Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le tuarascáil bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2020 (2020/2123(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), 2019,
– ag féachaint don doiciméad ó BCE dar teideal Aiseolas ar an ionchur a sholáthair Parlaimint na hEorpa mar chuid dá rún maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2018,
– ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus BCE, go háirithe Airteagail 15 agus 21 de,
– ag féachaint d’Airteagail 123, 127(1), (2) agus (5), 130, 132 agus 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint do réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann an Eurochórais don limistéar euro agus do na bearta a ghlac Comhairle Rialaithe BCE an 4 Meitheamh 2020,
– ag féachaint do shuirbhé BCE maidir leis an rochtain a bhí ag fiontair ar mhaoiniú sa limistéar euro idir Deireadh Fómhair 2019 agus Márta 2020, a foilsíodh an 8 Bealtaine 2020,
– ag féachaint do réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE don limistéar euro a foilsíodh an 10 Meán Fómhair 2020,
– ag féachaint do na hidirphléití airgeadaíochta le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, an 6 Feabhra agus an 8 Meitheamh 2020, agus an 28 Meán Fómhair 2020,
– ag féachaint dá seasamh an 28 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú(1),
– ag féachaint do pháipéar ócáideach Uimh. 247 ó Thascfhórsa Cripteashócmhainní BCE, Meán Fómhair 2020, dar teideal Stablecoins: Implications for monetary policy, financial stability, market infrastructure and payments, and banking supervision in the euro area [Cripteamhonaí cobhsaí: Impleachtaí don bheartas airgeadaíochta, don chobhsaíocht airgeadais, do bhonneagar agus íocaíochtaí an mhargaidh, agus do mhaoirseacht bhaincéireachta sa limistéar euro],
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),
– ag féachaint don tuarascáil ó BCE, Deireadh Fómhair 2020, ar euro digiteach,
– ag féachaint don pháipéar ócáideach ó BCE, Uimh. 201, Samhain 2017, dar teideal The use of cash by households in the euro area [Úsáid airgid thirim ag teaghlaigh sa limistéar euro],
– ag féachaint do nuashonrú 2020 ar Ráiteas Comhshaoil BCE,
– ag féachaint do Riail 142(1) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0002/2021),
A. de bhrí go réamh-mheastar sa Réamhaisnéis Eacnamaíoch ón gCoimisiún, Samhradh 2020, ag cur na suaití eacnamaíocha atá ann de bharr phaindéim COVID-19 san áireamh, go dtiocfaidh laghdú 8,7 % ar gheilleagar an limistéir euro in 2020 agus go dtiocfaidh fás 6,1 % air in 2021, agus go dtiocfaidh laghdú 8,3 % ar gheilleagar AE-27 in 2020 agus go dtiocfaidh fás 5,8 % air in 2021;
B. de bhrí, de réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE, Meitheamh 2020, go mbeidh boilsciú bliantúil an limistéir euro san Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) comhionann, ar an meán, le 0,3 % in 2020, le 1,0 % in 2021 agus le 1,3 % in 2022, agus ag an am céanna go léirítear sna réamh-mheastachtáin don bhoilsciú sa limistéar euro ina iomláine go mbeidh an-éagsúlacht sa ráta boilsciúcháin;
C. de bhrí, de réir Eurostat, gurbh é 7,4 % san Aontas Eorpach agus 8,1 % sa limistéar euro an ráta dífhostaíochta i mí Lúnasa 2020; de bhrí go bhfuiltear ag dréim go dtiocfaidh méadú ar an ráta dífhostaíochta; de bhrí go bhfuil an ráta dífhostaíochta míchothrom ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil neamhionannais urghnácha réigiúnacha fós sa dífhostaíocht, laistigh de na Ballstáit agus ina measc; de bhrí go bhfuil ráta ard dífhostaíochta i measc na hóige fós ina shaincheist thromchúiseach nach mór dul i ngleic léi san Aontas;
D. de bhrí go léirítear tionchar díbhoilscitheach i sonraí BCE maidir le ICPT do 2020 i ngeall ar ghéarchéim COVID-19 i roinnt Ballstát;
E. de bhrí gurb éard atá i réamh-mheastacháin BCE, Meán Fómhair, go dtitfidh an fíor-OTI domhanda (gan an limistéar euro a áireamh) 3,7 % in 2020 agus ina dhiaidh sin go mbeidh athphreab 6,2 % ann in 2021 agus athphreab 3,8 % ann in 2022;
F. de bhrí, d’ainneoin gur iarr Parlaimint na hEorpa go mion minic gearrliosta cothrom ó thaobh inscne de a fháil ar a mbeadh dhá ainm ar a laghad do na róil ar Bhord Feidhmiúcháin BCE, is fir amháin a bhí ar an ngearrliosta chun comhalta nua den Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh in ionad Yves Mersch; de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht mhór ar Chomhairle Rialaithe BCE;
G. de bhrí gurbh ionann glanbhrabús BCE in 2019 agus EUR 2 366 bhilliún, i gcomparáid le EUR 1 575 bhilliún in 2018; de bhrí gur féidir an méadú sin a chur go príomha i leith an mhéadaithe ar ghlanioncam úis ar phunann dhollar na Stát Aontaithe agus ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (APP);
H. de bhrí gurbh amhlaidh, ag deireadh 2019, a bhí buaic EUR 4 671 425 mhilliún bainte amach ag clár comhardaithe an Eurochórais, an dara buaic is mó riamh i ndiaidh bhuaic 2018;
I. de bhrí go dteastaíonn tuilleadh tacaíochta ó FBManna, arb iad cnámh droma gheilleagar agus shochaithe an Aontais iad go fóill, agus feabhas á chur acu ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta;
J. de bhrí go raibh diantionchar ag géarchéim COVID-19 ar FBManna; de bhrí go raibh drochthionchar ag forbairtí san ionchas eacnamaíoch ginearálta ar a rochtain ar mhaoiniú;
K. de bhrí go sainítear le CFAE gurb é atá i sainordú BCE praghsanna a choimeád cobhsaí agus tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas, d’fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais;
L. de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag AE i leith na haeráidneodrachta faoi 2050 agus gurb é misean BCE cabhrú leis an méid sin a bhaint amach; de bhrí nach bhfuil misin BCE teoranta do chobhsaíocht praghsanna ach go n-áirítear leo freisin sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta agus cobhsaíocht an chórais airgeadais;
M. de bhrí, de réir shuirbhé Eorabharaiméadair, mí na Samhna 2019, gur 62 % den phobal a thacaigh le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta na hEorpa lena ngabhann airgeadra aonair amháin, an euro, in 2019;
N. de bhrí gur fhógair BCE an 18 Márta 2020 Clár Ceannaithe d'Éigeandáil na Paindéime (PEPP) mar chlár nua sealadach le haghaidh ceannach sócmhainní san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach lena ngabhann imchlúdach EUR 750 billiún, chun dul i ngleic le rioscaí do tharchur an bheartais airgeadaíochta sa limistéar euro arb í paindéim an choróinvíris is cúis leo;
O. de bhrí gur chinn Comhairle Rialaithe BCE an 4 Meitheamh 2020 imchlúdach PEPP a mhéadú go EUR 1,35 trilliún, chun tréimhse ghlancheannacháin PEPP a fhadú go deireadh mhí an Mheithimh 2021 ar a laghad, agus go ndéanfar íocaíochtaí príomhshuime atá ag aibiú faoi PEPP a ath-infheistiú go deireadh 2022 ar a laghad; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go leanfar leis na glancheannacháin faoi APP de réir ráta míosúil EUR 20 billiún, mar aon leis na ceannacháin faoin imchlúdach sealadach breise EUR 120 billiún go deireadh 2020;
P. de bhrí go ndearnadh bearta beartais eile chun leachtacht a sholáthar, amhail oibríochtaí spriocdhírithe fadtéarmacha athmhaoiniúcháin (TLTRO III) agus PELTRO, saoráid leachtachta phaindéimshonrach;
Q. de bhrí gur cuireadh moill mhór ar an Scéim Eorpach Árachais Taiscí, in ainneoin na dtograí ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach maidir leis an ngá práinneach atá ann taiscí a chosaint ar leibhéal AE;
Forbhreathnú ginearálta
1. á chur in iúl gur geal léi ról BCE maidir le cobhsaíocht an euro a choimirciú; á thabhairt chun suntais gur réamhriachtanas é neamhspleáchas reachtúil BCE, mar a leagtar síos sna Conarthaí é, chun gur féidir leis a shainordú a chomhlíonadh, agus chun a dhlisteanacht dhaonlathach a choimirciú; ag tabhairt dá haire gur riachtanas den neamhspleáchas é nár cheart do BCE treoracha a lorg ná a ghlacadh ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile; á chur i bhfáth nár cheart sárú a dhéanamh ar an neamhspleáchas sin, agus á thabhairt chun suntais thairis sin gur cheart leibhéal comhfhreagrach cuntasachta a bheith ag gabháil le neamhspleáchas bainc ceannais i gcónaí; á chur i bhfáth go sonraítear in CFAE gur gá do BCE, anuas ar a shainordú príomhúil cobhsaíocht praghsanna a choimeád slán, tacú freisin leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú, ar choinníoll nach dtagann siad salach ar an bpríomh-shainordú; á chur i bhfios go láidir gur cuspóirí ginearálta de chuid an Aontais, mar a shainítear in Airteagal 3 CFAE iad, an fhorbairt inbhuanaithe, an cóineasú, an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta;
2. á chur in iúl gur geal leis an lárionad maidir leis an athrú aeráide atá á chur ar bun laistigh de BCE;
3. á chur i bhfáth nach féidir dul siar ar an airgeadra aonair; ag cur béim ar an bhfíoras gur tionscadal polaitiúil é an euro, anuas ar é a bheith ina thionscadal airgeadaíochta;
4. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ghéarchéim cúraim sláinte, eacnamaíoch agus shóisialta gan fasach atá ann de dheasca phaindéim COVID-19, ina bhfuil laghdú géar tagtha ar gheilleagar an limistéir euro agus ina bhfuil dálaí mhargadh an tsaothair ag dul in olcas go mear, lena n-áirítear an méadú ar an dífhostaíocht; ag tabhairt dá haire go meastar go ndéanfaidh gníomhaíocht an limistéir euro téarnamh, cé go bhfuil luas agus scála an téarnaimh fós thar a bheith neamhchinnte agus neamhchothrom ó Bhallstát go chéile;
5. á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, go bhfuil cothromaíocht na rioscaí don ionchas fáis ag dul i dtreo an donais i gcomhthéacs neamhchinnteacht eisceachtúil ina mbeidh méid an chraptha agus an téarnaimh ag brath ar fhad agus ar éifeachtacht na mbeart imshrianta, ar rath na mbeartas fioscach agus airgeadaíochta drochthionchar ar ioncam agus ar fhostaíocht a mhaolú, agus ar a mhéid a dhéantar difear buan don acmhainneacht soláthair, don éileamh intíre agus do shlabhraí soláthair idirnáisiúnta;
6. á iarraidh go ndéanfar athmheastóireacht phráinneach ar riosca sistéamach san earnáil airgeadais tar éis na paindéime; á chur in iúl gur geal léi, i dtaca leis sin, bunú coiste oibre a bhaineann leis an bpaindéim ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach; á mholadh go n-áireofar measúnú cáilíochtúil ar riosca iarmharach i dtástálacha struis a bheidh ann amach anseo;
7. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BCE an chobhsaíocht praghsanna a choimeád slán; ag tabhairt dá haire nár baineadh amach go sistéamach an sprioc don bhoilsciú agus go bhfuil gá le tuilleadh forairdill; á thabhairt chun suntais gur cláraíodh díbhoilsciú i leith an limistéir euro le roinnt míonna anuas; á thabhairt chun suntais go bhfuil rioscaí móra ann do gheilleagair an limistéir euro de bharr an díbhoilsciúcháin, agus go mb’fhéidir gur ghá do BCE idirghabháil thréan a dhéanamh dá réir;
8. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil oiriúnú a chuid tomhas ar an mboilsciú á phlé faoi láthair ag BCE; ag tabhairt dá haire gur coincheap an-chúng den tomhas ar an mboilsciú é ICPT agus go ndéantar an boilsciú sa limistéar euro a mheas faoina luach dá bharr toisc sciar neamhleor de na costais tithíochta a bheith i gciseán ICPT(3); á iarraidh go ndéanfar an ciseán a athchoigeartú ionas go léireofar leis gur ar chaiteachas a bhaineann le tithíocht a chaitheann teaghlaigh na hEorpa 24 % dá gcuid ioncaim; ag spreagadh BCE chun an boilsciú praghsanna sócmhainní a eascraíonn as inter alia rátaí úis ísle a chur san áireamh; á aithint go mbaineann dúshláin leis an mbeartas airgeadaíochta a tharchur;
9. ag aithint na hiarrata láidre ón Uachtarán Lagarde go ndéanfaí ‘comhfhogasú iomlán ar na beartais fhioscacha agus airgeadaíochta’ chomh maith leis an ngealltanas ‘úsáid a bhaint as na huirlisí uile lena dtabharfar an toradh is éifeachtaí, is éifeachtúla agus is comhréirí’ chun tacú le téarnamh eacnamaíoch an limistéir euro; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhlántachtaí láidre idir beartais fhioscacha agus beartais airgeadaíochta; á chur in iúl gur geal léi an Clár Ceannaithe d'Éigeandáil na Paindéime de chuid BCE chun tacú le téarnamh eacnamaíoch an limistéir euro;
Beartas airgeadaíochta
10. á chur in iúl gur geal léi freagairt beartais airgeadaíochta thapa agus shuntasach BCE ar ghéarchéim COVID-19 i gcomhthéacs éigeandála; ag aithint thionchar dearfach na freagartha sin ar staid eacnamaíoch an limistéir euro; ag dréim leis go leanfaidh BCE dá thacaíocht fad a bheidh gá leis; ag tabhairt an ráitis ón gcomhalta ar Bhord Maoirseachta BCE, Yves Mersch, nach leathnófar an tsolúbthacht sin chuig oibríochtaí eile, dá haire;
11. á chur i bhfáth nach leor beartas airgeadaíochta ann féin chun téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá athchóirithe lena neartaítear an t-iomaíochas agus an comhtháthú sóisialta chun fás eacnamaíoch a athbhunú agus a fheabhsú ar fud an Aontais; á chreidiúint gur acmhainneacht theoranta í acmhainneacht an bheartais airgeadaíochta ann féin amháin chun an téarnamh a éascú agus, ag urramú neamhspleáchas BCE ag an am céanna, á iarraidh ar BCE staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as bearta beartais eile lena bhféadfaí an geilleagar a spreagadh, laistigh de shrianta a shainordaithe; á chur i bhfáth go ngabhann éifeachtaí iarmharta le beartas airgeadaíochta an-réidh, amhail an tionchar ar choigilteoirí nó an riosca go mbeadh boilsciú praghsanna sócmhainní ann; ag cur fainic ar na Ballstáit gan talamh slán a dhéanamh den timpeallacht rátaí úis ísle, mar go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag ardú ar na rátaí úis ar sheirbhísiú an fhiachais phoiblí;
12. ag tabhairt rabhaidh, áfach, i dtaobh an riosca a ghabhann le luachálacha iomarcacha ar mhargaí bannaí, agus riosca ann gur dheacair iad a láimhseáil má thagann ardú arís ar rátaí úis, go háirithe i gcás tíortha atá ag gabháil do nós imeachta um easnamh iomarcach nó i gcás tíortha a bhfuil leibhéil arda fiachais acu;
13. ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht le beartas gníomhach airgeadaíochta chun brú na srianta airgeadais ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a mhaolú; á aithint gur tháinig laghdú ar chéatadán na FBManna atá ag dul i ngleic le srianta airgeadais ó 18 % in 2009-12 go 8 % in 2016-2019; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar láidir ag géarchéim COVID-19 ar FBManna; ag aithint a thábhachtaí atá micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide san Aontas; á chur i bhfios, i ndáil leis an méid sin, gur gá infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí, mar aon le hathchóirithe, a spreagadh agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun maoiniú an fhíorgheilleagair a áirithiú;
14. á iarraidh ar BCE faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht an éascaithe chainníochtúil ar na rioscaí ina chláir chomhardaithe, ar bhoilsciú praghsanna sócmhainní agus ar mhí-leithdháileadh féideartha acmhainní;
15. ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar ag rátaí úis ísle fadtéarmacha; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, de bharr rátaí úis ísle, a chuirtear, ar thaobh amháin, deiseanna ar fáil do thomhaltóirí, do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, d’oibrithe agus d’iasachtaithe, agus gur féidir leo leas a bhaint as móiminteam eacnamaíoch níos láidre, as dífhostaíocht níos ísle agus as costais iasachtaíochta níos ísle; ag aithint na n-iarmhairtí dibhéirseacha dáileacháin a bhaineann le beartais BCE; á iarraidh ar BCE tionchar a chuid beartas ar an neamhionannas saibhris a scrúdú; ag cur in iúl gur oth léi, ar an taobh eile, an méadú ar líon na ngnólachtaí atá neamh-inmharthana agus a bhfuil fiacha ollmhóra orthu, an laghdú atá tagtha ar an dreasacht atá ann do na rialtais tabhairt faoi athchóirithe lena gcuirtear leis an bhfás agus leis an inbhuanaitheacht, chomh maith le héifeachtaí díobhálacha ar árachóirí agus ar chistí pinsean, agus á chur i bhfáth go gcuirtear ualach airgeadais ar a lán saoránach ar fud an Aontais dá bharr sin;
16. ag tabhairt dá haire go bhfuil nasc ann idir an beartas airgeadaíochta agus an méadú atá ag teacht ar phraghsanna tithíochta sa limistéar euro; ag cur béim ar an bhfíoras go meastar go dtiocfaidh méadú de bharr na paindéime ar an ráta ró-ualaigh dianseasmhach ard maidir le costas tithíochta, a bhí cothrom le 9,6 % in 2018, agus á iarraidh ar BCE meastóireacht a dhéanamh ar thionchar réigiúnach agus earnálach a chláir éascaithe chainníochtúil ar an gcostas maireachtála ar fud an Aontais agus ar fhéaráilteacht idirghlúine an chláir sin;
17. ag tuiscint gur chuir déine na géarchéime iallach ar BCE aird a tharraingt óna athbhreithniú ar a straitéis maidir lena chreat beartais airgeadaíochta; ag tabhairt dá haire gur gheall an tUachtarán Lagarde le linn an idirphlé airgeadaíochta a tionóladh an 28 Meán Fómhair 2020 go mbeadh idirghníomhú dlúth ann le Parlaimint na hEorpa agus go ndéanfaí idirphléití rialta a áirithiú;
18. á chur i bhfáth gur cheart, le haon athbhreithniú ar straitéis creata beartais airgeadaíochta, breithniú grinn a dhéanamh ar chineál gheilleagar na hEorpa, atá ag éirí níos seirbhísdírithe agus níos digitithe, agus measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuirtear bac dá bharr sin ar tharchur na mbeartas airgeadaíochta isteach san fhíorgheilleagar;
Gníomhaíochtaí in aghaidh an athraithe aeráide
19. ag tabhairt dá haire, agus neamhspleáchas BCE á urramú, go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar dhinimic an bhoilsciúcháin agus ar na rioscaí tarchurtha sa bheartas airgeadaíochta; ag meabhrú thionchar BCE ar chobhsaíocht praghsanna a choimeád slán; ag meabhrú go bhfuil BCE, mar institiúid Eorpach, faoi cheangal ag Comhaontú Pháras;
20. ag tabhairt dá haire gur gheall an tUachtarán Lagarde scrúdú a dhéanamh ar athruithe atá neamhdhíobhálach don aeráid ar oibríochtaí BCE agus ‘gach bealach atá ar fáil a fhiosrú chun an t-athrú aeráide a chomhrac’; á iarraidh ar BCE a chreat comhthaobhachta a ailíniú le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus a mhéid atá sé ailínithe le Comhaontú Pháras a nochtadh, agus an t-ailíniú sin in earnáil na baincéireachta a scrúdú freisin;
21. á iarraidh go mbeidh ann do chur chuige bainistithe riosca a bheidh réamhghníomhach agus cáilíochtúil lena ndéanfar rioscaí córasacha a bhaineann leis an athrú aeráide a chomhtháthú;
22. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú ag teacht go fóill ar cheannacháin bannaí glasa agus ar an sciar de phunann BCE ar bannaí glasa iad;
23. ag spreagadh na n-iarrachtaí chun méadú a dhéanamh ar chumais taighde maidir le tionchar an athraithe aeráide ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an limistéar euro;
Gnéithe eile
24. á iarraidh ar BCE leanúint dá iarrachtaí chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú do gach teagmhas féideartha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;
25. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil dibhéirseacht chomharduithe TARGET2 laistigh de CEBC ag méadú go leanúnach; ag tabhairt dá haire go bhfuil léirmhíniú na ndibhéirseachtaí sin á chonspóid;
26. ag tabhairt thorthaí na hanailíse ó Thascfhórsa Cripteashócmhainní BCE dá haire; á iarraidh ar BCE aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus ar ghníomhaíochtaí coiriúla eile a bhaineann leis an anaithnideacht a bhíonn ann de bharr cripteashócmhainní; á iarraidh ar BCE cur leis an bhfaireachán a dhéanann sé ar fhorbairt cripteashócmhainní, lena n-áirítear monaí cobhsaí, agus ar na rioscaí méadaithe don chibearshlándáil;
27. á chur in iúl gur geal léi anailís agus obair ullmhúcháin BCE i dtreo euro digiteach a thabhairt isteach; ag tabhairt dá haire nach cripteashócmhainn é euro digiteach; á chur i bhfios go láidir go mbeadh ar an euro digiteach réimse ceanglas íosta a chomhlíonadh, lena n-áirítear stóinseacht, sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cosaint príobháideachais; á chur i bhfáth nach ceadmhach do euro digiteach airgead tirim a chur i mbaol mar mhodh íocaíochta; ag tacú leis an moladh ó BCE gur cheart d’eisiúint an euro dhigitigh a bheith inrochtana lasmuigh den limistéar euro, ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí an Eurochórais, chun éileamh ar an euro a spreagadh i measc infheisteoirí coigríche agus ar an gcaoi sin ról níos láidre a chothú don euro go hidirnáisiúnta; á iarraidh ar BCE cothromaíocht leordhóthanach a áirithiú idir nuálaíocht airgeadais rialála i réimse na teicneolaíochta airgeadais a cheadú agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú;
28. ag teacht le BCE san imní atá air maidir le fás tapa na hearnála airgeadais neamhbhainc, dá ngairtear freisin ‘scáthbhaincéireacht’; á chur i bhfáth gur gá rialachán leordhóthanach sa réimse sin; ag cur i bhfáth gur gá do BCE maolú a dhéanamh ar an riosca sistéamach atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an méadú ar líon na n-eintiteas rialáilte nach eintitis bhainc iad agus atá cnuasaithe timpeall ar bhainc chun rochtain a fháil ar a gcóras íocaíochtaí;
29. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha BCE a chumas freagartha agus téarnaimh a neartú tuilleadh i gcás ina ndéanfaí cibirionsaí ar a eagraíocht féin; ag tabhairt dá haire, agus is díol imní di, gur tharla teipeanna teicniúla i gcóras socraíochta TARGET2 le déanaí i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2020; ag cur in iúl gur geal léi an t-imscrúdú a rinne BCE ina dhiaidh sin ar na teipeanna sin agus á iarraidh go nochtfaí na torthaí do Pharlaimint na hEorpa;
30. ag aithint go bhfuil ag éirí le BCE góchumadh a chomhrac, mar atá léirithe leis an sciar seasmhach íseal de nótaí bainc góchumtha atá i gcúrsaíocht; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig nótaí nuachóirithe 100 euro agus 200 euro isteach in 2019 agus gnéithe feabhsaithe slándála ag gabháil leo; ag cur i bhfios go bhfuil tábhacht le hairgead tirim mar mhodh íocaíochta do shaoránaigh an Aontais; á iarraidh ar BCE gan an méid nótaí éagsúla bainc atá i gcúrsaíocht a laghdú tuilleadh;
31. á iarraidh ar BCE féachaint ar bhealaí chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú, toisc go gcuirfeadh sé sin le cumas an Aontais a sheasamh beartais a shainiú go neamhspleách i leith cumhachtaí domhanda eile agus toisc go bhfuil sé ina ghné ríthábhachtach de choimirciú cheannasacht eacnamaíoch na hEorpa; ag tabhairt dá haire go gcuirfear tuilleadh leis an úsáid idirnáisiúnta a bhainfear as an euro ach é a bheith níos tarraingtí mar airgeadra cúltaca; á chur i bhfios go láidir gur gá aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú chun ról an euro a neartú; á chur in iúl gur geal léi gur iarr BCE go mion minic an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích go hiomlán; á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí comhtháthú airgeadais a éascú trí shócmhainn shábháilte Eorpach dea-dheartha a chruthú agus go bhféadfaí cabhrú leis na fáinní fí idir na fiachais cheannasacha agus na hearnálacha baincéireachta intíre a mhaolú dá bharr;
32. á chur in iúl gur geal léi iontráil na Bulgáire agus na Cróite in ERM II i mí Iúil 2020; ag tacú le spriocdháta luath le haghaidh ghlacadh an euro sa dá thír; á chur in iúl gur geal léi go ndearna BCE scagadh cuimsitheach ar bhainc na Cróite agus na Bulgáire i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2019; ag tarraingt aird ar an gceanglas, a leagtar síos sna Conarthaí, go gcaithfidh gach Ballstát, seachas an Danmhairg, an t-airgeadra aonair a ghlacadh a luaithe a bheidh critéir Maastricht um chóineasú comhlíonta acu;
33. á iarraidh ar BCE leanúint dá chomhar tairbheach freisin leis na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro;
Cuntasacht
34. ag athdhearbhú oscailteacht an Uachtaráin Lagarde roimh idirphlé níos mó agus á chur i bhfáth gur gá socruithe cuntasachta agus trédhearcachta BCE a fheabhsú tuilleadh; ag leagan béim ar an ngá atá le machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú ar BCE ag Parlaimint na hEorpa agus trí idirphlé leis na parlaimintí náisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí caibidlíocht maidir le comhaontú foirmiúil idirinstitiúideach chun na cleachtais chuntasachta atá ann cheana maidir le feidhmeanna airgeadaíochta a chur ar bhonn foirmiúil agus chun dul níos faide ná na cleachtais sin;
35. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach mná ach beirt de 25 de na comhaltaí de Chomhairle Rialaithe BCE, in ainneoin é a bheith iarrtha go mion minic ag Parlaimint na hEorpa agus ag daoine sinsearacha in BCE, lena n-áirítear a Uachtarán, Christine Lagarde, chun cothromaíocht inscne a fheabhsú in ainmniúcháin i ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart ainmniúcháin Comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a ullmhú go cúramach, le trédhearcacht iomlán agus in éineacht le Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis na Conarthaí; á iarraidh ar an gComhairle gearrliosta inscnechothrom i ndáil le haon fholúntais atá le teacht a tharraingt suas agus é sin a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa, chun go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann ról comhairleach níos fónta a bheith aici sa phróiseas ceapacháin; á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh aon dul chun cinn sásúil go dtí seo; á mheabhrú gur prionsabal bunreachtúil í an chóir chomhionann idir fir agus mná ar cheart cloí go docht leis;
36. á mheabhrú nach bhfuil ach beirt as seisear Comhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin BCE ar mná iad; á chur i bhfios, in ainneoin na n-iarrataí iomadúla a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gComhairle chun an easpa comhionannas inscne laistigh de Bhord Feidhmiúcháin BCE a leigheas, níor thug an Chomhairle aird ar an iarraidh sin; á mheabhrú ghealltanas Pharlaimint na hEorpa gan liostaí iarrthóirí a chur san áireamh i gcás nach ndearnadh prionsabal na cothromaíochta inscne a urramú; á iarraidh ar na rialtais, ar na Ballstáit, ar an gComhairle Eorpach, ar an gComhairle, ar Eurogroup agus ar an gCoimisiún dul i mbun oibre go gníomhach ionsar chothromaíocht inscne ina dtograí maidir le gearrliostaí agus ceapacháin atá ar na bacáin;
37. á chur in iúl gur geal léi an t-aiseolas mionsonraithe agus suntasach, arna mhiondealú de réir roinne, a chuir BCE ar fáil faoi rún Pharlaimint na hEorpa maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2018; á iarraidh ar BCE leanúint den tiomantas sin don chuntasacht agus d’aiseolas i scríbhinn a fhoilsiú gach bliain faoi rúin Parlaimint na hEorpa maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE;
38. ag tabhairt an chinnidh ó Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhm na Gearmáine an 5 Bealtaine 2020 maidir le BCE, mar aon le ráiteas ó Chomhairle Rialaithe BCE an lá céanna, dá haire; ag aithint go ndéanann BCE measúnú comhréireachta leanúnach ar gach clár; ag tabhairt chinneadh BCE a rinneadh ina dhiaidh sin doiciméid neamhphoiblí a bhaineann le clár ceannaithe sócmhainní na hearnála poiblí (PSPP) a nochtadh do Pharlaimint na hEorpa, do Rialtas Cónaidhme na Gearmáine, don Bundestag agus don Bundesbank dá haire;
39. ag aithint na n-iarrachtaí leanúnacha feabhas a chur ar an gcumarsáid agus ar an trédhearcacht le Parlaimint na hEorpa, agus ag tréaslú le BCE agus leis an Uachtarán Lagarde maidir leis na hiarrachtaí sin; ag aontú leis an Uachtarán Lagarde, ina theannta sin, go gcaithfidh BCE feabhas a chur ar a chumarsáid leis na saoránaigh maidir le tionchar a chuid beartas; ag moladh, ar an taobh eile, go mbeadh idirphlé rialta ann i seomra iata idir comhaltaí an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ionadaithe ábhartha de chuid BCE tar éis an cuntas is déanaí atá ar fáil ar imeachtaí na Comhairle Rialaithe a fhoilsiú chun measúnú a dhéanamh ar chinntí BCE roimh an idirphlé airgeadaíochta agus i gcomhthráth leis;
40. á chur in iúl gur geal léi foilsiú thuairimí Choiste Eitice BCE i gcásanna ina dtarlaíonn coinbhleacht leasa agus fostaíocht shochrach iar-shainordúcháin ag comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin, Chomhairle Rialaithe agus Bhord Maoirseachta BCE; á iarraidh ar BCE neamhspleáchas na gcomhaltaí ón gCoiste Iniúchóireachta Inmheánaí a áirithiú, chun a áirithiú nach mbeidh cathaoirleacht an Choiste Eitice ag iar-Uachtarán ná aon iarchomhaltaí eile den Chomhairle Rialaithe, ná ag aon duine ar dócha coinbhleacht leasa a bheith acu, agus chun aithris a dhéanamh ar an trédhearcacht sin maidir le coinbhleachtaí leasa féideartha agus maidir le fostaíocht shochrach iar-shainordúcháin;
41. ag tabhairt dá haire go bhfuil BCE ag déanamh ‘athmhachnamh’ ar a bheartas maidir le ligean don Phríomheacnamaí glaochanna gutháin príobháideacha a dhéanamh le mór-infheisteoirí i ndiaidh cruinnithe ina ndéantar cinntí beartais, agus á mheas nach mór deireadh a chur leis an gcleachtas sin ar bhonn láithreach i ngeall ar a easpa trédhearcachta;
42. Ag leagan béim an athuair ar a hiarraidh go nglacfaí beartas sceithireachta feabhsaithe agus go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialacha Foirne BCE, agus iad a ailíniú, ar a laghad, leis na caighdeáin agus na spriocanna a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/1937 maidir le sceithirí a chosaint(4), chun sceithirí a chosaint agus a chumasú trí chabhrú leo ábhair imní a tharraingt anuas go muiníneach gan eagla roimh fhrithbheart, lena n-áirítear trí anaithnideacht a thabhairt dóibh i gcás inar gá;
43. á iarraidh go ndéanfaí cúrsaí sóisialta agus fostaithe mar aon le gnóthaí rialachais a nochtadh ar bhonn níos mionsonraithe arna spreagadh le Treoir 2014/95/AE maidir le tuairisciú neamhairgeadais(5);
o o o
44. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
cf. Persistent low inflation in the euro area: Mismeasurement rather than a cause for concern? [Boilsciú íseal leanúnach sa limistéar euro: Earráid tomhais seachas ábhar imní?] (https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/IDAN/2018/614214/IPOL_IDA(2018)614214_EN.pdf).
Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).