Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2181(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0246/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0246/2020

Díospóireachtaí :

PV 20/01/2021 - 15
CRE 20/01/2021 - 15

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0021

Téacsanna atá glactha
PDF 190kWORD 70k
Déardaoin, 21 Eanáir 2021 - Brussels
An ceart chun dícheangail
P9_TA(2021)0021A9-0246/2020
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 le moltaí don Choimisiún maidir leis an gceart chun dícheangail (2019/2181(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do phointe (b) d’Airteagal 153(2) CFAE, i gcomhar le pointí (a), (b) agus (i) d’Airteagal 153(1) CFAE,

–  ag féachaint do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh(1),

–  ag féachaint do Threoir 91/383/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1991 lena bhforlíontar na bearta chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh le caidreamh fostaíochta de thréimhse socraithe nó le caidreamh fostaíochta sealadaí(2),

–  ag féachaint do Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 i dtaca le gnéithe ar leith d’eagrú ama oibre(3),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach(4),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle(5),

–  ag féachaint d’Airteagail 23 agus 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabail 5, 7, 8, 9 agus 10,

–  ag féachaint do choinbhinsiúin agus do mholtaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), go háirithe an Coinbhinsiún (Uimh. 1) ón mbliain 1919 maidir le hUaireanta Oibre (Tionscal), an Coinbhinsiún (Uimh. 30) ón mbliain 1930 maidir le Rialáil Uaireanta Oibre (Tráchtáil agus Oifigí), an Moladh (Uimh. 163) ón mbliain 1981 maidir le Cómhargáil, an Coinbhinsiún (Uimh. 156) ón mbliain 1981 maidir le hOibrithe le Freagrachtaí Teaghlaigh agus an Moladh (Uimh. 165) a ghabhann leis, mar aon le Dearbhú Céad Bliain EIS maidir le Todhchaí na hOibre ón mbliain 2019,

–  ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa (athbhreithnithe) ó Chomhairle na hEorpa an 3 Bealtaine 1996, agus go háirithe Airteagal 2 (maidir leis an gceart chun dálaí oibre córa, lena n-áirítear an ceart chun uaireanta oibre réasúnta agus chun tréimhsí sosa), Airteagal 3 (maidir leis an gceart chun dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla), Airteagal 6 (maidir leis an gceart chun cómhargála) agus Airteagal 27 (maidir le cosaint d’oibrithe a bhfuil freagrachtaí teaghlaigh orthu) de,

–  ag féachaint d’Airteagal 24 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

–  ag féachaint do Chomhaontuithe Réime na gComhpháirtithe Sóisialta Eorpacha maidir le Teilea-obair (2002) agus maidir le Digiteáil (2020),

–  ag féachaint don staidéar Measúnaithe Breisluacha Eorpaigh de chuid an Aonaid um Breisluach Eorpach i Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) dar teideal The right to disconnect [An ceart chun dícheangail](6),

–  ag féachaint do thuarascáil ó Eurofound an 31 Iúil 2019 dar teideal The right to switch off [An ceart chun dícheangail],

–  ag féachaint do Pháipéar Oibre Eurofound dar teideal The right to disconnect in the 27 EU Member States [An ceart chun dícheangail sa 27 mBallstát AE],

–  ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ar na critéir le haghaidh am oibre a chinneadh, lena n-áirítear am ar ghlao-dhualgas agus am fuireachais, ar thábhacht am scíthe, ar an gceanglas i dtaobh am oibre a thomhas, agus ar na critéir le haghaidh stádas oibrí a chinneadh(7),

–  ag féachaint do bhreithiúnas CBAE i gcás C-518/15, lena leagtar amach nach mór a mheas gur ‘am oibre’ é am fuireachais an oibrí sa bhaile ina bhfuil sé mar oibleagáid aige freagra a thabhairt ar ghlaonna ón bhfostóir laistigh de thréimhse ghearr(8),

–  ag féachaint do bhreithiúnas CBAE i gcás C-55/18, lena leagtar amach nach mór do Bhallstáit a cheangal ar fhostóirí córas a bhunú lena gcumasaítear fad an ama oibre laethúil a thomhas(9)

–  ag féachaint don tuarascáil ó UNI Global Union dar teideal The Right to Disconnect: Best Practices [An Ceart chun Dícheangail: Dea-Chleachtais],

–  ag féachaint do mhír 17 de rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro(10),

–  ag féachaint d’Airteagal 5 de Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa(11),

–  ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0246/2020),

A.  de bhrí nach bhfuil aon dlí Aontais sonrach ann faoi láthair maidir le ceart an oibrí chun dícheangail ó uirlisí digiteacha, lena n-áirítear teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), chun críocha oibre;

B.  de bhrí gur thug an digiteáil agus úsáid iomchuí na n-uirlisí digiteacha roinnt mhaith tairbhí agus buntáistí eacnamaíocha agus sochaíocha d’fhostóirí agus d’oibrithe, amhail solúbthacht agus neamhspleáchas méadaithe, an acmhainneacht chun cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú agus amanna comaitéireachta a laghdú, ach freisin bhí míbhuntáistí ag baint leo as a d’eascair roinnt dúshlán eiticiúil, dlíthiúil agus fostaíochta, amhail an obair a ghéarú agus uaireanta oibre a fhadú, agus dá réir sin, na teorainneacha idir an saol oibre agus an saol príobháideach a fhágáil doiléir;

C.  de bhrí gurb é an toradh atá ar úsáid uirlisí digiteacha níos mó ná riamh chun críocha oibre ná go bhfuil cultúr ann atá ‘ceangailte i gcónaí’, ‘ar siúl i gcónaí’ nó ‘ar ghlao-dhualgas i gcónaí’, rud a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith aige ar chearta bunúsacha oibrithe agus ar dhálaí oibre cothroma, lena n-áirítear luach saothair cóir, an teorainn ar am oibre agus cothromaíocht oibre is saoil, sláinte agus sábháilteacht fhisiciúil agus mheabhrach ag an obair agus dea-bhail, agus freisin, mar gheall ar a dtionchar díréireach ar oibrithe le freagrachtaí cúraim agus ar mhná iad de ghnáth, ar chomhionannas idir fir agus mná; de bhrí gur cheart go mbeadh an t-aistriú digiteach faoi threoir urraim do chearta an duine agus do chearta agus luachanna bunúsacha an Aontais, agus gur cheart tionchar dearfach a bheith aige ar oibrithe agus ar dhálaí oibre;

D.  de bhrí go bhféadfaidh úsáid uirlisí digiteacha ar feadh tréimhsí fada a bheith ina cúis le laghdú ar aird chomh maith le ró-ualach cognaíoch agus mothúchánach; de bhrí go bhféadfaidh stangadh matáin agus neamhoird mhatánchnámharlaigh a bheith mar thoradh ar ionramháil leadránacha atriallacha agus ar staidiúir gan athrú ar feadh tréimhsí fada; de bhrí gur aicmigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse an radaíocht radaimhinicíochta mar charcanaigin fhéideartha; de bhrí go bhféadfaidh mná torracha a bheith i mbaol ar leith nuair a nochtar do radaíocht radaimhinicíochta iad;

E.  de bhrí go bhféadfaidh úsáid iomarcach de ghléasanna teicneolaíocha cur le feiniméin amhail leithlisiú, andúil sa teicneolaíocht, díth chodlata, tnáitheadh mothúchánach, imní agus tnáitheadh; de bhrí, dar le EDS, go bhfuil os cionn 300 milliún duine ar fud an domhain ag fulaingt ó dúlagar agus neamhoird mheabhracha choitianta a bhaineann leis an obair agus go mbíonn 38.2 % de dhaonra an Aontais ag fulaingt ó neamhord meabhrach gach bliain;

F.  de bhrí gur athraigh na bearta a tógadh mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19 an bealach ina n-oibríonn daoine agus gur léiríodh a thábhachtaí atá réitigh dhigiteacha, lena n-áirítear úsáid scéimeanna teilea-oibre ag cuideachtaí, ag daoine féinfhostaithe agus ag comhlachtaí riaracháin phoiblí, ar fud an Aontais; de bhrí, dar le Eurofound, gur thosaigh os cionn aon trian d’oibrithe an Aontais ag obair ón mbaile le linn na dianghlasála, i gcomparáid le 5 % a bhíonn ag obair ón mbaile de ghnáth, agus go raibh méadú suntasach ar úsáid uirlisí digiteacha chun críocha oibre; de bhrí, dar le Eurofound, gur thuairiscigh 27 % de fhreagróirí a bhíonn ag obair ón mbaile gur oibrigh siad le linn a gcuid ama shaoir chun éilimh oibre a bhaint amach(12); de bhrí gur mhéadaigh an chianobair agus an teilea-obair le linn ghéarchéim COVID-19 agus go bhfuiltear ag dréim leis go gcoinneoidh siad a bheith níos airde ná roimh ghéarchéim COVID-19 nó fiú go méadóidh siad tuilleadh;

G.  de bhrí go bhfuil baol ard ar leith ag an drochiarmhairt eacnamaíoch agus shóisialta mar thoradh ar COVID-19 do mhná, agus go bhfuil siad buailte níos déine aici, de bharr an phríomhróil nó an róil thraidisiúnta atá fós acu mar chúramóirí an teaghlaigh; de bhrí go bhféadfaidh an méadú ar theilea-obair le linn ghéarchéim COVID-19 a bheith ina bhaol níos mó freisin do dhaoine óga agus do dhaoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, amhail tuismitheoirí aonair, teaghlaigh le leanaí agus teaghlaigh le gaolta cleithiúnacha a bhfuil cúram de dhíth orthu; de bhrí gur gá le saol oibre agus saol príobháideach tráth teilea-oibre, scartha shóisialta agus dianghlasála a bheith cothrom go maith; de bhrí gur cheart dul i ngleic le gnéithe inscne i gcomhthéacs an chirt chun dícheangail;

H.  de bhrí gur ceart bunúsach é an ceart chun dícheangail atá mar chuid dhoscartha de na pátrúin oibre nua san aois dhigiteach nua; de bhrí gur cheart breathnú ar an gceart sin mar ionstraim thábhachtach beartais shóisialta ag leibhéal an Aontais chun cosaint na gceart atá ag oibrithe uile a áirithiú; de bhrí go bhfuil an ceart chun dícheangail go háirithe tábhachtach do na hoibrithe is leochailí agus dóibh siúd a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu;

I.  de bhrí gur chuir dul chun cinn teicneolaíoch le sraith nua chastachta maidir le faireachán agus faireachas san áit oibre; de bhrí nach dtugtar aghaidh agus nach rialaítear úsáid teicneolaíochtaí digiteacha cunóracha san áit oibre go pointe áirithe ach i roinnt Ballstát amháin; de bhrí, le hAirteagal 8 de Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, go bhforáiltear ‘go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint’; de bhrí gur úsáideadh é sin ar fud dlínsí náisiúnta chun príobháideacht fostaithe sa chomhthéacs fostaíochta a chosaint; de bhrí gur cheart go n-áiritheofaí le hAirteagal 8 ECHR agus le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (RGCS)(13) go bhfaigheadh fostaithe faisnéis leormhaith maidir le raon feidhme agus cineál an fhaireacháin agus an fhaireachais agus go n-éileofaí ar fhostóirí údar a thabhairt leis na bearta agus a dtionchar a laghdú trí na modhanna is lú cunórtas a úsáid;

J.  de bhrí gur luaigh staidéar de chuid Eurofound gur thuairiscigh 27 % de fhreagróirí a bhíonn ag obair ón mbaile gur oibrigh siad le linn a gcuid ama shaoir chun éilimh oibre a bhaint amach;

1.  á chur i bhfáth go bhfuil solúbthacht mhéadaithe ag uirlisí digiteacha, lena n-áirítear TFC, chun críocha oibre maidir le ham, áit agus an bealach ar féidir obair a dhéanamh agus dul i dteagmháil le hoibrithe lasmuigh dá n-uaireanta oibre; de bhrí go bhféadfaidh úsáid iomchuí uirlisí digiteacha a bheith mar acmhainn d’fhostóirí agus d’oibrithe ó thaobh níos mó saoirse, neamhspleáchais agus solúbthachta a lamháil chun am oibre agus tascanna oibre a eagrú níos fearr, am ag taisteal chun na hoibre a laghdú, agus bainistiú oibleagáidí pearsanta agus teaghlaigh a éascú, agus dá réir sin, cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chruthú; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht mhór idir riachtanais oibrithe agus ag cur béim, ina leith sin, ar a thábhachtaí atá sé creat soiléir a fhorbairt lena gcuirtear solúbthacht phearsanta agus cosaint chearta na n-oibrithe chun cinn ag an am céanna;

2.  á thabhairt chun suntais, le nascacht leanúnach in éineacht le héilimh arda sa phost agus an t-ionchas atá ag méadú gur féidir dul i dteagmháil le hoibrithe am ar bith, gur féidir tionchar diúltach a bheith ar chearta bunúsacha oibrithe, ar a gcothromaíocht oibre is saoil, agus ar a sláinte fhisiciúil agus ar a meabhairshláinte agus ar a ndea-bhail;

3.  ag aithint gur féidir le taifeadadh éifeachtach ar am oibre rannchuidiú le ham oibre chonarthaigh a urramú; á chur i bhfáth, cé go bhfuil sé tábhachtach am oibre a thaifeadadh chun a áirithiú nach ndéanfar uaireanta a comhaontaíodh agus teorainneacha dlíthiúla a shárú, nach mór aird a thabhairt d’éifeachtúlacht, ós rud é nach bhfuil rialacháin faoin ábhar sin ann ach i roinnt Ballstát;

4.  ag tabhairt dá haire go bhfuil bailiúchán fianaise ann, atá ag méadú, a léiríonn na héifeachtaí atá ag teorannú uaireanta oibre, an chothromaíocht oibre is saoil, roinnt solúbthachta ó thaobh am oibre a eagrú mar aon le bearta gníomhacha chun dea-bhail ag an obair a fheabhsú agus go n-áirítear orthu sin tionchair dhearfacha ar shláinte fhisiciúil agus ar mheabhairshláinte oibrithe, sábháilteacht oibre feabhsaithe agus táirgiúlacht oibre mhéadaithe mar gheall ar laghdú ar thuirse agus ar bhrú, leibhéil níos airde de shásamh oibrithe ina bpost agus de spreagadh oibrithe chomh maith le rátaí níos ísle neamhláithreachta(14);

5.  ag aithint an tábhacht a bhaineann le huirlisí digiteacha a úsáid i gceart agus go héifeachtúil chun críocha oibre, d’fhostóirí agus d’oibrithe araon, agus cúram a ghlacadh chun sárú ar chearta oibrithe chun dalaí oibre cothroma a sheachaint, lena n-áirítear luach saothair cóir, teorainn ar am oibre agus cothromaíocht oibre is saoil, mar aon le sláinte agus sábháilteacht ag an obair;

6.  á chreidiúint, le cur isteach ar am neamh-oibre oibrithe agus fadú ar a gcuid uaireanta oibre, gur féidir méadú teacht ar an mbaol go ndéanfar ragobair gan íocaíocht, le tuirse oibre, le fadhbanna síceasóisialta, meabhracha agus fisiciúla, amhail imní, dúlagar, tnáitheadh agus strus de bharr na teicneolaíochta, agus gur féidir tionchar diúltach a bheith acu ar a gcuid sláinte agus sábháilteachta ag an obair agus ar a gcothromaíocht oibre is saoil agus ar a gcuid sosanna ón obair;

7.  ag aithint torthaí Eurofound lena léirítear go bhfuil dhá oiread seans ann go n-oibreoidh daoine a oibríonn go rialta ón mbaile os cionn an 48 uair an chloig uasta atá riachtanach in aghaidh na seachtaine agus go bhfuil siad i mbaol sos níos lú ná an 11 uair an chloig atá riachtanach a thógáil idir laethanta oibre, mar a fhoráiltear le dlí an Aontais, i gcomparáid leo siúd a oibríonn in áitreabh a bhfostóirí; ag tabhairt chun suntais go dtuairiscíonn nach mór 30 % de na teilea-oibrithe sin go mbíonn siad ag obair le linn a gcuid ama shaoir gach lá nó roinnt babhtaí sa tseachtain, i gcomparáid le níos lú ná 5 % de na hoibrithe atá lonnaithe in oifigí agus gur mó seans go n-oibríonn teile-oibrithe uaireanta mírialta chomh maith; á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-oibrithe lonnaithe sa bhaile san Aontas atá ag tuairisciú uaireanta oibre fada nó ar oibrithe iad nach féidir leo tairbhe a bhaint as am neamh-oibre; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur dóchúla go dtuairisceoidh teilea-oibrithe rialta go bhfuil siad thíos le strus a bhaineann leis an obair agus go bhfuil neamhoird chodlata, strus agus nochtadh do sholas na scáileán digiteach ag cur as dóibh, agus ag tabhairt dá haire gur éifeachtaí eile ar shláinte na dteilea-oibrithe agus ar oibrithe ‘an-soghluaiste’ ná tinnis cinn, saoth súl, tuirse, imní agus neamhoird mhatánchnámharlaigh; ag aithint go bhféadfaidh tionchar fisiciúil a bheith ag obair rialta sa bhaile ar oibrithe, ós rud go bhfuil seans ann nach mbaineann spásanna oibre a shocraítear ad hoc sa bhaile mar aon le ríomhairí glúine agus trealamh TCF eile amach caighdeáin eirgeanamaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit taighde agus bailiú sonraí a fheabhsú agus measúnú mionsonraithe ar na fadhbanna sin a dhéanamh; á chur i bhfios go bhfuil méadú ag teacht ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis na saincheisteanna sin i bhfianaise fhás tuartha na teilea-oibre san fhadtéarma;

8.  á chur i bhfios go raibh an teilea-obair lárnach ó thaobh cuidiú le roinnt fostaíochta agus gnó a choimirciú le linn ghéarchéim COVID-19, ach á athdhearbhú, mar gheall ar an meascán d’uaireanta oibre níos faide agus éilimh níos airde, go bhféadfaidh go mbeadh baol níos airde d’oibrithe ag baint leis freisin agus tionchar diúltach a bheith aige ar cháilíocht a gcuid ama oibre agus ar a gcothromaíocht oibre is saoil, chomh maith ar a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach; á thabhairt chun suntais go dtagann deacrachtaí áirithe chun cinn nuair nach bhfuil an obair nasctha le háit oibre shonrach, nuair atá nascacht leis an obair leanúnach agus nuair a leathnaíonn an obair amach go dtí an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach;

9.  á chur i bhfáth go bhfuil ceart oibrithe chun dícheangail ríthábhachtach chun a sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte agus dea-bhail a chosaint agus chun iad a chosaint ó rioscaí síceasóisialta; á athdhearbhú an tábhacht agus na tairbhí a bhaineann le measúnuithe riosca síceasóisialta a chur chun feidhme ag leibhéal cuideachta príobháidí agus poiblí agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé meabhairshláinte a chur chun cinn agus neamhord meabhairshláinte san áit oibre a chosc, lena gcruthaítear dálaí níos fearr d’fhostaithe agus d’fhostóirí; ag aithint go bhféadfaidh coistí maidir le sláinte agus sábháilteacht arna mbunú ag na comhpháirtithe sóisialta ról dearfach a bheith acu ó thaobh measúnuithe riosca níos minice agus níos cruinne a áirithiú;

10.  á mheabhrú, de réir reachtaíocht reatha agus chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach bhfuil sé de cheangal ar oibrithe a bheith ar fáil don fhostóir go leanúnach agus gan bhriseadh agus go bhfuil difear idir am oibre, nuair a bhíonn ar oibrí a bheith ar fáil don fhostóir, agus am neamh-oibre, nuair nach bhfuil oibrí faoi oibleagáid a bheith ar fáil don fhostóir, agus gur am oibre é am ar ghlao-dhualgas; ag aithint, mar sin féin, nach rialaítear go sainráite i ndlí an Aontais an ceart chun dícheangail; á mheabhrú go bhfuil éagsúlacht mhór ag baint leis an staid sna Ballstáit, agus gur thóg roinnt Ballstát agus na comhpháirtithe sóisialta bearta chun úsáid uirlisí digiteacha chun críocha oibre a rialáil sa dlí, i gcomhaontuithe cómhargála nó araon, chun coimircí agus cosaint a chur ar fáil d’oibrithe agus dá dteaghlaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus ag spreagadh na gcomhpháirtithe sóisialta, chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun cur chuige comhordaithe maidir leis na dálaí oibre atá ann faoi láthair a áirithiú gan dochar a dhéanamh do chearta sóisialta agus do shoghluaisteacht laistigh den Aontas;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gan an ceart chun dícheangail a chosaint, agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin;

12.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na fostóirí a áirithiú go bhfuil oibrithe ar an eolas faoina gceart chun dícheangail agus go bhfuil siad in ann é a fheidhmiú;

13.  á mheabhrú na riachtanais shonracha de na hearnálacha éagsúla, agus na héagsúlachtaí eatarthu, maidir leis an gceart chun dícheangail; á iarraidh ar an gCoimisiún, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach, ar mheastóireacht cheart agus ar chomhairliúchán leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta, togra a chur ar aghaidh le haghaidh treoir Aontais maidir le híoschaighdeáin agus dálaí chun a áirithiú go bhfuil oibrithe in ann a gceart chun dícheangail a fheidhmiú go héifeachtach agus chun úsáid uirlisí digiteacha nua agus atá ann faoi láthair chun críocha oibre a rialáil, agus Comhaontú Réime na gComhpháirtithe Sóisialta Eorpacha maidir le Digiteáil á chur san áireamh ag an am céanna, a bhfuil socruithe maidir le ceangal agus dícheangal mar chuid de; á mheabhrú go ndéantar foráil sa Chomhaontú Réime maidir le bearta cur chun feidhme a bheith á ndéanamh ag na comhpháirtithe sóisialta sna trí bliana amach romhainn agus go dtabharfadh togra reachtach roimh dheireadh na tréimhse cur chun feidhme sin neamhaird ar ról na gcomhpháirtithe sóisialta a leagtar síos in CFAE; á áitiú go n-urramóidh aon tionscnamh reachtach neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta ag leibhéal náisiúnta, comhaontuithe cómhargála náisiúnta agus traidisiúin agus samhlacha margaidh saothair náisiúnta, agus nach ndéanfaidh sé difear don cheart chun comhaontuithe cómhargála a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú i gcomhréir le dlí agus cleachtas náisiúnta;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat reachtach a thíolacadh d’fhonn íoscheanglais don chianobair ar fud an Aontais a bhunú lena n-áirithítear nach ndéanfaidh an teilea-obair difear do dhálaí fostaíochta teile-oibrithe; á chur i bhfáth gur cheart de chreat den sórt sin dálaí oibre a shoiléiriú, lena n-áirítear soláthar, úsáid agus dliteanas trealaimh, amhail d’uirlisí digiteacha nua agus atá ann cheana, agus gur cheart a áirithiú go ndéantar obair den sórt sin ar bhonn deonach agus go bhfuil cearta, ualach oibre agus caighdeáin feidhmíochta teile-oibrithe coibhéiseach leo siúd atá ag oibrithe inchomparáide;

15.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart, leis an treoir nua, na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2003/88/CE maidir le gnéithe ar leith d’eagrúchán uaireanta oibre, go háirithe maidir leis an gceart chun saoire bliantúla le pá, i dTreoir (AE) 2019/1152 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, i dTreoir (AE) 2019/1158 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus i dTreoir 89/391/CEE ón gComhairle maidir le sábháilteacht agus sláinte oibrithe, agus go háirithe na ceanglais sna treoracha sin a bhaineann le líon uasta uaireanta oibre agus tréimhsí sosa íosta, socruithe oibre solúbtha, agus oibleagáidí faiséise a shonrú, a chomhlánú agus a urramú go hiomlán agus nár cheart aon tionchar diúltach a bheith aici ar oibrithe; á chreidiúint gur cheart leis an treoir nua réitigh a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shamhlacha atá ann cheana, ar ról na gcomhpháirtithe sóisialta, ar fhreagrachtaí na bhfostóirí agus ar riachtanais na n-oibrithe maidir le heagrú a gcuid ama oibre nuair a bhaineann siad úsáid as uirlisí digiteacha; á thabhairt chun suntais an tábhacht bhunúsach a bhaineann le trasuí, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm cuí rialacha an Aontais agus á mheabhrú go bhfuil feidhm ag acquis fostaíochta agus sóisialta an Aontais go hiomlán maidir leis an aistriú digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar forfheidhmiú cuí trí na húdaráis náisiúnta cigireachta saothair;

16.  á chur i bhfáth go dtugann an ceart chun dícheangail cead d’oibrithe gan dul i mbun tascanna, gníomhaíochtaí nó cumarsáid leictreonach a bhaineann leis an obair, amhail glaonna gutháin, ríomhphoist agus teachtaireachtaí eile, lasmuigh dá gcuid ama oibre, lena n-áirítear i rith tréimhsí sosa, laethanta saoire oifigiúla agus saoirí bliantúla, saoire mháithreachais, atharthachta agus tuismitheora, agus cineálacha eile saoire, gan iad a bheith faoi réir aon iarmhairt dhiúltach; á chur i bhfáth gur cheart neamhspleáchas áirithe, solúbthacht agus urraim do cheannas ama inar ceart lamháil d’oibrithe a gcuid ama oibre a sceidealú timpeall a gcuid freagrachtaí pearsanta, go háirithe aire a thabhairt do leanaí nó do bhaill teaghlaigh atá breoite, a urramú; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh méadú ar nascacht san áit oibre ina shiocair le hidirdhealú ná le hiarmhairtí diúltacha maidir le hearcaíocht nó le dul chun cinn gairme;

17.  á chur i bhfáth go bhfuil ról criticiúil ag féidearthachtaí teicneolaíocha nua, amhail an intleacht shaorga, an áit oibre amach anseo agus tuiscint ar éifeachtúlacht oibre a mhúnlú agus nár cheart go mbeadh sé ina shiocair le húsáid dhídhaonnaithe uirlisí digiteacha nó ceisteanna a ardú maidir le príobháideacht agus le bailiú sonraí pearsanta atá díréireach agus neamhdhleathach, le faireachas agus faireachán ar oibrithe; á chur i bhfáth nár cheart breathnú ar chineálacha nua de spás oibre agus d’uirlisí faireachais ar fheidhmíocht oibre, lena lamháiltear do chuideachtaí súil a coinneáil ar ghníomhaíochtaí oibrithe ar bhonn forleathan, mar dheis chun faireachas córasach a dhéanamh ar oibrithe; á iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta mar aon leis na húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí a áirithiú nach n-úsáidfear aon uirlisí faireacháin saothair ach amháin nuair is gá iad a úsáid agus nuair atá siad comhréireach, agus an ceart chun príobháideachais de chuid na bhfostaithe agus féinchinntiúchán maidir lena gcuid oibre a áirithiú; á chur i bhfios nach bhfuil sé de cheart ag an bhfostóir rochtain a bheith acu ar mheiteashonraí cumarsáide ná ar inneachar más rud é go bhfuil cead ag fostaithe seirbhísí cumarsáide a sholáthraíonn an fostóir a úsáid le haghaidh críocha pearsanta agus nach mór oiliúint a chur ar oibrithe agus iad a chur ar an eolas maidir le próiseáil a gcuid sonraí; á mheabhrú, maidir le caidrimh oibre, nach féidir a mheas de ghnáth go dtugann fostaí toiliú de do dheoin féin maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé bailí, ós rud é go bhfuil míchothromaíocht chumhachta idir an fostaí mar ábhar sonraí agus an fostóir mar rialaitheoir;

18.  á athdhearbhú go meastar go bhfuil urraim don am oibre agus dá intuarthacht bunriachtanach chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe agus a dteaghlaigh san Aontas a áirithiú;

19.  á chur i bhfáth nach mór don Choimisiún, do na Ballstáit, do na fostóirí agus d’oibrithe an ceart chun dícheangail a thacú agus a spreagadh go gníomhach agus cur chuige éifeachtúil, réasúnaithe agus cothrom maidir le huirlisí digiteacha ag an obair a chur chun cinn, mar aon le bearta múscailte feasachta agus feachtais oideachais agus oiliúna a bhaineann le ham oibre agus leis an gceart chun dícheangail; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá úsáid réasúnta na n-uirlisí digiteacha, lena n-áirithítear go gcuirtear chun feidhme go héifeachtach an ceart chun dícheangail agus cearta uile eile arna gceapadh chun sláinte mheabhrach agus fhisiciúil oibrithe a chosaint agus go mbeidh siad seanbhunaithe mar chomhpháirt ghníomhach de chultúir oibre san Aontas;

20.  á chur i bhfios go láidir nár cheart go n-éileodh fostóirí ar oibrithe a bheith ar fáil go díreach nó go hindíreach nó a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leo lasmuigh dá gcuid ama oibre agus gur cheart do chomhoibrithe staonadh ó theagmháil a dhéanamh lena gcomhghleacaithe lasmuigh de na huaireanta oibre a comhaontaíodh chun críocha oibre; á mheabhrú gur am oibre é an t-am a bhfuil oibrí ar fáil nó ar féidir an fostóir teagmháil a dhéanamh leis; á chur i bhfáth, i bhfianaise chineál athraitheach an domhain oibre, go bhfuil gá méadaithe d’oibrithe a bheith ar an eolas go hiomlán faoina ndálaí oibre chun an ceart chun dícheangail a chur chun feidhme agus gur cheart é sin a dhéanamh ar bhealach tráthúil agus i bhfoirm scríofa nó dhigiteach a bhfuil rochtain éasca ag oibrithe air; á chur i bhfios nach mór d’fhostóirí faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil d’oibrithe lena n-áirítear ráiteas i scríbhinn, lena leagtar amach ceart oibrithe chun dícheangail, eadhon ar a laghad na socruithe praiticiúla le haghaidh uirlisí digiteacha chun críocha oibre a mhúchadh, lena n-áirítear aon uirlisí faireacháin agus faireachais a bhaineann leis an obair, an bealach a ndéantar am oibre a thaifeadadh, measúnú an fhostóra ar shláinte agus sábháilteacht, agus na bearta chun oibrithe a chosaint ó chóir dhíobhálach agus ceart oibrithe chun sásaimh a chur chun feidhme; á athdhearbhú a thábhachtaí atá cóir chomhionann d’oibrithe trasteorann agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil oibrithe curtha ar an eolas mar is ceart maidir lena gceart chun dícheangail, lena n-áirítear trasna teorainneacha;

21.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhpháirtithe sóisialta chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach den cheart chun dícheangail a áirithiú, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, dá bhrí sin, an obair atá déanta acu cheana ina leith sin a chur san áireamh; á chreidiúint nach mór do Ballstáit a áirithiú go bhfuil oibrithe in ann a gceart chun dícheangail a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear trí chomhaontú cómhargála; á iarraidh ar na Ballstáit sásraí beachta agus leordhóthanacha a bhunú chun íoschaighdeán cosanta i gcomhréir le dlí an Aontais agus forfheidhmiú an chirt chun dícheangail d’oibrithe uile a áirithiú;

22.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeadh oibrithe a dhéanann a gceart chun dícheangail a agairt cosanta ó íospairt agus ó iarmhairtí diúltacha eile agus go mbeadh sásraí ann chun déileáil le gearáin nó sáruithe ar an gceart chun dícheangail;

23.  á chur i bhfáth nach mór do ghníomhaíochtaí gairmiúla foghlama agus oiliúna a áireamh mar ghníomhaíocht oibre agus nach ceadmhach iad a reáchtáil i rith ragoibre nó laethanta saora gan cúiteamh leormhaith;

24.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le hoiliúint aonair lena ndírítear ar scileanna TF a fheabhsú d’oibrithe uile, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas agus do chomhghleacaithe níos sinsearaí, chun feidhmíocht mhaith agus éifeachtúil dá gcuid oibre a áirithiú;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfear an ceart chun dícheangail san áireamh ina Straitéis Nua maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, agus go bhforbrófar go soiléir bearta agus gníomhaíochtaí nua síceasóisialta laistigh den chreat maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair;

26.  á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún, ar bhonn phointe (b) d’Airteagal 153(2), i gcomhar le pointí (a), (b) agus (i) d’Airteagal 153(1) CFAE, togra le haghaidh gníomh maidir leis an gceart chun dícheangail a thíolacadh, ag leanúint na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

27.  á mheas nach bhfuil impleachtaí airgeadais ag gabháil leis an togra atá iarrtha;

28.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí mionsonraithe a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle agus chuig parlaimintí agus rialtais na mBallstát.

(1) IO L 183, 29.6.1989, lch. 1.
(2) IO L 206, 29.7.1991, lch. 19.
(3) IO L 299, 18.11.2003, lch. 9.
(4) IO L 186, 11.7.2019, lch. 105.
(5) IO L 188, 12.7.2019, lch. 79.
(6) PE 642.847, Iúil 2020; https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2020/642847/EPRS_BRI(2020)642847_EN.pdf
(7) Féach, inter alia, breithiúnais na Cúirte Breithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 2004, Pfeiffer agus eile, C-397/01 go C-403/01 ECLI:EU:C:2004:584, mír 93; an 7 Meán Fómhair 2006, An Coimisiún v An Ríocht Aontaithe, C-484/04, ECLI:EU:C:2006:526, mír 36; agus an 17 Samhain 2016, Betriebsrat der Ruhrlandklinik, C‑216/15, ECLI:EU:C:2016:883, mír 27. an 21 Feabhra 2018, Matzak, ECLI:EU:C:2018:82, C-518/15, mír 66; agus an 14 Bealtaine 2019, Federación de Servicios de Comisiones Obreras (CCOO), C-55/18, ECLI:EU:C:2019:402, mír 60.
(8) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Feabhra 2018, Matzak, ECLI:EU:C:2018:82, C-518/15, mír 66.
(9) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Bealtaine 2019, Federación de Servicios de Comisiones Obreras (CCOO), C-55/18, ECLI:EU:C:2019:402, mír 60.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0033.
(11) IO L 262, 7.10.2005, lch. 1.
(12) https://www.eurofound.europa.eu/publications/blog/covid-19-unleashed-the-potential-for-telework-how-are-workers-coping
(13) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(14) Teachtaire, EIS, a luaitear sa staidéar Measúnaithe Breisluacha Eorpaigh de chuid an Aonaid um Breisluach Eorpach i Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) dar teideal ‘An ceart chun dícheangail’ (PE 642.847, Iúil 2020): https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2020/642847/EPRS_BRI(2020)642847_EN.pdf


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:

MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR

TÉACS AN TOGRA REACHTAIGH A IARRTAR

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gceart chun dícheangail

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 153(2), i gcomhar le pointí (a), (b) agus (i) d’Airteagal 153(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Foráiltear le pointí (a), (b) agus (i) d’Airteagal 153(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil an tAontas chun gníomhaíochtaí na mBallstát a thacú agus a chomhlánú i réimse na timpeallachta oibre a fheabhsú chun sláinte agus sábháilteachta oibrithe a chosaint, i réimse na ndálaí oibre agus i réimse an chomhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna an mhargaidh saothair agus cóir ag an obair.

(2)  Foráiltear le hAirteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) go bhfuil ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit, mar aon leis an gceart chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta ama oibre, chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus chun tréimhse shaoire le pá in aghaidh na bliana. Foráiltear le hAirteagal 30 den Chairt don cheart chun cosanta i gcás dífhostú gan údar agus foráiltear le hAirteagail 20 agus 21 den Chairt do chomhionannas os comhair an dlí agus d’idirdhealú a thoirmeasc. Éilítear le hAirteagal 23 den Chairt comhionannas idir fir agus mná a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.

(3)  Foráiltear le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá ag oibrithe ná ar ré an chaidrimh sin, go bhfuil an ceart ag oibrithe cóir chothrom agus chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, go bhfuil an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun dul in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch le háirithiú, go bhfuil cineálacha nuálacha oibre lena n-áirithítear dálaí oibre ardcháilíochta le cothú, go bhfuil caidrimh fostaíochta as a dtagann dálaí oibre forbhásacha le cosc, lena n-áirítear trí chosc a chur ar mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla (Prionsabal Uimh. 5). Foráiltear leis, freisin, go bhfuil an ceart ag oibrithe go gcuirfí ar an eolas i scríbhinn iad ag tús na fostaíochta faoina gcearta agus a n-oibleagáidí mar thoradh ar an gcaidreamh fostaíochta (Prionsabal Uimh. 7), agus go rachfar i dteagmháil leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le dearadh agus cur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch, fostaíochta agus sóisialta de réir cleachtas náisiúnta (Prionsabal Uimh. 8), go bhfuil an ceart ag tuismitheoirí agus daoine le freagrachtaí cúraim chun saoire oiriúnach agus socruithe oibre solúbtha (Prionsabal Uimh. 9), agus go bhfuil an ceart ag oibrithe chun timpeallacht oibre atá sláintiúil, sábháilte agus curtha in oiriúint i gceart agus chun cosanta sonraí, mar aon leis an gceart chun timpeallacht oibre atá curtha in oiriúint dá riachtanais ghairmiúla agus a chuireann ar a gcumas a rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a fhadú (Prionsabal Uimh. 10).

(4)  Cuirtear san áireamh leis an Treoir seo coinbhinsiúin agus moltaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le heagrú ama oibre, lena n-áirítear, go háirithe, an Coinbhinsiún (Uimh. 1) ón mbliain 1919 maidir le hUaireanta Oibre (Tionscal), an Coinbhinsiún (Uimh. 30) ón mbliain 1930 maidir le Rialáil Uaireanta Oibre (Tráchtáil agus Oifigí), an Moladh (Uimh. 163) ón mbliain 1981 maidir le Cómhargáil, an Coinbhinsiún (Uimh. 156) ón mbliain 1981 maidir le hOibrithe agus Freagrachtaí Teaghlaigh, agus an Moladh (Uimh. 165) a ghabhann leis mar aon le Dearbhú Céad Bliain EIS maidir le Todhchaí na hOibre ón mbliain 2019;

(5)  Cuirtear san áireamh leis an Treoir seo freisin Cairt Shóisialta na hEorpa (athbhreithnithe) ó Chomhairle na hEorpa an 3 Bealtaine 1996, agus go háirithe Airteagal 2 (maidir leis an gceart chun dálaí oibre córa, lena n-áirítear an ceart chun uaireanta oibre réasúnta agus chun tréimhsí sosa), Airteagal 3 (maidir leis an gceart chun dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla), Airteagal 6 (maidir leis an gceart chun cómhargála) agus Airteagal 27 (maidir le cosaint d’oibrithe a bhfuil freagrachtaí teaghlaigh orthu) de.

(6)  Luaitear le hAirteagal 24 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine go bhfuil an ceart ag gach duine chun sosa agus chun fóillíochta, lena n-áirítear an teorainn réasúnaithe ar am oibre agus saoirí tréimhsiúla le pá.

(7)  Le huirlisí digiteacha, cuirtear ar chumas oibrithe oibriú ó aon áit ag aon am agus, má bhaintear leas iomchuí astu, is féidir leo rannchuidiú le cothromaíocht oibre is saoil oibrithe a fheabhsú trí níos mó solúbthachta a cheadú dóibh maidir lena saol príobháideach a eagrú. Mar sin féin, tá éifeachtaí diúltacha féideartha freisin ag baint le húsáid uirlisí digiteacha, lena n-áirítear TFC, chun críocha oibre, amhail uaireanta oibre níos faide trí oibrithe a spreagadh chun oibriú lasmuigh dá n-am oibre, déine oibre méadaithe, mar aon leis na teorainneacha idir am oibre agus am saor a dhoiléiriú mar thoradh orthu. Mura n-úsáidtear na huirlisí digiteacha go heisiach i rith am oibre, d’fhéadfadh siad cur isteach ar shaolta príobháideacha na n-oibrithe. Do dhaoine le freagrachtaí cúraim gan íocaíocht, is féidir le huirlisí digiteacha é a dhéanamh sách deacair dóibh teacht ar chothromaíocht oibre is saoil shláintiúil. Caitheann mná níos mó ama ná fir ag comhlíonadh freagrachtaí cúraim den sórt sin, oibríonn siad níos lú uaireanta oibre i bhfostaíocht íoctha agus d’fhéadfadh siad fostaíocht a fhágáil go hiomlán.

(8)  Is féidir le huirlisí digiteacha a úsáidtear chun críocha oibre brú agus strus leanúnach a chruthú, tionchar díobhálach a bheith acu ar shláinte fhisiciúil agus ar mheabhairshláinte agus ar dea-bhail oibrithe agus d’fhéadfadh galair shíceasóisialta nó galair cheirde eile, amhail imní, dúlagar, tnáitheadh, strus de bharr na teicneolaíochta, neamhoird chodalta agus neamhoird mhatánchnámharlaigh a bheith mar thoradh orthu. Cuireann na héifeachtaí sin go léir ualach, atá ag méadú, ar fhostóirí agus ar chórais árachais agus méadaítear an baol go sárófaí ceart na n-oibrithe chun dálaí oibre a urramaíonn a sláinte agus sábháilteacht. I bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le húsáid uirlisí digiteacha atá ag méadú go suntasach chun críocha oibre, le caidrimh fostaíochta neamhthipiciúla agus le socruithe teilea-oibre, go háirithe i gcomhthéacs an mhéadaithe i dteilea-obair a tháinig chun cinn mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, as a dtagann strus breise a bhaineann leis an obair agus a dhéanann doiléir an deighilt idir an saol oibre agus an saol príobháideach, tá sé tar éis éirí níos práinní a áirithiú go bhfuil oibrithe in ann a gceart chun dícheangail a fheidhmiú.

(9)  Le húsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha atá ag méadú, athraíodh ó bhonn na samhlacha oibre traidisiúnta agus cruthaíodh cultúr atá ‘ceangailte i gcónaí’ agus ‘ar siúl i gcónaí’. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach go n-áiritheofar an chosaint do chearta bunúsacha oibrithe, dálaí oibre cothroma, lena n-áirítear a gceart chun luach saothair cóir agus cur chun feidhme a gcuid ama oibre, sláinte agus sábháilteacht, agus comhionannas idir fir agus mná.

(10)  Tagraíonn an ceart chun dícheangail do cheart oibrithe gan dul i mbun gníomhaíochtaí nó cumarsáide a bhaineann leis an obair lasmuigh d’am oibre, trí uirlisí digiteacha amhail glaonna gutháin, ríomhphoist nó teachtaireachtaí eile. Ba chóir go dtabharfadh an ceart chun dícheangail ceart d’oibrithe uirlisí a bhaineann leis an obair a mhúchadh agus gan freagra a thabhairt ar iarratais ó fhostóirí lasmuigh d’am oibre, gan aon bhaol d’iarmhairtí diúltacha, amhail dífhostú nó frithbhearta eile. Os a choinne sin, ní cheart go n-éileodh fostóirí ar oibrithe obair lasmuigh d’am oibre. Níor cheart go gcuirfeadh fostóirí an cultúr oibre ‘ar siúl i gcónaí’ chun cinn ina bhfuil sé soiléir gur fearr na daoine a dhéanann a gceart chun dícheangail a tharscaoileadh ná na daoine nach ndéanann é sin. Níor cheart pionós a ghearradh ar oibrithe a thuairiscíonn staideanna san áit oibre nach ndéantar an ceart chun dícheangail a chomhlíonadh.

(11)  Ba cheart go mbeadh feidhm ag an gceart chun dícheangail maidir leis na hoibrithe uile agus leis na hearnálacha uile, idir phoiblí agus phríobháideach, agus ba cheart é a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Is é an aidhm atá leis an gceart chun dícheangail ná cosaint do shláinte agus sábháilteacht oibrithe, agus do dhálaí oibre cothroma, lena n-áirítear cothromaíocht oibre is saoil, a áirithiú.

(12)  Níl aon dlí an Aontais ann faoi láthair lena ndéantar rialáil go sonrach ar an gceart chun dícheangail agus tá éagsúlacht mhór ag baint le reachtaíocht sa réimse sin ar fud na mBallstát. Mar sin féin, is é an cuspóir atá le Treoracha 89/391/CEE(4) agus 91/383/CEE(5) ón gComhairle ná feabhsuithe a spreagadh maidir le sábháilteacht agus sláinte oibrithe ag a bhfuil caidreamh fostaíochta neamhtheoranta, caidreamh fostaíochta ar théarma socraithe nó caidreamh fostaíochta sealadaí; Leagtar síos le Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) íoscheanglais sláinte agus sábháilteachta i dtaca le heagrú ama oibre, lena n-áirítear maidir le líon uasta uaireanta oibre ceadaithe agus tréimhsí sosa íosta atá le hurramú; Is é an cuspóir atá ag Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) ná dálaí oibre a fheabhsú trí fhostaíocht níos trédhearcaí agus níos intuartha a chur chun cinn; agus leagtar síos le Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) íoscheanglais chun comhréiteach idir an saol oibre agus an saol príobháideach d’oibrithe ar tuismitheoirí nó cúramóirí iad a éascú.

(13)  De bhun Threoir 2003/88/CE, tá an ceart ag oibrithe san Aontas chun íoscheanglais sláinte agus sábháilteachta le haghaidh eagrú ama oibre. Sa chomhthéacs sin, foráiltear leis an Treoir sin do thréimhsí scíthe laethúla, sosanna scíthe, tréimhsí scíthe seachtainiúla, uastréimhse oibre sheachtainiúil agus saoire bhliaintúil, agus rialaítear gnéithe áirithe d’obair oíche, sealobair agus patrúin oibre. Le cásdlí socraithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), déantar am ar ghlao-dhualgas, ina n-éilíonn an fostóir ar oibrí a bheith i láthair go fisiciúil in áit shonraithe, a mheas mar “am lán-oibre [...], gan beann ar an bhfíoras nach mbíonn an duine lena mbaineann, i rith tréimhsí ama ar ghlao-dhualgas, i mbun gníomhaíochtaí gairmiúla go leanúnach”(9), agus déantar am fuireachais, ina bhfuil sé mar oibleagáid ag oibrí an t-am a chaitheamh sa bhaile agus a bheith ar fáil don fhostóir, a mheas mar am oibre(10). Thairis sin, léirmhínigh CBAE gurb é atá i dtréimhsí sosa íosta ná “rialacha de chuid dhlí sóisialta an Chomhphobail a bhfuil tábhacht ar leith leo nach mór do gach oibrí tairbhe a bhaint astu mar íoscheanglas atá riachtanach chun cosaint a shábháilteachta agus a shláinte a áirithiú”(11). Le Treoir 2003/88/CE, áfach, ní dhéantar aon fhoráil shainráite do cheart an oibrí chun dícheangail, ná ní éilítear ar oibrithe a bheith ar fáil lasmuigh d’uaireanta oibre, i rith tréimhsí sosa nó aon am neamh-oibre eile, ach déantar foráil don cheart chun tréimhsí sosa laethúla, seachtainiúla agus bliantúla gan bhriseadh, tráth nár cheart fáil a bheith ar an oibrí. Ina theannta sin, níl aon fhoráil shainráite an Aontais ann lena bhforfheidhmítear an ceart chun gan a bheith ar fáil i gcónaí lasmuigh de na huaireanta oibre a comhaontaíodh (go conarthach).

(14)  Dheimhnigh CBAE go bhfágann Treoracha 89/391/CEE agus 2003/88/CE go gcaithfidh fostóirí córas a shocrú suas chun go mbeifear in ann fad an ama a bhíonn á oibriú gach lá ag gach oibrí a thomhas agus go mbeadh córas den sórt sin “oibiachtúil, iontaofa agus inrochtana”(12).

(15)  Ina chásdlí, bhunaigh CBAE critéir chun stádas oibrí a chinneadh. Ba cheart léirmhíniú CBAE ar na critéir sin a chur san áireamh i gcur chun feidhme na Treorach seo. Ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir sin, tagann oibrithe uile san earnáil phríobháideach agus phoiblí araon, lena n-áirítear oibrithe ar éileamh, oibrithe páirtaimseartha, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh, faoi raon feidhme na Treorach seo. Is cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í mí-úsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann, agus is minic a bhaineann sé sin le hobair neamhdhearbhaithe. Tarlaíonn féinfhostaíocht bhréagach nuair a dhearbhaítear go bhfuil duine féinfhostaithe, fad a chomhlíonann sé nó sí na coinníollacha is saintréithe de chaidreamh fostaíochta, chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint. Ba cheart go dtiocfadh na daoine sin faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh. Chun críocha na Treorach seo, tagraíonn an téarma oibrí d’aon oibrí a bhfuil caidreamh fostaíochta aige a chomhlíonann critéir CBAE.

(16)  Leis na deicheanna de bhlianta anuas, tá laghdú tagtha ar ghnáthchonarthaí fostaíochta agus tá méadú tagtha ar shocruithe oibre neamhthipiciúla nó sealadacha, go mór mór mar gheall ar dhigiteáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha. Tá dlí Aontais ann maidir le cuid de na cineálacha oibre neamhthipiciúla. Le Treoir 97/81/CE ón gComhairle(13), déantar an comhaontú réime idir na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha a chur chun feidhme maidir le hobair pháirtaimseartha agus leis an aidhm deireadh a chur leis an idirdhealú i gcoinne oibrithe páirtaimseartha, feabhas a chur ar cháilíocht oibre páirtaimseartha, forbairt na hoibre páirtaimseartha a éascú ar bhonn deonach agus rannchuidiú le heagrú solúbtha an ama oibre ar bhealach a chuireann riachtanais oibrithe agus fostóirí san áireamh. Le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle(14), déantar an comhaontú réime idir comhpháirtithe sóisialta Eorpacha a chur i bhfeidhm maidir le conarthaí ar thréimhse socraithe agus leis an aidhm feabhas a chur ar cháilíocht oibre ar thréimhse socraithe trí chur i bhfeidhm phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú agus cosc a chur ar mhí-úsáid a éiríonn as conarthaí nó caidrimh ar thréimhse socraithe i ndiadh a chéile a úsáid. Is é atá mar chuspóir ag Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), a glacadh i ndiaidh theip na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha comhaontú réime a ghlacadh, ná cosaint oibrithe gníomhaireachta sealadacha a áirithiú agus cáilíocht oibre gníomhaireachta sealadaí a fheabhsú trí chóir chomhionann a áirithiú agus trí ghníomhaireachtaí oibre sealadaí a aithint mar fhostóirí, agus ag cur san áireamh an gá atá le creat oiriúnach a bhunú le haghaidh obair ghníomhaireachta shealadach a úsáid d’fhonn rannchuidiú go héifeachtach le poist a chruthú agus cineálacha oibre solúbtha a fhorbairt.

(17)  Ghlac na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha comhaontuithe réime maidir le teilea-obair i mí Iúil 2002 agus maidir le digiteáil i mí an Mheithimh 2020. Foráiltear le comhaontú réime maidir le digiteáil do bhearta féideartha a chomhaontú idir na comhpháirtithe sóisialta maidir le hoibrithe a bheith ag ceangal leis an obair agus ag dícheangal ón obair. I bhfianaise na bhforbairtí ó glacadh an comhaontú réime maidir le teilea-obair in 2002, is léir go bhfuil gá do mheastóireacht agus do chreat dlíthiúil ag leibhéal an Aontais do chuid de na heilimintí den chomhaontú sin.

(18)  Forálann Pointe (a) d’Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(2) de Threoir 2008/104/CE don chás go bhfuil an coincheap ‘oibrí’ le sainmhíniú sa dlí náisiúnta. Tá sé cinntithe ag CBAE, áfach, go bhfuil na critéir atá bunaithe ina chásdlí socraithe le cur i bhfeidhm nuair atáthar á mheas an bhfuil stádas mar oibrí ag duine. Is é atá cinntitheach, go háirithe, ná cibé “an ndéanann duine seirbhísí do dhuine eile nó faoi stiúir dhuine eile agus go bhfaigheann an té sin luach saothair mar luaíocht orthu” agus níl “an tsaintréith dhlíthiúil atá i gceist faoin dlí náisiúnta agus foirm an chaidrimh sin, chomh maith le nádúr an chaidrimh dhlíthiúil idir an dá dhuine sin cinntitheach ina leith sin”(16).

(19)  Tá céimeanna déanta ag roinnt Ballstát chun rialáil a dhéanamh ar an gceart chun dícheangail d’oibrithe a úsáideann uirlisí digiteacha chun críocha oibre. Tá Ballstáit eile ann a dhéanann úsáid uirlisí digiteacha chun críocha oibre a chur chun cinn gan bacadh le haghaidh a thabhairt go sainiúil ar na rioscaí, agus tá an tríú grúpa de Bhallstáit ann a bhfuil reachtaíocht ghinearálta i bhfeidhm acu maidir le húsáid uirlisí digiteacha chomh maith leis an gceathrú grúpa nach bhfuil aon reachtaíocht ar leith acu sa réimse seo(17). Trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais sa réimse seo, dhéanfaí ceanglais íosta a sholáthar chun cosaint a thabhairt do na hoibrithe uile san Aontas a úsáideann uirlisí digiteacha chun críocha oibre agus, ar bhonn níos sonraí, chun cosaint a thabhairt dá gcearta bunúsacha a mhéid a bhaineann le dálaí oibre cothroma.

(20)  Is é atá mar chuspóir leis an Treoir seo ná feabhas a chur ar dhálaí oibre do na hoibrithe go léir trí cheanglais íosta maidir leis an gceart chun dícheangail a leagan síos. Ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme ar bhealach ina dtugtar lán-urraim do na ceanglais a leagtar amach i dTreoracha 89/391/CEE, 2003/88/CE, (AE) 2019/1152 agus (AE) 2019/1158 agus níor cheart go mbeadh aon tiochar diúltach aici ar oibrithe.

(21)  Na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an chirt chun dícheangail ag an oibrí agus maidir le cur chun feidhme an chirt sin ag an bhfostóir, ba cheart go bhféadfaí iad a bheith comhaontaithe ag na comhpháirtithe sóisialta trí bhíthin cómhargála nó ar leibhéal ghnóthas an fhostóra. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, amhail trí údaráis náisiúnta cigireachta saothair, go dtugann fostóirí ráiteas i scríbhinn do na hoibrithe ina leagtar amach na socruithe praiticiúla sin.

(22)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go socróidh na fostóirí córas oibiachtúil, iontaofa agus inrochtana suas chun go mbeifear in ann fad an ama a bhíonn á oibriú gach lá ag gach oibrí a thomhas, i gcomhréir le cásdlí CBAE, go háirithe a breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, Federación de Servicios de Comisiones Obreras (CCOO), C-55/18(18).

(23)  Ba cheart neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú. Ba cheart go dtabharfadh na Ballstáit tacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta ó thaobh comhaontuithe cómhargála a bhunú chun an Treoir seo a chur chun feidhme.

(24)  Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus lena gcleachtas náisiúnta, a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach agus go ndéanfar an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn agus a fheabhsú d’fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ag an leibhéal iomchuí, go mbunófar tacar íosta de dhálaí oibre chun oibrithe a chumasú chun a gceart chun dícheangail a fheidhmiú. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus lena gcleachtas náisiúnta, chun tacar íosta de na dálaí oibre sin a chur ar fáil nó a chomhlánú.

(25)  Maoluithe ar an gceanglas maidir le cur chun feidhme an chirt chun dícheangail, is in imthosca eisceachtúla amháin a thabharfar iad, amhail force majeure nó éigeandálaí eile, agus beidh siad faoi réir ag an bhfostóir na cúiseanna don mhaolú a sholáthar i scríbhinn do gach oibrí i dtrácht, agus bonn cirt a thabhairt don ghá atá leis an maolú. Le tacar íosta de dhálaí oibre lena ndéantar an ceart chun dícheangail a chur chun feidhme, ba cheart foráil a dhéanamh do chritéir le haghaidh maoluithe den sórt sin agus chun cúiteamh as aon obair a dhéantar lasmuigh den am oibre a chinneadh. Ba cheart a áirithiú le cúiteamh den sórt sin go n-urramaítear an cuspóir foriomlán maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a áirithiú.

(26)  Oibrithe a fheidhmíonn na cearta atá acu agus dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart go mbeidís cosanta ó aon iarmhairtí díobhálacha, lena n-áirítear dífhostú agus frithbhearta eile. Ba cheart na hoibrithe sin a bheith cosanta freisin in aghaidh bearta idirdhealaitheacha, amhail caillteanas ioncaim nó deiseanna ar ardú céime.

(27)  Ba cheart cosaint bhreithiúnach agus riaracháin leormhaith agus ghasta a bheith ag na hoibrithe in aghaidh aon chóir dhíobhálach a eascraíonn as iadsan na cearta dá bhforáiltear faoin Treoir seo a fheidhmiú nó as féachaint lena bhfeidhmiú, lena n-áirítear an ceart chun sásaimh chomh maith leis an gceart chun imeachtaí riaracháin nó dlí a thionscnamh ar mhaithe le comhlíonadh an Treorach seo a áirithiú.

(28)  Ba cheart do na Ballstáit socruithe maidir le cur chun feidhme an chirt chun dícheangail, arna bhunú sa Treoir seo, a leagan síos i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe cómhargála nó le cleachtas. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí faoin Treoir seo.

(29)  Maidir le hualach an chruthúnais i dtaca lena shuíomh nár tharla dífhostú nó aimhleas coibhéiseach ar an bhforas gur fheidhmigh oibrí a cheart nó a ceart chun dícheangail nó gur fhéach sé nó sí leis an gceart sin a fheidhmiú, ba cheart gur ar an bhfostóir a thitfeadh sé sa chás go ndearna oibrí, os comhair cúirte nó údarás inniúil eile, fíorais a shuíomh lenar féidir a thoimhdiú go ndearnadh an t-oibrí sin a dhífhostú ar an bhforas sin nó gur fhulaing sé nó sí aimhleas coibhéiseach ar an bhforas sin.

(30)  Is ceanglais íosta a leagtar síos sa Treoir seo, agus dá réir sin ní dhéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach agus a choinneáil. Níor cheart don Treoir seo ná a cur chun feidhme a bheith mar fhorais bhailí chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar d’oibrithe i réimse a chlúdaítear leis an Treoir seo a laghdú.

(31)  Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na Treorach seo agus chun an comhlíonadh sin a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha tráthrialta a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(32)  Chun an tionchar a bheidh ag an Treoir seo a mheasúnú, spreagtar an Coimisiún agus na Ballstáit le leanúint de bheith ag comhoibriú le chéile, le tacaíocht ón Údarás Eorpach Saothair, chun go bhforbrófar staidreamh agus sonraí inchomparáide maidir le cur chun feidhme na gceart a leagtar síos sa Treoir seo.

(33)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon coimircí iomchuí a bhunú le haghaidh fhorfheidhmiú an chirt chun dícheangail san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Sa Treoir seo, leagtar síos na ceanglais íosta chun a chumasú d’oibrithe a úsáideann uirlisí digiteacha, lena n-áirítear TFC, le haghaidh na hoibre a gceart chun dícheangail a fheidhmiú agus chun a áirithiú go mbeidh urraim ag fostóirí don cheart chun dícheangail atá ag oibrithe. Tá feidhm aici maidir le gach earnáil, idir phoiblí agus phríobháideach, agus maidir leis na hoibrithe go léir, neamhspleách ar a stádas agus ar a socruithe oibre.

2.  Déanann an Treoir seo sonrú agus comhlánú ar Threoracha 89/391/CEE, 2003/88/CE, (AE) 2019/1152 agus (AE) 2019/1158, chun na gcríoch a luaitear i mír 1, gan dochar do na ceanglais a leagtar síos sna Treoracha sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “dícheangal” gan a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí nó cumarsáidí a bhaineann leis an obair trí bhíthin uirlisí digiteacha, bíodh sé sin go díreach nó go hindíreach, lasmuigh den am oibre;

(2)  ciallaíonn “am oibre” am oibre de réir mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir 2003/88/CE.

Airteagal 3

An ceart chun dícheangail

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na fostóirí na bearta is gá chun na modhanna a chur ar fáil d’oibrithe chun a gceart chun dícheangail a fheidhmiú.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go socróidh na fostóirí córas oibiachtúil, iontaofa agus inrochtana suas chun go mbeifear in ann fad an ama a bhíonn á oibriú gach lá ag gach oibrí a thomhas, i gcomhréir le ceart na n-oibrithe chun príobháideachais agus chun cosanta a sonraí pearsanta. Beidh deis ag oibrithe taifead dá gcuid amanna oibre a iarraidh agus a fháil.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh fostóirí an ceart chun dícheangail a chur chun feidhme ar bhealach cothrom, dlíthiúil agus trédhearcach.

Airteagal 4

Bearta lena ndéantar an ceart chun dícheangail a chur chun feidhme

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar socruithe mionsonraithe, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ag an leibhéal iomchuí, chun oibrithe a chumasú chun a gceart chun dícheangail a fheidhmiú agus go ndéanfaidh fostóirí an ceart sin a chur chun feidhme ar bhealach cóir agus trédhearcach. Chuige sin, forálfaidh na Ballstáit ar a laghad do na dálaí oibre seo a leanas:

(a)  socruithe praiticiúla maidir le huirlisí digiteacha chun críocha oibre a mhúchadh, lena n-áirítear aon uirlis faireacháin a bhaineann leis an obair;

(b)  an córas chun am oibre a thomhas;

(c)  measúnuithe sláinte agus sábháilteachta lena n-áirítear measúnuithe riosca síceasóisialta, a mhéid a bhaineann leis an gceart chun dícheangail;

(d)  na critéir le haghaidh aon mhaolú ag fostóirí ón gceanglas atá orthu an ceart chun dícheangail atá ag oibrí a chur chun feidhme;

(e)  i gcás maolú faoi phointe (d), na critéir lena chinneadh cén chaoi a bhfuil cúiteamh as obair a dhéantar lasmuigh den am oibre le ríomh i gcomhréir le Treoracha 89/391/CEE, 2003/88/CE, (AE) 2019/1152 agus (AE) 2019/1158, agus le dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta.

(f)  na beartais múscailte feasachta, lena n-áirítear oiliúint ag an obair, atá le déanamh ag fostóirí i ndáil leis na dálaí oibre dá dtagraítear sa mhír seo.

Aon mhaolú faoi phointe (d) den chéad fhomhír, is in imthosca eisceachtúla amháin a thabharfar é, amhail force majeure nó éigeandálaí eile, agus beidh sé faoi réir ag an bhfostóir na cúiseanna don mhaolú a sholáthar i scríbhinn do gach oibrí i dtrácht agus bonn cirt a thabhairt don ghá atá leis an maolú gach uair a dhéantar an maolú a agairt.

2.  Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus lena gcleachtas náisiúnta, é a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe cómhargála ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach, ar leibhéal na hearnála nó ar leibhéal an fhostóra a thabhairt i gcrích lena bhforáiltear do nó lena gcomhlánaítear na dálaí oibre dá dtagraítear i mír 1.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh na hoibrithe nach bhfuil clúdaithe ag comhaontú cómhargála de bhun mhír 2 tairbhe as chosaint i gcomhréir leis an Treoir seo.

Airteagal 5

Cosaint in aghaidh cóir dhíobhálach

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmeascfar idirdhealú, cóir is lú fabhar, dífhostú nó aon bhearta díobhálacha eile ag fostóirí ar an bhforas go ndearna oibrithe a gceart chun dícheangail a fheidhmiú nó gur fhéach siad lena gceart chun dícheangail a fheidhmiú.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh fostóirí cosaint d’oibrithe, lena n-áirítear ionadaithe oibrithe, ó aon chóir dhíobhálach agus ó aon iarmhairtí díobhálacha a thagann as gearán a thaisceadh le fostóir nó mar thoradh ar aon imeachtaí a thionscnaítear chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

3.  Más rud é go ndéanann oibrithe a mheasann go ndearnadh iad a dhífhostú nó go raibh siad faoi réir cóir dhíobhálach eile ar an bhforas gur fheidhmigh siad a gceart chun dícheangail nó gur fhéach siad leis an gceart sin a fheidhmiú fíorais a shuíomh os comhair cúirte nó údarás inniúil eile ar fíorais iad lenar féidir a thoimhdiú go ndearnadh iad a dhífhostú nó go raibh siad faoi réir cóir dhíobhálach eile ar an bhforas sin, is ar an bhfostóir a thitfidh sé a chruthú go ndearnadh an dífhostú nó an chóir dhíobhálach eile ar fhorais eile.

4.  Ní chuirfidh mír 3 cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí d’oibrithe.

5.  Ní bheidh ceanglas ar na Ballstáit mír 3 a chur i bhfeidhm i gcás imeachtaí ar faoin gcúirt nó faoi chomhlacht inniúil atá sé fíorais an cháis a imscrúdú.

6.  Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le himeachtaí coiriúla, mura rud é go bhforáiltear a mhalairt sna Ballstáit.

Airteagal 6

Ceart chun sásaimh

1.  Maidir le hoibrithe a ndearnadh a gceart chun dícheangail a shárú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain acu ar phróiseas réitigh díospóidí atá gasta, éifeachtach agus neamhchlaonta mar aon leis an gceart chun sásaimh i gcás sáruithe ar a gcearta de dhroim na Treorach seo.

2.  Féadfaidh na Ballstáit deis a thabhairt d’eagraíochtaí ceardchumainn nó d’ionadaithe oibrithe eile, thar ceann oibrithe nó ag tacú le hoibrithe agus é sin lena bhformheas, dul i mbun imeachtaí riaracháin arb é is cuspóir leo comhlíonadh nó forfheidhmiú na Treorach seo a áirithiú.

Airteagal 7

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh fostóirí faisnéis shoiléir, leordhóthanach agus leormhaith i scríbhinn a thabhairt do gach aon oibrí faoina cheart chun dícheangail, lena n-áirítear ráiteas ina leagtar amach na téarmaí a ghabhann le haon chomhaontú cómhargála nó comhaontú eile is infheidhme. Áireofar san fhaisnéis sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  socruithe praiticiúla maidir le huirlisí digiteacha chun críocha oibre a mhúchadh, lena n-áirítear aon uirlis faireacháin, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1);

(b)  an córas chun am oibre a thomhas, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1);

(c)  measúnuithe sláinte agus sábháilteachta ag an bhfostóir maidir leis an gceart chun dícheangail, lena n-áirítear measúnuithe ar rioscaí síceasóisialta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 4(1);

(d)  na critéir d’aon mhaolú ar cheanglas na bhfostóirí chun an ceart chun dícheangail a chur chun feidhme agus aon chritéir chun cúiteamh as obair a dhéantar lasmuigh den am oibre a chinneadh, amhail dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 4(1);

(e)  na bearta múscailte feasachta a dhéanfaidh an fostóir, lena n-áirítear oiliúint ag an obair, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 4(1);

(f)  na bearta chun oibrithe a chosaint in aghaidh cóir dhíobhálach i gcomhréir le hAirteagal 5;

(g)  na bearta chun an ceart chun sásaimh atá ag oibrithe a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 8

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, nó ar fhorálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana agus a bhaineann leis na cearta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin … [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 9

An leibhéal cosanta

1.  Ní bheidh an Treoir seo ina foras bailí chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

2.  Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe cómhargála atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm.

3.  Ní dochar an Treoir seo d’aon chearta eile a thugtar d’oibrithe trí ghníomhartha eile dlí an Aontais.

Airteagal 10

Tuairisciú, meastóireacht agus athbhreithniú ar an gceart chun dícheangail

1.  Faoin ... [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an bhfaisnéis ábhartha go léir i ndáil le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm praiticiúil na Treorach seo, agus freisin maidir le táscairí meastóireachta i dtaobh na gcleachtas chun an ceart chun dícheangail a chur chun feidhme, ina léirítear na dearcthaí faoi seach atá ag na páirtithe sóisialta náisiúnta.

2.  Ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [sé bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach seo agus ina mbreithneofar an bhfuil gá le bearta breise, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leasuithe ar an Treoir seo.

Airteagal 11

Trasuí

1.  Faoin ... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá le haghaidh chomhlíonadh na Treorach seo a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón ... [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.  A luaithe is a bheidh an Treoir seo tagtha i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas, in am trátha chun a bharúlacha a thíolacadh, faoi dréachtfhorálacha reachtacha, rialúcháin nó riaracháin atá beartaithe acu a ghlacadh sa réimse atá cumhdaithe ag an Treoir seo.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 153(3) CFAE, féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, arna iarraidh sin go comhpháirteach dóibh, agus ar choinníoll go n-áiritheoidh siad go gcomhlíonfar an Treoir.

Airteagal 12

Sonraí pearsanta

Déanfaidh fostóirí sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun phointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(1) den Treoir seo, agus é sin chun na críce amháin go ndéanfar am oibre na n-oibrithe aonair a thaifeadadh. Ní phróiseálfaidh siad na sonraí sin chun aon chríche eile. Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19) agus le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20).

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 14

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C…
(2) IO C…
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa...
(4) Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).
(5) Treoir 91/383/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1991 lena bhforlíontar na bearta chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh le caidreamh fostaíochta ar thréimhse socraithe nó le caidreamh fostaíochta sealadaí (IO L 206, 29.7.1991, lch. 19).
(6) Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).
(7) Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(8) Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
(9) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 2004, Pfeiffer agus eile, C-397/01 go C-403/01 ECLI:EU:C:2004:584, mír 93.
(10) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Feabhra 2018, Matzak, ECLI:EU:C:2018:82, C-518/15, mír 66.
(11) Breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2006, An Coimisiún v An Ríocht Aontaithe, C-484/04, ECLI:EU:C:2006:526, mír 38.
(12) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Bealtaine 2019, Federación de Servicios de Comisiones Obreras (CCOO), C-55/18, ECLI:EU:C:2019:402, mír 60.
(13) Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i ndáil leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag UNICE, CEEP agus ETUC (IO L 14, 20.1.1998, lch. 9).
(14) Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP (IO L 175, 10.7.1999, lch. 43).
(15) Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).
(16) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Samhain 2016, Betriebsrat der Ruhrlandklinik, C‑216/15, ECLI:EU:C:2016:883, mír 27.
(17) Eurofound.
(18) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Bealtaine 2019, Federación de Servicios de Comisiones Obreras (CCOO), C-55/18, ECLI:EU:C:2019:402.
(19) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(20) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

An nuashonrú is déanaí: 22 Aibreán 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais