Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (COM(2020)0408 – C9-0150/2020 – 2020/0104(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0408),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus don tríú mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0150/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Iúil 2020(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2020(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta, don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Nollaig 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0214/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
4. ag tabhairt dá haire na ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
5. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
6. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Feabhra 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/241.)
iarscríbhinn a ghabhann leis an rún reachtach
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le ceanglais tuairiscithe a bhunú chun eisiúint bannaí a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil do NextGenerationEU a chumasú
Meabhraíonn an Coimisiún uaillmhian pholaitiúil chomhroinnte an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Laistigh den chreat sin, cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil sé d’aidhm aige 30 % ar a laghad de na cistí atá le fáil ar iasacht sna margaí caipitil a thiomsú le haghaidh riachtanais NextGenerationEU trí bhannaí a eisiúint lena rannchuirtear le cuspóirí comhshaoil.
Comhaontaíonn na trí Institiúid a fhiosrú an bhféadfaí rialacha a thabhairt isteach lena mbunófar oibleagáidí tuairiscithe do na Ballstáit, chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ar fáil d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar an rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil na gcistí a fhaightear ar iasacht sna margaí caipitil. Chun na críche sin, féachfaidh an Coimisiún le togra reachtach a dhéanamh chuige sin sa chéad ráithe de 2021.
RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LE BAILIÚ SONRAÍ LE hAGHAIDH RIALUITHE AGUS INIÚCHTAÍ ÉIFEACHTACHA
Meabhraíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún an gá atá le rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha a áirithiú chun cistiú dúbailte a sheachaint agus chun calaois, éilliú agus coinbhleacht leasanna a chosc, a bhrath agus a cheartú i ndáil leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Measann an dá institiúid go bhfuil sé bunriachtanach go mbaileodh agus go dtaifeadfadh na Ballstáit sonraí maidir le faighteoirí agus tairbhithe deiridh chistiú an Aontais i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach agus idir-inoibritheach agus go mbainfidís úsáid as uirlis aonair mianadóireachta sonraí atá le soláthar ag an gCoimisiún.
RÁITEAS breise ón gCoimisiún maidir le bailiú sonraí le haghaidh rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha
Meabhraíonn an Coimisiún Eorpach an dearbhú aontaobhach a rinne sé maidir leis an ábhar seo faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, a bhfuil feidhm aige mutatis mutandis maidir le hAirteagal 22 de Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
RÁITEAS ón gCoimisiún maidir leis an modheolaíocht chun an aeráid a rianú
Chun comhsheasmhacht a áirithiú, measann an Coimisiún gur cheart modheolaíocht Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a ionchorprú i Rialachán na bhForálacha Coiteanna.