Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0029(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0010/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0010/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 09/02/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0032

Téacsanna atá glactha
PDF 117kWORD 42k
Dé Máirt, 9 Feabhra 2021 - Brussels
Fáil agus seilbh arm a rialú ***I
P9_TA(2021)0032A9-0010/2021
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Feabhra 2021 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (códú) (COM(2020)0048 – C9-0017/2020 – 2020/0029(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0048),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0017/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Meitheamh 2020(1),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 – Modh oibre níos tapúla le haghaidh téacsanna reachtacha a chódú go hoifigiúil(2),

–  ag féachaint do Rialacha 109 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0010/2021),

A.  de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 311, 18.9.2020, lch. 52.
(2) IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Feabhra 2021 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (códú)
P9_TC1-COD(2020)0029

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2021/555.)

An nuashonrú is déanaí: 3 Meitheamh 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais