach, a bhfuil ról lárnach ag go leor acu, agus ar féidir ról lárnach a bheith ag go leor acu, i bhforbairt agus cothabháil réiteach tithíochta leormhaith dóibh siúd atá leochaileach;

39.  á iarraidh ar na Ballstáit níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtithe altranais inrochtana do dhaoine scothaosta, le seirbhísí cúraim ardcháilíochta, inrochtana ag réimse níos leithne den phobal scothaosta;

Slándáil tionachta agus margaí tithíochta cuimsitheacha a áirithiú

40.  á chur i bhfios go gcaitheann 25,1 % de thionóntaí na hEorpa a íocann cíosanna ag praghsanna an mhargaidh níos mó ná 40 % dá n-ioncam ar chíos, agus go bhfuil cíosanna, ar an meán, ag méadú de shíor(43); á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla forálacha dlíthiúla a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear rialacháin cíosa shoiléire, chun cearta tionóntaí agus úinéirí-áititheoirí a chosaint, agus chun slándáil a chothú d’úinéirí agus do thionóntaí agus díshealbhuithe a chosc, lena n-áirítear de dhroim bearta athchóirithe, agus lena n-áirítear iadsan a bhfuil cónaí orthu i dteaghais arna díshealbhú ón stát mar chuid de phróiseas aisig; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trédhearcacht cíosa a áirithiú agus tacaíocht a sholáthar d’eagraíochtaí atá ag obair ar chosaint tionóntaí agus úinéirí-áititheoirí, agus nósanna imeachta um réiteach díospóidí dlíthiúla íseal-tairseacha a chur ar bun;

41.  á iarraidh ar na Ballstáit beartais tithíochta a shaothrú atá bunaithe ar phrionsabal na neodrachta idir úinéireacht bhaile, cóiríocht phríobháideach ar cíos agus tithíocht shóisialta ar cíos; á iarraidh ar an gCoimisiún an prionsabal sin a urramú sa Seimeastar Eorpach; á chreidiúint nár cheart an ceart chun tithíochta a shainmhíniú go cúng mar rochtain ar thithíocht shóisialta, ach i dtéarmaí níos leithne mar an ceart chun cónaí i dteach faoi shíocháin, faoi shlándáil agus faoi dhínit; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé critéir incháilitheachta thrédhearcacha a leagan síos do thithíocht shóisialta agus do thithíocht a mhaoinítear go poiblí chun rochtain chothrom ar thithíocht a áirithiú; ag moladh do na Ballstáit straitéisí náisiúnta a chur i bhfeidhm chun leithscaradh sóisialta a chosc trí dháileadh geografach níos leithne ar thithíocht shóisialta, atá ar fáil do gach saoránach gan beann ar stádas, inscne, reiligiún ná eitneacht; á iarraidh ar na Ballstáit é a dhéanamh níos éasca rochtain a fháil ar thithíocht, agus comharsanachtaí éagsúla a chur chun cinn trí rochtain fheabhsaithe ar shaoráidí creidmheasa agus cíos leis an gceart chun ceannach a dhéanamh do dhaoine óga, do theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, agus do dhaoine ó ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta agus go heacnamaíoch; ag moladh do na Ballstáit oibriú i gcomhar le hearnáil na baincéireachta chun iasachtaí inacmhainne Stát-urraithe a eisiúint i gcomhair na ngrúpaí sin, agus fós bolgáin agus rófhéichiúnas á chosc;

42.  á iarraidh ar na Ballstáit a bheith níos gníomhaí i ndáil le míchothromaíochtaí sa mhargadh tithíochta a cheartú, lena n-áirítear trí fhaisnéis chuimsitheach a sholáthar maidir le feidhmiú margaí tithíochta, líon agus dáileadh geografach idirbheart, treochtaí praghsanna i gcodanna sonracha den mhargadh, maille leis an acmhainneacht chun forbartha i gcodanna sonracha eile;

43.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil beartais agus bearta oiriúnacha lena dtacaítear le soláthar leormhaith tithíochta ríthábhachtach i ndáil le forbairt eacnamaíoch na tithíochta a chothromú agus a fheabhsú chun leasa na sochaí ina hiomláine agus timpeallacht mhaireachtála inacmhainne agus rathúil a áirithiú do chách; á chreidiúint go gcaithfidh na bearta a dhéanfar a bheith d’aon ghnó, nithiúil agus dírithe ar chur chun feidhme an chirt chun tithíochta laistigh de thréimhse ama réasúnta, agus nach mór do na Ballstáit dóthain acmhainní a leithdháileadh agus tús áite a thabhairt do riachtanais daoine aonair nó grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus imeallaithe agus a bhfuil cónaí orthu i ndálaí tithíochta forbhásacha; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, le tacaíocht ón gCoimisiún, a áirithiú go ndéanfar tithíocht shóisialta leordhóthanach, leormhaith agus inacmhainne a sholáthar chun riachtanais tithíochta na ndaoine aonair agus na ngrúpaí sin a chumhdach;

44.  á iarraidh ar na Ballstáit a mbeartais um thógáil tithe a fhorbairt, lena gcuirfear borradh faoin bhfás eacnamaíoch i gcomhthéacs phaindéim COVID-19;

45.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar airgeadrú an mhargaidh tithíochta, go háirithe i gcathracha, trína gcaitheann infheisteoirí leis an tithíocht mar shócmhainn intrádála seachas mar cheart de chuid an duine; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn beartais agus rialacháin AE le hairgeadrú an mhargaidh tithíochta agus ar chumas na n-údarás náisiúnta agus áitiúil an ceart chun tithíochta a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun infheistíocht amhantrach a chomhrac, agus beartais a ghlacadh lena dtaobhófar le hinfheistíochtaí fadtéarmacha sa mhargadh tithíochta, agus beartais pleanála uirbí agus tuaithe a fhorbairt lena dtaobhófar le tithíocht inacmhainne, meascán sóisialta agus comhtháthú sóisialta;

46.  á chur i bhfáth go bhfuil an trédhearcacht maidir le húinéireacht eastáit réadaigh agus idirbhearta ríthábhachtach chun saobhadh sa mhargadh tithíochta a chosc agus chun sciúradh airgid san earnáil sin a chosc; ag athdhearbhú na hoibleagáide atá ar an gCoimisiún faoin Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid i dtaobh tuarascáil a thabhairt, faoin 31 Nollaig 2020, ar an ngá atá ann faisnéis faoi úinéireacht eastáit réadaigh a chomhchuibhiú agus ar idirnascadh na gclár náisiúnta sin chun amhantraíocht a chosc; ag athdhearbhú, dá bhrí sin, gur iarr sí an 26 Márta 2019 gur cheart go mbeadh faisnéis ar a bhfuil rochtain ag an bpobal i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le húinéireacht thairbhiúil deiridh talún agus eastáit réadaigh;

47.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cosaint níos fearr a thabhairt d’iasachtaithe morgáiste ar dhíshealbhuithe; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh daoine arna ndíshealbhú in ann a gcearta a dhearbhú i gcúirt; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na rialacha iompair ceangailteacha reatha do chreidiúnaithe, do sheirbhíseoirí creidmheasa agus do cheannaitheoirí creidmheasa a neartú chun cleachtais mhíthreoracha, ciapadh agus sárú ar chearta an tomhaltóra a sheachaint, ar a laghad a mhéid a bhaineann le hiasachtaí morgáiste, nó más iomchuí rialacha nua a ghlacadh; á chreidiúint gur cheart a shonrú sna rialacha sin go háirithe ceanglais maidir le bearta staonta réasúnta agus inmharthana sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagal 28 de Threoir 2014/17/AE; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le togra reachtach maidir le cóimheas íosta iasachta/luacha sa mhargadh do chreidmheas morgáiste; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an tionchar ar mhargaí tithíochta agus rialacha maidir le hurrúsú á moladh aige;

48.  á chur i bhfios go bhfuil fás forleathan cíosa saoire gearrthéarma ag baint tithíocht ón margadh agus ag méadú praghsanna, agus gur féidir tionchar diúltach a bheith aige ar an gcáilíocht mhaireachtála i lárionaid uirbeacha agus turasóireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún an Treoir um Sheirbhísí a léirmhíniú i gcomhréir le fíorasc Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa (C-390/18), lena mbunaítear inacmhainneacht tithíochta agus ganntanas tithíochta cíosa mar ‘chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail’, agus, dá bhrí sin, lánrogha leathan a thabhairt d’údaráis náisiúnta agus áitiúla rialacha comhréireacha a shainiú maidir le seirbhísí fáilteachais, lena n-áirítear clárú éigeantach, teorannú ar cheadanna agus beartais creasa shonracha, tréimhse a theorannú, ‘turasóiriú’ a sheachaint, ionaid uirbeacha a fholmhú, agus meath ar cháilíocht na beatha iontu, chun dochair do na cónaitheoirí; ag tathant ar an gCoimisiún togra a áireamh sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha le haghaidh oibleagáidí comhroinnte faisnéise éigeantacha d’ardáin i margadh cíosa na cóiríochta gearrthéarmaí, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, toisc go bhfuil an rochtain sin ar fhaisnéis bunriachtanach d’údaráis chun infhaighteacht tithíochta inacmhainne a áirithiú;

49.  ag meabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit go bhfágfadh mainneachtain an margadh eastáit réadaigh agus na gníomhaithe airgeadais atá ag feidhmiú ar an margadh sin á rialáil chun rochtain ar thithíocht inacmhainne agus leormhaith a áirithiú do chách, nach mbeidís ag comhlíonadh a n-oibleagáidí i ndáil leis an gceart chun tithíochta;

50.  á iarraidh go n-áireofar an earnáil tithíochta mar sheirbhís shóisialta chun leasa cách, agus ní tithíocht shóisialta amháin, mar go bhfuil sé sin bunriachtanach chun an ceart chun tithíocht inacmhainne agus chuibhiúil a ráthú do chách;

Infheistíocht a dhéanamh sa tithíocht shóisialta, phoiblí agus inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh

51.  á chur i bhfáth gurb ionann an bhearna infheistíochta i leith tithíocht inacmhainne agus EUR 57 billiún in aghaidh na bliana(44); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an bhearna infheistíochta sa tithíocht inacmhainne a dhúnadh mar ábhar tosaíochta; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfar athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch a fhágfaidh go mbeidh na Ballstáit in ann na hinfheistíochtaí poiblí glasa agus sóisialta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear iadsan a bhaineann le tithíocht shóisialta, phoiblí, inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh a fhorbairt agus a fheabhsú; á iarraidh, thairis sin, go mbeidh cuntasaíocht chomhchuibhithe ann le haghaidh modheolaíocht amúchta maidir le hinfheistíochtaí tithíochta inacmhainne;

52.  á mheabhrú di go bhfuil an tithíocht shóisialta, mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI), díolmhaithe ó cheanglais i dtaobh fógra a thabhairt maidir le státchabhair; ag meabhrú gurb í an tithíocht shóisialta an t-aon earnáil i gCinneadh SGEI ar ina leith a luann an Coimisiún spriocghrúpa (saoránaigh faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí nach bhfuil na buntáistí céanna acu ar bhonn sóisialta), agus nach amhlaidh atá i gcás seirbhísí sóisialta eile; á chreidiúint go bhféadfadh sé sin teorainn a chur leis an bhféidearthacht tithíocht shóisialta agus inacmhainne a bhaint amach do chách; ag aithint nach ann do shainmhíniú comhchoiteann comhaontaithe ar thithíocht shóisialta ar leibhéal an Aontais; ag tabhairt rabhaidh, áfach, go bhfuil sainmhíniú cúng ar thithíocht shóisialta lena dteorannaítear í do ‘thithíocht do shaoránaigh atá faoi mhíbhuntáiste nó do ghrúpaí nach bhfuil na buntáistí céanna acu ar bhonn sóisialta, nach féidir leo tithíocht a fháil faoi dhálaí an mhargaidh de bharr srianta inréititheachta’ sriantach agus cuireann sé bac ar chumas na mBallstát a SGEInna agus a seirbhísí chun leasa cách a shainiú; á chur i bhfáth gur cheart SGEInna sa tithíocht a bheith á dtreorú go príomha ag riachtanais shonracha arna gcinneadh ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, ós rud é go bhfuil sé d’inniúlacht ag na húdaráis sin riachtanais tithíochta agus dálaí maireachtála grúpaí éagsúla a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, riachtanais is féidir a bheith an-éagsúil idir ceantair thuaithe agus uirbeacha, agus ós rud é go bhfuil róil ríthábhachtacha ag na húdaráis sin sa chinnteoireacht dea-spriocdhírithe; ag tathant ar an gCoimisiún sainmhíniú an spriocghrúpa ar thithíocht shóisialta agus ar thithíocht arna cistiú go poiblí a chur in oiriúint sna rialacha maidir le SGEInna, ionas go mbeidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla in ann tacú le tithíocht do gach grúpa nach féidir freastal go héasca ar a riachtanais i leith tithíocht chuibhiúil agus inacmhainne faoi dhálaí an mhargaidh, agus fós a áirithiú go leithdháilfear dóthain cistithe ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste, chun an infheistíocht a dhíbhlocáil agus chun tithíocht inacmhainne, neodracht tionachta tithíochta agus forbairt uirbeach inbhuanaithe a áirithiú, agus chun comharsanachtaí atá éagsúil go sóisialta a chruthú agus comhtháthú sóisialta a fheabhsú;

53.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breis méadaithe a dhéanamh ar an infheistíocht a dhéantar san Aontas Eorpach i dtithíocht shóisialta, phoiblí, atá tíosach ar fhuinneamh, leormhaith agus inacmhainne, agus ó thaobh dul i ngleic leis an easpa dídine agus le heisiamh tithíochta; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfar infheistíocht trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tríd an gCiste um Aistriú Cóir , trí InvestEU, trí CSE+, trí Fhís na hEorpa agus trí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) agus tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+); á iarraidh go mbeidh sineirgí níos mó ann idir na hionstraimí sin; á chur in iúl gur geal léi maoiniú iasachtaí tithíochta sóisialta agus inacmhainne trí InvestEU agus trí phunann leathan BEI; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul chun cinn sóisialta a chomhtháthú mar thosaíocht infheistíochta, i dteannta an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun daoine leochaileacha a chosaint ar thionchar diúltach na géarchéime reatha, agus pleananna dul chun cinn sóisialta a chur san áireamh sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, ina leagfar amach conas a dhéanfar prionsabail EPSR a chur chun feidhme, agus ina ndéanfar infheistíochtaí sóisialta a spriocdhíriú, lena n-áirítear infheistíocht sa tithíocht shóisialta; á iarraidh go práinneach ar an gCoimisiún a áirithiú mbeidh cistiú AE agus maoiniú BEI níos inrochtana ag soláthraithe áitiúla agus réigiúnacha tithíochta inacmhainne sóisialta agus poiblí; á iarraidh ar BEI iarracht a dhéanamh ar thabhairt i dtír ábhartha a mhéadú trí chúnamh teicniúil spriocdhírithe agus trí chomhar níos dlúithe le hidirghabhálaithe airgeadais agus leis na Ballstáit;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go n-úsáidfí cláir Eorpacha a thacaíonn le haththógáil tithe chun tithíocht a dhéanamh inacmhainne;

55.  ag moladh do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé d’aidhm ag gach tionscadal tógála agus athshlánaithe tithíochta a bheidh ann amach anseo foirgnimh chliste a chur chun cinn, ina bhféadfar faireachán a dhéanamh ar thomhaltas uisce agus fuinnimh agus é a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh costais de, i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais Eorpaigh;

56.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla réitigh tithíochta atá faoi stiúir an phobail, atá daonlathach agus atá comhoibríoch, lena n-áirítear iontaobhais talún pobail, a aithint, tacú leo agus iad a chistiú, mar bhealach dlisteanach agus inmharthana chun tithíocht mhargaidh agus shóisialta a sholáthar; á iarraidh go mbeidh cur chuige inbhuanaithe ann i leith úsáid talún uirbí, mar shampla tús áite a thabhairt d’athshlánú tithe tréigthe ar thógail tithe nua;

o
o   o

57.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) https://www.unece.org/fileadmin/DAM/hlm/charter/Language_versions/ENG_Geneva_UN_Charter.pdf
(2) https://www.who.int/publications/i/item/who-housing-and-health-guidelines
(3) https://ec.europa.eu/futurium/en/system/files/ged/final_action_plan_euua_housing_partnership_december_2018_1.pdf
(4) Tuarascáil ón Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le hInfheistíocht sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip: ‘Borradh a chur faoin Infheistíocht sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip’ le Lieve Fransen, Gino del Bufalo agus Edoardo Reviglio (mí Eanáir 2018).
(5) https://dmsearch.cor.europa.eu/search/opinion
(6) http://nws.eurocities.eu/MediaShell/media/EUROCITIES%20statement%20on%20state%20aid%20and%20local%20public%20%20services_16%2001%202016%20final.pdf
(7) http://www.iut.nu/wp-content/uploads/2017/07/Housing-Ministers%C2%B4-Communiqu%C3%A9.pdf
(8) https://www.eesc.europa.eu/resources/docs/resolution-for-social-housing-in-europe.pdf
(9) https://ap.ohchr.org/documents/dpage_e.aspx?si=A/HRC/31/54
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0194.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0176.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0033.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0240.
(15) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0202.
(16) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0156.
(17) IO C 356, 4.10.2018, lch. 89.
(18) IO C 346, 27.9.2018, lch. 156.
(19) IO C 101, 16.3.2018, lch. 138.
(20) IO C 101, 16.3.2018, lch. 2.
(21) IO C 76, 28.2.2018, lch. 93.
(22) IO C 58, 15.2.2018, lch. 192.
(23) IO C 366, 21.10.2017, lch. 19.
(24) IO C 366, 21.10.2017, lch. 31.
(25) IO C 482, 23.12.2016, lch. 141.
(26) IO C 65, 19.2.2016, lch. 40.
(27) https://www.housingforall.eu/
(28) https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/legal_gender_recognition_in_the_eu_the_journeys_of_trans_people_towards_full_equality_web.pdf
(29) https://www.eurofound.europa.eu/ga/news/news-articles/inadequate-housing-is-costing-europe-eu194-billion-per-year
(30) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Housing_statistics
(31) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/EDN-20190514-1
(32) https://www.un.org/en/events/citiesday/assets/pdf/the_worlds_cities_in_2018_data_booklet.pdf
(33) https://www.eurofound.europa.eu/publications/report/2020/addressing-household-over-indebtedness
(34) Tuarascáil Deiridh ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCeart chun Tithíochta Leormhaith, lch. 3.
(35) Tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le tithíocht leormhaith mar chuid den cheart chun caighdeán leormhaith maireachtála, agus maidir leis an gceart chun neamh-idirdhealaithe sa chomhthéacs sin, A/HRC/31/54.
(36) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Housing_statistics#Housing_affordability
(37) Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, Éagothroime Tithíochta san Eoraip, 2017, lch. 34.
(38) https://www.who.int/social_determinants/Guidance_on_pro_equity_linkages/en/
(39) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/EDN-20191119-1
(40) Staidéar féidearthachta maidir le Ráthaíocht do Leanaí: Páipéar Plé an Spriocghrúpa maidir le Leanaí atá ina gCónaí i Staideanna Teaghlaigh Leochaileacha.
(41) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20200120-1
(42) https://www.oecd.org/els/family/HM1-1-Housing-stock-and-construction.pdf
(43) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Housing_statistics
(44) Tuarascáil ón Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le hInfheistíocht a dhéanamh sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip: ‘Borradh a chur faoin Infheistíocht sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip’ (2018).

An nuashonrú is déanaí: 22 Aibreán 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais