Réamheolaire téarnaimh AE agus coigeartuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais chun cuidiú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2021 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le Réamheolaire téarnaimh an Aontais agus coigeartuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais chun cuidiú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 (COM(2020)0281 – C9-0206/2020 – 2020/0155(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0281),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0206/2020),
– ag féachaint d'Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Deireadh Fómhair 2020(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Nollaig 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0228/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Feabhra 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le réamheolaire Téarnaimh AE agus coigeartuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais agus Treoir 2004/109/CE a mhéid a bhaineann le húsáid na formáide tuairiscithe leictreonaí aonair le haghaidh tuarascálacha airgeadais bliantúla, chun tacú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/337.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún
Tugann an Coimisiún dá aire, maidir leis an gcomhaontú polaitiúil i ndáil leis an togra ón gCoimisiún chun an Rialachán Réamheolaire a leasú d’fhonn réamheolaire Téarnaimh de chuid AE a thabhairt isteach, go n-áirítear ann leasú ar an Treoir Trédhearcachta lena gcuirtear an ceanglas tuarascálacha airgeadais a ullmhú agus úsáid á baint as an bhFormáid Leictreonach Aonair Eorpach (ESEF) ar atráth. Níor áiríodh an t-atráth sin sa togra tosaigh ón gCoimisiún. I dtuairim an Choimisiúin, níl atráth ESEF i gcomhréir le prionsabail an Aontais maidir le rialáil níos fearr agus le ceart tionscnaimh an Choimisiúin. Níor cheart, dá bhrí sin, é a bheith ina fhasach. Toisc nach athrú substainteach beartais é ESEF a chur ar atráth agus go léiríonn sé na himthosca deacra a gcaithfidh cuideachtaí aghaidh a thabhairt orthu mar gheall ar phaindéim COVID-19, ní bheidh an Coimisiún ina bhac ar a ghlacadh.