Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2188(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0006/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0006/2021

Díospóireachtaí :

PV 08/02/2021 - 19
CRE 08/02/2021 - 19

Vótaí :

PV 09/02/2021 - 14
PV 10/02/2021 - 3

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0044

Téacsanna atá glactha
PDF 252kWORD 81k
Dé Céadaoin, 10 Feabhra 2021 - Brussels
Éagothromaíochtaí a laghdú agus béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre
P9_TA(2021)0044A9-0006/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú agus béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre (2019/2188(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint do chuspóir an chomhtháthaithe a bhunaítear faoi Airteagal 3 CAE, go háirithe an coinsiasú sóisialta aníos,

–  ag féachaint don clásal sóisialta cothrománach atá in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint don bheartas sóisialta de bhun Airteagal 151 et seq CFAE,

–  ag féachaint do Chairt athbhreithnithe Shóisialta na hEorpa,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint dá dtagraítear in Airteagal 6 CAE,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus, go háirithe, prionsabail 5 agus 6,

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint do choinbhinsiúin agus moltaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumais (UNCRPD), agus dá theacht i bhfeidhm san Aontas Eorpach an 21 Eanáir 2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích UNCRPD ag an gComhphobal Eorpach(1),

–  ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha(2),

–  ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach(3),

–  ag féachaint do threoirlínte polaitiúla ó Ursula von der Leyen,

–  ag féachaint do chlár oibre coigeartaithe an Choimisiúin do 2020,

–  ag féachaint don sprioc um bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a leagtar amach i straitéis Eoraip 2020,

–  ag féachaint do Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach,

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Deireadh Fómhair 2008 maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac, lena n-áirítear bochtaineacht leanaí, in AE(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le ról an ioncaim íosta sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus sochaí chuimsitheach a chur chun cinn san Eoraip(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2015 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú le haird ar leith ar an mbochtaineacht i measc leanaí(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Eanáir 2014 maidir le cigireachtaí saothair éifeachtacha mar straitéis chun dálaí oibre san Eoraip a fheabhsú(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Bealtaine 2016 dar teideal ‘Bochtaineacht: gné na hinscne’(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 29 Samhain 2018 maidir le staid na mban faoi mhíchumais(10),

–  ag féachaint d’Innéacs Comhionannais Inscne na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025’ (COM(2020)0152),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartais ioncaim íosta a úsáid mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 4 Iúil 2017 maidir le dálaí oibre agus fostaíocht fhorbhásach(13),

–  ag féachaint d’Innéacs na gCeart Domhanda ó Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCeardchumann (ITUC)(14),

–  ag féachaint do thuarascálacha ón Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht, agus do thuarascálacha ábhartha ón bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas agus ó Líonra Eorpach Eagraíochtaí Poiblí na Romach (ERGO),

–  ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip maidir le aistriú cóir agus cothrom a bhaint amach trí rochtain a thabhairt ar chláir athscilithe agus ar dheiseanna fostaíochta in earnálacha eacnamaíocha nua,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 dar teideal ‘Eoraip Shóisialta Láidir d’Aistrithe Córa’ (COM(2020)0014),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus ón gCoiste um Achainíocha,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0006/2021),

Méadú ar an éagothromaíocht agus ar an mbochtaineacht

A.  de bhrí go n-áirítear a múnla sóisialta ar cheann de láidreachtaí AE; de bhrí go n-éilítear le forbairtí teicneolaíocha agus leis an treocht dhomhanda i dtaca leis an méadú ar éagothromaíochtaí go ndéanfar athmheasúnú ar an múnla sóisialta sin agus é a chur in oiriúint dár dtimpeallacht dhomhanda nua-aoiseach, ghasta, chasta agus dhothuartha;

B.  de bhrí, de réir shainmhíniú Eurostat, go bhfuil daoine i mbaol bochtaineachta lucht oibre nuair is lú a n-ioncam indiúscartha coibhéisithe ná 60 % de leibhéal náisiúnta an ioncaim airmheáin teaghlaigh (tar éis aistrithe sóisialta) agus os cionn leath na bliana caite i mbun oibre acu; de bhrí go léirítear leis na figiúirí is déanaí ó Eurostat go raibh 9,4 % d’oibrithe na hEorpa i mbaol bochtaineachta in 2018(15);

C.  de bhrí gur ann d’éagothromaíocht laistigh agus idir na Ballstáit agus go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha i gceist leis; de bhrí go bhfuil an bhearna i nglanmhaoin atá idir na peircintílí is saibhre agus gach duine eile ag dul i méid; de bhrí, cé gur tháinig laghdú ar an nglanmhaoin in aghaidh an teaghlaigh i dtíortha an Ghrúpa Euro don 20 % íochtair in 2017, ach fós gur mhéadaigh sé go mór don 20 %(16) uachtair agus go raibh fiacha de EUR 4 500 ar an meán ag an 20 % íochtair de theaghlaigh cé go raibh glanmhaoin de EUR 1 189 700(17) ag an 10 % uachtair;

D.  de bhrí go bhfuil na tosca lena rannchuidítear leis an mbochtaineacht agus leis an méadú ar éagothromaíocht ghlanmhaoine casta agus idirnasctha agus go n-áirítear leo go príomha neamhionannas pá, neamhionannas inscne, an easpa tithíocht inacmhainne, idirdhealú, leibhéil ísle oideachais, athruithe teicneolaíocha i saol na hoibre agus athruithe struchtúracha i margadh an tsaothair; de bhrí, freisin, go bhfuil an méadú ar tháirgeadh gan méadú comhfhreagrach ar phá ag cur leis na héagothromaíochtaí eacnamaíocha laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit;

E.  de bhrí, nach é amháin go bhfuil tionchar ar leith ag an riosca a bhaineann leis an ngéarú ar fheiniméan an eisiaimh ioncaim ar oibrithe ar bheagán oiliúna, ach go bhfuil tionchar aige freisin ar chéimithe (lena n-áirítear céimithe ollscoile) atá ag dul isteach i margadh an tsaothair; de bhrí go bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh méadú ar an mbearna ioncaim atá ann idir na saothraithe is mó agus is lú a thuilleann;

F.  de bhrí go dtuilleann oibrí amháin as gach seisear oibrithe in AE pá íseal, eadhon pá arb ísle é ná dhá thrian den phá airmheáin náisiúnta, agus go bhfuil an sciar sin ag méadú ar bhonn leanúnach; de bhrí nár lean an pá íseal de bheith bord ar bhord leis na rátaí pá eile in go leor de na Ballstáit, lena dtéann, dá bhrí sin, neamhionannais ioncaim agus bochtaineacht lucht oibre in olcas tuilleadh agus lena laghdaítear acmhainneacht na saothraithe pá íosta dul i ngleic le deacrachtaí eacnamaíocha;

G.  de bhrí go raibh an sleabhcadh i margadh an tsaothair le linn na géarchéime deiridh ina shiocair leis an méadú as cuimse a tháinig ar líon na n-oibrithe páirtaimseartha ainneonacha, gurb iad is dóchúla a bheidh i mbun oibre i ngairmeacha seirbhíse agus in earnálacha bunúsacha nó atá ar leibhéal níos ísle agus gurb iad atá i mbaol atá thar a bheith ard ó bhochtaineacht lucht oibre;

H.  de bhrí gur luachanna fothaithe de chuid an Aontais Eorpaigh iad an comhionannas idir mná agus fir agus an neamh-idirdhealú, de réir mar a chumhdaítear iad in CAE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

I.  de bhrí go dtuilleann na mná in AE-27 15 % níos lú ná na fir ar an meán(18), 9,38 % nuair a dhéantar é a choigeartú le haghaidh cúiseanna éagsúla(19); de bhrí go bhfuil an bhearna phá idir na hinscní atá ann leis an deicheanna de bhlianta ina siocair le bearna idir na hinscní in ioncam pinsin arb ionann í agus 37%, staid lena gcruthaítear leibhéal éagothrom neamhspleáchais eacnamaíoch idir mná agus fir scothaosta;

J.  de bhrí go bhfuil an dáileadh neamhchothrom ar fhreagrachtaí cúraim in AE, agus an t-ualach díréireach atá ar na mná mar phríomhchúramóirí i dteaghlaigh, mar aon le rochtain theoranta ar shaoráidí cúraim leanaí agus ar shaoráidí cúraim do dhaoine scothaosta i roinnt Ballstát, ina siocair le tréimhsí neamhláithreachta ó mhargadh an tsaothair agus, dá bhrí sin, le bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a bheith ann; de bhrí gur tosca uile sa bhochtaineacht i measc na mban gurb ea an dáileadh neamhchothrom seo ar fhreagrachtaí cúraim, mar aon le pá neamhionann as obair ar gnách leis na mná a bheith ina bun agus an tionchar atá ag sosanna gairme ar ardú céime agus ar chur chun cinn pinsean;

K.  de bhrí in 2017, gurbh ionann agus 23,3 % baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta i gcás na mban, arb airde é ná (21,6 %) i gcás na bhfear(20);

L.  de bhrí go bhfuil an bhearna phá idir na hinscní níos ísle i gcoitinne i gcás iontrálaithe nua mhargadh an tsaothair(21); de bhrí gur cheart leanúint de chomhdheiseanna a chur chun cinn ar mhaithe leis na héagothromaíochtaí atá ann idir mná agus fir a laghdú tuilleadh;

M.  de bhrí go bhfuil fostaíocht na mban i bhfad níos airde in earnáil na seirbhísí ná mar atá amhlaidh san earnáil thionsclaíoch, agus gurb iad na mná is mó atá fostaithe sna hearnálacha sláinte agus sóisialta agus i ngníomhaíochtaí miondíola, monaraíochta, oideachais agus gnó, le líon na mban atá i mbun oibre go páirtaimseartha agus i bpoist ócáideacha ag dul i méid;

N.   de bhrí gur uirlis thábhachtach é príomhshruthú inscne chun comhionannas inscne a chomhtháthú i mbeartais, bearta agus gníomhaíochtaí uile AE, lena n-áirítear margadh an tsaothair agus beartais shóisialta chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus chun gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban a chomhrac;

O.   de bhrí go n-áirítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) moltaí maidir le comhionannas inscne, le comhdheiseanna agus le tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht;

P.  de bhrí go leagtar síos i bprionsabal 6 EPSR nach foláir bochtaineacht lucht oibre a chosc agus nach foláir pá íosta leormhaith a áirithiú, ar bhealach a fhágann go ndéanfar riachtanais na n-oibrithe agus a dteaghlach a shásamh i bhfianaise dálaí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta, agus cosaint á dhéanamh ag an am céanna ar an rochtain ar fhostaíocht agus ar dhreasachtaí maidir le fostaíocht a lorg; de bhrí, faoi EPSR, i gcás ina dtagraítear le prionsabal d’oibrithe, go mbaineann sé le gach duine i bhfostaíocht, gan beann ar a stádas fostaíochta, módúlacht nó fad tréimhse;

Q.  de bhrí go mbíonn deacrachtaí ag daoine óga poist ardcháilíochta agus sheasmhacha le conarthaí buana a fháil agus gur minic leo dul i ngleic le tréimhsí dífhostaíochta fadtéarmaí; de bhrí go gceadaítear d’fhostóirí in go leor Ballstát tuarastal níos ísle a íoc le fostaithe atá níos óige, lena ndéantar idirdhealú in aghaidh oibrithe níos óige; de bhrí gur minic le daoine óga tabhairt faoi intéirneachtaí neamhíoctha gan aon deiseanna fostaíochta;

R.  de bhrí go bhfuil grúpaí ann ar mó go mór an difear a dhéanann fostaíocht fhorbhásach dóibh ná mar a dhéanann do ghrúpaí eile, le roinnt pobal, amhail na Romaigh, a bhí ró-ionadaithe i bhfostaíocht neamhthipiciúil, éagobhsaí agus ar phá íseal; de bhrí go maireann 80 % de na Romaigh agus a leanaí ar ioncam atá faoi bhun na tairsí náisiúnta baoil bochtaineachta faoi seach(22), bíodh siad rannpháirteach i bhfostaíocht nó ná bíodh; de bhrí go raibh na Romaigh buailte go dona ag an bpaindéim agus ag na bearta imshrianta(23);

S.  de bhrí go bhfuil 95 milliún duine (21,7 %) in AE i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, rud a chiallaíonn go bhfuil marthanacht eacnamaíoch, rannpháirtíocht shóisialta agus cáilíocht saoil(24) duine as gach cúigear sa tríú limistéar eacnamaíoch is mó ar domhan i mbaol; de bhrí go bhfuil 85,3 milliún duine (16,9 %) in AE a ndéanann bochtaineacht nó eisiamh sóisialta tar éis aistrithe sóisialta difear dóibh;

T.  de bhrí, le staidrimh ó AE maidir leis an mbochtaineacht go léirítear difríochtaí móra idir na Ballstáit i dtaobh chomh maith agus a éiríonn leo an sprioc a bhaint amach maidir leis an mbochtaineacht agus an eisiamh sóisialta a laghdú;

U.  de bhrí go bhfuil 8,2 milliún duine ann nach bhfuil áirithe a thuilleadh sna catagóirí baoil bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta i gcomparáid le bonnlíne 2008, a bhuíochas cuid mhór do dhálaí feabhsaithe mhargadh an tsaothair, agus do na laghduithe ar ghéardhíth ábhartha(25) agus ar sciar na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh ina bhfuil déine oibre(26) thar a bheith íseal i roinnt de na Ballstáit;

V.  De bhrí, in ainneoin feabhas substaintiúil a bheith tagtha ar an staid i roinnt Ballstát, níor éirigh le AE a sprioc a bhaint amach, ar sprioc í a bhí leagtha síos ag Straitéis Eoraip 2020 i leith laghdú de 20 milliún a dhéanamh ar líon absalóideach na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta faoi 2020 i gcomparáid le 2008;

W.  de bhrí go bhfuil roinnt catagóirí oibrithe ann amhail oibrithe séasúracha nó roinnt oibrithe trasteorann atá go háirithe i mbaol ard na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus gur minic leo a bheith fostaithe ar chonarthaí oibre gearrthéarmacha lena ngabhann beagán nó gan aon slándáil poist, cearta saothair nó cosaint shóisialta;

X.  de bhrí go bhfuil cúinsí éagsúla eacnamaíocha agus sóisialta ann a bhaineann le dálaí forbhásacha maireachtála agus oibre agus le bochtaineacht lucht oibre, lena n-áirítear leibhéil níos ísle dea-bhaile meabhraí suibiachtúla, fadhbanna a bhaineann le cóiríocht agus le timpeallacht maireachtála an duine, droch-chaidrimh agus braistintí eisiaimh ar bhonn sóisialta(27);

Y.  de bhrí gur minic le hoibrithe atá buailte ag bochtaineacht lucht oibre a bheith i mbun oibre i bpoist ina bhfuil dálaí oibre atá do-ghlactha, amhail a bheith i mbun oibre gan comhaontú cómhargála, ina ndéantar sáruithe ar uaireanta oibre(28) agus inar ann do rioscaí sláinte agus sábháilteachta;

Z.  de bhrí, tráth géarchéime eacnamaíche, gur laige fós seasamh na n-oibrithe sin ar mhargadh an tsaothair;

AA.  de bhrí, ar an iomlán, gur mó atá oibrithe páirtaimseartha agus go háirithe oibrithe páirtaimseartha ainneonacha i mbaol na bochtaineachta nuair a dhéantar tosca riosca éagsúla a chur le chéile, lena n-áirítear pá íseal, poist éagobhsaí, iad a bheith ina saothraithe aonair agus baill spleácha teaghlaigh a bheith faoin gcúram(29);

AB.  de bhrí go raibh 5,8 % de dhaonra AE-27 ina gcónaí i ngéardhíth ábhartha in 2019 agus de bhrí gur ann don fhíorbhochtaineacht i réigiúin agus i bpobail iomadúla; de bhrí gur dóchúil go dtiocfaidh méadú mór ar an sciar sin i bhfianaise phaindéim COVID-19, rud a dhéanann an fhadhb seo níos práinní fós;

AC.  de bhrí gur fadhb í an bhochtaineacht fuinnimh atá go háirithe forleathan ar fud na hEorpa, le hidir 50 agus 125 milliún duine nach bhfuil in acmhainn íoc as compord teirmeach cuí ina gcuid tithe(30); de bhrí go bhfuil 11 % de theaghlaigh in AE nach bhfuil rochtain acu ar an idirlíon(31);

AD.  de bhrí go bhfuil bochtaineacht(32)teaghlaigh ag laghdú(33) go mall: go bhfuil gach ceathrú leanbh atá faoi bhun 18 mbliana d’aois i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta agus iad sáinnithe, dá bhrí sin, i dtimthriall inar ann d’atarlú an mhíbhuntáiste ó ghlúin go glúin(34); de bhrí gur tuismitheoirí aonair (34,2 %) agus teaghlaigh a bhfuil muirín mhór orthu is mó a ndéantar difear dóibh(35); de bhrí gurb airde baol na bochtaineachta i gcás teaghlaigh a bhfuil leanbh nó gaolta eile faoi mhíchumais faoina gcúram;

AE.  de bhrí go bhfuil ardú ag teacht go leanúnach ar chíos i bhformhór na mBallstát; de bhrí gurb ionann an ráta ró-ualaigh maidir le costas tithíochta(36) in AE agus 9,6 %, lena gciallaítear go gcaitheann na daoine atá ina gcónaí sna teaghlaigh sin 40 % nó níos mó dá n-ioncam indiúscartha coibhéisithe ar thithíocht(37); de bhrí, i roinnt Ballstát, go bhfuil an ráta ró-ualaigh maidir le costas tithíochta chomh hard le 50-90 %(38); de bhrí go bhfuil ar theaghlaigh thionónta ar ioncam íseal in AE dul i ngleic le costais airmheáin tithíochta atá idir 20 agus 45 % dá n-ioncaim indiúscartha;

AF.  de bhrí go bhfuil na hathruithe ar phraghsanna tithíochta ar cheann de na príomhchúiseanna atá leis an éagothromaíocht ghlanmhaoine; de bhrí go bhfuil an ganntanas tithíochta inacmhainne atá ag dul i méid ar an tiománaí éagothromaíochtaí is mó in go leor Ballstát;

AG.  de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar easpa dídine ar fud na hEorpa, agus meastar go raibh thart ar 700 000 duine gan dídean in 2019(39); 70 % níos mó ná mar a bhí deich mbliana ó shin(40);

AH.  de bhrí, in 2017, meastar gurbh ionann agus 11 % agus chomh hard le 28,2 % sa Rómáin, an céatadán daoine óga a bhí idir 18 agus 24 bliana d’aois, cé go raibh siad rannpháirteach san fhostaíocht, a bhí i mbaol na bochtaineachta san Aontas Eorpach(41);

AI.  de bhrí go bhfuil méadú leanúnach ag teacht ar bhochtaineacht i measc daoine scothaosta: go raibh ráta riosca na bochtaineachta i measc daoine os cionn 65 bliana d’aois, ar an meán, ag 16,1 % (AE-27); de bhrí go méadóidh an uimhir sin tuilleadh i ngeall ar dhálaí oibre forbhásacha agus neamhghnácha go príomha, rud atá go háirithe forleathan i measc daoine scothaosta(42);

AJ.  de bhrí, le bochtaineacht lucht oibre, go ndéantar leis bunchuspóir na fostaíochta a bhaint, arb é sin saol cuibhiúil a thabhairt d’fhostaithe agus dá dteaghlaigh, trí chosc a chur orthu neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach;

AK.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 4 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa go bhfuil an ceart chun luach saothair cóir ag gach oibrí a bheidh leordhóthanach do chaighdeán cuibhiúil maireachtála dóibh féin agus dá dteaghlaigh;

Meathlú ar chumhdach cómhargála

AL.  de bhrí go bhfuil meathlú tagtha ar chumhdach cómhargála i dtíortha ECFE le deich mbliana fichead anuas ó 46 % go dtí 32 % ar an meán; de bhrí, in ar a laghad 14 Bhallstát AE go bhfuil 50 % d’fhostaithe i mbun oibre d’uireasa comhaontaithe cómhargála; de bhrí nach bhfuil ach seacht gcinn de na Ballstáit a bhfuil ráta cumhdaigh cómhargála acu ar mó é ná 80 %(43); de bhrí gur i dtíortha ina ndearnadh athchóirithe struchtúracha lenar díríodh ar chómhargáil ba ghasta a tharla an meathlú(44);

AM.  de bhrí, le córais cómhargála dhea-chomhordaithe ag a bhfuil cumhdach forleathan cothaítear dea-fheidhmíocht i margadh an tsaothair agus de bhrí gurb iondúil le hoibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála dálaí oibre níos fearr agus timpeallacht oibre ar cháilíocht níos fearr a theachtadh ná na hoibrithe sin nach bhfuil;

AN.  de bhrí go bhfuil méadú ó 92 in 2018 go dtí 107 in 2019 tagtha ar an líon tíortha ar fud an domhain ina n-eisiatar oibrithe ón gceart ceardchumann a bhunú nó a bheith rannpháirteach i gceardchumann; de bhrí gur san Eoraip is airde a tharla an méadú sin; de bhrí go bhfuil 40 % de thíortha na hEorpa nach gceadaítear d’oibrithe a bheith rannpháirteach i gceardchumainn, go ndearna 68 % díobh sárú ar an gceart dul ar stailc agus 50 % díobh a rinne an ceart chun cómhargála a shárú(45);

AO.  de bhrí, i gcás oibrithe i gceantair thuaithe gur deacra go mór ionadaíocht ceardchumainn a fháil agus comhaontuithe cómhargála áitiúla agus earnála a chaibidliú, rud a bhraitheann freisin ar an earnáil;

AP.  de bhrí go raibh an fás ar phá don limistéar euro idir 2000 agus 2016 faoi bhun fhás na táirgiúlachta(46); de bhrí nach bhfuil an méadú ar phá bord ar bhord leis an méadú ar an mbreisluach, lena ndearnadh an éagothromaíocht atá cheana ann a dhaingniú;

AQ.  de bhrí nach é amháin go ndéantar rialú ar na leibhéil phá le comhaontuithe cómhargála agus le comhaontuithe comhchoiteanna earnála ach go ndéantar rialú leo freisin ar dhálaí oibre, amhail uaireanta oibre, saoire le pá, saoire ón obair agus deiseanna uas-scilithe;

AR.  de bhrí gur féidir le comhpháirtithe sóisialta láidre agus cómhargáil tionchar dearfach a imirt ar na leibhéil fhoriomlána phá san Eoraip, lena n-áirítear an pá íosta agus an pá airmheáin araon; de bhrí go n-áirithítear le cómhargáil go dtabharfar éisteacht agus urraim d’oibrithe; de bhrí go bhfuil fianaise ann go bhfuil comhghaol dearfach idir rannpháirtíocht na n-oibrithe san ionad oibre agus feidhmíocht agus ioncam cuideachta(47);

Méadú ar fhostaíocht neamhghnách agus fhorbhásach

AS.  de bhrí go raibh an ráta fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumais (50,6 %) níos ísle go mór ná an ráta fostaíochta iomlán (74,8 %) in 2017(48);

AT.  de bhrí, mar thoradh air sin, gur mó go mór an baol bochtaineachta lucht oibre atá ann do dhaoine faoi mhíchumais (11 % in aghaidh mheán 9,1 % AE)(49);

AU.  de bhrí nach bhfuil ach 20,7 % de mhná faoi mhíchumais agus 28,6 % d’fhir faoi mhíchumais atá rannpháirteach i bhfostaíocht lánaimseartha(50);

AV.  de bhrí, i roinnt Ballstát, gur minic le daoine faoi mhíchumais a dteidlíochtaí míchumais a chailleadh tar éis dóibh dul i mbun fostaíochta, lena méadaítear ar an mbaol atá ann dóibh i leith bochtaineacht lucht oibre;

AW.  de bhrí, i roinnt Ballstát, nach gá go mbeadh stádas fostaí, cearta saothair nó íosphá ráthaithe ag daoine faoi mhíchumais atá fostaithe i gceardlanna dídeanacha(51);

AX.  de bhrí gur léir gur deacra fós tar éis na géarchéime airgeadais daoine faoi mhíchumais a áireamh i margadh an tsaothair(52);

AY.  de bhrí go bhfuil an sciar d’oibrithe a bhfuil cónaí orthu i dteaghlach atá i mbaol na bochtaineachta méadaithe ó 8 % go dtí 9,4 % laistigh de dheich mbliana – agus gurb ionann é an sciar sin agus 20,5 milliún duine(53);

AZ.  de bhrí go bhfuil comhghaol ann idir an méadú atá tagtha ar na cineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta agus an sciar méadaithe de mhuintir na hEorpa atá i mbaol na bochtaineachta lucht oibre(54); de bhrí gur mó atá 16,2 % díobh siúd atá i mbun oibre go páirtaimseartha i mbaol na bochtaineachta lucht oibre, i gcomparáid le 6,1 % díobh siúd atá ar chonradh buan;

BA.  de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag an leibhéal oideachais ar bhaol na bochtaineachta lucht oibre; de bhrí gur mó go mór baol na bochtaineachta lucht oibre d’oibrithe ar bheagán oiliúna; de bhrí, i roinnt Ballstát, gur ann do bhaol na bochtaineachta lucht oibre fiú i gcás oibrithe ardoilte(55);

BB.  de bhrí go bhfuil cleachtais éagsúla socraithe pá ann ar fud AE;

BC.  de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór ó thaobh réimse agus clúdaigh de sna – córais um pá íosta – i gcás gur ann dóibh, ar fud na mBallstát(56); de bhrí go bhfuil éagsúlacht freisin sna córais um pá íosta ó thaobh a leibhéal absalóideach agus coibhneasta de agus de bhrí gur ann do bhearnaí suntasacha ó thaobh cumhdaigh agus leormhaitheasa de ar mhaithe le saol cuibhiúil a áirithiú; de bhrí, fiú más rud é go bhfuil na difríochtaí sin níos cúinge nuair a chuirtear difríochtaí praghais san áireamh, go bhfuil éagothromaíochtaí maidir le cumhacht cheannaigh fós suntasach(57); de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór freisin idir na Ballstáit ó thaobh céatadán na ndaoine de a fhaigheann pá íosta;

BD.  de bhrí gur i dtrí Bhallstát, agus iontusan amháin, atá an pá íosta go leanúnach os cionn thairseach na bochtaineachta, mar a shainmhínítear é, (i.e. 60 % den oll-airmheán) agus ngach dtugann an pá íosta cosaint in aghaidh na bochtaineachta i mBallstáit eile; de bhrí nach ndéantar earnálacha áirithe, grúpaí áirithe d’fhostaithe agus cineálacha áirithe oibre a áireamh ná a chlúdach amanna le socruithe pá íosta nó le comhaontuithe cómhargála;

BE.  de bhrí gur minic le hoibrithe a thuilleann pá íosta deacrachtaí a bheith acu snáithe a choinneáil faoin bhfiacail; de bhrí go sonrach, go bhfuil ar a laghad ‘roinnt’ deacrachtaí ag seachtar as deichniúr oibrithe a thuilleann pá íosta snáithe a choinneáil faoin bhfiacail, i gcomparáid le cúigear as deichniúr oibrithe eile le difríochtaí substaintiúla idir na Ballstáit(58);

BF.  de bhrí go raibh crapadh na fostaíochta le linn ghéarchéim airgeadais 2008 ina shiocair leis an méadú as cuimse a tháinig ar líon na ndaoine i bhfostaíocht neamhghnách, i bhfostaíocht ghearrthéarmach agus i bhfostaíocht pháirtaimseartha, lena n-áirítear fostaíocht pháirtaimseartha ainneonach(59); de bhrí gurb iad na hoibrithe páirtaimseartha ainneonacha is dóchúla a bheidh i mbun oibre i ngairmeacha seirbhíse agus in earnálacha bunúsacha nó atá ar leibhéal níos ísle ag a bhfuil na leibhéil is airde ó thaobh bhaol na bochtaineachta lucht oibre de; de bhrí go bhfuil os cionn an trian d’oibrithe páirtaimseartha i mbun obair pháirtaimseartha go hainneonach agus go bhfuil duine as gach beirt i mbun obair ghearrthéarmach(60);

BG.  de bhrí gurb ionann conarthaí neamhiata atá caighdeánach agus lánaimseartha agus 59 % den fhostaíocht iomlán in AE, agus go bhfuil fostaíocht neamhghnách, ar minic léi a bheith forbhásach, ach nach amhlaidh a bhíonn i gcónaí, ag méadú go leanúnach(61);

BH.  de bhrí nach gcuidíonn fostaíocht ghearrthéarmach le forbairt, oiliúint agus oiriúnú scileanna na bhfostaithe i gcomhréir le saol athraitheach na hoibre;

BI.  de bhrí gur ann do luaineachtaí móra i líon na n-oibrithe atá i mbun obair fhorbhásach in AE, i dtrádáil mhórdhíola agus mhiondíola, san iompar, i dtionscal na n-óstán, sa lónadóireacht(62) agus sna hearnálacha bainistíochta cultúir agus imeachtaí;

BJ.  de bhrí gur féidir le bochtaineacht lucht oibre difear a dhéanamh do ghairmithe óga a bhfuil ardleibhéal oideachais acu, go háirithe i mBallstát le leibhéil arda dífhostaíochta i measc na hóige; de bhrí, cé go bhfuil an céatadán daoine óga atá i mbochtaineacht lucht oibre níos ísle i gcás na ndaoine sin a bhfuil céim ollscoile acu ná na daoine sin le leibhéil níos ísle oideachais, tá an céatadán, mar sin féin, fós suntasach i roinnt Ballstát; de bhrí gur minic a bhíonn ar dhaoine óga dul i ngleic le pá íseal, dálaí oibre éagóracha, féinfhostaíocht bhréagach, conarthaí oibre neamhghnácha agus fiú obair neamhdhearbhaithe(63);

BK.  de bhrí gur cosúil gurb iad na príomhchúiseanna atá ann le tabhairt faoi obair ardáin ná ioncam breise, tuilleadh solúbthachta, taithí a fháil, cliaint a mhealladh agus an easpa deiseanna atá ann i margadh traidisiúnta an tsaothair; de bhrí go bhfuil obair ardáin dearfach i gcoitinne le haghaidh comhtháthú i margadh an tsaothair(64); de bhrí go bhfuil obair ardáin ilchineálach agus, mar thoradh air sin, go ndéanfaí an bonn a bhaint ó chineálacha tábhachtacha oibre atá ag teacht chun cinn le réiteach a oireann do chách(65);

BL.  de bhrí gur bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) i mí Iúil 2019 chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm agus i bhforfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair agus le comhordú na slándála sóisialta; de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis go mbainfidh ELA a lánacmhainneacht oibríochtúil amach faoi 2024;

BM.  de bhrí, cé gur fhógair an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige togra maidir le hUimhir Slándála Sóisialta Eorpach a chur ar aghaidh, ní dhearnadh aon togra nithiúil a chur ar aghaidh go dtí seo;

BN.  de bhrí gurbh ionann ráta na foghlama aosaí in AE agus 11,1 % in 2018, agus gurbh ionann agus 15 % sprioc 2020(66); de bhrí go bhfuil acmhainneacht mhór ag an teicneolaíocht agus ag an nuálaíocht i dtaca le deiseanna a scaoileadh, ina dhiaidh sin féin, go bhfuil níos mó ná 40 % de dhaoine fásta in AE nach bhfuil scileanna bunúsacha digiteach acu;

Iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19

BO.  de bhrí, le linn ghéarchéim airgeadais 2008, gur tháinig méadú mór ar dhífhostaíocht, ar fhostaíocht fhorbhásach agus ar fhostaíocht neamhghnách agus go bhfuil an fócas anois freisin, le linn ghéarchéim COVID-19, ar shaincheisteanna sóisialta lena mbaineann caillteanas post, obair ghearrthéarmach agus bagairt ar mhodh maireachtála e.g. d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), do cheardtionscail bheaga, do thrádálaithe beaga agus d’oibrithe trasteorann; de bhrí go bhfuil an meánaicme ag laghdú, go bhfuil an bhearna idir daoine saibhre agus daoine bochta go seasta ag méadú agus go bhfuil géarchéim COVID-19 ag cur leis na héagothromaíochtaí móra sna Ballstáit agus idir na Ballstáit;

BP.  de bhrí, in Aibreán 2020, le linn phaindéim COVID-19, gur tháinig laghdú ar uaireanta oibre 50 % d’oibrithe in AE, agus gur thug níos mó ná trian (34 %) díobh sin le fios gur laghdú ‘mór’ a bhí ann agus gur thug 16 % díobh le fios gur laghdú ‘beag’ a bhí ann(67);

BQ.  de bhrí go measann 75 % de shaoránaigh AE go bhfuil a staid airgeadais reatha níos measa ná mar a bhí roimh phaindéim COVID-19, agus go dtugann 68 % díobh le fios go bhfuil deacrachtaí acu greim a choinneáil faoin bhfiacail agus go bhfuil 68 % díobh ann nach bhfuil in ann a gcaighdeán maireachtála a choimeád ar feadh níos mó ná trí mhí gan ioncam; de bhrí go gcreideann 16 % d’oibrithe in AE gur dócha go gcaillfidh siad a bpoist go luath amach anseo(68);

BR.  de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha fadtéarmacha a bheith ag an ngéarchéim eacnamaíoch, a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID-19, do mhargadh an tsaothair, go háirithe do dhaoine óga nó d’oibrithe leochaileacha, mar go bhféadfadh sí iallach a chur orthu glacadh le poist fhorbhásacha agus neamhthipiciúla, rud a dhéanfaidh dálaí oibre níos measa agus a mhéadóidh na héagothromaíochtaí atá ann cheana;

BS.  de bhrí gurb é is dóichí, dá bhrí sin, go mbeidh tionchar díreach ag paindéim COVID-19 ó thaobh bochtaineacht agus bochtaineacht lucht oibre a mhéadú(69), go háirithe i measc na ngrúpaí is leochailí sa tsochaí;

BT.  de bhrí gur léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil gá le cosaint shóisialta níos cuimsithí lena gcumhdaítear gach cineál oibrithe, go háirithe oibrithe féinfhostaithe agus oibrithe ardáin;

BU.  de bhrí go bhfuil fás leanúnach ag teacht ar líon na bpost lena ngabhann pá íseal agus ardphá, ach go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na ngairmeacha lena ngabhann meánphá; de bhrí nach ionann poist lena ngabhann pá íseal agus poist lena ngabhann cáilíochtaí ísle, go háirithe i gcás oibrithe ardáin; de bhrí go bhfuil ag méadú ar an éileamh atá ar oibrithe ardoilte, fiú i bpoist lena ngabhann pá íseal;

1.  á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar AE a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go mbeidh dálaí oibre ag na hoibrithe uile lena n-urramófar a sláinte, a sábháilteacht agus a ndínit agus á iarraidh go dtabharfar aird ar an bhfíoras gur measa an neamhionannas agus an leithscaradh mar gheall ar an mbochtaineacht agus ar eisiamh ó mhargadh an tsaothair agus ón tsochaí; á mheabhrú gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, agus a mbeartais á gcur chun feidhme acu, múnla sóisialta AE a neartú tuilleadh agus ceanglais a bhaineann le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le caighdeán cuibhiúil maireachtála agus cosaint shóisialta leormhaith do chách a ráthú, agus leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a chur san áireamh;

2.  á chur i bhfáth go leagtar amach in CAE go bhfuil sé d’oibleagáid bhunúsach ar an Aontas oibriú ionsar fhorbairt inbhuanaithe na hEorpa, ar bhonn, inter alia, geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus a bhfuil sé mar aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta agus ardleibhéal cosanta a bhaint amach; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus gur cheart dó ceartas sóisialta agus cosaint shóisialta, comhionannas idir mná agus fir, dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus cosaint chearta an linbh a chur chun cinn;

3.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil an neamhionannas ioncaim in AE mar réigiún domhanda níos ísle ná mar atá sé i roinnt mórgheilleagair ardfhorbartha eile, ach gur ábhar imní fós é; á chur i bhfáth gur cúis le himní faoin gcothroime é neamhionannas ard, mar go bhféadfadh neamhionannas buanseasmhach a bheith ina shiocair le neamhionannas deiseanna agus le fás féideartha a laghdú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh nasc a bheith ann idir éagothromaíocht réasúnta ard agus ráta riosca bochtaineachta níos airde agus eisiamh sóisialta níos suntasaí agus ráta anáis airgeadais níos airde agus, dá réir sin, go bhféadfadh sí an comhtháthú sóisialta a laghdú(70);

4.  ag tabhairt dá haire, in ainneoin go bhfuil éagsúlacht nach beag ann idir na rátaí bochtaineachta i measc na mban ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, go bhfuil baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta sna grúpaí riosca lena mbaineann mná scothaosta, mná singile, mná ag a bhfuil leanaí agus máithreacha aonair, dídeanaithe mná agus mná imirceacha, mná de chine daite, mná ó mhionlaigh eitneacha, mná homaighnéasacha, déghnéasacha agus trasinscneacha, go bhfuil an baol sin ard, agus gurb í an mhéantreocht atá ann ná go bhfuil mná níos mó i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta ná fir (22,8 % in 2018 in AE); ag tabhairt dá haire go bhfágann tosca riosca trasnacha eile, amhail neamhghníomhaíocht, easpa seirbhísí cúraim do leanaí agus do dhaoine cleithiúnacha den teaghlach, catagóirí sonracha ban a bheith níos leochailí i leith rioscaí bochtaineachta ná cinn eile;

5.   á chur i bhfáth go bhfuil duine as beirt de chúlra imirceach neamh-AE i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta, go bhfuil leibhéil na hoibre forbhásaí an-ard i measc mná imirceacha agus dídeanaithe mná, agus go bhfuil na mná sin ag a bhfuil stádas cleithiúnach nó mírialta i mbaol rátaí bochtaineachta atá an-ard go deo; á chur i bhfáth go bhfuil ag ceathrar comhaltaí as cúigear den phobal Romach ioncam atá faoi bhun thairseach na bochtaineachta agus go bhfuil níos lú ná duine as cúigear de mhná Romacha (atá 16 bliana d’aois agus os a chionn) i bhfostaíocht; á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh atá mar gheall ar idirdhealú sa rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhostaíocht, agus mar gheall ar cháilíocht an oideachais, na hoiliúna agus na fostaíochta; á iarraidh go n-oibreoidh AE leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin fostaíochta AE agus náisiúnta a chur chun feidhme ina n-iomláine gan idirdhealú d’aon chineál, lena n-áirítear trí shásraí faireacháin, gearáin agus sásaimh atá éifeachtach, neamhspleách agus inrochtana ag gach oibrí;

6.  á chur i bhfios go bhfuil, de réir Eurostat, 64,6 milliún bean agus 57,6 milliún fear faoi láthair ann atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht sna Ballstáit, lena léirítear nach ionann an tionchar atá ag an mbochtaineacht ar mhná le hais mar atá aici ar fhir; ag tabhairt dá haire go léiríonn na figiúirí sin an líon iarbhír ban dá ndéantar difear, agus nach mór iad a scrúdú i dteannta táscairí eile, amhail aois, ionchas saoil, neamhionannais ioncaim, an bhearna phá idir na hinscní, an cineál teaghlaigh agus aistrithe sóisialta, chun a suntas iomlán a thuiscint; á chur i bhfáth gur dócha neamhshuim a bheith á déanamh de leochaileacht na mban i leith na bochtaineachta, agus á iarraidh ar na Ballstáit sonraí maidir leis an mbochtaineacht a bhailiú ar shlí lena léirítear teaghlach agus cás aonair duine, maille le sonraí comhionannais ábhartha, agus anailísí inscne a dhéanamh ar staidreamh agus beartais i leith na bochtaineachta, óir ní féidir glacadh leis go ndéantar acmhainní a roinnt go cothrom idir fir agus mná laistigh de theaghlaigh;

Bearta i gcoinne an neamhionannais

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an sprioc maidir le dálaí maireachtála inchomparáide a bheith ann a chur chun feidhme trí chóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos, chun cur in aghaidh an neamhionannais atá ag dul i méid sna Ballstáit agus eatarthu agus chun an dlúthpháirtíocht a mhéadú; ag spreagadh na mBallstát chun córais chómhargála a neartú agus íoschosaintí sóisialta agus córas slándála sóisialta a áirithiú do gach aoisghrúpa; á chur i bhfáth gur féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí na hionstraimí seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh, amhail ioncam íosta, íosphá agus pinsin íosta faoin gcéad cholún(71), i gcomhréir le hinniúlachtaí agus le dlíthe gach Ballstáit, agus prionsabail uile an Aontais Eorpaigh á n-urramú, lena n-áirítear cearta bunúsacha, comhréireacht, deimhneacht dhlíthiúil, comhionannas roimh an dlí agus coimhdeacht;

8.  á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit nach mór go mbeadh sé mar chuid den sprioc fhoriomlán chun an bhochtaineacht san Aontas Eorpach a dhíothú an bhochtaineacht lucht oibre a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi;

9.  á chreidiúint go bhfuil infhaighteacht seirbhísí inacmhainne agus inrochtana (go háirithe seirbhísí poiblí) d’ardchaighdeán riachtanach chun éagothromaíochtaí agus leibhéil na bochtaineachta a laghdú; á mheas gur riachtanach, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit bearta chun rochtain ar sheirbhísí d’ardcháilíocht a ráthú agus, mar thoradh air sin, rochtain uilíoch ar chúram sláinte, ar oideachas, ar thithíocht inacmhainne, ar sholáthar fuinnimh agus ar chosaintí sóisialta a ráthú;

10.  á chur in iúl gur deimhin léi nach bhfuil feidhm a thuilleadh sa lá atá inniu ann ag an bprionsabal ‘gurb í an obair an réiteach is fearr ar an mbochtaineacht’ i bhfianaise earnálacha lena ngabhann pá íseal agus dálaí oibre forbhásacha (lena n-áirítear cineálacha áirithe fostaíochta neamhghnáiche), rud atá ag déanamh difear d’inbhuanaitheacht agus do leordhóthanacht na gcóras slándála sóisialta; á chreidiúint, ina theannta sin, gur ionstraimí tábhachtacha iad comhaontuithe comhchoiteanna éifeachtacha agus córais éifeachtacha phá íosta reachtúil, i gcás inarb infheidhme, chun an bhochtaineacht a chomhrac;

11.  á chur i bhfios go bhfuil an fás ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an bhforbhásacht agus leis an mbochtaineacht; á chur in iúl gur deimhin léi gur gá an fhiontraíocht a chothú, lena n-áirítear i measc ban agus daoine óga; á chur i bhfios nach mór tacú le FBManna a chruthaíonn poist agus rachmas agus arb iad cnámh droma gheilleagar na hEorpa iad; á chur i bhfios go gcuireann siad beocht i gcríocha agus go gcuireann siad leis an nuálaíocht agus le margadh saothair iomaíoch, éagsúlaithe agus inbhuanaithe a thógáil; á chur i bhfáth nach mór do reachtaíocht AE dul chun tairbhe gnólachtaí, go háirithe FBManna;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ar bhonn a n-oibleagáidí faoi Choinbhinsiúin EIS agus faoi Chairt Shóisialta athbhreithnithe na hEorpa agus ar bhonn na ngealltanas a thug siad maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na SDGanna, an chómhargáil a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit a reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú i gcás ina gcuireann sí bac ar an gcómhargáil agus ar an gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a aontú, caibidlíocht a dhéanamh orthu agus iad a thabhairt i gcrích, agus an ceart chun tuarastal iosta cóir a urramú agus a fhorfheidhmiú, i gcás inarb infheidhme;

13.  á chur i bhfáth gurb ann do chomhchruinniú níos airde de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus de phoist ardoilte i limistéir uirbeacha mar thoradh ar fhorbairtí teicneolaíochta agus ar athruithe i struchtúr an gheilleagair, rud lena méadaítear éagothromaíochtaí sóisialta agus geografacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíochtaí sa teicneolaíocht dhigiteach i gceantair thuaithe a neartú chun cur le seirbhísí poiblí, feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n-éifeachtúlacht agus modhanna nua seachadta seirbhíse a chruthú do réigiúin iargúlta agus réigiúin nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus deiseanna fostaíochta níos fearr a chruthú;

14.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir leis an gclár oibre scileanna; á thabhairt chun suntais go bhfuil leibhéil ísle oideachais ar cheann de na bunchúiseanna atá leis an mbochtaineacht lucht oibre agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu;

15.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chomhionann ar oideachas agus oiliúint chuimsitheach a ráthú do chách agus cur lena n-iarrachtaí chun luathfhágáil na scoile a laghdú;

16.  á chur i bhfios go láidir gur riachtanach iad oideachas ar ardchaighdeán ó aois óg, gairmoideachas agus gairmoiliúint, athoiliúint agus uasoiliúint chun neamhionannais a laghdú, feabhas a chur ar chumas oibrithe iad féin a chur in oiriúint do shaol athraitheach na hoibre agus a n-aistriú rathúil chuig an bhfostaíocht a éascú;

17.  á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, oibriú i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le fiontair agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun córais oideachais agus oiliúna a neartú agus a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n-ábharthacht do mhargadh an tsaothair agus don fhéinfhorbairt, lena n-áirítear d’fhonn cur ar chumas daoine rochtain a bheith acu ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil;

18.  á chur i bhfáth go bhfágann an claochlú digiteach agus líon méadaitheach na ngairmeacha ardcháilithe agus ardoilte go bhfuil gá le hinfheistíocht spriocdhírithe san fhoghlaim ar feadh an tsaoil ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun tacaíocht chomhleanúnach agus chuimsitheach a chur ar fáil ar mhaithe leis na scileanna digiteacha a bhfuil gá leo a fhorbairt, lena n-áirítear d’oibrithe scothaosta; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar infheistíocht spriocdhírithe san athoiliúint agus uas-sciliú digiteach chun go mbeidh ar chumas oibrithe oiriúnú don athrú agus pá níos airde a bhaint amach;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leibhéal leordhóthanach oideachais agus oiliúna a chur ar fáil do dhaoine óga lena gcuirfear ar a gcumas acu freastal ar riachtanais agus dúshláin mhargadh an tsaothair agus lena gcuirfear eolas orthu maidir lena gcearta saothair agus sóisialta ionas nach bhfaighfear i bhfostaíocht neamhthipiciúil agus fhorbhásach iad;

20.  á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit, i gcás coinbhleachtaí idir saoirsí bunúsacha eacnamaíocha agus cearta bunúsacha sóisialta agus saothair, go gcaithfear le cearta bunúsacha sóisialta agus saothair ar an leibhéal céanna le saoirsí eacnamaíocha an mhargaidh aonair;

21.  á iarraidh go mbunófar straitéis uileghabhálach Eorpach i gcoinne na bochtaineachta, ina mbeidh spriocanna uaillmhianacha chun an bhochtaineacht a laghdú agus deireadh a chur leis an bhfíorbhochtaineacht san Eoraip faoi 2030, i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na SDGanna á gcur san áireamh;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leas a bhaint as ionstraimí airgeadais amhail an Ráthaíocht don Aos Óg agus cláir AE chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige, borradh a chur faoi infhostaitheacht daoine óga agus iad a spreagadh chun poist chobhsaí agus neamhfhorbhásacha a ghlacadh;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta iarbhír a ghlacadh chun seachaint cánach agus calaois chánach a chomhrac mar bhealach tábhachtach chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha a laghdú agus feabhas a chur ar bhailiú ioncaim ó cháin sna Ballstáit;

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún a chreat le haghaidh bunú agus forbairt comharchumann agus fhiontair an gheilleagair shóisialta a thabhairt cothrom le dáta, lena gcuirtear béim níos mó de réir a gcineáil ar dhálaí córa oibre agus ar chumhachtú oibrithe;

25.   á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh a thabhairt isteach chun cumhachtú na mban a chur chun cinn trí oideachas, trí ghairmoiliúint agus trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil, mar aon le rochtain ar mhaoiniú, fiontraíocht na mban agus ionadaíocht na mban in earnálacha atá dírithe ar an todhchaí d’fhonn rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta a áirithiú; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfar ábhair ETIM, an t-oideachas digiteach, an intleacht shaorga agus an inniúlacht airgeadais a chur chun cinn tuilleadh chun steiréitíopaí atá ann faoi láthair a chomhrac agus chun a áirithiú go rachaidh tuilleadh ban isteach sna hearnálacha sin chun rannchuidiú lena bhforbairt;

26.   ag leagan béim ar an idirphlé rialta idir mná atá i ngreim ag an mbochtaineacht agus cinnteoirí trí fhóraim ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal AE chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht beartas/seirbhísí reatha agus chun réitigh a mholadh;

27.   á chur i bhfios go láidir gur gá maoiniú leormhaith a áirithiú do ENRanna agus béim a leagan ar an ngá go ndéanfaidís cistí AE a rochtain chun seirbhísí nuálacha agus éifeachtacha a sholáthar chun comhrac i gcoinne na bochtaineachta;

28.  á chur in iúl gur geal léi an plean ón gCoimisiún ráthaíocht i dtaobh leanaí(72) a thíolacadh gan mhoill;

29.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar thithíocht chuibhiúil, inacmhainne, inrochtana, éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus shláintiúil a áirithiú do chách agus tuilleadh a dhéanamh chun tithíocht shóisialta a chur chun cinn, lena n-áirítear tithíocht phoiblí; ag spreagadh na mBallstát chun malartú dea-chleachtas maidir le beartais éifeachtacha tithíochta sóisialta a neartú;

30.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla beartais leordhóthanacha tithíochta a ghlacadh, dálaí agus tacaíocht a chruthú d’infheistíochtaí i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne, agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat straitéiseach AE a mholadh do straitéisí náisiúnta um easpa dídine i bhfianaise na nasc atá idir an bhochtaineacht lucht oibre agus an easpa dídine; á iarraidh ar na Ballstáit bearta práinneacha a ghlacadh chun an easpa dídine a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi agus chun díshealbhú éigeantach a chosc;

32.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé maoiniú a mhéadú faoi Chiste nua Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) do na daoine is díothaí mar phríomhghné de dhlúthpháirtíocht na hEorpa agus mar bhealach chun cuidiú le dul i ngleic leis na cineálacha bochtaineachta is measa in AE, amhail díothacht bia agus bochtaineacht leanaí;

Coimirciú íosta dálaí maireachtála agus oibre

33.  á mheas go bhfuil gá le creat reachtach d’fhonn dálaí teilea-oibre a rialáil ar fud AE chun dálaí maithe oibre agus fostaíochta a áirithiú sa gheilleagar digiteach, lena mbeifí, ar an gcaoi sin, ag rannchuidiú le héagothromaíochtaí a laghdú agus le haghaidh a thabhairt ar cheist na bochtaineachta lucht oibre;

34.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat AE maidir le hioncam íosta a thíolacadh;

35.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistiú i mbeartais ghníomhacha saothair chun oibrithe agus geilleagair na hEorpa a dhéanamh níos athléimní agus chun go mbeidh scileanna luachmhara ag oibrithe;

36.  ag aithint an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ó AE chun a áirithiú go gcosnófar oibrithe in AE le híosphá leordhóthanach lena bhféadfar maireachtáil go cuibhiúil;

37.  á chur i bhfáth gur cheart, leis an treoir, go gcuirfear coimircí soiléire ar fáil sna Ballstáit ina ndéantar, mar riail ghinearálta, pá a chómhargáil ag comhpháirtithe sóisialta;

38.  ag meabhrú na mbeart arna moladh i dtreoirlínte polaitiúla an Choimisiúin do 2019-2024(73), arb é is aidhm leo a áirithiú go mbeidh pá íosta cóir ag oibrithe san Aontas lenar cheart go bhféadfaidís maireachtáil go cuibhiúil cibé áit a n-oibríonn siad;

39.  á mheabhrú, i gcomhréir le prionsabal an neamh-chúlchéimnithe agus le forálacha níos fabhraí, go bhforáiltear le treoracha maidir le cearta saothair d’íoschaighdeáin agus go bhfuil saoirse ag na Ballstáit aonair leibhéil níos airde de chosaint agus de chaighdeáin a chur ar fáil;

40.  á mheas gur cheart go n-áiritheofar leis an treoir sin, trí chomhaontuithe comhchoiteanna agus pá íosta reachtúil, nach mbeidh aon oibrithe ná a dteaghlaigh i mbaol na bochtaineachta agus go mbeidh gach duine in ann maireachtáil óna chuid oibre agus páirt a ghlacadh sa tsochaí;

41.  á chur i bhfios go láidir gur cheart a áirithiú leis an treoir chríochnaitheach go socrófar pá íosta reachtúil – i gcás inarb infheidhme – os cionn thairseach na bochtaineachta i gcónaí;

42.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go mbeidh pá íosta i bhfeidhm, ag teacht le cleachtais náisiúnta agus a dtionchar ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar an mbochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh;

43.  á chur i bhfáth nach mór bearta a ghlacadh chun a áirithiú nach mbeidh fostóirí páirteach i gcleachtais lena mbaintear den phá íosta na costais atá riachtanach chun an obair a dhéanamh, amhail cóiríocht, an t-éadach riachtanach, uirlisí, cosaint phearsanta agus trealamh eile;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an creat reachtach maidir le dálaí oibre íosta do gach oibrí a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcás na n-oibrithe sin atá fostaithe faoi dhálaí oibre forbhásacha, a mbíonn tionchar acu go minic freisin ar oibrithe neamhthipiciúla nó neamhchaighdeánacha sa gheilleagar poistíneachta, agus feabhas a chur ar an gcreat sin trí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa reachtaíocht agus na treoracha atá ann cheana a fheabhsú(74) nó trí ghníomhartha nua dlí i gcás inarb ábhartha;

45.  á iarraidh ar na Ballstáit scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú do gach oibrí agus á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe a chomhlánú agus tacú leo;

46.  á thabhairt chun suntais go bhfuil soghluaisteacht an lucht saothair ríthábhachtach chun an leas is fearr is féidir a bhaint as buanna agus uaillmhianta na nEorpach, feidhmíocht eacnamaíoch agus rathúnas cuideachtaí agus daoine aonair a uasmhéadú agus raon leathan deiseanna a chur ar fáil do dhaoine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur leis na bacainní atá ann cheana ar shoghluaisteacht san Aontas Eorpach;

47.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cóiríocht réasúnta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas san ionad oibre(75);

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí lena gcuirtear leis an mbochtaineacht lucht oibre a chomhrac, amhail ragobair neamhdhearbhaithe, pleanáil neamhiontaofa nó dhothuartha an ama oibre ag fostóirí, conarthaí gan íosmhéid uaireanta, gníomhaíocht eacnamaíoch neamhdhearbhaithe agus an geilleagar liath; á mheabhrú gurb iad na fostóirí atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre agus nach mór oiliúint a bhaineann leis an obair a dhéanamh le linn uaireanta oibre;

49.  ag tabhairt dá haire go ndearnadh Cruinniú Mullaigh Eorpach an Choimisiúin maidir le hObair Ardáin, a raibh mar aidhm leis feabhas a chur ar dhálaí saothair oibrithe ardáin, a chur ar athló mar gheall ar ghéarchéim COVID-19; ag tathant ar an gCoimisiún an cruinniú mullaigh sin a reáchtáil a luaithe is féidir;

50.  ag tabhairt dá haire go mbaineann iarmhairtí sochaíocha le hobair ardáin, eadhon oibrithe nach mbíonn cearta saothair ná cosaintí sóisialta acu agus a chailleann amach ar ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus ar chánacha;

51.  ag aithint an phlean ón gCoimisiún togra reachtach(76) a ghlacadh maidir le hoibrithe ardáin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an caidreamh saothair idir ardáin agus oibrithe a chur in oiriúint do na réaltachtaí nua a bhaineann le sochaí agus geilleagar digitithe agus go ndéanfar soiléiriú orthu trí bhíthin na hoibrithe sin a chumhdach trí dhlíthe saothair agus forálacha slándála sóisialta atá ann cheana, chun dálaí oibre, scileanna agus oideachas oibrithe ardáin a fheabhsú, agus chun uaireanta oibre intuartha a áirithiú d’oibrithe ardáin;

52.  á chur i bhfáth gur cheart go n-áiritheofar le togra reachtach AE gur féidir le hoibrithe ardáin ionadaíochtaí oibrithe a bhunú agus teacht le chéile in aontais chun comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích;

53.  á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a thrasuí go pras agus a chur chun feidhme go hiomlán(77);

54.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chúram leanaí atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán a áirithiú go ginearálta agus go háirithe do thuismitheoirí aonair, do thuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas agus do thuismitheoirí teaghlach mór; á mheabhrú go bhfuil rochtain ar chúram leanaí thar a bheith tábhachtach do chuardaitheoirí poist agus d’oibrithe atá i staid fostaíochta éagobhsaí, gan beann ar chineál an chonartha, mar aon le rochtain ar shaoráidí cúraim do dhaoine faoi mhíchumas nó do ghaolta cleithiúnacha, chun cosc a chur ar na hoibrithe sin a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu a bheith sáinnithe in obair fhorbhásach, as a n-eascraíonn bochtaineacht lucht oibre;

55.  á chur i bhfáth go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag roghanna níos fearr maidir le saoire roinnte do thuismitheoirí ar chúrsaí fostaíochta do mhná; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar tairbhithe na híocaíochta nó na liúntas a ghabhann le saoire do thuismitheoirí ó thitim faoi bhun líne na bochtaineachta;

56.  á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le comhionannas, dul i ngleic le gach cineál idirdhealaithe, go háirithe maidir le pá agus dálaí oibre, comhdheiseanna a chur ar fáil agus bearnaí sa reachtaíocht a dhéanann difear do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste a dhúnadh; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfar an Treoir chothrománach maidir leis an bhFrith-Idirdhealú a dhíbhlocáil;

57.  á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht chomhionann agus deiseanna comhionanna a chur chun cinn d’fhir agus do mhná i margadh an tsaothair agus tionscnaimh a thabhairt isteach chun rochtain na mban ar mhaoiniú, fiontraíocht na mban agus neamhspleáchas airgeadais na mban a chur chun cinn;

58.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní agus leis an mbearna phinsin a eascraíonn as sin chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht i measc na mban san obair; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé tacaíocht iomchuí airgeadais a chur ar fáil do chúram leanaí le linn saoire mháithreachais agus saoire do thuismitheoirí;

59.  á iarraidh ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar fhreagrachtaí tógála leanaí a chur san áireamh i scéimeanna pinsin nuair nach féidir le mná obair a dhéanamh agus ar ranníocaíochtaí oiriúnacha a dhéanamh le linn na dtréimhsí sin;

60.  á chur i bhfáth gur cheart go ndíreofar le bearta trédhearcachta pá ar phá comhionann a bhaint amach agus gur cheart go gceadófar do chomhpháirtithe sóisialta leo comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích chun an sprioc sin a bhaint amach;

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis um Míchumas a thíolacadh i ndiaidh 2020 chun a áirithiú go ndéanfar daoine faoi mhíchumas a chuimsiú go hiomlán sa mhargadh saothair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na scileanna is gá chun fostaíocht a bhaint amach sa mhargadh saothair oscailte a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus go gcumhdófar le dlí an tsaothair, le cosaintí sóisialta agus le pá íosta iad;

62.  á iarraidh ar na Ballstáit gan a dteidlíochtaí míchumais a cheilt ar dhaoine faoi mhíchumas, lena gcumhdófaí na costais bhreise a bhaineann lena míchumas agus iad ag dul isteach sa mhargadh saothair nó agus tairseach ioncaim áirithe á sárú acu, toisc go gcuireann an cleachtas sin leis an mbochtaineacht lucht oibre; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú chun tacú le daoine faoi mhíchumas bacainní a shárú;

63.  á iarraidh ar na Ballstáit a ráthú go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann a gcearta saothair agus ceardchumainn a fheidhmiú ar bhonn cothrom le daoine eile;

64.  ag athdhearbhú a hiarrata(78) ar an gCoimisiún bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá a thíolacadh gan mhoill i gcomhréir lena ghealltanas sa Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025(79); á mheas gur cheart, leis na bearta sin, neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta a urramú go hiomlán;

65.  á áitiú gur cheart d’fhostóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon trédhearcacht pá a ráthú, agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí FBManna, agus ag an am céanna, cosc a chur ar aon chleachtais lena mbaintear an bonn ó bhaint amach an phrionsabail ‘pá comhionann as obair chomhionann’;

66.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an mbochtaineacht lucht oibre a dhéanann difear do dhaoine óga; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an bhféinfhostaíocht bhréagach agus ar shaothrú oibrithe óga trí phá íseal agus dálaí oibre doiléire nó éagóracha, a bhféadfadh bochtaineacht lucht oibre eascairt astu; á dhearbhú go bhfuil géarghá leis an gCreat Eorpach Cáilíochta do Chúrsaí Oiliúna a athbhreithniú agus a neartú chun an prionsabal maidir le luach saothair tréimhsí oiliúna agus intéirneachtaí a áireamh mar chuid de na critéir cháilíochta, agus freisin chun rochtain leordhóthanach ar scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú; á athdhearbhú nár cheart go bhféachfaí ar fhostaíocht don aos óg mar obair shaor agus gur cheart dálaí oibre cothroma agus pá cothrom a thabhairt do dhaoine óga, mar aon le conarthaí oibre rialta, de réir a dtaithí agus a gcáilíochtaí freisin;

67.  á chur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh méadú teacht ar obair neamhchaighdeánach agus fhorbhásach mar gheall ar ghéarchéim COVID-19; á chur i bhfáth gur cheart go gcumhdófaí leis an íosphá reachtúil gach oibrí, lena n-áirítear na catagóirí oibrithe atá eisiata faoi láthair amhail oibrithe neamhchaighdeánacha;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit staidreamh níos mionsonraithe a bhailiú faoin méadú atá ag teacht ar fhostaíocht fhorbhásach agus ar chineálacha áirithe fostaíochta neamhthipiciúla sna margaí saothair agus bearta freagrúla a dhéanamh trí na dlíthe saothair atá ann cheana a oiriúnú agus a nuachóiriú;

69.  á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnaimh na mBallstát lena ndírítear ar fhostaíocht fhorbhásach a laghdú agus deireadh a chur le cleachtais chalaoiseacha atá beartaithe chun pá a fhoghearradh agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta a sheachaint(80) agus á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh, laistigh de theorainneacha a inniúlachtaí, mar atá sainithe sna Conarthaí;

70.  á mheabhrú do na Ballstáit gur cheart go leanfadh seirbhísí poiblí fostaíochta a oiread deiseanna agus is féidir a chur ar fáil d’fostaíocht ardcháilíochta;

71.  ag tathant ar na Ballstáit úsáid conarthaí gan íosmhéid uaireanta a chéimniú amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le hobair pháirtaimseartha ainneonach agus iarrachtaí láidre a dhéanamh chun fostaíocht neamhiata a chur chun cinn agus chun srian a chur ar úsáid conarthaí sealadacha arna n-athnuachan go leanúnach;

72.  á chreidiúint go daingean go bhfuil freagracht iomlán ar fhostóirí an trealamh, na héadaí agus an t-árachas is gá a chur ar fáil d’fhostaithe chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh gan aon chostas ar na hoibrithe iad féin; á chur i bhfáth go bhfuil fostóirí freagrach go hiomlán as na speansais nó as an oiliúint is gá d’fhostaithe chun a ról a chomhlíonadh;

73.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar dlí AE maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a fhorfheidhmiú go cuí agus, go háirithe, a áirithiú go gcuirtear oibrithe ar an eolas faoina gcearta, faoina n-oibleagáidí agus faoina gcoimircí nós imeachta i dteanga a thuigeann siad sula síneoidh siad a gconarthaí(81); á iarraidh ar ELA agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta saothair agus sóisialta is infheidhme; á iarraidh ar na Ballstáit cigireachtaí saothair a chur ar bun agus ELA a rannpháirtiú i gcásanna trasteorann;

74.  á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh cigireachtaí saothair náisiúnta rialuithe agus cigireachtaí éifeachtacha agus leormhaithe, go gcuirfidh siad sásraí oiriúnacha um ghearáin ar fáil, agus go seasfaidh siad le cearta gach oibrí, go háirithe iad siúd atá i bhfostaíocht fhorbhásach agus i gcineálacha áirithe fostaíochta neamhthipiciúla, agus go n-áiritheofar cistiú leormhaith dóibh;

75.  á iarraidh ar na Ballstáit go bhforfheidhmeofar an Treoir athbhreithnithe maidir le hOibrithe a Phostú chun fíorchosaint d’oibrithe sa chatagóir sin a áirithiú;

76.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le faireachán agus rialú i gcásanna náisiúnach tríú tír atá ag obair laistigh den Aontas chun cosaint na náisiúnach sin a áirithiú agus chun mí-úsáidí a sheachaint; á iarraidh ar na Ballstáit dianchomhar le ELA a shaothrú i ndáil leis sin;

77.  á iarraidh go mbeadh fíorchumhachtaí cigireachta ag ELA chun cleachtais neamhdhleathacha agus an dúshaothrú agus mí-úsáid oibrithe a chomhrac go héifeachtach;

78.  á chur in iúl gur díol sásaimh di na treoirlínte ón gCoimisiún an 16 Iúil 2020 maidir le hoibrithe séasúracha a chosaint agus na conclúidí ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hoibrithe séasúracha;

79.  ag tabhairt dá haire go bhfuair an Coiste um Achainíocha líon ard achainíocha, ina dtarraingítear a haird ar úsáid éagórach conarthaí ar théarma seasta san earnáil phoiblí(82) agus san earnáil phríobháideach(83) araon agus ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gurb í an éiginnteacht fostaíochta is minice a luaitear a bheith ina cúis le strus oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na hachainíocha sin agus freagairt níos fearr a thabhairt ina leith, i gcomhréir lena inniúlachtaí agus le hinniúlachtaí na mBallstát chun dul i ngleic go héifeachtach le bochtaineacht lucht oibre, le heisiamh sóisialta agus le hobair fhorbhásach;

80.   á mheas gur cineál tromchúiseach d’fhoréigean iad striapachas agus dúshaothrú a dhéanann difear do mhná agus leanaí go príomha; á iarraidh ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun na cúiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha atá leis an striapachas a chomhrac agus tacú le bearta do dhaoine a bhí ina striapaigh chun a n-athimeascadh sóisialta agus gairmiúil a éascú;

81.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart níos mó béime a leagan ar luachanna agus beartais lena gcuirtear chun cinn an obair agus a nasc le feabhas a chur ar cháilíocht saoil daoine, agus gur cheart go ndéanfadh na luachanna agus na beartais sin rannchuidiú fónta le feabhas a chur ar a dtimpeallacht shóisialta agus fhisiciúil;

82.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an Pacáiste Soghluaisteachta; á chreidiúint gur uirlis láidir é an Pacáiste Soghluaisteachta chun dul i ngleic le dumpáil shóisialta agus le bochtaineacht lucht oibre in earnáil an iompair; á iarraidh go ndéanfaí Rialachán (AE) 2020/1054(84) maidir le tréimhsí tiomána, tréimhsí scíthe agus tacagraif a chur chun feidhme go tapa agus go hiomlán ar mhaithe le tiománaithe trucailí ar fud na hEorpa; á chur i bhfáth nach mór tionscnaimh bhreise agus chomhchosúla a dhéanamh chun dul i ngleic le dumpáil shóisialta agus bochtaineacht lucht oibre do thionscail eile a bhfuil tionchar ag dumpáil shóisialta agus drochdhálaí oibre orthu, amhail aeriompar agus tionscal na loingseoireachta;

83.  á chreidiúint gur cheart do chuideachtaí intéirneachtaí a mheas mar infheistíocht seachas mar obair shaor; á mheabhrú gur minic nach mbíonn aon fhoinsí eile ioncaim ag daoine óga agus iad ag obair mar intéirnigh; á mheas go bhfuil rannchuidiú na n-intéirneach luachmhar agus ríthábhachtach agus gur cheart iad a íoc; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le cleachtas na n-intéirneachtaí neamhíoctha agus intéirneachtaí ardchaighdeáin le pá cuibhiúil a ráthú;

84.  á chreidiúint gur cheart oibrithe fásta óga a íoc ar bhonn an leibhéil taithí atá acu agus níor cheart idirdhealú a dhéanamh orthu i bhfoirm pá i bhfad níos ísle bunaithe go heisiach ar a n-aois; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, deireadh a chur le cleachtas an phá fho-íosta reachtúil d’oibrithe fásta óga;

Comhaontuithe cómhargála

85.  ag tabhairt dá haire gur sócmhainn luachmhar é neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus á chur i bhfáth gur gá é a áirithiú i ngach Ballstát agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an neamhspleáchais sin ar leibhéal AE; ag tabhairt dá haire gur ann don togra ón gCoimisiún(85) maidir le córais chómhargála ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe ar an leibhéal earnála, a chosaint agus a neartú;

86.  á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid CSE+ a chur chun cinn chun acmhainneacht a fhothú i measc comhpháirtithe sóisialta agus é mar aidhm cómhargáil san Eoraip a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit na hinstitiúidí agus sásraí is gá a bhunú chun tacú le cómhargáil, agus béim ar leith á cur ar chómhargáil earnála; á iarraidh ar na Ballstáit dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus iad a rannpháirtiú sa reachtóireacht nuair is ábhartha;

87.  ag aithint an togra ón gCoimisiún go ndéanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta lena gcumasaítear dálaí le haghaidh cómhargála i gcás inar lú an cumhdach ná 70 %(86) d’oibrithe; á chur i bhfáth nach mór do na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta chun aon ghníomhaíocht den sórt sin a thionscnamh; á chreidiúint nár cheart go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht a dhéantar i ndáil leis sin isteach ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta;

88.  á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an gceart atá ag gach oibrí comhaontuithe cómhargála a eagrú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, agus á iarraidh ar na Ballstáit an ceart sin a áirithiú, agus gníomhaíocht a dhéanamh láithreach i gcás ina sárófar an ceart sin;

89.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag ceardchumainn ar an áit oibre, lena n-áirítear cianobair, chun críoch eagrúcháin, comhroinnte faisnéise agus comhairliúcháin;

90.  ag tathant ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí(87) ar mhaithe leis an iomaíocht a rachadh chun dochar do phá a chosc, ionas gurb iad na daoine sin nach ndéanann sárú ar na comhaontuithe cómhargála atá ann cheana, agus na daoine sin amháin, a bheidh in ann tairiscint a dhéanamh; á iarraidh ar na Ballstáit comhlíonadh, faireachán agus forfheidhmiú a áirithiú;

91.  ag aithint go bhfuil méadú suntasach tagtha ar fhéinfhostaíocht agus ar chineálacha oibre neamhthipiciúla mar thoradh ar an digitiú agus ar an domhandú; á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas an Choimisiúin do measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil gá bearta a ghlacadh ar leibhéal AE lena lamháiltear do dhaoine aonair féinfhostaithe comhaontuithe cómhargála a thabhairt le chéile agus a thabhairt i gcrích, chomh maith lena thiomantas d’athruithe rialála a mholadh nuair is gá agus an comhairliúchán poiblí a rinneadh le déanaí i ndáil leis sin; ag fanacht leis an measúnú tionchair a fhoilseofar ar na roghanna tosaigh maidir le gníomhaíochtaí amach anseo; á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfeadh sé sin moill ar aon tionscnamh eile ón gCoimisiún chun dul i ngleic le féinfhostaíocht bhréagach agus chun cearta a áirithiú d’oibrithe neamhchaighdeánacha;

92.  á chreidiúint nach mór do gach oibrí rochtain a bheith aige ar fhorléargas iomlán ar cé hé a fhostóir, ar a thuarastal agus ar a chearta oibre, i gcomhréir leis an gcomhaontú cómhargála earnála ná leis an reachtaíocht náisiúnta; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil do chigireachtaí saothair; á chreidiúint go bhféadfadh sé sin a bheith i bhfoirm cárta aitheantais speisialta d’oibrithe trasteorann, rud a bhfuil a éifeachtacht léirithe cheana i roinnt Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, Uimhir dhigiteach Slándála Sóisialta Eorpach a thabhairt isteach go pras; á chreidiúint go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag Uimhir Slándála Sóisialta Eorpach feidhmiú mar shásra rialaithe do dhaoine aonair agus d’údaráis ábhartha araon chun a ráthú go n-íocfar an tslándáil shóisialta i gcomhréir leis na rialacha agus chun an chalaois shóisialta a chomhrac;

Tionchar sóisialta phaindéim COVID-19

93.   á iarraidh ar an gCoimisiún freagairt ar leibhéal AE a leagan amach chun tacaíocht a thabhairt do FBManna atá faoi stiúir ban le linn na géarchéime agus ina diaidh;

94.  á chur i bhfios go raibh tionchar suntasach ag géarchéim COVID-19 ar oibrithe agus ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste; á chur i bhfios go láidir nach mór na freagairtí beartais ar an bpaindéim a bheith dírithe ar an duine agus bunaithe ar an dlúthpháirtíocht dhomhanda; ag áitiú go bhfuil gá ar leith le bearta chun an bhochtaineacht agus an bhochtaineacht lucht oibre a chomhrac agus gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leo téarnamh tapa, cóir agus glas a thabhairt i gcrích; á iarraidh ar na Ballstáit cosaint leormhaith a áirithiú do gach oibrí leochaileach le linn na paindéime agus oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun réitigh éifeachtacha, praiticiúla agus chothroma a fhorbairt ar na dúshláin a bhaineann leis an bpaindéim; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur cheart cion leordhóthanach d’acmhainní breise faoi REACT-EU a úsáid chun infhaighteacht an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a mhéadú chun cabhrú leis na daoine is díothaí; á chur i bhfios go láidir chomh maith céanna a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéantar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar CSE+ sa chreat airgeadais ilbhliantúil;

95.  á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch na scéimeanna oibre gearr-ama, ar dhaoine a leagadh as foirne go buan nó go sealadach, agus ar an tionchar sóisialta ar dhaoine atá ag maireachtáil gan chinnteacht; á mheabhrú, i ndáil leis sin, nach bhfuil scéimeanna oibre gearr-ama comhionann ar fud na mBallstát go léir agus go bhfuil éagsúlachtaí móra ann maidir le liúntais, agus go bhfuil fostaithe ar liúntais ísle go háirithe faoi bhagairt na bochtaineachta lucht oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, chuige sin, oibrithe a chosaint chun cabhrú leo a bpoist a choinneáil, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil, amhail trí scéimeanna gearr-ama agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá i bhfostaíocht fhorbhásach agus i gcineálacha áirithe oibre neamhthipiciúla, agus machnamh a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais a thabhairt do dhaoine aonair féinfhostaithe a chaill a mbonn airgeadais de dheasca na géarchéime; á iarraidh ar na Ballstáit, ina theannta sin, na daoine atá ag maireachtáil gan chinnteacht a chosaint;

96.  á iarraidh ar na Ballstáit íoschaighdeáin a chur ar aghaidh maidir lena scéimeanna náisiúnta um árachas dífhostaíochta agus maidir lena scéimeanna slándála íosta i bhfoirm creataí dlíthiúla chun feabhas a chur ar shlándáil shóisialta d’oibrithe agus do chónaitheoirí san Eoraip;

97.  á iarraidh go ndéanfar bearta chun méadú athnuaite san fhostaíocht pháirtaimseartha ainneonach mar thoradh ar COVID-19 a sheachaint;

98.  á mheabhrú na tuarascálacha ar údar imní iad a tháinig chun solais le linn na géarchéime maidir le sáruithe ar chearta oibrithe trasteorann agus séasúracha ó thaobh a ndálaí oibre agus maireachtála; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le cleachtais éagóracha agus cearta na n-oibrithe séasúracha agus trasteorann a fhostaítear feadh an tslabhra fochonraitheoireachta agus soláthair a choimirciú; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar na Ballstáit saoráidí tithíochta cuí agus inacmhainne a áirithiú d’oibrithe, gan na costais a bhaineann leo sin a bhaint de thuarastail na n-oibrithe;

99.  á chur i bhfáth gur léirigh géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá fostaíocht i ngairmeacha a shainaithnítear a bheith tábhachtach go sistéamach dár ngeilleagar agus dár sochaí; á mheabhrú go bhfuil go leor de na hoibrithe túslíne sin i bpoist ar phá íseal i roinnt Ballstát, go gcaitear leo faoi bhun a luacha go minic nó nach n-íoctar go cóir iad go minic, agus go mbíonn orthu dálaí oibre éiginnte a sheasamh go minic, i ngeall, i bpáirt, ar easpa cosaintí sláinte agus sóisialta; á chur i bhfáth gur mná is mó a dhéanann na poist sin; á chur i bhfios gur gá cóineasú aníos maidir le soláthar cúraim;

100.  á chur i bhfáth, chun déileáil le suaití ollmhóra, gur cheart do na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a ghlacadh chun fostaíocht agus cáilíochtaí oibrithe a chaomhnú agus chun an brú ar airgeadas poiblí náisiúnta a mhaolú;

101.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis cúraim AE a ghlacadh, a d’fhreagródh do na tionchair shóisialta orthu siúd a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, ar mná iad líon díréireach acu; á chur i bhfáth gur cheart go n-éileodh an straitéis sin go ndéanfaí infheistíocht shuntasach sa gheilleagar cúraim, go neartófaí beartais chun cothromaíocht a aimsiú idir freagrachtaí oibre agus cúraim i rith saol duine agus go líonfaí ganntanais saothair, go háirithe trí oiliúint, trí aitheantas scileanna agus trí dhálaí oibre níos fearr sna hearnálacha sin;

102.  ag fanacht leis an togra atá le teacht gan mhoill ón gCoimisiún maidir le scéim fhadtéarmach Eorpach athárachais um shochar dífhostaíochta, agus á chur san áireamh gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leagan as post; á iarraidh go gcumhdófar leis an togra seo tíortha san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA), agus go bhféadfadh tíortha nach bhfuil in AEA a bheith páirteach ann freisin;

103.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na hiarmhairtí is measa de COVID-19 a mhaolú trí thacaíocht spriocdhírithe AE agus náisiúnta agus trí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, gur cruthaíodh an ionstraim shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) agus á iarraidh ar na Ballstáit an ionstraim sin a chur chun feidhme go pras; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear cúnamh airgeadais ar fáil ach do ghnóthais nach bhfuil cláraithe sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I de na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe AE de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh tairbhithe na luachanna bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí, agus go ndéanfaidh cuideachtaí a fhaigheann tacaíocht airgeadais phoiblí oibrithe a chosaint, dálaí oibre cuibhiúla a ráthú, ceardchumainn agus comhaontuithe cómhargála is infheidhme a urramú, a gcion cánacha a íoc, agus staonadh ó aischeannach scaireanna nó ó bhónais a íoc le bainistíocht nó díbhinní le scairshealbhóirí;

104.  ag spreagadh na mBallstát chun infheistíocht a dhéanamh chun rochtain ar an idirlíon leathanbhanda, ar an oideachas cianda agus ar an bhfoghlaim chianda a mhéadú i gceantair thuaithe i mbaol an dídhaonraithe agus na bochtaineachta glúine;

105.  ag moladh go ndéanfar bearta réamhghníomhacha chun cur i gcoinne na dífhostaíochta airde a d’fhéadfadh a bheith ann trí bheartais AE agus náisiúnta agus trí chláir náisiúnta fostaíochta agus chun na haistrithe glasa, digiteacha, sóisialta, inbhuanaithe agus córa a chothú nach bhfágfaidh aon duine ar lár trí infheistíocht a dhéanamh i bpoist nua, inbhuanaithe agus inrochtana ar ardchaighdeán, i gcláir athscilithe, i mbonneagar atá dírithe ar an todhchaí, san nuálaíocht agus san athrú digiteach; ag creidiúint gur cheart aird ar leith a thabhairt ar fhostaíocht daoine óga a chothú;

106.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na géarchéime agus an t-aistriú a éascú trí shainiúlachtaí réigiúnacha a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, a ráthú go ndéanfar an cistiú atá ar fáil a leithdháileadh go pras, amhail trí oiliúint i bpoist atá dírithe ar an todhchaí, uas-sciliú agus athsciliú, agus trí CSE+ a fhorbairt ó thaobh airgeadais de chuige sin;

107.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh, go háirithe, ar earnálacha arb iad is príomhthréithe iontu leibhéal ard éiginnteachta poist, chun cosc a chur ar mhí-úsáid oibrithe amhail iad siúd atá poist shealadacha in earnáil na talmhaíochta, ina mbíonn ar oibrithe séasúracha aghaidh a thabhairt ar dhálaí éagóracha fostaíochta a sháraíonn, i roinnt gcásanna, ní hamháin cearta saothair, ach cearta bunúsacha oibrithe freisin;

108.  á chur i bhfáth go bhfuil riosca níos airde ann go bhfuil oibrithe ar ioncam íseal nocht do COVID-19 ós rud é go n-oibríonn siad in earnálacha ina mbíonn i bhfad níos mó teagmhála daonna, amhail earnálacha an chúraim agus an iompair, nó go nglacann siad le hobair trí ardáin ar líne gan aon deis a bheith acu teilea-obair a dhéanamh; ag cáineadh go láidir an tréimhse fhada cur chun feidhme le haghaidh aicmiú COVID-19 atá sa Treoir maidir le Gníomhairí Bitheolaíocha(88); á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú práinneach ar an Treoir maidir le Gníomhairí Bitheolaíocha d’fhonn í a oiriúnú do phaindéimí domhanda agus do chúinsí urghnácha eile chun cosaint iomlán na n-oibrithe a áirithiú i gcoinne na rioscaí a bhaineann le nochtadh a luaithe is féidir;

109.  á thabhairt chun suntais gur minic a bhíonn oibrithe ar ioncam íseal ag obair in earnálacha ina bhfuil rioscaí móra meatha fhisicigh, agus go bhféadfadh tionchar fadtéarmach a bheith aige ar a bhfolláine fhisiciúil agus intinne agus go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar a gcumas ioncam a thuilleamh sa todhchaí; á chreidiúint nach bhfuil an reachtaíocht maidir le sláinte agus sábháilteachta atá ann faoi láthair dírithe go leordhóthanach ar ghortuithe ceirde a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún creat straitéiseach nua a mholadh a luaithe is féidir don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair tar éis 2020 agus á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, na dúshláin atá ann a shainaithint agus ionstraimí maidir le hoibrithe in earnálacha ísealioncaim a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin; á chur i bhfáth nach mór don straitéis béim ar oibrithe ardáin agus ar oibrithe i gcineálacha neamhchaighdeánacha oibre a áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún Treoir 2004/37/CE(89) a leasú chun raon feidhme na dteorainnluachanna um nochtadh ceirde le haghaidh líon substaintí is cúis le hailse nó le sóchán a athbhreithniú agus a leathnú;

110.  ag tabhairt chun suntais go mbíonn strus a bhaineann leis an obair le brath go forleathan in earnálacha ísealioncaim; á chreidiúint nach mór do strus a bhaineann leis an obair a bheith ina phríomhthosaíocht de reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, treoir a mholadh maidir le strus a bhaineann leis an obair lena leagfar síos treoirlínte cuideachta chun dul i ngleic le tosca struis a bhaineann leis an obair agus lena gcuirfear de cheangal ar chuideachtaí uile beartas cuideachta a cheapadh maidir le strus a bhaineann leis an obair;

111.  á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach a áirithiú go bhfuil sé mar aidhm le cur chun feidhme an phlean téarnaimh don Eoraip deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus le neamhionannais shocheacnamaíocha agus go bhfuil sé bunaithe ar shásra éifeachtach lena ngabhann spriocanna agus tagarmharcanna lena bhféadfar an dul chun cinn arna bhaint amach a thomhas go cruinn; á thabhairt chun suntais nach mór do Pharlaimint na hEorpa a bheith rannpháirteach go hiomlán sa ghrinnscrúdú ex ante agus ex post araon ar an bplean téarnaimh agus nach mór ról foirmiúil a thabhairt dá Feisirí tofa chun próiseas meastóireachta agus cur chun feidhme atá go hiomlán daonlathach agus trédhearcach a áirithiú;

o
o   o

112.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 23, 27.1.2010, lch. 35.
(2) IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.
(3) IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.
(4) IO C 9 E, 15.1.2010, lch. 11.
(5) IO C 70 E, 8.3.2012, lch. 8.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0176.
(7) IO C 366, 27.10.2017, lch. 19.
(8) IO C 482, 23.12.2016, lch. 31.
(9) IO C 76, 28.2.2018, lch. 93.
(10) IO C 363, 28.10.2020, lch. 164.
(11) IO C 346, 27.9.2018, lch. 156.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(13) IO C 334, 19.9.2018, lch. 88.
(14) https://www.ituc-csi.org/ituc-global-rights-index-2019
(15) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/sdg_01_41/default/table?lang=ga
(16) An Líonra Maoine agus Tomhaltais Teaghlaigh, ‘An Suirbhé ar Mhaoin agus Tomhaltas Teaghlaigh: Torthaí ó bhabhta 2017’, Páipéar Staidrimh an Bhainc Ceannais Eorpaigh Uimh. 36, Márta 2020, lch. 25. https://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/scpsps/ecb.sps36~0245ed80c7.ga.pdf?bd73411fbeb0a33928ce4c5ef2c5e872
(17) An Líonra Maoine agus Tomhaltais Teaghlaigh, ‘An Suirbhé ar Mhaoin agus Tomhaltas Teaghlaigh: Babhta 2017 – Táblaí staidrimh’, Meitheamh 2020, lch. 5. https://www.ecb.europa.eu/home/pdf/research/hfcn/HFCS_Statistical_Tables_Wave_2017.pdf?656f4e10de45c91c3c882840e9174eac
(18) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/society/20200227STO73519/gender-pay-gap-in-europe-facts-and-figures-infographic
(19) Modh staidrimh is ea coigeartú lenar féidir comparáid a dhéanamh idir daonraí trí na difríochtaí i ndáileadh na dtosca éagsúla (an earnáil gníomhaíochta, aoise, gairme etc.) idir na daonraí sin a chur san áireamh. Déantar an bhearna phá gan choigeartú idir na hinscní a ríomh mar an difríocht choibhneasta idir meánthuilleamh na mban agus na bhfear de réir na huaire. Soláthraítear leis táscaire simplí ar neamhionannais phá, rud a mhíníonn an úsáid fhorleathan a bhaineann lucht déanta beartais as. Mar sin féin, áirítear freisin leis an mbearna phá gan choigeartú an t-idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann idir mná agus fir ó thaobh ‘pá neamhionann as obair chomhionann’ de agus an tionchar atá ag na difríochtaí i meánsaintréithe na bhfear agus na mban i margadh an tsaothair araon. https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/aid_development_cooperation_fundamental_rights/report-gender-pay-gap-eu-countries_october2018_ga_0.pdf.
(20) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/EDN-20181017-1?inheritRedirect=true
(21) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Gender_pay_gap_statistics#Gender_pay_gap_much_lower_for_young_employees
(22) https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2016-eu-minorities-survey-roma-selected-findings_ga.pdf
(23) http://ergonetwork.org/2020/04/eu-recovery-plan-the-case-of-roma/
(24) Coincheap leas an duine (dea-bhail) is ea cáilíocht saoil a thomhaistear trí tháscairí sóisialta seachas trí bhearta cainníochtúla ioncaim agus táirgthe (foinse: Eurostat).
(25) Tagraítear le díth ábhartha do staid ina bhfuil brú eacnamaíoch, a shainmhínítear mar an t-éagumas éigeantach (seachas an rogha gan é a dhéanamh) chun costais nach bhfuiltear ag dréim leo a íoc nó chun bheith in acmhainn íoc as aon seachtain amháin saoire in aghaidh na bliana as baile, as béile a bhfuil feoil, sicín nó iasc i gceist leis gach uile dara lá, as téamh leormhaith teaghaise nó as buanearraí amhail meaisín níocháin nó teilifís dhaite. Ag an am céanna, tagraítear le géardhíth ábhartha don éagumas chun bheith in acmhainn ceithre cinn ar a laghad den 11 chatagóir seo a leanas a íoc: morgáiste nó íocaíochtaí cíosa, billí fóntais, tráthchodanna fruilcheannaigh nó íocaíochtaí iasachta eile, aon seachtain amháin saoire in aghaidh na bliana, béile feola, iasc nó próitéin choibhéiseach gach uile dara lá, costais airgeadais nach bhfuiltear ag dréim leo, guthán (lena n-áirítear fón póca), teilifís dhaite, meaisín níocháin, carr nó téamh teaghaise (https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Quality_of_life_indicators_-_material_living_conditions#General_overview).
(26) Sainmhínítear an táscaire ‘daoine atá ina gcónaí i dteaghlaigh ina bhfuil ísealdéine oibre’ mar an líon daoine atá ina gcónaí i dteaghlach i gcás inar lú ná 20 % dá n-acmhainneacht iomlán é an méid oibre a rinne na baill teaghlaigh atá in aois oibre i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin. Is éard is déine oibre teaghlaigh ann ná an cóimheas idir líon iomlán na míonna a raibh na baill teaghlaigh uile atá in aois oibre i mbun oibre le linn na bliana tagartha ioncaim agus líon iomlán na míonna a d’fhéadfadh na baill teaghlaigh chéanna a bheith i mbun oibre go teoiriciúil i gcaitheamh na tréimhse céanna. Is éard is duine atá in aois oibre ann ná duine atá idir 18 agus 59 mbliana d’aois, gan mic léinn atá idir 18 agus 24 bliana d’aois a áireamh. Déantar teaghlaigh nach bhfuil ina gcónaí iontu ach leanaí, mic léinn arb óige iad ná 25 bliana d’aois agus/nó daoine atá 60 bliain d’aois nó ar sine iad ná sin a eisiamh go hiomlán ón táscaire ríofa.
(27) Eurofound, ‘Bochtaineacht lucht oibre in AE’, 5 Meán Fómhair 2017.
(28) De réir mar a shainmhínítear é sa Treoir maidir le heagrú Ama Oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).
(29) Eurofound, ‘Bochtaineacht lucht oibre in AE’, 5 Meán Fómhair 2017.
(30) https://ec.europa.eu/energy/content/introduction-5_ga
(31) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Digital_economy_and_society_statistics_-_households_and_individuals
(32) Sainmhínítear teaghlach, i gcomhthéacs na suirbhéanna ar dhálaí sóisialta, mar aonad fódóireachta nó, go hoibríochtúil, mar aonad sóisialta: ag a bhfuil socruithe coiteanna; ina ndéantar costais teaghlaigh nó riachtanais laethúla a chomhroinnt; in áit chónaithe choiteann chomhroinnte. Áirítear le teaghlach, duine amháin atá ina chónaí ina aonair nó grúpa daoine, nach gá go mbeadh gaol eatarthu, atá ina gcónaí ag an seoladh céanna le fódóireacht choiteann, i.e. ina ndéantar ar a laghad aon bhéile amháin in aghaidh an lae nó seomra maireachtála nó seomra suite a chomhroinnt.
(33) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/2995521/10163468/3-16102019-CP-GA.pdf/edc3178f-ae3e-9973-f147-b839ee522578
(34) Eurostat, ‘Staidreamh AE ar ioncam agus ar mhodheolaíocht dálaí maireachtála – 2011 tarchur míbhuntáistí o ghlúin go glúin’( https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/EU_statistics_on_income_and_living_conditions_(EU-SILC)_methodology_-_2011_intergenerational_transmission_of_disadvantages).
(35) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Quality_of_life_indicators_-_material_living_conditions#General_overview
(36) Céatadán den daonra atá ina gcónaí i dteaghlach arb ionann na costais tithíochta iomlána (gan liúntais tithíochta san áireamh) agus 40 % d’ioncam iomlán indiúscartha an teaghlaigh (gan liúntais tithíochta san áireamh).
(37) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Housing_statistics#Housing_affordability
(38) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/tessi163/default/table?lang=ga
(39) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/agenda/briefing/2020-01-13/11/housing-urgent-action-needed- to-address-homelessness-in-europe
(40) https://www.feantsa.org/public/user/Resources/magazine/2019/Spring/Homeless_in_Europe_magazine_-_Spring_2019.pdf; https://www.feantsa.org/en/news/2020/07/23/fifth-overview-of-housing-exclusion-in-europe-2020
(41) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20190122-1?inheritRedirect=true
(42) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/tessi012/default/table?lang=ga
(43) ECFE, Visser (2016) Bunachar sonraí ICTWSS. https://www.etuc.org/en/document/etuc-reply-first-phase-consultation-social-partners-under-article-154-tfeu-possible-action, lch. 6, nó 15.
(44) Eurofound, ‘Caidreamh tionsclaíoch: Forbairtí 2015-2019’ 11 Nollaig 2020.
(45) https://www.ituc-csi.org/IMG/pdf/2019-06-ituc-global-rights-index-2019-report-en-2.pdf
(46) ECFE, ‘Ag Caibidliú ár mBealach Aníos: Cómhargáil i nDomhan Athraitheach na hOibre’, 18 Samhain 2019, Fíor 3.10, lch. 125.
(47) Van den Berg, A., Grift, Y., van Witteloostuijn, A., ‘The effect of employee workplace representation on firm performance: a cross-country comparison within Europe’, Páipéar Taighde 2013-008, ACED 2013-016, Ollscoil Antuairp, Aibreán 2013.
(48) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/society/20200604STO80506/parliament-calls-for-a-new-ambitious-eu-disability-strategy
(49) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/pdfscache/34425.pdf
(50) Innéacs Comhionannais Inscne 2019.
(51) https://www.europarl.europa.eu/meetdocs/2014_2019/documents/empl/dv/empl20141120-wss-people-disabilities-/empl20141120-wss-people-disabilities-en.pdf
(52) Staidreamh Eurostat Mínithe, ‘táscairí Eoraip 2020 – bochtaineacht agus eisiamh sóisialta’, 11 Meitheamh 2020 (https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Archive:Europe_2020_indicators_-_poverty_and_social_exclusion&oldid=394836).
(53) https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=89&furtherNews=yes&langId=en&newsId=9378
(54) Eurofound, ‘Bochtaineacht lucht oibre in AE’, 5 Meán Fómhair 2017.
(55) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_peps04/default/table?lang=ga
(56) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Minimum_wage_statistics
(57) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Minimum_wage_statistics#Minimum_wages_expressed_in_purchasing_power_standards
(58) Eurofound, ‘Pá íosta in 2020: Athbhreithniú bliantúil’, 4 Meitheamh 2020.
(59) ETUI, Tagarmharcáil na hEorpa i mbun Oibre 2019, ‘Margadh an tSaothair agus forbairtí sóisialta’ caibidil, 2019. https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=89&furtherNews=yes&langId=ga&newsId=9378
(60) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2016/587285/IPOL_STU%282016%29587285_‌EN.pdf
(61) Eurofound, ‘Bochtaineacht lucht oibre in AE’, 5 Meán Fómhair 2017 (https://www.eurofound.europa.eu/publications/report/2017/in-work-poverty-in-the-eu).
(62) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20200511-1
(63) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20200511-1
(64) https://www.eurofound.europa.eu/sites/default/files/ef_publication/field_ef_document/ef18001en.pdf
(65) https://www.eurofound.europa.eu/sites/default/files/ef_publication/field_ef_document/ef18001en.pdf
(66) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20190517-1
(67) Eurofound, tacar sonraí ‘Living, Working and COVID-19’ [Maireachtáil, Obair agus COVID-19], 28 Meán Fómhair 2020 (http://eurofound.link/covid19data).
(68) Eurofound, tacar sonraí ‘Living, Working and COVID-19’ [Maireachtáil, Obair agus COVID-19], 28 Meán Fómhair 2020 (http://eurofound.link/covid19data).
(69) https://www.worldbank.org/en/topic/poverty/brief/projected-poverty-impacts-of-COVID-19
(70) ‘Employment and Social Developments in Europe 2019’ [Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2019] (https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8219)
(71) Is éard atá sa ‘chéad cholún’ de ghnáthchur chuige trí cholún i leith pinsean ná pinsin reachtúla phoiblí a riarann an stát agus a mhaoinítear de ghnáth ó ranníocaíochtaí árachais shóisialta agus/nó ioncam cánach ginearálta ar bhonn ÍMAT; Foinse: Faisnéisiú EPRS, ‘European Union pension systems: adequate and sustainable?’ [Córais phinsin an Aontais Eorpaigh: leormhaith agus inbhuanaithe?], Samhain 2015.
(72) De réir a rún an 24 Samhain 2015 maidir le neamhionannais a laghdú agus béim ar leith ar bhochtaineacht leanaí (IO C 366, 27.10.2017, lch. 19) agus na dTreoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2019-2024: ‘Chun tacú le gach leanbh atá i ngátar, cruthóidh mé an Ráthaíocht Eorpach don Leanbh, ag cur leis an smaoineamh a mhol Parlaimint na hEorpa’.
(73) ‘Aontas níos uaillmhianaí: An clár oibre agamsa don Eoraip’, Treoirlínte polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2019-2024.
(74) Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(75) Is oibleagáid é cóiríocht réasúnta a chur ar fáil faoi Threoir AE maidir le Comhionannas Fostaíochta (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16) agus faoi Airteagal 5 de CRPD na Náisiún Aontaithe.
(76) Iarscríbhinní a ghabhann le Clár Oibre an Choimisiúin 2021 (COM(2020)0690), cuspóir beartais Uimh. 9 faoin roinn dar teideal ‘Eoraip atá Oiriúnach don Aois Dhigiteach’.
(77) Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
(78) Rún an 30 Eanáir 2020 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní, mír 2 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0025).
(79) De réir na straitéise, ba cheart go mbeadh bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá a bheith curtha síos ag an gCoimisiún faoi dheireadh 2020;
(80) Amhail fóirdheontais (nó cuideachtaí caocha) agus/nó gníomhaireachtaí oibre sealadaí a bhunú i mBallstáit ina bhfuil an pá níos ísle chun oibrithe ar postú a úsáid seachas oibrithe áitiúla a earcú, agus chun na críche sin amháin.
(81) De réir mar a fhoráiltear le Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(82) Áirítear orthu sin achainíocha 0240/18, 0328/18, 0365/18, 0374/18, 0396/18, 0419/18, 0829/2018, 0897/2018, 1161/2018, 0290/19, 0310/2019, 0335/2019, 0579/19, 0624/19, 0652/19, 0683/2019, 0737/2019, 1017/19, 1045/2019, 1241/2019, 1318/2019 agus 0036/2020.
(83) Áirítear orthu sin achainíocha 1378/2013, 0019/2016, 0020/2016, 0021/2016, 0099/2017, 1162/2017, 0110/2018 agus 0335/2019.
(84) Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla agus, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann suíomh le tacagraif (IO L 249, 31.7.2020, lch. 1).
(85) Togra ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2020 le haghaidh treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (COM(2020)0682).
(86) Togra ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2020 le haghaidh treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (COM(2020)0682).
(87) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1); Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65); Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(88) Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le risíocht le hoibreáin bhitheolaíocha ar an láthair oibre (IO L 262, 17.10.2000, lch. 21).
(89) Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

An nuashonrú is déanaí: 3 Meitheamh 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais