Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2029(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0011/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0011/2021

Díospóireachtaí :

PV 08/02/2021 - 17
CRE 08/02/2021 - 17

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0041

Téacsanna atá glactha
PDF 219kWORD 72k
Dé Céadaoin, 10 Feabhra 2021 - Brussels
Cur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil
P9_TA(2021)0041A9-0011/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (2020/2029(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3), an dara fomhír, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus d’Airteagail 8, 79 agus 83 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagail 3, 5 agus 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR),

–  ag féachaint do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (‘an Treoir maidir le Frithgháinneáil’)(1),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine agus do mholtaí Chomhairle na hEorpa sa réimse seo,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Coireacht Eagraithe Trasnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Palermo’) agus do na Prótacail a ghabhann leis, agus, go háirithe, don Phrótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina leith (‘Prótacal na Náisiún Aontaithe maidir le Gáinneáil’) agus don Phrótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus don Phrótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh maidir le díol leanaí, striapachas leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, agus don rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2019 maidir le cearta leanaí tráth chomóradh 30 bliain Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh(2),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach,

–  ag féachaint d’obair Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le gáinneáil ar dhaoine, mná agus leanaí go háirithe,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú (CEDAW), go háirithe Airteagal 6 de, lena bhféachtar le dul i ngleic le gach cineál gáinneála ar mhná agus le dúshaothrú striapachas na mban,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gháinneáil ar Dhaoine agus chun Dúshaothrú Striapachas Daoine eile a Dhíchur,

–  ag féachaint do Dhearbhú Bhéising agus don Chlár Oibre Gníomhaíochta a ghlac an Ceathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná an 15 Meán Fómhair 1995 agus do na doiciméid toraidh ina dhiaidh sin a glacadh ag seisiúin speisialta Bhéising na Náisiún Aontaithe + 5 (2000), Bhéising + 10 (2005) agus Bhéising + 15 (2010), agus ag comhdháil athbhreithnithe Bhéising + 20,

–  ag féachaint do Thráchtaireacht Chomhpháirteach na Náisiún Aontaithe maidir le Treoir AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus íospartaigh a chosaint, lena n-iarrtar go ndéanfaí cosaint idirnáisiúnta a chur ar fáil d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar bhealach inscne-íogair,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29), do Phrótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais, 1930, don Choinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105) agus don Mholadh maidir le hObair Éigeantais (Bearta Forlíontacha), 2014 (Uimh. 203), don Choinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182) agus don Choinbhinsiún maidir le hOibrithe Tí, 2011 (Uimh. 189),

–  ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine,

–  ag féachaint do Mholadh Ginearálta Uimh. 33 an 23 Iúil 2015 maidir le rochtain na mban ar cheartas ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW),

–  ag féachaint don rún ó na Náisiúin Aontaithe, dar teideal Transforming our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] a ghlac an Comhthionól Ginearálta an 25 Meán Fómhair 2015, go háirithe a Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 5.2 maidir le deireadh a chur le gach cineál foréigin in aghaidh ban agus cailíní sa réimse poiblí agus sa réimse príobháideach, lena n-áirítear gáinneáil agus teacht i dtír gnéasach agus cineálacha eile dúshaothraithe,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’),

–  ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartaigh na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle(3) (‘an Treoir maidir le Cearta Íospartach’),

–  ag féachaint do Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle(4) (‘an Treoir maidir leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach agus pornagrafaíocht leanaí’),

–  ag féachaint do Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach(5),

–  ag féachaint do Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais(6),

–  ag féachaint do Threoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíocht chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla(7) (‘an Treoir maidir le Cead Cónaithe’),

–  ag féachaint do Threoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe(8), agus do Chinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe(9),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 maidir le Straitéis de chuid an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025) (COM(2020)0258),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2012 dar teideal The EU Strategy towards the Eradication of Trafficking in Human Beings 2012-2016 [Straitéis AE chun Gáinneáil ar Dhaoine a Dhíothú, 2012-2016] (COM(2012)0286),

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 17 Deireadh Fómhair 2014 dar teideal Mid-term report on the implementation of the EU strategy towards the eradication of trafficking in human beings [Tuarascáil mheántéarma maidir le cur chun feidhme straitéis AE chun gáinneáil ar dhaoine a dhíothú] (SWD(2014)0318) agus don chéad (COM(2016)0267), don dara (COM(2018)0777) agus don tríú tuarascáil (COM(2020)0661) ar dhul chun cinn ina leith,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún ina ndéantar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir leis na híospartaigh atá thíos léi a chosaint a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1) (COM(2016)0722),

–  ag féachaint dá rún an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE(10),

–  ag féachaint dá rún an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac(11),

–  ag féachaint dá rún an 5 Iúil 2016 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine i gcaidreamh seachtrach an Aontais(12),

–  ag féachaint dá rún an 12 Bealtaine 2016 maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus íospartaigh na gáinneála sin a chosaint ó thaobh dearcadh inscne de(13),

–  ag féachaint dá rún an 26 Feabhra 2014 maidir le teacht i dtír gnéasach agus striapachas agus a thionchar ar chomhionannas inscne(14),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2017 dar teideal Reporting on the follow-up to the EU Strategy towards the Eradication of trafficking in human beings and identifying further concrete actions [Tuairisciú ar an obair iardain ar Straitéis an Aontais Eorpaigh i dtreo gáinneáil ar dhaoine a dhíothú agus gníomhaíochtaí nithiúla eile a shainaithint] (COM(2017)0728),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne, 2020-2025] (COM(2020)0152),

–  ag féachaint do Staidéar 2020 ón gCoimisiún maidir le costas eacnamaíoch, sóisialta agus daonna na gáinneála ar dhaoine laistigh de AE, do Staidéar 2020 uaidh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú Shásraí Atreoraithe Náisiúnta agus Trasnáisiúnta na mBallstát, do Staidéar 2020 uaidh maidir le Sonraí a bhailiú faoi gháinneáil ar dhaoine san Aontas agus do Staidéar 2016 uaidh ar ghné na hinscne den gháinneáil ar dhaoine,

–  ag féachaint do Ráiteas Comhpháirteach 2018 maidir leis an ngealltanas oibriú le chéile i gcoinne gáinneáil ar dhaoine arna shíniú ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), Gníomhaireacht an Aontais i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar sa Cheartas Coiriúil (Eurojust), an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA), Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE),

–  ag féachaint don Tuarascáil Staide ó Europol dar teideal Trafficking in human beings in the EU [Gáinneáil ar Dhaoine san Aontas Eorpach] an 18 Feabhra 2016,

–  ag féachaint don Tuarascáil ó Europol dar teideal The challenges of countering human trafficking in the digital era [Na dúshláin a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac sa ré dhigiteach] an 18 Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint do Mheasúnú Europol 2017 ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA).

–  ag féachaint don 4ú tuarascáil bhliantúil ó Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach de chuid Europol an 15 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal Severe labour exploitation: workers moving within or into the European Union [Dúshaothrú tromchúiseach ar lucht saothair: oibrithe ag gluaiseacht laistigh den Aontas nó isteach ann] an 29 Bealtaine 2015,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Eurostat dar teideal Trafficking in human beings [Gáinneáil ar dhaoine] an 17 Deireadh Fómhair 2014,

–  ag féachaint do rún 9/1 ó Chomhdháil na bPáirtithe i g Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (UNTOC) maidir leis an Sásra a Bhunú le haghaidh an Athbhreithnithe ar Chur Chun Feidhme UNTOC agus na Prótacail a ghabhann leis,

–  ag féachaint do threoirlínte UNHCR an 7 Aibreán 2006 maidir le cosaint idirnáisiúnta dar teideal The application of Article 1A(2) of the 1951 Convention and/or 1967 Protocol relating to the Status of Refugees to victims of trafficking and persons at risk of being trafficked [Cur i bhfeidhm Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó Phrótacal 1967 a bhaineann le Stádas Dídeanaithe d’íospartaigh gháinneála agus daoine atá i mbaol gáinneáil a dhéanamh orthu],

–  ag féachaint do Thuarascáil Dhomhanda 2018 ó Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) maidir le Gáinneáil ar Dhaoine,

–  ag féachaint do Mholadh Ginearálta Uimh. 38 an 6 Samhain 2020 maidir leis an ngáinneáil ar mhná agus ar chailíní i gcomhthéacs na himirce domhanda ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW),

–  ag féachaint don Mheasúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach maidir le Treoir 2011/36/AE: Saincheisteanna imirce agus inscne, arna fhoilsiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh an 15 Meán Fómhair 2020)(15),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0011/2021),

A.  de bhrí gur sárú ar dhínit an duine, ar iomláine fhisiciúil agus shíceolaíoch an duine í an gháinneáil ar dhaoine, atá mórthimpeall orainn gach lá, agus gur sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha í, mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

B.  de bhrí gur feiniméan an-inscneach í an gháinneáil agus gur mhná agus cailíní iad beagnach trí cheathrú(16) de na híospartaigh uile a tuairiscíodh in 2017 agus in 2018 san Aontas, a ndearnadh gáinneáil orthu den chuid is mó le haghaidh teacht i dtír gnéasach; de bhrí gurb é teacht i dtír gnéasach an chúis is mó a tuairiscíodh leis an ngáinneáil san Aontas ó 2008 i leith;

C.  de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-íospartach gáinneála a cláraíodh le linn na tréimhse staidéir deiridh de chuid an Choimisiúin (2017 agus 2018) i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, agus go leanann sé de bheith ag méadú(17); de bhrí gur dócha go bhfuil líon iarbhír na n-íospartach i bhfad níos airde ná mar atá sna sonraí tuairiscithe, toisc go bhfuil go leor íospartach fós gan bhrath;

D.  de bhrí gur leanaí iad líon suntasach d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine; de bhrí gur cailíní iad 78 % de na leanaí go léir a ndéantar gáinneáil orthu agus gur mná iad 68 % de dhaoine fásta a ndéantar gáinneáil orthu(18);

E.  de bhrí gurb iad an neamhionannas inscne, an bhochtaineacht, an t-easáitiú éigeantach, an dífhostaíocht, an easpa deiseanna socheacnamaíocha, easpa rochtana ar an oideachas, an foréigean inscne, an t-idirdhealú agus an t-imeallú, agus an t-éilliú cuid de na fachtóirí a fhágann go mbíonn daoine, go háirithe mná agus leanaí, i mbaol gáinneála; de bhrí nár tugadh aghaidh ar na bunchúiseanna atá leis an ngáinneáil ar dhaoine go leordhóthanach fós;

F.  de bhrí gur minic a bhíonn íospartaigh na gáinneála ar dhaoine faoi réir cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe agus foréigin, lena n-áirítear ar fhorais inscne, aoise, míchumais, eitneachta agus reiligiúin, chomh maith le forais a bhaineann le tionscnamh eitneach nó sóisialta nó stádais eile, agus de bhrí go bhféadfadh sé go spreagfadh na cineálacha idirdhealaithe sin an gháinneáil ar dhaoine(19);

G.  de bhrí gurb iomaí cineál gáinneála atá ann, ach go bhfuil siad uile bunaithe ar mhí-úsáid leochaileacht bhunúsach na n-íospartach agus go bhfuil sé mar aidhm leo dúshaothrú a dhéanamh ar dhaoine, agus de bhrí go mbíonn íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ag gabháil do ghníomhaíochtaí dleathacha agus neamhdhleathacha éagsúla, lena n-áirítear an earnáil talmhaíochta, próiseáil bia, an tionscal gnéis, obair tí, monaraíocht, cúram, glantachán, tionscail eile (go háirithe na tionscail seirbhíse), déircíneacht, coiriúlacht, pósadh éigeantais, dúshaothrú gnéasach ar líne agus as líne, uchtuithe neamhdhleathacha agus an trádáil in orgáin dhaonna, ach gan a bheith teoranta dóibh; de bhrí go bhfuil cineálacha eile gáinneála ann atá fós tearcthaifeadta agus tearcthuairiscthe, lena n-áirítear roinnt cineálacha atá thar a bheith inscneach, amhail pósadh éigeantais agus daoirse tí;

H.  de bhrí go bhfuil sé léirithe le blianta beaga anuas go bhfuil imircigh agus iarrthóirí tearmainn go mór i mbaol na gáinneála; de bhrí, i measc na ndaoine sin, gur spriocghrúpa speisialta do líonraí gáinneála iad mionaoisigh neamhthionlactha agus mná;

I.  de bhrí go bhfuil rabhadh tugtha ag Europol go bhféadfadh méadú breise teacht ar líon na n-íospartach agus go bhféadfadh laghdú teacht ar an dochúlacht go ndéanfar gáinneálaithe a bhrath trí fhorfheidhmiú an dlí mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19(20), agus go bhféadfadh cúlú eacnamaíoch tar éis ghéarchéim COVID-19 a bheith ina gcúis le hiarmhairtí dainseáracha i réimse na gáinneála ar dhaoine(21); de bhrí go bhfuil staid na n-íospartach gáinneáilte imithe in olcas ó thús na géarchéime agus go raibh deacrachtaí ag seirbhísí tacaíochta maidir le cúnamh a thabhairt d’íospartaigh;

J.  de bhrí, de réir Europol(22), le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha, gur cuireadh le cumais na gcoirpeach gáinneáil a dhéanamh ar dhaoine chun críche cineálacha éagsúla dúthshaothraithe; de bhrí go saothraíonn gáinneálaithe teicneolaíochtaí nua le linn gach céim den dúshaothrú gnéasach, ó earcú na n-íospartach agus fógraíocht maidir leo, go dtí dúmhál agus rialú a dhéanamh ar a ngluaiseachtaí; de bhrí go gcuireann na huirlisí nua sin anaithnideacht mhéadaithe ar fáil do gháinneálaithe agus go bhfuil deacrachtaí ann iad a bhrath i bhforfheidhmiú an dlí dá mbarr; de bhrí go gcruthaítear rioscaí agus deiseanna araon do choirpigh, íospartaigh agus forfheidhmiú an dlí le hidirghníomhú ar líne;

K.  de bhrí go bhfuil an gháinneáil ar dhaoine fós ina choir chasta agus fhorleathan a bhfuil tionchar aici ar an bhféidearthacht gach SDG a bhaint amach, go háirithe SDGanna 5 (cothromaíocht inscne), 8 (obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch), 16 (an tsíocháin, an ceartas, agus institiúidí láidre) agus 17 (comhpháirtíochtaí do na spriocanna);

L.  de bhrí go bhfuil an gháinneáil ar dhaoine ina choir thromchúiseach i gcoinne daoine aonair thar aon ní eile, agus go ngintear costais don tsochaí leis freisin amhail úsáid bhreise seirbhísí poiblí, lena n-áirítear forfheidhmiú an dlí, seirbhísí speisialaithe, seirbhísí sláinte agus cosaint shóisialta, aschur eacnamaíoch a chailleadh, an luach a bhaineann le cáilíocht saoil a chailleadh, agus comhordú na hoibre coiscthí i gcoinne gáinneáil ar dhaoine; de bhrí go meastar an costas sin a bheith cothrom le EUR 3 700 524 433 do AE-28(23);

M.  de bhrí gur feiniméan casta trasteorann é an gháinneáil ar dhaoine nach féidir dul i ngleic leis go héifeachtach ach amháin má oibríonn institiúidí an Aontais, na Ballstáit, tríú tíortha agus institiúidí AE agus idirnáisiúnta le chéile ar bhealach comhordaithe; de bhrí go bhfuil comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun gáinneáil a dhíothú trí shineirgíocht na mbeartas inmheánach agus seachtrach éagsúil atá ann cheana, amhail an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024, chomh maith le trí fheachtais faisnéise ábhartha sna tíortha atá rannpháirteach; de bhrí gur cheart gáinneáil ar dhaoine a chur san áireamh san obair reachtach maidir le Plean Gníomhaíochta III;

N.  de bhrí gur dúshlán fós é íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a bhrath go héifeachtach i bhformhór na mBallstát mar gheall ar chúiseanna éagsúla, amhail easpa eolais ar theanga agus drogall i leith tuairisciú do na póilíní nó acmhainneachtaí teoranta forfheidhmithe dlí; de bhrí go bhfuil dúshláin níos mó ag baint le híospartaigh ar leanaí iad a shainaithint toisc nach dtuigeann siad gur íospartaigh iad; de bhrí go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit dícheall cuí a fheidhmiú chun gáinneáil ar dhaoine a chosc, cásanna gáinneála a fhiosrú agus pionós a chur ar dhéantóirí na coire, tacú le híospartaigh agus iad a chumhachtú agus a ndínit a urramú, agus foráil a dhéanamh dá gcosaint agus dá rochtain ar leigheasanna, agus de bhrí, mura ndéanfar é sin, go sárófar agus go laghdófar nó go neamhnófar teachtadh chearta an duine agus saoirsí bunúsacha ag íospartaigh;

O.  de bhrí, leis an Treoir Frithgháinneála, go leagtar amach caighdeáin íosta atá le cur i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh a chosaint, agus go soláthraítear leis an sainmhíniú ar céard is gáinneáil ar dhaoine ann; de bhrí nach amháin go bhfuil sé éigeantach an Treoir maidir le Frithgháinneáil a thrasuí go hiomlán agus go cuí, agus ina dhiaidh sin í a chur chun feidhme go hiomlán, ach go bhfuil sé riachtanach freisin chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le haghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar dhaoine;

P.  de bhrí go léirítear i ngach tuarascáil faireacháin, beagnach deich mbliana tar éis ghlacadh na Treorach maidir le Frithgháinneáil, go bhfuil dúshláin fós ann í a chur chun feidhme go hiomlán ar leibhéal na mBallstát, agus go bhfuil formhór na n-íospartach fós neamhbhraite agus go bhfuil rátaí ionchúisimh agus ciontaithe dhéantóirí na coire fós íseal; de bhrí gur féidir le grúpaí coireachta eagraithe leas a bhaint go gníomhach as bearnaí suntasacha i gcumhdach agus cur chun feidhme dlíthe agus beartas náisiúnta maidir le gáinneáil ar dhaoine agus go bhféadfaí grúpaí móra daoine a bheith níos leochailí i leith an dúshaothraithe dá bhrí sin;

Q.  de bhrí nach raibh cur chun feidhme na Treorach maidir le Cearta Íospartach sásúil, go háirithe mar gheall ar thrasuí neamhiomlán agus/nó mícheart;

R.  de bhrí gur cineál brabúsach den choireacht eagraithe é an gháinneáil ar dhaoine agus go bhfuil sé spreagtha ag éileamh agus brabús dá bhrí sin; de bhrí nach mór éileamh a laghdú a bheith mar fhócas sa chomhrac i gcoinne na gáinneála, freisin maidir le dúshaothrú gnéasach ar mhná agus cailíní; de bhrí gur buneilimintí de gháinneáil le haghaidh dúshaothrú gnéasach agus fhoréigean i gcoinne na mban iad foréigean fisiciúil, síceolaíoch agus gnéasach;

S.  de bhrí go bhféadfadh daingniú AE ar Choinbhinsiún Iostanbúl a bheith ina chomhlánú ar iarrachtaí AE agus na mBallstát sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar daoine;

T.  de bhrí go dtarlaíonn dúshaothrú saothair tromchúiseach i roinnt mhaith earnálacha eacnamaíocha in AE agus go bhfuil tionchar aige ar ghrúpaí éagsúla oibrithe trasteorann, lena n-áirítear saoránaigh AE agus daoine nach saoránaigh den Aontas iad; de bhrí, mar a mhol FRA(24), gur cheart aghaidh a thabhairt ar chleachtais den sórt sin, i measc bealaí eile, trí chóras cuimsitheach de chigearachtaí spriocdhírithe ar dhálaí oibre;

1.  á chur i bhfios go bhfuil gá le creat comhordaithe, comhchuibhithe agus comhleanúnach ar leibhéal AE, atá bunaithe ar mheasúnú níos éifeachtúla agus sásraí leantacha, lena ráthaítear go neartófar an cosc ar gháinneáil ar dhaoine, in éineacht le tacaíocht, cúnamh agus cosaint na n-íospartach atá thíos léi, agus a bhfuil sé mar aidhm leis an gháinneáil a dhíothú go hiomlán, lena n-áirítear trí chur chun feidhme comhardaithe leis na cearta a thugtar leis an Treoir maidir le Cearta Íospartach, an Treoir maidir le Cead Cónaithe, an Treoir maidir leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach agus pornagrafaíocht leanaí agus an Treoir maidir le Cúiteamh(25), ós rud é gur coir í an gháinneáil a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi agus dá bhrí sin nach féidir dul i ngleic léi ar an leibhéal náisiúnta amháin;

2.  molann sí an dea-obair atá déanta ag an gCoimisiún maidir le freagairt an Aontais ar gháinneáil ar dhaoine a chomhordú agus forbairt a dhéanamh ar eolas agus torthaí i dtaca leis na gnéithe éagsúla na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear taighde ar an ngné inscne agus ar an leochaileacht faoi leith a bhaineann le leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúnachas na hoibre atá á déanamh a áirithiú trí Chomhordaitheoir Frithgháinneála lánaimseartha AE a cheapadh ag a bhfuil an taithí ábhartha agus sainordú soiléir, a oibreoidh le líonra ionadaithe náisiúnta ó na Ballstáit agus ón tsochaí shibhialta chun comhordú comhsheasmhach a áirithiú;

3.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cistiú a thabhairt don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), do Chlár Daphne, do chláir Chiste Sóisialta na hEorpa+ agus an Chiste Slándála Inmheánaí (CSI) chun go leanfar de bheith á n-úsáid i ndáil le tionscadail lena dtugtar aghaidh ar gháinneáil ar dhaoine, agus ionstraimí eile atá ar fáil a úsáid, lena n-áirítear cláir AE amhail an clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna, ionstraimí airgeadais amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic, agus tionscnaimh amhail EMPACT, Tionscnamh Spotsolais AE-NA agus Tionscnaimh Glo.ACT; á mheabhrú go bhfuil gá le tionscnaimh agus tionscadail a bhaineann le gné inscneach na gáinneála, agus á iarraidh go ndéanfar athbreithniú cuimsitheach ar bheartas na dtionscadal arna maoiniú ag an Aontas; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú cobhsaí agus foireann leordhóthanach a áirithiú chun íospartaigh a shainaithint agus a chosaint agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa cistithe leormhaithe atá ann d’eagraíochtaí íospartach, go háirithe eagraíochtaí a chuireann tacaíocht ar fáil do mhná, ar eagraíochtaí iad atá ag streachailt chun leanúint de sheirbhísí a chur ar fáil d’íospartaigh de bharr ciorruithe tromchúiseacha i maoiniú;

4.  á thabhairt chun suntais go leanann an easpa sonraí comhsheasmhacha, inchomparáide agus mionsonraithe de chur isteach ar mheasúnú leordhóthanach agus fianaise-bhunaithe ar scála na gáinneála ar dhaoine agus ar na treochtaí a bhaineann léi; á iarraidh ar na Ballstáit méadú a dhéanamh ar a n-iarrachtaí agus ar an maoiniú do thaighde, d’anailís agus do bhailiú sonraí maidir le gach cineál gáinneála ar dhaoine, agus feabhas a chur ar chomhordú i measc foinsí sonraí ar leibhéal náisiúnta agus AE, agus sonraí atá níos cothroime le dáta, láraithe agus cuimsitheacha a bhailiú, atá imdhealaithe de réir cineál gáinneála, aoise agus inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, agus lena n-áirítear daoine a ndéantar gáinneáil orthu go hinmheánach, trí fhaisnéis staidrimh a thiomsú agus urraim chuí á tabhairt don cheart chun príobháideachais agus do chosaint sonraí pearsanta, i gcomhar leis na gníomhaithe institiúideacha atá rainnpháirteach, an tsochaí shibhialta, EIGE agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha uile; á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a thiomsú agus a fhoilsiú go rialta do AE;

5.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit difreáil a áirithiú idir gáinneáil agus smuigleáil, ar nithe iad a bhfuil anailís níos doimhne agus freagairtí éagsúla ó thaobh dlí agus beartais de ag teastáil ina leith; á thabhairt chun suntais gur minic nach ndéantar íospartaigh a shainaithint i gceart, mar gheall ar an mearbhall eatarthu, agus nach n-áirithítear go bhfuil rochtain acu ar bhearta cosanta ná gur féidir leo íospairt thánaisteach a sheachaint;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, na meán sóisialta agus seirbhísí idirlín mar na príomhuirlisí a úsáidtear chun íospartaigh na gáinneála a earcú, agus go ndéanfaidh siad údaráis forfheidhmithe dlí agus eagraíochtaí na sochaí shibhialta a chumhachtú sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar dhaoine tríd an eolas teicniúil is gá agus na hacmhainní tiomnaithe a sholáthar dóibh chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis na teicneolaíochtaí nua; á iarraidh orthu, thairis sin, rialacha dliteanais tríú páirtí a ghlacadh le haghaidh cuideachtaí teicneolaíochta a óstálann ábhar dúshaothraithe, feabhas a chur ar na huirlisí reachtacha a úsáidtear in imeachtaí breithiúnacha agus i ngáinneálaithe a ionchúiseamh, malartú faisnéise agus comhar idir na húdaráis ábhartha, na soláthraithe seirbhíse idirlín agus cuideachtaí meán sóisialta a chur chun cinn, feachtais faisnéise don phobal maidir le gáinneáil ar fud an Aontais a chur chun cinn agus cearta na n-íospartach chun príobháideachais agus chun sábháilteachta á n-urramú acu, agus freisin a gcearta bunúsacha agus cosaint sonraí a áirithiú, agus méadú a dhéanamh ar thacaíocht chun saineolas trasnáisiúnta agus réitigh atá bunaithe ar theicneolaíocht a fhorbairt, mar shampla chun stop a chur le hearcú íospartach;

7.  ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tosaíocht a dhéanamh den chibirfheasacht i bhfeachtais atá dírithe ar scoileanna, ollscoileanna, cuideachtaí agus comhlachtaí taighde, agus cur leis an saineolas atá ann cheana amhail an tairseach maidir le hIdirlíon níos fearr do Leanaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil múscailt feasachta maidir le gáinneáil ar dhaoine ar na meáin shóisialta ar líne riachtanach chun íospartaigh nua a bheith ag teacht isteach i líonraí gáinneála a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith i dteagmháil go gníomhach le hardáin maidir le treoirlínte comhchoiteanna agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt lena ndéantar gáinneáil ar líne a chosc agus a chomhrac;

Íospartaigh a shainaithint, a chosaint agus cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh

8.  á thabhairt chun suntais go bhfuil sainaithint luath na n-íospartach fós ar cheann de na príomhdhúshláin atá le sárú maidir le cur chun feidhme, agus go bhfuil sé ar cheann de na dúshláin is ríthábhachtaí ó thaobh íospartaigh a chumasú a gcearta a fheidhmiú; á iarraidh ar na Ballstáit iad a chosaint, freagracht agus deiseanna múscailte feasachta a thabhairt do níos mó gníomhaithe chun íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint ag gach céim den phróiseas, lena n-áirítear ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, oifigigh forfheidhmithe dlí, oifigigh inimirce agus thearmainn, cigirí saothair agus oibrithe sóisialta nó baill foirne cúraim sláinte, mar aon le gairmithe agus gníomhaithe eile ábhartha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige atá bunaithe ar na ceithre phríomhstraitéis maidir le cosc, ionchúiseamh, cosaint íospartach agus comhpháirtíocht il-leibhéil; á iarraidh ar na Ballstáit cistí leordhóthanacha a chur i leataobh i ndáil le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a chosaint agus cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh ag gach céim; á thabhairt chun suntais gur cheart go gcuirfí san áireamh le sainaithint luath sainiúlachtaí na n-earnálacha ardriosca agus na ngrúpaí amhail íospartaigh ar mná agus cailíní iad;

9.  á iarraidh ar na Ballstáit uile cearta na n-íospartach a ráthú go héifeachtach trí chúnamh dlíthiúil ag an gcéim is luaithe is féidir, lena n-áirítear faisnéis inrochtana maidir lena gcearta dlíthiúla, cosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh trí chur chuige atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de agus comhlántacht leis an Treoir maidir le Cearta Íospartach á háirithiú ag an am céanna; á mheabhrú, leis an Treoir, go gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla i dteideal gan íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a ionchúiseamh nó pionóis a fhorchur orthu as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí coiriúla ar cuireadh iallach orthu a dhéanamh;

10.  á chur in iúl gurb oth léi an easpa clár cosanta spriocdhírithe d’íospartaigh leochaileacha i roinnt mhaith Ballstát; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta a sholáthar do riachtanais speisialta na n-íospartach i staideanna leochaileacha agus treoir shonrach a sholáthar d’íospartaigh na gáinneála le haghaidh dúshaothrú gnéasach; á thabhairt chun suntais gur gá cosaint, cúnamh agus tacaíocht neamhchoinníollach agus shaincheaptha d’íospartaigh a áirithiú, agus a gcleithiúnaithe díreacha á gcur san áireamh, lena n-áirítear i gcomhthéacs imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla nó sibhialta nó gníomhaíochtaí eile i gcoinne gáinneálaithe nó daoine a dhéanann dúshaothrú; á iarraidh go ndéanfar an Treoir maidir le Cearta Íospartach agus aon reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme go héifeachtach i ngach Ballstát, agus go mbeidh cur chuige ann atá bunaithe ar inscne agus íospartaigh; á mheabhrú nár cheart coiriúlú a dhéanamh ar dhaoine atá ag obair chun cosaint agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, as a gcuid oibre a bhaineann leis sin;

11.  á thabhairt dá haire go dteastaíonn seirbhísí speisialaithe ó íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear rochtain ar choiríocht shabháilte ghearrthéarmach agus fhadtéarmach, scéimeanna cosanta finnéithe, cúram sláinte agus comhairleoireacht, seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, sásamh dlíthiúil, cúiteamh, rochtain ar oideachas agus oiliúint, lena n-áirítear teagasc na teanga ina dtír chónaithe, rochtain ar mhargadh an tsaothair agus socrú poist, (ath)imeascadh, cúnamh athlonnaithe agus seirbhísí saincheaptha, a bhfuil gné inscneach sonrach ag baint leo; ag tathant ar na Ballstáit soláthar seirbhísí inscne-shonracha, iomchuí agus spriocdhírithe a áirithiú d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine;

12.  á chur in iúl gurb oth léi gur minic a dhéantar dearmad ar riachtanais shonracha na n-íospartach i staideanna leochaileacha amhail mná, leanaí, daoine LADTI, daoine faoi mhíchumas agus daoine ó ghrúpaí ciníocha, agus ag tathant ar na Ballstáit seirbhísí inscne-shonracha agus tacaíocht a áirithiú d’íospartaigh, atá iomchuí dá gcuid riachtanas; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go háirithe ar riachtanais daoine LADTI, toisc go bhfuil siad an-leochaileach do gháinneáil ar dhaoine mar gheall ar éifeacht charnach na gcineálacha éagsúla idirdhealaithe ar fhorais gnéaschlaonta agus féiniúlachta inscne;

13.  á chur i bhfios go bhfuil na pobail Romacha thar a bheith leochaileach do chineálacha uile na gáinneála agus an dúshaothraithe, go háirithe mná agus leanaí, de réir trí thuarascáil de chuid an Choimisiúin maidir le dul chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta sonracha a cheapadh chun an gháinneáil a chomhrac trí straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach le haghaidh 2020-2030; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí staidrimh a thiomsú maidir le híospartaigh na gáinneala bunaithe ar a gcúlra eitneach;

14.  á chur in iúl gur cúis imní di gur minic nach gcuirtear íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar an eolas ar bhealach leormhaith faoina gcearta nó faoin gcúnamh agus na bearta tacaíochta atá ar fáil dóibh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh faisnéis shoiléir agus chomhsheasmhach ann do na híospartaigh agus d’fhoireann tús líne a d’fhéadfadh teacht i dteagmháil le híospartaigh;

15.  á thabhairt chun suntais, cé nach bhfuil tionchar iomlán phaindéim COVID-19 intomhaiste go fóill, gur léir mar sin féin go bhfuil tionchar díréireach ag an ngéarchéim ar na híospartaigh is leochailí den gháinneáil ar dhaoine, go háirithe mná, leanaí agus daoine i staideanna leochaileacha, agus gur fhág sé go raibh ar go leor ionaid dídine dúnadh nó a seirbhísí a chur ar fionraí mar thoradh ar ionfhabhtuithe tuairiscithe, rud a d’fhág go raibh íospartaigh na gáinneála gan tithíocht, cúram sláinte ná cúnamh dlíthiúil; sa chomhthéacs sin, á chur i bhfáth gur cheart rochtain ar chúram agus ar sheirbhísí sóisialta a ráthú gan idirdhealú; á mheabhrú go bhfuil na bunchúiseanna le gáinneáil ar dhaoine géaraithe mar gheall ar an bpaindéim, rud a fhágann go mbíonn pobail leochaileacha neamhchosanta ar rioscaí gáinneála níos airde, go bhfuil méadú tagtha ar líon na bhfógraí ar líne ina bhfuil íospartaigh na gáinneála, ar líon na gcreachadóirí gnéasacha atá ag díriú ar leanaí, ar líon na gcásanna dúthshaothraithe gnéasaigh ar líne, agus ar an éileamh ar phornagrafaíocht leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh le tacaíocht ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaireachtaí AE amhail Europol, a d’eisigh tuarascáil dar teideal Pandemic profiteering: how criminals exploit the COVID-19 crisis [Brabúsaíocht paindéimí: conas atá coirpigh ag baint leas as géarchéim COVID-19] i mí Mhárta 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís níos doimhne a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, agus ar struchtúr agus ar fheidhmiú na gáinneála ar dhaoine go ginearálta, chun bearta sonracha a chruthú chun an gháinneáil ar dhaoine a dhíothu;

16.  á chur i bhfios go bhfuil gá le Sásraí Náisiúnta Atreoraithe (NRM) lánfheidhmiúla comhleanúnacha atá comhordaithe le sásraí trasnáisiúnta atreoraithe agus a mhaoinítear trí leithdháiltí airgeadais tiomnaithe sonracha, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le gníomhaithe éagsúla a chomhordú agus ar na heasnaimh as a leanann muinín teoranta i measc íospartach, ar easnaimh iad a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith acu ar atreoruithe éifeachtacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart comhar maith idir na póilíní agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) a bheith ina comhlánú ar NRM lánfheidhme lena saineofar róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha uile(26) chun cearta bunúsacha na n-íospartach a chosaint agus a chur chun cinn; á mholadh do na Ballstáit ionaid náisiúnta a bhunú atá speisialaithe maidir le tacú agus glacadh le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus comhar trasteorann díreach agus éifeachtach idir na hionaid sin a éascú, agus freisin idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí ábhartha AE;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán agus measúnú a dhéanamh ar staid an chúitimh d’íospartaigh sna Ballstáit agus thar theorainneacha i dtaca le rochtain, forfheidhmiú agus íocaíochtaí iarbhír, agus bearta sonracha a chur ar aghaidh chun cúnamh dlíthiúil níos fearr, níos gasta agus saor in aisce agus rochtain ar chúiteamh a áirithiú i ngach Ballstát gan dochar do chineálacha eile cúitimh;

18.  á chur in iúl gur geal léi bunú an tSásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus na Prótacail a ghabhann leis in 2018 agus seoladh a phróisis athbhreithnithe in 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ina eiseamláir sa phróiseas athbhreithnithe sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé méadú a dhéanamh ar an tuiscint ar gháinneáil ar dhaoine mar choir chasta atá ag síorathrú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE a áirithiú go mbeidh cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine fós ag croílár na hanailíse agus na bhfreagairtí ar an ngáinneáil ar dhaoine, agus á mheabhrú gur gá teagmháil a dhéanamh le saoránaigh agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta; ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag Parlaimint na hEorpa agus ag parlaimintí náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i bhfeachtas na Náisiún Aontaithe i gcoinne na gáinneála ar dhaoine; ag tathant ar na Ballstáit na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha uile maidir le gáinneáil ar dhaoine a dhaingniú, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht i gcoinne na Gáinneála ar Dhaoine;

Gáinneáil ar dhaoine mar choir inscne agus aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil le haghaidh dúshaothrú gnéasach

19.  á thabhairt chun suntais gurb é dúshaothrú gnéasach fós an cineál gáinneála is forleithne agus is mó a thuairiscítear san Aontas ó 2008 i leith, ós rud é gur le haghaidh dúshaothrú gnéasach a dhéantar gáinneáil ar 60 % de na híospartaigh; á thabhairt da haire gur mná agus cailíní iad 92 % de na híospartaigh sin, agus gur fir iad 70 % de na gáinneálaithe(27), rud a léiríonn go bhfuil an gháinneáil le haghaidh dúthshaothrú gnéasach fréamhaithe i neamhionannais inscne;

20.  ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe, foréigean i gcoinne na mban agus na mionaoiseach, glacadh sóisialta an fhoréigin agus chultúr na saoirse ó phionós, agus neamhionannais inscne struchtúrtha agus steiréitíopaí mar na bunchúiseanna le gáinneáil, go háirithe trí oideachas, faisnéis agus feachtais múscailte feasachta agus iad comhlánaithe le malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear cláir agus cúrsaí oiliúna chun teagmháil a dhéanamh le fir agus buachaillí; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún an ghné inscne a neartú agus a fhorbairt i bhfaireachán ar chur chun feidhme reachtaíocht frithgháinneála AE agus ag tathant ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh air sin ina mheasúnú ar chomhlíonadh agus ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil ag na Ballstáit;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dhéantar gáinneáil a spreagadh tríd an éileamh ar sheirbhísí gnéis, toisc gur thuairiscigh Europol go bhfuil ‘Ballstáit ann ina bhfuil an striapachas dleathach, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos éasca do gháinneálaithe timpeallacht dhlíthiúil a úsáid chun a n-íospartaigh a dhúshaothrú’(28); ag meabhrú thoradh Europol go raibh daoine faoi dhrochamhras in ann dúshaothrú a dhéanamh ar leanaí in éineacht le híospartaigh fhásta i roinnt Ballstát AE ina bhfuil an striapachas dleathach(29); á chur i bhfios go láidir go spreagtar an gháinneáil ar dhaoine trí na brabúis arda do gháinneálaithe agus tríd an éileamh a spreagann gach cineál dúshaothraithe; á chur i bhfáth go bhfuil úsáid gnólachtaí dlíthiúla mar bhealach chun gníomhaíochtaí dúshaothraithe a cheilt sách coitianta i measc gáinneálaithe ar dhaoine; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar na Ballstáit gach cineál dúshaothraithe a dhíspreagadh agus an t-éileamh air a laghdú, ar cheart a bheith mar phríomhsprioc i ndáil le hiarrachtaí coiscthe agus ionchúisimh;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do chosc a chur le coir na gáinneála le haghaidh dúshaothrú gnéasach, lena n-áirítear trí fhaisnéis, feachtais múscailte feasachta agus oideachais, bearta agus cláir a ghlacadh chun éileamh a dhíspreagadh agus a laghdú, agus reachtaíocht tiomnaithe a bheidh ann amach anseo a ghlacadh b’fhéidir, agus á iarraidh ar na Ballstáit úsáid fheasach sheirbhísí íospartaigh na gáinneála a áireamh mar chion coiriúil ina reachtanna náisiúnta, mar a mholtar in Airteagal 18 den Treoir maidir le Frithgháinneáil agus mar a d’athdhearbhaigh an Coimisiún in 2018(30), agus foráil a dhéanamh do phionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn le daoine a ndearnadh gáinneáil orthu;

23.  ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún díriú ar phatrúin na gáinneála ar dhaoine, ar patrúin athfhillteacha iad atá ag teacht chun cinn, amhail an dúshaothrú méadaitheach ar leanaí agus ar mhná, lena n-áirítear trí mhealltóireacht agus dúmhál gnéasach, agus i measc nithe eile, úsáid mhodh an ‘mháistir striapaigh,’ arb é an modh is minice chun íospartaigh a earcú agus iad a dhéanamh géilliúil le teicneolaíochtaí ar líne a úsáid, trí scileanna digiteacha a fhorbairt, lena n-áirítear sabháilteacht ar líne, i gcomhar leis na gníomhaithe ábhartha uile; á thabhairt dá haire, de bharr úsáid mhéadaithe na teicneolaíochta ag líonraí coiriúla a bhíonn ag gabháil don gháinneáil ar dhaoine, go ndearnadh a modus operandi traidisiúnta a chlaochlú go suntasach, go háirithe le linn roinnt céimeanna den phróiseas gáinneála;

24.  á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá cláir oiliúna atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de, agus á iarraidh go mbeidh níos mó díobh ann do gach oifigeach, breitheamh, geallsealbhóir agus gníomhaí a bhíonn ag déileáil le cásanna gáinneála, imscrúduithe, agus íospartaigh ionchasacha chun feabhas a chur ar shainaithint luath na ndaoine a d’fhéadfadh a bheith ina n-íospartaigh den gháinneáil le haghaidh dúshaothrú gnéasach agus ag spreagadh na mBallstát bearta a ghlacadh chun tacú le híospartaigh, amhail cláir scoir, bearta tacaíochta síceolaí, deiseanna cuibhiúla maidir le hathimeascadh sóisialta agus gairmiúil, oideachas agus rochtain ar sheirbhísí cuimsitheacha sláinte gnéis agus atáirgthe, rochtain ar cheartas agus ar chearta gaolmhara, agus ról á thabhairt don tsochaí shibhialta, do chomhpháirtithe sóisialta agus don earnáil phríobháideach ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir thairis sin, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá feachtais múscailte feasachta don phobal i gcoitinne chun íospartaigh ionchasacha a shainaithint agus a chosaint; á thabhairt chun suntais gur gá cistí leordhóthanacha a chur i leataobh chun críche oiliúna agus á iarraidh dá bhrí sin ar na Ballstáit acmhainní leormhaithe a chur ar fáil;

25.  ag tathant ar na Ballstáit gnéasoideachas cuimsitheach atá oiriúnach ó thaobh aoise agus forbartha de a ghlacadh mar bhealach lárnach chun gach cineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní a chosc, lena n-áirítear gáinneáil agus dúshaothrú gnéasach, agus oideachas maidir le toiliú agus caidrimh a áireamh, lena ndéanfar dearcthaí sláintiúla i leith meas agus comhionannas i ngach idirghníomhaíocht a chur chun cinn;

Gáinneáil le haghaidh dúshaothrú saothair

26.  á chur in iúl gurb oth léi go mór gur thuairiscigh roinnt mhaith Ballstát agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta go bhfuil méadú tagtha ar gháinneáil le haghaidh dúshaothrú saothair(31); á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil méadú leanúnach tagtha freisin ar a mhéid atá leanaí ina n-íospartaigh den gháinneáil le haghaidh dúshaothrú saothair agus á iarraidh go ndéanfaidh cigireachtaí saothair náisiúnta sna Ballstáit gníomhaíocht phráinneach chun na cleachtais sin a bhrath agus deireadh a chur leo; á iarraidh, thairis sin, ar an Údarás Eorpach Saothair aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist i ndáil le dúshaothrú tromchúiseach ar lucht saothair mar ábhar tosaíochta agus tacú leis na Ballstáit i ndáil le fothú acmhainneachta maidir leis an ábhar sin d’fhonn cleachtais dúshaothraithe tromchúisigh ar lucht saothair a shainaithint agus smachtbhannaí a ghearradh ina leith ar bhealach níos fearr trí chigireachtaí spriocdhírithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé breithniú a dhéanamh ar dhúshaothrú saothair a áireamh ar na cláir oiliúna d’oifigigh a thugann cúnamh d’íospartaigh chun feabhas a chur ar shainaithint luath na ndaoine atá ina n-íospartaigh den gháinneáil le haghaidh saothar éignithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dhéantar dúshaothrú saothair a spreagadh tríd an éileamh ar sheirbhísí saora saothair; ag tathant ar údaráis na mBallstát dlús a chur lena n-iarrachtaí gach cineál oibre neamhfhoirmiúla agus neamhrialáilte a dhíothú, rud a áiritheoidh go mbeidh cearta saothair ag gach oibrí; á thabhairt chun suntais go bhfágann stádas oibre forbhásach na n-oibrithe go mbíonn siad spleách ar a bhfostóirí, agus gur féidir le creachadóirí na gáinneála ar dhaoine dúshaothrú a dhéanamh ar a n-íospartaigh;

Cineálacha eile dúshaothraithe

27.  ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún díriú ar na patrúin de gach cineál gáinneála ar dhaoine, ar pátrúin athfhillteacha iad atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear le haghaidh dúshaothrú saothair, déircíneacht éigeantais, pósadh bréagach agus éigeantais, agus coiriúlacht éigeantais, i measc cuspóirí eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil an gháinneáil ar dhaoine spreagtha ag brabúis arda do gháinneálaithe agus ag an éileamh lena gcothaítear gach cineál dúshaothraithe; á thabhairt dá haire, agus é mar ábhar imní di, nach bhfuil reachtaíocht leormhaith ag roinnt mhaith Ballstát san Aontas le haghaidh íospartaigh atá thíos le gach cineál dúshaothraithe; á iarraidh ar na Ballstáit gach cineál gáinneála a chur san áireamh agus cosaint, cúnamh agus tacaíocht á dtabhairt acu d’íospartaigh; á thabhairt dá haire, in ainneoin na dtuarascálacha a seoladh le déanaí maidir le líonraí coiriúla a bheith ag déanamh gáinneáil ar dhaoine ar fud AE chun críche saothair agus cineálacha eile dúthshaothraithe, go bhfuil sonraí leormhaithe, reachtaíocht agus rochtain ar sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh na gcineálacha dúshaothraithe sin in easnamh mar sin féin;

28.  á thabhairt dá haire go raibh 18 % de na híospartaigh thíos ag gáinneáil le haghaidh cineálacha eile dúshaothraithe(32), lenar bhain gníomhaíochtaí i réimse na déircíneachta éigeantais, an choiriúlacht éigeantais, naíonáin a dhíol, cruinniú orgán, uchtú neamhdhleathach, saothrú airgeadais trí chalaois agus gáinneáil ar dhaoine trí mháthairionadaíocht; á chur i bhfios gur minic a thagann íospartaigh na déircíneachta éigeantais agus na coiriúlachta éigeantais ó phobail Romacha imeallaithe agus gur minic gur leanaí iad;

29.  ag cur béim ar an bhfíoras go ndéantar na gnéithe inmheánacha agus seachtracha a chomhcheangal i gcreat dlíthiúil agus beartais AE maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine, agus á aithint gur cuspóir soiléir de chuid ghníomhaíocht sheachtrach AE is ea gníomhaíocht chun gáinneáil a chomhrac, ar coir thromchúiseach agus sárú ar chearta an duine é; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar chomhar leis na triú tíortha chun gach cineál gáinneála ar dhaoine a chomhrac agus neartú a dhéanamh ar na deiseanna i ndáil le himscrúduithe comhpháirteacha agus ionchúisimh speisialaithe;

Gáinneáil ar dhaoine i gcomhthéacs tearmainn agus imirce

30.  ag cur béim ar an bhfíoras, cé gur náisiúnaigh AE iad tromlach na n-íospartach, go bhfuil eagraíochtaí coiriúla ag baint mí-úsáid as bealaí imirce chun íospartaigh na gáinneála a thabhairt isteach san Aontas, agus go bhfuil imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn níos neamhchosanta ar gháinneálaithe mar gheall ar ghéarchéimeanna daonnúla; á chur i bhfios go bhfuil méadú mór tagtha le blianta beaga anuas ar líon na mban agus na gcailíní a ndearnadh gáinneáil orthu trí bhealach na Meánmhara Láir le haghaidh dúshaothrú gnéasach san Aontas(33); á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an Aontas na mná agus na cailíní sin a shainaithint agus cásanna den sórt céanna sa todhchaí a chosc trí úsáid a bhaint as cur chuige comhleanúnach agus comhordaithe atá bunaithe ar chearta agus atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air; á mheabhrú gur minic a bhíonn mná agus leanaí ina n-íospartaigh de mhí-úsáid ghnéasach ar an tslí imirce, mar mhalairt ar chosaint agus cothú bunúsach; á chur i bhfios go láidir, maidir leis na critéir chun stádas oifigiúil mar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a bhaint amach, gur minic a bhíonn na critéir sin ródhocht do mhná agus cailíní a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin, nach féidir leo an cúnamh is gá a fháil chun aghaidh a thabhairt ar an dochar a rinneadh dóibh;

31.  á athdhearbhú go bhfuil iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe agus imircigh, agus go háirithe, mionaoisigh neamhthionlactha agus scartha, an-leochaileach i leith na gáinneála agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an ngáinneáil ar mhná, ar leanaí agus ar ghrúpaí leochaileacha eile; á thabhairt chun suntais go mbíonn leochaileachtaí agus rioscaí ag céimeanna éagsúla sa phróiseas imirce roimh an imirce féin, ar an mbealach chuig an Aontas, ag an gceann scríbe agus do na daoine a d’fhéadfadh go mbeadh orthu filleadh; á thabhairt dá haire, le heolas teoranta ar theanga áitiúil agus/nó tuiscint theoranta ar a gcearta, le rochtain theoranta ar dheiseanna maireachtála inmharthana nó ar oideachas d’ardchaighdeán, agus le srianta ar a saoirse gluaiseachta, go gcuirtear leis an riosca freisin go mbeidh siad ina n-íospartaigh den gháinneáil;

32.  á thabhairt chun suntais go bhfuil líon íospartaigh na gáinneála ar dhaoine atá cláraithe i nósanna imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta an-íseal; á iarraidh ar na Ballstáit cur leis an soláthar faisnéise do dhaoine aonair atá ag teacht isteach, lena n-áirítear le cabhair ó aistriúchán agus ó ateangaireacht, maidir lena gcearta agus maidir leis na nósanna imeachta is infheidhme faoi reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear maidir leis na féidearthachtaí atá ann tacaíocht a fháil trí dhlíodóirí agus trí idirghabhálaithe cultúir a oibríonn chun gáinneáil ar dhaoine agus dúshaothrú a chosc;

33.  á chur i bhfios i roinnt Ballstát, go mb’fhéidir gur chinn iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a shainaithnítear mar íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine, nó gur cuireadh iallach orthu, nósanna imeachta a athrú agus cead cónaithe a éileamh faoin Treoir maidir le Cead Cónaithe(34); á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta frithgháinneála agus na nósanna imeachta tearmainn idirnasctha agus go gcomhlánaíonn siad a chéile;

34.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na forálacha a leagtar amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III, sa Treoir maidir le Frithgháinneáil agus sa Treoir um Chead Cónaithe a chur i bhfeidhm go comhleanúnach chun cosc a chur leis an gcleachtas a úsáidtear i roinnt Ballstát íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine a aistriú chuig an tír ina ndearnadh dúshaothrú orthu nuair a tháinig siad ar dtús, rud a fhágann gur mó an baol go ndéanfaí athgháinneáil orthu agus go bhfágfaí tráma orthu an athuair;

35.  á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí íospartaigh phoitéinsiúla a shainaithint go luath, go háirithe laistigh de shreafaí imirce agus de theophointí, agus chun bearta cosanta agus coisc a ghlacadh; á thabhairt chun suntais gur cheart cosaint a thabhairt d’íospartaigh phoitéinsiúla a shainaithníodh agus rochtain ar áit shábháilte a thabhairt dóibh ar féidir faisnéis agus cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar cheartas ag gach íospartach, lena n-áirítear íospartaigh imirceacha, gan beann ar a stádas cónaithe.

36.  á iarraidh ar na Ballstáit acmhainní leormhaithe agus saoráidí speisialaithe a chur ar fáil d’íospartaigh iarbhír agus thoimhdithe na gáinneála, lena n-áirítear mná, agus mionlaigh neamhthionlactha agus scartha, agus chun spásanna leordhóthanacha in ionaid dídine a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh foireann a bhfuil oiliúint inscne orthu i láthair i saoráidí glactha agus go gcuirfear tacaíocht agus cistiú leormhaith ar fáil d’eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a oibríonn leo;

37.  á iarraidh ar na Ballstáit an ceart chun saol teaghlaigh ag íospartaigh na gáinneála a áirithiú agus measúnú a dhéanamh ar leathadh ionchasach na cosanta idirnáisiúnta a thugtar d’íospartaigh a thabhairt do dhaoine dá dteaghlaigh; á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh do dhaoine de theaghlaigh na n-íospartach atá i mbaol sa tír thionscnaimh;

38.  á chur i bhfios gur gá sásraí náisiúnta a chur ar bun maidir le bailiú sonraí i ndáil le íospartaigh gháinneála i nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta ionas gur féidir obair leantach i gcásanna sainaitheanta a áirithiú;

39.  á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil an tréimhse théarnaimh agus mhachnaimh nasctha le comhar ón íospartach le linn an imscrúdaithe agus gurb iad gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí a thugann í sin; á chur in iúl gur saoth léi go dtarlaíonn sé i roinnt Ballstát(35) nach dtugtar an tréimhse d’íospartaigh gháinneála ar náisiúnaigh AE agus/nó LEE iad ná d’iarrthóirí tearmainn; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na réiteach dlíthiúil atá ar fáil ar leibhéal an Bhallstáit, go háirithe maidir le tréimhse théarnaimh agus mhachnaimh a thabhairt;

40.  á chur i bhfios, de réir Europol, gurb iad na heagraíochtaí coiriúla céanna(36) in amanna a dhéanamh smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus go léirítear in imscrúduithe go ndíríonn gáinneálaithe níos minice ar imircigh agus iarrthóirí tearmainn san Aontas don dúshaothrú(37); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an cosc agus an comhrac i gcoinne gáinneála nuair a dhéantar comhoibriú le tríú tíortha i gcoinne smuigleála, bíodh siad tíortha tionscnaimh nó tíortha idirthurais, i dteannta le híospartaigh a chosaint, tacaíocht chuimsitheach, ath-lánpháirtiú agus athshlánú a áirithiú;

41.  á mheabhrú do na Ballstáit leis an easpa bealaí sábháilte agus dleathacha imirce atá ann d’iarrthóirí tearmainn go méadaítear a leochaileacht don gháinneáil toisc go bhféadfaí dúshaothrú a bheith déanta orthu le linn an idirthurais agus ar theacht dóibh araon; á iarraidh ar na Ballstáit níos mó conairí sábháilte agus dleathacha don imirce a sholáthar amhail víosaí daonnúla chun dúshaothrú daoine leochaileacha a chosc;

42.  ag tabhairt dá haire, do dhaoine gan doiciméid, nó ag a bhfuil stádas cleithiúnach, go méadaítear dóchúlacht na híospartha agus go laghdaítear an dóchúlacht go rachaidh íospartaigh ag lorg cabhrach nó chun mí-úsáid a thuairisciú mar gheall ar eagla a bheith orthu roimh iarmhairtí inimirce, rud a chuireann i mbaol dúshaothraithe agus mí-úsáide iad; ag tabhairt dá haire, leis na bearnaí suntasacha atá ann i raon agus cur chun feidhme dlíthe agus bearta náisiúnta maidir le gáinneáil ar dhaoine, go dtugtar giaráil bhreise do dhéantóirí na coire íospartaigh a bhfuil stádas neamhrialta acu a dhúshaothrú, rud a fhágann grúpaí móra dhaoine níos leochailí i leith dúshaothraithe; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíochtaí forfheidhmithe imirce a dhíchúpláil ó ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí; á chur i bhfáth gur cheart tuairisciú sábhailte agus sásraí éifeachtacha um ghearáin a bhunú do dhaoine leochaileacha;

Gáinneáil ar leanaí

43.  ag tabhairt dá haire gur leanaí an ceathrú cuid, nach mór, d’íospartaigh uile an Aontais, agus gur cailíní (78 %) tromlach mór na n-íospartach ar leanaí iad san Aontas; á chur i bhfios gur saoránaigh de chuid an Aontais beagnach 75 % de na híospartaigh ar leanaí iad san Aontas; á chur in iúl gur chúis bhuartha ar leith di an foréigean, mí-úsáid agus dúshaothrú atá roimh íospartaigh ar leanaí iad san Aontas, go háirithe leanaí a dhéantar gáinneáil orthu le haghaidh dúshaothrú gnéasach(38);

44.  á mheabhrú oibleagáidí na mBallstát aird ar leith a thabhairt d’íospartaigh gháinneála ar leanaí iad agus ríthábhacht shárleasanna an linbh a chur san áireamh i ngach gníomhaíocht; ag cur béim ar an dochar fisiciúil agus síceolaíoch a tharla do leanaí gáinneáilte agus a leochaileacht mhéadaithe i leith dúshaothraithe; á iarraidh ar na Ballstáit go n-áiritheofar bearta láidre cosanta do leanaí, toimhde na hóige agus mheasúnacht aoise an linbh, cosaint roimh agus le linn imeachtaí coiriúla, rochtain ar chúnaimh gan choinníoll, cúiteamh, neamhphionósú, agus cúnamh agus tacaíocht do daoine de theaghlaigh an íospartaigh linbh, mar aon le cosc;

45.  á iarraidh ar na Ballstáit díriú ar íospartaigh ar leanaí iad a shainaithint agus cabhrú leo leas a bhaint as a gcearta; ag cur béim ar an ngá atá le caomhnóirí dea-oilte agus a bhfuil tacaíocht chuí acu, lena n-áirítear caomhnóirí sealadacha mar bheart éigeandála, a cheapadh láithreach d’íospartaigh ar leanaí iad, lena n-áirítear íospartaigh ar leanaí neamhthionlactha iad, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ceartas agus sainseirbhísí a thacaíonn le leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit thairis sin bearta a ghlacadh chun oiliúint leormhaith agus iomchuí a áirithiú, go háirithe oiliúint dhlíthiúil agus shíceolaíoch, dóibh siúd a oibríonn le híospartaigh gháinneála ar leanaí iad, agus chun líon na gcaomhnóirí a mhéadú trí fheachtais feasachta a eagrú;

46.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go dtugann foireann chonsalachta an-aird ar fhíorú ceart chéannacht na mionaoiseach agus an nasc leis an duine nó leis na daoine a bhfuil údarás tuismitheora nó caomhnóireacht dhlíthiúil á bhfeidhmiú acu nuair a ghlactar sonraí bithmhéadracha an mhionaoisigh sa nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar le Europol agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ar na Ballstáit oideachas agus oiliúint spriocdhírithe agus éifeachtach a chur ar fáil, mar aon le faisnéis ar na modhanna a úsáideann gáinneálaithe a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha chun gáinneáil ar leanaí a chosc;

47.  á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir maidir leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach agus pornagrafaíocht leanaí a chur chun feidhme go hiomlán, agus an comhar póilíneachta agus breithiúnach a atreisiú chun dúshaothrú gnéasach a chosc agus a chomhrac ar leibhéal an Aontais; ag tathant ar na Ballstát comhoibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe le Europol agus Eurojust, chun dlús a chur le malartuithe faisnéise agus chun tacú le himscrúduithe trasteorann;

48.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór buartha di, leitheadúlacht mí-úsáide gnéasaí leanaí, agus an patrún agus normalú na gáinneála agus an dúshaothraithe ghnéasaigh leanaí, agus á iarraidh go mbeadh freagairt leormhaith ó ardáin ar líne chun nach mbeidh fáil ar ábhar mí-úsáideach a bhaineann le leanaí;

49.  ag tabhairt dá haire go n-úsáidtear modhanna amhail an t-idirlíon agus na meáin shóisialta chun íospartaigh phoitéinsiúla a earcú agus a mhealladh; á iarraidh go dtabharfaidh na hardáin idirlín aird ar leith ar uirlisí leormhaithe a fhorbairt; á iarraidh go rachfar i ngleic leis na modhanna cibearfhoréigin sin leis an nGníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha; á iarraidh ar na Ballstáit forbairt a dhéanamh ar shamhail sainaitheantais, tacaíocht agus cúnamh luath do leanaí ar íospartaigh dúshaothraithe agus mí-úsáide gnéasaí ar líne iad, mar aon le cláir ardú feasachta agus sásraí tuairiscithe a thacaíonn le leanaí; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh i gcomhrac na gcoireanna ar líne sin agus bearta coisctheacha a threisiú; á athdhearbhú dá bhrí sin gur gá feabhas a chur ar comhar trasteorann agus malartú trasteorann idir údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis um chosaint leanaí, mar aon le mear-rianú teaghlaigh agus socruithe malartacha cúraim do mhionaoisigh neamhthionlactha;

50.  á chur i bhfios go dteastaíonn tacaíocht shainiúil ó íospartaigh ar leanaí iad, agus aird á tabhairt ar na sárleasanna agus na leochaileachtaí sonracha atá acu; ag spreagadh na mBallstát chun a áirithiú go mbeidh oiliúint leordhóthanach ar gairmithe a bhfuil teagmháil acu le híospartaigh ar leanaí iad, amhail foireann forfheidhmithe dlí, gardaí teorann, státseirbhísigh, na breithiúna, agus oibrithe sóisialta agus sláinte, lena n-áirítear daoine a oibríonn i saoráidí cúraim leanaí, ar oiliúint leordhóthanach í chun íospartaigh gháinneála ar leanaí iad a shainaithint, chun tacú leo agus atreorú a dhéanamh ina leith; ag tabhairt dá haire nach mbíonn rannpháirtíocht leanúnach ag foirne sainiúla forfheidhmithe dlí, atá oilte chun taifead closamhairc a dhéanamh ar theistiméireachtaí ó leanaí, i gceistiú gach leanbh ar íospartach gáinneála é nó í; ag tathant ar na Ballstát gnáthchleachtas a dhéanamh den mhéid sin agus oiliúint a chur ar fhoireann forfheidhmithe an dlí sa chineál seo ceistithe a thacaíonn le leanaí; ag moladh do na Ballstát ‘cur chuige slabhra’ láidir a fhorbairt, le dlúthnaisc idir tacaíocht shonrach maidir le gáinneáil, amhail sainionaid chun glacadh le híospartaigh gháinneála agus tacú leo, agus aonaid phríomhshrutha cúraim don óige, agus freagairt do na sainriachtanais atá ag gach leanbh ar íospartach gáinneála é nó í;

51.  ag tabhairt dá haire gur mó atá leanaí Romacha i mbaol an dúshaothraithe agus na gáinneála agus go bhfuil baol mór ann go mbeadh orthu dúshaothrú gnéasach, dúshaothrú saothair agus déircíneacht éigeantais a fhulaingt;

52.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin go gcuirfear san áireamh i straitéis de chuid an Aontais an 24 Iúil 2020 maidir le comhrac níos éifeachtaí i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí go bhféadfaí Lárionad Eorpach a chruthú chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa sa rún uaithi an 26 Samhain 2019 maidir le cearta leanaí, agus go mbeadh sé mar bhunchloch i gcur chuige comhordaithe agus il-gheallsealbhóra Eorpach chun mí-úsáid leanaí a chosc agus a chomhrac, agus chun cuidiú le híospartaigh;

53.  ag tabhairt dá haire go bhfuil baol níos airde foréigin, gáinneála agus dúshaothraithe fós ann feadh na gconairí imirce ar an aistear chuig an Aontas agus laistigh den Aontas i gcás leanaí atá i mbun imirce, agus, go háirithe, leanaí arb imircigh neamhthionlactha agus scartha iad; ag tabhairt dá haire go bhfuil cailíní i mbaol dúshaothrú gnéasach agus foréigean inscne-bhunaithe feadh na gconairí imirce; á iarraidh ar na Ballstáit go gcuirfidh siad cúnamh, tacaíocht agus bearta cosanta ar fáil d’íospartaigh gháinneála ar leanaí neamhthionlactha iad a chomhlíonfaidh a sainriachtanais, go sannfar caomhnóir dóibh ar theacht dóibh, agus go gcuirfear dálaí cuí agus oiriúnaithe maireachtála ar fáil dóibh; á mheabhrú gur cheart go gcuirfí san áireamh i mbearta den sórt sin sárleasanna an linbh neamhthionlactha ó dhearcadh gearrthéarmach agus fadtéarmach de; á chur in iúl gur saoth léi go raibh coinneáil in úsáid ag roinnt Ballstát mar bhealach chun mionaoisigh neamhthionlactha a ‘chosaint’, lena n-áirítear i gcillíní póilíneachta; á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar roghanna malartacha seachas coinneáil go háirithe i gcás leanaí; á mheabhrú nach sárleas an linbh í coinneáil agus gur cheart do na Ballstáit lóistín neamhchoinneála a thacaíonn le leanaí a chur ar fáil;

54.  ag tabhairt dá haire gur minic a úsáideanna gáinneálaithe ionaid ghlactha chun íospartaigh phoitéinsiúla a shainaithint agus socrú a dhéanamh chun iad a iompar go háiteanna dúshaothraithe, agus nach mór do na húdaráis phoiblí ábhartha agus gníomhaithe inniúla eile sna Ballstáit a bheith an-airdeallach agus faireachán agus coimirciú a dhéanamh ar na hionaid sin, agus aird ar leith á tabhairt ar na daoine is leochailí, amhail leanaí, agus a gcosaint a threisiú ag an am céanna trí faisnéis a thabhairt dóibh agus iad a chumasú trí ardú feasachta i scoileanna, ionaid óige agus gluaiseachtaí óige; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe Eorpach chun leanaí imirceacha neamhthionlactha a aimsiú agus a chosaint nuair a théann siad ar iarraidh;

Éifeachtúlacht na gcóras ceartais coiriúil agus úsáid sheirbhísí na n-íospartach a choiriúlú

55.  ag tabhairt dá haire líon íseal na n-ionchúiseamh agus na gciontuithe i gcoir na gáinneála; ag tathant ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun imscrúdú ar chásanna gáinneála a fheabhsú agus dlús a chur leo trí iarrachtaí treisithe póilíneachta go náisiúnta agus go trasnáisiúnta, agus chun smachtbhannaí coiriúla láidre a chur i bhfeidhm i leith choir na gáinneála ar dhaoine; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil difríochtaí móra idir Ballstáit maidir leis na smachtbhannaí náisiúnta atá ann cheana agus na bealaí cur i bhfeidhm atá acu; ag tabhairt chun suntais gur cheart aird ar leith a thabhairt ar réimsí tearc-tuairiscithe agus tearc-imscrúdaithe, go háirithe fostaíocht shéasúrach agus shealadach in earnálacha a bhfuil beagán oiliúna agus pá íseal ag baint leo, amhail dúshaothrú saothair in earnáil na talmhaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit cur i gcoinne saoirse ó phionós trí chur chuige comhordaithe idir gníomhaíochtaí ábhartha an Aontais i gcomhar leis na Ballstáit, le hinstitiúidí an Aontais, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le comhpháirtithe eile, rud a fheabhsóidh éifeachtacht na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh, lena n-áirítear trí úsáid éifeachtach na n-ardán atá ann cheana agus á reáchtáil ag gníomhaireachtaí amhail Europol agus Eurojust; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis inniúla atá freagrach as coireanna tromchúiseacha, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, go n-úsáidfidh siad córais mhórscála TF, lena n-áirítear Córas Faisnéise Schengen (SIS II), i gcomhréir leis na forálacha atá cumhdaithe sa reachtaíocht ábhartha chun tacú leo;

56.  á chur i bhfios nár thug na Ballstáit uile isteach reachtaíocht atá ábhartha d’Airteagal 18 den Treoir maidir le Frithgháinneáil(39); ag tabhairt dá haire, de bharr na dtírdhreach dlíthiúil éagsúil atá ann ó thaobh coiriúlú a dhéanamh ar úsáid seirbhísí a bhaintear as íospartaigh, go gcuirtear bac ar na hiarrachtaí an t-éileamh a laghdú; á chur in iúl gurb oth léi gur rátaí ísle iad na rátaí ionchúisimh agus ciontaithe san Aontas le haghaidh seirbhísí d’íospartaigh a úsáid go feasach agus le haghaidh dúshaothrú gnéasach; á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh go práinneach ar na Ballstáit an gníomh úsáid fheasach a bhaint as seirbhísí ó íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine a bhunú mar chion coiriúil;

57.  á chur i bhfios á ríthábhachtaí atá sé do phobal forfheidhmithe dlí an Aontais cumais anailíseacha leathnaithe agus éifeachtúla a fhorbairt mar fhreagairt ar phatrúin choiriúla maidir le gáinneáil ar dhaoine atá á héascú ar líne agus ag síormhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí an Aontais amhail Europol agus trí chistí tiomnaithe earnálacha an Aontais amhail an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) do Bhallstáit chun na caighdeáin anailíseacha is airde agus uirlisí leormhaithe a dhaingniú chun próiseáil a dhéanamh ar méideanna faisnéise atá ag éirí níos casta de réir a chéile;

58.  ag tabhairt dá haire go ndéantar coiriúlú ar mhná go díréireach de bharr an staid shocheacnamaíoch nó stádas imirce atá acu agus go bhfuil a bhac orthu rochtain chomhionann ar cheartas a bheith acu mar thoradh ar steiréitíopáil inscne, dlíthe idirdhealaitheacha, idirdhealú trasnach nó níos measa, agus riachtanais agus cleachtais maidir le nós imeachta agus fianaise; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstát a áirithiú go gcuirfear rochtain ar cheartas ar fáil go fisiciúil, go heacnamúil, go sóisialta agus go cultúrtha do mhná uile; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go dtabharfar aghaidh ar na bacainní ar rochtain na mban ar an gceartas;

59.  á chur in iúl gurb oth léi gur minic go bhfuil na coinníollacha chun go bhfaighidh íospartach stádas oifigiúil mar íospartach gáinneála ródhocht le comhlíonadh, go háirithe do mhionaoisigh agus íospartaigh leochaileacha eile atá spleách ar a ngáinneálaithe ó thaobh airgeadais agus mothúcháin de; á chur in iúl gur saoth léi go mbíonn íospartaigh fós faoi réir cúisimh choiriúla agus ciontuithe do chionta ar cuireadh iallach orthu a dhéanamh, go minic maidir le teacht isteach neamhdhleathach i gcríoch Ballstáit, arb é an bunús atá le gáinneáil; á iarraidh ar na Ballstáit forálacha soiléire a ghlacadh maidir le neamh-ionchúiseamh nó neamhphionósú íospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus maidir le cosaint na n-íospartach a dhíchúpláil ón gcomhar le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, ar rud é faoi láthair a chuireann an dualgas cruthúnais go hiomlán ar an íospartach; á iarraidh go chomhlíonfaidh na Ballstáit riachtanais na n-íospartach maidir le tacaíocht shíceolaíoch; á iarraidh ar na Ballstáit thairis sin na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú nach ndéanfar an cúnamh agus tacaíocht a thugann siad d’íospartach coinníollach ar thoilteanas an íospartaigh comhoibriú in imscrúdú coiriúil, in ionchúiseamh nó i dtriail i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir maidir le Frithgháinneáil;

60.  á chur in iúl gur saoth léi go mbíonn sonraí faoi chéannacht íospartach gáinneála le feiceáil i dtuairiscí póilíneachta agus le linn imeachtaí, rud a dhéanann deacair é d’íospartaigh labhairt amach nó iad a chosaint ó dhíoltas; ag moladh do na Ballstáit ainmneacha agus sonraí céannachta eile na n-íospartach i gcomhaid ar leith a bhfuil rochtain ag na póilíní agus na cúisitheoirí orthu, ach nach nochtfar do gháinneálaithe amhrasta nó dá ndlíodóirí, agus urraim á tabhairt don cheart chun triail chóir a fháil;

61.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá imscrúdú airgeadais agus ‘an t-airgead a leanúint’ mar phríomhstraitéis chun na gréasáin coireachta eagraithe a thairbhíonn den gháinneáil ar dhaoine a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúduithe airgeadais a sheoladh agus oibriú le speisialtóirí sciúrtha airgid nuair a thosófar imscrúdú gáinneála nua; á iarraidh ar na Ballstáit comhar a neartú maidir le sócmhainní daoine a bhfuil baint acu le gáinneáil a reo agus a choigistiú agus maidir le cúiteamh a chur ar fáil d’íospartaigh, lena n-áirítear trí na fáltais a coigistíodh a úsáid chun tacú le cúnamh agus cosaint d’íospartaigh, mar a mholtar in Aithris 13 den Treoir maidir le Frithgháinneáil; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar úsáid an chomhair bhreithiúnaigh agus póilíneachta atá ann cheana, agus na huirlisí atá ar fáil, agus iad a chur chun cinn, amhail aitheantas frithpháirteach breithiúnas cúirte, foirne comhpháirteacha um imscrúdú agus an t-ordú imscrúdaithe Eorpach; chuige sin, a iarraidh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch feabhsaithe ann a fhéachfaidh le smaointeoireacht chomhcheangailte a mhéadú thar na hearnálacha go léir, amhail imirce, fostaíocht, sláinte agus sábháilte san ionad oibre, agus go leor earnálacha eile;

Comhar idir na Ballstáit agus le Gníomhaireachtaí an Aontais

62.  á mheabhrú an ról atá ag gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh maidir le híospartaigh a shainaithint go luath agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine; á iarraidh go gcuirfear tuilleadh acmhainní ar fáil do na Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile chun gur féidir lena bhfoirne a bheith oilte agus chun gur féidir uirlisí fothaithe acmhainneachta a fhorbairt i réimse bhrath na n-íospartach, lena n-áirítear foireann a cheapadh a bhfuil oiliúint leormhaith orthu maidir le cuir chuige atá leochaileacht don leanbh agus ó thaobh inscne de, go háirithe sna Ballstáit atá ag tabhairt aghaidh ar shreafaí imirce measctha atá ag dul i méid; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlíne a fhorbairt chun saineolas inscne agus chearta an duine a phríomhshruthú i ngníomhaíochtaí na n-údaráis forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí cláir mharthanacha a fhorbairt maidir leis an gcothromaíocht inscne sna próisis chinnteoireachta a fheabhsú agus i soláthar foirne ghníomhaireachtaí CGB, go háirithe gníomhaireachtaí atá ábhartha do gháinneáil ar dhaoine;

63.  á chur in iúl gur geal léi an conclúid ó ghníomhaireachtaí CGB faoin Ráiteas Comhpháirteach maidir leis an ngealltanas oibriú le chéile i gcoinne gáinneáil ar dhaoine; á iarraidh, chuige sin, go méadóidh na Ballstáit comhar trasteorann agus chomhroinnt eolais le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais amhail , Eurojust, Europol, FRA, Frontex, CEPOL, EIGE agus EASO sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine;

64.  ag cur i bhfios an ról tábhachtach atá ag Eurojust maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh chasta a chomhoibriú agus a chomhordú i measc údaráis bhreithiúnacha sna Ballstáit, lena n-airítear tríd an Barántas Gabhála Eorpach agus an tOrdú Imscrúdaithe Eorpach, mar aon le trí Fhoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú a úsáid; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar atreorú ar chásanna gáinneála ar dhaoine chuig Eurojust ar bhonn níos mó agus níos tráthúla go bhfeabhsófar comhar na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh breithiúnach idir Ballstáit agus le tríú tíortha; ag spreagadh úsáid mhéadaithe na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú le tacaíocht ó Eurojust agus Europol, mar go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an uirlís sin um chomhar breithiúnach an-éifeachtach sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine;

65.  ag spreagadh na mBallstát an malartú sonraí agus faisnéise a mhéadú chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac trí úsáid a bhaint as acmhainní agus bunachar sonraí ábhartha Europol;

66.  á iarraidh ar CEPOL oiliúint a sholáthar do na húdaráis inniúil forfheidhmithe dlí chun cuir chuige chaighdeánacha i leith imscrúduithe agus cosaint íospartach a áirithiú;

Moltaí

67.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Frithgháinneáil tar éis dó measúnú tionchar cuimsitheach a dhéanamh chun feabhas a chur ar na bearta chun gach cineál gáinneála a chosc, a chomhrac agus a ionchúiseamh, go háirithe i gcás dúshaothrú gnéasach arb é an réimse is mó gáinneála ar dhaoine atá ann; aghaidh a thabhairt ar úsáid na dteicneolaíochtaí ar líne i leathadh agus i gcosc na gáinneála ar dhaoine; feabhas a chur ar bhearta maidir le híospartaigh a chosc agus a shainaithint go luath agus maidir le rochtain éasca neamhchoinníollach ar chúnamh agus ar chosaint, agus peirspictíocht chothrománach atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de i ngach cineál gáinneála á neartú;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún an Treoir maidir le Frithgháinneáil a leasú d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit an úsáid a bhaintear go feasach as na seirbhísí uile a chuireann íospartaigh gháinneála ar fáil a bhfuil dúshaothrú i gceist leo a choiriúlú go sainráite, mar a mholtar le hAirteagal 18 den Treoir maidir le Frithgháinneáil, i bhfianaise nádúr tromchúiseach agus fairsinge na coire sin ar fud an Aontais agus an líon íseal ionchúiseamh; á chur in iúl gurb oth léi an fíoras gur ábhar deacair é do na húdaráis ionchúisimh eolas a chruthú maidir le húsáid seirbhísí íospartaigh gháinneála ar dhaoine; á chur i bhfáth nach gá gur argóint dhochloíte í an deacracht a bhaineann le fianaise a fháil maidir le gan déileáil le cineál áirithe iompair mar chion coiriúil; á thabhairt dá haire go gcruthaítear tairseach an-ard chun ionchúisimh a bhaint amach má dhéantar dliteanas coiriúil a theorannú don chás ina bhfuil eolas bunaidh ag an úsáideoir go bhfuil an duine ina íospartach de gháinneáil ar dhaoine; á mheas gur cheart mionscrúdú a dhéanamh ar an leibhéal eolais ba cheart a bheith riachtanach don chion sin; á mheas gur cheart don úsáideoir a léiriú go ndearnadh gach beart réasúnta chun úsáid seirbhísí a chuireann íospartach ar fáil a sheachaint; á chur in iúl gur chúis bhuartha di nach bhfuil eolas leordhóthanach ag údaráis forfheidhmithe dlí maidir leis an úsáid a bhaintear go feasach as na seirbhísí uile a chuireann íospartaigh gháinneála ar fáil, go bhfuil easpa cleachtais bhreithiúnaigh ann maidir leis an soláthar ábhartha agus na hacmhainní daonna neamhleora agus easnamhacha atá á n-imscaradh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go neartóidh na Ballstáit iarrachtaí chun líon na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh a mhéadú, agus go laghdóidh siad an t-ualach a chuirtear ar íospartaigh agus ar a gcuid fianaise le linn imeachtaí chun fianaise a bhailiú; á iarraidh go gcuirfí oiliúint rialta agus shaincheaptha ar imscrúdaitheoirí, ar ionchúisitheoirí agus ar bhreithiúna, agus go mbainfí úsáid chórasach as imscrúduithe airgeadais agus as uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha eile atá faisnéisbhunaithe, lena bhféadfar cineálacha éagsúla fianaise a chur ar fáil a bheidh le húsáid sa bhreis ar chuntais na n-íospartach; á iarraidh ar na Ballstáit dóthain acmhainní daonna agus airgeadais a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt mar is ceart ar an gcoireacht sin;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis AE i dtreo gáinneáil ar dhaoine a dhíothú gan tuilleadh moille, a bheith sonrach agus tiomnaithe, chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar dhaoine san Aontas mar réimse tosaíochta, agus trí chreat dlíthiúil agus beartais a bheidh cuimsitheach, sonrach ó thaobh inscne agus leanaí de, agus íospartachláraithe;

70.  á mheabhrú gur gá don Treoir maidir le Frithgháinneáil a bheith curtha chun feidhme go hiomlán agus go leanúnach agus curtha i bhfeidhm go díograiseach ag na gníomhaithe go léir sa réimse, lena n-áirítear reachtóirí, breithiúna, ionchúisitheoirí, póilíní agus riaracháin phoiblí; á chur i bhfáth go bhfuil oiriúint chuí na ngníomhaithe sin go léir bunriachtanach, mar atá feachtais ardaithe feasachta maidir le cosc, agus comhar idir riaracháin phoiblí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí sa treo sin;

71.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil ag na Ballstáit agus tuarascáil a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1), ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir sin agus tionchar an dlí náisiúnta atá ann cheana a chomhlíonadh, agus nósanna imeachta um shárú a thabhairt isteach go práinneach i gcás ina raibh easpa cur chun feidhme éifeachtach, tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus tograí a chur ar aghaidh chun í a athbhreithniú;

72.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar athbhreithniú na Treorach maidir le Cead Cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine iad d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear íospartaigh ar ais ar dhul in éag na tréimhse machnaimh agus nach ndéanfar ceadanna cónaithe do dhaoine a ndearnadh gáinneáil orthu coinníollach ar rannpháirtíocht nó ar thoilteanas rannpháirtíochta an duine ar a ndearnadh gáinneáil in imscrúdú nó imeachtaí coiriúla an cháis; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an rochtain gan choinníoll ar chúnamh agus tacaíocht a bhfuil sainordú ina leith sa Treoir maidir le Frithgháinneáil réitithe leis an Treoir maidir le Cead Cónaithe agus a cur i bhfeidhm;

73.  á iarraidh ar na mBallstáit agus ar an gCoimisiún cistí leormhaithe a shainmhíniú, a leithdháileadh agus a chur i leataobh sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine, ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal Eorpach, amhail an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), CSI agus sraith Daphne den chlár um shaoránaigh, um chomhionannas, um chearta agus um luachanna sa chreat airgeadais ilbhliantúil nua;

74.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais faisnéise a eagrú lena ndéanfar teagmháil le híospartaigh phoitéinsiúla agus iad a chur ar an eolas faoi chúnamh, faoi chosaint agus faoina gcearta ar fud thíortha uile an Aontais;

75.  á iarraidh ar an gCoimisiún tabhairt faoi thaighde fianaise-bhunaithe ar na fachtóirí riosca d’íospartaigh phoitéinsiúla agus ar conas a dhéanann réimsí éagsúla beartais trasnú le gáinneáil ar dhaoine in earnálacha riosca;

76.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chur chun feidhme maidir leis an ngáinneáil a chosc agus béim á leagan ar chearta na n-íospartach, oibriú leis an tsochaí shibhialta chun na seirbhísí agus an cúnamh is gá a chur ar fáil d’íospartaigh, agus chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar cheartas, cúiteamh agus sásamh acu;

77.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur chuige comhleanúnach a bheith ann chun feabhas a chur ar shainaithint íospartach poitéinsiúil i gcomhthéacs sreafaí imirce agus sna teophointí, ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus a gcomhlántacht leis na nósanna imeachta a bhaineann leis an ngáinneáil a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil agus tograí a chur ar aghaidh chun í a athbhreithniú;

78.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta práinneacha a dhéanamh i gcoinne grúpaí coiriúla atá gníomhach i smuigleáil imirceach agus i ngáinneáil ar dhaoine, i bhfianaise a dhóchúla atá sé daoine a ndearnadh smuigleáil orthu a bheith ina n-íospartaigh gáinneála, agus measúnú a dhéanamh ar an riosca atá ann d’imircigh agus do na daoine is leochailí, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, leanaí scartha agus mná; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le tuilleadh conairí dleathacha agus sábháilte le haghaidh imirce chun dúshaothrú daoine leochaileacha a bhfuil stádas neamhrialta acu a chosc;

79.  á iarraidh ar na Ballstáit, mar fhreagairt ar COVID-19, plean teagmhais a ullmhú chun feidhmiú íosta córas frithgháinneála a áirithiú i ndálaí éigeandála; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áiritheofar sa phlean teagmhais pacáiste íosta seirbhísí a bheadh ar fáil do na híospartaigh chun a riachtanais láithreacha a chomhlíonadh le linn tréimhse ina bhfuil níos lú deiseanna atreoraithe, cosanta, imscrúdaithe ag an gcás agus ag imeachtaí cúirte;

80.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúnachas obair Chomhordaitheoir Frithgháinneála AE a áirithiú trí Chomhordaitheoir Frithgháinneála AE a cheapadh ar bhonn lánaimseartha agus é sin a áireamh sa straitéis nua maidir le gáinneáil ar dhaoine;

o
o   o

81.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0066.
(3) IO L 315, 14.11.2012, lch. 57.
(4) IO L 18, 21.1.2012, lch. 7.
(5) IO L 168, 30.6.2009, lch. 24.
(6) IO L 348, 24.12.2008, lch. 9.
(7) IO L 261, 6.8.2004, lch. 19.
(8) IO L 328, 5.12.2002, lch. 17.
(9) IO L 328, 5.12.2002, lch. 1.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0286.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0080.
(12) IO C 101, 16.3.2018, lch. 47.
(13) IO C 76, 28.2.2018, lch. 61.
(14) IO C 285, 29.8.2017, lch. 78.
(15) Measúnú Eorpach ar chur chun feidhme – Implementation of Directive 2011/36/EU: Migration and gender issues [Cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE: Saincheisteanna imirce agus inscne], an Ard-Stiúrthóireacht um Thaighde Parlaiminteach, an tAonad Meastóireachta Ex-Post, 15 Meán Fómhair 2020.
(16) An Tríú Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (2020) mar a cheanglaítear faoi Airteagal 20 de Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac (COM(2020)0661).
(17) COM(2020)0661.
(18) Data Collection on Trafficking in Human Beings in the EU [Bailiú Sonraí maidir le Gáinneáil ar Dhaoine san Aontas Eorpach] (2020).
(19) COM(2020)0661, lch. 1.
(20) COM(2020)0661, lch. 1.
(21) https://www.europol.europa.eu/publications-documents/challenges-of-countering-human-trafficking-in-digital-era
(22) https://www.europol.europa.eu/publications-documents/challenges-of-countering-human-trafficking-in-digital-era
(23) Staidéar maidir leis na costais eacnamaíocha, shóisialta, agus dhaonna a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine laistigh de AE (2020).
(24) Dúshaothrú saothair tromchúiseach: oibrithe a ghluaiseann laistigh den Aontas Eorpach nó isteach ann http://fra.europa.eu/en/publication/2015/severe-labour-exploitation-workers-moving-within-or-european-union
(25) Treoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO L 261, 6.8.2004, lch. 15).
(26) Sna moltaí ó Ghrúpa Saineolaithe Chomhairle na hEorpa um Ghníomhaíocht i gCoinne na Gáinneála ar Dhaoine (GRETA) áirítear ráthaíocht go gcuirfear NRM i bhfeidhm maidir le hiarrthóirí tearmainn agus daoine atá faoi choinneáil inimirce.
(27) Data Collection on Trafficking in Human Beings in the EU [Bailiú Sonraí maidir le Gáinneáil ar Dhaoine san Aontas Eorpach], 2020.
(28) Europol, Tuarascáil Staide, Trafficking in Human Beings in the EU [Gáinneáil ar Dhaoine in AE], 18 Feabhra 2016.
(29) COM(2018)0777, lch. 6.
(30) COM(2018)0777, lch. 6.
(31) Tríú tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (2020) mar a cheanglaítear faoi Airteagal 20 de Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac (COM(2020)0661).
(32) COM(2020)0661.
(33) An dara tuarascáil ar dhul chun cinn, COM(2018)0777, lch. 3.
(34) Measúnú Eorpach ar chur chun feidhme – Implementation of Directive 2011/36/EU: Migration and gender issues [Cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE: Saincheisteanna imirce agus inscne], an Ard-Stiúrthóireacht um Thaighde Parlaiminteach, an tAonad Meastóireachta Ex-Post, 15 Meán Fómhair 2020, lch. 49.
(35) An Naoú Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí GRETA, lch. 57
(36) An Ceathrú Tuarascáil Bhliantúil ó Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach de chuid Europol (2020).
(37) Measúnú Europol ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA).
(38) Europol, an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, an Ceathrú Tuarascáil Bhliantúil, 2020.
(39) An dara tuarascáil ar dhul chun cinn, COM(2018)0777, lch. 29.

An nuashonrú is déanaí: 3 Meitheamh 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais