Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 45k
Déardaoin, 11 Feabhra 2021 - Brussels
Bearta sealadacha i dtaca le bailíocht deimhnithe agus ceadúnas (Omnibus II)
P9_TA(2021)0049
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair, le haghaidh tréimhsí tagartha ina dhiaidh sin dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698(COM(2021)0025 – C9-0004/2021 – 2021/0012(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0025),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 91 agus 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0004/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Eanáir 2021(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 3 Feabhra 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Feabhra 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo, le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus síneadh a chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698
P9_TC1-COD(2021)0012

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/267.)

An nuashonrú is déanaí: 3 Meitheamh 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais