Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0910(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0007/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0007/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 09/02/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0031

Téacsanna atá glactha
PDF 115kWORD 43k
Dé Máirt, 9 Feabhra 2021 - Brussels
Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh
P9_TA(2021)0031A9-0007/2021

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Feabhra 2021 maidir leis an togra ón mBanc Ceannais Eorpach chun Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (N9-0080/2020 – C9-0425/2020 – 2020/0910(NLE))

(Formheas)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do thogra ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Nollaig 2020 chun Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (C9-0425/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa(1),

–  ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach maidir leis na módúlachtaí praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le formhaoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí a thugtar do BCE faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(3),

–  ag féachaint do chinneadh uaithi an 24 Samhain 2020 maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Comhalta a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh(4),

–  ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0007/2021),

A.  de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle go ndéanfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a thogra chun Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas;

B.  de bhrí gur gá go roghnófar Leas-Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta as measc chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE;

C.  de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle go ndéanfaidh ceapacháin don Bhord Maoirseachta i gcomhréir leis an Rialachán sin prionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na gcáilíochtaí a urramú;

D.  de bhrí go ndearna an Chomhairle Eorpach, an 10 Nollaig 2020(5), Frank Elderson a cheapadh mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE le haghaidh téarma oifige ocht mbliana ón 15 Nollaig 2020 i gcomhréir le hAirteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

E.  dé bhrí go ndearna BCE, i litir an 18 Nollaig 2020, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa chun Frank Elderson a cheapadh mar Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE le haghaidh téarma oifige cúig bliana;

F.  de bhrí gur lean Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta ar aghaidh ansin chun dintiúir an iarrthóra atá molta a mheas, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle;

G.  de bhrí gur reáchtáil an coiste éisteacht leis an iarrthóir atá molta an 25 Eanáir 2021, ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ansin ó chomhaltaí an choiste;

H.  de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile AE agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

I.  de bhrí go bhfuil ceathrar fear agus beirt bhan ar Bhord Feidhmiúcháin BCE faoi láthair, arb í duine de na mná an tUachtarán;

1.  ag formheas cheapachán Frank Elderson mar Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.
(2) IO L 320, 30.11.2013, lch. 1.
(3) IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0311.
(5) IO L 420, 14.12.2020, lch. 22.

An nuashonrú is déanaí: 3 Meitheamh 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais